Eamon Gilmore
Ceist:204 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir le stáisiún agus inneall dóiteáin a chur ar fáil ar Oileán Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall. [29398/03]
Vol. 576 No. 2
204 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir le stáisiún agus inneall dóiteáin a chur ar fáil ar Oileán Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall. [29398/03]
Mar is eol don Teachta, is ar an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil atá an fhreagracht ghinearálta maidir le seirbhísí dóiteáin a chur ar fáil ar na hoileáin.
Ar 14 Feabhra 2002, áfach, fuair mo Roinn iarratas ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall ar chúnamh chun inneall agus trealamh dóiteáin a cheannach d'Oileán Árainn Mhóir, chomh maith le foirgneamh a thógáil don inneal agus traenáil foirne a chur ar fáil. Tar éis teagmhálacha breise idir mo Roinn agus an chomhairle chontae, fuarthas iarratas nua ón gcomhairle chontae ar an 17 Meitheamh 2003 i gcomhar innill dóiteáin don oileán seo.