Thomas P. Broughan
Ceist:61 Mr. Broughan asked the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs if he will make a statement on the Estimates for his Department for 2004. [28542/03]
Vol. 575 No. 5
61 Mr. Broughan asked the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs if he will make a statement on the Estimates for his Department for 2004. [28542/03]
Tá soláthar iomlán de €32.193 milliún curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta sna Meastacháin don bhliain 2004 i gcomparáid le €32.72 milliún i 2003.
Baineann €10.193 milliún den soláthar seo le caiteachas reatha agus is méadú 17% é sin ar an méid a cuireadh ar fáil i 2003. Tá mé thar a bheith sásta leis an méadú seo mar go mbeidh caiteachas fiúntach substaintiúil á dhéanamh anois i réimsí a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo maidir le sealbhú agus buanú na Gaeilge sa Ghaeltacht, mar shampla, naíolanna, naíonraí, cúrsaí óige, comharchumainn agus forbairt phobail i gcoitinne.
Maidir le caiteachas caipitil de, tá soláthar de €22 milliún á chur ar fáil i mbliana i gcomparáid le €24 milliún i 2003. Bainfear úsáid as an soláthar seo chun clár forbartha a chur i gcrích i ndáil le caiteachas caipitil ar fhoirgnimh agus infheistíocht i dtionscail.