Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 24 Mar 2005

Vol. 599 No. 7

Irish Language: Statements (Resumed).

Deputy Joe Higgins was in possession when the statements on the Irish language concluded last evening.

As Deputy Joe Higgins is not here, may I speak for the rest of his time slot?

As there is just a minute left in the time slot, the Deputy might prefer to allow Deputy Gilmore to speak, after which he will have 15 minutes to himself.

That is fine.

Cuirim fáilte roimh an díospóireacht seo maidir leis an Ghaeilge. Fáiltím roimh an deis a labhairt sa Dáil ar an ábhar. Tuigim cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge i saol agus i gcultúr na tíre agus chomh baolach atá sláinte na Gaeilge faoi láthair. Tugann an díospóireacht seo deis dúinn díriú ar na polasaithe ar cheart dúinn a chur i bhfeidhm sa nua-aois sa tír seo. Níl aon dabht faoi thábhacht na Gaeilge mar theanga laethúil do mhuintir na Gaeltachta agus dóibh siúd ar fud na tíre agus thar lear a labhraíonn go minic í, mar eochar dár n-oidhreacht agus dár gcultúr agus mar mharc náisiúntachta na nGael. Níl aon dabht freisin ach go bhfuil an Ghaeilge i mbaol, go bhfuil brúnna nua-aimsire uirthi agus go gcaithfear athbhreithniú ar na polasaithe agus an tacaíocht Stáit a thugtar di.

Bhí sé suimiúil gur thagraigh an coimisinéir ina chéad tuarascáil ar an bhrú atá ar a lán teangacha ar fud an domhain. Deir sé go measann saineolaithe teanga go mbeidh 90% ar fud an domhain marbh i gceann 100 bliana eile agus go bhfuil seans go mbeidh an Ghaeilge ina measc.

Tá comharthaí le feiceáil gach lá. Tá an idirnáisiúntacht eacnamaíochta agus cumarsáide ag déanamh áite bige den domhan. Tá níos mó úsáide bainte as teangacha idirnáisiúnta ar nós an Bhéarla, na Spáinníse, na Síníse agus na Fraincíse go háirithe. Ar bhealach is maith an rud é sin go mbeadh cumarsáid níos eascaí i measc pobal an domhain. Má tá daoine in ann labhairt le chéile, beidh tuiscint níos fearr eatarthu agus idir tíortha agus b'fheidir go mbeidh laghdú i gcoimhlint agus i gcogadh. Ag an am céanna, tá an dainséar ann má chaillfidh daoine a dteanga náisiúnta nó réigiúnach go rachaidh siad ar thoir bealaí eile, bealaí níos measa, lena gcultúr, an-oidhreacht agus a náisiúntacht a chur chun cinn. Is cuspóir oidhreachta í teangacha a shabháil ar a laghad agus iad a úsáid de ghnáth más féidir. Cuimhnímid sean-fhoirgnimh, sean-suíomhanna agus seanchas de gach sórt mar is ábhar oidhreachta iad. Ar a laghad caithfear teangacha a shabháil ar an fáth céanna.

Caithfear a admháil go bhfuil an Ghaeilge i mbaol cé go bhfuil an-infheistíocht déanta agus a lán déanta lena sábháil agus a húsáid a leathnú. Ar dtús, mar a admhaíonn an coimisinéir, tá teip ar iarrachtaí an Stáit úsaid na Gaeilge a leathnú trí mheán an oideachais. Caitheadh €500 milliún gach bliain sna scoileanna ag múineadh na Gaeilge. Tá 1,500 uaireanta teagaisc do gach dalta sa tír agus sa deireadh thiar thall níl Gaeilge mhaith nó líofa ag formhór ndaoine ag teacht amach as na scoileanna. Taobh istigh de chúpla blianta tar éis na hardteiste, tá an Ghaeilge a d'fhoghlaim na daoine sin ar scoil caillte ag an chuid is mó acu. Cinnte, caithfear athbreithniú a dhéanamh ar éifeacht múinte agus foghlama na Gaeilge sna scoileanna.

