Lá na Gaeilge: Statements

Tá an-áthas orm an deis seo a bheith agam ráiteas a dhéanamh maidir le Seachtain na Gaeilge. Tá Seachtain na Gaeilge ar bun le 110 bliain, agus tá sí ag dul i méid agus i neart i gcónaí. Is í an fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge is mó ar domhan, agus tá na céadta imeachtaí á reáchtáil ar fud an domhain chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc Éireannaigh agus i measc na mílte daoine as tíortha eile a bhfuil suim acu sa Ghaeilge.

Tugann an fhéile seo deis go gach uile dhuine spraoi a bheith acu leis an nGaeilge, idir chainteoirí dúchasacha agus iad siúd atá ag fáil a gcéad bhlaiseadh den teanga. Molaim go hard na heagraíochtaí éagsúla, idir comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna, agus eagrais cheoil, spóirt agus chultúrtha, as an bpáirt atá á glacadh acu in imeachtaí na seachtaine.

I gclár an Rialtais leagtar amach spriocanna éagsúla chun stádas agus úsáid na Gaeilge a fheabhsú. Tacóimid le straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus déanfaimid na haidhmeanna agus na spriocanna insroichte atá molta a bhaint amach. Déanfaimid athchóiriú iomlán ar an gcuraclam Gaeilge agus ar an tslí a mhúintear an Ghaeilge i scoileanna ionas go leagfar níos mó béime ar scileanna cainte agus éisteachta. Déanfaimid 50% de na marcanna a thabhairt don scrúdú béil sa Ghaeilge ag leibhéal na hardteistiméireachta agus beidh sé mar aidhm againn líon na macléinn a dhéanann an scrúdú ardleibhéil san ardteistiméireacht a dhúbailt faoin mbliain 2018.

Gheobhaidh limistéir Ghaeltachta tairbhe ónár bplean gníomhaíochta fostaíochta. Faoi na moltaí atá againne, déanfaimid ionchais nua maidir le cruthú fostaíochta a sholáthar do réigiúin Ghaeltachta. Déanfaimid infheistíocht i mbonneagar fuinnimh, leathanbhanda agus uisce, agus cruthófar an bonneagar nua-aimseartha is gá chun gnóthaí nua agus fostaíocht a tharraingt agus chun tacú leis sin. Tacóimid go mór leis na hionchais maidir le fostaíocht i ngníomhaíochtaí turasóireachta agus muirí. Leanfaimid de thacú le craolachán Gaeilge agus le hearnáil ealaíon na Gaeilge.

De bhreis air sin, cuirfidh an Bille Gaeltachta atá idir lámha againn faoi láthair ar ár gcumas na céimeanna cuí a thógáil chun tús a chur leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht, agus tabharfaidh sé feidhm reachtúil d'Údarás na Gaeltachta maidir le forfheidhmiú na straitéise 20 bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Cé gur aidhmeanna tábhachtacha iad seo, ní leor iad gan an díograis agus an grá don teanga atá á léiriú ag gach duine a bheidh ag glacadh páirte i Seachtain na Gaeilge. Spreagann said dóchas ionainn maidir le todhchaí na Gaeilge, agus guím gach rath orthu.

Is cúis ar leith áthais dom an seans seo a bheith agam mo thacaíocht do Sheachtain na Gaeilge a chur in iúl don Teach agus don phobal atá ag éisteacht linn. Is deas agus is cuí tréimhse ar leith a chur ar leataobh le ceiliúradh a dhéanamh ar an gné is suntasaí agus is ársa do chultúr na tíre seo: an Ghaeilge.

Tacaím go hiomlán lena bhfuil ráite ag an Taoiseach maidir le tiomantas an Rialtais seo do chur chun cinn agus caomhnú na Gaeilge tríd an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Aithníonn an straitéis go bhfuil tábhacht ar leith leis an teanga labhartha agus leis na ceantair Ghaeltachta mar bhun-tobar na teanga. Faoin straitéis, tá fúinn an teanga a chur á labhairt ar fud na tíre agus deis a thabhairt do gach saoránach an teanga a shealbhú agus a labhairt ó lá go lá.

Tá go leor tuartha dóchais ann maidir leis an nGaeilge san 21ú aois. Tá muinín agus beocht nua faoin teanga sna ceantair Ghaeltachta, a bhuíochas sin d'obair na gcoistí pobail, Údarás na Gaeltachta, Raidió na Gaeltachta agus TG4. Tá borradh faoin teanga ar fud na tíre mar gheall ar an obair éachtach atá ar siúl ag daltaí, tuismitheoirí agus foirne na ngaelscoileanna, ag na heagrais dheonacha Ghaeilge is na meáin Ghaeilge ar fud an oileáin.

Ar ndóigh, ní leor dea-thoil leis an nGaeilge a thabhairt agus a choinneáil slán. Tá dúshlán mór romhainn mar phobal sna blianta beaga amach romhainn. Má táimid i ndáiríre faoin teanga, caithfimid níos mó ná dea-fhocail a rá mar gheall uirthi ó am go chéile. Caithfimid a chinntiú go bhfuil deis cheart ag saoránach plé leis an Stát trí Ghaeilge mar a leagtar amach in Acht na Teangacha Oifigiúla. Caithfimid beatha na teanga sna ceantair Ghaeltachta a chinntiú trí fhostaíocht a chur fáil do phobal na Gaeltachta, óige na Gaeltachta ach go háirithe.

