Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 15 Feb 2006

Vol. 614 No. 5

Official Languages Act 2003: Motion.

Tairgim:

Go gceadaíonn Dáil Éireann na rialacháin seo a leanas ina ndréacht:

Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Comhlachtaí Poiblí) 2006, ar rialacháin iad ar leagadh cóipeanna díobh ina ndréacht faoi bhráid Dháil Éireann an 27 Eanáir, 2006.

Fáiltím go mór roimh an díospóireacht seo ar dhréacht de na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Comhlachtaí Poiblí) 2006. Is é an cuspóir atá leis na rialacháin seo ná an liosta de na comhlachtaí poiblí atá clúdaithe faoin Acht a thabhairt suas go dáta trí chomhlachtaí nua a thabhairt faoi fhorálacha an Achta agus chun tagairt do chomhlachtaí nach bhfuil ag feidhmiú a thuilleadh a scrios.

B'fhéidir nár mhiste dom ag an bpointe seo príomhchúiseanna agus príomhchuspóir na reachtaíochta seo a chur i gcuimhne do na Teachtaí an athuair. Mar is eol daoibh, bhí roinnt fáthanna leis, ina measc: stádas bunreachtúil v. stádas fíorasach — mar shampla, cás Uí Bheoláin; teip ar iarrachtaí deonacha roimhe sin — beag aird tugtha ar threoirlínte neamhreachtúla Bhord na Gaeilge i 1993; agus cothrom na féinne a chinntiú do lucht labhartha na Gaeilge. Is fiú sliocht nó dhó de bhreithiúnas an Bhreitheamh Hardiman i gcás Uí Bheoláin sa bhliain 2001 a lua chun comhthéacs a thabhairt do na nithe sin:

Is é mo thuairimse nach féidir an Ghaeilge arb í an teanga náisiúnta í agus, san am céanna arb í príomhtheanga oifigiúil an Stáit í a eisiamh (ar a laghad in éagmais dlí den chineál a shamhlaítear le hAirteagal 8.(3) ó aon chuid de dhioscúrsa poiblí an náisiúin nó ó aon ghnó oifigiúil de chuid an Stáit nó de chuid aon cheann dá bhaill. Ná ní féidir caitheamh léi sna comhthéacsanna seo ar shlí ar bith nach bhfuil chomh fabhrach leis an tslí a gcaitear leis an dara teanga oifigiúil. Ná ní féidir iad siúd atá inniúil agus ar mian leo í a úsáid chun iad féin a chur in iúl nó chun chumarsáide, a chosc nó a fhágáil faoi mhíbhuntáiste agus iad á dhéanamh sin in aon chomhthéacs náisiúnta nó oifigiúil.

Leanann sé ar aghaidh leis an méid seo:

Leagann an Stát nua-aimseartha iliomad dualgas trom ar shaoránaigh i dtaca le gnéithe éagsúla den saol ó ghéilliúlacht i gcúrsaí cánach go dlí pleanála. Dualgais thuirsiúla a ghlacann am agus atá costasach a chomhlíonadh cuid mhór de na dualgais seo, ach is cuí é a bheith riachtanach iad a chomhlíonadh.

Mar an gcéanna, caithfidh an Stát féin a dhualgais a chomhlíonadh, go háirithe iad siúd atá cumhdaithe sa Bhunreacht, agus ní féidir é a chloisteáil ag gearán ach chomh beag leis an saoránach aonair gur dualgais thuirsiúla, throma iad sin. Go háirithe, ní féidir an Stát a chloisteáil ag gearán gur de bharr nár chomhlíon sé a dhualgais le scór bliain anuas is breis atá deacracht níos mó aige na dualgais sin a chomhlíonadh anois.

Mar sin, cé go bhfuil tosaíocht tugtha don Ghaeilge faoi Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann, lena bhforáiltear "Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta, is í an phríomhtheanga oifigiúil í", caithfear a admháil, dáiríre, go bhfuil an scéal ar an talamh iomlán difriúil ón suíomh foirmeálta bunreachtúil.

B'iad na príomhcheisteanna a bhí romham agus an tAcht á ullmhú ná aitheantas cuí a thabhairt do sheasamh bunreachtúil na Gaeilge mar an phríomhtheanga oifigiúil, gan aon ghearradh trasna a dhéanamh ná aon bhréagnú a dhéanamh ar an seasamh bunreachtúil sin, agus ag an am céanna feabhsuithe praiticiúla "anseo-agus-anois" ar staid lag na Gaeilge sa saol poiblí a bhaint amach i dtaca le seirbhísí poiblí a chur ar fáil.

Roimh achtú an Achta teanga ní raibh aon reachtaíocht ann chun a chinntiú go gcuirfí seirbhisí ar fáil sa Ghaeilge. Mar thoradh ar an easpa reachtaíochta sin, bhí sé deacair a chur ina luí ar chomhlachtaí Stáit go bhfuil cearta ag saoránaigh na hÉireann i dtaca le soláthar seirbhísí i nGaeilge. Seachas cothrom na féinne a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge, más ón nGaeltacht nó lasmuigh di dóibh, bhí meon ann go forleathan go gcuirtear seirbhísí ar fáil i mBéarla amháin. D'ullmhaigh Bord na Gaeilge, mar a bhí ag an am sin, treoirlínte i 1993 maidir le seirbhísí Stáit a chur ar fáil i nGaeilge, ach níl aon dabht ach nár tugadh mórán aird orthu sin go forleathan.

Mar atá luaite agam roimhe seo is é an tAcht an chéad phíosa reachtaíochta ina leagtar síos próiseas pleanála reachtúil chun a chinntiú go gcuirfidh comhlachtaí poiblí níos mó seirbhísí ar fáil i nGaeilge agus ar chaighdeán níos airde. An cur chuige a roghnaíodh san Acht ná meicníocht a chur i bhfeidhm chun go mbainfear amach an cuspóir seo ar bhealach réasúnach, ar bhonn céimnithe, comhpháirtíochta. Is ar chomhaontú a bhaint amach atá an bhéim, bunaithe ar mhodh praiticiúil, atá deartha chun fíorfheabhsuithe a bhaint amach go gearrthéarmach, agus chun tógáil ar an gclár oibre sin ionas go gcinnteofar tuilleadh feabhsuithe de réir a chéile. Go bunúsach, séard atá i gceist leis an Acht ná modh pleanáilte agus straitéiseach, lena cuirfear ar thaobh amháin le hacmhainní comhlachta maidir le scileanna sa Ghaeilge agus go dtabharfar aitheantas, ar an taobh eile, do riachtanais daoine a dteastaíonn uathu an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an chomhlacht sin.

Mar is eol do Theachtaí, bainfear bun-chuspóir an Achta amach go príomha trí na "scéimeanna teanga" atá le hullmhú ag comhlachtaí poiblí, ar iarratas uaimse mar Aire agus dar ndóigh atá le daingniú agamsa chomh maith. Trí na scéimeanna comhaontaithe seo, tá sé i gceist go mbeidh seirbhísí poiblí ar chaighdeán níos airde ar fáil do chainteoirí Gaeilge. Táthar ag feidhmiú na seirbhísí seo de réir a chéile ar bhealach pleanáilte agus aontaithe. Go fad-téarmach, ba cheart go dtabharfadh sé seo deis do chainteoirí teacht ar an oiread seirbhísí agus is féidir sa teanga a theastaíonn uathu i slí atá ar fáil cheana féin do chainteoirí Béarla.

Feidhmíonn Acht na dTeangacha Oifigiúla ar dhá bhealach. I dtaca leis na scéimeanna de, ní miste a lua go bhfuil os cionn 20 scéim daingnithe agam go dáta agus go léiríonn na scéimeanna teanga sin go bhfuil cur chuige réadúil agus praiticiúil glactha ag comhlachtaí poiblí maidir le soláthar níos fearr de sheirbhísí trí Ghaeilge a sheachadadh, ag tógáil san áireamh cumas na n-eagras sin ó thaobh na n-acmhainní daonna agus airgeadais atá ar fáil dóibh. Leagtar béim ar leith sna scéimeanna ar a thábhachtaí is atá sé cumas Gaeilge na mball foirne a fheabhsú trí oiliúint agus sainchúrsaí cuí a chur ar fáil dóibh.

Sa chomhthéacs sin, ní mór dom a rá go bhfuil mo Roinn ag obair go dlúth le Foras na Gaeilge, Gaeleagras na Seirbhíse Poiblí, An Foras Riaracháin agus institiúidí tríú leibhéil chun a chinntiú go gcuirfear leis an soláthar sainchúrsaí atá dírithe ar riachtanais na hearnála poiblí i ndáil le cur i bhfeidhm an Achta, ar a n-áirítear córas dearbhúcháin do cháilíochtaí i seirbhísí aistriúcháin, córas creidiúnaithe d'oiliúint Ghaeilge, sainchúrsaí oiliúna Gaeilge, agus bunachar sonraí leictreonach de chomharthaí caighdeánacha.

