Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 2 Dec 2003

Vol. 576 No. 1

Written Answers. - Stádas na Gaeilge.

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

167 D'fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Eachtracha an seasann sé leis an bhfreagra a eisíodh óna oifig á rá go bhfuil sa dréacht-chonradh bunreachtúil stádas ag an nGaeilge atá comhionann le teangacha náisiúnta oifigiúla eile ár gcomhghleacaithe san AE (cóip den litir iniata); más fíor sin, an mbeidh an Ghaeilge mar theanga oibre san AE má ghlactar leis an dréacht-chonradh bunreachtúil. [29324/03]

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

175 D'fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Eachtracha an bhfuil sé sásta rún foirmiúl a chur os comhair Comhairle Airí Aontas na hEorpa ina n-iarrfar uirthi Rialachán 1/58 a leasú chun stádas oifigiúl oibre a thabhairt don Ghaeilge. [29303/03]

Is mian liom Ceisteanna Uimh. 167 agus 175 a ghlacadh le chéile.

Tá stádas "teanga chonartha" ag an nGaeilge san Aontas Eorpach. Tá an scéal amhlaidh de bhrí go bhfuil na conarthaí as Gaeilge agus go bhfuil an Ghaeilge mar cheann de na teangacha ina bhfuil an téacs údarach. Foilsítear gach conradh i nGaeilge, mar aon leis na teangacha eile, agus mar a dúirt mé thuas tá an stádas céanna ag an téacs inti is atá ag na teangacha eile.

Maidir leis an dréacht den chonradh bunreachtúil, rinne an Rialtas deimhin de go mbéadh ceart ag gach saoránach den AE scríobh chuig na hInstitiúidí as Gaeilge agus freagra a fháil uathu sa teanga chéanna. Chuir an litir a luaigh an Teachta an stádas thuas in iúl.

Cé gur "theanga chonartha" í an Ghaeilge, ní teanga oibre í de réir Rialacháin 1/58, agus ní bheidh athrú ar an scéal le fairsingiú an Aontais. Ag an am gcéanna, bímid i gcónaí ag iarraidh deis chuí a fháil chun an teanga a chur chun cinn san AE. Mar shampla, bainfidh an láithreán Ghréasáin spesialta a bheas ann don Uachtaránacht feidhm forleathan as an dteanga i rith na sé mhí seo chugainn.

Barr
Roinn