Criminal Justice Bill 2004: Second Stage.

Molaim go léifí an Bille seo don Dara hUair.

Táim an-shásta go bhfuilim anseo inniu chun an Bille um Cheartas Coiriúil 2004 a chur i láthair, Bille a mheasaim a bheith ina thogra reachtaíochta an-thábhachtach. Cuimsíonn sé athnuachan riachtanach dár ndlí chun a chinntiú gur féidir linn cionta coiriúla a imscrúdú agus a ionchúiseamh i slí atáéifeachtacht agus cothrom agus a chomhlíonann riachtanais an tsochaí nua-aimseartha.

Tá sé féaráilte a rá go gcruthaíonn an cheist d'athchóiriú dlí coiriúil díospóireacht an-láidir i measc an phobail. Bheadh díomá orm mura ndéanadh séé sin. Is gné thábhachtach de dhaonlathas bunreachtúil beomhar é mionscrúdú a dhéanamh ar aon mholtaí a thagann ón Rialtas agus deirim nach bhfuil mórán réimsí gníomhaíochta Rialtais atá níos tábhachtaí nuair a bhaineann sé le moltaí chun ár ndlí coiriúil a léasú.

Aontaímid go léir gur chóir go bpionósófaí coirpigh agus gur chóir an tsochaí a chosaint in aghaidh caire ach tá bun-riachtanas le cinntiú go dtugann ár ndlí coiriúil aird do chearta agus shaoirse an duine. Tá meá chriticiúil le fáil idir an gá le haghaidh gníomh láidir agus éifeachtacht ar lámh amháin, agus le haghaidh caomhnú de chearta an duine, ar an lámh eile.

Is é príomh-fhócas an Bhille seo ná an mheá sin a lorg. Tá na moltaí atáá chur ar aghaidh agam sa Bhille seo chomh cothrom chun a chinntiú go bhféadfaimis, mar shochaí, aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le coirpeacht nua-aimseartha, agus ag an am chéanna bunchearta agus riail an dlí a urramú.

Arís agus arís eile cloistear guthanna á athphlé na callóide go dtógann cearta cosanta an tsochaí an dara háit chun cothromaíocht a chinntiú don amhrastach — i bhfocal eile go bhfuil an mheá gluaiste an iomad i bhfabhar an chúisí. Creidim gur ceist dlisteanach é seo a chaithfear a phlé agus táim á dhéanamh sin sa Bhille seo — fós ag iarraidh nach dtarlaíonn a mhalairt. Caithfimid cosaint in aghaidh na gcothroime a ghluaiseacht an iomad toisc go mbeadh iomrall ceartais mar thoradh ar a leithéid. Cuirim fáilte mór roimh na díospóireachta a bhfuilim dóchasach go n-éireoidh as mo mholtaí sa Teach seo maidir leis sin.

Is é príomh-chuspóir an Bhille um Cheartas Coiriúil náár ndlí coiriúil a thabhairt suas chun dáta chun éifeachtacht ár gcóras dlí a fheabhsú i leith coir a ionchúiseamh agus a phionósú. Iarrann an Bille seo é sin a dhéanamh trí chumhachtaí na ngardaí a chur chun chinn chun coir a imscrúdú. Ní hé an cineál Bille é seo a chuirfeadh Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí ar aghaidh gan próiseas fada agus cúramach scrúdaithe. Go deimhin bhí tréimhse ghoir fhada ag an mBille seo.

Bhí a bhunús i dtuarascáil an ghrúpa stiúrtha ar éifeachtacht agus ar fheidhmiúlacht an Gharda Síochána, tagartha go coitianta mar an tuarascáil Gharda SMI. Foilsíodh an tuarascáil sin i mí na Samhna 1997. Fad is a bhaineann sé le struchtúr agus feidhmeanna an Gharda Síochána, mhol sé chomh maith athruithe áirithe don dlí coiriúil a shonraigh sé a chuirfeadh éifeachtacht agus feidhmiúlacht na nGardaí chun cinn chun déileáil le coiriúlacht. Ghlac an grúpa stiúrtha, áfach, go mbeadh gá ann chun impleachtaí a mholtaí a mheas a thuilleadh de réir forálacha an Bhunreachta agus an Choinbhinsiúin Eorpach um Chearta an Duine. Mar thoradh ar sin, bhunaigh an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí ag an am, Teachta Ó Donnchú, grúpa saineolaithe chun a leithéid de mheasúnachta a sholáthar agus chuir sé an tuarascáil seo faoi bhráid an Aire ag deireadh mhí lúil 1998. Ba é Eamonn Leahy SC, trócaire air, a bhí mar chathaoirleach ar an ngrúpa.

