Gaeltacht Bill 2012 [Seanad]: Second Stage

Tairgim: "Go léifear an Bille an Dara hUair anois."

Cuireann sé áthas mór orm, mar Aire Stáit le cúraimí Gaeilge agus Gaeltachta, agus mar ionadaí poiblí de bhunadh na Gaeltachta, tús a chur leis an díospóireacht ar Bhille na Gaeltachta 2012 i nDáil Éireann tráthnóna inniu.  Mar is eol don Teach, tionscnaíodh an Bille seo i Seanad Éireann agus chríochnaigh sé gach Céim sa Teach sin tráthnóna inné. Is Bille gairid é Bille na Gaeltachta 2012, le 25 alt i gceithre Chuid agus Sceideal.  Mar sin féin, creidim gur Bille thar a bheith tábhachtach é a mbeidh dea-thionchar aige ar chur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre ar feadh na mblianta amach romhainn.  Ní mór dúinn cuimhneamh gurb í seo an chéad uair ó 1956 go bhfuil aird á tabhairt, trí reachtaíocht, ar an ghá atá le brí nua a thabhairt don Ghaeltacht agus le haitheantas a thabhairt do phobail eile sa Stát a thugann tacaíocht don Ghaeilge.

Tuigeann muid ar fad na hathruithe móra sóisialta, cultúrtha, eacnamaíocha agus déimeagrafacha atá tagtha ar an Ghaeltacht sa tréimhse 56 bliana atá caite ón phíosa reachtaíochta deireanach.  An uair sin, bhí daonra iomlán de 86,000 duine sa Ghaeltacht.  Tá an figiúr sin méadaithe go dtí 97,000 duine inniu. Ar an drochuair, áfach, níl líon na gcainteoirí a úsáideann an Ghaeilge go laethúil ag méadú dá réir.  De réir dhaonáireamh 2011, níl ach 24% de dhaonra na Gaeltachta, nó 23,175 duine, ag úsáid na Gaeilge go laethúil. Tugann an figiúr seo léargas iontach soiléir dúinn ar staid leochaileach na Gaeilge sa Ghaeltacht inniu, agus ar a riachtanaí agus atá sé bearta nua samhlaíocha a thógáil chun na dúshláin a shárú agus tacaíocht a thabhairt do na pobail sin atá tiomanta don oidhreacht shainiúil speisialta atá acu a chaomhnú do na glúine a thiocfaidh inár ndiaidh.

Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt fosta don líon mór teaghlach agus pobal atá tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.  Is comhartha dóchais é go bhfuil 1.77 milliún duine sa Stát anois a deir go bhfuil eolas acu ar an nGaeilge.  Úsáideann 77,000 duine an Ghaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais agus níl amhras ar bith ach go bhfuil dea-thoil fhorleathan don Ghaeilge i measc an phobail i gcoitinne.  Tugann sé seo ar fad dúshraith mhaith dúinn le tógáil uirthi agus muid ar ár ndícheall ag iarraidh na spriocanna dúshlánacha atá leagtha síos sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge a bhaint amach. Ba mhaith liom léargas gairid a thabhairt daoibh ar phríomhchuspóirí agus ar phríomhfhorálacha an Bhille.  Tá dhá phríomhchuspóir ag an mBille - foráil a dhéanamh maidir le próiseas reachtúil pleanála teanga chun tacú leis an Ghaeilge, agus foráil a dhéanamh maidir le leasuithe ar bhord agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta.

Maidir leis an phróiseas reachtúil pleanála teanga, déantar foráil leis an mBille maidir le hainmniú na Gaeltachta reatha mar limistéir pleanála teanga Ghaeltachta.  Chun na críche sin, bainfear úsáid as critéir pleanála teanga a bheidh leagtha síos i rialacháin.  Tá gá leis an gcur chuige seo chun aghaidh a thabhairt ar an athrú suntasach teanga atá ag tarlú sa Ghaeltacht.  Léiríonn an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht i bhfianaise phátrún labhartha teanga an aosa óig, ach go háirithe, go bhféadfadh sé nach mbeadh ach saolré 15 go 20 bliain fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaeltacht, mura ndéanfar gníomh práinneach ina leith seo. Is mar gheall ar an tuar sin go bhfuil forbairt córas cuimsitheach pleanála teanga ag leibhéal an phobail sa Ghaeltacht ina ghné lárnach den straitéis 20 bliain don Ghaeilge.  Dá bhrí sin, tabharfaidh an reachtaíocht seo feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh plean teanga á ullmhú ag leibhéal an phobail do 19 limistéar pleanála teanga faoi leith sa Ghaeltacht, faoi réir rialacháin a shaineoidh na critéir pleanála teanga.

Tá na ceantair a bheidh á roghnú le bheith mar limistéir pleanála teanga Ghaeltachta bunaithe cuid mhaith ar na limistéir pleanála atá ag Údarás na Gaeltachta cheana féin, ach ag tógáil san áireamh nithe ar nós cúrsaí teanga, cúrsaí tíreolaíochta, struchtúir pobail agus dlús daonra.  Ós rud é go bhfuil baint lárnach ag an údarás leis an bhforbairt phobail sa Ghaeltacht agus go bhfuil sé ag maoiniú eagraíochtaí pobalbhunaithe éagsúla, ar nós comharchumainn agus comhlachtaí forbartha, beidh ról ag an údarás maidir le cúnamh a thabhairt do phobail i ndáil le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna limistéir seo.  Tá sé tábhachtach a nótáil go mbeidh gach ceantar atá sa Ghaeltacht faoi láthair ag fáil deis páirt a ghlacadh sa phróiseas pleanála teanga.  Chomh maith leis sin, tá forálacha sa Bhille chun gur féidir leis an Aire ceantair a scor de bheith ina limistéir Ghaeltachta ar an mbunús go dtograíonn siad gan a bheith páirteach sa phróiseas nó nach bhfuil pleananna teanga á gcur i bhfeidhm ar bhonn sásúil.

Déantar foráil leis an mBille fosta maidir le bailte seirbhíse Gaeltachta a ainmniú.  Is é atá i gceist leis seo ná bailte atá suite i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, nó taobh leo, agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí a sholáthar do na limistéir sin.  Chun go ndéanfar ainmniúchán mar bhaile seirbhíse Gaeltachta, beidh ar eagraíocht i mbaile den sórt sin plean teanga a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú.  Déanfaidh Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge, ag brath ar cibé acu atá an baile suite laistigh de limistéir pleanála teanga Ghaeltachta nó lasmuigh díobh, cúnamh a thabhairt d'eagraíochtaí maidir le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna bailte sin. Mar atá ráite agam, is tuar dóchais é an méid atá ar siúl i bpobail éagsúla lasmuigh den Ghaeltacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn.  Ar an ábhar sin, tá sé tábhachtach nach mbeidh an próiseas pleanála teanga teoranta do na ceantair a bhfuil stádas reachtúil Gaeltachta acu faoi láthair.

Baineann alt 11 den Bhille le pobail teanga atá lasmuigh de limistéir pleanála teanga Ghaeltachta a ainmniú mar líonraí Gaeilge, nó limistéir a bhfuil bun-mhais chriticiúil bainte amach acu i dtaca le tacaíocht phobail agus tacaíocht Stáit don Ghaeilge agus a bhfuil pleananna teanga ullmhaithe ina leith.  Beidh ról ag Foras na Gaeilge maidir le cúnamh a thabhairt d'eagraíochtaí i ndáil le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga i líonraí Gaeilge. Foráiltear le halt 12 den Bhille go ndéanfaidh an tAire, le rialachán, na critéir pleanála teanga a úsáidfear i leith pleananna teanga i leith limistéar pleanála teanga Gaeltachta, bailte seirbhíse Gaeltachta agus líonraí Gaeilge a fhorordú.  Tá réamhullmhúchán déanta cheana ag mo Roinn chun critéir shamplacha, a chuimseoidh gach gné de shaol an phobail, a fhorbairt i gcomhar le páirtithe leasmhara laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.  Tá na critéir seo foilsithe ar shuíomh gréasáin mo Roinne, www.ahg.gov.ie. Tá aitheantas poiblí tugtha agamsa go minic cheana don obair cheannródaíoch atá déanta ag Údaras na Gaeltachta ag forbairt na Gaeltachta le breis agus 30 bliain. Cuirfidh na hathruithe atá beartaithe sa Bhille seo dlús leis an obair sin agus ginfidh na feidhmeanna breise Gaeilge-lárnaithe atáthar ag tabhairt don údaras misneach agus fuinneamh nua san eagraíocht.

Déantar na forálacha seo a leanas leis an Bhille: (i) deireadh a chur leis an gceanglas i ndáil le toghcháin dhíreacha chun bord Údaras na Gaeltachta; (ii) laghdú a dhéanamh ar an líon cómhaltaí ar an bhord ó 20 go 12; foráil a dhéanamh maidir le comhairlí contae, a bhfuil limistéir Gaeltachta laistigh díobh, d'ainmniú cúig chómhalta den bhord lena gceapadh ag an Aire, agus foráil a dhéanamh maidir leis an Aire do cheapadh na seachtar gcomhalta eile; (iii) feidhmeanna breise a thabhairt don údaras maidir le pleanáil teanga agus cur chun cinn teanga sa Ghaeltacht; (iv) deireadh a chur le coistí reachtúla réigiúnacha an údarais; (v) laghdú a dhéanamh ar mhéid an choiste meastóireachta reachtúil; (vi) a chumasú don Aire a ordú don údaras infheistíocht a dhéanamh in earnalácha áirithe fiontraíochta; agus (vii) foráil a dhéanamh i dtaobh nithe gaolmhara eile.

De bharr na leasuithe atáthar ag déanamh ar alt 8 d'Acht Údarás na Gaeltachta 1979, soiléireofar go bhfuil cúram reachtúil ar an údarás maidir le forbairt teanga, chultúir, shóisialta, fhisiciúil agus eacnamaíoch na Gaeltachta a chur chun cinn.

Mar is eol do Theachtaí, tá cinneadh tógtha ag an Rialtas deireadh a chur le toghcháin do bhord an údaráis. Mar aitheantas don traidisiún láidir daonlathais atá ag baint leis an bhord áfach, tá gné dhaonlathach de cheapadh na gcomhaltaí a coinneáil. Déanfaidh comhairlí contae, a bhfuil limistéar Gaeltachta nó limistéar pleanála teanga Gaeltachta suite ina ndlínse, cúig chomhalta den bhord a ainmniú as measc na gcomhaltai tofa. Déanfar ceathrar comhalta den chúigear sin a ainmniú as measc chomhaltaí tofa chomhairlí contae chontaetha Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus Chiarrai agus beidh siad ina n-ionadaithe ar feadh an téarma iomláin oifige. Déanfar an t-ainmniúchán eile a líonadh ar bhonn sealaíochta uair amháin gach dhá bhliain trí chomhalta tofa a bheith ainmnithe ag ceann amháin de na comhairlí contae ina bhfuil limistéir bheaga Ghaeltachta, is iad sin Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí.

I gcás nach féidir le comhairle contae duine dá comhaltaí tofa a ainmniú ar chúiseanna nach bhfuil an duine ar fáil nó go bhfuil sé nó sí mí-oiriunach, féadfaidh an chomhairle sin duine seachas ionadaí tofa a ainmniú. Is é an t-Aire a cheapfaidh na seacht gcomhalta eile, lena n-áirítear an cathaoirleach.

Tá sé tábhachtach a nótáil go mbeidh ar gach duine a cheapfar a dheimhniú don Aire go bhfuil taithí acu, nó go bhfuil cumas léirithe acu, i ndáil le nithe a bhaineann le feidhmeanna an údarais, lena n-áirítear an cumas chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach i nGaeilge, rud atá thar a bheith tábhachtach.