Mar atá ráite agam go minic roimhe seo sa Teach, táim sásta go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh ag mo Roinnse maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha an Achta ar bhonn chéimiúil. Tá léargas tugtha agam sa Teach seo go minic faoi na nithe atá curtha i gcrích agus mar sin níl i gceist agam iad a liostáil anseo arís. Ba mhaith liom, áfach, díriú uair amháin eile ar nithe áirithe atá mar ábhair conspóide agus-nó a bhfuil eolas míchruinn á scaipeadh fúthu.

An t-aon dualgas reachtúil atá ar chomhlachtaí poiblí faoi láthair maidir le haistriú cáipéisí go Gaeilge ná an dualgas a thiteann orthu faoi alt 10 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Faoin alt, tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí cionroinnt an-teoranta d'eochair cáipéisí a aistriú, mar shampla, tuarascálacha bliantúla agus cáipéisí a leagann amach tograí beartais poiblí ar nós Páipéir Uaine nó Bán. Is eochair cáipéisí iad seo ina bhfuil comhlachtaí poiblí freagrach don ghnáth-phobal, dá gcustaiméirí, agus dúinne mar Bhaill den Oireachtas maidir le comhlíonadh a ndualgas phoiblí.

Tá dhá theanga oifigiúil sa tír seo agus feictear domsa — go deimhin, bhí gach éinne sa Teach seo ar aon intinn faoi seo nuair a bhí an tAcht seo á phlé againn mar Bhille — go bhfuil an ceart ag an saoránach cáipéisí den chineál seo a bheith ar fáil sa dá theanga oifigiúil. Go deimhin, ní mór dom a rá chomh maith gur iarradh orm, le linn na diospóireachta ar an mBille, glacadh le leasúcháin a chiallódh go mbeadh sé de dhualgas ar chomhlachtaí réimse níos leithne de dhoiciméid a fhoilsiú go dátheangach agus go comhuaineach, ach nár ghlacas leis na leasuithe a moladh.

Gan amhras, níl sa gcostas aistriúcháin ach céatadán den chostas iomlán a bhaineann le doiciméid den chineál seo a chur ar fáil. Is amhlaidh, áfach, go dtarraingíonn costais aistriúcháin aird ar leith mar gur cosúil nach mbíonn sé d'acmhainn ag go leor comhlachtaí seirbhís aistriúcháin a sholáthar iad féin agus gur gá dóibh mar sin leas a bhaint as saineolas ón dtaobh amuigh.

Anuas ar sin, ba mhaith liom a rá, mar atá a fhios ag na Teachtaí go rí-mhaith, go bhfuil méadú ar na meáin Ghaeilge le blianta beaga anuas, gan trácht ar mhic léinn, srl., a bhaineann agus a bhainfidh úsáid rialta as na cáipéisí seo. Ní fíor a rá agus ní glacaim leis gur beag an tairbhe don Ghaeilge agus do lucht labhartha agus úsáide na teanga cáipéisí dá leithéid a bheith ar fáil i nGaeilge. Is a mhalairt ar fad de thuairim a bheadh agam mar go dtugann siad deis don teanga téarmaíocht nua a chruthú agus cruthaíonn sé freisin gur féidir leis an teanga maireachtáil mar theanga bheo sa saol teicneolaíochta, cumarsáide seo.

Tá daoine ann a deir gur airgead amú caiteachas an Stáit ar an Acht seo agus gur fearr go mór an caiteachas sin a dhíriú mar shampla ar téacsanna Gaeilge a chur ar fáil don chóras oideachais. Mar atá ráite agam roimhe seo, de réir Bhunreacht na hÉireann, is í an Ghaeilge chéad teanga oifigiúil an Stáit. Ní féidir aon athrú a dhéanamh ar an stádas seo ach amháin trí chinneadh ag muintir na hÉireann i reifreann. Tá sé de dhualgas ag an Stát tacú leis an Ghaeilge a fhad is go bhfuil an stádas bunreachtúil seo aici.

Rinneadh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a dhréachtadh de réir chomhairle an Ard-Aighne le feidhm a thabhairt do stádas bunreachtúil na teanga. Leagann an tAcht amach go sonrach na cearta atá ag lucht labhartha na Gaeilge agus acu siúd ar mian leo Gaeilge a labhairt ach leagann sé amach chomh maith socruithe praiticiúla leis an éileamh ar sheirbhísí i nGaeilge a shásamh ar bhonn praiticiúil. Leagfaidh gach scéim a shocraítear le comhlacht poiblí amach go cruinn, sonrach na cearta atá ag an saoránach maidir le seirbhisí trí Gaeilge a bheidh á gcomhlíonadh ag an gcomhlacht i rith thréimhse trí bliana ar leith.

Maidir leis an dtuairim go mbeadh sé níos fearr na hacmhainn atá á gcaitheamh leis an Acht a chur i bhfeidhm a chaitheamh, cur i gcás, ar mhúineadh na Gaeilge, táim go láidir den tuaraim nach féidir díreach rogha glan a dhéanamh idir an dá rud. Ar an gcéad dul síos, is mór an náire a laghad seirbhisí a bhí ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ina dteanga féin ar feadh na mblianta siar. Fiú má fhágtar an cheist sin i leathtaobh, níl aon amhras ach gur ceann de na príomh-dheacrachtaí a bhí ag an nGaeilge le fada ná a laghad deiseanna a bhí ann do dhaoine leas a bhaint as an dteanga lasmuigh den seomra ranga. Leis an mborradh atá tar éis a theacht ar an méid suime atá sa Ghaeilge i measc an phobail, atá le feiscint mar shampla ón rath atá ar na gaelscoileanna, TG4 agus mar sin, táéileamh ón bpobal go mbeadh an Ghaeilge mar chuid dá saol lasmuigh den scoil, agus an ceart ar fad acu.

Tá sé an-tabhachtach do leas agus d'fhorbairt na teanga go mbeadh deiseanna cearta ag saoránaigh Gaeilge a úsáid agus iad ag plé ar bhonn oifigiúil le comhlachtaí poiblí. Braitheann todhchaí na teanga go mór ar lucht a labhartha a bheith in ann í a labhairt i ngach réimse den saol. Ní bhaineann an stádas a shamhlaítear a bheith ag an nGaeilge i measc an phobail le cúrsaí dlíthiúla agus reachtaíochta amháin. Bíonn sé ag brath chomh maith ar an aitheantas a thugann comhlachtaí poiblí don teanga agus dóibhsean a bhíonn á labhairt ar bhonn praiticiúil i gcomhthéacs sholáthar seirbhisí don bpobal. Sa chomhthéacs seo, ní mór dom a rá go mbraithfidh réimse agus leibhéal na seirbhisí a chuirfear ar fáil i nGaeilge amháin nó go dátheangachcuid mhaith ar éileamh ón bpobal. Ar ndóigh, beidh níos mó éilimh ar sheirbhísí ó chomhlachtaíáirithe seachas ó chomhlachtaí eile.

Níl sé inghlactha go mbreathnófaí orthu sin a dteastaíonn uathu an Ghaeilge a úsáid i ngach gné dá saol mar dhaoine achrannacha díreach toisc gur mian leo leas a bhaint as a gceart bunreachtúil plé leis an Stát ina dteanga féin. Más mian linn seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil dóibhsean a bhfuil sé uathu, más mian linn daoine a spreagadh chun Gaeilge a úsáid, más mian linn deiseanna a thabhairt do dhaoine leas a bhaint as a gcuid Gaeilge, ní féidir é seo a dhéanamh ar shlí atá teoranta nó srianta.

Mar atá mínithe go minic agam cheana féin, cuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm ar bhonn céimiúil agus i gcomhréir leis an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí ar leith.

I 2004, bhí feachtas láidir ann ag cuartú stádas oifigiúil agus oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach, a fuair tacaíocht ó gach aon pháirtí ins an dTeach seo. Tá stádas oifigiúil teanga oibre faighte ag an nGaeilge san Aontas Eorpach a thiocfaidh i bhfeidhm sa bhliain 2007. Nach ait go bhfuil na daoine céanna a thacaigh leis an bhfeachtas maidir le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach in aghaidh caiteachais ar an teanga sa bhaile. D'fhéadfaí a rá go bhfuileadar seo féin-bhréagnaitheach. Bheadh sé aisteach tar éis stádas oifigiúil teanga a chuartú, muna mbeadh polasaithe cuimsitheacha ag an Stát in Éirinn a thacódh leis an teanga mar chéad teanga oifigiúil an Stáit seo de réir an tsoláthair bunreachtúil.

Tá lúcháir orm deis a bheith agam an t-ábhar seo a phlé sa Dáil. Caithfimid buíochas a thabhairt don Teachta Ó Sé agus na páirtithe eile, mo pháirtí féin san áireamh, a d'éiligh go mbeadh díospóireacht sa Dáil ar an ábhar tábhachtach seo. Ba é an rún a bhí ag an Rialtas ná go rachadh sé seo fríd gan díospóireacht de chineál ar bith. Is maith an rud é, agus ba chóir dúinn an deis a thapú i gcónaí, díospóireachtaí a bheith againn sa Teach seo i nGaeilge. Tréaslaím leis an Aire gur thug sé a óráid ó thús go deireadh i nGaeilge. Is maith an rud é agus is ceart go mbeadh ní ba mhó di le cloisint anseo, ní amháin nuair a bhímid ag plé Mheastacháin na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus rudaí a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla nó leis an Ghaeilge. Ba chóir go mbeadh sí i ngach Bille, agus ba chóir go mbeadh sí le cloisint gach lá ní ba mhó ná faoi láthair.