Pointe oiriúnach é seo chun onóir a thabhairt d'Eamonn agus tá a fhios agam go mothaíonn an Teach na mothúchain chéanna atá a chur in iúl agam anseo. Ba thubaiste an domhain é bás anabaí Eamonn do gach duine, go háirithe sinne atá ag iarraidh a chinntiú go bhfuil dlí coiriúil éifeachtach, feidhmiúil agus cothrom. Táimid go léir faoina chomaoin le tuarascáil a eisiúint le moltaí atá mar bhunchloch an Bhille seo. Ar dheis Dé go raibh a anam.

Mhol an tuarascáil roinnt athruithe sa dlí, san áireamh cinn bainteach le cumhacht na nGardaí chun láthair na coire a chaomhnú, chun barántas cuardaigh a chur ar fáil in ócáidíáirithe ag baint le cionta tromchúiseacha, chun fianaise a urghabháil de chionta a dhéanamh agus chun amhrastaigh a ghabháil agus a choinneáil. Cheadaigh an Rialtas scéim ghinearálta de bhille a dhréachtú, bunaithe ar Thuarascáil an ghrúpa shaineolaithe, ar an 15 Feabhra 2000.

Nuair a tháinig mé in oifig bheartaigh mé ar an scéim ghinearálta a athbhreithniú. Rinne mé athruithe don chéad scéim agus chuir mé roinnt fhorálacha breise leis, thar agus níos mó ná na cinn molta ag an ngrúpa stiúrtha, chun forbairtí a chur san áireamh ó fhoilsiú na tuarascála sin i mí na Samhna 1998. De thoradh ar seo, tá an Bille seo suas chun dáta i dtéarmaí na nithe atá ag teastáil ag an dlí coiriúil ag an am seo a sholáthar. Ba mhaith liom a rá freisin go dteastaíonn uaim go mbeireann an Bille seo luach reachtúil chomh mór agus is féidir sa throid ina aghaidh coire agus ina theannta sin i rith a phasáiste tríd an Teach seo tá sé ar intinn agam tuilleadh tograí a thabhairt ar aghaidh mar leasú ar an mBille seo. Tiocfaidh mé ar ais go dtí na tograí seo níos deanaí.

Ba choir dom a lua go bhfuilim ag úsáid na deise á chur i láthair ag an mBille chun leasuithe tábhachtacha, go bhfuil géarghá leo, a dhéanamh don reachtaíocht airm tine. Cuimsíonn an Bille alt amháin cheana ag baint le coimeád slán d'airm. Beidh mé ag moladh forálacha breise eile chomh maith agus luafaidh mé iad seo i gcomhthéacs na leasuithe go ginearálta.

Beidh sé soiléir ón gcur chuige seo go bhfuil sé ar intinn agam go léireodh an Bille seo na riachtanais nua-aimseartha go hiomlán. Seasann sé don dlí a thabhairt suas chun dáta go forleathan maidir le cionta a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

San áireamh ar na bearta sa Bhille tá cumhacht reachtúil chun láthair na coire a chaomhnú; cumhacht ghinearálta maidir le barántais chuardaigh a eisiúint; cumhacht choinneála méadaithe suas go 24 uair le haghaidh cionta inghabhála; roinnt leasuithe don Acht um Cheartas Coiriúil (Fianaise Dlí-Eolaíochta) 1990, go háirithe chun sampla de sheile agus sváb béil a ath-rangú mar shamplaí neamh-phríobhaídeach; cumhacht an ionchúisimh a mhéadú chun achomharc a dhéanamh i gcúrsaí teoranta, go háirithe maidir le pointí an dlí; forálacha ginearálta, de chinéal teicniúil don chuid is mó, chun éifeachtacht a chur chun cinn in ionchúiseamh cionta; foráil ar inghlacthacht na ráitis ag finnéithe, a dhiúltaíonn ar fhianú a dhéanamh nó a dhéanann a chéad ráiteas a aisghlacadh, ina dhiaidh sin; foráil le haghaidh nós imeachta pionóis seasta maidir le cionta oird phoiblíáirithe nach bhfuil trom-chúiseach; agus leasú d'Achtanna na nArm Tine a fhorálfaidh go mbeidh ar iarratasúirí do theastais airm tine Ceannfort na nGardaí a shásamh go bhfuil loistín daingean curtha ar fáil acu don arm tine sin.

