Tairgim leasú a 1:
In page 6, before section 1, to insert the following new section:
"1.—Section 28(1) of the Údarás na Gaeltachta Act 1979 is amended by the deletion of "four years", and its replacement with "one year".".
Luaigh mé an leasú cuíosach simplí seo nuair a labhair mé ar an Dara Céim. Tá mé ag iarraidh a chinntiú nach bhfuil an daonlathas á chur ar athló againn. Ní cheart dúinn an toghchán a chur siar níos faide ná mar is gá. Is féidir linn an toghchán a eagrú roimh 1 Deireadh Fómhair i mbliana. Thabharfadh sé sin deis do phobal na Gaeltachta údarás nua a thoghadh. Molaim gur féidir an túdarás nua a scoir tar éis bliana, más gá, nó aon am suas go dtí cúig bliana go leith, mar atá sa reachtaíocht cheana féin. Mar a luaigh mé, nuair a chaith muintir na Gaeltachta a chuid vótaí chun an túdarás reatha a thoghadh, thuig siad go mbeadh na baill in áit le haghaidh tréimhse áirithe, agus go gcríochnódh an tréimhse sin roimh Dheireadh Fómhair 2010. Rinneadh conradh leis an bpobal nuair a chuaigh daoine ag vótáil i 2005.
Chomh maith leis sin, bhí conradh déanta leis na baill a bhí tofa go mbeidís in oifig ar feadh cúig bliana go leith. Mar an gcéanna, nuair atáimid tofa, tuigimid go mbeimid sa Dáil ar feadh tréimhse de chúig bliana, ar a mhéad. Ní chuirtear leis sin ach más gá. Má theipeann an Rialtas is féidir sinne a chur faoi bhráid an phobail arís. I gcás an túdaráis, an rud a bhí ann roimhe seo ná go mbeadh an údarás ann, agus bord an údaráis, ar feadh tréimhse nach bhfuil níos lú ná ceithre bliana, nó níos mó ná cúig bliana go leith. Tuigim cé chomh tábhachtach is atá an Bille atá á fhógairt ag an Rialtas, ach níl a fhios agam an dtiocfaidh sé amach i gceann bliana, i gceann dhá bhliain nó i gceann trí bliana. Ní Bille beag a bheidh i gceist. Bille cuíosach suntasach a bheidh ann. Tá súil agam go mbeidh sé fite fuaite leis an straitéis teanga agus go mbeidh an chumhacht ag an údarás tabhairt faoi gnéithe oiriúnacha na straitéise. Níl mé chun plé iomlán a dhéanamh ar an straitéis, ar an Ghaeilge nó ar tharrtháil na Gaeilge.
Tugadh feidhmeanna cuíosach suntasach don údarás nuair a chuireadh ar bun é sa chéad dul síos. Tá mé ag caint mar dhuine atá ina chónaí sa chathair. Tríd is tríd, tá tar éis éirí cuíosach maith leis an údarás ó thaobh roinnt de na feidhmeanna a bhí ag an údarás, poist a chruthú agus monarchana agus comhlachtaí a mhealladh isteach i gceantair Ghaeltachta. Chomh maith leis sin, bhí obair eile leagtha síos. Níl a fhois agam cé chomh mhaith is a d'éirigh leis an údarás, ó thaobh caomhnú agus leathnú na Gaeilge mar phríomh meán cumarsáide na Gaeltachta a spreagadh. Níl a fhios agam ar bhain baill an túdaráis é sin amach, mar an phríomhaidhm a bhí liostaithe ag an údarás. Tá a fhios agam gur dhein an údarás obair. Tá súil agam nach dtógfar an aidhm sin ón údarás, nó pé struchtúr a chuirfear sa tsiúl, amach anseo.
Ba mhaith liom labhairt mar gheall ar an toradh a bheidh ar an leasú seo dá nglacfaí leis. Ní hamháin go mbeadh toghchán Údarás na Gaeltachta againn, ach freisin beimid in ann bord nua an údaráis a scoir aon am is mian leis an Aire tar éis bliain amháin. Má tá moill ar an reachtaíocht atá á chur le chéile faoi láthair, ar fáth amháin nó fáth eile, beidh an Rialtas in ann bord an údaráis a fhágaint sa tsiúl ar feadh tréimhse suas go dtí cúig bliana go leith. Tá súil agam nach mbeidh an gá sin ann, ach ní fios go mbeidh. B'fhéidir go mbeidh olltoghchán againn agus beidh gach rud ina chíréib agus ina chac ar feadh roinnt míonna ina dhiaidh. Níl a fhois againn. Tá mé ag iarraidh a dhéanamh cinnte de go dtarlóidh rud éigin agus, ar a laghad, muna dtarlaíonn an reachtaíocht sin, go mbeidh údarás ann leis na bunfeidhmeanna atá ag an údarás faoi láthair. Mar atá léite amach agam cheana féin, tá sé mar phríomhfheidhm ag an údarás an Ghaeilge a chaomhnú agus a leathnú. Tá ról reatha an údaráis — an Ghaeilge a chur chun cinn — leagtha amach sa straitéis cheana féin. Más gá an struchtúr a choinneáil mar atá sé ar feadh tréimhse beag eile, ba chóir dúinn é sin a dhéanamh.
Níl mé ag iarraidh moill a chur ar an Teach agus muid ag déileáil leis an leasú beag seo, ach ba mhaith liom pointe eile a dhéanamh. Tá sé luaite ag daoine eile go bhfuil eagla ar an Rialtas dul os comhair an phobail agus is fíor sin. Tá seasamh Páirtí an Lucht Oibre ar an gceist seo ait. Cheap mé go mbeidís ag iarraidh brú a chur ar an Rialtas dul os comhair an phobail in aon toghchán — na trí fhothoghcháin, toghchán Údarás na Gaeltachta nó olltoghchán. Ba chóir go mbeadh na fothoghcháin tarluithe cheana féin. Is trua é nach bhfuil Páirtí an Lucht Oibre ag tabhairt tacaíochta dos na páirtithe Freasúra eile agus sinn ag cur i gcoinne na reachtaíochta seo. Tá fadhbanna ollmhóra na tíre le thabhairt faoi ndeara sna ceantair Ghaeltachta freisin. Tá mé ag caint faoi fadhbanna fostaíochta, infreastruchtúra, dífhostaíochta, turasóireachta agus, anois agus arís, imirce. Tuigeann éinne a tógadh sa Ghaeltacht, nó a chaith aon tréimse fada sa Ghaeltacht, conas mar a buaileadh na ceantair sin go dona maidir le himirce. Bheadh sé níos fearr dá mbeadh údarás nua in ann déileála leis na ceisteanna atá le freagairt. Ba chóir go mbeadh bord nua, le sainordú nua, tofa ar feadh tréimhse éigin, ionas go mbeidh sé in ann tabhairt faoi na ceisteanna sin. Molaim go mbeadh an tréimhse sin bliain ar a laghad, ach d'fhéadfadh sí a bheith suas go dtí cúig bliana go leith muna bhfuil an reachtaíocht nua i réim níos luaithe.