Ba iontach an rud é an tseachtain seo caite — an Déardaoin, sílim — go raibh díospóireacht sa Dáil chomh maith nuair a bhíomar ag plé leis an mBille um Ollscoil na Gaillimhe. Baineadh éigeantas amach — an riachtanas Gaeilge don fhoireann acadúil — agus bhí díospóireacht bhríomhar dhátheangach againn i nGaeilge agus i mBéarla. Is tráthúil go bhfuil deis againn inniu labhairt ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, reachtaíocht a fuair tacaíocht ó gach duine a labhair sa Dáil agus ó gach páirtí agus í ag dul fríd, go díreach mar a bhí tacaíocht an Tí go léir ar fáil nuair a bhíomar ag lorg stádas oifigiúil don teanga ag leibhéal na hEorpa. Léiríonn sé rud amháin, is é sin, go bhfuil dea-thoil agus dea-mhéin, ar a laghad, don teanga sa Teach seo. Tá mé cinnte go bhfuil an rud céanna amhlaidh sa Seanad.

Is céim ar aghaidh é sin, agus ní rómhinic a bhíonn deis againn an teanga a chloisint sa Dáil. Is maith an rud é go bhfuil dea-mhéin, dea-thoil agus tacaíocht don teanga ar fáil i bParlaimint na tíre, an tOireachtas. Is rud amháin é dea-mhéin, ach is rud eile é an mothú sin a chur i bhfeidhm. D'fháiltíomar roimh Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus rinneamar scrúduithe ar Achtanna teanga i dtíortha eile. Bhíomar sa Bhreatain Bhig, agus bhí an tAire ansin nuair nach raibh céim chomh hard nó chomh húdarásach aige agus atá inniu. Chuaigh sé ina luí orainn go mór, murach an tAcht sa Bhreatain Bhig ag dul i bhfeidhm ar labhairt na teanga ansin. Tá tionchar deimhneach aige ar chúrsaí na teanga agus chur chun cinn na Breatnaise ansin.

Sílim go dtug an comhchoiste, nuair a bhí mé féin mar bhall de, cuairt ar Cheanada. Tá Acht ilchuimsitheach ansin. Tá go leor daoine ag díriú ar na dea-chinn a chur i gcomparáid le chéile, an ceann a chuireamar fríd an Teach seo cúpla bliain ó shin agus an ceann atá i gCeanada. Tá an ceann i gCeanada níos údarásaí, cumhachtaí agus láidre ná an ceann atá curtha fríd againn féin.

Agus é sin ráite, ar a laghad tá an tAcht ann agus tá sé tráthúil go bhféadfaimis anois féachaint cén dul chun cinn atá déanta i ndiaidh é a bheith i réim thart faoi dhá bhliain. Mar mhúinteoir scoile, bíonn suim agam sa dul chun cinn i gcónaí. B'fhéidir, i ndiaidh dhá bhliain, go bhféadfaimis scrúdú a dhéanamh le feiceáil cén dul chun cinn atá déanta. Is é an príomhchuspóir atá leis an díospóireacht seo inniu ná eagrais, boird agus eagraíochtaí a tháinig chun cinn nó a tháinig ar an saol ó reachtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla a thabhairt isteach faoi choimirce an Achta agus eagraíochtaí nach bhfuil ann a thuilleadh nó a d'imigh as feidhm a chur amach. Tá sé seo le déanamh ó am go ham fá choinne an tAcht a thabhairt aníos chun dáta.

Deirtear liom go bhfuil 642 eagraíocht — ina measc, boird Stáit, Ranna, agus eagraíochtaí poiblí eile — sa tír seo. A luaithe nó a mhoille beidh orthu sin go léir feidhmiú de réir riachtanais an Achta. Deirtear liom chomh maith nach bhfuil siad go léir ag feidhmiú an Achta go dtí seo. Tá a thuilleadh á dhéanamh de réir a chéile. Níl a fhios agam an bhfuil sé fíor, ach deirtear liom fosta nach bhfuil ach 25 eagraíocht Stáit i láthair na huaire ag cur na seirbhísí agus na dtuairiscí ar fáil agus riachtanais an Achta i bhfeidhm. Más mar sin atá sé i ndiaidh dhá bhliain, nach bhfuil ach 25 eagraíocht as 642 ag feidhmiú de réir riachtanais an Achta, caithfimid rudaí a bhrostú agus deifir a dhéanamh.

Déanaimid tuairiscí go minic, agus tá cuid de na boird Stáit ag cur na dtuairiscí ar fáil go dátheangach nó aonteangach as Gaeilge, agus cuirimid uilig fáilte roimhe sin. Chuala mé daoine ag cur na ceiste cé mhéad daoine a léann iad. Is é an pointe atá agamsa ná nach léann mórán daoine na tuairiscí seo ar chor ar bith, i nGaeilge nó i mBéarla. Ós rud é gurb í an Ghaeilge príomhtheanga bhunreachtúil na tíre, tugaim tacaíocht go mbeadh siad ar fáil i nGaeilge. Déanann daoine tagairt do chostais, á rá nár chóir do na tuairiscí a bheith ar fáil ach ar dhioscaí amháin chun airgead a shábháil. B'fhéidir gur phointe é sin arbh fhéidir leis an Aire nó an Roinn a scrúdú.

Maidir le húdaráis áitiúla, thig liom a rá chomh fada agus a bhaineann sé le m'údarás áitiúil féin, Comhairle Chontae Dhún na nGall, go bhfuil obair mhór á déanamh aige. Tá polasaí teanga aige atá á chur i bhfeidhm. Sna hoifigí chomhairle chondae sa Chlochán Liath, is cuma cén uair a chuirtear glaoch uirthi, tá duine ansin atá in ann gnó a déanamh i nGaeilge nó i mBéarla. Molaim an fhoireann sin, go speisialta an treoir a fhaigheann sí ó bhainisteoir an chondae a bhfuil gaisce déanta aige le feabhas a chur ar a Ghaeilge agus atá le cloisteáil go minic ar Raidió na Gaeltachta i nGaeilge Bhéal Átha Seanaidh. Tá sé ag tabhairt sampla don chuid eile agus is eiseamláir don rud a thig le bainisteoir chondae a dhéanamh ina cheantar féin.

Ag caint ar údaráis áitiúla, ag éirí as Acht na dTeangacha Oigifiúla, tá dualgas orthu taobh amuigh seachas seirbhís a chur ar fáil ó thaobh pleanála de. Tá forbairt mhór ar thógáil ar fud na Gaeltachta agus tá scéimeanna conspóideacha á tógáil. Is cóir go mbeadh ról ag an údarás áitiúil agus ag Údarás na Gaeltachta ansin. Tuigeann an tAire caidé tá i gceist. Tá sé ag tarlú ina cheantar féin. Is dualgas sin nach cóir a fhágáil d'údarás áitiúil amháin ach ba chóir go mbeadh an fhreagracht ar gach údarás áitiúil, is cuma cén condae ina bhfuil sé.

Táéileamh tábhachtach. Cén mhaith na seirbhísí a bheith ansin muna bhfuil éileamh orthu? Caithfimid teacht aníos le plean straitéiseach leis an éileamh sin a mhéadú. Sa Chlochán Liath an chéad bhliain ní raibh an t-éileamh chomh mór sin ach nuair a rachaidh sé i bhfeidhm ar dhaoine go bhfuil an tseirbhís seo ar fáil agus gur féidir gnó a dhéanamh chomh foirfe i nGaeilge agus i mBéarla, cuirfidh sé leis an éileamh. Go dtí anois, aon fhoirm oifigiúil a bhí le líonadh, líonadh i mBéarla í. Caithfimid cur in iúl don phobal go bhfuil an tseirbhís ar fáil agus gur féidir gnó a dhéanamh fríd an Ghaeilge.

Is rud maith é go bhfuil Acht na dTeanghacha Oifigiúla ann agus go bhfuil na dualgais seo ar na Ranna agus boird agus eagraíochtaí Stáit. Mar sin, caithfimid rud eile a dhéanamh. Tá an tAcht oifigiúil ach caithfimid bheith ag obair agus ag tabhairt tacaíochta ar an talamh chomh maith agus caithfimid toiseacht leis an aos óg. Tá orainn toiseacht san oideachas. Bhí an tAire Oideachais agus Eolaíochta anseo an tseachtain seo caite agus dúirt sé go neamhbhalbh trasna an urláir nach bhfuil imní uirthi fá caidé atá ag tarlú sna scoileanna Gaeltachta maidir le labhairt agus teagasc na Gaeilge. Is comhartha dóchais millteanach iad na gaelscoileanna ar fud na tíre ach tá éadóchas ann chomh fada agus a bhaineann sé leis na Gaeltachtaí.