Beidh sábháiltí airgid ag eascairt ón Bhille. Meastar gurb é a bheidh sa tsábhail a leanfaidh as Cuid 3 den Bhille a bhaineann le bond Údaras na Gaeltachta ná tuairim is €100,000 sa bhliain agus sábháil suas go €500,000 gach cúig bliana. Ní shamhlaítear go leanfaidh aon chostais bhreise don Státchiste as na codanna eile den Bhille mar go mbeidh siad á gcur i gcrích laistigh den soláthar a bheidh ceadaithe ón Státchiste, trí phróiseas na Meastachán.

Ba mhaith liom cupla focal a rá maidir le nithe atá tagtha chun cinn ón uair gur foilsíodh an Bille an mhí seo caite. Tá cáineadh déanta ar an Bhille mar gheall ar easpa comhairliúcháin phoiblí agus easpa ama a líomhnaítear a bheith tugtha don díospoireacht i dTithe an Oireachtais. Ní ghlacaim leis na líomhaintí seo ar chor ar bith. Is mar gheall ar thréimhse fhada comhairliúcháin phoiblí ag dul siar blianta atá an Bille seo tagtha ar an fhód. D'eascair na comhairliúcháin phoiblí seo as tionscnaimh agus próisis eagsúla ar a n-áiritear Coimisiún na Gaeltachta, an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsaid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus an Straiteis 20 Bliain don Ghaeilge. Anuas air sin, bhí comhairliúcháin phoibli ann maidir le hÚdaras na Gaeltachta agus Acht na dTeangacha Oifigiúla. Creidimse go láidir gur gníomh atá ag teastáil anois seachas tuilleadh cainte.

Tugadh thart ar dheich n-uaire an chloig don díospoireacht ar an Bhille sa tSeanad le coicís anuas. Faoin am a mbeidh sé imithe trí gach chéim sa Dail, beidh tuairim is fiche uair a chloig díospóireachta déanta air idir an dá Theach. Dá bhrí sin, ní thuigim conas gur féidir a rá nár tugadh deis do Thithe an Oireachtais forálacha an Bhille a chíoradh go mion. Is mór an méid ama 20 uair a chloig san dá Theach do Bhille a raibh súil againn leis agus a bhfuil an oiread sin plé déanta mar gheall air le blianta anuas.

Cuireadh thart ar 160 leasú síos ar an Bhille agus é ag dul trí na céimeanna éagsula sa tSeanad. Bhí téamaí comónta ag rith trí go leor de na leasuithe sin agus déanfaidh mé iarracht anois blas de na téamaí sin a thabhairt don Teach seo.

Moladh, mar shampla, gurb é Údaras na Gaeltachta a dhéanfadh na pleananna teanga a ullmhú i gcomhar le heagraíochtaí pobail sna limistéir pleanála teanga Gaeltachta. Téann an smaointeoireacht seo i gcoinne an choincheap gurb iad na pobail atá lárnach don phróiseas pleanála teanga ina gceantair féin agus gur chóir go mbéadh siad i gceannas ar an phróiseas dá réir. Is iad muintir na Gaeltachta, lucht labhartha na teanga, na daoine a mbeimid ag brath orthu ins na blianta amach romhainn chun an teanga a labhairt agus a choinneáil beo. Is í an fhealsúnacht atá taobh thiar den mBille ná go mbeidh ról lárnach ag na pobail in ullmhú na bpleananna teanga. Mar atá an Bille leagtha amach, tá an Stát ag tabhairt tacaíochta do na pobail trí Údaras na Gaeltachta, a bheidh ag tabhairt cúnaimh do na heagraíochtaí pobail pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú. Mar sin, beidh páirt lárnach ag na pobail Gaeltachta i gcur na bpleananna le chéile agus beidh cuidiú, tacaíocht agus comhairle le fáil ó Údarás na Gaeltachta agus ó dhreamanna eile a bhfuil saineolas acu ar chúrsaí teanga agus ar chúrsaí pleanáil teanga.

Moladh fosta gan aon ról a thabhairt d'Fhoras na Gaeilge maidir le cuidiu a thabhairt d'eagraíochtaí aitheantas a fháil do bhailte seirbhíse Gaeltachta aaa taobh amuigh den Ghaeltacht. Ní thig liom aontú leis an leasú seo ar dhá chuis. Ar an chéad dul síos, níl sé i gceist ag an Rialtas feidhmeanna breise a thabhairt do Údaras na Gaeltachta lasmuigh den Ghaeltacht mar atá sí sainithe faoi láthair. Go stairiúil, tá Údaras na Gaeltachta ag plé leis na ceantair Gaeltachta on bhliain 1980 agus leanfaidh sé de bheith ag plé leo faoin Bhille seo. Ar an dara dul síos, tá raon leathan feidhmeanna ag Foras na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann agus tá an méid atá beartaithe faoin Bhille ag teacht lena fheidhmeanna agus lena ghníomhaíochtaí.

Díreoidh mé anois ar leasuithe a moladh maidir le feidhm a thabhairt don Choimisinéir Teanga sa Bhille. Cé go dtuigim an bunús a bhí leis na leasuithe seo, is é sin go mbéadh an t-Aire scartha on bpróiseas a bhaineann le gnéithe éagsula den phróiseas pleanála teanga a chur i bhfeidhm, tá mé sasta go bhfuil an cur chuige atá rianaithe sa Bhille cóir, réasúnta agus oiriúnach. Sa chéad áit, tá deighilt an-soiléir feidhmeanna déanta sa Bhille maidir le ról na Roinne agus róil Údaras na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge faoi seach. Is iad Údaras na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, mar is cuí, a bheidh ag cuidiú le heagraíochtaí pleananna teanga a ullmhú i gcomhar limistéir pleanála teanga Gaeltachta, bailte seirbhíse Gaeltachta agus líonraí Gaeilge. Is é an t-Aire a bheidh freagrach as na pleananna sin a fhaomhadh faoi réir critéir shainiúla. Ar an dara dul síos, is é Údaras na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, mar is cuí, a chuideoidh le heagraíochtaí na pleananna teanga a chur i bhfeidhm ar an talamh. Ina dhiaidh sin, déanfaidh an t-Aire athbhreithniú treimhsiúil ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir le cur i bhfeidhm an phlean agus, chun na críche sin, rachaidh an t-Aire i gcomhairle le hÚdarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge, mar is cuí. Tabharfar deis aon laigí a aithneofar i bpleananna teanga a leigheas thar thréimhse ama. Léiríonn an próiseas seo go bhfuil deighilt shoiléir ann maidir le feidhmeanna an Aire agus feidhmeanna na ngníomhaireachtaí.

Árdaíodh ceisteanna freisin sa tSeanad maidir le rangú na Gaeltachta i gcatagóirí A, B agus C, mar a moladh sa staidéar cuimsitheach teangeolaioch. Faoin chur chuige atá beartaithe sa Bhille seo, beidh deis á tabhairt do na pobail éagsula i 19 de limistéir pleanála teanga plean cuimsitheach dá gceantair a ullmhú agus a fheidhmiú i gcomhar le hÚdaras na Gaeltachta. Ciallaíonn an cur chuige seo go bhfuil dlús substaintiúil daonra sna limistéir éagsúla agus go mbeidh mórphlean teanga le réiteach i leith 19 de na limistéir sin. Tabharfaidh an mórphlean seo aitheantas do na cúinsí teanga éagsúla taobh istigh de gach limistéar pleanála teanga. I gcás na bpobal sin ina labhraíonn móramh na ndaoine Gaeilge, beidh béim ar chosaint na Gaeilge mar ghnáth-theanga an phobail. I gcás pobail eile nach bhfuil an Ghaeilge chomh láidir céanna iontu, beidh béim ar na gréasáin phobail Ghaeilge atá iontu a láidriú.

Tá leasuithe molta fosta maidir le comhaltaí a thoghadh do bhord Údarás na Gaeltachta trí thoghcháin dhíreacha. Mar atá mínithe agam, tá cinneadh déanta ag an Rialtas deireadh a chur leis an modh ceapacháin seo agus líon na gcomhaltaí ar bhord an údaráis a laghdú ó 20 comhalta go 12. Déanfar na comhaltaí a cheapadh ar bhealach oscailte agus trédhearcach a thugann aird ar ghné an dhaonlathais. Tá ceisteanna ardaithe chomh maith maidir le tréimhse ionadaíochta níos giorra a bheith tugtha ar bhord an údaráis do na contaetha a bhfuil ceantair Ghaeltachta níos lú iontu. Ba mhaith liom a threisiú go mbeadh sé dodhéanta freastal ar mhianta ionadaíochta gach pobal, go háirithe leis an líon comhaltaí laghdaithe go mór ar bhord an údaráis. Is é an príomhsprioc ná go mbeidh Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú faoi threoir bord atá éifeachtach, cumasach agus tiomanta chun leas na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn.

Le hachtú an Bhille seo, beidh céim mhór tógtha maidir le gnéithe tábhachtacha den straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chur i gcrích. Beidh ról ceannasach ag eagraíochtaí pobail taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht obair i gcomhpháirtíocht leis an Stát maidir le pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú dá gceantair. Níl amhras ar bith orm ach go mbeidh borradh úr le brath faoi úsáid na Gaeilge ar bhonn forleathan sna blianta beaga amach romhainn mar thoradh ar an mBille seo. Maireann teanga mar gheall ar mhórtas an phobail. Tá mé lándóchasach, leis an spreagadh ceart ón Stát, go bhfuil pobail ann ar fud na Gaeltachta agus ar fud na tíre atá sásta dul i ngleic leis an dúshlán an Ghaeilge a thabhairt ar aghaidh mar theanga theaghlaigh agus phobail don chéad ghlúin eile.

Beidh deis anois ag baill an Tí seo tuairimí a nochtadh faoina bhfuil sa Bhille. Tá mé ag súil go mór éisteacht leo. Ba thógáil croí dom, i ndíospóireachtaí a bhí againn anseo cheana, an dea-mhéin a léiríodh agus an tacaíocht a tugadh do cheisteanna agus rúin a bhain leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht. Tá súil agam go mbeidh an dea-mhéin agus an tacaíocht chéanna ar fáil ar bhonn traspháirtí don reachtaíocht tábhachtach seo. Mar sin, molaim an Bille don Teach.

Ba mhaith liom mo chuid ama a roinnt leis an Teachta Mac Giolla Laoire.

An bhfuil sé sin aontaithe? Aontaithe.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as ucht an díospóireacht seo a thosú. Tá díomá orm nach bhfuil dóthain ama againn chun an reachtaíocht seo a phlé. Labhair an tAire Stáit mar gheall ar an díospóireacht a tharla sa Seanad. De réir mar a thuigim é, ní raibh Seanadóirí in ann ach 20% de na leasuithe a phlé le linn na díospóireachta sa Teach sin. Níl sé sin maith go leor. Tuigim nach mbeidh ach lá amháin againn an tseachtain seo chugainn chun leasuithe a phlé sa Teach seo. Cén fáth go bhfuil a leithéid de dheifir ar an Rialtas an Bille seo a chríochnú roimh briseadh an tsamhraidh? B'fhearr le go leor eagrais Ghaeilge, Teachtaí Dála agus Seanadóirí go bhfanfaimid go dtí an fhómhair chun an díospóireacht ar an mBille seo a thabhairt chun críche.

Tá na heagrais Ghaeilge ag súil le Bille na Gaeltachta le blianta anuas. Is féidir an rud céanna a rá faoi éinne a bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht. Mar a dúirt an tAire Stáit, tá dhá phríomhchuspóir ag an mBille seo - próiseas reachtúil pleanála teanga a struchtúrú chun tacú leis an Ghaeilge agus leasuithe a dhéanamh ar bhord agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta. Dúirt sé go gcuirfidh sé béim ar na critéir pleanála teanga in áit na critéir tíreolaíochta a úsáideadh roimhe seo. Aontáim leis an Aire Stáit sa mhéid sin. Aontaím freisin gurb é an reachtaíocht seo an deis deireanach chun an Ghaeltacht a shábháil.

