Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 31 Jan 2013

Vol. 790 No. 3

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages

Amendment No. 1 in the name of Deputy Aengus Ó Snodaigh is out of order. Therefore, we will proceed to amendment No. 2 in the name of Deputy Éamon Ó Cuív.

Amendment No. 1 not moved.

I move amendment No. 2:

In page 6, line 16, to delete "prepared by the Houses of the Oireachtas and".

Gan dul chun leadráin leis, sílim gur cheart don Rialtas an chumhacht maidir leis an gcaighdeán a choinneáil chucu féin. Ní dóigh liom gur ciallmhar an beart é a chur i bpríomhreachtaíocht gur ag Tithe an Oireachtais atá an chumhacht an caighdeán a leagan síos. Baineann an caighdeán le i bhfad níos mó ná Tithe an Oireachtais.

Aontaím leis an Teachta Ó Cuív. Ritheann sé seo le roinnt des na leasuithe a leagadh síos agamsa. Ba chóir go mbeadh an smacht ag Tithe an Oireachtais, ina iomlán, maidir leis an gcaighdeán oifigiúil, ach go háirithe ó thaobh stair na teanga agus cé chomh tábhachtach is ata sí, agus toisc gur teanga í atá in ísle brí in áiteanna. Ba chóir go mbeimís cinnte go bhfuil an Ghaeilge lárnach, ó thaobh an Stáit de, agus go bhfuil an smacht iomlán ag an Stát chun déanamh cinnte go bhfuil an teanga bheo bheathach agus go bhfuil struchtúir leagtha síos di. Tá teangacha ina déantar sin agus tá teangacha eile nach bhfuil aon stádas oifigiúil acu. Níl caighdeán oifigiúil ag an mBéarla, mar shampla. Féachtar chuig Oxford, Cambridge nó a leithéid ach níl aon chaighdeán oifigiúil maidir leis an Stát. Ins an Fhrainc, tá caighdeán oifigiúil leagtha síos ach ins an Iodáil, níl. Tá an oiread sin canúintí agus teangacha éagsúla ins an Iodáil agus tá stair chasta taobh thiar de theacht i réim na hIodáilise san Iodáil. Tarlaíonn an rud céanna i dtíortha eile.

Sa tír seo, caithfimid déanamh cinnte de nach bhfuil an Ghaeilge mar theanga ársa istigh i gcófra áit éigin agus go bhféachaimid uirthi anois is arís, ach gur teanga bheo bheathach í a ghluaiseann leis na hathruithe ins an tsochaí, ach go háirithe ins an ré atá ann faoi láthair, ré na heolaíochta agus na ríomhairí nuair atá rudaí ag athrú cuíosach tapaidh agus nuair atá a lán tionchar ag cultúir lasmuigh den tír ar an dteanga. Tá sé tábhachtach dá réir go bhfuil an teanga lárnach i dTithe an Oireachtais agus go bhfuil an t-Oireachtas gafa go hiomlán le cosaint na Gaeilge agus le déanamh cinnte de go bhfuil an caighdeán oifigiúil ag dul leis an lá atá inniu ann.

Tá sé mar cheann de phríomh aidhmeanna na reachtaíochta, soiléireacht a thabhairt maidir le caighdeán oifigiúil na Gaeilge. Leagann an Bille síos go soiléir gur ar Choimisiún Thithe an Oireachtais a bheas an fhreagracht an caighdeán oifigiúil a athbhreithniú go tréimhsiúil de réir mar is cuí. Bhí gá leis an tsoiléireacht mar gheall ar chinntí a tógadh sula dtáinig an Rialtas seo i bhfeidhm, cinntí a chiallaigh go raibh dhá rannóg aistriúcháin faoi leith ag plé le haistriúchán reachtaíochta agus le caighdeán oifigiúil na Gaeilge. Ní chabhraíonn easpa soiléireachta leo siúd a bhaineann úsaid rialta as focal scríofa na Gaeilge, ach go háirithe in earnálacha an oideachais, an aistriúcháin agus na cumarsáide.

Le halt 2 den mBille, mar atá sé dréachtaithe, beidh sé soiléir nach bhfuil stádas reachtúil ach ag "An Caighdeán Oifigiúil" a d'fhoilsigh rannóg aistriúchán Choimisiún Thithe an Oireachtais i 2012 agus aon leagan eile a fhoilseoidh an rannóg amach anseo.

Tá obair fhiúntach déanta ag an gcoiste stiúrtha, mar a luaigh mé an lá cheana, a bhunaigh an Rialtas roimhe seo chun moltaí a dhéanamh maidir leis an gcaighdeán a thabhairt suas chun dáta. Tá na moltaí sin anois curtha faoi bhráid Choimisiún Thithe an Oireachtais le tabhairt san áireamh sa chéad athbhreithniú eile a déanfar laistigh des na trí bliana amach romhainn, mar a luaigh mé an lá cheana chomh maith.

Ar an bhunús sin, ní féidir liom glacadh leis an leasú.

Téann seo go croí lár na ceiste maidir leis an reachtaíocht seo. Tá dhá cheist ann. Ceist a haon, cé is ceart an caighdeán a réiteach? Dar liomsa, má táthar ag leasú an dlí ba cheart go dtabharfaí an cumhacht sin don Rialtas. Tá laigí móra san mBille, mar tugann sé ceart do Choimisiún Thithe an Oireachtais leasuithe a dhéanamh ar an gcaighdeán scun scan ar éinne eile sa saol. Féadfaidh an coimisiún dul i gcomhairle ach ní deirtear go gcaithfidh sé dul i gcomhairle. Tá sin mícheart agus ba cheart go mbeadh cumhacht ag an Rialtas ar an gceist seo.

Ceist a dó, an dara laige leis an mBille ná, mar is eol don Aire Stáit, gur bunaíodh an dara aonad aistriúcháin mar go raibh teipthe ar Choimisiún Thithe an Oireachtais coinneáil suas leis an ualach oibre a bhí air maidir le haistriú Achtanna de chuid an Oireachtais. Gan an cheist sin a réiteach, gan aon smacht ag an Rialtas air, agus teipeanna an dualgas sin a chomhlíonadh curtha faoi ndeara do Choimisiún Thithe an Oireachtais, caitheann an Rialtas dualgais bhreise anonn air. Is laige mhór í sin. Áit ar bith san mBille níl fuascailt na faidhbe maidir leis an teip ghlan ag Coimisiún Thithe an Oireachtais déanamh cinnte go gcomhlíonann sé a ndualgais dlí agus bunreachta maidir le haistriú Achtanna. Anois, tá an Rialtas ag tabhairt breis cúramaí don choimisiún agus níl aon fhreagra ag an Aire Stáit ar an gceist seo a leanas. Muna bhfuil an coimisiún in ann an jab atá aige a dhéanamh cén chaoi a dhéanfaidh sé an obair bhreise?

An rud a bhí déanta ag an Rialtas roimhe seo ná déanamh cinnte de, ar a laghad maidir le hionstraim reachtúla, go mbeadh smacht díreach ag an Rialtas ar an bhfreagracht maidir le haistriú na n-ionstram reachtúla.

Bhí mé ag cur mo nótaí le chéile nuair a sheas mé don chéad uair, agus seo an rud atá i gceist agam. Ní aontaím leis an Teachta Ó Cuív sa chás seo. Aontaím gur chóir go mbeadh an smacht ag Tithe an Oireachtais. Mar a mholaim i leasú 16, is gá do Thithe an Oireachtais, tríd rannóg an aistriúcháin, dul i gcomhairle le daoine eile maidir leis an gcaighdeán oifigiúil. Orainne, atá tofa ag muintir na hÉireann, atá an cumhacht agus an dualgas an Ghaeilge a chosaint agus í a chur chun cinn. Mar chuid de sin, ba chóir go mbéadh an caighdeán oifigiúil ullmhaithe faoinár dtreoir.

Fágann an Bille go mbeidh sé ceadaithe príobháidiú a dhéanamh ar obair na rannóige agus go gcuirfear cuid den obair ar riaráistí Billí amach ar chonradh. Tá dáinséar i gcónái ansin, agus tiocfaidh mé ar ais chuige sin. Ach an rud atá i gceist agam anois go mbeadh dream amháin i mbun na hoibre. San Fhrainc, fágtar an cúram faoin Académie française. In Éirinn, rannóg an aistriúcháin atá i gceannas ar an gcaighdeán oifigiúil agus ba chóir go bhfanfadh sé sin mar atá sé, ach ba cheart go mbeadh ar an rannóg comhairle a ghlacadh. Tá an ceart ag an Teachta Ó Cuív sa mhéid sin. Sin an fáth go bhfuil coiste stiúrtha ann, a bhfuil sé de ról aige an chomhairle sin a thabhairt. Nuair atá rannóg an aistriúcháin ag cur an chaighdeáin le chéile, ba chóir go mbeadh iallach air éisteacht a thabhairt don choiste stiúrtha agus dul dá réir.

Sa deireadh thiar thall is faoi stiúradh Thithe an Oireachtais a bheadh an caighdeán oifigiuil, mar a bhí anuraidh nuair a foilsíodh An Caighdeán Oifigiúil is déanaí. Tithe an Oireachtais a d'fhoilsigh é. Foireann Thithe an Oireachtais a bhí i gceannas air agus ba chóir go bhfanfadh sin mar atá.

Tá an ceart ag an Teachta Ó Cuív nach fiú tráithnín é sin muna bhfuil na hachmhainní cuí ag an rannóg chun an jab tábhachtach sin a dhéanamh. Sa Fhrainc, ach go háirithe, tá seasamh mór ag an Académie Française i measc an phobail toisc an ról atá aige an teanga a chosaint, ní hamháin caighdeán oifigiúil a cur amach ach an teanga féin a chosaint i gcoinne Béarlachais agus a leithéid.

Uaireanta bíonn troid tógtha dá réir. Tá na Francaigh ag déanamh an iomarca cosanta ar a dteanga féin agus bheadh sé go hiontach dá mbeadh an sórt sin argóinte againne maidir leis an nGaeilge, go raibh an iomarca cosaint a dhéanamh ó thaobh an Bhéarlachais agus go mbeadh an teanga a labhairt ag an leibhéal céanna agus atá sa Fhrainc. Níl faoi láthair ach sin an aidhm atá againn ar fad anseo.

An chumhacht a fhágáil ag an Rialtas. Ní aontaím gur ag an Rialtas ba chóir go mbeadh an fhreagracht seo. Tá an fhreagracht seo á tabhairt do Choimisiún Thithe an Oireachtais agus tá difir eatarthu. Baill Oireachtais atá ann ar an Choimisiún agus tá lán muiníne agam go ndéanfaidh siad an rud ceart. Beidh ionchur againn uilig as seo amach agus is fearr sin in ionad é a fhágáil ag Rialtas amháin nó Rialtas eile. Tá lán-mhuiníne agam i gCoimisiún Thithe an Oireachtais go ndéanfaidh sé an rud ceart agus nach mbeimid ag brath ar an Rialtas. Sin ceann de na gearáin atá againn, go bhfuil gach rud faoin Rialtas. Aontaím leis an Teachta Ó Snodaigh ar an phointe gur chóir go bhfágfaí é i gCoimisiún Thithe an Oireachtais agus tá daoine ó gach taobh Tí air sin agus is féidir leo monatóireacht a dhéanamh ar an chur i bhfeidhm agus ar an éifeacht.

Maidir le foireann, tá foireann an lár-aonaid aistriúcháin aistrithe go dtí Rannóg an Aistriúcháin agus mar sin tá daoine breise ann. Tá plean á chur le chéile ag Rannóg an Aistriúcháin na riaráistí d’Achtanna a aistriú. Mar sin de, níl mé in ann glacadh leis an leasú.

Go loighiciúil, luíonn sé le réasún dá mbeadh an t-aistriúchán ar fad oifigiúil á dhéanamh in aon áit amháin. Níl aon mhaith leis sin mura bhfuil an dream atá ceaptha an obair sin a dhéanamh gan a bheith in ann é a dhéanamh. Dá mba rud é gur tháinig duine isteach anseo agus plean le cur os ár gcomhair a fuarthas ó Choimisiún Thithe an Oireachtais a chruthódh dúinn go bhféadfaí an t-aistriúchán ar fad a dhéanamh taobh de na Tithe anseo, ghlacfainn leis an rud atá á dhéanamh ag an Aire Stáit maidir leis na daoine a bhí ag obair sa Roinn a aistriú isteach faoi chúram na dTithe. Ach ar nós go leor eile, níl an plean sin ag an Aire Stáit. Tá sé ag rá linn go bhfuil an reachtaíocht seo ag dul á achtú go fíor-luath agus níl aon phlean go bhfuil sin le réiteach i láthair na huaire. Cad é an deifir? Dá ndéanfaí rudaí ar an mbealach ceart, gheofadh an tAire Stáit an plean i dtosach, dhéanfadh sé a scagadh agus a chur faoi bhráid na Dála agus nuair a bheadh sin déanta agus gach duine sásta go mbeadh an coimisiún in ann a chuid freagrachtaí a chomhlíonadh i dtaobh Achtanna agus i dtaobh ionstram reachtúla. Ansin, bheinn breá-sásta go n-aistreofaí na cúraimí a bhí ar an Roinn isteach faoin choimisiún. An fhadhb atá ag an Aire Stáit i gcónaí ná go gcuireann sé an cart roimh an gcapall.

Maidir leis an gCaighdeán Oifigiúil, baineann an caighdeán leis an bpobal. Tá dhá chaighdeán ann i láthair na huaire mar nach raibh Rannóg an Aistriúcháin sásta bheith páirteach sa choiste a bunaíodh faoin Rialtas deireanach le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcaighdeán. Nuair a bhí a chuid oibre á déanamh ag an gcoiste ar ar cheart do Rannóg an Aistriúcháin a bheith ag freastal air, ach gur dhiúltaigh sí freastal air, chuathas i gcomhairle leis an bpobal ag gach aon chéim den phróiseas.

An dara rud ná go raibh na haicmí ar fad lena mbaineann an caighdeán páirteach ann. Ní bhaineann an caighdeán díreach le reachtaíocht amháin agus cúrsaí teanga do reachtaíocht. Baineann sé le hobair agus saol laethúil na Gaeilge.