Bhí an tAire ag gearán faoin pholasaí a d'fhógair ceannaire Fhine Ghael cúpla mí ó shin. Níor chuir mé isteach uirthi ach tá sí i gceannas na Roinne. Cibé fá chúrsaí bunoideachais, deirtear liom nach bhfuil ach beirt chigirí Gaeilge sa tír a dhéanann scrúdú ar theagasc na Gaeilge sna meánscoileanna. In áit an Aire a bheith ag gearán dúinne, d'fhéadfadh sé amharc sa Roinn agus rudaí a cheartú agus a dhéanamh cinnte go bhfuil cigireacht cheart déanta ag an dara leibhéal ar fud na tíre.

Bhí cáil i gcónaí ag cigirí na mbunscoileanna. Is iad a sheol an polasaí athbheochana ar aghaidh. Níl a fhios agam an bhfuil sé mar an gcéanna go fóill — tá meath ag teacht ar an Ghaeilge sna coláistí ullmhúcháin agus tháinig meath ar bhrú na Gaeilge chun cinn sa Roinn Oideachais agus Eolaíochta fosta. Bhí uair amháin nach dtiocfadh treoir de chineál ar bith amach as an Roinn ach i nGaeilge. Anois le blianta tá siad ag teacht amach i mBéarla amháin. B'fhéidir go bhfuil siad curtha amach go dátheangach anois.

Ba mhaith liom éileamh a chothú fríd an Acht do dhaoine atá oilte le seirbhísí a chur ar fáil — aistritheoirí agus lucht teangan. Tá dualgas orainn daoine le hard-cháilíochtaí a chur ar fáil. Léigh mé i nuachtán go bhfuil imní ann "that a lack of properly qualified interpreters for the Irish language is threatening to delay its full introduction as the 21st official language of the EU on 1 January 2007". Pléadh é seo i bParlaimint na hEorpa. Tá imní mhór orthu: "The officials are worried there may not be enough Irish speakers with the correct third level qualifications in interpretation to work at the EU institutions in Brussels." Caithfimid bheith cinnte go gcuirfimid daoine den scoth anonn anseo mar is iad sin a leagfaidh síos caighdeán na teanga dúinn. Caithfimid bheith cinnte go bhfuil cúrsaí den scoth ar fáil agus go mbeidh ard-chaighdeán ag na haistritheoirí san Aontas.

San alt céanna, tuairiscítear go dúirt an Taoiseach sa Dáil anuraidh gur chosnaigh sé €683 tuairisc a chur ar fáil i mBéarla agus €17,000 an tuairisc chéanna a chur ar fáil i nGaeilge. Má tá sin fíor tá rud éigin ann nach bhfuil ceart. Sin an rud a bhí i gceist in Acht na dTeangacha Oifigiúla. Níl mé ag rá nár chóir an t-airgead a chaitheamh ach tá difear uafásach idir €683 don leagan Béarla agus €17,000 don leagan Gaeilge.

Tá lúcháir orm deis a bheith agam an tAcht a phlé agus an dul chun cinn atá déanta go dtí seo. Tá sé soiléir go bhfuil dul chun cinn mór eile le déanamh mar ní réiteoidh an tAcht féin ceist na Gaeilge sa tír seo.

Gabhaim buíochas leis an Taoiseach as dhá uair a chur ar fáil le seo a phlé. Ní bheidh Páirtí an Lucht Oibre ag cur i gcoinne na tairisceana maidir le ceadú beartaithe ag Dáil Éireann i ndáil leis na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Chomhlachtaí Poiblí) 2006. Beidh ceisteanna againn agus rudaí le rá againn, ar ndóigh.

Shínigh an tUachtarán Acht na dTeangacha Oifigiúla ina dhlí ar 4 Iúil 2003. Go dtí an tseachtain seo chaite, ní raibh ach 3.5% de na comhlachtaí poiblí faoi réim an Achta in ann a rá go raibh scéimeanna teanga daingnithe agus foilsithe ag an Aire leo. Is é sin 22 scéim teanga as 650. Tá dhá bhliain go leith imithe ó shínigh an tUachtarán an tAcht, agus ní féidir a rá go bhfuil morán dul chun cinn déanta ó thaobh scéimeanna teanga a dhaingniú agus a fhoilsiú.

Go dtí an tseachtain seo caite, dúirt an tAire go raibh agallaimh ar siúl idir a Roinn agus níos mó ná 70 comhlacht eile a bhfuil scéim teanga á gcríochnú nó tosnaithe acu. Feicfimid an dtiocfaidh feabhas ar an scéal i rith na bliana.

Tá 21 comhlacht poiblí nach bhfuil ann a thuilleadh á mbaint den Acht, agus tá 34 comhlacht poiblí nua á gcur isteach faoi réim an Achta. Tá cuid de na comhlachtaí poiblí nua ag tógaint áit chomhlachtaí poiblí atá curtha ar ceal. Cad a thárlóidh sa chás go ndéantar príobháidiú ar chuideachtaí Stáit nó ar chuid de chuideachta Stáit?

Tá an tAire ag iarraidh orainn Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath, Comhlacht Poiblí Teoranta, a chur isteach mar chuideachta Stáit faoin Acht, ach tá an Rialtas chun na hóstáin Great Southern a dhíol. Tá na hóstáin úd mar chuid d'Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath, Comhlacht Poiblí Teoranta. Más rud é go ndíoltar na hóstáin nó cuid acu, an mbeidh siad faoi réim an Achta a thuilleadh? Nach mbeadh na húinéirí nua ábalta an argóint a chur faoi bhráid an Rialtais go mbeidís faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le hóstáin phríobháideacha eile ó thaobh an chostais i dtaobh a ndualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chur i bhfeidhm? An raibh cainteanna ag an Aire leis an Aire Iompair faoi seo?

Tá an Rialtas an-tugtha do phríobháidiú, mar shampla, Aer Lingus, Bus Éireann agus Bus Átha Cliath. An bhfuil aon chinneadh déanta ag an Rialtas faoi fhadhbanna ar nós a bhfuil léirithe agam faoi na hóstáin Great Southern? Nach dtagann an cheist seo suas de réir na gcomhlachtaí atá faoin Acht cheana féin? Is é sin, céard faoi na comhlachtaí Stáit trádála atá in iomaíocht le cuideachtaí príobháideacha nach bhfuil dualgais orthu faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003?

Tá cur i bhfeidhm an Achta ag dul ar aghaidh go mall, agus tá cúiseanna leis sin. Ina thuarascáil tionscnaimh don bhliain 2004, dúirt an Coimisinéir Teanga, an tUas. Seán Ó Cuirreáin, go raibh tuairimíocht cloiste aige le linn na bliana ó chomhlachtaí poiblí éagsúla faoi imní a bheith orthu go bhfuil easpa cumais nó easpa líofachta sa Ghaeilge i measc a mball foirne. Dúirt sé freisin gur chúis imní dó a leithéid de thuairiscí faoi chumas agus easpa líofachta sa teanga a bheith bunaithe san oiread sin d'fhostaithe an Státchórais.

Cé chomh dona is atá an scéal ó thaobh chumas agus líofacht Gaeilge sa Státchóras? An é seo an fáth go bhfuil cur i bhfeidhm an Achta chom mall sin, nó an ceist airgid é? Níl aon eolas ceart á chur ar fáil ag an Rialtas ar cad go díreach atá caite go fóill ar chur i bhfeidhm an Achta agus cad go díreach a chosnóidh sé an tAcht a chur i bhfeidhm ina iomláine.

Tá figiúirí arda á bhfoilsiú anois agus aríst sna nuachtáin, agus cé go ndeireann an tAire go bhfuil na figiúirí sin ró-ard ar fad, níl an Rialtas ag teacht suas le meastacháin, fiú amháin. Tá daoine amhrasach faoin gcostas, agus tá sé tábhachtach eolas chomh cruinn agus is féidir a chur ar fáil go luath. Ba cheart go n-iarrfadh an Rialtas ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste teacht suas le meastacháin. Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ag freastal ar an mionlach, agus más rud é go bhfuil an oiread sin airgid á chaitheamh ar an Acht a chur i bhfeidhm, caithfear an scéal a mheas ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge i measc mhuintir na hÉireann. Tá tuarascáil chuimsitheach ag teastáil ar cad iad na deacrachtaí go díreach atá ag teacht suas sna hagallaimh idir an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus na comhlachtaí, eagraíochtaí agus grúpaí a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus cad go díreach atáá dhéanamh ag an Rialtas chun na deacrachtaí sin a réiteach.

Ceist eile ar gá a fhreagairt ná an bhfuil sé ciallmhar agus fiúntach doiciméid áirithe a léitear go hannamh sa Bhéarla, fiú amháin, a aistriú go Gaeilge. Cén tairbhe a thagann as sin don Ghaeilge? An bhfuil go leor aistritheoirí ann? B'shin an cheist a d'ardaigh mo chara, an Teachta McGinley. An mbeidh go leor aistritheoirí ar fáil chun an tAcht seo a chur i bhfeidhm, agus an mbeidh go leor acu ar fáil chun freastal ar an Ghaolainn mar theanga oifigiúil oibre don Aontas Eorpach?