Mar a dúirt mé cheana, tá cothromaíocht le fáil sa Bhille i leith an gá d'éifeachtacht in aghaidh coiriúlachta agus an gá do chearta indibhidiúla áirithe a choimeád slán. Toisc an riachtanas go mba chóir é sin a bheith mar an ghnách bhí na príomh-thograí sa Bhille seo scrúdaithe go mion ag an ngrúpa saineolaithe. Ba mhaith liom a chur in iúl don Teach freisin gur lorg mé, agus go raibh mé buíoch as, tuairimí an Choimisiúin um Chearta an Duine ar scéim ghinearálta an Bhille. Thug mé na tuairimí sin san áireamh nuair a bhí sé oiriúnach. Ba chóir dom a rá leis, ó foilsíodh an Bille, go bhfuair mé tuilleadh tuairimíón gcoimisiúin ar an mBille foilsithe atáá scrudú agam faoi láthair. Déanfaidh mé tagairt sa chur i láthair seo do roinnt de thuairimí an choimisiúin ach de bharr iallaigh ama, beidh orm bheith gearr. Go deimhin is féidir iad a phlé a thuilleadh le linn imeachta an Bhille trí na Tithe.

Ag casadh anois ar shonraí an Bhille, ba mhaith liom léiriú gairid a dhéanamh go haicearrach ar na príomh-fhorálacha. Baineann Cuid 2 den Bhille leis an imscrúdú coire agus léiríonn sé moltaí na tuarascála saineolaithe go mór mhór.

Is í aidhm alt 4 ná chun easnamh sa dlí coiriúil a cheartú ag soláthar cumhachta reachtúla chun láthair na coire a chaomhnú, go háirithe daoine a chosc ó theacht isteach sa láthair agus trasnáil air nó folmhú fianaise. Forálann an t-alt seo san áit ina bhfuil Garda in áit go dleachtach a chreideann sé nó sí ar bonn réasúnta go bhfuil cionta inghabhála déanta, d'fhéadfadh sé/sí an láthair a chaomhnú go dtí go mbeidh treorú tugtha ag ceannfort Garda Síochána chun an láthair a chaomhnú. D'fhéadfadh treorú ó cheannfort Gharda seasamh ar feadh suas go 24 huaire. Ina dhiaidh sin d'fhéadfadh an Chúirt Dúiche, ar iarratas ó cheannfort Garda, an treorú caomhnaithe a leathnú suas go trí thréimhse gach ceann de 48 n-uaire. I gcásanna iomadúla d'fhéadfadh an Ard-Chúirt an t-ordú caomhnaithe a leathnú le haghaidh tréimhse gan spriocdháta.

Baineann alt 5 le barántas cuardaigh agus leasaíonn sé an chumhacht chuardaigh atá ann anois agus atá foráilte in alt 10 den Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 1997. Forálann alt 10 d'eisiúint ag breitheamh na Cúirte Dúiche de bharántas ag tabhairt cead do Gharda áit a chuardach le haghaidh fianaise do chionta tromchúiseacha, cuirim i gcás cionta indíotáilte ag baint le bás duine, nó dochar coirp tromchúiseach do dhuine éigin, príosúnacht neamhdhleathach, éigniú, agus cionta collaíáirithe eile. Leathnaíonn alt 5 na cionta clúdaithe ag alt 10 chun cionta inghabhála a thógáil san áireamh, is é sin a rá gach cion atáá phionósú le coimeád de chúig bliana nó níos mó. Tá súil agam go n-aontóidh an Teach liom gur chóir go mbeadh an chumhacht chun barántas cuardaigh údaraithe a fháil ar fáil go ginearálta do na gardaí le haghaidh gach cion tromchúiseach. Cuirim leis go mbeadh an chumhacht ghinearálta a bheadh ar fáil gan dochar don chumhacht chuardaigh atá le fáil i reachtanna indibhidiúla. Cinnteoidh sé nach mbeidh aon bhearna ar iarraidh ann, i gcás cionta inghabhála indibhidiúla nach bhfuil cumhacht chuardaigh ar fáil faoina gcoinne i láthair na huaire.

