Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 27 Nov 2003

Vol. 575 No. 5

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

Olwyn Enright

Ceist:

23 D'fhiafraigh Ms Enright den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth le dhá bhliain anuas go bhfuil laghdú an-mhór sna meastacháin d'Údarás na Gaeltachta chun deontais a thabhairt do thionscail agus do chaiteachas caipitil ar fhoirgnimh, sé sin laghdú ?12.3m agus an bhfuil sé sásta leis an laghdú seo. [28631/03]

Tá soláthar iomlán de €32.193m curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta sna meastacháin don bhliain 2004 i gcomparáid le €32.72m i 2003.

Baineann €10.193m den soláthar seo le caiteachas reatha agus is méadú 17% é sin ar an méid a cuireadh ar fáil i 2003. Tá mé thar a bheith sásta leis an méadú seo mar go mbeidh caiteachas fiúntach substaintiúil á dhéanamh anois i réimsí a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo maidir le sealbhú agus buanú na Gaeilge sa Ghaeltacht, mar shampla, naíolanna, naíonraí, cúrsaí óige, comharchumainn agus forbairt phobail i gcoitinne.

Maidir le caiteachas caipitil de, tá soláthar de €22m á chur ar fáil i mbliana i gcomparáid le €24m i 2003. Bainfear úsáid as an soláthar seo chun clár forbartha a chur i gcrích i ndáil le caiteachas caipitil ar fhoirgnimh agus infheistíocht i dtionscail.

Ní mór a aithint go bhfuil athruithe suntasacha tagtha ar chúrsaí tionsclaíocha agus eacnamaíocha na tíre seo le blianta beaga anuas agus tá an scéal mar an gcéanna sa Ghaeltacht. Sna cúinsí uile, tá i gceist ag an Údarás díriú ar earnálacha nua fostaíochta, mar shampla, réimse na teicneolaíochta faisnéise, tionscail teanga-bhunaithe, fiontair a bhaineann le hacmhainní mara agus nádúrtha, an geilleagar sóisialach agus an turasóireacht chultúrtha. Ar ndóigh, ní bheidh na réimsí nua seo chomh dírithe ar chaiteachas caipitil is a bhí na sean-réimsí déantúsaíochta, a raibh monarchana móra le trealamh agus innealra trom i gceist leo. Táim sásta go bhfuil soláthar caipitil sásúil curtha ar fáil do 2004 ag cuimhneamh ar an éileamh ar dheontais thionsclaíocha nua a bhfuiltear ag súil leis.

Ní mór a chur san áireamh freisin go bhfuil sé molta ag comhairleoirí neamhspleácha gur chóir maoin dár luach €20m i seilbh an Údaráis a dhíol thar thréimhse. Ach an cur chuige seo a chur i bhfeidhm de réir a chéile, bheadh foinse breise ar fáil don Údarás chun infheistíocht a dhéanamh i réimsí nua.

Barr
Roinn