Is í an fhadhb is mó atá agam leis an reachtaíocht seo ná go bhfuil níos mó cumhachta a thabhairt don Aire Stáit. Tá an Bille lag i dtaobh na sonraí agus na mionrudaí atá sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Tá sé ag dul in aghaidh an daonlathas. Dúirt an tAire Stáit go dtiocfaidh coigilt de €500,000 as Cuid 3 den Bhille os rud é nach mbeidh toghchán ann. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin fíor. Dá mbeadh toghchán Údarás na Gaeltachta ar siúl ar an lá céanna le olltoghchán, toghcháin áitiúil nó reafrainn, ní bheadh an costas chomh mór sin. B'fhéidir go mbeadh sé idir €10,000 agus €15,000.

Tá an daonlathas an-tábhachtach. Caithfimid é a chur sa phríomh-áit. Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire Stáit maidir leis an gcúigear comhalta a bheidh á roghnú ag comhairleoirí contae i nDún na nGall, Gallimh, Maigh Eo agus Ciarraí. Os rud é go bhfuil comhairleoirí de chuid páirtithe an Rialtais i gcumhacht sna ceantair sin, sa chuid is mó, is dócha go roghneoidh siad daoine óna bpáirtithe féin. Caithfidh mé a rá go dtarlódh an rud céanna dá mbeadh Fianna Fáil nó aon páirtí eile i gcumhacht. Tá súil agam go mbeadh toghchán Údarás na Gaeltachta ag dul ar aghaidh sa chás sin, áfach.

Is rud bunúsach é an daonlathas a chur chun cinn. B'fhéidir go n-athróidh an Aire Stáit a intinn mar gheall ar na toghcháin. B'fhearr iad a chur ar siúl chun seans a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta a gcuid vótaí a chaitheamh. Dé réir mar a thuigim an Bille, ainmeoidh an Aire Stáit seachtar comhalta an bhoird. An mbeidh comhchoistí Tithe an Oireachtais ag plé leis an gceist bunúsach sin? Uaireanta, is féidir le Aire áirithe cathaoirleach ar bhord éigin a ainmniú. Táimid ag féachaint ar an bpróiseas sin le blianta. Céard faoin cúigear comhalta eile? Os rud é nach mbeidh aon toghchán ann, an mbeidh daoine in ann iarratais ar na poist sin a chur isteach?

Beidh, ar www.publicjobs.ie.

B'fhéidir go dtabharfaidh an tAire freagra dom ag deireadh na díospóireachta.

Beidh siad in ann é a aistriú go Gaeilge chomh maith.

Tuigim go bhfuil an tAire Stáit ag caint faoi puncanna.

Is féidir eolas ar fhostaíocht phoiblí a fháil i nGaeilge ar an suíomh sin.

Is maith an rud é go mbeidh ról ag na coistí, mar a dúirt an tAire Stáit. Tá súil agam go mbeidh deis ag na coistí agallaimh a eagrú leo siúd atá ag iarraidh bheith ar an údarás. Cén fáth nach féidir le muintir na Gaeltachta iad a thoghadh?

Tá imní orm go mbeidh an iomarca cumhachta á thabhairt don Aire, agus dos na hAirí a thiocfaidh ina dhiaidh. Ba mhaith liom tagairt do rud a scríobh Seosamh Mac Donnacha ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge sa Cheathrú Rua, in The Irish Times. Dúirt sé gur cheart go bhfoilseofaí láithreach na critéir faoina roghnódh Údarás na Gaeltachta na heagrais a bhéas ag plé le hullmhú pleananna teanga. Aontaím leis sin. Níl an t-eolas go léir againn maidir leis an mBille.

Bhí mé ag breathnu ar an suíomh idirlín gaelport.com, agus an chéad abairt a chonaic mé ná, “What’s the rush, Minister?” Leanadh leis an alt mar seo:

Irish language groups, Conradh na Gaeilge and Guth na Gaeltachta have expressed their dismay that a defective Gaeltacht Bill would be enacted before the Houses of the Oireachtas break for the summer recess. Donnchadh Ó hAodha, president of Conradh na Gaeilge said it was scandalous that the politicians and the public would not get a chance to debate the Bill in full before it was pushed through the Dáil. Other critics have included the Coimisinéir Teanga, the language ombudsman, who has stated that the Bill will be seriously problematic should it not address the need for public bodies to improve services in the Irish language to Gaeltacht communities.

Tá an cheist á cur ag na heagrais Gaeilge agus ag an Coimisinéir Teanga maidir le seirbhísi do chainteoirí dúchais. Mar shampla, an bhfuil plean teanga fós ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an HSE? Bhí scéalta sna nuachtáin mar gheall ar chainteoirí dúchais i nDún na nGall a bhí ag iarraidh gnó a dhéanamh tré Ghaeilge leis na gardaí. Bhí fadhbanna ag daoine a bhí ag iarraidh gnó a dhéanamh tré Ghaeilge le comhairlí contae. Sin iad na ceisteanna gur cheart díospóireacht a dhéanamh orthu. Tá súil agam go mbeimid in ann é sin a dhéanamh. Ní bheidh an deis againn díospóireacht a dhéanamh orthu má théann an reachtaíocht go han-tapaidh tríd an Dáil.

Níl a lán tráchta ins na meáin cumarsáide faoin mBille, de réir mar a léim agus mar a chloisim. Déanaim comhghairdeas le Comhaltaí an tSeanaid a rinne plé ar an mBille. Bhí an-díospóireacht acu. Bhí mé féin ag smaoineamh ar abairt a bhíodh ag Liam Ó Murchú nuair a bhíodh an clár teilifíse "Trom agus Éadrom" á láithriú aige. Deireadh sé, "You'd get away with it in Irish". Sin atá ag tarlú anois. The Minister of State is getting away with it in Irish. He can certainly get away with it when there is a big Government majority.

Last week in The Irish Times, Donncha Ó hÉalaithe wrote an important article where he spoke about the need for further work on defining more realistic Gaeltacht boundaries, which he states is critical to the preservation of the Irish language. He asked, “Is it too late to ask the Government to withdraw this faulty legislation and redraft a more honest and courageous Gaeltacht Bill in the autumn? After 12 years of waiting we can afford another few months of delay in order to get it right. The survival of our living language heritage is at stake.”

Is maith an rud go bhfuil an Roinn ag pleanáil agus ag plé leis na limistéir pleanála teanga Gaeltachta. Tá súil agam go mbeidh feidhmeanna níos soiléire ag Údarás na Gaeltachta. Bhuail mé le hoifigigh ón Roinn agus tá mé an-bhuíoch díobh as an léargas a thug siad dom ar an mBille. Cuirim fáilte roimh na treoracha nua don údarás, cur i gcás turasóireacht, feirmeoireacht éisc agus gnóthaí mar sin. Chuir mé féin ceist cupla uair ar an Aire ag iarraidh go dtabharfaí maoiniú don Gathering an bhliain seo chugainn nuair a bheidh airgead de dhíth ins an Ghaeltacht agus ar na hoileáin don chomhdháil sin.

Tugann an t-údarás cúnamh chun postanna a gcur ar fáil ins an Ghaeltacht. Tá 7,700 post ins an Ghaeltacht faoi láthair, le cabhair an údaráis. Tá seacht gcontaetha i gceist agus tá 20% de hoibrithe na Gaeltachta fostaithe i dtionscail a cuireadh ar bun ag Údarás na Gaeltachta. Tá an t-údarás ag déanamh sár obair chun míle post a chur ar fáil in aghaidh na bliana. Tá sé de chuspóir ag an údarás níos mó ná 8,500 post a bheith ann i gcionn trí bliana eile.

Tá sin tábhachtach agus tá obair an-mhaith á déanamh ag an údarás. Ach tá ceist agam faoi Údarás na Gaeltachta. Deir an t-Aire Stáit go mbeidh beirt déag ar bhord an údaráis. Tá sin ceart go leor, ach ní aontaím leis an gcinneadh go roghnófar seachtar ag an Aire. Tá seacht gceantar Gaeltachta ann. Ba cheart go mbéadh comhaltaí ón seacht gceantar sin ar bhord an údaráis. Beidh cathaoirleach an bhoird freagrach do choiste an Oireachtais ach ní bheidh na baill eile a roghnófar ag an Aire freagrach ar an dóigh chéanna.

Chuala mé díospóireacht faoin mBille cupla lá ó shin ar chlár raidió "Today With Pat Kenny". De réir mar a chuala mé, níl na heagrais Gaeilge i bhfábhar an Bhille. Labhair an t-Aire Stáit féin ar an gclár ach is beag duine seachas é féin a labhair i bhfábhar na rudaí atá á dhéanamh aige. Is gá plé a dhéanamh ar na bailtí seirbhíse Gaeltachta, is iad san na bailtí atá gar don Ghaeltacht ach atá taobh amuigh di, agus ar na líonraí Gaeilge, Irish language networks. Caithfear an reachtaíocht a phlé leis an bpobal. Sin an fáth a deirim gurb fhearr fanacht go bhfillfidh an Dáil sa bhfómhar chun díospóireacht cheart a dhéanamh ar an mBille.

Mar fhocal scor, iarraim ar an Aire Stáit ath-bhreithniú a dhéanamh ar an mBille. Bhí díospóireacht ar an mBille ag Comhairle Contae na Gaillimhe agus vótáladh i gcoinne thoghchán an údaráis a chur ar cheal. Níl ansin ach comhairle contae amháin. Tá a fhios agam go bhfuil imní ar a lán Teachtaí Dála agus Seanadóirí nach mbeidh ionadaithe ar an údarás ós na pobail Gaeltachta i bPort Láirge, i gCorcaí agus i gContae na Mí. Tá a lán rudaí eile a bhfuil díomá orm nach bhfuil siad san mBille, ach b'fhéidir go mbeidh seans againn tagairt a dhéanamh dóibh nuair a pléifear leasaithe ar Chéim an Choiste.

Níor cuireadh a dhóthain ama ar fáil chun na leasaithe a bplé. Ní bheidh ach lá amháin againn an tseachtain seo chugainn chun Céim an Choiste a phlé. Ach déanfaidh mé féin agus na Teachtaí eile ár ndicheall chun an Bille a leasú.

Tá mé lán-sásta caint faoi Bhille na Gaeltachta 2012. Tá sé soiléir go bhfuil daoine an-bhuartha faoin mBille, go háirithe na heagrais agus na cumainn Gaeilge, agus ní bheidh seans againn cúiseanna na mbuarthaí sin a bplé roimh dheireadh an tseisiúin seo. Críochnófar an Dara Chéim amárach agus críochnófar Céim an Choiste an tseachtain seo chugainn. Tar éis na díospóireachta sa tSeanad agus na leasaite a moladh sa Teach sin, ní luíonn sé le cearta na n-eagras agus na gcumann sin nach mbeidh seans ag an Dáil am a chaitheamh ar Chéim an Choiste, ach go háirithe, agus díospóireacht chuimsitheach a dhéanamh ar an gCéim sin.

Mar gheall ar an deifir sin, ní bheidh an Bille chomh láidir agus a d'fhéadfadh sí a bheith agus ní bhfaigheadh sí tacaíocht ó eagrais mar Chonradh na Gaeilge agus a leithéid. Tá díomá orm go bhfuil an deifir sin orainn agus go bhfuil an Bille os comhair an Tí ag deireadh an tseisiúin nuair atá Teactaí faoi bhrú chun go leor píosaí oibre a chríochnú. Mar adúirt an Teachta Kitt, ní bheidh díospóireacht cheart againn de bharr na deifre sin.

Iarraim ar an Rialtas an díospóireacht a cur siar go dtí an chéad seisiún eile. Ní béadh aon deifir ar an Aire go ceann cupla mí agus b'fhéidir go mbeidh seans ag Teachtaí i rith laethanta saoire an tsamhraidh an Bille a phlé le daoine agus a dtuairimí a gclos. B'fhéidir go mbéadh Bille níos fearr againn dá bharr sin.