Nuair a bhí an obair sin ar bun, in ionad páirt a ghlacadh san obair, dhiúltaigh Rannóg an Aistriúcháin páirt a ghlacadh inti. Céard a rinne an rannóg? Dream nach bhfuil in ann a dhualgas a chomhlíonadh maidir le haistriú Achtanna, tharraing sé foireann a bhí ceaptha a bheith ag aistriú Achtanna le go mbeidís ar fáil sa dá theanga oifigiúla don phobal ón obair sin agus réitigh sé leagan nua den Chaighdeán Oifigiúil gan dul i gcomhairle le héinne, agus gan aon ionchur ag na daoine ar fad, idir lucht na cumarsáide agus mar sin, atá ag plé le cúrsaí na Gaeilge. Tá sé spéisiúil má léann duine brollach an fhoclóra a sheol an tUachtarán an tseachtain seo caite go bhfeicfear ann go bhfuil sé bunaithe ar an gcaighdeán a réitigh an coiste a bhunaigh an Rialtas deireanach, níl sé bunaithe ar an gcaighdeán nua rúnda seo a tháinig amach gan aon dul i gcomhairle ó Rannóg an Aistriúcháin. Mar sin tá bun lochtanna le cur chuige an Aire Stáit.

D’fhéadfadh sé cuid den rud seo a cheartú dá mbeadh sé sásta glacadh le leasuithe ar an mBille seo. Dá mbeadh an tAire Stáit sásta cur isteach sa Bhille go gcaithfidh Caighdeán Oifigiúil nua faoin mBille a thabhairt amach laistigh de bhliain a thabharfadh san áireamh an obair a rinne an coiste a bhunaigh an Rialtas deireanach agus dá mba rud é go mbeadh sé sásta leasú a ghlacadh a chuirfeadh mar dhualgas ar Rannóg an Aistriúcháin coiste a bhunú ar a mbeadh na daoine ainmnithe atá ainmnithe agam i leasú eile, móide daoine eile. Dá ndéanfaí é sin, réiteofaí na fadhbanna a tharraing Rannóg an Aistriúcháin orainn sa chás seo. Ar chuma rún-diamhar éigin, tá sé mar bheart ag an Aire Stáit gan ghlacadh ar aon leasú ar aon Bhille, ceap magaidh a dhéanamh den Teach seo agus gan aon ionchur a thabhairt do dhaoine atá ag obair go crua anseo agus ag cur moltaí ar aghaidh. Tá sórt deachtóireachta bunaithe ag an Aire Stáit nach éistíonn le tuairim éinne eile. Mar sin, ní bheidh na hAchtanna tugtha chun dáta agus na haistriúcháin ar fáil taobh istigh de trí bliana fiú. Chomh maith leis sin, ní bheidh aon chinnteacht ann go mbeidh comhphlé le dreamanna eile i réiteach an Chaighdeáin Oifigiúil agus mar sin, tá an Bille seo thar a bheith lochtach ó thús go deireadh. Níl an tAire Stáit ag tabhairt aghaidh ar na feidhmeanna éagsúla.

Tá rudaí chomh dona do Teachtaí Dála atá ag iarraidh aon obair a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus atá ag iarraidh oibriú ar Bhillí agus a chaitheas breathnú ar sean Achtanna de chuid an Oireachtais go raibh ormsa gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga mar nach bhfuil leagan Gaeilge de na hAchtanna ar fáil dúinn lenár gcuid oibre laethúil a dhéanamh. Níl na leaganacha sin ann do mo leithéid, atá ceaptha ag an bpobal le bheith páirteach in obair reachtaíochta sa Teach seo.

Sílim go gcaithfidh muid amharc chun tosaigh. Aontaím leis an Teachta nach raibh gach rud i gceart san am atá thart. Bhí riaráistí maidir le haistriú na mBillí agus maidir le aistriú na n-ionstraimí reachtúla. Tharla sé sin uilig. Níor shíl me nuair a tháinig mé isteach go raibh fuascailt na ceiste againn. Nílim chun dul siar ar an stair ar cad a tharla le tamall anuas, go raibh Rannóg an Aistriúcháin agus an Lárionad Aistriúcháin ann agus go raibh a gcaighdeán féin ag gach dream. Tuigeann duine ar bith a bhfuil ciall nó tuiscint ar bith aige nach bhféadfadh muid dul ar aghaidh mar sin. Bheadh muid inár gceap magaidh. Caithfimid caighdeán amháin a bheith againn.

Ní shílim go bhfuil dream ar bith gur féidir leo é sin a dhéanamh níos éifeachtaí ná an dream atá ann ó bunaíodh an t-Oireachtas, Rannóg an Aistriúcháin. Is iad a chuir An Caighdeán Oifigiúil ar fáil go dtí seo agus sílim go bhfuil an taithí, an t-eolas agus an traidisiún acu chun leanúint ar aghaidh le sin. Táim ag breathnú ar an am amach romhainn. Maidir leis an bhfoireann a bhí ag an lárionad aistriúcháin, tá sé tugtha isteach anois go dtí Rannóg an Aistriúcháin agus cuirfidh sé sin go mór lena n-éifeacht. Tá plean á ullmhú ag Rannóg an Aistriúcháin chun tabhairt faoi na riaráistí. Ar ndóigh, is oidhreacht iad sin a tháinig chugam agus b'fhéidir go raibh siad d'oidhreacht ag an Teachta féin chomh maith, ach tá muid chun tabhairt fúthu anois. Is ceist riaracháin í sin agus tá an plean á ullmhú. Níl dabht ar bith ná go rachaimid ar aghaidh le sin.

Mar adúirt mé, tá mé ag iarraidh rudaí a chur ina gceart. Táim ag iarraidh an rud a shíl an saol mór gur ceart a dhéanamh a dhéanamh, mar nach féidir le dhá rannóg a bheith amuigh ansin ag déanamh na hoibre chéanna. Caithfimid breathnú ar aghaidh agus ceacht a fhoghlaim ón rud a chuaigh thart, ach gan a bheith ag díriú isteach barraíocht air. Caithfimid pleanáil don am atá romhainn. Sin an rud atá sa Bhille seo, go mbeidh dream amháin, go mbeidh údarás amháin agus go mbeidh rannóg amháin ag déileáil leis an gcaighdeán. Beidh freagracht ag an dream sin as agus beidh cúraimí caighdeáin orthu ó seo amach. Tá sin ag dul chuig an dream a bhí á dhéanamh i gcónaí go dtí seo, Rannóg an Aistriúcháin. Beidh tuilleadh cuidiú acu. Lena chois sin - tá seo sa Bhille nios faide ar aghaidh - beidh siad ábalta daoine ón taobh amuigh a bhfuil an inniúlacht agus na cáilíochtaí agus na teistiméireachtaí acu a thabhairt isteach sa mheitheal chomh maith.

Question, "That the words proposed to be deleted stand", put and declared carried.
Amendment declared lost.

I move amendment No. 3:

In page 6, line 17, after “used” to insert “as a guide”.

Seo ceist thar a bheith spéisiúil. Tá sé ráite sa Bhille, lch 7 líne 17, go mbeidh An Caighdeán Oifigiúil "... agus arna fhoilsiú faoi chóipcheart Rialtais, atá le húsáid sa reachtaíocht phríomha agus sa reachtaíocht thánaisteach agus mar an treoir le haghaidh scríbhneoireacht sa Ghaeilge". Ardaíonn sé seo ceist spéisiúil. Más rud é nach gcloítear 100% leis an gcaighdeán i réiteach reachtaíochta nó i réiteach reachtaíochta thánaisteach, an bhféadfadh duine ordú a fháil i gcúirt nach seasann an reachtaíocht?

Ní dóigh liom go bhfuil sé scríofa in aon áit eile go gcaithfidh an reachtaíocht le bheith bailí a bheith caighdeánach go huile agus go hiomlán. Mar shampla, ní dóigh liom go bhfuil aon dualgas ar iad siúd atá ag scríobh reachtaíochta i mBéarla glacadh le caighdeán an Bhéarla, mar ní dóigh liom go bhfuil caighdeán i mBéarla mar atá i nGaeilge. Bheadh sé spéisiúil a fháil amach an gcaithfidh éinne in aon tír eile ar domhan, mar shampla, cloí leis an gcaighdeán oifigiúil go huile agus go hiomlán gan aon imeacht uaidh, dubh, bán ná riabhach i scríobh reachtaíochta nó i scríobh reachtaíochta thánaisteach. An bhféadfadh an tAire Stáit a rá linn go dearfach an bhféadfadh duine cás cúirte a thabhairt in aghaidh reachtaíochta ar an mbunús nár chloigh an reachtaíocht sin go huile agus go hiomlán leis an gcaighdeán? Ar ndóigh, is iomaí argóinte a bhíonn ann faoin gcaighdeán.

An ceart go dtabharfaí mar threoir, dá ndéanfadh duine imeacht ón gcaighdeán ar aon bhealach beag ag aon am, nach mbeadh aon bhunús ag éinne cás cúirte a thógáil faoin sin? Ba mhaith liom míniú ar seo a fháil ón Aire stáit. An bhfuil sé 100% cinnte nach bhféadfadh duine éigin cás éigin a thógáil nár chloí aon phíosa reachtaíochta go huile agus go hiomlán le gach aon bhriathar atá sa gcaighdéan?

Níl a fhios agam an dtacaím le seo, ach tá ceist spéisiúil ardaithe ag an Teachta Ó Cuív a ardaíonn arís an fhadhb a bhí againn ar Chéim an Choiste. De gnáth, bheadh muid in ann é seo a phlé ar Chéim an Choiste.

Measaim gur cóir go mbeadh caighdeán amháin ann agus go mbeach gach píosa reachtaíochta bunaithe ar an chaighdeán sin, mar a tharlaíonn sa bhFrainc. Tá an cheist ardaithe ag an Teachta, ach níl tuairim daingin agam uirthi, toisc nár chuala mé freagra ó na teangeolaithe, ó Rannóg an Aistriúcháin, nó ó na habhcóidí ar a mbeadh dualgas déileáil le cásanna faoi seo dá mbeadh a leithéid ann. Seo an fhadhb atá againn le cuid mhaith de na leasuithe atá curtha chun cinn againn inniu. Tá cinneadh tógtha go bhfuil cuid mhaith díobh as ord. B'fhéidir go gcabhródh sé leis an Teachta Ó Cuív dá ndéarfadh mé leis na cinn a leag mise isteach atá as ord. Is iad uimh. 1, 4, 5, 6, 13 agus ó 19 go dtí 23.

Tá uimh. 8, 12, 14 agus 19 as ord agamsa.

An fáth gur luaigh me iad sin mar nach raibh Céim an Choiste ceart againn ag an gCéim sin. Ní ar duine amháin atá an locht faoi sin, baineann cuid den locht linne, cuid leis an Aire Stáit agus cuid leis an gCathaoirleach a bhí againn ar an lá. Ní raibh aon deifir leis an reachtaíocht. Ghlac muid leis ag an am go mbeadh muid ag teacht ar ais anseo i gceann míosa nó níos mó agus go mbeadh muid in ann breis taighde a dhéanamh. Ní raibh dóthain ama agam sa choicís nó níos lú atá caite ó bhí Céim an Choiste againn chun dul go domhain isteach sna ceisteanna a ardaíodh ansin inar chuir mé spéis. Sin an fáth go bhfuil spéis agam sa cheist atá ardaithe ag an Teachta Ó Cuív. Sa Fhrainc, mar shampla, táthar an-dáiríre mar gheall ar an chaighdeán oifigiúil atá acu agus tá an-chosaint á dhéanamh acu air.

Tá raic mór le tamall de bhlianta maidir le la ministrele ministre. Tá sé sin tábhachtach ó thaobh inscne de. Níor bhain an raic sin le reachtaíocht. Dúirt duine i bParlaimint na Fraince gur úsáideadh an inscne mícheart. Tá sé tábhachtach, go háirithe nuair atá an dlí i gceist, go bhfuil úsáid na teanga go hiomlán beacht. Tharla cásanna thar na blianta ina raibh reachtaíocht neamhbheacht. Ba chóir go mbeadh reachtaíocht dréachtaithe de réir an chaighdeáin. Conas is féidir linn a chinntiú anois, agus caighdeán nua againn, go bhfuil gach rud a tháinig ón uair a bunaíodh an Caighdéan Oifigiúil i réim? Cén caighdéan a bhainfidh le reachtaíocht a ritheadh tamall de bhlianta ó shin, roimh teacht i réim an chaighdeáin nua - Caighdeán Oifigiúil 1958 nó Caighdeán Oifigiúil 2013? An mbeidh dabht ann? Is ceist an-teicniúil é. Nuair atáimid ag déileáil le reachtaíocht, ba chóir go mbeadh an deis seo againn.

Is mór an trua é nach raibh dóthain ama ag Teachtaí agus ag an Aire Stáit dul i ngleic go huile is go hiomlán le roinnt de na pointí seo. Bheadh sé níos fearr dá mbeadh an t-ábhar seo pléite againn le lucht Rannóg an Aistriúcháin roimh Chéim an Choiste. Níl mé ar an gcoiste sin. B'fhéidir gur botún a bhí ann nach raibh mé gafa go huile is go hiomlán leis an reachtaíocht seo nuair a foilsíodh ar dtús é. Ní raibh mé in ann impí ar an gcoiste dream ón gcoiste téarmaíochta, Rannóg an Aistriúcháin nó an ghrupá atá ag cur an foclóir nua a luaigh an Teacht Ó Cuív le chéile, a thógáil isteach. Níor éirigh linn go leor cúloibre a dhéanamh a chabhródh linn sa mhéid atá le déanamh againn inniu. Tá dainséar ann go ndéanfaimid botún nó nach mbeidh an reachtaíocht chomh foirfe is ba chóir.

Dúirt mé ar an Dara Chéim gur cheart foclóir nua téarmaíochta parlaiminte a fhoilsiú. Tá foclóir parlaiminteach ann. Níl an foclóir nua úsáideach go fóill - níl ach 30% de críochnaithe. Ní raibh mé in ann teacht ar an dá fhocal a lorg mé san fhoclóir. Ní fiú tráithnín é, fad is atá botúin den tsórt sin ann, nuair atá pointí teicniúla á lorg againn atá an Ghaeilge ar ár gcumas againn. Nuair atá an foclóir iomlán curtha le chéile, beimid in ann teacht ar na focail sin. Tá mé ag tnúth leis. Tá súil agam go mbeidh sé críochnaithe chomh tapaidh agus is féidir. Is léir ón gcuid a chonaic mé go mbeidh sé áisiúl, go háirithe sa lá atá inniu ann nuair atá gach rud leictreonach. Ba cheart go mbeimid in ann teacht ar fhoclóir cruinn beacht ar barr ár méire.