Táim ag déanamh leasuithe teicniúla eile don alt seo freisin. Mar shampla, tá cruinneas focail na forála á athrú chun go mbeadh deis ag an mbreitheamh iarratas a cheadú má tá sé nó sí sásta gur cheart dó nó di a leithéid a dhéanamh ar bhonn de "eolas ar mhionn". Seo í an fhoirmle focal áúsaidtear i bhforálacha cuardaigh go traidisiúnta agus de ghnáth feidhmíonn sé sa chaoi go dtógann oifigeach Garda mionnscríbhinn faoi mhionn, ar a bhféadfadh sé nó sí a bheith ceistithe ag an mbreitheamh. Athraíodh an fhoirmle sin in alt 10 den Acht um Cheartas Coiriúil (Foralacha Ilghnéitheacha) 1997, agus chomh maith i bhforálacha cuardaigh na nAchtanna a thagraítear dóibh in ailt 35, 36 agus 37, go dtí"ar éisteacht na fianaise faoi mhionn". Chuir an fhoirmle focal nua seo roinnt neamhchinnteachta faoi bhun maidir leis an gcleachtas agus nós imeachta is cóir a ghlacadh agus barántas cuardaigh á lorg. D'fhonn an t-ábhar a bheith gan dabht táim á mholadh go bhfillfí ar na focail atá curtha taoi thriail agus taoi mhuinín — tá na hathruithe riachtanacha á ndéanamh de réir ailt 5, 35, 36 agus 37.

Forálann an t-alt seo freisin gurbh fhéidir le Ceannfort Gharda Síochána barántas cuardaigh éigeandála a eisiúint san áit nach bhfuil sé praiticiúil barántas cúirte a fháil toisc cúrsaí dithnis. Cuireann an Coimisiúin um Chearta an Duine in iúl ina thuairimí ar an scéim an gá le smacht breithiúnach ar eisiúint de bharántas cuardaigh. Ní dóigh leis an gcoimisiúin go bhfuil cás déanta go bhfuil gá ann barántas éigeandála áúdarú ag ceannfort Garda Síochána. Measann an coimisiúin go bhféadtaí na deacrachtaí praiticiúla i mbreithimh na Cúirte Dúiche a fháil a shárú le réitigh eile. Aontaím go bhfuil smacht breithiúnach ar eisiúint na mbarántas an-tábhachtach. Tá an fhoráil sa Bhille a fhorálann do bharántais éigeandála bunaithe ar fhorálacha den chinéal céanna san Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 agus ní féidir é a úsáid ach i gcásanna iomadúla. Leagadh béim ar an bhfíric sin le cinneadh le déanaí ag an gCúirt Achomhairc Choiriúil in DPPv. Peter Byrne. D’fhéadfadh deacrachtaí praiticiúla a bheith ag bhaint le teacht ar bhreithimh na Cúirte Dúiche lasmuigh de shuíonna cúirte. Tháinig a leithéid de dheacracht chun cinn le déanaí i gcás sa Chúirt Uachtarach — Dylan Creavan v. CAB. B’é breith na cúirte sa chás seo ná nach bhfuil breitheamh in ann barántais a eisiúint má tá sé nó sí lasmuigh dá d(h)úiche. Táim ag moladh go réiteofaí an fhadhb seo go reachtúil trí leasú a thabharfaidh mé ar aghaidh chuig an Bille seo. Creidim go ndearbhóidh a leithéid de fhoráil, i dteannta an cinneadh soiléir in DPP v. Byrne, nádúr éigeandála teoranta na forála seo. Táim fós den tuairim go bhfuil an fhoráil éigeandála riachtanach chun déileáil le cúrsaí iomadúla a thagann chun cinn ó am go chéile, san áit go bhféadfadh fianaise géibheannach a bheith curtha ar ceal nó scriosta.

Is é an phríomh-éifeacht d'alt 8 ná chun an uas-thréimhse a mhéadú le duine a choinneáil atá faoi amhras cion inghabhála a dhéanamh, ón teorainn eiseach de 12 uair go 24 uair.