Bhí mé ag éisteacht lena raibh le rá ag an Aire Stáit. Cuirim fáilte roimh a lán de. Níl sé ceart go bhfuil deireadh a chur le toghchán Údarás na Gaeltachta. Dúirt an tAire Stáit agus an Aire, an Teachta Deenihan, go dtéann na comhairleoirí contae tofa sna cheantair Gaeltachta go dtí cruinnithe an údaráis. Dúirt siad go bhfuil sé sin ar nós local democracy, ach ní aontaím leis sin. Ní bheidh comhairleoirí chomh láidir leis na hionadaithe atá againn faoi láthair. Tugann na toghcháin a tharlaíonn gach cúig bliana, b'fhéidir, deis do cheantair Gaeltachta na tíre todhchaí na Gaeltachta a phlé. Is féidir leo machnamh a dhéanamh ar na rudaí atá riachtanach chun na Gaeltachtaí a choimeád agus a láidriú. Sá chóras atá leagtha amach sa reachtaíocht seo, beidh toghcháin na gcomhairlí contae ar siúl gach cúig bliana ach ní bheidh aon díospóireacht faoi Údarás na Gaeltachta, postanna sa Ghaeltacht nó na hábhair eile a phléitear roimh toghcháin an údaráis.

Táimid ar tí an seans atá againn plé ceart ar todhchaí na Gaeltachta a bheith againn gach cúig bliana a chailleadh. Ba cheart go mbeadh seans ag muintir na Gaeltachta seasamh suas ar son a gceantair féin. Ní bheidh an seans sin acu sna toghcháin áitiúla. Beidh an údarás nua cosúil l'aon choiste eile sa chomhairle chontae. Tar éis na toghcháin áitiúla, beidh na comhairleoirí cosúil le páistí ar maidin Nollag. It will be a case of presents for the boys. Ní bheidh seans ag na ceantair Ghaeltachta an cineál duine atá oiriúnach don údarás nua a phlé. Tá a lán rudaí á cailleadh mar thoradh ar an scriosadh atá á dhéanamh ar toghchán díreach an údaráis; go háirithe, an díospóireacht ar staid na Gaeilge agus na Gaeltachtaí a tharlaíonn gach cúig bliana. Is é sin an rud is mó.

Ba mhaith liom labhairt mar gheall ar an obair a dhéanann Údarás na Gaeltachta i dtaobh tionscail agus poist. Tá beagnach bliain imithe ó theip Meitheal Forbartha na Gaeltachta. Tá a fhios agam go bhfuil an tAire Stáit ag déanamh a dhícheall an fadhb seo a réiteach. An bhfuil an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ag déanamh a dhícheall, áfach? Tá a lán comhlachtaí agus cumainn áitiúla ag fanacht chun airgead a fháil as Meitheal Forbartha na Gaeltachta, as Leader agus as an EU. Níl siad in ann an t-airgead sin a fháil. Tá sé caite. That money has been spent and the local organisations cannot access it. An official somewhere in the system of Government needs to get the finger out and solve this problem. If that does not happen, this country will lose Leader money.

Like Deputy Kitt, I want to make this point in English because I am concerned that what is said in Irish can get lost. In the absence of an immediate resolution of this problem - within the next few weeks - Ireland will lose Leader money and it will have to send unspent Leader money back. That would be a shame. The turnaround time is so long that every Gaeltacht area which wants to submit a Leader application and get money will need to have a Leader company up and running by September. Some of the organisations that are waiting for the money to which they are entitled took out bank loans to build projects, invested their own moneys or had to depend on their parent organisations for funding.

I appreciate that the Minister of State has done his best with regard to Meitheal Forbartha na Gaeltachta, but somebody somewhere needs to get their finger out and solve this problem immediately because it is causing huge hardship. Cén fáth nach bhfuil an jab seo á thabhairt go dtí an t-údarás? Tá oifigí agus foirne iontacha ag an údarás i ngach Gaeltacht sa tír. An bhliain seo caite, bhí Údarás na Gaeltachta réidh chun an jab a bhí á dhéanamh ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta ag an am sin a dhéanamh. Is féidir leis an údarás an jab sin a dhéanamh os rud é go bhfuil tionchar áitiúil aige agus go bhfuil sé in ann cabhair a thabhairt do na daoine áitiúla. Ní thuigim cén fáth nár ghlac an Rialtas an rogha sin an bhliain seo caite nuair a bhíomar ag déileáil le fadhb Meitheal Forbartha na Gaeltachta.

Tá mé buartha faoi na pleananna teanga atá le cur le chéile. Cuirim fáilte roimh an smaoineamh. Is maith agus is láidir an smaoineamh é. Cén saghas eolas a bheidh ag na daoine i ngach ceantar a bheidh freagrach as na pleananna a ullmhú? Cén saghas support a gheobhaidh siad ón údarás? An mbeidh foireann an údaráis ar fáil chun cabhair a thabhairt dóibh? Cé a bheidh i gceannas ar an bplean a chur le chéile sna cheantair teanga? An mbeidh sé de dhualgas ar an gcomhairle contae, an community council nó Cumann Lúthchleas Gael go háitiúil é seo a dhéanamh? Cé a bheidh i gceannas ar an bpróiseas seo sna cheantair áitiúla? Níl na freagraí sin soiléir sa reachtaíocht seo.

Ba mhaith liom soiléiriú a fháil ón Aire Stáit i dtaobh an tacaíocht a bheidh ar fáil. An mbeidh airgead ar fáil chun pleananna a ullmhú? Chosnóidh an próiseas seo airgead. Tá na pleananna seo chomh tábhachtach - beidh stádas Gaeltachta na ceantair seo ag brath orthu - gur cheart go mbeadh airgead ar fáil chun daoine a fhostú chun iad a ullmhú. Cuirim fáilte roimh an riachtanas sa Bhille go gcaithfidh gach plean dul os comhair an Aire. Cén saghas turnaround a bheidh ann? Nuair a fhaigheann an Roinn na pleananna ó na ceantair, an seolfar ar ais iad taobh istigh de mhí, mar shampla? Will they be approved within a certain timeframe? An bhfuil seans ann go mbeidh ar cheantar éigin dul ar ais go dtí an Roinn arís agus arís eile chun ceisteanna a fhreagairt, mar a tharla i gcomhthéacs go leor pleananna eile? Tá sé tábhachtach go mbeidh customer service arrangement ag an Roinn chun cabhrú leis na ceantair na pleananna seo a chur le chéile.

Chuala mé an díospóireacht ar "Today with Pat Kenny", nuair a labhair an Aire Stáit faoi Chluain Dolcáin i gcomhthéacs Gaeltachtaí nua a bhunú. Chuirfinn an-fáilte roimh ceantair nua Gaeltachta. Tá sé soiléir go bhfuil daoine i gceantair éagsúla a thuigeann gurb é ceann de na fadhbanna is mó a bhaineann le stádas na Gaeilge sa tír seo ná go bhfuil iomarca béime fós á chur ar chúrsaí gramadaí, srl., a chuireann eagla ar dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim. Má chuirimid béim ar an mbéaltriail agus ar ár gcultúr, beidh rudaí i bhfad níos láidre sna cheantair Ghaeltachta agus sa chuid eile den tír.

Bhí ar dhaoine de mo ghlúin Peig a staidéar. Rinne an leabhar sin dochar uafásach don Ghaeilge. Ag an am sin, cuireadh an-bhéim ar an tuiseal ginideach. Ní raibh cliú ag éinne faoi rudaí den sórt sin. Ní raibh aon relevance acu don saghas Gaeilge a bhí againn. Tá seans ag daoine anois an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chéiliúradh. Ní fhéachann páistí ar an teanga mar saghas medicine a thuilleadh. Tá sé soiléir go bhfuil siad ag glacadh an seans atá acu ár dteanga dúchais a chéiliúradh. Tá gaelscoileanna ar fud na tíre agus tá na fleadhanna cheoil i bhfad níos láidre ná mar a bhí. Tá daoine ag iarraidh cultúr na Gaeilge agus cultúr na tíre a chéiliúradh. Ba cheart go mbeadh an reachtaíocht seo oiriúnach le haghaidh an aois seo. Caithfidh an Roinn obair leo siúd atá ag iarraidh an teanga a chéiliúradh.

Is dóigh liom go bhfuil na fóralacha sa Bhille seo a bhaineann le Údarás na Gaeltachta ag dul sa treo mícheart, i gcoinne na daoine. Ní bheidh seans acu baill an údaráis a phlé os rud é nach mbeidh siad tofa go díreach amach anseo. An mbeidh sé riachtanach dóibh siúd a thiocfaidh ó na comhairlí contae go dtí an t-údarás nua bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht? B'fhéidir go mbeidh an tAire Stáit ábalta an cheist sin a fhreagairt amárach. An mbeidh an Aire Stáit in ann aon chomhairleoir contae a chur ar an mbord? An gcaithfidh gach ball an údaráis bheith ina chónaí nó ina cónaí sa Ghaeltacht? An mbeidh an Aire Stáit in ann aon duine as aon chuid den chontae i gceist a chur ar an údarás, fiú muna bhfuil aon Ghaeilge aige nó aici? Iarraim ar an Aire Stáit freagra a thabhairt dom amárach.

D'fhéadfainn a lán rudaí eile a ardú. Choimeád mé súil ar an díospóireacht sa Seanad. Tá a fhios agam gur moladh an iomarca leasuithe sa Teach sin. Tháinig an gilitín aníos ar chuid mhaith dóibh, ach ná bacaimís leis sin. Léiríonn sé sin go bhfuil a lán buartha ar dhaoine. Is léir, chomh maith, go bhfuil suim ag a lán daoine san mBille. Ní aontaím nár rinneadh a lán phlé ar an mBille. Rinneadh go leor plé air agus tá a lán suim ag daoine san mBille. Mar gheall ar an suim sin, ní bheimid in ann am a chaitheamh ar an díospóireacht mar ba cheart a dhéanamh, toisc an deifir atá ar an Rialtas go gcríochnófar an díospóireacht ar an mBille an tseachtain seo chugainn. Tá a fhios agam go bhfuil an t-Aire ag iarraidh rud maith a dhéanamh agus bhéadh an Bille i bhfad níos láidre dá gcaithfí cupla seachtain breise ar Chéim an Choiste nuair a thiocfaidh an Dáil ar ais tar éis an tsamhraidh. Má caifear cupla seachtain ar Chéim an Choiste nuair a thagann an Dáil ar ais san fhómhar beidh an Bille i bhfad níos fearr ná mar atá sé anois.

Le cead an Tí, roinnfidh mé mo chuid ama leis an Teachta Pearse Doherty má tá sé in ann bheith anseo.

Ar shlí amháin, tá éacht déanta ag an Aire Stáit. Tá sé tar éis Bille Gaeltachta a chur os comhair an tí, rud a bhfuilimid ag fanacht air le tamall maith de bhlianta. Táimid ag fanacht le fada le Bille Gaeltachta a dhíreodh isteach ar thodhchaí na Gaeltachta. Sin an fáth go n-aontaím leis na Teachtaí atá tar éis labhairt go dti seo.

Ní cóir go mbéadh fuadar orainn an Bille a rith tríd an Teach roimh an Aoine seo chugainn. Níl mé ag rá gur chóir dúinn moill a chur rudaí, ach ba chóir dúinn an méid ama is cóir a ghlacadh chun gur féidir linn déileáil i gceart leis na leasaithe a bhéas á moladh agam féin agus ag Teachtaí eile.

Tá tuiscint ag an Aire Stáit ar cheist na Gaeilge. Bhí díospóireachtaí eadrainn thar na blianta agus is léir go dtuigeann sé an cheist agus go bhfuil todhchaí na Gaeltachtaí os a chomhair i gcónaí agus go dtuigeann sé cá háit ar chóir dúinn a dhul. Ní hé sin le rá go bhfuil gach rud san mBille foirfe. Tá súil agam, mar sin, go bhfuil an t-Aire Stáit chun éisteacht a thabhairt do Theachtaí, mar a rinne sé sa tSeanad, agus tá suíl agam go mbeidh am againn fá na choinne sin.