Níl mé gafa le haon taobh nó taobh eile. Tá mé ag dul i dtreo atá glactha ag an Aire Stáit faoi láthair, toisc gur chóir go mbeimid cinnte go bhfuil leagan amháin den teanga in úsáid i reachtaíocht. An féidir leis an Aire Stáit soiléiriú a thabhairt dúinn maidir le reachtaíocht a fhoilsíodh i mBéarla tamall de bhlianta ó shin ach nach bhfuil aistrithe go dtí seo? An mbeidh an reachtaíocht sin aistrithe de réir an chaighdeáin nua nó de réir an tsean-chaighdeáin? Os rud é go raibh siad le n-aistriú tamall de bhlianta ó shin, is dóigh liom gur chóir go mbeadh siad aistrithe de réir an tsean-chaighdeáin. Is cuimhin liom an argóint a rinne mé anseo sa bhliain 2006, nuair a bhí muid ag déileáil le reachtaíocht a bhí ag déanamh athruithe ar Acht Choláiste Phríomh-Scoile na Gaillimhe 1929. Ag an am sin, ní raibh an tAcht úd ar fáil i nGaeilge. Níl a fhios agam fiú an bhfuil sé ar fáil i nGaeilge go fóill. Cén caighdeán a bheadh in úsáid dá mbeadh aistriú á dhéanamh ar an Acht sin anois? Is ceist teicniúil í seo.

Aontaím nach bhfuil aon spás d'éiginnteacht nó débhríocht nuair atá reachtaíocht á n-aistriú ó theanga oifigiúil amháin go dtí teanga oifigiúil eile. Baineann tábhacht ar leith leis seo i gcás na Gaeilge, ní hamháin in Éirinn ach freisin san Aontas Eorpach, áit ina bhfuil an Ghaeilge aitheanta mar theanga oifigiúil agus oibre. Agus é sin ráite, tá raon leathan roghanna curtha san áireamh sa Chaighdeán Oifigiúil, a d'fhoilsigh Rannóg an Aistriúcháin anuraidh. Measaim gur leor na roghanna sin chun foclaíocht cruinn a bheith in aon reachtaíocht a dhéantar amach anseo. Ní trí thimpiste atá alt 2 dréachtaithe mar atá sé. Ciallaíonn an cur chuige atá beartaithe gurb é an Caighdeán Oifigiúil amháin a bheidh inghlactha chun críche reachtaíochta. Laghdóidh an cur chuige seo an seans go mbeidh Achtanna an Oireachtais nó reachtaíocht thánaisteach débhríoch. Mar a dúirt mé, tá roghanna sa chaighdeán. Tá gach píosa reachtaíochta atá aistrithe ó 1958 ar aghaidh bunaithe ar an gCaighdeán Oifigiúil.

Tá an ceart ag an Aire Stáit. Tá sé "bunaithe" ar an gcaighdeán.

Rinne an Teachta pointe eile. Tá an-chuid eolais i Rannóg an Aistriúcháin. Iarradh orm an mbeidh caighdeán 1958 nó an caighdeán nua á n-úsáid acu i gcomhthéacs na riaráistí reachtaíochta. Sílim go bhfuil go leor saineolas sa rannóg chun cinneadh a dhéanamh faoin cheist sin. Is cinnte go gcaithfidh aon reachtaíocht nó Billí eile a bheidh ag teacht amach san am atá romhainn bheith bunaithe ar an gCaighdeán Oigiúil mar atá.

Tá sé an-spéisiúil breathnú ar an mbrollach atá san fhoclóir nua. Taispeánann sé go bhfuil difríochtaí beaga - mar a dúirt an tAire Stáit, ní difríochtaí an-mhór iad - idir an méid atá san fhoclóir nua agus an caighdeán atá curtha le chéile ag Rannóg an Aistriúcháin. Tá difríochtaí idir an dá cháipéis. Chuaigh NEID leis an dréacht-chaighdeán a bhí réitithe ag an gcoiste, rud a dhiúltaigh Rannóg an Aistriúcháin, mar bhíodar páirteach ann. Tá na difríochtaí seo ann. Cuirfidh mé ceist an-díreach agus an-simplí ar an Aire Stáit. Tá sé tar éis an focal "bunaithe" a úsáid mar théarma. Aontaím leis gur cheart go mbeadh sé bunaithe ar an gcaighdéan. Is é sin an fáth gur chuir mé na focail "mar threoir" isteach sa leasú. Ar lorg an tAire Stáit comhairle ón Ard-Aighne faoi ar bhféadfadh duine cás cúirte a thógáil - nó a buachan, b'fhéidir - sa chás nach raibh an t-aistriúchán ag teacht go hiomlán leis an gCaighdeán Oifigiúil mar atá leagtha síos sa Bhille seo? An bhfuair an tAire Stáit a leithéid de chomhairle?

Mar a dúirt mé, chuir an reachtaíocht go léir a tógadh isteach le blianta fada - ó tháinig mise isteach sa Teach seo agus is dócha ó tháinig na Teachtaí isteach chomh maith - leis an gCaighdeán Oifigiúil. Níor chuala mé go raibh aon deacracht d'aon chineál leis sin san am a chuaigh thart. Tá mé cinnte nach bhfuil an Teachta Ó Cuív ag cruthú deacrachtaí. Chomh fada agus is eol dom, níor tharla sé san am atá caite.

Ní fhéadfadh sé tarlú mar ní raibh an soláthar seo sa reachtaíocht. Baineann an cheist atá agam leis an méid a tharlóidh má chuireann an tAire Stáit é seo sa reachtaíocht - má deirtear i reachtaíocht go gcaithfidh siad cloí 100% leis an gcaighdeán.

Má fhaigheann duine difríocht idir An Caighdeán Oifigiúil agus rud a bheadh sa reachtaíocht, an féidir leis ansin an píosa sin den reachtaíocht a chur ó mhaith? Sin í an cheist. Ceist an-simplí atá agam ar an Aire Stáit. An bhfuair an Roinn comhairle ón Ard-Aighne faoin gcontúirt seo? Ní bhaineann an rud atá caite go dtí seo le seo, mar ní raibh an soláthar seo sa reachtaíocht, agus tá a fhios sin ag an Aire Stáit.

De réir mar a thuigim, nuair atá deireadh ráite, tá an foclóir bunaithe ar chaint na ndaoine. Maidir le Billí, téann aon Bhille a ullmhaítear faoi bhráid Oifig an Ard-Aighne agus níor chuala mé aon ghearán ná aon rud gur cóir a cheartú ón fhoinse sin go fóill.

Is é an freagra atá ann mar sin ná nach bhfuair an tAire Stáit comhairle. Dar ndóigh, mar adúirt an Teachta Ó Snodaigh, b'fhéidir gur mion phointe é. Dá dtiocfadh an tAire Stáit ar ais ar Chéim an Choiste nó ar Chéim na Tuarascála inniu - sin an gnáth phróiseas reachtaíochta sa Teach seo - agus a rá linn go raibh sé tar éis dul chuig an Ard-Aighe agus go raibh an tArd-Aighne tar éis a shoiléiriú dó, ainneoin an rud atá an tAire Stáit ag iarraidh a chur sa reachtaíocht, nach mbeidh aon chontúirt ann don reachtaíocht dá rachfaí ar strae beagáinín ón gcaighdeán, bheadh mise sásta glacadh le sin. Ach, is léir ón bhfreagra a thug sé nach bhfuil sé in ann é sin a rá.

(Interruptions).

Sorry, Minister, I have to put the question.

Cosúil le gach Bille, chuaigh an Bille seo go dtí Oifig an Ard-Aighne agus chomh fada agus a bhain sé leosan, ní raibh aon deacracht acu leis. Mar sin, tá a fhios ag an Ard-Aigne cad atá sa Bhille. Bhí an Teachta Ó Cuív mar Aire agus tuigeann sé go dtéann gach Bille chuig an Ard-Aighne. Níor tháinig aon rud ó Oifig an Ard-Aighne ag cur leis an méid atá le rá ag an Teachta. Tá muid sásta -----

Thank you, Minister. Sorry, Deputy Ó Cuív, I have been lenient. I have to put the question.

Nuair a bhí mise mar Aire, dá dtógfaí ceist mar seo, rachainn ar ais chuig an Ard-Aighne, mar b'fhéidir nach smaoineodh éinne in Oifig an Ard-Aighne ar an bhféidireacht seo, mar ní smaoiníonn siad ar chuile fhéidireacht.

I have to adhere to Standing Orders and I have been lenient.

Amendment put and declared lost.

Amendments Nos. 4, 5 and 6 are out of order.

Amendments Nos. 4 to 6, inclusive, not moved.

I move amendment No. 7:

In page 8, between lines 21 and 22, to insert the following:

“(2E) Any such translations carried out by a person other than the Commission shall be referred to the Commission for consideration and approval. Such translations shall not be published until such time as the Commission has granted their approval of the translation.

(2F) Without prejudice to subsection (2D), the Government shall endeavour to consolidate the process of translating primary and secondary legislation and all relevant documentation in the Commission, and endeavour that all staff within departments responsible for the translation of legislation shall where possible be reassigned to the Commission.”.

Baineann an cheist seo le déanamh cinnte de na rudaí seo amach anseo. Tá riaráistí ag Rannóg an Aistriúcháin, nó ag Tithe an Oireachtais. Tá an locht orainne, mar is muide atá i gceannas ar reachtaíocht, nach bhfuil Achtanna agus ionstraimí reachtúla atá rite ag an Teach seo ar fáil as Gaeilge. Sa leasú seo, tá mise ag iarraidh dhá foráileacha breise a chur isteach sa Bhille a thabharfaidh seans don Aire Stáit daoine a fhostú chun déileáil le gnéithe den obair sin.

An príomh rud atá i gceist, agus téann seo leis an plé dearfa a bhí againn, ná go mbeidh caighdeán amháin maidir le reachtaíocht - go mbeidh stíl amháin againn, go mbeidh na téarmaí céanna in úsáid agus nach mbeidh aon éiginnteacht i gceist. Is cóir go mbeadh dream amháin i gceannas. Ní cóir go mbeadh dream aistritheoirí amuigh ansin ar chonradh, ag aistriú reachtaíochta chun déileáil le riaráistí mar go bhfuil Rannóg an Aistriúcháin faoi bhrú agus go gcaithfear deifir a dhéanamh leis an aistriúchán, gan cinnteacht faoin gcaighdeán a bheith ann. Ba chóir go mbeadh cinnteacht ann, nuair a thiocfadh aon aistriúchán ar reachtaíocht ar ais ó aistritheoirí seachtracha, go mbreathnódh an coimisiun agus Rannóg an Aistriúcháin chuige go gcloínn sé leis an gcaighdeán. Ba chóir go mbeadh an caighdeán is airde ó thaobh an dlí de sroichte acu agus ba chóir go mbeadh an téarmaíocht agus an foclóir cuí in úsáid acu.

Mar a luaitear sa leasú, baineann sé le "próiseas aistriúcháin na reachtaíochta príomha agus tánaistí agus na doiciméadachta iomchuí go léir a chomhdhlúthú sa Choimisiún". Ní cóir go mbeadh breis costas ar an Stát maidir le seo, mar tá foireann againn cheana féin. Is oth liom gur ordaíodh as ord roinnt de na leasuithe a d'ardaigh mé toisc go gcreidtear go bhfuil costais i gceist. Is ag iarraidh costas a shábháil a bhí mé. Bhí mé ag iarraidh deiridh a chur leis an gá obair a chur amach ar chonradh amach anseo. Bhí mé ag iarraidh go bhfoilseofaí gach Bille agus ionstraim go comhuaineach ionas go mbeadh sé éasca teacht ar an aistriúcháin Gaeilge nó Béarla ag deireadh an phrósis.

Is féidir é sin a dhéanamh, mar atá léirithe leis an mBille seo atá againn i nGaeilge agus i mBéarla. Má ritear an Bille inniu, beifear in ann é a fhoilsiú amárach, mar tá sé aistrithe cheana féin. Ba chóir go mbeadh sé mar an gcéanna le gach Bille. Ba chóir go mbeadh mise nó aon Teachta eile in ann ár leasuithe a chur isteach i nGaeilge nó i mBéarla agus ba chóir go mbeadh Rannóg an Aistriúcháin in ann déileáil leo ar an bhonn sin. Leis an leasú, táim ag iarraidh a dhéanamh cinnte de, má chuirtear an obair seo amach ar chonradh chuig aistritheoirí, toisc go bhfuil riaráistí ann, go ndéanfaí an obair sinn go caighdeánach. Tá riaráistí ann mar nach raibh na hacmhainní cuí ag Rannóg an Aistriúcháin anseo thar na cianta. Níl an locht ar an Rialtas seo, nó fiú ar an Rialtas deiridh. D'éirigh na riaráistí aníos thar na cianta mar níor thug muid faoi seo i gceart. An chúis le sin ná níor tugadh tús áite don Ghaeilge i dTithe an Oireachtais riamh.

I mo thuairim, tá éacht déanta ag Rannóg an Aistriúcháin thar na blianta leis an méid atá déanta acu. B'fhéidir go mba chóir go mbeadh níos mó déanta acu, ach ní raibh foireann iomlán acu i gcónaí. Go bhfios dom, níl foireann iomlán acu faoi láthair. Tá daoine imithe ar phinsean agus daoine imithe chuig an Eoraip nó tá daoine tinn. Tá súil agam nach dtiocfaidh tuilleadh riaráistí aníos dá bharr sin. Má thagann, tugann an t-alt seo den Bhille cumhacht do Thithe an Oireachtais a dhéanamh cinnte de nach gcuirfí leis na riaráistí agus gur féidir le daoine ar chonradh tabhairt fúthu. Aontaím le sin ach an fhadhb atá agam nach bhfuil foráil sa reachtaíocht go gcaithfí an t-aistriúchán a ndéanfar lasmuigh de Thithe an Oireachtais teacht ar ais chuig Rannóg an Aistriúcháin chun a dhéanamh cinnte de go bhfuil sé go huile agus go hiomlán foirfe ó thaobh an chaighdeáin de. Is cóir go mbeadh an stíl céanna ann agus an foclóir agus téarmaíocht céanna in úsáid ann.

Glacaim leis go mbeidh scrúdú de shaghas éigin déanta maidir le aon aistritheoir seachtrach a bheidh ag obair mar seo, chun a dhéanamh cinnte go dtuigeann sé nó sí na rialacha. Fiú nuair a dtuigeann daoine na rialacha, ní chloíonn siad go hiomlán leo agus b'fhéidir go mbeadh ar an rannóg mion athruithe a dhéanamh nuair a thiocfadh an t-aistriúchán thar nais. Sin an fáth leis an leasú seo. Táim ag iarraidh a dhéanamh cinnte nach mbeidh dhá stíl i gceist maidir le reachtaíocht amach anseo.