Tá roinnt fhorálacha reachtúla ann a fhorálfadh ar amhrastaigh a choinneáil. Forálann alt 30 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit 1939 do dhuine gafa a choinneáil faoin alt sin suas go 48 uair faoi údarás na nGardaí. Leasaigh alt 10 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Leasú) 1998 alt 30 den Acht 1939 chun fadú tréimhse de 24 uair faoi údarás bhreithimh na Cúirte Dúiche a fhoráil. Forálann an tAcht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 do choinneáil suas go seacht lá do dhuine a gabhadh ar chion gáinneáil ar dhrugaí, an chéad 48 uair faoi údarás na Gardaí agus an fuílleach faoi údarás bhreitheamh na Cúirte Dúiche. Forálann alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984 do choinneáil 12 uair faoi údarás na Gardaí.

D'fhéadfadh forluí idir na hAchtanna aimhrialtacht a chruthú. Mar shampla, faoi alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984, is féidir duine faoi amhras dúnmharú a choinneáil suas go huasmhéid de 12 uair. Má tá duine faoi amhras dúnmharú, áfach, agus má tá fianaise ann ar úsáid airm tine, d'fhéadfaí an duine sin a choinneáil suas go 72 uair faoi alt 30 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit 1939.

Cé gur mhol an grúpa stiúrtha SMI forleathnú den tréimhse choinneála suas go 96 uair, agus gur mhol an grúpa saineolaithe tréimhse choinneála de 48 uair — treimhsí sosa san áireamh — teoranta ar chionta tromchúiseacha áirithe, táim ag moladh tréimhse choinneála de 24 uair, gan tréimhsí sosa san áireamh, a chur faoi gach cion inghabhála, sé sin cionta a phionósófaí le cúig bliana no niós mó de phríosúnacht. Táim a mholadh, dá bhrí sin, in alt 8, alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984 a fhorálann coinneáil suas go 12 uair a leasú, le foráil do choinneáil de 12 uair eile ar cheadúó oifigeach ag leibhéal phríomh cheannfort Garda ar a laghad, ag a mbeidh forais réasúnta le creidiúint aige go bhfuil an choinneáil méadaithe riachtanach le haghaidh fiosrúchán ceart de na cionta bainteacha.

Chuir an Coimisiúin um Chearta an Duine an imní in iúl go sáródh Éireann oibleagáidí cearta an duine faoi CCDC mar thoradh ar mhéadú de thréimhse choinneála i gcás gach cion inghabhála. Ní mheasann an coimisiúin go bhfuil an cás déanta chun an forleathnúó 12 uair go 24 uair a fhírinniú. Ní ghlacaim go mbeadh baol ann le méadú cumhachta inghabhála ár n-oibleagáidí ar chearta an duine a sharú, go háirithe ó shonraigh an Chúirt Eorpach ar Chearta an Duine sa chás Brogan v. UK 1988, cé go bhfuil tréimhse ceithre lá agus sé uaire neamhfhreagrach do airteagal 5 CCDC, ní raibh sé ag déanamh cinnidh i ngnáth cás coiriúil, faoi aon thréimhse tugtha ar nós ceithre lá a bheith neamhfheagrach do airteagal 5 mar riail ghinearálta. Measaim, agus molann an tArd-Aighne, nach bhféadfadh tréimhse i bhfad níos lú de 24 uair a bheith neamhchuimseach i gcomhthéacs an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine. Ó tharla aimhrialtacht sa dlí atá tagartha dóibh cheana, agus ó tharla coimpléasc a bheith ag baint le fiosrúcháin coir nua-aimseartha, creidim go bhfuil an méadúó 12 uair go 24 uair fírinnithe.

In alt 13 táim ag déanamh sholáthar do roinnt leasuithe maidir le tógáil samplaí dlí-eolaíochta. Soláthraíonn alt 2 den Acht um Cheartas Coiriuil (Fianaise Dlí-Eolaíochta) 1990 go bhfuil samplaí corpartha áirithe — iad sin a bhfuil sa chatagóir príobháideach — a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil le haghaidh tástail dlí-eolaíochta nach féidir a thógáil ach le cead scríofa an duine. Is féidir samplaí eile nach bhfuil príobháideach a thógáil gan chead. Molann alt 13 go mbeadh sampla seile — atá sa chatagóir príobháideach faoi láthair — aistrithe go dté an catagóir neamh-phríobháideach, agus molann sé freisin go mbeadh svábanna béil — nach bhfuil tagartha go sainiúil san fhoráil eiseach — tugtha isteach sa chatagóir neamh-phríobháideach ionas gur féidir leo san a bheith tógtha freisin gan chead. Tá svábanna béil, a d'fhéadfadh seile agus fíochán choirp araon a bheith iontu, mar fhoinse luachmhar DNA níos mó ná seile amháin, agus is féidir é a thógáil go réasúnta discréideach ón té i gceist. Táim sásta gur féidir samplaí a thógáil sa dá chás seo gan cur isteach ar ionracais choirp an duine agus mar sin gan an riachtanas do chead foirmiúil.