De réir an sceidil atá leagtha amach faoi láthair, ní bheidh ach trí uair a chloig againn chun díospóireacht a dhéanamh ar Chéim an Choiste agus ar an Tuarascáil. Tá sin mícheart ach sin a tharlaíonn roimh sos an tsamhraidh gach bliain. Mar an gcéanna, bhí an t-Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais ag iarraidh go rithfí an Bille um Dhócmhainneacht Phearsanta tríd an Dáil faoi dheifir toisc go raibh an sochaí ag fanacht air. Sa deireadh thiar thall, bhí an Rialtas, agus an t-Aire féin, sásta glacadh leis go raibh Teachtaí ar gach taobh den Teach ag iarraidh labhairt ar an mBille. Ós rud é go bhfuilimid ag déanamh athraithe suntasacha ó thaobh fiacha de agus ar mhaithe le daoine atá i gcruachás, glacadh leis go raibh sé de cheart ag gach uile Teachta díospóireacht cheart a dhéanamh, go mba cheart go ndéanfaimis machnamh ar na leasaithe i rith an tsamhraidh agus muid ar saoire on áit seo, go dtiocfaimís ar ais chucu sa bhfómhar agus go mbéadh an Bille réidh roimh an Nollaig,.

Sin a bhfuil mé ag iarraidh ar an Aire Stáit. Ba chóir an díospóireqacht a chur ar athló nuair a glacfar leis an Dara Chéim an tseachtain seo chugainn, agus ní bhéinn go hiomlán i gcoinne gilitín a dhéanamh ag an am sin, machnamh a dhéanamh air i rith an tsamhraidh agus Céim an Choiste agus an Tuarascáil a phlé san bhfómhar.

Thagair an t-Aire Stáit dos na líomhaintí a rinneadh nár tugadh go leor ama don díospóireacht ar an mBille. Is é an ghnáth choinbhinsiún san Oireachtas go mbíonn tréimhse dhá sheachtain nó mí idir fhoilsiú Bhille agus díospóireacht a dhéanamh air agus go mbíonn tréimhse dhá sheachtain idir chéim amháin agus céim eile. Ní bhristear an coinbhinsiún sin ach i gcás éigeandála nó nuair a cuirtear teorainn ama ar reachtaíocht ag na cúirteanna, nó a leithéid. Níl aon teorainn ama sa chás seo, seachas go bhfuilimid ag fanacht ar an mBille leis na blianta. Más amhlaidh, cén dochar a dhéanfadh sé fanacht dhá nó trí mhí breise.

Tá daoine ar gach taobh den Teach báúil don chuid is mó a bhfuil sa mBille. Tá roinnt fadhbanna ann, agus tá daoine ag iarraidh é a leasú chun déanamh cinnte de go mbeidh an Bille chomh foirfe agus is féidir, ó thaobh na Gaeilge de. Dúirt an t-Aire Stáit, agus daoine eile, go mb'fhéidir gur seo an deis dheireannach a bhéas againn an Ghaeltacht a sábháil. Caithfimid déanamh cinnte de go bhfuilimid chun an obair a déanamh i gceart. Ní leor trí uair a chloig ar an Déardaoin seo chugainn chun plé le gach mion-fhorálach atá san mBille. Sin an fáth go bhfuilimid ag impí ar an Rialtas go dtiocfaimís ar ais chuig an mBille i Mí Meán Fhómhair agus críoch a chur leis an díospóireacht i Mí Meán Fhómhair nó i Mí Deireadh Fómhair. Mar sin, bhéadh an Bille réidh roimh Nollaig. Ní bheidh an córas nua i réim roimh an bhliain seo chugainn pé scéal é.

Tuigim go bhfuil fadhb maidir le toghcháin Údarás na Gaeltachta. Nuair a bhí an t-Aire Stáit ar an dtaobh seo den Teach agus Fianna Fáil ag cur an toghcháin ar athló tré reachtaíocht, chuireamar ar fad ina choinne sin ach rinneadh é mar sin féin. Is féidir an rud céanna a dhéanamh an uair seo. D'fhéadfaí an toghchán a chur ar athló go ceann sé mhí eile agus, más toil an Oireachtais ansin é, fáil réidh leis na toghcháin ar fad. Ní aontaím gur cheart fáil réidh leis na toghcháin ach is féidir toghchán na bliana seo a chur ar athló. Ní bhéadh gá ach le Bille aon líne ar an Déardaoin seo chugainn.

Tá sé tábhachtach, agus cuíosach dearfa, go bhfuilimid ag díriú ar an Ghaeltacht a aithint i gceart. Níl fadhb ar bith agam maidir le bunú na líonraí Gaeilge, na bailtí seirbhíse Gaeltachta nó na limistéir pleanála teanga Gaeltachta. Céim chun tosaigh iad na líonraí Gaeilge agus tá mé cinnte go mbeimís in ann tógáil orthu amach anseo. Tá mé ag caint faoina leithéid le tamall de bhlianta ins an Teach seo agus lasmuigh de. Is cuimhin liom freastail ar láinseáil phlean cúig bliana Bhord na Gaeilge roinnt blianta ó shin. Cad a tharla dó sin? An príomh fáth gur theip ar an bplean sin, agus ar a lán des na pleananna eile, nach raibh maoiniú ceart ann. Minic go leor, ní raibh an toil ann ach oiread. Bhíodh a lán cainte faoi na pleananna iontacha seo ach bhí easpa cur chuige agus easpa maoiniú ann.

Tá mé ag impí ar an Rialtas nach fiú tráithnín an Bille muna bhfuiltear chun maoiniú ceart a chur taobh thiar de agus na hacmhainní cearta a thabhairt do Údarás na Gaeltachta agus do Fhoras na Gaeilge chun forálacha an Bhille a gcur chun cinn.

Tá an dáinséar ann go gcuirfidh na pleananna teanga moill ar an gcur chuige agus ar an obair ar chóir a dhéanamh láithreach ó thaobh na Gaeltachta de. Tá an dáinséar ann go mbeidh go leor de chur chuige Údarás na Gaeltachta agus Fhoras na Gaeilge gafa suas le pleananna a gcur le chéile nó le déileáil leo. Feicimid cad atá tarlaithe go dtí seo maidir leis na pleananna atá in ainm is a bheith ann faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an mhoill atá ar roinnt des na húdaráis agus na comhlachtaí Stáit na pleananna a gcur i réim. Tá an t-Acht sin cuíosach coimeádach ó thaobh na n-adhmanna atá sna pleananna. Tuigim nach mbéadh an t-Aire Stáit sásta glacadh le plean a bhéadh coimeádach ó thaobh na limistéir Gaeltachta de, ach ní bheidh sé ina Aire go deo na ndeor. B'fhéidir gur mhaith leis go mbéadh agus ní bheidh éinne againn sa phost chéanna go deo na ndeor. Is cuimhin liom tréimhsí nuair a bhí Airí Gaeltachta nach raibh an Ghaeltacht mar phríomhchuspóir acu. Ag uaireanta áirithe, bhí Taoiseach an lae, Aire ealaíon an lae nó Aire éigin eile i gceannas ar an nGaeltacht. Go minic i stair na tíre seo, ní raibh tús áite tugtha don Ghaeltacht. Is é sin an fáth go bhfuil mé buartha mar gheall ar na pleananna Gaeltachta a thiocfaidh chun cinn. Tá súil agam nach mbeidh sé cruthaithe go bhfuil an ceart agam an imní sin a bheith orm.

Baineann an príomhghearán atá agam i dtaobh na reachtaíochta seo leis an athrú atá le déanamh ar toghcháin an údaráis. Tá sé molta go gceapfaidh an tAire agus na comhairlí contae comhaltaí an údaráis. Thar na blianta, is minic nár tháinig na comhaltaí is fearr agus is gníomhaí in Údarás na Gaeltachta ó na páirtithe móra. Níor fuair ionadaithe ná bpáirtithe sin mórán tacaíochta óna gcuid páirthithe go lárnach - bhí siad beagáinín neamhspleách, b'fhéidir os rud é go rabhadar ina gcónaí sa Ghaeltacht. Ní gá go mbeidís tofa ag na comhairlí contae. Tiocfaidh ball amháin as Comhairle Contae Ciarraí. Níl aon geallúint ann go seasfaidh an chomairle contae sin le meon an phobail. Roimhe seo, ar a laghad bhí deis ag muintir na Gaeltachta duine a roghnú chun gníomhú ar a son. I gcásanna áirithe, toghadh daoine nach raibh Gaeilge maith go leor acu, nó nach raibh spéis acu an Ghaeltacht a chur chun cinn. Ar a laghad, bhí siad tofa agus dá bhrí sin bhí an locht ar an bpobal áitiúil nó ar an páirtí a roghnaigh agus a chur chun cinn iad. Má táimid chun an deis atá ag an bpobal áitiúil daoine a thoghadh a bhaint astu, beidh laghdú á dhéanamh againn ar an daonlathas áitiúil.

Cosnaíonn an daonlathas airgead. In ainneoin na meáin agus iad siúd a bhíonn ag caitheamh anuas orainn, tá costas i gceist leis an daonlathas. Ní féidir an daonlathas áitiúil a chruthú ar an ngannchuid. Ní féidir linn bheith sprionlaithe nuair atá infheistiú a dhéanamh againn. Mhol muid athruithe éagsúla thar na blianta. Mar shampla, dúirt muid gur cheart go mbeadh toghchán Údarás na Gaeltachta ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla agus toghchán Parlaimint na hEorpa. Dá mbeadh an moladh sin glactha, bheadh coigilt airgid an-mhór i gceist. Ar a laghad, bheadh an daonlathas áitiúil slán. Má leanann an Rialtas ar aghaidh leis an reachtaíocht mar atá sí, déanfar íslú céime ar Údarás na Gaeltachta. Beidh an t-údarás cosúil leis na VECs nó fóram an HSE sa mhéid is go mbeidh roinnt comhairleoirí contae agus roinnt ainmnithe air. Ní bheidh an t-aitheantas nó séasamh céanna ag an údarás is a raibh nuair a bhí neamhspleáchas áirithe ag baill tofa an údaráis. As seo amach, beidh siad go huile agus go hiomlán gafa ag pé Aire i réim atá tar éis iad a cheapadh. Roghnóidh an tAire seachtar as an 12 duine a bheidh ar an údarás nua. Impím ar an Aire Stáit fáil réidh leis an bhforáil seo agus port a athrú. Ba cheart dó cur leis an daonlathas seachas leanúint leis an gcreimeadh ar chumhachtaí na húdaráis áitiúla agus eagrais tofa atá ag tarlú, diadh ar ndiadh, sa Stát seo. Is é seo ceann de na príomhfhadhbanna agus príomhlochtanna leis an mBille seo.

Labhair mé faoin fuadar maidir leis an am agus a leithéid. Tá ceisteanna eile ann maidir leis na coistí réigiúnda. Cad a tharlóidh dóibh? Conas a bheidh siad in ann díriú isteach ar an obair atá á dhéanamh acu faoin láthair, go háirithe má tá an údarás chun a bheith chomh mion is atá i gceist ag an Aire Stáit? Bhí na coistí réigiúnda in ann díriú isteach ar rudaí a bhí cuíosach áitiúil agus déileáil leo i mbealach nach mbeidh oscailte, b'fhéidir, d'aon ghrúpa a bheidh ag déileáil leis na Gaeltachtaí ar fad agus an réimse gnó, srl., a bhaineann leo. Measaim gur am cinniúnach é seo, ní hamháin dúinn sa Dáil ach freisin dóibh siúd atá tar éis teaghlaigh a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht, gan go leor tacaíocht ón Státchóras ó bunaíodh an Stát. Déanaim comhghairdeas i gcónaí leo siúd a sheas an fód agus a chosain an Ghaeilge nuair a chas daoine eile ar phort eile. Má táimid chun plean ollmhór nua a chur le chéile chun an Ghaeltacht a chosaint, caithfimid cabhrú leo siúd atá ina gcónaí sna ceantair sin é a dhéanamh i gceart. Ní thiocfaimid ar ais chuige seo chomh tapaidh arís. Tá seans againn é seo a dhéanamh i gceart. Impím ar an Rialtas nach mbeidh deifear orainn. Más gá fanacht mí nó dhá mhí breise chun é seo a dhéanamh i gceart, ba cheart an t-am sin a thógáil. Má tharlaíonn sé sin, beimid ar fad in ann tacaíocht a thabhairt do na hathruithe atá cuí chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a shlánú sa tír seo.