Tá lúcháir orm a rá go n-aontaím leis an méid a bhí le rá ag an Teachta. Aontaímíd le chéile ar aon chuma faoin obair fhiúntach agus thairbheach atá déanta ag Rannóg an Aistriúcháin le blianta fada.

Ba mhaith liom go mbeadh sé sin ar an gclár agus aontaímíd lena chéile air sin gan dabht ar bith.

Is cinnte nár éirigh le Rannóg an Aistriúcháin gach rud a dhéanamh agus go raibh deacrachtaí le foirne agus mar sin de. De thairbhe an Bhille seo tá an fhoireann a bhí ag an lár-ionad aistriúcháin aistrithe agus beidh siad sin mar chuidiú ag Rannóg an Aistriúcháin chun an obair thábhachtach atá idir láimhe aige a thabhairt chun críche.

Maidir leis an leasú fein, is é an sprioc atá leis an Bhille ná comhdhlúthú a dhéanamh ar sheirbhísí aistriúcháin an Stáit. Is é an rud atá á dhéanamh, go bhfuiltear ag tabhairt an dá cheann, Rannóg an Aistriúcháin agus an lár-ionad aistriúcháin, le chéile arís.

Is ag Coimisiún Thithe an Oireachtais amháin atá an fheidhm maidir le hAchtanna a aistriú cheana féin. Cé go bhfuil feidhm maidir le hionstraimí reachtúla á thabhairt do Choimisiún Thithe an Oireachtais tríd an mBille seo, tá sé tábhachtach go mbeadh solúbthacht áirithe fágtha ag Airí Rialtais chun a gcuid socraithe féin a dhéanamh nuair is gá. Cabhróidh an tsolúbthacht seo le moill maidir le haistriúcháin a sheachaint. Chun cabhrú leis an bproiséas seo, tuigtear go mbeidh sé i gceist ag Rannóg an Aistriúcháin treoirlínte a eisiúint chuig na Ranna éagsúla ina dtabharfar treoracha maidir le haistriú ionstraimí reachtúla. Clúdóidh na treoirlínte nithe ar nós leagan amach na n-ionstraimí reachtúla, téarmaíocht le húsáid, na foinsí reachtúla agus tacaíochta atá ar fáil, an stíl scríbhneóireachta atá le húsáid agus an leagan críochnaitheach a mbeifí ag súil leis. Tá mé sásta go gcinnteoidh an socrú seo go mbeidh caighdeánú déanta ar ionstraimí reachtúla agus iad á n-aistriú. Mar sin, beidh na treoirlínte ag dul amach chuig na Ranna agus beidh sólúbthacht ann gur féidir leis na Ranna an t-aistriúchán a fháil ach é a bheith bunaithe ar na treoirlínte a bheas ag dul amach ó Choimisiún Thithe an Oireachtais, nó Rannóg an Aistriúcháin.

Tá mé sásta go gcomhlíonann sé sin an dualgas.

Tá mise in aghaidh an leasaithe seo. Go dtí seo, is iad na Ranna Stáit féin a rinne aistriú ar ionstraimí reachtúla. Bhí mé in aghaidh, i bprionsabal, go ndéanfadh rannóg an aistriúcháin é sin, ach iad a bheith in ann an jab a dhéanamh chomh mór agus is féidir. Ach, mar atá mé ag rá an t-am ar fad, is aisteach mar a ghlactar i gcás na Gaeilge le rudaí a bheith maith go leor. Tá teipthe glan ar Thithe an Oireachtais le fada an lá. Rinne mé iarracht, in Acht na dTeangacha Oifigiúla, déileáil leis an gceist seo ach tá teipthe ar Thithe an Oireachtais a ndualgas bunreachtúil a chomhlíonadh maidir le haistriú Achtanna. Níl mé ag cur milleáin ar éinne faoi leith ach ar Thithe an Oireachtais, mar theip glan orthu. Tá dearcadh ó thaobh na Gaeilge de gur iontach an t-éacht leath jab a dhéanamh. Bhí dualgas ar an Oireachtas cloí leis an mBunreacht agus na hAchtanna a aistriú go Gaeilge. Ní ceart go mbeadh an dara cheist faoi sin. In aon tír eile ar domhan ní ghlacfaí leis go raibh éacht déanta nuair a bhí leath jab déanta. Níl mé ag cur locht ar dhuine ar bith. Tá daoine iontacha ag obair sa Teach seo ach níl an jab á dhéanamh. Ní fhéadfadh an milleán a bheith ar éinne ach orthu siúd atá freagrach as riarú an Tí seo, is í coiste Choimisiún Thithe an Oireachtais í.

An fhadhb a bhaineann le leasú an Teachta Ó Snodaigh ná seo. Sa chás a ndeir foireann Rannóg an Aistriúcháin go bhfuil siad ró-ghnóthach le haistriú a dhéanamh nó le súil a chaitheamh ar aistriú atá déanta taobh amuigh, d'fhéadfadh moill a bheith ar aistriú ionstraimí reachtúla muna mbeadh sé de chumhacht agus de cheart ag Aire dul ag dream éigin eile agus é a fháil aistrithe. Bheadh ceangal na gcúig gcaol ag Rannóg an Aistriúcháin agus ag Coimisiún Thithe an Oireachtais ar ionstraimí reachtúla. Dá mbeadh mise mar Aire níor mhaith liom, agus na riaráistí seo ar fad ag carnú suas, dul sa queue agus gan aon éalú as agam, nó dá dtiocfainn taobh amuigh de Thithe an Oireachtais le hionstraim reachtúil a fháil aistrithe, go gcaithfinn é a chur faoi bháid rannóg aistriúcháin an Tí seo, mar d'fhéadfainn bheith ag fanacht go lá an luain, agus b'fhéidir go mbeadh deifir orm mar Aire. Sa chás nach bhfuilimid cinnte gur féidir leis an rannóg an jab a dhéanamh fiú leis an bpríomh reachtaíocht, rud nach bhfuilimid mar níl aon plean againn, níor mhaith liomsa forlámhas iomlán a thabhairt dó ar na hionstraimí reachtúla.

I bprionsabal, ba mhaith liom bheith leis an Teachta Ó Snodaigh ach, go praiticiúil, gan an plean seo a bheith feicthe againn agus na leasuithe ar fad a mhol mise maidir le praghas agus le scála ama curtha as ord, is é sin go gcaithfear a rá le hAire barúil cén uair a bheadh an t-aistriúchán déanta agus cén praghas a chosnódh sé, ní fhéadfainn glacadh leis an rud atá molta ag an Teachta Ó Snodaigh, ainneoin, i bprionsabal, gur smaoineamh maith é. Go praiticiúil, bheifí ag cur brú ar Airí ionstraimí reachtúla a chur ar fáil trí Ghaeilge agus bheadh na hAirí ag rá gur bhreá leo é a dhéanamh ach go bhfuil siad coinnithe siar ag Rannóg an Aistriúcháin.

Tuigim an méid atá á rá ag an Teachta Ó Cuív. Aontaím leis ar a lán bealaí. Pacáiste iomlán atá ins na leasuithe atá molta agamsa, ó thaobh acmhainní cuí a thabhairt do Rannóg an Aistriúcháin chun déileáil le riaráisti, le go mbeadh gach rud foilsithe go comhuaineach. Mar sin, ní bheadh riaráistí ann agus ní bheadh fadhb ag Airí amach anseo. B'fhéidir gur utopia é sin, ach is féidir le gach tír eile atá dátheangach nó trítheangach é a dhéanamh. Is féidir leis an Aontas Eorpach é a dhéanamh, pé méid teanga atá á úsáid ann. Sin an áit atáimid ag iarraidh a shroicheadh. Níl sé sroichte againn. Tá fadhbanna móra againn ó thaobh Rannóg an Aistriúcháin de.

Níl mé i gcoinne príobháidiú sa chás seo. De ghnáth, bheinn ag rá nár chóir go gcuirfí aon rud amach ar chonradh ach go mbeadh gach rud lonnaithe i Rannóg an Aistriúcháin. Tá mé sásta, toisc an fhadhb atá ann faoi láthair, go ndéanfaí déileáil leis na riaráistí atá ann faoi láthair lasmuigh de Rannóg an Aistriúcháin. An t-aon rud atá mé ag rá ná go mbeadh an stíl céanna acu.

An fhadhb atá agam anois ná nár glacadh leis na leasuithe a mhol an Teachta Ó Cuív maidir leis an bplean mór agus nach ndéanfar díospóireacht orthu. Rialaíodh as ord iad toisc go mbeadh costas ar an Stát dá mbarr. Ní costas ar an Stát atá i gceist ag na leasuithe ach déanamh cinnte de go mbeadh ár gcearta againn, mar Theachtai agus mar shaoránaigh, go mbeimís in ann cosaint a dhéanamh ar na cearta sin agus go mbeadh sé de cheart ag saoránach dul os comhair cúirte más gá agus go mbeadh reachtaíocht agus aon ionstraim reachtúil ar fáil i nGaeilge. Sin atá i gceist agam. Ní cóir go mbeadh Rannóg an Aistriúcháin ag aistriú biachlár Thithe an Oireachtais nó a leithéid. Ní sin an ról atá aige, ach bhí roimhe seo. Ní cóir go mbeadh foireann na rannóige ag aistriú fógraí, mar shampla. An príomh jab atá ag Rannóg an Aistriúcháin ná déiléail le reachtaíocht. Sin mar is cóir a bheith. Ní cóir dóibh bheith ag aistriú tuairiscí bliantúla.

Nuair atá ábhar reachtúil i gceist, mura bhfuil sé cruinn foirfe, is féidir go ngearrfar costas ollmhór ar an Stát má theipeann air i gcás dlí toisc nach raibh sé foirfe, mar bhí focal in easnamh nó go raibh ciall dhifriúil ann. Ní mór an stíl cheanainn chéanna a ba chóir a bheith ann tríd síos.

Aontaím go bhfuil fadhb agus oidhreacht ansin agus go gcaithfimid tabhairt faoi na riaráistí agus mar atá ráite agam, tá pleananna á n-ullmhú ag Rannóg an Aistriúcháin chun deileáil leis na riaráistí sin, riaráistí atá againn thar na blianta anuas, ionstraimí reachtúla agus Achtanna.

Táim sásta, mar sin féin, go bhfuil an tsolúbthacht atá sa Bhille maidir le hionstraimí reachtúla réasúnta agus go bhfuil sé de chead ag Ranna a n-ionstraimí féin a fháil aistrithe. Cuirfidh sin go mór le tabhairt faoi na deacrachtaí atá againn leis na riaráistí. Nuair a chuirimid san áireamh go bhfuil breis foirne ag Rannóg an Aistriúcháin ón lár-ionad aistriúchán, táim ag dréim agus tá sé ráite ag an rannóg go bhfuil sí chun tabhairt faoi na riaráistí sin. Aontaím ar fad go bhfuil fadhb agus caithfear an fhadhb a réiteach. Níl mé, áfach, ag glacadh leis an leasú.

Is trua liom nach nglacfaidh an tAire Stáit leis an leasú. Tuigim cén fáth. An fhadhb is mó atá agam ná bhí agus tá pleananna ag Rannóg an Aistriúcháin deileáil leis na riaráistí. Bhí an plean ann ó bunaíodh an Stát. Tugadh gealltanas i ndiaidh gealltanais thar na bliana go mbeadh reachtaíocht príomha ar fad ar fáil as Gaeilge. Anois agus roinnt de na leasuithe a bhímid ag súil go mbeidís os comhair na Dála, tá an gealltanas athruithe arís. Is é sin an fáth go raibh mé ag iarraidh déanamh cinnte go ndéanfar aisghairm ar an leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla in 2011, ina bhfuil stádas difriúil ag an nGaeilge ó thaobh reachtaíochta de, nach gá go bhfoilseofar leagan Gaeilge go comhuaineach a thuilleadh mar a bhí i gceist faoin Acht roimhe sin. An tAire Dlí agus Ceart agus Comhionannais, an tAire Coimirce Sóisialaí agus an tAire Airgeadais atá freagrach as an leasú sin.

Ní bheimid ag deileáil leis na leasuithe a bhaineann leis sin mar tá siad as ord toisc nach bhfuil siad gafa le príomh-théama an Bhille seo. An nóta a fuair mé maidir leis na leasuithe a chuir mé isteach i nGaeilge agus i mBéarla, nóta as Béarla, “amendment No. 21 is outside the scope of the Bill.” Tá na cinn eile as ord mar tá costas i gceist, in ainneoin gur sin an cleachtas a bhíodh ann agus ba iad na hAirí féin a rinne é a athrú díreach chun brostú a dhéanamh ar reachtaíocht a bhí ar fáil i mBéarla.

Sa chás seo, tuigim gur chóir go mbeadh solúbthacht i gceist, agus ó thaobh treoirlínte bheadh sin i gceist ar aon chaoi. Tá an ceart ag an Teachta Ó Cuív, áfach, níl seo maith go leor. Nuair a deirim go raibh éacht déanta ag Rannóg an Aistriúcháin, tá éacht déanta aici ó thaobh méid foirne agus acmhainní a bhíodh inti. An fhadhb ná níor thug Tithe an Oireachtais nó an tAire Airgeadais go leor acmhainní don rannóg chun an jab a dhéanamh thar na blianta. Tá súil agam anois go bhfuil na hacmhainní ag Rannóg an Aistriúcháin.

Tá leasuithe ann atá as ord níos déanaí a deirim iontu gur chóir go ndéanfaí deileáil leis na riaráistí laistigh de trí bliana. Sin muidne mar Theachtaí ag iarraidh deis a thabhairt don Stát bogadh go tapaidh arís.

Rinneadh é seo cheana, rinne mé iarracht nuair a bhí Acht na dTeangacha Oifigiúla á phlé againn ach níor tharla sé. Fiú roimhe sin, ardaíodh an cheist seo sna cúirteanna agus tugadh gealltanais iontu go ndéanfaí a leithéid. Bhí mise sásta sprioc nua a thabhairt maidir le riaráistí nach raibh seans againn a phlé ar Chéim an Choiste, nó an plean a ba chóir a bheith ann chun deileáil leis na riaráistí. Níl a fhios agam cad é an plean nó an spriocdháta atá ag an Aire Stáit nó ag Rannóg an Aistriúcháin na riaráistí Achtanna a aistriú, ní fiú ionstraimí reachtúla nó reachtaíocht thánaisteach. Táim ag caint faoi bhun-reachtaíocht atá as Béarla amháin. Ní raibh an fhadhb seo ann riamh ó thaobh reachtaíocht Ghaeilge a aistriú go Béarla.