Tá na Gaeltachtaí freisin i mbaol. Le fada an lá, ní hionann na Gaeltachtaí oifigúla agus na ceantair ina labhraítear Gaeilge mar ghnáth-theanga laethúil. Tá iarrathóirí d'Údarás na Gaeltachta ag canbhasáil in eastáit tithíochta ar imeall chathair na Gaillimhe in áiteanna nach bhfuil Gaeilge ach ag teaghlach anseo agus ansiúd mar tá na ceantair sin go hoifigiúil i nGaeltacht Chonamara. Cúis imní agus nuacht d'a lán teaghlaigh in áiteacha ar nós Chnoc na Cathrach. Tá sé seafóideach go bhfuil na teorainneacha Gaeltachta chomh dona sin.

Bhíodh Gaeilge labhartha mar ghnáth-theanga in áiteacha ar nós Chnoc na Cathrach taobh istigh de leithchéad bliain ach níl anois agus níl Gaeilge labhartha go laethúil ach oiread le mílte níos faide siar ón chósta i gConamara mar atá a fhios ag an Aire.

Tá go leor Gaeilgeoirí ansin. Ní labhraítear Béarla liomsa ansin.

Tá sé deacair a rá go bhfuil Gaeilge á labhairt in áit mar Bhearna atá sa Ghaeltacht go hoifigiúil.

Níl sé chomh simplí leis sin; taispeánann na staitisticí sin.

Caithfimid deireadh a chur leis an tseafóid agus a admháil nach bhfuil Gaeilge á labhairt in áiteacha mar sin agus is é brú forbartha is mó atá taobh thiar de sin. Baineann cúrsaí pleanála leis an ábhar chomh maith.

Mise an chéad duine a rinne rud ar bith faoi.

Rinne muidinne rud faoi.

Mise an chéad duine. Ní dhearna Páirtí an Lucht Oibre tada faoi.

Níl sin fíor.

Tá sé fíor. Cé a thug an tAcht isteach?

Mo chomhghleacaí, an Teachta Michael Higgins, a chuir Teilifís na Gaeilge ar bun nuair a bhí muid i Rialtas.

Caidé mar a bhaineann sin le cúrsaí pleanála? B'é sin sean-Pháirtí an Lucht Oibre ar aon nós.

Chonaic mé an óráid a thug an tAire inné á rá gurbh iad na rudaí is tábhachtaí na rudaí oifigiúla atá sé ag tógáil isteach mar gheall ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Dúirt sé gurb é an tAcht an rud is tábhachtaí a rinne aon Rialtas don Ghaeilge leis na blianta anuas agus níl sin fíor.

Tá sé fíor.

Ní hiad na rudaí oifigiúla na rudaí is tábhachtaí ach na rudaí atá ag tarlú i measc an phobail, ní sna hoifigí. Na rudaí is tábhachtaí d'fhorbairt na Gaeilge sa tír seo le blianta ná Teilifís na Gaeilge agus forbairt na nGaelscoileanna, scoileanna nach bhfuil an Rialtas ag tabhairt go leor tacaíochta dóibh.

Tá a fhios ag an Aire go bhfuil laghdú sna Gaeltachtaí in úsáid na Gaeilge. Tá a fhios aige go bhfuil daoine ar lorg talamh tógála agus ag ceannacht tithe sna Gaeltachtaí mar is áiteacha iargúlta iad. Is daoine iad ag a bhfuil níos mó airgid acu ná Gaeilge. Níl Gaeilge ar bith ag cuid mhaith acu.

Sinne agus sinn amháin a thug isteach rialacha don chóras pleanála. Ní dhearna Páirtí an Lucht Oibre tada faoi.

Níl an ceart ag an Aire agus ba cheart go mbeadh i bhfad níos mó eolais aige.

Tá eolas agam.

Mise, thar ceann Pháirtí an Lucht Oibre, nuair a bhí an Bille pleanála os comhair na Dála ar dtús, a mhol gur cheart go mbeadh coinníollacha curtha isteach i gceadúnais phleanála i dtaobh na Gaeilge. D'aontaigh an t-iarAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, an Teachta Noel Dempsey, liom. Thug sé isteach alt sa mBille leis na coinníollacha sin. Mise, thar ceann mo phairtí, ar dtús a mhol seo ar chomhairle a fuair me ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

(Interruptions).