Cuirim fáilte roimh an mBille. Is maith an rud é go bhfuil sé á phlé againn sa Dáil inniu. Tá a fhios againn gur chuir an Rialtas deireanach go leor moille ar an reachtaíocht seo. Ní thuigim, agus an Bille seo á léamh agam, an oiread ama agus a ghlacadh lena thabhairt chun tosaigh. Tá sé ráite go raibh próiseas comhairliúcháin ansin, ach nuair a labhair mé le daoine sa Ghaeltacht agus le eagraíochtaí Gaeltachta dúirt siad liom nár éist an Rialtas leis an gcomhairle a bhí ar fáil. Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh inniu agus Seanadóirí Shinn Féin nuair a bhí an Bille á phlé sa Teach sin, cuireann ár bpáirtí fáilte roimh chuid mhór den mhéid atá sa reachtaíocht seo. Ag an am céanna, tá an Bille lochtach ar chuid mhaith ábhair. Ardaíodh ceist an daonlathais, mar shampla, níos luaithe i gcomhthéacs Údarás na Gaeltachta. Is le pobal na Gaeilge Údarás na Gaeltachta. Tá cineál dlúthcheangal eatarthu ós rud é go gcaitheann muintir na Gaeltachta vóta ar son an bhoird. Tá an ceangal sin le scaoileadh anois agus tá quango eile le cruthú. Beidh an Aire Gaeltachta in ann an chuid is mó den bhord a ainmniú. Tiocfaidh an chuid eile ó na comhairlí contae. Ní bheidh na ceantracha beaga Gaeltachta in ann ionadaíocht buan ar an mbord a bheith acu. Ní bheidh ach ionadaíocht sealadach acu, agus í a roinnt le ceantair eile le linn an téarma.

Tá fadhb níos doimhne le scrúdú sa chomhthéacs seo. Cé gur ceisteanna iontach móra iad an daonlathas sa bhord agus na daoine cearta a chur ar an mbord, is í ceist na teangan an fadhb millteanach atá le réiteach againn. Tá an teanga ag fáil bháis. Labhair mé go minic anseo faoin staidéar chuimsitheach teangeolaíochta ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Chosain an staidéar forleathan sin cuid mhór airgead don Stáit. Is dóigh liom gur chosain sé thart ar €500,000 ag an am. Ghlac sé cuid mhór ama leis an staidéar a chur ar fáil. Bhí moltaí faoi leith sa staidéar sin, moltaí radacacha ina measc, a rachadh chun sochair don Ghaeltacht. Sa reachtaíocht atá os ár gcomhair, níl freagra ar bith le fáil ar cuid de na ceisteanna a tháinig as an staidéar sin. Sa mheabhrán míniúcháin agus airgeadais a cuireadh ar fáil leis an mBille, déantar tagairt don téarma ama a luaitear sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar usáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Ceann de thorthaí an staidéir nach raibh ag na ceantair Gaeltachta is láidre sa tír ach saolré idir 15 bliana agus 20 bliain muna dtugaimid aghaidh ar na fadhbanna. Moladh réitithe sa staidéar le aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna. Scrióbhadh an staidéar sin cúig bliana ó shin. Má amharcaimid ar an téarma is ísle a luadh ann, 15 bliana, níl fágtha ach deich mbliana ag cuid des na ceantair is láidre. Sin an cineál faidhbe atá againn sa Ghaeltacht.

Ní ró-mhinic a dhéanaimse Aire a mholadh, ach níl dabht ar bith agam ach go bhfuil croí an Aire Stáit istigh sa Ghaeltacht agus sa teanga. Tá sin gan dabht. Ní thiocfadh le duine ar bith a bhfuil aithne phearsanta aige ar an Aire Stáit ach sin a rá. Tá sé sé bliana agus an mhí seo a chuaigh thart ó d'fhógair an t-Aire Stáit go raibh sé ag éirí as an bpolaitíocht. Ag an am sin, chuir mé féin preas ráiteas amach ag guí gach rath air agus a leithéid mar sin. Ceann des na rudaí a dúirt mé ná nach bhfuair sé an tseans mar ba cheart. Tá mé ag déanamh go raibh 24 bliana caite aige mar Theachta Dála ag an am sin. B'fhéidir go bhfuil sé ina thriochadú bliain anois. Dúirt mé nach bhfuair sá an tseans a ba chóir dó a fháil a bheith ina Aire, mar gurb iad Fianna Fáil, ar an mhórchuid, a bhí sa Rialtas, ach amháin taobh istigh de dhá bhliain. Táimid anois sé bliana chun tosaigh. D'athraigh an Teachta McGinley a intinn, bhain sé an suíochán agus bhain sé arís é, agus tá sé anois ina Aire Stáit agus cúram na Gaeltachta air. Níl a fhios agam cé mhéad ama atá sé ag dul a chaitheamh san Oireachtas, má fhaigheann sé tacaíocht an phobail i dTír Chonaill, ach seo deis mhillteanach don Aire Stáit, go pearsanta, mar dhuine a bhfuil a chroí istigh sa teanga agus sa Ghaeltacht. Anois, tá sé ag déileáil leis an Bhille is tábhachtaí ariamh, ó thoabh todhchaí na Gaeltachta de.

Tá mé den bharúil i gcónaí nach bhfuil an freagra ag aon duine amháin ar cheist na Gaeilge. Níl na freagraí uilig ag duine nó ag páirtí ar bith. Níl siad ag an Rialtas nó ag Sinn Féin. Ach an rud is measa ar féidir linn a dhéanamh ná deifir a cur ar an mBille. Tá sé contráilte trí uair a chloig a glacadh leis na leasaithe a bplé. B'fhéidir nár chóir glacadh leis na moltaí atá á gcur chun tosaigh ach, ar a laghad, ba chóir plé agus mion-scansáil agus scrúdú a dhéanamh orthu agus díospóireacht a bheith againn. Beidh na cinnidh atáimid a dhul a dhéanamh amach as an phlé a bheidh againn inniu agus an tseachtain seo chugainn ina bhuntáistí, nó ina míbhuntáistí, ag pobal na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge le blianta fada amach anseo.

Ba mhaith liom a rá go pearsanta agus chomh hionraic agus is féidir liom gur chóir dúinn amharc arís ar an téarma ama atáimid a dhul a thabhairt don Bhille.

Tá go leor atá iontach maith san Bhille. Ar a laghad tá rud éigin ag tarlú. Ar an drochuair, ní théanna an Bille go mion isteach gceist na ceantair a gcur i catagóirí A, B agus C, mar a moladh sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch. Tá a fhios agam go bhfuil deacrachtaí ó thaobh cuid des na ceantair de ach d'fhéadfaí réiteach a fháil orthu sin. Glacann an Bille ceantair móra agus níl an pleanáil teanga le tosú ach i gcuid acu sin ar dtús báire. Ceann des na fadhbanna a bhaineann leis sin nach n-aithnítear an géarchéim atá ann ag an bpointe seo, nuair a cuimhníter nach bhfuil ach idir deich mbliana agus 15 bliana ag na ceantair Gaeltachta is láidre sa tír. Tá ceantair láidre Gaeltacht i dTír Chonail ar nós Gaoth Dóbhair, Machaire Rabhartaigh agus Rann na Feirsde ina bhfuil 80% den daonra ag labhairt Gaeilge go laethúil. De réir an Bhille, tá gach ceantar Gaeltachta go fóill sa Ghaeltacht, agus is ceart go dtarlódh sin agus go mbéadh deis ag gach ceantar ardú céime a dhéanamh nó réiteach eile a fháil ar an bhfadhb. Ach níl deich mbliana nó 15 bliana ag na ceantair sin. Níl acu ach seal beag ama agus b'fhéidir go bhfuil corr cheantar a bhfuil sé ro-mhall dó. Ceann des na lochtanna móra atá sa Bhille nach bhfuil sé láidir go leor agus nach n-aithníonn sé an géarchéim atá againn ag an phointe seo. Sin ceann des na laigí móra atá sa Bhille.

Ag deireadh an lae, is féidir le rialtais agus le polaiteoirí é a dhéanamh níos fusa do thuismitheoirí agus do dhaoine aonair cinnidh a dhéanamh an Gaeilge a labhairt nó a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge. Tá ceisteanna móra ansin. Beidh cuid mhór des na bunscoileanna atá thart ar cheantair Gaeltachta Thír Chonail ag cailleadh múinteorí i mbliana. Beidh seisear muinteóir ar an iomlán á gcailleadh ag scoileanna Loch an Iúir, Machaire Rabhartaigh agus Bun Beag. Sin fadhb ó thaobh oideachais de, ach is fadhb í ó thaobh na Gaeilge de chomh maith. Cuir i gcás go bhfuil scoil ceithre mhúinteoir ag iarraidh tumoideachas a chur ar fáil. Ciallaíonn sé sin nach mbeidh na páistí ag éisteacht le focal Béarla sa rang go dtí go mbeidh siad i rang a haon. Má tá múinteoirí á gcailleadh ag scoileanna beaga ní féidir sin a dhéanamh. Beidh trí rang ins gach seomra ranga, agus na naíonáin sóisir agus sinsir agus rang a haon istigh le chéile. Nuair a bhéas an múinteoir ag teagasc na ndaltaí i rang a haon beidh na naíonáin ag éisteacht leis an mBéarla, mar caithfi Béarla a chur ar an rud is moille. Mar sin, tá fadhbanna ó thaobh tumoideachas a chur ar fáil mar gheall ar na ciorraithe sin.

Caidé an cineál critéir a leagfar síos agus cén cineál measúnachta a déanfar ar na critéir? Tá ceantair Gaeltachta i mo chontae féin, mar shampla, a bhfuil paróistí iontu ina bhfuil scoileanna dara leibhéal nach bhfuil ag teagasc na n-ábhar tré mheán na Gaeilge. An mbeidh na ceantair sin sa Ghaeltacht sna todhchaí má choinníonn na scoileanna ag dul ar an dóigh sin? An mbeidh ceantair Gaeltachta ann sna todhchaí ina rachaidh na páistí go dtí meánscoil ina bhfaigheadh siad a gcuid oideachais tré Bhéarla? Sin ceist mhór. I bPobalscoil Chloch Cheann Fhaola, mar shampla, tá sruth Gaeilge ón chéad bhliain go dtí an tríú bhliain ach níl sruth Gaeilge don árd teistiméaracht. Leoga, bhí ceist ann i mbliana an mbéadh an sruth Gaeilge ann ón chéadh bhliain go dtí an tríú bhliain mar nach bhfuil mórán daltaí ann. Tá an scoil sin ag déanamh freastail ar cheantair iontach láidre Gaeltachta. Tá fadhbanna ansin. Níl réiteach agamsa ar an bhfadhb sin ach seo ceisteanna a gcaithfimid a bplé. Tá na scoláirí sin ag labhairt Gaeilge ar fad sa bhaile agus sa phobal ach ní féidir leo a gcuid oideachais a dhéanamh i nGaeilge tríd téarma na scoile.

Rinne an t-iar Aire, Mary Coughlan, cinneadh ó thaobh taisteal go dtí na scoileanna. De réir an chinnidh sin, caithfidh dalta dul go dtí an scoil is cóngaraí dó. Caithfidh daltaí i Machaire Rabhartaigh nó i gCaiseal na gCor, mar shampla, dul go dtí Pobalscoil Chloch Cheann Fhaola, áit nach bhfuil sruth Gaeilge chomh fada leis an árd teistimeireacht ar fáil, már nach bhfuil siad ábalta an bus a fháil go dtí Pobalscoil Ghaoth Dobhair. Tá go leor fadhbanna beaga, agus iontach móra, nach bhfuil soiléir sa Bhille.