Tuigim cad tá á rá ag an Aire Stáit ach impím air a rá le linn na díospóireachta seo cad é an sprioc ag Tithe an Oireachtais maidir le hAchtanna as Béarla a aistriú go Gaeilge as seo amach agus maidir leis na riaráistí. B’fhéidir ansin beimid in ann teacht ar ais i gceann bliana le rá gur éirigh le Rannóg an Aistriúcháin agus tá gach rud i gceart. Is féidir linn dul chun tosaigh ar an méid atá ag tarlú faoi láthair.

Tuigim an méid a dúirt an Teachta. Tá pleananna ag Rannóg an Aistriúcháin tabhairt faoi na riaráistí. Nuair atá comhdhlúthú déanta ar fhoireann Rannóg an Aistriúcháin agus foireann an lárionaid aistriúcháin, beidh siad ag obair as lámh a chéile faoin díon amháin agus faoin stiúradh amháin agus beidh toradh níos mó ar a gcuid oibre.

Tá sé ráite ag an rannóg gur mhaith léi é seo a dhéanamh taobh istigh de roinnt blianta. Tá sin beagáinín scaoilte ach tá sé de bhuntáiste ag an Teachta nó ag Teachtaí eile teacht isteach anseo agus ceist a chur faoin dul chun cinn atá déanta. Bheinn ag súil go mbeadh toradh dearfach le feiceáil. Tá na riaráistí ansin agus dúirt Rannóg an Aistriúcháin go bhfuil an fhoireann chun tabhairt fúthu le breis foirne ag obair le chéile. Is féidir monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn sa Dáil.

Tá an Teachta críochnaithe.

Iarraim nóiméad amháin eile.

Tá na rialacha ag dul amach as an bhfuinneog.

Tá siad imithe go huile agus go hiomlán inniu.

Nóiméad amháin faoi na rialacha nua.

Rialacha an tSnodaigh atá i gceist anseo. Glacaim leis an méid a dúirt an tAire Stáit ach níl spriocdháta ann. An nglacann Rannóg an Aistriúcháin leis gur seo an tosaíocht agus go bhfuil gach rud eile ar leataobh, agus nach mór leis an rannóg deileáil leis na riaráistí agus reachtaíocht reatha agus nach mbacfaidh siad le haon ghné eile go ceann bliana nó go ceann an méid ama is gá?

Tá sé ráite ag Rannóg an Aistriúcháin go bhfuil sí chun tabhairt faoi na riaráistí agus ceist riaracháin é sin don rannóg féin.

Amendment, by leave, withdrawn.
Amendment No. 8 not moved.

I move amendment No. 9:

In page 8, between lines 25 and 26, to insert the following:

“(2F) It shall be a function of the Commission to provide clarification on An Caighdeán Oifigiúil from time to time, as it considers appropriate, in relation to questions of grammar and spelling which arise from the day-to-day work of Rannóg an Aistriúchán.”.

Tá an leasú seo ag dul le leasuithe 10 agus 11. Mar sin, ní dhéanfaidh mé mórán brú air.

Tá sé mar fheidhm ag Coimisiún Thithe an Oireachtais soiléiriú a dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil, agus déanann sé é sin. Níl a fhios agam an bhfuil an fheidhm sin luaite i reachtaíocht. Moltar sa leasú go bhféadfadh Rannóg an Aistriúcháin soiléiriú a eisiúint ó am go ham agus nach gá, mar sin, athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an gcaighdeán gach seacht mbliana, mar atá luaite san mBille. Mholfainn athbhreithniú iomlán a dhéanamh gach 20 bliain ar a mhéid. Má ghlacaimid leis gur sin ceann des na feidhmeanna atá ag Rannóg an Aistriúcháin ní gá an obair mhór mhillteannach a bhaineann le hathbhreithniú ar chaighdeán oifigiúil a dhéanamh gach seacht mbliana. I gcás an chinn nua is ait liom go bhfuiltear ag caint faoi athbhreithniú a dhéanamh i gceann trí bliana.

Molaim go mbeadh dualgas reachtúil ar Choimisiún Thithe an Oireachtais soiléiriú a thabhairt nuair is gá, seachas caighdeán nua a eisiúint go rialta. D'fhéadfaí déileáil le roinnt mhaith des na ceisteanna a ardaítear thar na blianta. Sin ról a bhíodh ag Rannóg an Aistriúcháin ach níl a fhios agam an raibh sé scríofa in aon reachtaíocht. Tá mé ag iarraidh go mbeadh sé seo ceangailte ar an gcoimisiún mar dhualgas.

Tuigim go mbíonn rannóg an asitriúcháin i dTithe an Oireachtais sásta i gcónaí ceisteanna ón phobal a fhreagairt chun soiléiriú a thabhairt ar phointí gramadaí. Ní dhéanfaidh an reachtaíocht seo athrú ar bith ar an chleachtadh sin. Sin ráite, is é an ról reachtúil a bheidh ag an gcoimisiún ná athbhreithniú a dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil gach seacht mbliana ar a laghad. Mar sin, ní dóigh liom go bhfuil an leasú riachtanach.

Níl mé chun moill a chur ar an díospóireacht mar tá sé soiléir cad atá i gceist. Tuigim an cleachtadh atá ann faoi láthair. Tá mise ag iarraidh go mbeadh rud beagán níos mó ná cleachtadh i gceist, go mbeadh sé de dhualgas ar an gcoimisiún an soiléiriú sin a dhéanamh. Níl mé ag iarraidh go mbeadh an pobal ag scríobh chuig Rannóg an Aistriúcháin faoi gach ceist gramadaí atá acu, ach go mbeadh dualgas ar Rannóg an Aistriúcháin soiléiriú a dhéanamh má aithnítear, mar shampla, go bhfuil fadhb ann maidir le inscne nó riail gramadaí de shórt éigin, seachas mion cheisteanna a fhreagairt don ghnáth phobal. Tá mé ag smaoineamh ar cheist faoi théarmaíocht i reachtaíocht, nó ceist ó oifigeach na cúirte nó ó ollamh, mar shampla, atá ag gabháil don Ghaeilge. Tuigim gur cleachtas cheana é. Táim ag moladh go mbeadh sé mar dhualgas sa reachtaíocht.

Tá mise in aghaidh an leasaithe seo. Ó thaobh téarmaíochta de tá an Coiste Téarmaíochta faoi scáth Fhoras na Gaeilge. Ó thaobh foclóireachta de tá an fhoclóireacht á dhéanamh ar bhonn uile Éireann anois. Más ceist foclóireachta nó céist téarmaíochta é ni gá go mbainfeadh sé le Rannóg an Aistriúcháin.

Amendment put and declared lost.

Amendments Nos. 10 and 11 are alternates and may be discussed together.

I move amendment No. 10:

In page 8, line 28, to delete “not less than once every 7 years” and substitute “not more than once every 20 years”.

Tá difríocht idir an méid ama a moltar i leasú a 10, an méid a mholann an Teachta Ó Cuív i leasú a 11 agus an méid atá san mBille. Seacht mbliana atá san mBille

Molaim gur tréimhse ró-ghairid atá san mBille. Dá mbeadh sé de dhualgas ar Choimisiún Thithe an Oireachtais soiléiriú a dhéanamh a am go ham, níor gá Caighdeán Oifigiúil iomlán a fhoilsiú gach seacht mbliana. Foilsíodh an leagan deireannach i 1958 agus thóg sé tamall maith é a chur le chéile. Níl a fhios agam cé mhéid duine a bhfuil a fhios acu go bhfuil an Caighdeán Oifigiúil nua ar fáil. Bhí mise ag labhairt, le déanaí, le daoine a bhíonn ag gabháil do leabhair a scríobh agus ní raibh siad ar an eolas go raibh caighdeán nua ann. Déanann siad a rud féin ar aon chaoi agus ceartaítear a saothar sula foilsítear é, ach bheadh sé áisiúil dá mbeadh níos mó eolais curtha amach mar gheall ar an gcaighdeán athbhreithnithe. Tá a fhios agam go bhfuil cóip de ag gach Teachta, gur seoladh é agus go raibh tuairisc air i roinnt des na hirisí agus na nuachtáin Ghaeilge. Anuas air sin, níl a fhios agam cé mhéid poiblíocht a fuair an caighdeán, mar obair mhór teangeolaíochta sa tír.

B'ait liom, nuair a fuair mé cóip den Chaighdeán Oifigiúil go ndúirt an príomh aistritheoir, Vivian Uíbh Eachach, go ndéanfar athbhreithniú i gcionn trí bliana a bheas bunaithe ar thuairimí an phobail. Dúirt an t-Uasal Uíbh Eachach go gcuirfeadh Rannóg an Aistriúcháin fáilte roimh tuairimí ón bpobal faoin Chaighdeán Oifigiúil athbhreithnithe agus go ndéanfar athbhreithniú dá réir. B'fhéidir go mbeadh an príomh aistritheoir ábalta déileáil le ceann des na ceisteanna a d'ardaigh an Teachta Ó Cuív níos luaithe.

Caithfimid a bheith cúramach nuair atáimid a déileáil le Caighdeán Oifigiúil nach bhfuilimid ag déanamh siar athrú air. Tá sé go maith go nglacfadh an caighdeán le téarmaí nua, le foclaíocht nua agus le bealaí nua labhartha de réir mar a théann an domhan in aois. Tá athraithe suntasacha tar éis tarlú le 50 bliain ó thaobh an domhain de, agus tá gá go ndéantar an caighdeán a athrú dá réir. Bheadh sé mar chabhair doibh siud a bhíonn ag déileáil le reachtaíocht i nGaeilge.

Nuair a bhí an Bille á phlé againn ar Chéim an Choiste cuireadh an cheist cén fáth gur socraíodh ar thréimhse seacht mbliana don athbhreithniú in ionad cúig bliana, 35 bliain, nó tréimhse de réir threoir an Aire. D'fhiafraigh mé sin den Aire agus de dhaoine eile, ach b'ait leo ar fad gur socraíodh ar an tréimhse sin. D'fhiafraigh mé den Aire cén taighde a rinneadh ag an Roinn faoi dheacrachtaí a chruthódh gá le hathruithe a dhéanamh ar an gcaighdean gach seacht mbliana. D'fhiafraigh mé, chomh maith, arbh eol don Aire tíortha eile a bhfuil réimse seacht mbliana acu idir athbhreithniú ar chaighdeáin oifigiúla a dteangacha náisiúnta nó cén taighde teangeolaíochta a bhfuil seo ag brath air. De ghnáth nuair a cuirtear ceist ar Aire faightear liosta mór fada de eiseamláirí nó de shamplaí a bhfuil an cinneadh bunaithe orthu, ach ní bhfuair mé a leithéid.

Dúirt an tAire:

Tuigtear dom go bhfuil an cur chuige seo bunaithe ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta agus gur nós é caighdeáin ghramadaí a choimeád faoi athbhreithniú leanúnach ar bhonn idirnáisiúnta. Ag an am céanna, aithnítear nach maith an nós é an iomad athruithe ó bhonn a dhéanamh ar chaighdeáin ghramadaí toisc gur gá seasmhacht a bheith ag baint lena leithéid do lucht úsáidte teangacha. Is ar mhaithe le cothromaíocht a bhaint amach a dhéantar foráil leis an mBille d'athbhreithniú tréimhsiúil an Chaighdeáin Oifigiúil.

Níor thug an tAire Stáit liosta den "dhea-chleachtas idirnáisiúnta" seo. Níor léirigh sé an "bhonn idirnáisiúnta" atá i gceist. Rinne mé roinnt taighde idir Chéim an Choiste agus an díospóireacht seo. Ní raibh mé in ann teacht ar aon áit ina bhfuil an cleachtas seo leagtha síos ar bhonn chomh rialta agus chomh híseal le seacht mbliana. De ghnáth, bíonn ár dtraidisiúin pharlaiminte bunaithe ar an gcleachtas i Westminster. Níl aon "official English standard" ann. Ní dhéanann siad athbhreithniú mar atá déanta anseo le déanaí.

Luaigh mé an Académie française níos luaithe. Tá ról riaracháin acu i dtaobh na Fraincise. Déanann siad cinnte de go bhfuil na caighdeáin ghramadaí agus fhoclóireachta i gceart, go bhfuil an teanga ag athrú de réir an nua-aois agus go bhfuil an Fhraincis suas chun dáta. Mar a dúirt mé níos luaithe, déanann an Académie française iarracht an Fhraincis a chosaint ón mBéarlachas, atá ag sleamhnú isteach in a lán teangacha timpeall an domhain. Tá sé le tabhairt faoi deara sa Ghaeilge go fóill. Bunaíodh an Académie française sa bhliain 1635. Déanann sé "caighdeán oifigiúil" na Fraincise a leagan amach i bhfoirm foclóra. Foilsíodh an chéad eagrán d'fhoclóir an Académie sa bhliain 1694 agus an eagrán is déanaí sa bhliain 1935. Tá sé ag obair ar eagrán nua faoi láthair. Tá dhá imleabhar curtha amach aige go dtí seo - ón litir A go dtí an litir E sa bhliain 1992 agus ón litir E go dtí an litir M sa bhliain 2000. Níl foclóir iomlán an lae inniu aige. Nuair atá sé sin críochnaithe aige, is léir nach mbeidh sé ag eisiúnt foclóir eile seacht mbliana ina dhiadh. Tá breis is 20 bliain caite aige ag teacht chomh fada leis an litir M. Tá fadhb mhór agam leis an cur chuige atá molta sa reachtaíocht seo. D'fhéach mé freisin ar an méid atá á dhéanamh acu sa Ghearmáin. In ainneoin go bhfuil fadhbanna acu i dtaobh caighdeán oifigiúil na Gearmáinise, ní raibh mé in ann teacht ar aon sórt athbhreithniú a tharlaíonn gach seacht mbliana. Tá an rud céanna fíor maidir leis an Iodáilis. Níl a fhios ag muintir na hIodáile cad go díreach is caighdeán oifigiúil ann. Tá níos mó ná caighdeán teanga amháin i roinnt tíortha. Den chuid is mó, is ionann an caighdeán oifigiúil agus an teanga reachtaíochta.