Tá sé an-deacair bheith i gcomórtas le hAire; atá ag iarriadh bualadh bos a thabhairt dó féin de bharr gach rud atá déanta i dtaobh na Gaeilge. Ba cheart don Aire éisteacht leis an méid atá le rá seachas a bheith ag cur isteach orainn.

Cé gur mholamar na coinníollacha sin ag an am, nílimid cinnte go bhfuil siad ag obair, nó go n-oibreadh siad amach anseo. Tuigim go mbeidh sé an-deacair iad a chuir i bhfheidhm. Tá siad éasca a chur i bhfheidhm nuair atá an tógálaí ag lorg cead pleanála ar dtús agus nuair atá an teach á dhíol den chéad uair, ach nuair a ath-dhíoltar na tithe, beidh sé an-deacair na coinníollacha sin a chur i bhfheidhm. Tá fhios ag an Aire agus chuile dhuine go bhfuil na Gaeltachtaí mar cheantair ag laghdú. Caithfimid athsmaoineamh a dhéanamh ar cad is Gaeltacht. Ba cheart go mbeadh smaoineamh nua againn i dtaobh na brí atá le Gaeltacht. Ba cheart Gaeltacht nua a chur ar bun i mBaile Átha Cliath. Níl mé ag caint faoi Ghaeltacht bunaithe ar áit nó cheantar, ach bunaithe ar phobal.

Níl a fhios agam an bhfuil figiúirí oifigiúla ar fáil — b'fhéidir go bhfuil siad ag an Aire — ach i mo thuairim, tá níos mó daoine ag labhairt Gaeilge go laethiúil i mBaile Átha Cliath faoi láthair ná i gConamara, fiú amháin. Tá níos mó Gaeilge le cloisteáil ar an DART ná ar an mbus ón Cheathrú Rua go Gaillimh. B'fhiú tuiscint nua a bheith againn faoi cad is brí le Gaeltacht agus Gaeltacht Bhaile Átha Cliath a chur ar bun i gcomhair an phobail atá ag úsáid Gaeilge sa chathair. Caithfimid tacaíocht a chur ar fáil don Ghaeltacht sin i dtaobh scoileanna ar dtús, infrastructúr ar nós siopaí, bialann, tithe tabhairne agus b'fhéidir faoiseamh cháineach a thabhairt do dhaoine atá ag cur na n-áiseanna sin ar fáil. Caithfimid deireadh a chur leis an saghas dearcaidh atá ag an Rialtas agus an cinneadh atáá dheanamh ag an Rialtas i dtaobh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, go háirithe an cinneadh atá déanta acu Foras na Gaeilge a dhílárú go Dún na nGall. Tá an Teachta McGinley anseo——

Beidh céad míle fáilte roimh Foras na Gaeilge.

Tuigim sin go maith. Baineann sé leis an saghas meoin atá ag an Aire go mbaineann an Ghaeilge le hiarthar na tíre amháin, rud nach bhfuil fíor nó ceart. Ba cheart go mbeadh an dearcadh ann go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh Foras na Gaeilge lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus ag cabhrú le forbairt agus leathnú na Gaeilge sa chathair.

De bharr gur chuir an tAire isteach orm, ní raibh an t-am agam labhairt faoi na Gaelscoileanna, ach b'fhéidir go mbeadh deis agam labhairt ar an ábhar sin amach anseo.

Gabhaím buíochas as ucht an seans seo labhairt ar son na Gaeilge. Tá an díospóireacht seo an-tábhachtach agus b'fhiú dúinn go léir éisteacht leis na daoine atá ag obair ar son na Gaeilge. Caithimid éisteacht freisin leis na tuismitheoirí agus na daltaí sna Gaelscoileanna. Tá a lán rudaí maithe ar siúil sna scoileanna sin agus caithfimid foghlaim ó na daoine sin.

