Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 27 Nov 2003

Vol. 575 No. 5

Written Answers. - Irish Language.

Pat Breen

Ceist:

10 D'fhiafraigh Mr. P. Breen den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Chun a fhiafraí den Aire cathain a chuirfí moltaí Choimisiún na Gaeltachta i bhfeidhm. [28633/03]

Eamon Gilmore

Ceist:

18 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir le cur i bhfeidhm mholtaí Choimisiún na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [28569/03]

Michael D. Higgins

Ceist:

22 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta leis an staidéar eolaíoch ar staid na Gaeilge sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [28570/03]

I propose to take Questions Nos. 10, 18 and 22 together.

Níl amhras ar bith ach go dtabharfaidh cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 aghaidh ar go leor de na moltaí atá déanta i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta agus, mar is eol don Teachtaí, tá soláthar déanta agam sna meastacháin do 2004 i ndáil le bunú Oifig an Choimisinéara Teanga a bheidh lárnach do chur i bhfeidhm an Achta.

Tá scrúdú a dhéanamh ag mo Roinn i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar cheist stádas na Gaeilge san EU.

Mar atá fhios ag na Teachtaí chomh maith, bhunaigh mé coiste comhairleach le comhairle a chur orm maidir leis na gníomhaíochtaí a theastaíonn chun feidhm phraiticiúil a thabhairt do na moltaí éagsúla atá sa Tuarascáil sin de réir mar a oireann. Tá dul chun cinn suntasach déanta ó shin.

Tá staidéar cuimsitheach teangeolaíoch á thionscnamh maidir le húsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a bheidh mar bhunús chun forbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge a threisiú agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Ghaeltachta. Tá an scrúdú atá idir lámha ag mo Roinnse ar na tairiscintí a fuarthas ina leith beagnach críochnaithe anois agus ceapfar na comhairleoirí le tabhairt faoin obair go han-luath.

Tá feachtas feasachta a bheidh dírithe ar an nGaeltacht go príomha á ullmhú i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta faoi láthair. Beidh sé mar chuspóir ag an bhfeachtas seo cur ina luí ar thuismitheoirí, go háirithe iad siúd le páistí óga, na buntáistí a bhaineann le húsáid na Gaeilge mar phríomh theanga teaghlaigh sa Ghaeltacht. Táthar ag súil go mbeidh an feachtas réidh le tosú sár i bhfad.
Mar aitheantas ar an riachtanas maidir le béim bhreise a chur ar thograí agus ar ghníomhaíochtaí atá tairbheach don teanga, tá soláthar breise de €890,000 á chur ar fáil agam sna meastacháin do 2004 chun tionscnaimh dá leithéid a mhaoiniú agus chun díriú tuilleadh ar ghníomhaíochtaí teanga-lárnaithe trí chéile.
Chomh maith leis sin, tá €1 milliún sa bhreis ceadaithe agam d'Údarás na Gaeltachta lena chumasú dóibh béim níos láidre á cur ar naíscolaíocht, ar sheirbhísí don óige, ar gníomhaíochtaí na gcomharchumann agus ar sheirbhísí tacaíochta eile don Ghaeilge. Ní miste a rá chomh maith go bhfuil moladh faoi leith i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta i ndáil le ról agus struchtúr an Údaráis á phlé ag mo Roinnse i gcomhar leis an Údarás faoi láthair.
I measc na mbeartas eile atá idir lámha nó bainte amach tá athbhreithniú á dhéanamh ar Scéim na gCúntóirí Teanga, ar Scéim Labhairt na Gaeilge agus ar Scéim na gCampaí Samhraidh; aighneacht maidir le gnéithe criticiúla a mbíonn tionchar acu ar úsáid na Gaeilge sa chóras bunoideachais agus iarbhunoideachais sa Ghaeltacht curtha faoi bhráid na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta; aighneachtaí curtha chuig na húdaráis áitiúla le ceantair Ghaeltachta iontu chun a n-aird a dhíriú ar an ngá atá le polasaithe dearfacha chun freastal ar riachtanais shainiúla na Gaeltachta; tuilleadh forbartha ar an oideachas tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht; moltaí déanta i ndáil le hathstruchtúrú an chórais faoina gcuireann Údarás na Gaeltachta cúnamh ar fáil don earnáil réamhscolaíochta sa Ghaeltacht; agus struchtúr nua d'eagrais óige sa Ghaeltacht á dhearadh ag an Údarás.
Ní mór a aithint go mbrathann rath na hoibre seo trí chéile cuid mhaith ar thacaíocht agus comhoibriú a bheith ar fáil ó na páirtithe leasmhara uile a bhfuil baint acu le ceist na Gaeilge sa Ghaeltacht, go háirithe pobal na Gaeltachta féin.
Barr
Roinn