Tá gach éinne anseo tar éis admháil nach bhfuil Rannóg an Aistriúcháin in ann an bundualgas atá aici faoi láthair - reachtaíocht a chur ar fáil i nGaeilge - a chomhlíonadh. Anois tá an tAire Stáit ag iarraidh cur ina luí ar an rannóg freagracht eile a ghlacadh anuas ar sin. Tá sé ag caint faoi ionstraimí reachtúla agus a leithéid de reachtaíocht thánaisteach a chur amach ar chonradh ionas go mbeidh said aistrithe lasmuigh. Mar a sheasann cúrsaí anois, níl sé ar chumas Rannóg an Aistriúcháin iad ar fad a aistriú. Cé nach bhfuil an rannóg in ann an bundualgas atá aici a chomhlíonadh, tá an tAire Stáit ag iarraidh go mbeidh sé mar dhualgas aici athbhreithniú a dhéanamh gach seacht mbliana. Tógann sé cuid mhaith ama jab mar sin a dhéanamh i gceart. Má tá sé le déanamh i gceart, ba chóir go mbeadh tréimhse mór comhairliúcháin gafa leis. Ba cheart go mbeadh na heagrais atá luaite i leasú a phléfimid ar ball gafa leis chomh maith. Ní féidir aon athbhreithniú ceart a dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil i dtréimhse gairid. Tógfaidh sé breis is bliain, b'fhéidir. An bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit go gcaillfidh Rannóg an Aistriúcháin bliain iomlán gach seacht mbliana agus an obair seo ar bun aici? De réir na reachtaíochta, beidh sé de dhualgas ar an rannóg déileáil go huile is go hiomlán leis an athbhreithniú. Beidh uirthi díriú isteach ar gach uile ghné de ghramadach na teanga, fiú muna n-athraítear na rialacha sa deireadh thiar thall. B'fhéidir go ndéarfaidh sí tar éis an athbhreithnithe go bhfuil sé foirfe. Is dóigh liom go bhfuil seacht mbliana ró-ghairid mar thréimhse.

Níl mé buartha faoi Rannóg an Aistriúcháin. Sa deireadh thiar, is féidir léi breis oifigigh a earcú. Tá mé buartha faoin tionchar a bheidh ag an bhforáil seo ar scoláirí ollscoile, múinteoirí scoile, foilsitheoirí, iriseoirí, abhcóidí dlí, srl. Is cuma sa tsioc le ghnáthphobal na Gaeilge faoin gcaighdéan, ar go leor bealaí, mar labhróidh siad an Ghaeilge de réir na canúna nó an chleachtais atá acu. Is mar sin atá cúrsaí i ngach tír. Maireann an caighdeán oifigiúil taobh le taobh le canúintí, ar nós canúint Thír Chonaill sa tír seo. Caithfear iad a cheangailt le chéile chomh maith agus is féidir. Ní cóir bunathruithe á dhéanamh ar rialacha gramadaí ró-rialta, áfach. Os rud é go gcaithfidh daoine dul i dtaithí ar na rialacha éagsúla, ba cheart go mbeidís chomh seasmhach agus is féidir. Má tharlaíonn athbhreithniú chomh minic agus atá luaite sa reachtaíocht seo, tá dainséar ann nach mbeidh comhsheasmhacht i gceist. Má tá dabht ann, beidh sé deacair an teanga a mhúineadh i gceart. Bíonn an Caighdeán Oifigiúil á múineadh sna scoileanna. Tá seans go ndéanfaidh daoine botúin ina gcuid scrúdaithe, má thosaigh siad ag foghlaim na Gaeilge faoi chaighdeán amháin ach tháinig caighdeán eile i bhfeidhm nuair a bhíodar fós ar scoil. Tosaítear sa bhunscoil ag ceithre bliana d'aois agus caitear 14 bliana sa chóras oideachais. Dá mbeadh trí chaighdeáin i gceist sa tréimhse sin, bheadh sé an-deacair ar an scoláire agus ar an mhúinteoir. Má leanaimid ar aghaidh leis an bplean seo, b'fhéidir go mbeidh orainn cúrsa nua Gaeilge a chur ar fáil do ghach mhúinteoir. B'fhéidir gur gá é sin a eagrú pé scéal é. Ní cóir go mbeadh gramadach nua le foghlaim nó le múineadh tar éis gach athbhreithniú.

Measaim go bhfuil moladh praiticiúil á dhéanamh agam sa leasú seo. Ba cheart go sheasfadh an Caighdeán Oifigiúil ar feadh tréimhse de 20 bliain, ar a laghad, sula mbeadh aon athbhreithniú i gceist. D'fhéadfadh an tréimshe úd bheith 30 bliain, nó 40 bliain. Molaim nár cheart athbhreithniú a dhéanamh go dtí go bhfuil 20 bliain imithe. Má éiríonn ceisteanna gramadaí idir an dá linn, ba cheart déileáil leo de réir mar a mhol mé sa leasú roimhe seo. D'fhéadfadh an rannóg soiléiriú de líne nó dhó a eisiúnt ó am go chéile, agus iad go léir a tharraingt le chéile nuair atá athbhreithniú iomlán á dhéanamh tar éis 20 bliain nó níos mó.

Glacaim le cuid mhaith den mhéid atá ráite ag an Teachta Ó Snodaigh. Creidim go bhfuil an tréimhse de seacht mbliana ró-ghairid ar fad. Ní túisce go mbeidh caighdeán amháin i bhfeidhm le go mbeifear ag tabhairt faoi chaighdeán nua a réiteach. B'fhéidir go dtógfaidh sé dhá bhliain é seo a dhéanamh. Má tá sé i gceist ag an Aire Stáit glacadh leis an leasú a chuir mé síos, beidh dualgas air próiseas comhairliúcháin a chur ar siúl agus coiste a bhunú, srl. Mar sin, creidim gur cheart go mbeadh an tréimhse seo níos faide. Ní bheinn ag sárú leis an moladh de 20 bliain atá os comhair an Tí, ach tá tréimhse de deich mbliana molta agam ag súil le go nglactar leis mo leasú, b'fhéidir, agus go dtuigfidh an tAire Stáit go bhfuil an tréimhse de seacht mbliana ró-ghairid le tabhairt faoin gcaighdeán as an nua arís.

Tá súil agam go nglacfaidh sé leis an leasú, mar is leasa stuama é.

Bhí an dara leasú agam agus b'shin, ó tharla dhá chaighdeán a bheith sa treis faoi láthair, ceann amháin a bhfuil an foclóir bunaithe air agus ceann eile ag Tithe an Oireachtais, go mba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaighdeán atá ann i láthair na huaire, as seo go ceann bliana agus go dtabharfar an coiste a bhunaíodh le chéile le Rannóg an Aistriúcháin nuair a bheifear ag déanamh athbhreithnithe ar an gcaighdeán - táim ag iarraidh go mbeidh seo mar dhualgas sa reachtaíocht - ionas go mbeidh, mar a bhí mar sprioc againn riamh, caighdeán amháin ann. B'fhéidir go n-éisteoidh an tAire Stáit linn agus go ndéarfaidh sé go bhfuil pointe againn sa mhéid atá á rá againn.

Níl fadhb agamsa más é an deich mbliana atá i gceist. Dúirt mé deich mbliana mar shíl mé go m'fhéidir nach dteastódh ón Aire Stáit bogadh ó sheacht mbliana go 20 bliain. Ach, má deireann sé anseo go dtiocfaidh sé leis an 20 bliain ach go bhfuil sé tar éis labhairt le Rannóg an Aistriúcháin agus go bhfuil sé ráite ag an rannóg go ndéanfaidh siad an céad athbhreithniú eile ar an gcaighdeán as seo go ceann bliana, bheadh lá maith oibre déanta aige. Níl aon cheist faoi dhréachtú an leasaithe, mar níl le déanamh in aon cheann ach figiúr a athrú. An rud ab fhearr ag an bpointe seo ná go ndéarfaí go raibh sé aontaithe le Rannóg an Aistriúcháin, in ionad an athbhreithniú atá i gceist acu a dhéanamh as seo go ceann trí bliana, go ndéanfar é sin as seo go ceann bliana, agus ansin go nglacfadh an tAire Stáit le ceann den dá leasú atá curtha ar aghaidh agam féin agus ag an Teachta Ó Snodaigh agus go mbeadh sé sásta glacadh leis go bhfuil an tréimshe seacht mbliana ró-ghairid agus nach bhfuil aon bhunús, ó thaithí in áit ar bith eile ar domhan, taobh thiar den fhigiúr a roghnaigh an Roinn, de seacht mbliana.

Mar an duine a thionscnaigh ag bord an Rialtais go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcaighdeán, is dóigh liom go raibh an chéad chaighdeán lochtach sa mhéid is nár ghlac sé le cur chuige na gcanúintí éagsúla leis na briathra mar shampla. Sílim go bhfuil an caighdeán a bhí molta ag an gcoiste i bhfad níos foirfe ar an mbealach sin.

Ar Chéim an Choiste den Bhille, seachtain ó shin, pléadh an cheist maidir le chomh minic ar cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an Chaighdeán Oifigiúil agus bhí Teachtaí ag moladh go mbeadh tréimhse níos faide ná an tréimhse seacht mbliana atá leagtha síos in alt 3 den Bhille seo i gceist. Cé go n-aithním na pointí atá déanta ag na Teachtaí ar an cheist seo, ní mór do Theachtaí a nótáil nach ionann athbhreithniú a bheith déanta agus Caighdeán Oifigiúil úr a fhoilsiú.

Mar chuid d'athbhreithniú ar an chaighdeán, bheadh sé indéanta a dheimhniú nach bhfuil aon uasdhátú le déanamh ar an gcáipéis. Tuigtear dom nach bhfuil mórán difríochta idir An Caighdeán Oifigiúil a d'fhoilsigh Rannóg an Aistriúcháin Nollaig 2012 agus an cháipéis a chuir an coiste stiúrtha faoi chúram na Roinne Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le chéile. Dá bhrí sin, is dóigh liom nach mbeidh mórán le leasú nuair a bheidh an chéad athbhreithniú eile ann i 2015. Shamhlóinn chomh maith go mbeidh níos lú arís ann tar éis an chéad athbhreithniú eile, seacht mbliana níos faide síos an bóthar agus nach mbeidh ar Rannóg an Aistriúcháin dá bharr ach deimhniú a chur ar fáil go seasann An Caighdeán Oifigiúil ar an mharthain.

Fiú dá mbeadh cóir leasú anseo agus ansiúd le déanamh ag eascair as athbhreithniú, d'fhéadfaí iad a fhoilsiú nuair a rithfeadh an foilseachán reatha as cló, cur chuige thar a bheith coitianta nuair a bhíonn athfhoilsiú á dhéanamh ar leabhair. Tuigtear dom nach bhfuil aon deachleachtas idirnáisiúnta amháin maidir le tréimhse idir athbhreithnithe. Mar sin féin, sílim go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfar athbhreithniú ar an gcaighdeán go tréimhsiúil. Cé go bhfuil macnamh déanta agam ar na leasuithe atá molta ag na Teachtaí, táim den tuairim go bhfuil tréimhse seacht mbliana réasúnta go leor.

Is dóigh gurb é an rud atá i gceist againn le hathbhreithniú ná súil leanúnach a choinneáil ar conas mar atá rudaí ag athrú. Is dóigh go bhfuil sé cosúil leis L'Académie Française agus go bhfuil siadsan ag coinneáil súil leanúnach ar an gcaighdeán. Ar ndóigh, ní hionann an Ghaeilge agus teangacha cosúil leis an Bhéarla ná an Fhraincís. Tá castacht ag baint leis an Ghaeilge nach bhfuil ag baint leis na teangacha sin, castacht a théann siar go dtí aimsir na h-athbheochana. Roimh aimsear na h-athbheochana, is beag eolas a bhí ag an gnáth duine ar scríbhneoireacht na Gaeilge. Ar dtús, b'éigean dúinn an cló a athrú, an cló Gaelach go dtí an cló Rómhánach. B'éigean dúinn ansin teacht ar litriú caighdeánach agus an litriú a dhéanamh níos simplí. Tá sin déanta.

Ní fheicim go mbeidh caighdeán úr, nua ag teacht amach gach seacht mbliana. Ní fheicim é sin ar chor ar bith. Ach mar sin féin, sílim gur cóir go mbeadh athbhreithniú ar siúl go leanúnach, ag coinneáil súile ar rudaí agus ag féachaint an bhfuil Béarlachas nó teangacha eile ag brú isteach. Ansin, in am cuí, is cóir go gcuirfear na hathruithe, más gá, i bhfeidhm, nuair a bheidh an céad ghramadach oifigiúil eile ag teacht amach. Ní gá go dtiocfaidh sé amach gach seacht mbliana, ach is rud maith é go mbeidh daoine sa rannóg le súil a choinneáil ar ceard atá ag tarlú chomh fada agus a bhaineann sé leis an teanga. Tá a fhios againn go léir an brú atá ar an teanga, fiú amháin sna Gaeltachtaí, an dóigh a bhfuil an oiread sin tionchair ag teangacha eile uirthi.

Sílim go bhfuil tréimhse seacht mbliana réasúnta, ach ní gá go mbeadh leabhar úr gramadaí ag teacht amach gach seacht mbliana. Ní fheicim é sin ag tarlú ar chor ar bith.

Fós, níl freagra againn cad as a tháinig an tréimhse seacht mbliana. Dar ndóigh, is cóir go mbeadh súil leanúnach ar an teanga agus an treo atá sí ag dul. Sin an fáth go ndeirim gur ceart go mbeadh sé mar aidhm ag an coimisiún soiléiriú a dhéanamh ó am go ham. Tá sin ag tarlú cheana féin. Tá an coiste téarmaíochta ann agus tá ranna éagsúla sna hollscoileanna ag coinneáil súile ar an teanga an t-am ar fad. D'aithneodh siadsan dá mbeadh fadhb ann.

Is próiseas foirmiúil atá i gceist le hathbhreithniú. Bheadh ar an rannóg córas a leanúint. Bheadh orthu suí síos agus bheadh orthu an coiste a luaitear sa Bhille níos deireanaí a chur sa tsiúl agus bheadh orthu an obair a leagaint amach go foirmiúil. I mo thuairim, ba chur amú ama é sin a dhéanamh chuile seacht mbliana. Ní teangeolaí mé agus níl an t-eolas agam i dtaobh teangacha eile timpeall an domhain. Tá beagán eolais agam i dtaobh na Gearmáinise. Réitigh na Gearmánaigh foclóir i 1901, ach níor tharla an chéad cheann eile go dtí thart ar 1926 agus ansan thart ar 1990, mar aithníonn siad nach cóir a bheith ag déanamh athruithe de shíor.

Dúirt an tAire Stáit go raibh an Ghaeilge casta. Tá gach teanga casta agus tá rialacha difriúla gramadaí acu. San Fhionnlainn, mar shampla, tarraingíonn siad canúintí difriúla le chéile. In ainneoin gur teanga casta atá acu, ní dhéanann siad athbhreithniú gach seacht mbliana. Coinníonn siad súil ar an teanga de shíor agus tógann siad cleachtas i gceist.