Mar Thánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, ba mhaith liom aitheantas ar leith a thabhairt don ról gur féidir a bheith ag an nGaeilge chun íomhá idirnáisiúnta an Stáit a fheabhsú chomh maith. Is ábhar ceiliúrtha dúinn go bhfuil staidéar á dhéanamh ar an nGaeilge in ollscoileanna agus in institiúidí léinn ar fud na cruinne, go háirithe ar mhór-roinn na hEorpa, sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada. Is cúis áthais dom go dtugann mo Roinn tacaíocht ar leith don obair seo tríd scoláireachtaí Fulbright sna Stáit Aontaithe agus Fondúireacht Cheanada.

Le linn Sheachtain na Gaeilge, is cúis bhróid dom an tacaíocht a thugann mo Roinn do Ghlór na Gael, don chomórtas Global Gaeilge, a chuireann an Ghaeilge chun cinn ar fud na cruinne i measc an phobail Éireannaigh. Le dhá bhliain anuas, bhuaigh grúpaí as an Astráil, as an Bhreatain, as na Stáit Aontaithe Meiriceá agus as Ceanada, i measc tíortha eile, duaiseanna san comórtas seo.

Tá an Ghaeilge aitheanta mar theanga oifigiúil is oibre san Aontas Eorpach. Cuireann an t-aitheantas seo le tuiscint agus meas ballstáit eile an Aontais Eorpaigh ar ár bhféiniúlacht mar Éireannaigh is Eorpaigh. Ar ndóigh, cuireann an t-aitheantas seo deiseanna fostaíochta ar fáil do dhaoine óga le Gaeilge chomh maith.

Is ceart a chuimhneamh ar an ról a bhí ag an nGaeilge le linn na cuairteanna ag an Banríon Eilís II agus an tUachtarán Obama an bhliain seo chaite, agus an méid a dúirt an tUachtarán Obama agus é ar Fhaiche an Choláiste. Sin an dearcadh is ceart dúinn a ghlacadh maidir leis an nGaeilge, gur féidir linn í a thabhairt ar aghaidh slán don chéad ghlúin eile agus gur féidir linn taispeáint don domhan ar fad go bhfuil meas againn ar an ngné seo dár gcultúr agus go gcreidimid go bhfuil an Ghaeilge mar sheod luachmhar de chuid an chultúir dhomhanda.

Ar dtús, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a d'eagraigh go mbeadh béim áirithe ar an nGaeilge inniu sa Dáil. Is féidir a rá gan dabht go bhfuil sé tábhachtach dúinn mar Pharlaimint agus mar thír go mbainfimis úsáid as an nGaeilge chomh minic agus is féidir. Fáiltím mar sin an seans labhairt san am atá tugtha inniu sa Dáil. Ba mhaith liom freisin a rá ag an tús go bhfuilim bródúil as an méid a bhain Fianna Fáil amach i Rialtas ó thaobh fhás úsáid na Gaeilge. Táim ag smaoineamh go háirithe ar an mborradh sa ghaelscolaíocht atá anois ar fáil ar fud na tíre.

Agus Fianna Fáil i Rialtas, chuireamar Acht na dTeangacha Oifigiúla in áit, bhunaíomar Oifig an Choimisinéara Teanga, bhunaíomar Foras na Gaeilge agus leathnaíomar soláthar oideachas trí Ghaeilge, go háirithe sna gaelscoileanna agus ag an tríú leibhéal. Chomh maith leis sin, bhaineamar amach stádas don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Caithfimid aitheantas áirithe a thabhairt don Teachta Éamon Ó Cuiv agus an iar-Theachta Pat Carey don obair seo. Gan iad, táim den tuairim nach mbeadh an Ghaeilge chomh láidir inniu agus atá sí.

Caithfimid aitheantas a thabairt freisin don dea-obair atá ar siúl go laethúil ag TG4 agus ag Raidió na Gaeltachta. Cuireann siad seirbhís ar fheabhas ar fáil do mhuintir na Gaeilge agus Gaeltachta le cláir de hard-chaighdeán Gaeilge. Arís, tugaim aitheantas agus moladh do leithéidí Máire Geoghegan-Quinn agus don Uachtarán Michael D. Higgins don méid a bhaineadar amach.

Chomh maith leis an méid a bainte amach le blianta beaga anuas, chuir an Rialtas deireanach plean réalaíoch in áit chun úsáid na Gaeilge a fhás - an straitéis 20 bliain. I Rialtas, d'fhoilsíomar straitéis don Ghaeilge a thugann treoir-phlean chun caomhnú agus athbheochan na Gaeilge i dtréimhse 20 bliain. Is cuspóir lárnach sa straitéis é líon na ndaoine atá ag labhairt na teanga go laethúil a mhéadú ó 83,000 go 250,000. Fáiltím roimh iarrachtaí leithéidí Bernard Dunne, atá ag tabhairt ceannasaíocht maidir le cuspóir na straitéise a bhaint amach.

