Is cinnte go bhfuil deacrachtaí ansin. Ón eolas atá agam féin mar Theachta Dála, agus ag deighleáil le hiarratais ar phasanna do dhaoine ins an dáilcheantar, tá a fhios agam go gcothaíonn sé deacrachtaí agus go nglacann Oifig na bPasanna i láthair na huaire leis an ainm atá ar an teastais breithe. Sílim gur sin an gnáth rud. Má tá tú ag iarraidh, mar a dúirt an Teachta Tóibín, do ainm a athrúó Bhearla go Gaeilge, nóó Ghaeilge go Bearla, caithfidh tú cruthúnas a chur ar fáil go bhfuil tú ag baint úsáid go rialta as an leagan gur mhaith leat do phas a bheith ann. Caithfear bille de chineál éigin a chur a fáil, b'fhéidir cuntas banc, cuntas aibhléise nó a leithéid sin. Is cinnte go gcothaíonn sé deacrachtaí. Silím féin go bhfuil sé réasúnta go leor má tá tú ag iarraidh do ainm a bheith ar do phas i nGaeilge nó i mBearla, go mbéifeá ábalta é sin a fháil.
Ach é sin ráite, ar ndóigh, caithfidh Oifig na bPasana a bheith an-chúramach mar is rud an-luachmhar pas. Má fhágann tú an tír agus gan an pas agat, is duine tú gan tír. Ní saoránach de aon tír thú. Mar sin, tá sé an-tábhachtach. Tá a fhios againn go raibh deacracht le pasanna san am a chuaigh thart agus go raibh daoine ag taisteal thart i dtír sa Mheán Oirthear agus in áiteanna eile agus pasanna de chuid na hÉireann acu. Tá sé an-dian ach, mar a dúirt mé, ní hionann sin agus a rá nach cóir go mbeadh an ceart sin ag daoine.
Níor cuireadh aon fhoráil san Acht sa bhlian 2003 maidir le húsáid ainmneacha, sloinnte agus seolta i nGaeilge agus i mBéarla. B'fhéidir gur síleadh ag an am gur ceart bunúsach a bhí anseo agus nach raibh gá le foráil reachtúil a dheanamh ina leith, ach bíonn deacrachtaí ann. Tuigim ó Oifig an Choimisinéara Teanga go bhfuil ós cionn 400 cás ann go ndearna daoine teagmháil leis an oifig ó bunaíodh í i 2004 maidir le fadhbanna a bhain le húsáid leaganacha Gaeilge de ainmneacha, sloinnte agus seolta.
Mar sin, is cinnte go bhfuil deacracht ann. Sílim go gcaithfidh muid gach iarracht a dhéanamh é a réiteach. Dá mbeadh gach rud foirfe, dá mbeadh an saol foirfe, ba chóir go mbéifeá ábalta do phas a fháil san teaga ar rogha leat féin é ach, mar a dúirt mé, tá na deacrachtaí beaga sin ann chomh fada agus a bhaineann sé le pas mar gur doiciméad chomh luachmhar agus chomh tábhachtach sin é.