Chun an fhírinne a rá, bhí mé ag léamh na hóráide a thug an tAire Ó Cuív le linn dom bheith ag éisteacht leis. Ní raibh ann ach stair agus eolas ginearálta. Ní bhfuair mé aon rud as a chuirfeadh leis an eolas atá agam cheana féin, de réir mar is cuimhin liom, ar chur i bhfeidhm an Achta agus cad go díreach atá ag tarlú. Tá deacrachtaí ann, agus níor cheart go mbeadh orm mar urlabhraí de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, mar a tharla an tseachtain seo caite, iarraidh ar an Taoiseach go mbeadh díospóireacht againn ar an Acht. Cén fáth nach raibh díospóireacht sa Dáil, mar shampla, ar an tuarascáil ón Choimisinéir Teanga? Tá an-chuid sa doiciméad sin atá suntasach agus a léiríonn na fadhbanna atá ann. Tá an díospóireacht sin ag teastáil, ní amháin sa Teach seo ach in áiteanna eile.

Is iad na ceisteanna deireannacha atá agam don Aire ná an bhfuil sé fabhrach go mbeadh díospóireacht againn ar thuarascáil tionscnaimh an Choimisinéara, agus an iarrfaidh sé ar an Rialtas an t-am a chur ar fáil go luath chun go mbeadh sí againn.

Tá áthas orm go bhfuil cúpla nóiméad agam chun cúpla ní a rá ar an ábhar seo. Aontaím go hiomlán le mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Sé, nuair a iarrann sé go mbeadh seans againn tuarascáil an Choimisinéara, an tUas. Seán Ó Cuirreáin, don mbliain 2004 a phlé, mar tá a lán moltaí dearfacha, fiúntacha inti. Tá súil agam go mbeidh an díospóireacht sin againn roimh i bhfad.

Agus mé ag éisteacht leis an méid a dúirt an tAire, agus ag machnamh ar a bhfuil ar siúl aige agus na moltaí atá os ár gcomhair, smaoiním ar mo thréimhse féin mar Aire Gaeltachta. Ar bhealach, chuir sé díomá orm nár éirigh leis an scéim dheonach, is é sin, nach raibh na comhlachtaí Stáit agus leath-Stáit sásta a ndícheall a dhéanamh, gan reachtaíocht a bheith á brú orthu, níos mó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Is cuimhin liom go soiléir cén rud a bhí ann. Dúirt siad go láidir liom nárbh fhéidir leo freastal ar dhá thrá. Bhí brú orthu gach rud a dhéanamh taobh istigh d'atmaisféar a chuir an bhéim ar iomaíocht agus éifeacht, b'fhéidir, ar leibhéal amháin.

Ag an am céanna, bhí mise ag iarraidh orthu a ndualgais bhunreachtúla a chomhlíonadh. Dúirt na comhlachtaí go hiomlán — chuirfeadh a n-ainmneacha ionadh ar Bhaill an Tí seo — go soiléir liom dá mba rud é go raibh rogha le déanamh, go rabhadar leis an rud tráchtáil a dhéanamh agus gan bac leis an teanga. Tá mé ag caint faoi sean-chomhlachtaí. B'fhéidir nach bhfuair mé féin an chomhairle is fearr i leith reachtaíochta nuair a bhí mé ann. Dá mba rud é go raibh seans agam an gnó a dhéanamh arís, b'fhéidir go mbeadh an reachtaíocht tugtha isteach i bhfad níos luaithe ach ní raibh ant-atmaisféar ann ag an am.

Agus é sin ráite, tá sé suimiúil go bhfuil deacrachtaí ann i leith na gcostas aistriúcháin. Tá mé go láidir i bhfabhar aitheantas a thabhairt don teanga ag leibhéal na hEorpa agus i bhfabhar an bhunphrionsabail go mbeadh seirbhísí ar fáil do gach saoránach trí mheán na Ghaeilge. Ba chóir, áfach, go mbeadh na costais aistriúcháin a bhaineann le Billí gearrtha amach ón mbuiséad ó thaobh na teanga de go ginearálta. Má tá an Ghaeilge chun teacht chun cinn, ní féidir glacadh leis go bhfuilimid cosúil le státseirbhísigh sa Rúis, ag aistriú sean-cháipéisí agus an Ghaeilge ag sleamhnú siar ag an am gcéanna.

Tá an aird atá tugtha ar an Ghaeilge scannalach. Ba chóir dúinn féachaint ar an Press Gallery, mar shampla. An bhfuil éinne ann faoi láthair? Tá foilseacháin ann a chuireann árn-obair ar fáil don lucht léitheoireachta trí mheán na Gaeilge, ach níl mé cinnte faoi na hiriseoirí eile. Cad faoi obair na gcoistí éagsúla, mar shampla? Is ball de Chomhchoiste Gnóthaí Eachtracha le fada mé, b'fhéidir ó na 1980í. An bhfuil éinne ag freastal ar na coistí? An bhfuil éinne ag tabhairt aon airde d'éinne a labhraíonn i nGaeilge?

Is cuimhin liom nuair a tháinig mé isteach sa Teach seo go raibh cleachtadh ann sa Dáil agus sa Seanad go raibh daoine ag déanamh iarrachta feabhas a chuir ar a gcuid Ghaeilge. An bhfuil an cleachtadh sin ann anois? Táimid nua-aoiseach agus aineolach ag an am gcéanna. Tá cúrsaí cumarsáide imithe go mór ar chúl mar nach bhfuil an caighdeán ann.

Is fiú a rá leo siúd atá ag glacadh páirte i ngluaiseacht na Gaeilge go ginearálta nach mbaineann an teanga le páirtí amháin. Is féidir a bheith nua-aoiseach agus glacadh lena lán nithe éagsúla mar ní bhaineann an teanga leis an chaol-aigeantas ach an oiread. Tá na hamanna sin thart.

Tá dhá rud ann atá mar shórt baic ar an Ghaeilge. Tá ráiteas Hardiman ann ar leibhéal amháin — an leibhéal dlí— agus ar an leibhéal eile, táimid ag aistriú cáipéise. Tá mé i bhfabhar córas aistriúcháin a bheith i bhfeidhm ach nílimid in iomaíocht leis an sprioc ghinearálta atá againn — an Ghaeilge a chur ar aghaidh go ginearálta.

Ba chóir go mbeimid ionraic faoin mbundeacracht atá ann. Tá athruithe bunúsacha agus radacacha i múineadh na Gaeilge ag teastáil. Tá sé sin tábhachtach. Is trua liom nach bhfuil seans acu atá ag dul síos ar an Ghaeilge na modhanna is nua-aimseartha a úsáid leis an rud a chur ag fás sa samhlaíocht. Caithfimid a choimeád i gcuimhne go bhfuil gradaim bainte amach ag Telegael i gcóir animation. Is féidir a lán a dhéanamh. Dá mba rud é nach ndéanfaimid ach amháin an dualgas aistriúcháin a chomhlíonadh, beimid an-chosúil le cléireach Dostoevsky. Is é sin an méid a mbeadh fágtha.

Is é sin an fáth gur chóir go mbeadh na costais sin gearrtha amach ón mbuiséad ginearálta. Ba chóir go mbeadh gach éinne sa Teach seo — is cuma cén taobh den Teach nó cén páirtí— sásta airgead ceart a chur ar fáil do Raidió na Gaeltachta, do TG4, do mhúineadh na Ghaeilge agus do na gaelscoileanna, srl. Is é sin an rud atá tábhachtach. Aontaím le rud amháin a dúirt an tAire. Más rud é go bhfuil daoine i ndáiríre faoin Ghaeilge, ba chóir go mbeadh siad sásta ant-airgead a chaitheamh ar an gcuspóir.

Tá mé ag roinnt mo chuid ama leis an Teachta Sargent agus an Teachta Ó Snodaigh.

Maidir leis an gceist ghinearálta faoin Ghaeilge agus cearta úsáide na Gaeilge sa tír, thóg an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, óráid shuimiúil ag Údarás na Gaeltachta míó shin. Chuir sé inár láthair go cruinn na fadhbanna a bhaineann le húsáid agus todhchaí na Gaeilge agus go bhfuil comharthaí dóchais ann fosta. Dúirt sé go bhfuilimid ar thairseach cinn de na tréimhsí is cinniúnaí i saol na teanga. Is eol dúinn go bhfuil difríochtaí móra idir stádas agus aitheantas oifigiúil ar lámh amháin agus an fhírinne phraiticiúil ar an lámh eile. I ndáiríre is anseo atá an fhadhb. Léiríonn an coimisinéir na buanna agus na deiseanna oifigiúla atá ag an Ghaeilge. Tá an-chuid ann, fiú amháin aitheantas bainte amach san Aontas Eorpach. Chomh maith leis sin, tá gaelscoileanna ag fás, rud dearfach atá ag titim amach.

Ach, nuair a thug sé le fios cad iad na fadhbanna, chuir sé iontas orm féin go dúirt Comhairle Oideachais Gaeltachta agus Gaelscoile go bhfuil fadhbanna anois i ndá thrian d'iarbhunscoileanna Gaeltachta múinteoirí a fháil agus go minic nach mbíonn de rogha ag scoileanna Gaeltachta ach múinteoir gan Ghaeilge a fhostú nó bheith gan mhúinteoir. Is fadhb mhór é sin agus is ceart go ndéarfadh an Rialtas cad é a dhéanfaidh sé faoin gceist úd.