Tá caighdeán na Gaeilge ag dul i bhfad siar. Bhí Gaeilge caighdeánach ann ó thuaisceart na hAlban go deisceart na hÉireann suas go dtí Cath Chionn tSáile sa séú haois déag. Mar sin, bhí muid ar aghaidh go mór mar Ghaeil ó thaobh cúrsaí caighdeáin dhe. Tá sé spéisiúil nach bhfuil mórán eolais ar na canúintí a bhí ann ag an am sin mar bhí an scríobhneoireacht ar fad deánta de réir caighdeáin. Ba cheart go dtuigfeadh an tAire Stáit é sin. Mar is eol dó, bhí na rialacha leagtha síos ag na daoine a bhí an dualgas sin orthu. Maidir leis an gcaighdeán nua, cén fáth an bhfuil "féadfaidh" seachas "déanfaidh" sa bhforáil maidir le coiste a bhunú? Beidh an doras oscailte don rannóg breathnú ar an gcaighdeán, uisce coisricthe a chaitheamh air agus a rá go bhfuil sé thar cinn. Nuair atá an t-athbhreithniú déanta sa chaoi sin, ní bheidh ar an rannóg dul i gcomhairle le héinne nó aon choiste a bhunú - beidh athbhreithniú déanta ar an gcaighdeán. I ndáiríre, ní dhéanfaidh sé aon difríocht an seacht mbliana, trí bliana nó 20 bliain a bheidh i gceist, mar go mbeidh sé go hiomlán faoi Rannóg an Aistriúcháin a rá an ndéanfaidh siad fíor-athbhreithniú ar an gcaighdeán trí choiste a bhunú, dul i gcomhairle leis an bpobal agus cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcóras iomlán a chur i bhfeidhm. Dá mbeadh sé i gceist ag an Aire Stáit fíor-athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaighdeán ar an mbealach ceart atá leagtha amach - trí choiste a bhunú agus trí dul i gcomhairle le gach céim den phróiseas - chuirfinn comhairle air gan é a dhéanamh gach seacht mbliana mar bheadh an t-uafás oibre ag baint leis. Bheadh sé ag baint foirne ón mbunobair atá ar bun ag Rannóg an Aistriúcháin; sé sin, aistriúcháin a dhéanamh. Is cuid den cur i gcéill é seo - tá an tAire Stáit sásta ligean leis go mbeidh athbhreithniú ar bun, ach i ndáiríre tá sé ag baint struchtúr ar bith don athbhreithniú tríd an focal "féadfaidh" a choinneáil sa reachtaíocht seachas an bhfocal "déanfaidh". Is seafóid an rud atá ar bun aige.

Mar a d'admhaigh na Teachtaí, i gcomhthéacs na seacht mbliana, níl aon dea-chleachtas i dtír ar bith. Sílimid gur rud réasúnta agus seasmhach é athbhreithniú a dhéanamh gach seacht mbliana. Ní fheicim go mbeidh an oiread sin athruithe, ach b'fhéidir go mbeidh. Ní hionann athbhreithniú agus go mbeidh caighdeán úr ag teacht amach gach seacht mbliana. Coinneoimid súil ar rudaí. Ní shílim gur chóir go mbeadh orainn fanacht beagnach 60 bliain, mar a tharla idir an caighdeán a tháinig amach sa bhliain 1958 agus an caighdéan a tháinig amach anuraidh. Beidh deis ag Rannóg an Aistriúcháin comhairle a fháil taobh amuigh. Beimid ag deileáil leis an gceist sin nuair a bheidh leasuithe eile á bplé againn. Mar a dúirt mé faoin tréimhse seacht mbliana, sílim gur am réasúnta atá i gceist. Níl cleachtas ar bith ag tír ar bith. Már a dúirt na Teachtaí, tá a nós féin ag gach aon tír. Sílim go bhfuil sé sin réasúnta. Mar a dúirt mé, coinneoimid súil leanúnach ar cad atá ag tarlú - an brú atá ar an teanga agus mar sin de. Mar sin, seasaim leis an méid atá sa Bhille i dtaobh seacht mbliana. Is é sin an fáth nach bhfuil fonn orm glacadh leis an leasú.

Mar a léiríomar ar Chéim an Choiste, is é seo an príomhfhadhb atá againn leis an mBille. D'iarr mé ar an Aire Stáit samplaí den dea-chleachtas i dtíortha eile ar a bhfuil sé seo bunaithe a thabhairt dom. Tá sé tar éis a admháil nach bhfuil a leithéid ann. Ar Chéim an Choiste, níor tugadh sonraí dúinn i dtaobh treoir na dteangeolaithe a léiríonn go bhfuil sé go maith do theanga go ndéanfaí athbhreithniú bunúsach, seachas an sracfhéachaint atá luaite ag an Aire Stáit, ar rialacha gramadaí chuile seacht mbliana. Go bhfios dom, níl aon treoir den tsórt sin ag an Aire Stáit.

Tá bealaí timpeall ar seo, mar a luaigh mé. Tá brón orm má tá mé ag caint faoin bhFraincis i gcónaí. Is teanga difriúl í an Fhraincis ar go leor slite. Tá na húdaráis sa Fhrainc, níos mó ná formhór tíortha eile na hEorpa, ag déanamh tréan-iarracht a dteanga a chosaint i gcoinne an Bhéarlachais. Mar Ghaeilgeoirí, táimid ag iarraidh ár dteanga a chosaint sa chaoi céanna. Is fadhb mhór í sin dúinn atá ag labhairt na Gaeilge go fóill agus dóibh siúd a labhróidh an teanga amach anseo. Ba cheart go mbeadh bunchoincheapa agus bungamadach na Gaeilge soiléir. Níl gramadach maith agam in aon teanga. Ní duine mór rialacha gramadaí mé. Déanaim iarracht an Ghaeilge a labhairt mar a fhoghlaim mé í, nó mar a thagann sí chugam.

Dá mbeadh an tAire ag teacht isteach anseo le reachtaíocht ag moladh go mbunófar académie na Gaeilge, b'fhéidir gur smaoineamh maith a bheadh ann staidéar a dhéanamh ar na rialacha atá ag an Académie française, a leanas: "the primary function of the Académie will be to work, with all possible care and diligence, to give our language definite rules to make it pure, eloquent and capable of dealing with arts and science". Is é sin an bhunphrionsabal atá ag an académie. Níl sé leagtha síos sa Fhrainc go bhfuil ar an académie é sin a dhéanamh gach seacht mbliana. Déanann siad é de réir mar is gá. Ba chóir go mbeadh an córas mar sin. I gcás na Gaeilge, tá Rannóg an Aistriúcháin, atá faoi réir Choimisiún Thithe an Oireachtais, i gceannas an teanga reachtúil nó an Caighdeán Oifigiúil. Molaim go ndéanfar athbhreithniú tar éis 20 bliain.

Nuair atá athbhreithniú ar siúl, mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, ba cheart suí síos leis na teangeolaithe is fearr agus na daoine a dhéanann cleachtadh maidir le reachtaíocht - Rannóg an Aistriúcháin, dream ó na cúirteanna, srl - chun na fadhbanna agus na constaicí a bhaineann leis an nGaeilge sa lá atá inniu ann a phlé. Is fiú roinnt de na ceisteanna sin a lua. Cén fáth an bhfuil sé deacair do dhaoine teacht timpeall ar rialacha gramadaí? An chóir dúinn é a athrú? An chóir go mbeadh sé foirfe? Nuair atá athbhreithniú ar siúl, déantar scrúdú den tsórt sin ar gach gné de ghramadach na Gaeilge. Sa chás seo, bheadh sé i gceist dul tríd an leabhar ó bun go barr agus, má tá fadhb ann, féachaint an bhfuil bealaí le leigheas a chur ar an scéal. Go minic, ní leigheas atá i gceist seachas stádas oifigiúil a thabhairt do rudaí atá anois mar pháirt de ghnáthchleachtas na teanga. Tarlaíonn mionathruithe canúna i gceantair difriúla de réir mar a théann an saol ar aghaidh.

Ní rudaí ársa, a chuirtear isteach i músaem ionas gur féidir le daoine a rá go bhfuil siad go hiontach, iad an cultúr agus an teanga. Aithním go dtarlaíonnn athruithe ar an teanga mar rud beo beathach. Is é sin an fáth nach bhfuil mé ag rá nár chóir go mbeadh athbhreithniú ar an gcaighdeán riamh. Ba chóir go mbeimid in ann é sin a dhéanamh go rialta. Is dóigh liom agus leis an Teachta Ó Cuív go bhfuil cúpla bealach ar féidir é seo a dhéanamh. Is féidir leis an Aire Stáit mo leasú, nó an leasú atá curtha síos ag an Teachta Ó Cuív, a ghlacadh. B'fhearr liom dá mbeadh 20 bliain ar a laghad idir athbhreithniú amháin agus an chéad cheann eile. B'fhéidir gur cheart dúinn a rá go bhfuil sé seo de réir ordú an Aire, cé nach dtaitníonn an cur chuige sin liom de ghnáth. Más léir do Aire an lae go bhfuil fadhb éigin ann, tar éis do Rannóg an Aistriúcháin a rá go bhfuil iomarca deacrachtaí ag teacht chun solais maidir leis an gCaighdeán Oifigiúl, is féidir leis an Aire cinneadh a dhéanamh gur cheart athbhreithniú nua a dhéanamh ag an bpointe sin.

Don chuid is mó ní bheadh aon Aire ag gabháil d'athbhreithniú ach amháin má tá fadhbanna ann. Sa chás seo, tá an tAire Stáit ag cur ar aon Aire amach anseo agus ar Thithe an Oireachtais an t-airgead agus na hacmhainní atá curtha ar leataobh chun reachtaíocht a aistriú go Gaeilge ar fad a chaitheamh ag deileáil le hathbhreithniú. Níl sracfhéachaint ar an teanga i gceist anseo. Athbreithniú cuimsitheach teicniúil atá ann nuair a labhraímid faoin Chaighdeán Oifigiúil. Nílimid ag labhairt faoi shracfhéachaint ar alt as Gaeilge sa nuachtán le botún anseo is ansiúd. Táimid ag féachaint ní hamháin ar an nGaeilge ach ar chleachtas agus rialacha gramadaí i dtíortha eile, conas atá na teangacha eile mórthimpeall orainn ag athrú chomh maith agus an gá dúinn athrú dá réir. Sin an sórt rud atá i gceist in athbhreithniú agus is trua nach bhfuil an tAire Stáit sásta éisteacht a thabhairt don leasú seo.

Tá leasú agam.

Tá nóta agam a deir: “If the question on amendment No. 10 is agreed, amendment No. 11 cannot be moved.” Caithfimid plé a dhéanamh ar leasú Uimh. 10 ar dtús.

Deirtear i nGaeilge go dtéann focal le gaoth agus is cinnte gur fíor sin leis an Aire Stáit seo. Chuile fhocal a deirimid anseo, imíonn sé leis an ghaoth mar ní éistíonn sé le tada. Is é an tAire Stáit gan leasú nó athrú. Is léir nach n-éistíonn sé le duine ar bith san Oireachtas seo agus nach bhfuil meas madra aige ar thuairimí mhuintir an Tí.

Question put: "That the words proposed to be deleted stand."
The Dáil divided: Tá, 69; Níl, 34.

  • Breen, Pat.
  • Bruton, Richard.
  • Burton, Joan.
  • Butler, Ray.
  • Buttimer, Jerry.
  • Byrne, Catherine.
  • Byrne, Eric.
  • Cannon, Ciarán.
  • Collins, Áine.
  • Conaghan, Michael.
  • Connaughton, Paul J.
  • Conway, Ciara.
  • Coonan, Noel.
  • Corcoran Kennedy, Marcella.
  • Creed, Michael.
  • Daly, Jim.
  • Deasy, John.
  • Deenihan, Jimmy.
  • Deering, Pat.
  • Doherty, Regina.
  • Donohoe, Paschal.
  • Dowds, Robert.
  • Doyle, Andrew.
  • Durkan, Bernard J.
  • English, Damien.
  • Farrell, Alan.
  • Feighan, Frank.
  • Ferris, Anne.
  • Fitzgerald, Frances.
  • Fitzpatrick, Peter.
  • Flanagan, Charles.
  • Flanagan, Terence.
  • Griffin, Brendan.
  • Harrington, Noel.
  • Harris, Simon.
  • Hayes, Tom.
  • Heydon, Martin.
  • Humphreys, Heather.
  • Keating, Derek.
  • Kehoe, Paul.
  • Kenny, Seán.
  • Kyne, Seán.
  • Lawlor, Anthony.
  • McGinley, Dinny.
  • McHugh, Joe.
  • Maloney, Eamonn.
  • Mathews, Peter.
  • Mitchell, Olivia.
  • Mulherin, Michelle.
  • Murphy, Dara.
  • Murphy, Eoghan.
  • Naughten, Denis.
  • Neville, Dan.
  • Ó Ríordáin, Aodhán.
  • O'Donovan, Patrick.
  • O'Dowd, Fergus.
  • O'Mahony, John.
  • Perry, John.
  • Phelan, Ann.
  • Phelan, John Paul.
  • Rabbitte, Pat.
  • Reilly, James.
  • Ryan, Brendan.
  • Sherlock, Sean.
  • Spring, Arthur.
  • Stagg, Emmet.
  • Stanton, David.
  • Timmins, Billy.
  • Twomey, Liam.

Níl

  • Broughan, Thomas P.
  • Calleary, Dara.
  • Collins, Joan.
  • Colreavy, Michael.
  • Cowen, Barry.
  • Crowe, Seán.
  • Daly, Clare.
  • Doherty, Pearse.
  • Ferris, Martin.
  • Flanagan, Luke 'Ming'.
  • Fleming, Sean.
  • Fleming, Tom.
  • Healy, Seamus.
  • Healy-Rae, Michael.
  • Kelleher, Billy.
  • Kirk, Seamus.
  • Lowry, Michael.
  • Mac Lochlainn, Pádraig.
  • McGrath, Finian.
  • McGrath, Mattie.
  • McLellan, Sandra.
  • Moynihan, Michael.
  • Nulty, Patrick.
  • Ó Caoláin, Caoimhghín.
  • Ó Cuív, Éamon.
  • Ó Fearghaíl, Seán.
  • Ó Snodaigh, Aengus.
  • O'Brien, Jonathan.
  • Pringle, Thomas.
  • Shortall, Róisín.
  • Smith, Brendan.
  • Stanley, Brian.
  • Tóibín, Peadar.
  • Wallace, Mick.
Tellers: Tá, Deputies Paul Kehoe and Emmet Stagg; Níl, Deputies Seán Ó Fearghaíl and Aengus Ó Snodaigh.
Question declared carried.
Amendment declared lost.