Ba mhaith liom díriú ar cúpla ábhar imní atá agam maidir le polasaithe an Rialtais ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta. Mar thoradh ar an dul chun cinn atá bainte amach, tá an Gaeilge á labhairt in áiteanna áirithe don chéad uair ó aimsir an Ghorta. Is féidir paistí a chloisint ag labhairt Gaeilge i mbailte agus i gcathracha ar fud na tíre. Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta lasmuigh don Ghaeltacht, tá an Rialtas ar tí cinneadh tubaisteach a dhéanamh maidir le scoileanna tuaithe, go háirithe na scoileanna Ghaeltachta. Ba mhaith liom glaoch ar an Taoiseach athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh tubaisteach seo. Ní hamháin go gcuirfidh sé saol na tuaithe i mbaol, ach i gceantair Ghaeltachta cuirfidh sé an Ghaeilge mar theanga beo laethúil an phobail i mbaol. Ní cheart é seo a dhéanamh. Impím ar an Taoiseach athbhreithniú a dhéanamh ar seo gan mhoill.

Tá an cinneadh atá togtha ag an Rialtas chun nasc daonlathach a bhriseadh maidir le Údarás na Gaeltachta ag cur imní ar mhuintir na Gaeltachta freisin. Ar feadh na blianta, bhí nasc réalaíoch idir na ceantair Gaeltachta eagsúla agus an t-údaras tríd na toghcháin. Ar chúis nach dtuigeann éinne sa Ghaeltacht, tá an Taoiseach ag cur deireadh leis na toghcháin seo. Is cinneadh frith-dhaonlathach é deireadh a chur le toghcháin an údarais. Ba cheart don Taoiseach stop a chur leis an bpolasaí seo. Tá a fhios ag gach éinne go mbeidh an córas nua oscailte do go leor "cronyism" as seo amach má leantar ar aghaidh leis an bplean faoi mar atá sé faoi láthair. Impím ar an Taoiseach athbhreithniú a dhéanamh freisin ar an ábhar seo gan mhoill.

Ó mo chuid ama mar Aire Oideachas agus Eolaíochta, tá suim agam i mbunú ionad oiliúna chun teagasc na Gaeilge a fheabhsú agus áiseanna Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine a mhúineann an teanga sna gaelscoileanna agus na gnáthscoileanna. Ta géarghá ann ionad den tsórt sin a bhunú. Tuigim go raibh deacrachtaí i rith na blianta

Bhí sé mar phlean ag iar-Aire oideachais ionad den chineál sin a bhunú i mBaile Bhúirne.

Thosaigh mé an phlean sin, ach níor éirigh leis i rith na blianta. B'fhéidir gur chóir dúinn díriú air arís.

Bhí sluasaid airgid ag an Teachta nuair a bhí sé ina Aire Oideachais agus Eolaíochta. Chas sé an fhód thíos ansin, ach níor tharla rud ar bith eile.

Bhí mé imithe go dtí an Roinn Sláinte agus Leanaí faoin am sin. Tá a fhios ag an Taoiseach cad a tharla ina dhiadh sin.

Tuigim cad atá i gceist ag an Teachta.

Bhí airgead ann ag an am, ach bhí rudaí eile ag tarlú. Pé scéal é, táimid ag labhairt faoin Ghaeilge inniu. Tá ionad den tsaghas sin, a cuireadh áiseanna, téacsanna agus gach rud a bhaineann le múineadh na Gaeilge ar fáil, in easnamh faoi láthair. Ba cheart go mbeadh a leithéid d'ionad in áit éigin.

Chabhródh sé le muinteoirí bunscoile agus meánscoile.

Gan amhras. larraim ar an Taoiseach agus na hAirí eagsúla iarracht nua a dhéanamh dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an tionscadal seo. Mar is eol dúinn, bhí plean ann ionad a bhunú i mBaile Bhúirne i nGaeltacht Mhúscraí agus is fíú féachaint ar seo athuair.

Tá go leor dul chun cinn déanta maidir le labhairt na Gaeilge le blianta beaga anuas. Ní hé seo an t-am stad a chur leis an dul chun cinn sin. Faraoir, tá roinnt cinntí atá á dhéanamh ag Rialtas Fhine Ghael agus an Lucht Oibre ag cur todhchaí na Gaeilge i mbaol. Impím ar an Taoiseach greim pearsanta a thógaint ar an ábhar seo. Tabharfaidh Fianna Fáil gach tacaíocht don Taoiseach an Gaeilge a chur chun cinn. Ní doigh linn go bhfuil sé maith a dhóthain nár bhuail an coiste comhaireachta na Gaeilge ó mí Bhealtaine seo caite, mar a d'admhaigh an tAire Stáit, an Teachta McGinley, inné. Is léir ón fhíric amháin seo go bhfuil easpa tiomantas ag an Rialtas i leith na Gaeilge. Iarraim inniu ar an Taoiseach níos mó béime a chur ar an nGaeilge.

Ba mhaith liom mo chuid ama a roinnt leis an Teachta Ó Snodaigh.

An aontaítear le sin? Aontaítear.