As a person not fluent in Irish, I wish to contribute to the development of this debate. It is essential to begin with the process of the teaching of the language in primary and second level schools. This has been a major issue for the last 20 or 30 years. The success stories of families, particularly those in Gaeltacht areas, and those involved in Gaelscoileanna have shown us the progressive way forward in regard to the language. Language must be taught with the support of the community and parents. Teaching the language in isolation in schools simply does not work.

We must acknowledge an element of hostility in society to the Irish language and culture. There is an opportunity for all-party support to deal with this hostility, particularly that emanating from political elements and the media. We have a duty as public representatives to show leadership on this issue and to challenge those who claim the language should not be taught in primary schools and that TG4 should be terminated. We are concerned these days with respect for different languages and cultures in our society. This is an opportunity to put such sentiments into practice.

The children of this nation have given us great examples of respect for cultural and linguistic diversity. Many primary schools, especially Gaelscoileanna, have given us a lead in regard to education and the removal of barriers. I am aware of several Gaelscoileanna which accommodate pupils of different nationalities. These children have no difficulty in coping with several different languages and cultures. Those concerned with the promotion of the Irish language have been to the fore on this issue because they see respect for culture and language as an important ethos in modern society.

However, an important issue is the existence of a rump within the Irish language movement which does not seem to be sufficiently open to dealing with those who may not have confidence in their ability to learn or speak the language. This latter may be a consequence of childhood experiences when there was a strong emphasis on the importance of correct grammar. Many people, including myself, have a positive attitude to Irish but are not fluent in the language. We have a duty, particularly those with the talent and gift of fluency in the language, to encourage and motivate such people in gaining confidence to be part of the movement to develop the language.

Unfortunately, some may be discouraged by their encounters with a sector of those involved in the promotion of the language. In every society there are those who send out a negative message. On the other hand, there are many in the Irish language movement who make a positive contribution. The Minister is acquainted with a friend of mine, Mr. Liam Ó Cuinneagáin, who is involved in Oideas Gael. Such people have dedicated much time to the language, formulated many credible policies and devised excellent projects to develop the language in their own communities.

These are issues from which we should not shy away in considering the development of the Irish language. Tá tábhacht faoi leith ag baint leis an teanga i dtaobh chultúr agus thraidisiún na tíre, ach is gá bheith réalaíoch faoi na athruithe ollmhóra atá tar éis teacht chun cinn le deich mbliana anuas. Tá grúpa amháin a deireann go bhfuil an Ghaeltacht agus an Ghaeilge ag fáil bháis, agus is léir ó na staitisticí is déanaí go bhfuil maolú an-mhór tagtha ar líon na gcainteoirí a úsáideann an Ghaeilge mar ghnáth-theanga cumarsáide sna Gaeltachtaí. Ar an taobh eile den scéal, tá fás agus forbairt dochreidte tagtha ar scolaíocht agus oideachas ó thaobh na Gaeilge, de rud a léiríonn go bhfuil an teanga ag fás agus ag forbairt mar theanga léinn seachas teanga cumarsáide.

Dar liom, tá freagra na ceiste i leith na teanga áit éigin idir an dá stól. Is duine dearfach mé agus feictear go bhfuil níos mó dúil ag daoine óga i gceist na teanga ná mar a bhí riamh. Feicim é seo sa tslí go mbíonn an cultúr á chur chun cinn ar fud an domhain. Tá bród agus meas ag daoine óga ar an gcultúr atá acu ach is gá dúinn an cultúr agus an traidisiún a leathnú agus a fhorbairt os comhair páistí agus daoine eile nach raibh an deis riamh acu an teanga nó nósmhaireacht chultúrtha na tíre seo a bhlaiseadh.