Soiléiríonn an fhoráil gur féidir falacailí gruaige a thógáil freisin gan chead. Faoi láthair, is féidir sampla gruaige, seachas caithir, a thógáil gan cead ach tá an tAcht 1990 tostach ar cibé ar féidir falacail ghruaige a thógáil freisin. Is foinse usáideach DNA iad falacailí gruaige. Soláthraíonn an t-alt freisin do chosaint chun teorannú ar mhéid na gruaige gur féidir a thógáil go hiomlán agus ag aon uair amháin.

Forálann an t-alt seo freisin do phionóis mhéadaithe i gcóir bacadh ar gharda atá ag iarraidh sampla a thógáil, agus leathnaíonn sé an thréimhse ó sé go dtí 12 mí gur féidir samplaí a tógadh ó dhaoine a choimeád sula scriostar iad.

Nílim ag soláthar do bhunú bhainc sonraí DNA faoi láthair. Is rún dom, áfach, tograí a ullmhú i gcóir bhanc sonraí chomh leathan agus is féidir, ag féachaint do riachtanais bhunreachtúla agus riachtanais an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine. B'fhéidir go mbeadh a fhios ag an Teach go bhfuil an t-ábhar seo á scrúdú ag an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí faoi láthair ar iarratas an Ard-Aighne. Tá páipéar comhairlithe an-suntasach foilsithe aige cheana féin ar an ábhar, tá seimineár eagraithe aige leis na páirtithe go léir a bhfuil suim acu ann agus tá sé ag súil le tuarascáil deiridh a fhoilsiú i mbliana. Táim ag tnúth go mór le bheith in ann tógra mar sin a chur chun cinn i gceann na haimsire.

Tá breathnaithe déanta ag an gCoimisiún um Chearta an Duine ar a bhfuil in alt 13. Ní cheapann an coimisiún go bhfuil sé riachtanach na comhréireach samplaí a thógáil ó na daoine gafa go léir. Nílim á mholadh, áfach, gur ceart samplaí a thógáil ó na daoine gafa go léir mar ghnáth chleachtadh. Leanfaidh alt 2(5) den Acht um Cheartas Coiriúil (Fianaise Dlí-Eolaíochta) 1990 á fheidhmiú. Ní cheadaíonn an t-alt sin samplaí a thógáil ach sa chás go bhfuil cúiseanna réasúnta ag oifigeach nach bhfuil faoi chéim an cheannfoirt, le bheith amhrasach faoi bhaint an duine, go bhfuil an sampla le bheith tógtha uaidh nó uaithi, i gcion inghabhála, cion faoin Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit 1939 nó cion gáinneáil ar dhrugaí. Caithfidh sé nó sí a chreidiúint freisin go gcabhródh tógáil an tsampla lena chinntiú nó a dhíchruthú baint a bheith ag an duine sin sa chion.

Mhol an coimisiún freisin gur chóir go mbeadh tuilleadh cosaint in áit maidir le tógáil samplaí, ar nós gur chóir na samplaí a thógáil go príobháideach agus nár chóir an iomarca ghardaí a bheith i láthair. Cé go bhfuil cosaint ann cheana san Acht 1990 agus i rialacha a rinneadh faoi, chun cúraimí an Choimisiúin um Chearta an Duine a chomhlíonadh, tá foráil san áireamh agam do dhéantús tuilleadh rialacha chun cosaint breise a sholáthar, mar a mhol an coimisiún. Chuir an coimisiún fáilte roimh mo mholtaí ina leith seo. Sa chomhthéacs seo, cásaigh an coimisiún faoin bhforáil d'fhórsa réasúnta a úsáid chun samplaí a thógáil. Níl an fhoráil seo san áireamh sa Bhille anois toisc go gceapaim go n-ardaíonn foráil dá leithéid de chumhachta reachtúla sin ceisteanna coimpléascacha — roinnt acu a thagair an Coimisiún um Chearta an Duine dóibh — a d'fhéadfadh a bheith breathnaithe níos fearr nuair a eisíonn an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí a thuarascáil deiridh ar bhanc sonraí DNA a bhunú.