Gabhaim buíochas leo siúd ar fad a d'oibrigh ar son na Gaeilge thar na blianta - in amanna deacra agus in amanna níos éasca. Tá mé ag smaoineamh go háirithe ar teaghlaigh Gaeilge. Gabhaim buíochas speisialta le TG4, Raidió na Gaeltachta, Raidió Fáilte agus na meáin cumarsáide Gaeilge eile. Beatha teanga í a labhairt. Cuireann sé an-shásamh orm go bhfuil borradh tagtha ar líon na nGaeilgeoirí sa tír. Is féidir cuid mhaith don fhás sin a cheangailt le gluaiseacht na gaelscoileanna, na naíonraí agus tuismitheoirí dílse. Cuireann sé gliondar croí orm go bhfuil an oiread sin daoine óga ach go háirithe ag taispeáint suim sa Ghaeilge agus ag glacadh páirt i n-eagraíochtaí ar nós Conradh na Gaeilge agus Glór na nGael. Ní mór dúinn bheith airdeallach nach dtiocfaidh meath ar fás an teanga, go háirithe leis an méid daoine ar deoraíocht thar sáile.

Beidh impleachtaí ollmhóra ag na ciorruithe oideachais a leagadh amach sa bhuiséad ar ghlúinte de pháistí Gaeltachta agus ar todhchaí an teanga má chailltear múinteoirí os na scoileanna Gaeltachta. Tá ról tabhachtach ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de, agus ó thaobh maoirseacht Acht na dTeangacha Oifigúla 2003 de, ag an gCoimisinéir Teanga. Níl aon fianaise go dtiocfaidh aon sábhail airgead as an gcónascadh le hOifig an Ombudsman.

Tá tábhacht faoi leith ag na Gaeltachtaí ó thaobh blas na teanga. Sa chomhthéacs sin, chualamar níos luaithe go bhfuil cinn Bhille na Gaeltachta aontaithe. Cathain a fhoilsíodh an reachtaíocht sin? Tuigim go bhfuil post príomhfheidhmeannach an údaráis fógraithe faoi dheireadh. Tá go leor imní ar phobal na Gaeltachta. Chuala mé an Tánaiste á rá go bhfuil muintir na Gaeltachta an-shásta, ach níl sé sin fíor. Bím i dTír Chonaill measartha minic, agus tá a fhios agam go bhfuil daoine i nGaeltacht Thír Chonaill faoi bhrú. Tá imní orthu nach mbeidh seans acu bord an údaráis a thoghadh go daonlathach mar ba chóir go mbeadh. An bhfuil an tAire Stáit sásta ráiteas a dheánamh ar conas a roghnófar an bord as seo amach? Is ábhar imní é go bhfuil go leor ciorraithe á dhéanamh ar bhuiseád caipitil an údaráis. Tá gá le postanna nua a chruthú sa Ghaeltacht.

Ar ábhar an tsamhail nua mhaoinithe do na heagraíochtaí bunmhaoinithe Gaeilge, is léir gur gá don Aire Stáit oibriú i gcomhpháirtíocht leis an Aire chultúr sa Tionól, Carál Ní Chuilín, chun an imní atá orthu siúd in earnáil phobail na Gaeilge agus an taithí atá ag cuid mhaith acu a thogáil ar bord. Iarraim ar an Aire Stáit tacaíocht a thabhairt don obair atá á dheánamh sa Tionól chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Fógraíodh feachtas líofa le tamall anuas. Molaim an chlár líofa a scaipeadh trasna an Stát agus an oileán seo fosta. Nuair a bhuaileamar leis an Aire Stáit cúpla seachtain ó shin, chuireamar an rún sin chuige. Is cúis áthais é dom - sílim go bhfuil an Taoiseach agus an Tánaiste sásta freisin - go bhfuil daoine ón dá thraidisiún tar éis síniú suas don feachtas líofa. Iarraim ar an Rialtas a fhógru go seasóidh sé le geallúint Rialtais na Breataine Acht teanga iomlánmhaoinithe agus ceartbhunaithe a thabhairt isteach. Briseadh an geallúint sin, áfach. Ba cheart don Rialtas freisin tacaíocht substantiúil a thabhairt i dtreo aitheantas oifigiúil agus stádas a thabhairt don Ghaeilge i gcúirteanna na Sé Contae.

Tá sé "illegal" an Ghaeilge a úsáid i gcúirteanna sna Sé Contae fós.

Glacaim an seans seo lebród.ie a moladh. Seo suíomh ina bhfuil Bernard Dunne agus daoine ón earnáil phoiblí ag tabhairt sár shampla dúinn uilig. Tá straitéis 20 bliain ag Sinn Féin don Ghaeilge agus déanfaidh muid iarracht chun í a chur i bhfeidhm sna réímsí cultúr, spórt, pobal, oideachas agus Gaeltachta. Tacaíonn Sinn Féin le cultúrlann mar tá hubanna Gaelacha ar fáil anseo i mBaile Átha Cliath, ach níl aon cultúrlann sa chathair. Is éagóir é sin. Tá cultúrlann i mBéal Feirste agus i nDoire agus, b’fhéidir, in áiteanna eile. Ba mhaith liom go mbeadh ionad lárnach le himeachtaí sóisialta ar fáil in achan baile mór ar fud na tíre.