Tá seanfhocal ann a deireann, "Tír gan teanga, tír gan anam", agus aontaím go hiomlán leis an ráiteas úd mar is tríd an teanga ar féidir leis an duine aithne cheart a chur ar a oidhreacht féin. Tá sé suas don Rialtas seo déanamh cinnte de go gcuidíonn Aontas na hEorpa linn an teanga a chaomhnú agus a thógáil ar aghaidh san aonú haois is fiche. Táimse dóchasach sa ghlúin atá le teacht agus, cé go bhfuil fadhbanna agus tuairimíocht láidir i gcoinne na teanga, ní mór do Ghaeilgeorí na tíre an fód a sheasamh agus leanúint ar aghaidh ag tabhairt inspreagtha agus deiseanna labhartha do muintir na hÉireann sa ghlúin atá ag teacht.

Tá cúpla moltaí agam. Ba chóir córas nua a chur i bhfeidhm i leith mhúineadh na Gaeilge i mbunscoileanna mar is léir go bhfuil laige agus easpa dul chun cinn ann maidir leis an teanga labhartha. Bheadh sé mar chúram ag múinteoir amháin nó múinteoirí an teanga a mhúineadh amanta faoi leith do gach rang sa scoil. I meánscoileanna ba cheart béim níos mó a chur ar an dteanga labhartha ó thaobh scrúduithe de agus ba cheart go mbeadh sé mar chuspóir go gcaithfeadh gach uile dalta tréimhse amháin sa Gaeltacht idir an chéad bhliain agus é nó í an scoil á fhágáil sa séú bliain.

These are the types of issues that I would like to raise in the debate. Many progressive people are involved and interested in the Irish language. I pay tribute to the broadcasting station, TG4, which has made a considerable contribution to a positive image of the Irish language. I say this in all sincerity as I have spoken to many people who have commented that when it comes to presentation as regards Nuacht and other programmes, TG4 can match other television stations at an international level. I commend the TG4 staff on the excellent work and on the station's performance over a number of years.

Again, I take issue with those in the broader society who challenge the wisdom of spending money on our language and culture. They emerge now and again to attack stations such as TG4 and question the use of public money in this regard. We should make no apologies for supporting our language and culture.

I welcome recent developments in the peace process and the talks on Northern Ireland. One of the happiest occasions I have witnessed, in Glencolumbkille, County Donegal, was to see members of the Unionist tradition coming there to learn Irish, to get involved in the culture and celebrate the language. That has been happening in recent years. It is part of the larger picture in terms of the peace process when one sees people from a different tradition and culture interested in learning about our culture and language, taking into account mutual respect for difference. It is not about taking over a people's language and identity but rather working and living together on the island of Ireland.

Among the progressive forces in Irish society leading the charge on these issues are the people in the Irish language movement. Also among the progressive forces, and we should make no apology for this, are people who constantly campaign for Irish independence and unity who are directly involved in the language movement, and I commend them. This is part of our history going back generations. It should be passed on to our children and to future generations because there is a major problem with a sector of society. In the context of by-elections, for example, it is not democratically acceptable that up to 60% of the electorate do not bother to vote. There is something wrong and this must be addressed. There is a cultural problem and a democratic problem and they are interlinked and intertwined.

Those are a few short comments on the Irish language movement and the debate on Irish. It is appropriate that there are a number of cainteoirí dúchais in the Dáil as well as a number of people with a few words of Irish, together with Deputies who have a positive attitude towards the language but might not necessarily have the confidence to use it. As part of this debate I ask the Minister to listen to all the different strands. He should listen to us and open his mind and heart. A positive majority of people is genuinely interested in the language and all they require is encouragement.

Ba mhaith liom, i dtosach báire, buíochas a ghabháil leis na Teachtaí ar fad a ghlac páirt sa díospóireacht.

Bíonn rud amháin ag cur isteach orm beagáinín. Am ar bith a labhraíonn Gaeilgeoirí Gaeilge, bíonn siad beagáinín amhrasach go praiticiúil an bhfuileadar ag brú Gaeilge ar dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu. Go mórmhór sa Teach seo, smaoiníonn daoine, le go dtuigfí iad, go gcaithfidh siad Béarla a labhairt. In aon pharlaimint eile ar domhan a bhfuil córas comhuaineach inti, ní ghlacfar lena leithéid sin de chaint. Tá an córas sin ann le go dtuigfidh daoine iad. I bParlaimint na hEorpa, má labhraíonn duine Fraincis — níl aon Fhraincis agam ar fiú caint uirthi — níl aon dul as agam ach na cluasáin a chur orm, agus tá an teanga ann.