Tá ceisteanna ó thaobh aitheantas a thabhairt dos na na bailte agus dos na ceantair úra. Deirtear go mbeidh ról ag Foras na Gaeilge ansin. Tá an Rialtas ag déanamh an bhotúin chéanna a rinne an t-iar Aire, Charlie McCreevy, nuair a d'fhógair sé go raibh Foras na Gaeilge le dílárnú go Gaoth Dóbhair agus go mbéadh na postanna uilig ag dul ansin. Tá a fhios againn, deich mbliana ina dhiaidh sin, nár tharla sin ar chor ar bith. Tháinig postanna úra, ach níl na figúirí iomlána againn go fóill, agus ní bheidh. Níor thuig Charlie McCreevy nach raibh an focal deireannach aige ó thaobh Fhoras na Gaeilge de. Is eagraíocht uile Éireannach é agus tá ról ag an Aire sna Sé Chontae sa phróiseas fosta. San mBille seo, táimid ag tabhairt cumhachtanna do Fhoras na Gaeilge ó thaobh na mbailtí seirbhíse Gaeltachta de. Beidh ról ag an bhforas ach, de réir mar a thuigim, níl plé ar bith déanta ag an Aire Stáit nó ag duine ar bith sa Roinn leis an Aire ó Thuaidh, ó thaobh na gcumhachtanna seo. Táimid ag tabhairt isteach reachtaíocht i leith bhord uile-Éireannach agus rinne muid dearmad iomlán labhairt leis an Aire ó Thuadh fá dtaobh de.

Má aontaíonn an t-Aire Stáit gur cheart go mbéadh níos mó ama againn beimid ábalta mion-phlé mar is ceart a dhéanamh ar na hábhair seo.

Bhí mé féin agus an Aire Stáit ar choiste uile-pháirtí roimhe seo nuair a rinneamar scrúdú ar an straitéis 20 bliain. Chuireamar cuid mhór moltaí chun tosaigh agus glacadh leo d'aon ghuth. An rud is fearr a thiocfadh linn a fheiceáil ag teacht amach as an díospóireacht seo ná go mbéadh an Dáil d'aon ghuth faoin mBille. Aithnímid uilig, is cuma cén pháirtí a bhfuilimid ann, go bhfuil fadhb sa Ghaeltacht agus sa Ghaeilge. Aithním go bhfuil teorainn leis an méid airgid agus leis an gcaiteachas gur féidir leis an Stát a chaitheamh, ach tá rudaí nach gcaithfí airgead a chaitheamh orthu agus a dhéanfadh difear millteanach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Tá rudaí a gcaithfí airgead a chaitheamh orthu ach tá rudaí eile nach gcaithfí ach iad a ath-eagrú, ó thaobh oideachais agus a leithéid mar sin.

Tá eagla orm nach mbeidh an deis cheart againn seo a phlé, agus tá súil agam go rachaidh an t-Aire Stáit ar shiúl as an phlé seo atá againn inniu agus amárach agus go n-amarcfaidh sé ar níos mó ama a thabhairt le mion scansáil a dhéanamh ar an reachtaíocht sa dóigh is go dtig linn é a dhéanamh níos láidre. Tá a fhios agam go bhfuil sé féin agus mé féin ar an leathanach céanna, go bhfuilimid ag iarraidh an rud is fearr a dhéanamh ó thaobh na Gaeltachta de. Ní seo an Bille ceart, go fóill, ach tá go leor rudaí maithe ann.

Fuair an t-Aire Stáit an dara rogha ó 2006 agus tá sé sa chathaoir anois. Ar an drochuair, thiocfadh leis seo tiontáil iontach salach. Tá an t-Aire Stáit sa Dáil le 30 bliain. D'fhéadfaí cuimhne a bheith ag daoine air mar an Aire a bhain daonlathas amach as an údarás agus nár ghlac an deis le tacaíocht a thabhairt don Ghaeltacht nuair a bhí an Ghaeltacht ar a glúine. Níor mhaith liomsa gur sin an dóigh a mbéadh cuimhne ag daoine ar an Aire Stáit agus níor mhaith leis féin é ach an oiread. D'fhéadfadh sé a bheith ina Aire a bhí mar cheannródaí agus a thug isteach reachtaíocht atá pobal na Gaeltachta a iarraidh. Níl eagraíochtaí na Gaeilge sásta leis an mBille seo agus tá siad ag iarraidh níos mó. Is féidir é sin a dhéanamh má oibrímid le chéile agus níos mó ama a thabhairt don mBille.

Tá an Teachta ‘Ming' Flanagan ag roinnt a chuid ama leis an Teachta Healy

Some people would suggest that Dáil Éireann is not representative of the whole country. While previous speakers have been able to contribute to this debate in Irish I am going to spoil the party and speak in English, which proves this House is not an exact representation of the country. Nowhere in this country, other than in this House, one would come across so many Irish speaking people. I do not know why it is the case. Perhaps Members of the House were better at and could better absorb Irish at school than I could. However, it is a positive thing. I am not being critical, it is brilliant that so many Members of this House can speak Irish. I suppose I am jealous I cannot speak it. However, one would say that is my own fault.

I have listened to the debate on this Bill during the past week and heard the Minister of State speak about it on radio last week. The Minister of State, Deputy McGinley, is, of all Ministers in this Government, 100% genuine in terms of what he is trying to do. He is massively passionate about this subject, which indicates he cares about it. It would be unfair of me to say to him here that in pushing through this Bill, even though many groups are speaking against it, he does not care about the Irish language. That would be rubbish. The Minister of State obviously cares about the Irish language.

What I have picked up from the debate is that we should focus more on the few small areas where Irish is standard rather than try to over-stretch ourselves. In other words, areas wherein more than two thirds of the people speak it every day. There is no template on the planet on how to restore a language. I am no expert on this issue and as such cannot criticise what is being proposed. I do not know what way to fall in terms of the argument being made. I look forward to listening to the remainder of the debate, following which, hopefully, I can make up my mind.

I see some sense in the argument that we should be protecting those few areas wherein Irish is the main language. I do so based on my experience of having left Ireland to live in Germany and Spain. I got three pass level Ds in languages in my leaving certificate examination, which left me with the impression I was rubbish at languages. I was good at mathematics. However, when I went to live in Germany I was able to learn German because I was immersed in it and needed to understand it to survive. Even though I did not study Spanish in school, when I went to live in Spain, despite my belief that I had no ability to learn languages, after a couple of months I could in Spanish, without fear of making an eejit of myself, order vegetables, bread and so on in a store and a taxi over the phone. I learned enough of both languages to enable me get by in both countries. I may be coming down on the side of those who argued with the Minister of State on the radio this week that we need to concentrate on particular areas because, if they disappear, then people like me, who are not the best at learning from books - this applies to the majority of people with whom I attended school - will never have an opportunity of going to the only places where we can learn the Irish language. I was able to learn Spanish and German in Spain and Germany.

Many years ago, when I was on the dole and there was no prospect of my getting work I decided to move to the Gaeltacht. I moved to An Spidéal, which is a lovely place. However, one did not need to speak Irish to survive there. Being able to speak Irish was not an essential unlike when I went to Spain whereby the only way I could get home was to learn some Spanish. In Spiddal there was always someone available to tell me in English what to do. As such I fell back and did not learn the language. I had a different experience in Carraroe in that there I was immersed in the Irish language, although there "bicycle" and "ashtray" were translated as "wicycle" and "tashtray. For this reason, I fall, perhaps, on the side of the argument that we must protect these areas.

I know how genuine the Minister of State is and I could not imagine him jeopardising this, which leaves me not knowing which side of the argument I should support. The Minister of State wants to preserve the language. I am sure he understands the importance of these areas and would not want them destroyed, which leaves me pretty undecided about where I stand on this. While I welcome the idea of having towns where the language will be developed, I am a little concerned about the removal of democracy provision. Given my experience on county councils I would be concerned that because of this the Minister of State would not get as many people dedicated to the idea of saving the Irish language as he would if people had consciously to run for election.

At the end of the day, regardless of what is done with this, the future of the Irish language rests in how it is taught in schools. The last time I spoke about the Irish language in here, I explained how my eldest daughter, who loved the language at the age of seven because they were playing bingo in Irish and doing other such things, has now at the age of nine grown to hate it. I had always been told that one of the reasons children did not like the Irish language was that they get negative vibes about it at home, which they definitely do not get in my home because I use the little bit of Irish I have with them. However, still she has grown to hate it and she is not unique because everyone in her class seems to hate it. Hate is a strong word, but they hate using the language and find it boring, irrelevant and tedious. We are discussing how the language could die in 15 to 20 years. In ten years' time all the students in my daughter's class will have left school and if they hate it as much as they do now they will still hate it unless something major changes.

We hear that the Irish language could potentially be finished in 15 years. In addition to this something serious needs to be done with how Irish is taught in schools. I understand that we are moving towards 40% of the State examinations being oral or aural. I believe we should have an examination that is 100% spoken Irish, without the need to explain the symbolism of the poem An Droimeann Donn Dílis. It is so much more important to know how to order a loaf of bread or pay into a disco than it is to know about the symbolism of the lost province or whatever it was meant to be about. While that is also important those are different layers adding more texture to the language and we need to get the basics right first.

I am ashamed to say what I am about to say. Out of my class in school - we were the weakest class- half of us did not know what "ní thuigim" meant until a couple of weeks before doing our leaving certificate oral examination. Sometimes something has to become essential before people do anything about it. It became essential for us because we needed the ability in the oral examination to say, "I don't understand." We learned more Irish in a three-week crash course before the oral examination than we had done in the previous 13 years. That was a massive achievement - a massive negative achievement - and indicates how it could be done so much better.

There are other approaches to immersion than being in a Gaeltacht. I understand Deputy Mattie McGrath has suggested twinning Gaeltachtaí with other areas. When I grew up, my parents could not afford to send me to the Gaeltacht - it was the rich kids who went to the Gaeltacht. Some of them were my friends who probably did not realise they were rich, but they were richer than us. We were excluded. Twinning towns would bring the Gaeltacht to towns.

The most significant development in the Irish language was the introduction of TG4. Until I watched "Wimbledon Beo" last week I did not know what "freastail" meant. While knowing what it meant did not make much difference to my life, watching "Wimbledon Beo" it did. I discovered that freastail means to serve and there was a reason to know it. People need reasons to know it. One would do far more for the Irish language with the Solus bulb because it is there on the package and one cannot miss it. That is how we can make the Irish language survive. I look forward to listening with interest to the rest of the debate. I do not yet know how I will vote on the Bill. I accept that the Minister of State is genuine on the matter and I do not believe he would try to damage the Irish language. We will see how it goes anyway.

Tá áthas orm cupla focal a rá ar an mBille tábhachtach seo. Tá an Gaeilge agus an Gaeltacht faoi bhrú agus ba chóir dúinn san Oireachtas tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. I welcome the opportunity to speak in the debate on this important Bill, which should be longer. The Bill is disappointing and should be withdrawn and redrafted. Like other speakers I object to the fact that the Bill is being forced through the Dáil in the coming week which will not allow for sufficient debate. The basis of the Bill conflicts significantly with the recommendation of the comprehensive linguistic study. Many Gaeltacht and Irish language organisations and individuals oppose the Bill. Shortening the debate on the Bill is not helpful.

We are discussing the subject against a background of a considerable reduction in the use of the Irish language as a family and community language in Gaeltacht areas over a number of years. It is widely acknowledged that we are now at a critical stage regarding the language's continued existence. The comprehensive linguistic study to which I referred has shown that a continuous language shift towards English in the Gaeltacht has taken place and concluded that without urgent remedial action the Irish language may only have a lifespan of 15 to 20 years as a community and household language in Gaeltacht areas. That is a very serious situation for the Irish language and the country. It is obviously very important to get the Bill right and get the policies right in supporting the language and Gaeltacht areas. That is the nub of the difficulties that many people have with the Bill. It defines Gaeltachtaí in the very same terms as they have been defined since 1956 with very minor changes. Many commentators have referred to that. Donncha Ó hÉallaithe recently wrote:

Part of the problem is that the official boundaries, set up by government order in 1956, with a few additions since, do not reflect the current linguistic situation. More than half the population of the Gaeltacht is living in areas in which Irish is no longer used within the community to any significant extent... Analysis of data from Census 2006 shows that of the 95,000 people living within the official Gaeltacht, approximately 17,000 belonged to Category A areas [a reference to the categorisation under the linguistic study], 10,000 to Category B and 17,000 to Category C, leaving about 50,000 in Gaeltacht areas which did not meet the minimum criteria.