Molaim an Príomh Aoire, an Teachta Paul Kehoe, as glacadh leis an moladh a dhein mé thar na blianta maidir le lá na Gaeilge agus molaim na príomh aoirí a bhí ann roimhe seo. Tá súil go dtiocfaidh fás as an sórt ruda seo agus nach mbeidh na díospóireachtaí dírithe ar ráitis amháin mar atá inniu. Tá sé léirithe againn ar maidin gur féidir linn ár gnó, nó an chuid is mó de, a dhéanamh trí Ghaeilge. Molaim gach duine a ghlac páirt inniu. Is comhartha an-dearfach maidir leis an Ghaeilge é dóibh siúd atá ag foghlaim agus dóibh siúd atá ar an ngannchuid maidir leis an Ghaeilge, gur féidir cur chuige agus gur féidir linne ár gnó a dhéanamh. Más féidir linne é a dhéanamh, is féidir le gach réimse eile sa tír é a dhéanamh chomh maith.

Molaim chomh maith iad siúd atá gafa le Seachtain na Gaeilge, cé gur beagnach coicís na Gaeilge atá ann anois. Tá gach sórt imeachta eagraithe acu thar timpeall na tíre, Rith 2012 ina measc. Caithfidh muid díriú isteach ar na ceisteanna móra maidir leis an Ghaeilge, ceisteanna faoi na Gaeltachtaí, scoileanna Gaeilge agus faoi conas is féidir an Ghaeilge a chur chun cinn sa Státcóras ina iomlán. Ceist a d'ardaigh mise thar na blianta ná ceist faoin comhlachtaí nua. Thug an Rialtas "quangos" orthu nuair a bhí siad ar an taobh seo den Teach, ach anois tá comhlachtaí nua Stáit le cur ar bun. Tá súil againn go dtabharfaidh an Rialtas tús áite don Ghaeilge nuair a bheidh sé ag ainmniú na n-eagras sin.

Má tá seoid ag duine, déanann sé iarracht í a chur chun cinn. Caitheann an duine an seoid ionas go bhfeicfidh daoine í. Faoi láthair, ní aithnítear an Ghaeilge mar seoid den sórt sin. Tá an Ghaeilge níos cosúla le seoid i músaem ar a mbíonn daoine ag féachaint. Caithfidh muidne na cinntí a ghlacadh anois chun a dhéanamh cinnte de gur seoid cheart, chultúrtha í an Ghaeilge agus go gcuirtear chun cinn í. Ba mhaith liom deis a thabhairt don Teachta Pearse Doherty cúpla focal a rá.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá. Labhair na Teachtaí a chuaigh romham fa dtaobh den dul chun cinn mór atá déanta ag pobal na Gaeltachta, pobal na Gaeilge agus, go háirithe, na meáin cumarsáide agus daoine aonair fosta. Feiceann muid an dornálaí Bernard Dunne ag iarraidh daoine a mhealladh leis an Ghaeilge a úsáid agus chonaic muid Des Bishop roimhe sin ag déanamh sin. Cuirim fáilte roimh daoine cosúil leo siúd a úsáideann an stádas mór le rá atá acu le cuidiú leis an Ghaeilge a chur chun cinn.

Ba mhaith liom díriú ar chúpla pointe. Labhair mé ar seo níos luaithe ar Riar na hOibre. Tá muid uilig ar aon taobh sa Teach seo ó thaobh dul chun cinn na Gaeilge agus an tábhacht atá leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht mar tobar na Gaeilge. Ceann de na rudaí a chuireann isteach orm ná nuair a chloisim ón Taoiseach nár bhuail an coiste aireachta ó thaobh an Ghaeilge agus na Gaeltachtaí le chéile. Ní le rud amháin atá an coiste ag déileáil, ní le Bille Údarás na Gaeltachta amháin atá an coiste ag déileáil. Tá sé ag déileáil leis an straitéis 20 bliain. Níor bhuail an coiste le chéile ó 19 Meitheamh 2011 agus sílim go bhfuil rud neamh contráilte faoi sin. Má amharcann muid, ó tháinig an Rialtas seo i bhfeidhm, níor bhuail an coiste le chéile ach dhá uair - taobh istigh de cheithre seachtain - uair amháin in Aibreán agus uair eile i Meitheamh, ach ansin le 10 mí anuas níor chas siad le chéile. Tá sin contráilte.

Tá rud eile a chuireann isteach go mór orm. Rinne an Rialtas deireannach staidéar cuimsitheach ar an Ghaeltacht agus ar Údarás na Gaeilge. Dúradh ansan go soiléir nach mbeidh an Ghaeltacht is láidre beo taobh istigh de 15 bliain muna dtugann muid aird ar an fhadhb sin. Ní fheicim go bhfuil an Rialtas ag tabhairt aird ar an fhadhb sin. D'fhéadfainn caint ar feadh an lae agus is mór an trua é nach bhfuil go leor ama againn leis na ceisteanna tábhachtacha seo a phlé. Le cuidiú Dé, beidh seans againn sa todhchaí.