Tá an chosúlacht ar an scéal i gcónaí go mbíonn daoine ag samhlú go bhfuil daoine ag brú Gaeilge ar dhaoine. Is é a mhalairt atá fíor, ar chúinsí praiticiúla. Má tá comhluadar ann agus Béarlóir amháin ina measc, is é an nós atá ann ná go n-iompaíonn chuile dhuine ar an mBéarla. Níl méá rá go bhfuil sé sin mícheart, ach sin an nós atá ann, agus níl éinne ann, ar an eolas agamsa, a ghearrann daoine amach mar nach bhfuil Gaeilge acu. Is finscéal é go bhfuil líon mór Gaeilgeoirí ag brú Gaeilge anuas ar dhaoine agus nach bhfuil siad sásta labhairt i mBéarla le daoine nach bhfuil Gaeilge acu.

Is é an dara rud náé seo. Le 50 bliain, má bhíó na Gaeilgeoirí aon seirbhís a fháil trí Ghaeilge, chaithfidís dul a throid ar a son. Ceann de na haidhmeanna a bhí ag an Acht teanga ná go mbeadh a gcearta ar fáil ag Gaeilgeoirí. Bímid i gcónaí ag caint ar cheartas sa Teach seo. Ba cheart go mbeadh a gcearta ar fáil ag Gaeilgeoirí gan dul chun dlí chun iad a éileamh. Ar an taobh eile den scéal, bheadh na cearta sin soiléir. Ní féidir le daoine rudaí míréalaíocha a éileamh. Sa gcomhthéacs sin, creidim féin go bhfuil an tAcht teanga meáite.

Tá daoine ag casaoid, tugaim faoi deara. Is é an chasaoid is mó a chloisim faoin Acht teanga ná go bhfoilsítear rudaí i nGaeilge agus nach léann daoine iad. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin fíor, ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos, is iomaí an rud a fhoilsítear i mBéarla sa tír seo. Faighim barra lán de stuif a thagann isteach san oifig in aghaidh na seachtaine, agus níl a fhios agam an léann éinne leath den stuif a fhaighim i mBéarla. Tá 90% de i mBéarla amháin. Níl éinne buartha faoin gcostas a bhaineann le heagarthóireacht, réiteach agus mar sin de.

Ní ach 600 doiciméad sa mbliain é as na mílte doiciméad ar fad a chuirtear ar fáil a chaithfear a chur ar fáil go dátheangach. Go tobann, tá ceist mhór faoin gcostas agus fadhb ann. Ní dóigh liom go léann éinne na doiciméid seo ó thús go deireadh i nGaeilge nó i mBéarla, i bhFraincis nó in Hiondúis. Ní léifidís ach oiread iad, ach sin an córas ina mairimid — go gcuirtear an t-uafás rudaí ar pháipéar. Tá a fhios agam féin go bhfuil mé tinn tuirseach ag fáil tuarascálacha atá chomh tiubh sin. Fiú dá mbeadh an t-am ar fad ó cheann go ceann na bliana agam, níorbh fhéidir liom iad a léamh, ach sin mar atá an saol. Rud amháin a thiocfaidh as seo ná go ngearrfaidh chuile dhuine na tuarascálacha seo síos go dtí na rudaí tábhachtacha.

Ar aon chaoi, go hiondúil, craobhscaoiltear na rudaí atá ar thuarascálacha tríd na meáin. Sin an chaoi a ndéantar craobhscaoileadh ar rudaí. Tá an ceart céanna ag meáin na Gaeilge leagan oifigiúil Gaeilge de na tuarascálacha seo a bheith acu go díreach mar a bhíonn siad ag na meáin Bhéarla. Tá mé cinnte gur áis iontach é dá leithéid de TG4, Raidió na Gaeltachta agus Raidió na Life go bhfuil na cáipéisí seo ar fáil i nGaeilge agus ar an lá a fhoilsítear iad. Tá an bunleagan acu gur féidir leo siúd a dtuairisc a dhéanamh i measc an phobail.