Ó thaobh acmhainní de, aontaím go mór gur cheart níos mó airgid a chur isteach ar an leibhéal sin. Tá mé i bhabhar, ar ndóigh, gur cheart go mbeadh an cheart ag gach saoránach a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le haon Roinn agus go mbeadh cáipéisí ar fáil. Ó thaobh aisteoireachta de agus cá dtéann na hacmhainní, is ceisteanna tromchúiseacha iad seo.

Labhair mé sa Teach seo faoin gcontúirt atá roimh theangacha cosúil leis an Ghaeilge go bhfuil teangacha á gcailliúint ar fud an domhain agus dúirt an coimisinéir an rud céanna. Dá mbeadh plandaí, éanlaithe nó ainmhithe ar tí bheith caillte go deo, bheadh díomá mhór orainn agus dhéanfaí rírá faoi. Bheadh an-rírá faoi, ach is rud an-tábhachtach é saibhreas teanga d'aon náisiún nó d'aon phobal. Tá comharthaí dóchais ann. Bhíos mar aoi-chathaoirleach i ndíospóireacht a reachtáil Gael Linn i bPort Laoise an mhí seo caite le meánscoileanna a bhí ag déanamh díospóireachta. Ceann de na téamaí a bhí faoi chaibidil ná go bhfuilimid ag tógaint ár dtithe ar ghaineamh, téama teibí agus deacair. Chuir sé áthas an-mhór orm, áfach, caighdeán na díospóireachta a chloisint agus an smacht ar an Ghaolainn a bhí ag na daltaí meánscoile a bhí ag freastal ar an díospóireacht úd. Tréaslaím le Coláiste Rís, Dún Dealgan agus Coláiste na Coiribe i nGaillimh, a bhain amach bua sna díospóireachtaíúd.

Tá grúpa anois ar a nglaotar "iMeasc", grúpa inimirceach le Gaolainn líofa a bhfuil sé mar bhunsprioc acu inimircigh a spreagadh an Ghaolainn a fhoghlaim agus a úsáid má theastaíonn uathu é sin a dhéanamh. Tá súil agam go mbeidh cuid acu ag teacht ós ár gcomhair roimh i bhfad ag an choiste atá freagrach as gnóthaí pobail, tuaithe agus Gaeltachta.

Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó hUiginn as a chuid ama a roinnt liom.

Tá mise anseo ar son an Chomhaontais Ghlais le rá go bhfuilimid ag glacadh le, agus ag cur fáilte roimh, leathnú Acht na dTeanga Ofigiúla 2003 má dhéantar i gceart agus chun leas na teanga é. Sin an fáth, go bunúsach, go bhfuil an díospóireacht seo ann. Cuirim fáilte roimh an díospóireacht, mar tá sé tábhachtach go ndéanaimid athbhreithniú air sin, agus ba cheart dúinn an tAcht a mheas de réir mar a théann sé i bhfeidhim. Ba cheart dúinn líon na bhfoghlaimeoirí atá ag baint leasa as cur i bhfeidhm an Achta a mheas agus pé tionchar atá ag an Acht ar leathnú na Gaeilge a mheas ag an am céanna.

Nuair a deirim go bhfuil sé tábhachtach an tAcht a mheas, táim ag déanamh tagartha do cheist a chuir mé ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Tá áthas orm go bhfuil sé i láthair. Chuir mé ceist mar gheall ar chur i láthair Gaeilge agus Béarla ar aon cháipéis, agus beidh neart de na haisínteachtaí Stáit ag cur cáipéisí ar fáil. Tá sé tábhachtach go mbeidh an leagan dátheangach ar aon leathanach amháin, taobh le taobh, Gaeilge agus Béarla. Ba é an freagra a fuair mé ná go raibh cleachtas dátheangach á chur i bhfeidhm sna treoirlínte go mbeadh na teangacha laistigh d'aon chlúdach amháin in achan mhéid clóite. Glacaim leis suas go pointe go bhfuil sé sin an-phraiticiúil agus go bhfuil ciall leis, ach, mar a thaispeáin mé cheana féin, is féidir an treoirlíne sin a chomhlíonadh agus a bheith ag cur airgid amú.

Mar shampla, tá an Garda Síochána ag cur tuairisce ar fáil. Tá an Béarla ann suas go dtí lár na tuairisce, agus ansin caithfear é a chur bun os cionn agus é a léamh aríst as Gaeilge. Níl aon cheangal díreach idir an Ghaeilge agus an Béarla. Fágann sé sin go bhfuil neart daoine ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim ach nach féidir leo comparáid a dhéanamh idir an Béarla agus an Ghaeilge. Is míbhuntáiste é sin, cé go bhfuil go leor airgid i gceist chun é sin a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh na treoirlínte ní ba shoiléire. Tá sé sna dréacht-treoirlínte sin, a bhí ní ba shoiléire, go mbeidh Gaeilge agus Béarla ar aon leathanach amháin, ach tá an sampla atá agam anseo ón Bhreatain Bhig níos fearr fós. Tá an Bhreatnais agus an Béarla taobh le taobh, agus is féidir leis an fhoghlaimeoir tagairt a dhéanamh do na tearmaí Breatnaise. Molaim don Aire múnla a chur ar fáil. Is sórt múnla é an sceideal atá os ár gcomhair anseo, ina bhfuil an Béarla ar thaobh amháin agus an Ghaeilge ar an taobh eile, agus is féidir leis an duine nach bhfuil na téarmaí Gaeilge aige iad a léamh — is é an Lárionad Iontrála an Central Applications Office — agus Gaeilge a fhoghlaim de réir a chéile mar sin.

Tá sé tábhachtach go mbeidh an tráchtas mar bhunmhúnla den chur i láthair sin. Má tá cáipéisí á gcur ar fáil againn, ba cheart don Ghaeilge agus don Bhéarla a bheith iontu ar mhaithe leis an bhfoghlaimeoir agus, chomh maith leis sin, pinn luaidhe agus aon ábhar eile a bheith á gcur ar fáil i nGaeilge. Níl sé sin ag titim amach, agus ba cheart dúinn tosú leis san Oireachtas.

That is the challenge for us. We must have the English and the Irish side by side. It is not enough to have a pencil with "I visited Leinster House" inscribed on it, and if one wants it as Gaeilge, one must go looking for it. That is a basic principle. It applies to parliamentary questions. When I discuss things here in Irish, it goes out in Irish only. Every Deputy should use a bit of Irish so the person who wants to learn it can have an idea what it was about. I ask the Minister to take on board the need for a basic múnla or example of how the treoirlínte should be put into effect. I urge him to take on board some of the examples that exist in this country, but that are very clearly to be seen in Welsh and in Canada for French and English. In that way, we will be using the money provided under this Act effectively. We can then assess how many learners of Irish are benefiting from the implementation of the Acht teanga, not just those who are líofa.

Bhí an Teachta Sargent ag labhairt faoin bpeann luaidhe i mBéarla. Chuir mé ceist síos faoi sin, agus dúradh liom go mbeifear ag féachaint air agus iad ag ordú tuilleadh.

Tá siad ann. Fuair mé dhá cheann.

An-mhaith. Níl sé ceart go ndearnadh an botún ar an gcéad dul síos, áfach, agus sin ceann de na fadhbanna.

Dúradh nach raibh spás ar an bpeann luaidhe don dá theanga. Náire.

Tá an sceideal agus an liosta d'eagrais nua agus seaneagrais a bhfuil muid ag déileáíl leo go maith. Is í an fhadhb atá agam leo, a d'ardaigh mé anseo cúpla uair, ná go nglacaim leis gurb é an teideal ceart ar chóir dó a bheith orthu ná an ceann Gaeilge, toisc gurb í an Ghaeilge chéad-teanga oifigiúil an Stáit. D'aineoinn sin, tugtar tús áite don Bhéarla i gcónaí. Is é an Béarla atá anseo agus an Ghaeilge ina dhiaidh sin, amhail is dá mb'aistriúchán ar an Bhéarla í. Ní hé go bhfuil mé ag gearán leis an Aire, mar d'fháiltigh mé roimh an rún seo.

Is trua go raibh gá dúinn díospóireacht a bheith againn ar an rún seo. Ba chóir go mbeadh díospóireacht ar an tuarascáil a dhein an Coimisinéir Teanga seachas go dtárlódh sé gach uile bhliain go bhfuilimid ag plé le rud chomh reachtúil leis seo. Ba cheart go mbeadh sé seo intuigthe. Ba cheart go mbeadh díospóireacht ar an gceist agus conas atá ag eírí linn ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus na gceisteanna móra a thagann chun cinn de. Bhí mé chun gearán a dhéanamh — b'fhéidir nár ghá dom anois — mar gheall ar an gCiste Náisiúnta um Cheannacht Cóir Leighis. Fuair mé doiciméid uathu le déanaí— agus fáiltím rompu, mar dhein siad obráid orm ag deireadh na bliana seo caite — ach bhí gach uile rud go hiomlán i mBéarla. Faoi riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá mé in ann déileáil leo agus brú a chur orthu, cosúil le gach saoránach eile, an stuif atá á fhoilsiú acu a chur ar fáil go dátheangach, nó i dteanga amháin, an Ghaeilge, más gá.