Tá áthas orm go bhfuil Seachtain na Gaeilge againn agus go bhfuil cuid de gnó na Dála ag leanúint ar aghaidh as Gaeilge. I slí eile, tá díomá orm toisc nach bhfuil ach seachtain amháin againn sa bhliain nuair a dhéanann muid iarracht leanúint ar aghaidh as Gaeilge. B'fhéidir go mba ceart dúinn níos mó iarrachta a dhéanamh sa Dáil agus lá nó maidin gach seachtain, nó ar a laghad gach mhí, a thabhairt le gnó na Dála a phlé trí Ghaeilge.

Tá Gaeilge agam, ach b'fhearr liom dá mbeadh sí i bhfad níos fearr. An fáth go bhfuil sí agam ná go raibh an suim ag mo mháthair i gcúrsaí Gaeilge. Bhí an t-ádh orm chomh maith nuair a bhí mé ag freastal ar an mheánscoil - Cnoc Carmel, Sráid Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath - toisc go raibh beirt múinteoir Gaeilge agam a bhí ar fheabhas. Ba as Ciarraí an bheirt bhan agus ba chainteoirí ó dhúchas iad. Spreag siad grá don teanga ionam agus i mo chairde. Bhí a fhios againn gur rud bheo í an Ghaeilge agus gur teanga í le labhairt in ionad í a fhágaint sna leabhair. Sin an tslí le dul ar aghaidh leis an Ghaeilge. Caithfidh mé a admháil gur bhain mé lán taitneamh asPeig, Fiche Bliain ag Fás agus An t-Oileánach nuair a bhí mé ag staidéar don ardteist. Thaitin siad liom. Tá litríocht agus filíocht an-saibhir againn as Gaeilge. Nuair a bhí an toghchán ar siúl an bhliain seo caite, is dócha gur cheap a lán daoine gurb í an díospóireacht as Gaeilge idir na ceannairí an díospóireacht is fearr.

Má tá muid i ndáiríre maidir leis an Ghaeilge, ba cheart go mbeadh gach bunscoil mar Gaelscoil. Téann leanaí ar Gaelscoil ag ceithre nó cúig bliain d'aois agus bíonn Gaeilge ag cuid acu, ach ní bhíonn Gaeilge ag cuid mhór dóibh, ach bíonn fonn ar a dtuismitheoirí go mbeidh Gaeilge acu. Tar éis bliana nó dhá bhliain bíonn siad ar fad ag labhairt Gaeilge. Tá páistí cosúil le spúinsí ag an aois sin agus is féidir leo teanga eile a labhairt chomh maith lena gnáth teanga. Tá an obair á dhéanamh ag na Gaelscoileanna, bunscoileanna agus meánscoileanna agus ba cheart go dtabharfadh an Roinn Oideachais agus Scileanna tacaíocht dóibh leanúint ar aghaidh leis an obair. Nuair atá fonn ar tuismitheoirí Gaelscoil a bhunú, ba cheart don Roinn tacaíocht a thabhairt dóibh.

Ba cheart go mbeadh seans níos mó ag daoine labhairt as Gaeilge agus muinín a bheith acu é sin a dhéanamh. Labhair daoine faoi TG4 agus raidió trí Ghaeilge. Caithfidh mé comhghairdeas a ghabháil le Raidió na Life. Tá an jab á dhéanamh ag an fhoireann ansin agus anois tá a fhios againn gur féidir caint as Gaeilge le blas duine ó Bhaile Átha Cliath. Ceapaim gur féidir linn a bheith cosúil le tír mar Ceanada, An Bhreatain Bheag agus an Bheilg, tíortha atá dhátheangach.

Ba mhaith liom cúpal focal a rá faoi Seachtain na Gaeilge freisin. Tá brón orm gur bhris an Rialtas a gheallúintí faoi na scoileanna beaga ar fud na tíre, idir Gaelscoileanna agus scoileanna beaga i ngach áit. Anois, i scoileanna ina bhfuil duine, beirt nó triúr múinteoir tá na múinteoirí ag troid agus ag déanamh a dhícheall chun páistí a choimeád sa pharóiste.

Is olc an scéal é

Is olc an scéal é, agus an Ghaeilge, an cultúr, an spórt agus mar sin de ag dul chun cinn sna paróistí sin. Tá súil agam go mbeidh an bua ag na scoileanna sin agus go ligfear dóibh fanacht sna paróistí chun go leanfaidh siad ar aghaidh ag déanamh maitheasa.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Glór na nGael, Conradh na Gaeilge, Cumann Lúthchleas Gael agus go leor eile as an sár obair a dhéanann siad chun an Ghaeilge agus an cultúr a chur chun cinn. Tá mé ag smaoineamh ar rudai mar Scór na n-Óg, Scór na bPáistí agus Scór Sinsear. Cuirim fáilte mhór roimh na páistí agus na mic léinn ollscoile atá sa Ghailearaí ar maidin. Ba mhaith liom go mbéadh lá in aghaidh na míosa, ar a laghad, nuair a úsáidfeadh Teachtaí cupla focal Gaeilge.