Ní chreidim go bhfaighidh an Ghaeilge bás. Tá dóthain daoine a labhrann Gaeilge lena gcuid páistí de rogha agus roghnóidh siadsan Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí féin. Má leanfaidh daoine á dhéanamh sin, níl aon bhaol don Ghaeilge bás a fháil.

Bhí b'fhéidir 500 duine ina gcónaí i gCnoc na Cathrach nuair a rinne Gaeltacht de i 1956. Tá 14,000 sa cheantar sin anois agus tá chuile sheans go bhfuil fós 500 Gaeilgeoir ann. Tá Gaelscoil ansin agus tá daoine i mo Roinn féin a labhraíonn Gaeilge achan lái gcónaí ann. Sin an fhadhb leis an Ghaeltacht, níl sí chomh simplí sin. Ní dhéarna an t-iarAire, an Teachta Michael Higgins, tada faoin gceist seo. Tá sé mínithe agam go soiléir arís agus arís eile cén chaoi a bhfuil mé ag déileáil le moladh Choimisiún na Gaeltachta le ceist teorainneacha na Gaeltachta ach ní ceist shimplí é.

I 1955, rinneadh anailís ar dhaonra labhartha Gaeilge na Gaeltachta. Oibríodh amach ag an am sin go raibh thart ar 35,000 cainteoir dúchasach Gaeilge sa nGaeltacht. An rud aisteach ná má fhéachaimid ag na figiúirí atá ann anois, níl athrú air sin. Tá an Ghaeltacht níos líonmhaire agus tá i bhfad níos mó daoine ann anois. Tá siad níos measctha, agus níl an seanphobal gan Béarla ann. I mbealach, is rud iontach go bhfuil an Ghaeltacht chomh láidir sin, ag glacadh leis an bhrú atá uirthi.

Aontaím leis an Teachta Gilmore faoi rud amháin. Níl mé ar chomhaigne leis faoin nGaeltacht i mBaile Átha Cliath ach tagaim leis faoin CyberGaeltacht. Tá gréasáin Ghaeltachta ann le Gaeilgeoirí ar fud na tíre atá i gcaidreamh lena chéile agus a bhreathnaíonn ar TG4. Níl sé i mBaile Átha Cliath amháin — tá sé ar fud na tire. Is iontach an rud é agus molaim an Teachta Michael Higgins agus an t-iarTheachta Geoghan-Quinn, a chuir tús le TG4. Is minic a dúirt mé gur sin ceann de na rudaí is fearr a tharla ó thaobh na Gaeilge de agus ní raibh mé ariamh taobh thiar den doras ag moladh na ndaoine a rinne sin.

Ní thuigim cén fáth go gcaithfidh Foras na Gaeilge a bheith ina eisceacht nuair a bheidh dílarú á dhéanamh. Dá mba rud é go raibh cinneadh ceannáras Fhoras na Gaeilge a chur ó thuaidh go Tír Chonaill gan aon dílarú eile ar bun sa tír, thuigfinn ansin go mbeadh meon ann go gcaithfí chuile rud a chur siar mar go mbaineann sé leis an Ghaeilge. Nuair a bhíonn polasaí láidir díláraithe ag an Rialtas ar fad, agus Ranna Stáit de chuile cineál curtha ar fud na tíre, ní thuigim cén fáth go gcaithfidh eisceacht a dhéanamh d'Fhoras na Gaeilge. Is meon sin go gcaithfidh gach rud sa tír seo bheith láraithe i mBaile Átha Cliath. Ní socrú Bhaile Átha Cliath atá i gceist ach socrú na tíre.

Tá na Gaelscoileanna thar a bheith tábhachtach ach mura d'tógfar pobal Gaeilge timpeall ar na Gaelscoileanna, beidh go leor den iarracht ag dul amú. Tá súil agam go ndéanfaidh na heagraíochtaí Gaeilge agus Foras na Gaeilge i bhfad níos mó le pobal Gaeilge a thógáil timpeall ar na Gaelscoileanna. Tá roinnt den obair sin ar bun ach tá go leor eile le déanamh agus tá súil agam go dtabharfar faoi.