Ag déileáil leis an mBille um Ollscoil na Gaillimhe an tseachtain seo caite, tháinig mé ar cheist mhór, is é sin, nach féidir liom mo ghnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge faoin Acht seo. Dúradh linn agus sinn ag baint le hAcht na dTeangacha Oifigiúla go mbeadh na hAchtanna ar fad suas chun dáta aistrithe. Ní raibh Acht na nOllscoileanna 1997 ar fáil i nGaeilge go fóill. Ar an Idirlíon, má dhéanann duine comparáid idir an liosta Gaeilge agus an liosta Béarla, tá a lán Achtanna fós i mBéarla amháin. Cuireadh dallamullóg orainn ar shlí mar dúradh go mbeadh siad ar fáil suas chun dáta roimh i bhfad. Níor tharla sin agus tá fadhb anseo.

Níl sé de chead agam leasú a chur síos i nGaeilge ar Bhille i mBéarla. Chaith mé an Chéadaoin seo caite ina iomlán ag aistriú go Béarla ón Ghaeilge na leasuithe a chuir mé. Bhí orm mé féin a thiontú ar ais arís sa díospóireacht le labhairt i nGaeilge orthu.

Caithfimid díriú isteach ar na fadhbanna seo. Ní fheicim Coimisiún Thithe an Oireachtais ar an liosta. An gá dó bheith ann? Ghlac mé gur comhlacht an eagraíocht sin. B'fhiú dúinn féachaint an gá dúinn é sin a chur isteach.

D'fháiltigh mise roimh an Acht agus tá mé sásta deis a thabhairt don Aire, don choimisinéir agus do na heagrais ar fad am a bheith acu tosú. Ní bheidh mise ag caitheamh anuas ar aon eagras le tamall, tabharfaidh mé deis mar chuir muid a lán stóir sna scéimeanna comhaontaithe seo agus feicfimid an bhfuil ag éirí leo i mbliain nó dhó nó an gá díriú isteach ar cheist na Gaeilge arís.

Má fhéachann duine air, tá muid fós ar chúl. Ní rogha é, mar a dúirt roinnt daoine, idir caiteachas ar aistriúchán agus ar an Ghaeilge, nó caithfear an dá rud a dhéanamh agus caithfimid i bhfad níos mó airgid a chaitheamh ar an Ghaeilge lasmuigh den chóras oideachais. Tá an ceart ag na Teachtaí a dúirt gur chóir dúinn díriú isteach ar conas mar a mhúintear Gaeilge sna scoileanna ach fosta caithfimid obair lasmuigh de na scoileanna. Ní ceist oideachasúil í i gcónaí.

Tacaím leis an méid atá déanta ag an Aire agus tá súil agam go mbeimid in ann é seo a phlé gach bliain. Ní gá ach rún a chur os comhair na Dála go dtacaíonn an Dáil leis an choimisinéir agus go nglacaimid lena thuarascáil.

Fáiltím roimh an rún. Bheadh sé oiriúnach go mbeadh an díospóireacht seo ann go rialta. Tá an Teachta McGinley ag déanamhan-jab ó fuair sé an post seo. Tá meirg ar mo chuid Gaeilge ach tá na tuairimí a nochtfaidh mé chomh daingean agus chomh láidir agus a bhí siad riamh.

Molaim gach duine ag a bhfuil suim sa chultúr agus sa Ghaeilge agus na himeachtaí ginearálta atá ag titim amach ó tháinig an tAcht seo isteach. Tugann sé cearta bunúsacha don Ghaeltacht agus do Ghaeilgeoirí agus is maith agus is fiúntach na rudaí sin, a bhí ar lorg le tamall fada.

Tá drochscéal ann fosta, ar an drochuair, go mórmhór faoi Dingle agus An Daingean agus An Clochán Liath agus Dungloe agus áiteanna eile faoin Acht. Nuair a bhí muid ag cuidiú leis an Bhille, ní raibh a fhios againn go mbeadh ant-athrú chomh mór sin ar Daingean Uí Chúis, Dingle. Tá sé ag teastáil ó mhuintir na háite go mbeadh an dá ainm ar an bhaile. Tá sé soiléir go mbainfidh muintir na Gaeltachta úsáid as Daingean Uí Chúis don bhaile ach tá formhór na ndaoine atá ag dul ann going to Dingle. Tá sé scannalach go bhfuil an t-ainm oifigiúil á bhrú ar dhaoine nach bhfuil sásta é a úsáid.

Sin an rud faoin chultúr go ginearálta — ba cheart dúinn go léir a bheith ar chomh-aigne agus na cearta bunúsacha ann. Níor cheart go mbeadh brú ann mar a bhíodh ann na blianta ó shin nuair a bunaíodh an Stát agus cuireadh obair na Gaeilge ar leataobh toisc the zealotry and fanaticism that went with the language.

Tá Fine Gael dílis don Ghaeilge agus don chultúr agus ní ghlacfaimid le haon óráidí ón Aire Oideachais agus Eolaíochta faoin pholasaí atá againn ar son na Gaeilge. Níl meas agam ar an rud a dúirt sí faoi pholasaí Fhine Gael an Ghaeilge a chleachtadh, a neartú agus a chothú sa tír seo. Caithfimid an zealotry seo a bhaint amach ón Ghaeilge agus a bheith ar chomh-aidhm an Ghaeilge a chur chun cinn.

There is no place in a modern state for zealotry, extremism and a lack of understanding and appreciation of the difficulties people clearly have with doing their leaving certificate through Irish. Thousands of people do not even sit the exam every year because they have not received the required education or teaching. The Minister for Education and Science does not have enough inspectors to inspect the course in Irish and the students do not even have the Irish textbooks, for God's sake.

We must look at this issue in reality. We must accept the reality and commitment we have to pushing forward our culture and language. We must recognise the needs of people who have difficulty understanding English, never mind Irish, and who come from parts of the country which do not have the same fine tradition as those who lived near Teach an Cuinne, at the bottom of Castle Avenue in Thurles. The Minister for Education and Science's forefathers lived in that area, as did my people. We come from the same street in the same town in Tipperary and my father and her father were good friends in days gone by. However, we disagree fundamentally on her approach to the Irish language. It is not acceptable that she would reduce the commitment of Members on this side of the House to such a low and silly level.

With regard to the question of Dingle and An Daingean, the last thing we want is to have plebiscites here, there and everywhere. We had them in the 1960s and 1970s with regard to An Uaimh and Navan, and Ceanannus Mór and Kells. They are gone.

They are back.

The Deputy brought them back.

I am talking about the history of the issue. I am happy to debate the issue with the Minister.

Both are official now.

But they are not exclusively official. The point I am trying to make is that we do not have a problem with the Minister's choice of town; we have a problem if he insists there can only be one name.

The Deputy never did that.

I did not interrupt the Minister.

The Minister should give the Deputy the chance to reply.

The issue with regard to Dingle is that millions of euro have been spent, particularly in the United States. Dingle is known worldwide. When one looks at a map, one expects to see Dingle. There is nothing wrong with the names An Daingean, Dingle or Danigean Uí Chúis. However, there is everything wrong with telling people they can only call the town An Daingean. Then, when they go to vote——

But the Deputy did not do that.

——the legislation means that only one third of those who live in the town can vote — only those who live in the area called An Daingean can vote in this plebiscite.

The Deputy did not do it. He should not flagellate himself.

I do not mind debating the issue with the Minister.

The Deputy did not do what he thinks he did.

This side of the House wants consent. We want to work with the Minister, not against him. Would he agree that whether the people of Dingle want to call it Dingle or An Daingean, they should be able to do so?

I said that from the beginning.

What is the row about then?

I do not know.

Has the legal name been changed?

Ní ceart don Aire cuir isteach ar an Teachta.

He asked me a question.

I do not mind. People have been on to me from Dingle and An Daingean about using either name.

The other issue I want to raise is the policy on the production of bilingual booklets and reports. This is a serious issue because it uses up much of our resources. I already mentioned that I support the Act and do not have a problem with it in principle. However, the printing of so much material, of any sort, is a problem. I am inundated in my office with publications from all sorts of bodies every day and they go straight into my bin. I did not ask for them, but they come in my door. I do not have a problem with them being bilingual, but they are twice as thick as those in one language only, thereby creating more waste. If the requirement to issue statements bilingually is being extended to 256 bodies, we should consider putting the statement on the web. That would be sufficient in most cases. We should move away from printing——

We should make them shorter.

Yes, shorter. They should be mion, bríomhar, gach rud iontu agus gan bheith leadránach. I do not suggest the Minister litter the pages of his publications with his photograph. God forbid any Minister or politician would do that. Let us get real on this matter. There is much bumph and rubbish in these publications that makes them a waste of money.

And glossy pictures.

It is a waste of money. There is no problem with people accepting the principle of what the Minister is doing, but if we end up with more publications that require larger bins we will soon need four or five bins in each room in Leinster House to hold all the material we receive. Will the Minister carry the cudgel for us on this issue and go back to the Cabinet table and tell them we want no more of this? Let us examine what we are doing and how we are doing it.