Tá Gaeilge bhriste agamsa ach ní raibh aon Bhéarla ag mo sheanmháthair. Tá cónaí orm in aice le Caisleán Nua na Súire, áit a bhí ina bhreac Gaeltacht go dtí 1977. Táimid ag déanamh a lán oibre ansin. Tá naíonra nua againn atá ag dul ar aghaidh go han-mhaith ar fad agus bíonn Coláiste Cois Súire againn gach samhradh. Tagann daltaí ó gach áit i dTiobraid Árainn Theas, ó Phort Láirge, ón Rinn agus ó áiteanna mar sin. Táimid inár gcónaí in aice le Dún Garbháin agus leis an Rinn. B'as an Rinn do Shéamas Ó Maolchatha, a scríobh leabhar Gaeilge. Déanaimid ár ndícheall. Tá súil agam go bhfaighimid cabhair ón Rialtas, ó na comhairlí contaetha agus mar sin. Déanann na comhairlí contaetha a ndícheall i rith sheachtain na Gaeilge gach bliain. Tá súil agam go ndéanfar níos mó chun teanga, cultúr agus oidhreacht na Gaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn. Tá sé mar dhualgas ar gach duine a dhícheall a dhéanamh chun an teanga a choimeád agus a dhéanamh níos flúirsí.

Déanann na scoileanna beaga sár obair chun an Ghaeilge, an cultúr agus an spórt a chur chun cinn. Beidh áthas orm dul go dtí an seomra AV tar éis tamaill chun éisteacht leis na daltaí scoile ag cur ceisteanna ar Theachtaí agus ar Sheanadóirí.

Is breá an rud é a bheith in ann gnó a dhéanamh tré Ghaoluinn annso, ach caithfidh mé a rá leis an Taoiseach nach bhfuil na struchtúir dáiríre faoi dhíospóireacht na maidne. Ag féachaint mórthimpeall annso tá 11 suíochán annso le m'ais agus cluasáin i dhá nó trí chinn. Táim ag féachaint mórthimpeall an Tí agus feicim nach bhfuil cluasáin ins an chuid is mó des suíocháin. Ciallaíonn sé sin go raibh an-chuid Teachta nár thuig an méid a bhí ar siúl ar maidin. Níl sé sin ag tabhairt omóis nó fhoirm cheart.

Muna dtuigeann siad is féidir leis na Teachtaí na cluasáin a úsáid.

Níl cluasáin ins an chuid is mó des na suíocháin. Sin atá mé ag rá. Dá bhrí sin, níor deineadh ullmhúchán ceart le haghaidh maidin inniu.

Nach bhfuil siad ansin?

Tá cinn anseo.

Tá trí chinn annso le haghaidh 11 suíochán.

Tá siad le fáil má tá gá leo.

An chuid is mó des na suíocháin níl cluasáin ar bith iontu.

Tuigeann Teachtaí go rí-mhaith cad tá á rá. Níl siad sásta bheith ag éisteacht le seafóid ón Teachta Higgins.

Gearrtha siar arís.

Is féidir leis an Tánaiste ceap magaidh a dhéanamh más sin a theastaíonn uaidh.

Níl mé ag déanamh ceap magaidh.

Nil aon airgead ann.

Más rud é go bhfuilimid dairíre faoi, ní ceart go mbéadh an lá seo mar cur i gcéill. Ba cheart go mbéadh an lá seo dáiríre.

Tá an locht ar an IMF agus ar Angela Merkel.

Nuair a labhraím, nó nuair a labhraíonn aon Teachta tá an ceart aige nó aici go dtuigfeadh gach éinne eile an méid atá á rá.

Is luachmhar d'aon tír agus d'aon phobal a theanga dhúchais. Tá dhá theanga dhúchais sa tír seo, an Ghaoluinn agus an Béarla. An Ghaoluinn an ceann a théann níos faide siar agus a bhfuil stair, seanchas, litríocht, ceol agus amhráin ag baint léi, ach tá fadhbanna móra i láthair na huaire.

Is breá an rud é go bhfuil gaelscoileanna ar fud na tíre ach is iad na gaeltachtaí a chaithfear a chaomhnú má tá dul chun cinn le déanamh chun an Ghaoluinn a chaomhnú. Is iad na gaeltachtaí ancaire na Gaoluinne. Tá na gaeltachtaí faoi bhrú fhiachmhar i láthair na huaire. Ar ndóigh, tá brú ós na meáin cumarsáide ón dtaobh amuigh ach an rud is tromchúisí ná go bhfuil bánú á dhéanamh ar óige na Gaeltachta de bharr na géarchéime eacnamaíochta, mar nach bhfuil postanna acu agus go bhfuil na daoine óga ag dul thar lear. Tá siad caite amach as a dtír féin agus tá na gaeltachtaú ag fulaingt dá bharr. Is é an bánú céanna a tharla ins na hochtóidí agus a lagaigh na gaeltachtaí. Is tragóideach an scéal é go bhfuil an rud seo ag tarlú arís. Is tragóideach an scéal é go bhfuil an polasaí déine, na ciorraithe agus a leithéid, ag déanamh an cheist níos measa.

Tá an géarchéim chaipitleach ar fud na hEorpa agus sa tír seo ag déanamh scrios inár gcultúr agus ar an nGaoluinn tré lagú na ngaeltachtaí. Dá bhrí sin, córas difriúil - córas sóisialach, mar shampla, ina mbéadh obair ag gach duine agus todhchaí ag daoine óga - an rud is tábhachtaí chun ár ndaoine féin a choimeád sa tír seo, agus ins na gaeltachtaí go mórmhór, i dtreo is go mbéadh an t-ancaire san ag an dteanga agus ag an gcultúr agus go bhféadfaí síneadh amach as san ar fud na tíre.