D'fhéadfadh go mbeadh an cheist d'fhoráil reachtúil maidir le fórsa réasúnta iniúchta níos fearr i gcomhthéacs an scrúdaithe an-chuimsitheach a bheadh ag teastáil ón tuarascáil sin. Idir an dá linn leanfaidh an dlí infheidhme, a deir gur féidir le garda fórsa réasúnta a úsáid chun cumhacht dleathach a chleachtadh, á feidhmiú.

Tá a thuilleadh ráite ag an gcoimisiún ar an mBille foilsithe a bhfuil fós á scrúdú agam. Tá cód cleachtais á mholadh go háirithe aige i leith rialú ar shamplaí a thógáil agus ar thraenáil sainiúil a sholáthar do na gardaí. Cé go gceapaim gurb é an tslí is fearr chun a leithéid d'ábhair a phlé ná i gcomhthéacs bunú banc sonraí DNA, táim sásta labhairt leis na gardaí faoi conas gur féidir na moltaí seo a chur in éifeacht go heatramhach.

Soláthraíonn Cuid 3 d'inghlacthacht i bhfianaise do réamh-ráitis fhinné. Tugadh chun suntais an gá do fhorálacha den chineál seo tar éis cliseadh trial dúnmharaithe Keane, as Luimneach, nuair a rinne na finnéithe a thug ráitis cheana iad a shéanadh agus dhiúltaigh siad fianaise a thabhairt i gcoinne an chúisí sa chúirt.

An riail dlí coiteann ná nach féidir ráiteas a rinneadh do na gardaí cheana a úsáid i bhfianaise mar chruthúnas d'aon ghníomh atá ann. Is féidir an fíoras go bhféadfadh finné rud éigin difriúil a rá a úsáid chun ionsaí a dhéanamh ar inchreidteacht an fhinné sin ach ní féidir na maíomh sa ráiteas níos luaithe a bheith mar chruthúnas do na maíomh sin. D'athraíodh gnéithe den riail tré reachtaíocht, mar shampla maidir le ráitis ag finnéithe atá marbh nó a bhí imeaglaithe. Tá cinneadh déanta agam an dlí a leasú níos mó le soláthar don inghlacthacht faoi choinníollacha dochta do ráitis fhinnéithe roimh ré i gcásanna coiriúla, ag tógáil fasaigh ó thíortha dlí coiteann eile san áireamh agus ag tarraingt go speisialta ar an gcur chuige a glacadh i gCeanada. Tá na forálacha sin leagtha amach in ailt 15 go 19.

Tá an phríomh fhoráil le fáil in alt 15 agus bunaítear é ar phrionsabail a cuireadh i bhfeidhm ag Cúirt Uachtarach Cheanada faoi ghlacadh le réamh-ráitis fhinnéithe. Ar mhaithe le soiléireacht b'fhéidir go luafaidh mé ag an bpointe seo nach bhfuil an fhoráil teoranta do ráitis déanta do na gardaí agus d'fhéadfadh mar shampla ráitis déanta d'oifigigh ioncaim a bheith san áireamh chomh maith. Tá an fhoráil le feidhmiú nuair a dhiultaíonn an finné fianaise a thabhairt sa chúirt nó nuair a thugtar fianaise nach bhfuil ag teacht leis an ráiteas a tugadh roimhe sin. Tá láithreacht an duine ag teastáil sa chúirt toisc cuspoirí croscheistiú. Tá sé seo tábhachtach mar tugann sé deis don chúirt breathnú ar iompar an fhinné. Na toscaí atá riachtanach chun glacadh le réamh-ráitis mar fhianaise ná dílseacht an ráitis, go bhfuil sé saorálach agus go bhfuil an ráiteas déanta ag finné i dtoscaí ina gcaithfidh sé nó sí tábhacht an fhírinne a thuiscint. Nuair atá an chúirt ag tabhairt breith ar dhílseacht an ráitis is féidir léi a thógáil san áireamh ar tugadh an ráiteas faoi mhionn nó dheimhniú sollúnta, ar rinneadh taifeadadh físe de, nó in áit nach mbaineann na toscaí seo, má tá go leor fianaise eile dá dhílseacht. Caithfidh an chúirt aon mhíniú atá tugtha ag an bhfinné faoi dhiultú fianaise a thabhairt, fianaise neamhfhreagrach a thabhairt nó, nuair a dhiúltaíonn an finné an réamh-ráiteas a thabhairt, aon fhianaise atá tugtha ag an duine maidir leis an diultú sin a thógáil san áireamh. Ní ghlacfar leis an ráiteas mura bhfuil sé ar son leasa ceartais nó mura bhfuil sé riachtanach. Is féidir plé níos mionna a dhéanamh ar shonraí na forála ag Céim an Choiste níos déanaí.