We get a list of accessions from the Library every month and a list of reports and that is fine. We can ring the Department or relevant bodies to get any reports we need. This would save a significant amount of money. Gabhaim buíochas leis an Aire as ucht éisteacht liom agus leis na Teachtaí eile ar an taobh seo.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Teachtaí ar fad, a phléigh achan rud seachas an rún atá os comhair an Tí. Glacaim leis gur ghlac gach uile Theachta leis an rún mar a moladh. An fáth gur moladh gan díospóireacht é ná nach bhfacthas dom go raibh mórán le plé ar an rún áirithe úd. Ní raibh ann ach liosta eagraíochtaí a d'imigh as feidhm agus eagraíochtaí nua a tháinig isteach. Tá sé tábhachtach go gcoinneoimis súil ar an gceist sin.

Is é an dara rud ná é seo. Ní drochrud é go mbeadh plé ar an nGaeilge, ach ní seo an bealach ceart lena dhéanamh sin. Tá deis ag an bhFreasúra rún a chur síos chuile sheachtain. Níor dhrochrud é dá n-úsáidfís a gcuid ama féin le rún a chur síos faoin nGaeilge, mar taispeánann sé sin tosaíocht ó thaobh an Fhreasúra de. Mar is eol do na Teachtaí, bhí plé ar an nGaeilge dhá bhliain ó shin nó anuraidh sa Teach seo; sílim go raibh sé thart ar Sheachtain na Gaeilge. An t-aon fhadhb a bhaineann leis sin ná nach suíonn an Teach seachtain Lá Fhéile Pádraig go minic. B'fhéidir nach sin an t-am ar cheart í a phlé.

Thiocfainn go mór leis go bhfuil ceist chostais na ndoiciméad tagtha go mór chun cinn ó bhí ar na heagraíochtaí cúpla ceann beag a aistriú. Níl aon amhras orm ach go bhfuil an ceart ag an Teachta O'Dowd. Tá a fhios againn nach léitear as Béarla nó as Gaeilge iad. Tá mé ag ceapadh go bhfuil ar chuile enterprise board sa tír cóip a chur chuig chuile Theachta, agus ní bhreathnaím orthu, fiú.

Tá sé in am ag eagraíochtaí breathnú ar an gcostas a bhaineann leis na rudaí a chur chuig gach éinne, rud atá i bhfad níos costasaí ná an t-aistrú. Tá an t-am foirne a chaitear ar iad a scríobh, is cuma cén teanga ina scríobhtar iad, i bhfad níos costasaí ná an t-aistriú. Ní fheictear é, mar tagann sé as na costais phá. Níl sé sin le rá nach bhfuil costas ann. Tá sé in am an cheist a chur an bhfuil gá leis na doiciméid seo a bheith chomh fada sin. An bhfuil aon bhealach chun na costais sin a laghdú, mar atá leagtha amach ag an Teachta Sargent? Ní bhaineann sé le Gaeilge ach le costais.

Ceann de na fáthanna go bhfuil sé leagtha amach san Acht go gcaithfear na doiciméid seo a dhéanamh ar chostas gach eagraíochta faoi leith ná le nach mbeidh éileamh á dhéanamh ar na cistí Gaeilge i leith na rudaí seo. Is éard a bhíodh ag tarlú go dtí seo ná, má bhí ó dhuine rud éigin a chur ar fáil i nGaeilge, thagadh sé chuig mo Roinn le feiceáil an mbeadh cúpla punt le spáráil leis an cháipéis a chur i nGaeilge. Thagadh sé as na cistí Gaeilge, ar cheart dóibh a chaitheamh ar oideachas agus ar chur chun cinn na Gaeilge. Má bhí ar na heagraíochtaí rud mar sin a dhéanamh, chaithfidís é a tharraingt as na cistí Gaeilge. An t-athrú anois ná go gcaithfidís é a tharraingt as a gcistí féin mar a dhéanfaidís le caiteachas ar an mBéarla. Má tá dhá theanga oifigiúil, sin an stádas loighiciúil. D'iarr mé ar 15 Roinn, na Coimisinéirí Ioncaim agus Oifig na nOibreacha Poiblí cé mhéad a chosnódh comhlíonadh a ndualgas faoi alt 10 den Acht anuraidh. Ba é an t-iomlán eatarthu uilig ná €340,000. Sin 15 Roinn agus an dá eagras sin.

An bhfuil scéimeanna deimhnithe dó sin?

Ní scéimeanna atá i gceist. An rud atá á rá agam ná é seo. Faoi alt 10 den Acht, caithfear an tuarascáil bhliantúil agus aon mhórpholasaí a fhoilsiú go dátheangach, agus sin an rud a gcuirtear an cheist orainn faoi — maidir le cúrsaí aistriúcháin. Ba é an costas do na heagrais sin ar fad, agus iad ag comhlíonadh a ndualgas i leith an Achta, ná €340,000 curtha le chéile. Bheadh sé spéisiúil freisin breathnú ar chuid de na figiúirí, mar bhí sé i bhfad ní ba chostasaí i Ranna áirithe an tuarascáil bhliantúil a aistriú ná i Ranna eile. Ní thuigim é sin, agus is ceist é sin ar cheart dúinn a scrúdú.

Dúirt cuid mhaith de na Ranna, mo Roinn féin san áireamh, go raibh an rud seo á dhéanamh ar aon bhealach, fiú gan aon Acht, agus mar sin, nach raibh an tAcht per se ag cosaint fiú an oiread sin. Níl an figiúr ard, agus fiú thar na heagraíochtaí Stáit ar fad, i gcomhthéacs chaiteachais an Stáit, d’fhéadfaí an costas iomlán a shábháil trí na rudaí atá pléite a dhéanamh, mar shampla, gan iad a chlóbhualadh. Is féidir iad a dháil ar an Idirlíon gan a bheith ag cur cóipeanna ar fáil nár mhaith le daoine a léamh nó gan a bheith ag cur pictiúr ann nach bhfuil gá leo. D’fhéadfainn iomlán an chostais a shábháil.

Maidir le ceist An Daingean, is féidir le héinne, in úsáid oifigiúil agus phríobháideach, "Dingle" nó"An Daingean" a úsáid. Go bhfios dom, níl aon argóint faoin leagan Béarla, "Dingle". Ní dóigh liom go bhfuil aon leagan Béarla ar An Daingean ach "Dingle". Níor chuala mé iomrá ar bith ar cheann eile. Maidir leis an argóint idir "An Daingean" agus "Daingean Uí Chúis", tá an leagan oifigiúil, "An Daingean", ag dul siar i bhfad. Seans nach raibh sé oifigiúil, ach bhí séúdarásach. Bhí An Seabhac mar chathaoirleach ar Choimisiún na Logainmneacha nuair a moladh "An Daingean" mar an leagan údarásach. D'fhéadfadh An Seabhac a bheith mícheart, ach an féidir le héinne a rá nach raibh aon eolas aige ar Ghaeilge Chorca Dhuibhne?

Seo an rud a chuireann olc orm faoin díospóireacht. Is cuma liom díospóireacht ar rud ar bith, agus mar is eol do Theachtaí, tá mé sásta díospóireacht iomlán a bheith againn ar rud ar bith. I gcomhthéacs leagan Gaeilge nan-ainmneacha Gaeltachta, den chéad uair riamh, bhí próiseas cuimsitheach comhairle sular dhaingnigh mé an leagan. Cuireann sé iontas agus díomá orm go bhfuil daoine ag gearán faoin leagan "An Daingean" versus "Daingean Uí Chúis" gan bheith ar a laghad chomh hionraic agus a admháil gur fhiafraigh mé de na pobail cén tuairim a bhí acu. Cé gur tháinig go leor aighneachtaí isteach, níor tháinig oiread agus focal amháin i dtaobh leis seo.

Ardaíodh go leor ceisteanna inniu agus ba bhreá liom dá mbeadh deis agam iad a fhreagairt go hionraic. Tá nótaí déanta agam de na pointí. Bheinn sásta dul faoi bhráid an choiste Dála le tuarascáil an choimisiúin agus ceist na logainmneacha a phlé. Go minic tarlaíonn na díospóireachtaí is fearr sna coistí mar is féidir a bheith idirghabh. Anseo bíonn óráidí i gceist den chuid is mó. Bheinn sásta é sin a dhéanamh agus na ceisteanna ar fad a phlé go mion leis na Teachtaí dá mbeadh an fonn sin orthu. Mholfainn ar na Teachtaí iarraidh ar Chathaoirleach an choiste cuireadh a thabhairt dom agus na ceisteanna seo ar fad a chur síos ar chlár oibre go rachaimid fríd le díospóireacht cheart. Má theastaíonn sé sin uathu, beidh mé sásta glacadh le cuireadh agus cuirfidh mé an t-am ar fáil chun é sin a dhéanamh. B'fhéidir go bhféadfaimis beagáinín solas a chaitheamh ar na ceisteanna seo seachas na scéalta a bhíonn ag dul thart.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Sitting suspended at 1.30 p.m. and resumed at 2.30 p.m.
Barr
Roinn