Luaigh an Teachta Carey ceist na logainmneacha agus is ceist chasta í. Tá logainmneach na tíre seo á ndeimhniú ag Brainse na Logainmneacha agus tá saineolas agus cur chuige reasúnta agus eolaíoch aici faoin gceist. Is í an bhrainse a shocraíonn na leaganacha údarásacha. Tá sí in ann a mhíniú go díreach agus go hiomlán cad as a dtagann na logainmneacha. Tá ceist ann cad é is cirte a dhéanamh — aistriú ar logainmniú i mBéarla, agus má dhéantar sin agus má tá Leeson mar ainm ar dhuine, an dtugtar Líosáin air i nGaeilge nó céard? Tá an dá thuairim ann. Cuireann Raidió na Gaeltachta leaganacha Gaeilge ar na peileadóirí ar fad atá ag imirt. Téann TG4 de réir ainm an duine sin mar is eol é go coitianta. Bíonn Páidí Ó Sé ina PháidíÓ Sé agus Dáire Ó Cinnéide ina Dháire Ó Cinnéide ach tá Mick Spillane ina Mhick Spillane agus sin an rud is ceart a dhéanamh mura bhfuil an dá leagan in úsáid go coitianta.

Tá daoine ann a deir go bhfuil sé mícheart Nás a úsáid agus atá ceangailte leis na leaganacha a thóg daoine isteach, b'fhéidir gan móran eolais, ar nós Nás na Ríogh. De réir an eolais údarásaigh atá ag an mbrainse logainmneacha agus ag an gcoimisiún, dearmad a bhí sa logainm Nás ar Nás na Ríogh. Nuair a chuirtear an fhianaise cheart stairiúil ar fáil, is ceart dúinn glacadh leis. De réir mar a thuigim chuile thagairt atá ann do Nás, is Nás a bhí ann ach go ndearnadh tagairt do Nás na Ríogh in ndán éigin ag am éigin. Go minic tugtar Galway of the Tribes ar Ghaillimh, nó Gaillimh na dTreabh. Dá mbeinn ag scríobh dáin, bheadh sé reasúnta labhairt faoi Ghaillimh na dTreabh mar rud filíochta ach an bhfuil éinne á rá liomsa gur ceart tosú ag scríobh ar na comharthaí bóthar i nGaillimh Galway of the Tribes agus Gaillimh na dTreabh i mBéarla agus i nGaeilge agus an t-ainm sin a thabhart air mar go bhfuil séúsáidte i bhfilíocht? Ba cheart do dhaoine staidéar a dhéanamh ar na cúiseanna ar fad a bhíonn ag an mbrainse logainmneacha ag roghnú logainmneacha. Is cuma cé acu an leagan a roghnódh duine, áfach, bhí an obair bhaile déanta ag an gcoimisiún agus bhí an chúis leis go soiléir.

Is iontach an rud é go raibh an oiread sin daoine ag caint sa díospóireacht seo. Bhí daoine a dúirt nach mbeadh ann ach an cúpla duine céanna agus a bhíonn i gcónaí. Labhair an t-uafás Teachtaí ar an ábhar agus níl sééascaí ar an Déardaoin a bhfuil muid ag briseadh leis an Cháisc, go mór mór Déardaoin Naofa. Glacaim buíochas leis na Teachtaí ar fad. Thug mé aird ar na pointí a rinneadh agus tá súil agam go ndéanfar cinnte de go mbeidh díospóireacht bhliantúil againn anseo agus b'fhéidir go n-éistfeadh TG4 le macnaimh go spreagfadh sé úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais dá mbeadh clár amháin sa tseachtain a thabharfadh tús áite d'óráidí agus plé i nGaeilge san Oireachtas. Dá mbeadh a leithéid de chlár ann, imeoimis ón 1% atá i gceist in úsáid na Gaeilge san Oireachtas agus bheimis ar a laghad ag 5% nó 10% i rith na bliana.

Barr
Roinn