Tá an Coimisiún um Chearta an Duine i gcoinne na forála seo agus, i ndiaidh fhoilsiú an Bhille, d'eisigh sé roinnt tuairimí suimiúla faoi. Tá na tuairimí seo á scrudú agam agus go deimhin má tá tuilleadh cosaint eile gur féidir liom a thabhairt isteach déanfaidh mé amhlaidh gan mhoill.

Déileálann Cuid 4 den Bhille le hachomhairc in imeachtaí coiriúla áirithe. Cé go bhfuil cearta achomhairc cosanta go leathan i ndlí na hÉireann, níl ach cearta achomhairc ionchúisimh an-teoranta ann. Tá a bunús go stairiúil sa riail dlí coiteann i gcoinne guais dhúbailte, is é sin, nach féidir aon duine a thriail faoi dhó don chion céanna. Coinnítear an ceart achomhairc ionchúisimh atá ann anois i alt 34 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967 maidir le cásanna a thriailtear ar dhíotáil. Soláthraíonn sé do cheart achomhairc ionchúisimh ar phointe dlí ag eirí as saorbhreithiúnas deachtaithe ag breitheamh. Tá an ceart achomhairc gan dochar, is é sin, ní féidir leis cur isteach ar an gcinneadh chun an cúisí a éigiontú. Dá réir tá iarmairtí na hachomhairce teoranta don pointe dlí faoi chaibidil san treoir. Is é mo dhearca ná go bhfuil sé ceart go bhforleathnaítear an achomhairc ionchúisimh teoranta i dtreo is gur féidir rialaithe ar phointí dlí atá mífhabhrach don chuísitheoir a thagann suas le linn trialach a achomharc. Tá na príomh fhorálacha in ailt 20 agus 21. Tá na forálacha seo "gan dochar" agus tá siad ag cur leis na heiseamlairí"gan dochar" atá ag Coimisiún um Athchóiriú an Dlí ina pháipear comhairlithe ar achomhairc ionchúisimh.

Leathnaíonn alt 20 alt 34 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967 chun a sholáthar go mbeadh an tArd-Aighne agus an Stiurthóir Ionchúisimh Poiblí, má tá sé nó sí mar an gcumhacht ionchúisimh sa triail, in ann ceist dlí a thagann suas sa chúirt trialach a sheoladh chuig an gCúirt Uachtarach le haghaidh foirceannadh, ar bhonn gan dochar. Mar a dúirt mé cheana, ní fhorleathnaíonn an ceart atá ann anois ach go dtí saorbhreithiúnas deachtaithe ag breitheamh. Leasaíonn alt 21 alt 29 d'Acht na gCúirteanna Breithiúnais 1924 chun go mbeadh an cúisitheoir in ann pointe dlí a thagann suas sa Chuirt Achomhairc Choiriúil a chur go dtí an Chúirt Uachtarach gan dochar don chúisí.

Tá an Coimisiún um Chearta an Duine buartha faoin achomhairc ionchúisimh "gan dochar", cé nach gcuireann sé isteach ar bhreith "neamhchiontach" d'fhéadfadh sé an bonn a bhaint ó shaorbhreithiúnas an duine gan seans a thabhairt dó nó di a ainm nó a hainm a ghlanadh. Glacaim leis go bhfuil an baol sin ann agus dhéileáil mé leis trí cheart a thabhairt don duine éigiontaithe éisteacht a fháil ar an bpointe i dtreis agus a díth nó a dhíth ainm a choinneáil ag an am céanna.

Debate adjourned.