Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 27 Nov 2003

Vol. 575 No. 5

Written Answers. - Stadas na Gaeilge san Aontas Eorpach.

Gerard Murphy

Ceist:

20 D'fhiafraigh Mr. Murphy den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta faoina fhreagra ar cheist Dála an 21 Deireadh Fómhair 2003, nuair a dúirt and tAire go ndéanfaí gach iarracht ceist stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chur chun cinn i gcomhthéacs na gcainteanna maidir le bun-chomhaontú nua don AE le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas in 2004; an bhfuil aon airteagal molta sa dréachtchonradh lena athbhunófar bunreacht le haghaidh na hEorpa a bhronnfaidh stádas oifigiúil ar an nGaeilge. [28620/03]

John Deasy

Ceist:

43 D'fhiafraigh Mr. Deasy den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Chun a fhiafraí den Aire cén tacaíocht a thabharfaidh sé don fheachtas chun stádas a bhaint amach don Ghaeilge san AE. [28625/03]

Damien English

Ceist:

44 D'fhiafraigh Mr. English den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i bhfreagra ar cheist Dála ar 21 Deireadh Fómhair 2003, dúirt an tAire nach luaitear liosta teangacha ach in aon áit amháin i ndréacht an Bhunreachta Eorpaigh agus go bhfuil an Ghaelige luaite ar chomhchéim sa gcomhthéacs sin; an nglacann an tAire leis raibh an Ghaeilge luaite mar seo i ngach conradh go dtí seo san Aontas Eorpach, agus mar thug an lua sin stádas mar theanga oifigiúil ná mar theanga oibre don Ghaelige. [28621/03]

Fergus O'Dowd

Ceist:

59 D'fhiafraigh Mr. O'Dowd den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta faoina fhreagra ar cheist Dála at 21 Deireadh Fómhair 2003, dúirt an tAire go mbíonn teagmhálacha rialta idir oifigigh a Roinne agus oifigigh na Ranna eile atá bainteach le ceist stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach; an eol don Aire go bhfuil míshuaimhneas i measc an phobail maidir leis na cainteanna seo; an nglacann an tAire leis go bhfuil sainordú nó mandate ag an Rialtas stádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach a dheimhniú, agus an bhfuil an tAire sásta eolas cuimsitheach a thabairt don phobal faoi na teagmhálacha seo, agus trédhearcacht sna cúrsaí seo a chothú. [28619/03]

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

60 D'fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na céimeanna atá á nglacadh ag an Aire chun a chinntiú gur féidir le saoránaigh na tíre seo, agus daoine as a dháilcheantar féin ina measc, an Ghaeilge a lua mar theanga inghlactha sa phróiseas roghnúcháin do phoist leis na hInstitiúidí Eorpacha. [28537/03]

I propose to take Questions Nos. 20, 43, 44, 59 and 60 together.

Mar a thug mé le fios sa fhreagra ar Cheist Uimh. 148 ar an 21 Deireadh Fómhair 2003, tá sé leagtha síos mar ghníomh do mo Roinnse sa Ráiteas Straitéise don tréimhse 2003-2005 an cheist maidir le stádas níos fearr don Ghaeilge san AE a chur ar aghaidh.
Caithfear idirdhealú a dhéanamh idir stádas oifigiúil – sa chiall bunreachtúil – agus stádas mar theanga oibre chun críche na n-institiudí Eorpacha. Ní luaitear liosta teangacha ach in áit amháin sa dhréacht-bhunreacht Eorpach agus tá an Ghaeilge luaite ar chomhchéim sa gcomhthéacs sin. De réir na tagartha sin, tá stádas bunreachtúil ag an nGaeilge san AE. De bharr an stádas bunreachtúil sin, tá ceart – mar shampla – ag an saoránach scríobh chuig aon cheann de na hinstitiúidí Eorpacha i nGaeilge agus freagra a fháil sa teanga céanna.
Anuas ar sin, ní luaitear aon teanga ar bith mar theanga oibre san dréacht bhun-chomhaontú nua. Ní cheist í seo le réiteach sa bhunreacht nua í fhéin, ach ceist a bheidh le réiteach le reachtaíocht – a chaithfí glacadh leis nó a leasú d'aon ghuth i gComhairle na nAirí – faoi Airteagal III-339 den dhréacht-bhunreacht.
D'fhonn na féidireachtaí a choiméad faoi athbhreithniú agus an cheist a chur chun cinn, bíonn teagmhálacha rialta idir oifigigh mo Roinnse agus na Ranna eile atá bainteach leis an gceist seo. Ta sé ró luath a rá fós cén toradh a bheidh ar na comhráití sin.
Barr
Roinn