An bhfuil sé aontaithe go roghnaítear an méid ama atá fágtha leis an Teachta Ó Cuív?

Deputies

Tá.

Molaim Conradh na Gaeilge as an obair atá ar bun acu le Seachtain na Gaeilge. Go deimhin, ba mé an chéad duine a thug deontas do Chonradh na Gaeilge le seachtain na Gaeilge a chur chun cinn.

É sin ráite, tá sé náireach nach bhfuilimid ach ag caitheam dornán bheag nóiméad sa Teach ar an ndíospóireacht seo. Ceathracha nóiméad an méid is fiú do phlé na Gaeilge i gcaitheamh na bliana. Ba cheart go mbéadh díospóireacht cheart sa Teach maidir le cúrsaí Gaeilge.

Ní maith liom an happy clappy atmosphere a bhriseadh, ach ó tháinig an Rialtas i gcumhacht is siar agus siar atá siad ag dul ó thaobh na Gaeilge de, go mórmhór an t-Aire Oideachais agus Scileanna. Gach uile deis a fhaigheann sé an Ghaeilge a cur ar gcúl déanann sé é. Tá an straitéis 20 bliain caite i dtraipisí. Níl rud ar bith á dhéanamh faoi. Ní raibh cruinniú ann le bliain anuas. I ndáiríre, tá an Rialtas, tar éis go ndúirt siad sa bhFreasúra go rabhdar chun tacú leis an straitéis 20 bliain, tá siad ag tabhairt cúil leis an straitéis.

Is rud maith é go bhfuilimid ag díriú ar an nGaeilge i rith na seachtaine seo. Cé go bhfuil mé thar a bheith tacúil dos na hiarrachtaí atá á dhéanamh ag daoine an teanga a fhoghlaim agus a labhairt, mar dhuine a labhraíonn an teanga gach uile lá den tseachtain, gurb í an teanga baile agam í agus gurb í an teanga gnó agus sóisialta go minic agam í, creidim nach bhfuil daoine sásta aitheantas a thabhairt do lucht labhartha na Gaeilge a labhraíonn an teanga mar ghnáth theanga seachas teanga dea-mhéine, is cuma cén áit sa tír a bhfuil siad. Tá sé in am ag an Rialtas a thuiscint go bhfuil cearta bunúsacha ag lucht labhartha na Gaeilge.

Is é an trua nach bhfuil agam ach trí nóiméad, mar ní thiocfainn ar chor ar bith leis an méid atá le rá ag an Teachta Ó hUigín maidir leis an nGaeltacht, sa méid seo. Ni mhairfeadh an Ghaeltacht, agus tá mé ag maireachtaíl sa nGaeltacht le fada an lá, muna bhfuil an Ghaeilge á chur chun cinn taobh amuigh den Ghaeltacht. Ní treabh nó cine faoi leith iad mhuintir na Gaeltachta. Ní mór an Ghaeilge a bheith ag dul ar aghaidh ar bhonn náisiúnta má táthar chun an Ghaeltacht a thabhairt slán.

É sin ráite, tá dúshlán faoi leith roimh an Ghaeilge san nGaeltacht, go mórmhór imeasc daoine óga. Ní mór tacaíocht láidir a thabhairt di. Ni féidir léi fanacht go dtí go mbeidh an ghéarchéim eacnamaíochta thart. D'fhéadfaimís teacht lá éigin go mbéadh an-rath ar an tír go heacnamúil ach go mbéadh ceann des na rudaí us luachmaire agus is saibhre atá againn, is é sin an fíor-chainteoir dhúchasach a labhraíonn an Ghaeilge mar ghnáth theanga, ar fad imithe as an tír.

Is masla don Ghaeilge an socrú seo, deich nóiméad an duine. Ag deireadh, ba mhaith liom é seo a rá faoi na cluasáin. Gach uile sheachtain, má labhraíonn Teachta i nGaeilge sa Teach, seachas daoine ag déanamh rudaí a dhéanfaidís i bParlaimint na hEorpa nó in aon pharlaimint eile ar domhan, na cluasáin a chur orthu, maslaíonn lucht labhartha an Bhéarla nach bhfuil aon Ghaeilge acu na gaeilgeoirí tré dhiúltú úsáid a bhaint as cluasáin, bíodh siad sa gcathaoir thíos nó thuas ar na binsí. Sé an cineál dearcaidh a thógann siad ná: "Bhuel, is cuma, is i nGaeilge atá sé ag caint agus ní bhacfaimid éisteacht leis nó na cluasáin a úsáid." Níor thuig mé riamh an meon sin. In aon pharlaimint eile, dá mbeadh na daoine ceannann chéanna ina suí thall sa Bhruiséil, abair, ag cruinniú, mura dtuigfidís an teanga, tharraingeoidís amach na cluasáin, chuirfidís orthu iad agus d'éistfidís go cúirtéiseach leis an méid a bheadh le rá. Is míchúirtéis amach is amach an rud a dhéanann daoine nach bhfuil Gaeilge acu sa tír seo, gan chluas éisteachta a thabhairt nuair atá córas aistriúcháin ann.