The nub of this Bill is the conflict between it and the linguistic study. The linguistic study basically said there should be three categories in Gaeltacht areas. It referred to category A, where more than 67% of the population are daily speakers of Irish, category B where 44% to 66% are daily Irish speakers and category C where less than 44% are daily Irish speakers. The reference to the categorisation is really a reference to where we put the main resources in the future. The suggestion from the study, various organisations and individuals is that the main resources should go primarily to the areas which are strong and have a vitality about the language, which is correct. I hope that as the Bill goes through the House, changes will be made to it. If it is not going to be withdrawn and redrafted, amendments should be made to it in this regard.

I welcome the suggestion in regard to Gaeltacht service towns - bhaile seirbhíse Gaeltachta. An Fál Carrach, An Clochán Liath, An Daingean and Dún Garbhán were listed in the linguistic study. I also welcome the proposal in regard to language networks and language planning. We need a comprehensive approach to the language and to Gaeltacht areas. Gaeltacht service towns and the language networks are welcome in regard to promoting the language in non-Gaeltacht areas.

Another feature of the Bill, which is contrary to the recommendations of the linguistic study and which has been widely referred to, is how Údarás na Gaeltachta is being dealt with. While there has been language retreat in the Gaeltacht areas over many years, there now appears to be a retreat from democracy as well. It is a retrograde step that direct elections will not happen in these areas. A directly elected Údarás na Gaeltachta will effectively be replaced by a majority of directors who will be appointed by the Minister. Electing other members from Donegal, Mayo, Galway and Kerry through county councils is all very well but it is not a direct election and it also creates difficulties for the others areas, including Cork, Waterford and Meath. In my area, the people of An Rinn and An Seana Phobal are very concerned that they will lose representation on Údarás na Gaeltachta as a result of the proposals in this Bill.

I welcome the opportunity to speak on the Bill but the wrong option has been chosen. I would have hoped the recommendations of the linguistic study would have been pursued in this Bill. I hope the Minister will consider withdrawing and redrafting the Bill or, at the very least, significantly amending it during its passage through the House.

Like Deputy Flanagan, I came through our education system - eight years in primary school, secondary school and university - without a word of Irish and I, too, am amazed by the number of Deputies who can speak Irish because it is not a common trait among the rest of the working population in a similar age category. We face a crisis here because all of us, as citizens and Irish people, would like to participate and have an opportunity to debate how we can take steps to preserve the Irish language and promote it among those who do not have the benefit of it. We are the products of a system where Irish is compulsory in school and yet most people cannot speak it, or do not use it in a living sense, once they leave school. As has been said, many people end up hating Irish. Are there steps we can take to improve that situation? That is certainly a debate worth having.

Given that this Bill is the product of much consultation in Gaeltacht areas - in some cases, research of more than 12 years - it is wrong that we would try to condense this debate into the last week before the summer recess. It is not an appropriate way to deal with it because there is a contradiction here. On the one hand, we have surveys which show there is a reduction in the number of people speaking Irish as a main language but, on the other, there is a huge interest in terms of the explosion in the number of gaelscoileanna and so on. How do we marry the objectives of preservation on the one hand and of promotion on the other against a backdrop of limited resources and trying to maximise the use of resources? People better qualified than me have said they believe the Bill, as it stands, will not achieve that and will probably fail native Irish speakers and will not really do enough to preserve Irish and keep it alive as a community language. A number of individuals have said the issue of language equality needs to be examined and that is the way we should look at it.

I refer to a number of definitions in the Bill, including Gaeltacht language planning areas, Gaeltacht service towns, Irish language networks and so on. There is a belief that these definitions are not really binding and that they have been kept a little open. Words like "may" are used in the Bill and they do not take into account definite criteria, such as the number of Irish speakers in an area. There is a belief among some that the Bill is based too much on ministerial discretion rather than on actual data which have been collected in regard to the number of Irish speakers. If we are talking about preserving Irish speaking communities, we need the State to speak the language of those people but it does not do so to a great extent. That really means more definitively identifying Irish speaking areas using proper reliable linguistic data and then providing those communities with the information and services from the State in Irish. That does not really exist. Local people should be able to do their taxes, deal with their social welfare, go to hospital, deal with the gardaí and so on in Irish - in their native language. The Bill does not really provide for that.

As Deputy Healy said, part of the problem which has been identified is the official boundaries of Gaeltacht areas linking up with the Government order of 1956. It does not accurately reflect the current linguistic situation and that needs to be addressed. There were good articles in the newspapers today which showed the anomalies as a result of growth in towns like Galway and areas being categorised as Gaeltacht areas in which people do not speak Irish. Proper Gaeltacht boundaries would save the Government money and would allow resources to be directed to the areas which need the language to be preserved. This is crucial. What I am saying is linked to last week's debate on the erosion of rural communities and the closure of facilities such as rural post offices and small schools. Language policy has to be linked to an economic policy that gives life to these communities, or else it is a waste of time.

The kernel of the issue, which I hope will be addressed by an amendment, is that the Bill makes no distinction between preserving Irish and promoting it. We must prioritise one over the other. My belief is that if Irish is to survive we must prioritise preservation. Promoting Irish among people who primarily speak English in their day-to-day existence is not a realistic policy. We can, maybe, do that through the schools or by other measures, but unless we make an input into the communities that are affected, the Bill will be a failure.

I am glad to have had the opportunity to make those points. It is unfortunate that we are addressing the Bill in such a rushed fashion. If the Irish language is in jeopardy within a decade of two that is a serious cultural issue for every citizen, whether they speak Irish or not. Irish is something people would like to preserve. In that sense, we need to have an input into the Bill, first to ensure that Gaeltacht communities are protected and the language preserved there. Once that is secured we can then look at directing resources to the promotion of Irish and broadening it out to those who do not have as much knowledge of it. The work must start in the Gaeltacht communities.

A fundamental flaw is that the boundaries do not reflect the linguistic status of Gaeltacht areas, on which so much research has been done.

Ar dtús, ba mhaith liom mo chomhghairdeas a ghabháil leis an Aire Stáit, an Teachta McGinley, as ucht an Bille chuimsitheach éifeachtach seo a thabhairt os comhair an Tí. Tá an t-Aire Stáit tar éis a shaol a chaitheamh ag obair ar son mhuintir na Gaeltachta agus ar son na Gaeilge mar theanga bheo. Tréaslaím leis as an dea-obair atá déanta aige thar na blianta. Tá sé lán-soléir go bhfuil fís aige i leith na teanga, na Gaeltachta, oidhreacht na tíre agus ár ndúchais. Molaim an t-Aire Stáit as sin.

Níl mé ag iarraidh a bheith polaitiúil nuair a deirim go bhfuil an iomarca béime á chur ar an méid ama a tugadh don díospóireacht ar an mBille. Cuireann na Teachtai atá a déanamh an ghearáin seo in iúil nach bhfuil mórán pointí eile acu le cur in éadan in Bhille. Beidh cuid mhaith ama againn amárach agus beidh am againn leasaithe a mholadh más mian linn. Beidh seans ag níos mó daoine labhairt ar an díospóireacht. Bhí rudaí iontach spéisiúil le rá ag na Teachtaí a labhair inniu, ach má fhéachtar go cruinn ar an sceideal feictear nach bhfuil mórán daoine eile ag iarraidh labhairt. Tá an iomarca béime a cur ar cheist an ama. Ní hé an t-am gairid an fhadhb. Tá dualgas orainn an t-am a úsáid go héifeachtúil, leasaithe a mholadh agus pointí a dhéanamh. Níl mé ag iarraidh a bheith polaitiúil faoi seo. Tá mé lán-dáiríre.

Tá sé uafásach agus aisteach agus cuireann sé díomá orm nach bhfuil ach 24% de dhaonra na Gaeltachta ag labhairt na Gaeilge. Cúis díomá í sin dúinn go léir agus tá rud éigin riachtanach le déanamh faoi, gan amhras. Aontaím leis an Teachta Clare Daly nuair a deir sí go gcaithfear béim a leagadh ar an bhfadhb sin. Caithfear rud éigin a dhéanamh. Cuireann an Bille an bhéim san áit cheart. Is fiú béim a cur ar an teanga. Beidh an t-údarás nua ag déileáil go díreach leis an bhfadhb seo, ag pleanáil straitéise don teanga agus ag iarraidh an teanga bheo a coimeád slán. Tá an t-athrú sin riachtanach. Tá sé san mBille agus molaim sin. Is gá dearcadh a dhéanamh ar an gceist seo agus athrú a chur i bhfeidhm. Tá sé riachtanach díriú isteach go géar ar an gceist seo agus plean cuimsitheach don teanga a chur i bhfeidhm a bhéadh oiriúnach dos na paróistí, dos na ceantair agus do gach áit bheag sa Ghaeltacht. Caithfimid an rud sin a dhéanamh. Molaim go bhfuil an polasaí sin lárnach san mBille. Molaim an t-Aire Stáit agus na daoine a bhíonn ag obair leis dá bharr.

Tá sé spéisiúil a thabhairt faoi deara go bhfuil daoine ar fud na tíre bródúil as an teanga. Ní cloistear an cineál masla a bhíodh á chaitheamh ar an teanga na blianta ó shin. Tá daoine bródúil as an Ghaeilge agus ag iarraidh í a labhairt más féidir leo. Tá bród ar dhaoine a bheith páirteach i ghnóthaí na Gaeilge. Nuair a bhíonn an fleá ceoil againn i gContae an Chabháin bíonn na slóite ann agus gach duine páirteach sa chómhrá Gaeilge, ins na ranganna agus i ngach rud mar sin. Tá athrú meoine ar dhaoine. Ag an am a bhfuil an Ghaeltacht ag meath tá feabhas ag teacht ar an tír go léir, ó thaobh na Gaeilge de. I mo bhaile féin, i gContae an Chábháin, tá gaelscoil íontach ag obair go maith. Chomh maith leis sin, tá grúpa mór a thagann le chéile chun Gaeilge a labhairt.

Is fiu go bhfuil sé lárnach sa Bhille go mbeidh ról ag Foras na Gaeilge. Molaim an obair iontach atá á dhéanamh ag Éamonn Ó hArgain, rúnaí Fhoras na Gaeilge, agus ag an fhoras. Is maith an rud go mbeidh an foras ag plé leis an gceist agus ag tabhairt cabhair dos na háiteanna taobh amuigh den Ghaeltacht chun an Ghaeilge a forbairt ins na háiteanna sin. Tá an méid sin oibre ar son na Gaeilge ar siúil i mBaile Chábháin go bhfuil sé riachtanach cabhair a thabhairt dos na daoine atá ag forbairt na Gaeilge ansin agus iad a spreagadh níos mó. Tá an spreagadh agus an fhorbairt sin lárnach sa Bhille agus is fiú é sin. Molaim don t-Aire Stáit béim mhór a cur air sin.

Aontáím leis an eagraíocht nua atá le déanamh ar Údarás na Gaeltachta. Beidh seachtar mball den údarás roghnaithe ag an Aire de bharr cruinn eolas faoi leith a bheith acu agus staidéar a bheith déanta acu ar an teanga, ar a hathbheochain agus ar an nGaeltacht. Mholfainn don Aire go roghnófar an seachtar sin ó áiteanna éagsúla sa tír. Tá daoine a bhfuil na cáilíochtaí sin acu le fáil i ngach ceantar den tír. Mholfainn don Aire béim a cur ar na ceantair Gaeltachta óna dtagann baill sealadacha bhord an údaráis faoi láthair.

Mholfainn don Aire go roghnódh sé daoine ó cheantair éagsúla ar fud na tíre.

Debate adjourned.