Amendment No. 11 cannot be moved. Deputy Ó Cuív can press the amendment but he cannot speak on it.

I am pressing the amendment.

My apologies. The amendment cannot be moved or pressed.

Why can it not be moved? The Minister of State might accept the amendment.

The House has take a decision that the words should stand, and we have just voted on that.

Amendment No. 11 not moved.

Amendments Nos. 12 to 14, inclusive, are out of order.

Amendments Nos. 12 to 14, inclusive, not moved.

I move amendment No. 15:

In page 10, line 8, to delete "may" and substitute "shall".

I leasú Uimh. 15 táimse ag moladh in ionad an fhocail “Féadfaidh”, bheadh an focal “Déanfaidh” ann. Go bunúsach chiallódh “déanfaidh” nuair a bheadh athbreithniú ann, go gcaithfeadh coiste a bheith ann le dul i gcomhairle leis. Beidh mé ag moladh freisin i leasú Uimh. 17 go mbeidh grúpaí faoi leith ar an gcoiste sin le cinntiú go bhfuil dul i gcomhairle leathan agus ceart i gceist ann le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcaighdeán.

Mar atá á mholadh ag an Aire Stáit, beidh dul i gcomhairle leis an bpobal ann, agus beidh air scríobh chuig Airí eile. Ach níl aon ghá do Rannóg an Aistriúcháin suí síos le haon dream agus coiste a bhunú ar a mbeadh ionadaithe ó Fhoras na Gaeilge, ó na meáin chumarsáide, ó COGG, má tá sé ann go fóill mar táim le toil a chur go bhfuil sé d’aidhm ag an Rialtas iontach seo deireadh a chur leis an nGaeilge in Éirinn chomh sciobtha agus is féidir leis. Táim ag moladh go mbeidh ceangal ar Rannóg an Aistriúcháin agus ar Thithe an Oireachtais agus iad ag déanamh athbreithnithe ar an gCaighdeán Oifigiúil coiste comhairleach a bhunú agus comhairle a ghlacadh ón gcoiste sin.

Aontaím leis an Teachta Ó Cuív. Tá an leasú seo réasúnta, ach go háirithe toisc gur diúltaíodh don leasú deireanach lena rabhamar ag plé.

Sa chás seo caithfimid bheith cinnte de go mbeidh coiste ar bun a bheidh ag deileáil leis na ceisteanna seo ar bhonn leanúnach. Má tharlaíonn sin, más dual don choimisiún an chuid seo den reachtaíocht a chomhlíonadh agus coiste a bhunú, bunóimid coiste cosúil leis an eiseamláir a luaigh mé sa Fhrainc agus beidh Acadamh na Gaeilge againn. Bheadh an coiste sin ag deileáil le ceisteanna teanga de shíor. Ansin, b’fhéidir nach mbeadh ualach chomh mór sin i gceist le hathbhreithniú gach seacht mbliana mar atá ann sa Bhille faoi láthair. Bheadh an caighdeán athbhreithnithe tríd an gcoiste seo. Bheadh coiste ag deileáil leis an chaighdeán agus nuair a thiocfadh an spriocdháta gach seacht mbliana, bheadh an coiste in ann a rá go mbeadh an obair déanta aige thar an seacht mbliana agus ní bheadh gá le hathbhreithniú iomlán a dhéanamh mar is iad na daoine ar an choiste na daoine is eolaí san ábhar seo. Fiú le linn tréimhse roimh an seacht mbliana, bheadh an coiste in ann dul i gcomhairle leis an ngnáthphobal ach bheadh na saineolaithe ar fad ina suí thart ar an mbord cheana féin agus taithí acu ar an ról a bheadh acu agus bheidís in ann athbhreithniú a dhéanamh réasúnta tapaidh gan chur as an ghnáth-obair a bhíonn ann do Rannóg an Aistriúcháin.

Aontaím leis an Teachta Ó Cuív ar an leasú seo. De ghnáth nuair a impíonn an Freasúra ar Aire glacadh lena leithéid mar dhualgas trí “déanfaidh” a úsáid seachas mar rogha trí “féadfaidh” a úsáid, luaitear go mbeidh costas i gceist. Níl aon chostas i gceist anseo mar nílimid ag leagan síos aon táillí do na daoine ar an choiste nó ag cur srian ar an choiste. Nílimid chun a dhath difriúil a dhéanamh ach amháin go mbeimis cinnte de go mbeadh coiste ann ó thús deiridh.

Ní fheicim conas is féidir leis an Aire Stáit é seo a dhiúltú toisc go bhfuilimid ag iarraidh cuidiú leis sa leasú seo anuas ar an méid atá sé tar éis glacadh leis cheana féin ó thaobh seacht mbliana don athbhreithniú de.

Táim cinnte go dtuigeann na Teachtaí go bhfuilimid ag deileáil anseo le freagracht a bheidh ar Choimisiún Thithe an Oireachtais agus go mbeidh ionchur ag gach duine anseo sa choimisiún sin ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile.

Tá dhá fhocal a thagann chun cuimhne – solúbthacht agus discréid. Nílimid ag iarraidh ceangal na gcúig gcaol a chur ar aon dream nó ar an choimisiún. Tá sé iontach tábhachtach go mbeadh an tsolúbthacht sin ann agus go bhfágfaí faoin choimisiún na saineolaithe a thabhairt isteach fá choinne dul i gcomhairle leo agus táim cinnte go mbeidh ionchur ag daoine ó gach taobh Tí, ní hamháin ó thaobh an Rialtais ach ó thaobh an Fhreasúra agus na bpáirtithe eile maidir le haon chinneadh a dhéanfaidh an coimisiún. Tá solúbthacht agus discréid le cur san áireamh mar tá ionchur ag Baill Oireachtais ar na cinntí a dhéanfar.

Cén uair a bhí ionchur ag gnáth-Bhaill Thithe an Oireachtais i rud ar bith a rinne Rannóg an Aistriúcháin? Nílim ag labhairt faoi na daoine atá ar an gcoimisiún féin, táim mé ag labhairt faoin gcuid eile. Seafóid atá ann.

Ní raibh a fhios ag éinne, ní raibh a fhios agam féin fiú nuair a bhí mé mar Aire, nuair a thionscain mé athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil, go raibh athbhreithniú á dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil. An raibh a fhios ag éinne sa Teach seo?

Dhiúltaigh Rannóg an Aistriúcháin páirt a ghlacadh i gcur chuige comhtháite a raibh na páirtithe leasmhara ar fad páirteach ann.

An t-údar atá leis an leasú ná nach mbeidh an tsolúbthacht ag an rannóg dhá mhéar a thaispeáint do na daoine ar fad ar cheart ionchur a bheith acu sa Chaighdeán Oifigiúil agus neamhaird a thabhairt ar an dream atá freagrach as an gCoiste Téarmaíochta agus as an bhfoclóireacht. Tá an tAire Stáit ag rá gur féidir le Rannóg an Aistriúcháin neamhaird a thabhairt orthu.

Níor cheart go mbeadh an tsolúbthacht sin ag Rannóg an Aistriúcháin. Ba cheart do Bhaill an Oireachtas a rá inniu nach mbeidh de rogha ag Rannóg an Aistriúcháin ach coiste a bhunú. Tá an chumhacht ann anois, ní bheadh gá di dul i gcomhairle linn ach mura nglacann an tAire Stáit leis an leasú.

Níl agus ní raibh aon ionchur ag mo pháirtí go dtí seo i gCoimisiún Thithe an Oireachtais toisc an tslí go bhfuil sé bunaithe i rialacha an Tí. Ní amháin sin, ach mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, níl ionchur ag gnáth-Bhaill an Tí ar ghnó Choimisiún Thithe an Oireachtas. Níl sé de chead acu siúd atá ar an gcoimisiún craobhscaoileadh imeachtaí na gcruinnithe ag an gcoimisiún. Níor thug an tAire Stáit freagra cuí.

Ó thaobh solúbthachta de, an fáth go bhfuilimid sa tsáinn ina bhfuilimid faoi láthair maidir le riaráistí Achtanna atá i mBéarla amháin ná cionn is go bhfuil solúbthacht ann. Sin an fáth go raibh mise ag iarraidh spriocdháta a leagan síos agus go bhfuil mé ag tacú leis an Teachta Ó Cuív anseo, mar go mbeidh sé daingnithe. Tuigim go bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit a rá le Coimisiún Thithe an Oireachtais an coiste seo a chur ar bun ach seans go dtiocfaidh Airí eile ar nós na n-Airí a bhí ann roimhe seo nach raibh chomh báúil leis an Ghaeilge, nó nár thug tosaíocht don teanga. Is féidir le hAire mar sin é seo a fhágáil ar leataobh.

Níl solúbthacht ag teastáil uainn sa chás seo, táimid ag iarraidh go mbeadh sé dearfach go mbeadh coiste ann chun deileáil leis an gceist seo. Is ar mhaithe an Aire Stáit agus ar son leas Rannóg an Aistriúcháin go mbeadh seo daingean agus an obair athbhreithnithe a bhaineann leis an choiste seo ar siúl de shíor nach mbeadh daoine a tharraingt le chéile trí dheifir ag deireadh sé bliana ionas go mbeidís in ann athbreithnithe a dhéanamh chun rial a leag an tAire Stáit síos a chomhlíonadh.

Is trua nach bhfuil an tAire Stáit sásta glacadh leis seo, is rud simplí é.

Tá ballraíocht leathan ar Choimisiún Thithe an Oireachtais, idir an Dáil agus an Seanad. Tá ionadaíocht chothrom air sin. Ní mór cuimhneamh go bhfuil Rannóg an Aistriúcháin freagrach do Choimisiún Thithe an Oireachtais agus leis na treoracha a fhaigheann sí uaidh. Mar sin de, tá sé réasúnta go bhfágfar an cinneadh seo faoi Choimisiún Thithe an Oireachtais. Ní bheidh tionchar ag an Aire air ach beidh tionchar ag na Baill agus na páirtithe ar fad sa Teach air.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh nach bhfuil ionadaíocht óna pháirtí féin ar an choimisiún ach ní bheadh a fhios aige nach mbeadh cúpla duine ó Shinn Féin air an chéad uair eile. Braitheann sin ar an phobal amuigh.

Tá sé réasúnta ansin go bhfágfar an focal “Féadfaidh” mar atá sé mar cuireann sé ceangal ró-dhaingean ar an choimisiún an focal “Déanfaidh” a chur isteach.

Ní thuigim. Chuir an tAire Stáit ceangal an t-athbhreithniú a dhéanamh chuile seacht mbliana agus ní raibh fadhb ar bith aige le ceangal sa chás sin. An rud atá muid ag rá ná nach féidir athbhreithniú a dhéanamh sa lá atá inniu ann ar an chaighdeán gan tuairim na nAirí ábharacha a fháil.

An bhfuil an tAire Stáit ag rá liom, agus cúram foclóireachta na tíre ar fad, Thuaidh agus Theas, ar Fhoras na Gaeilge, gur féidir athbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeán na Gaeilge gan Fhoras na Gaeilge a bheith gafa leis ó thaobh foclóireachta de? An bhfuil sé ag rá liom gur féidir athbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeán na Gaeilge gan an coiste téarmaíochta a bheith gafa leis? An bhfuil sé ag rá liom gur féidir athbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeán na Gaeilge gan na meáin, ar nós TG4 agus Raidió na Gaeltachta, a bhfuil an oiread dualgas orthu Gaeilge caighdeánach a chur i láthair an phobail agus a bhfuil an oiread tábhachta ag baint le go n-úsáidfaidh na tráchtairí atá acu Gaeilge chaighdeánach, a bheith páirteach ann? An bhfuil sé ag rá liom gur féidir caighdeán a réiteach gan chomhairle a glacadh leo siúd atá freagrach as oideachas trí Ghaeilge sa tír, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta? Ar ndóigh, tá a fhios agam céard atá i gceist. An rud atá i gceist ná leath-athbhreithniú a bheith ar bun chuile seacht mbliana agus gan dul i gcomhairle.

Tá an tAire Stáit ag cur ceangail ar an rannóg an jab a dhéanamh ró-mhinic, ach ansin nuair a dhéanann siad é, níl sé sásta ceangal a chur orthu é a dhéanamh ceart. B'é mise mar Aire a thionscnaigh go ndéanfaí athbhreithniú ar an chaighdeán, mar a bhí an caighdeán a bhí ann le 60 bliain gan leasú ar bith déanta air ag Rannóg an Aistriúcháin. Bhí sé lochtach ó thús. Bhí mírialtachtaí gan gá tugtha isteach sa teanga. Bhí meascáin canúintí sna briathra, rudaí simplí laethúla. Bhí sé mícheart, mar shampla, a rá "bheadh muid". Caithfeadh muid "bheimís " a rá, cé go n-úsáidtear "bheadh muid" sa chanúint is láidre sa tír, leagan atá i bhfad níos simplí ná an leagan táite den bhriathar.

Níl aon mhiniú á thabhairt ag an Aire Stáit ar aon rud. Níl sé in ann aon chúis a thabhairt dáiríre seachas, "ní ceart ceangal a chur orthu". Níl sé in ann aon chúis a thabhairt, mar go mbeadh sé riachtanach go mbeadh na dreamanna seo ar fad istigh ar choiste agus nach bhfuiltear ar fad riachtanach le hathbhreithniú a dhéanamh ar an chaighdeán. Níor thug sé oiread agus cúis mhaith amháin go bhféadfaí déanamh gan iad in athbhreithniú an chaighdeáin.

Is é an polasaí atá ag an Aire Stáit ná - an tAire gan géilleadh, an tAire gan athrú agus an tAire gan leasú. Tá sé ag déanamh mísce don Bhille.

Question, "That the words proposed to be deleted stand", put and declared carried.
Amendment declared lost.

Ní fiú vóta a chaitheamh sa Teach seo. Tá steam roller ag an Aire Stáit.

Is the Deputy calling a quorum?

Dúirt mé an méid adúirt mé. I did not call a quorum. I did not mention the word. I said it was not worth calling a vote because the Minister of State has a steam roller.

I did not call a vote.

I said there was no point in my calling a vote but said nothing about a quorum.

We will move on. Amendment No. 16 arises from Committee proceedings. Amendments Nos. 16 and 17 are related and may be discussed together.

I move amendment No: 16:

In page 10, line 14, after “experience.” to insert the following:

“Representatives from Foras na Gaeilge and An Coiste Téarmaíochta, Irish language post-primary school teachers, Irish language university tutors, Irish language authors and publishers and representatives from Irish language organisations shall be amongst the persons on this committee.”.

Leasú simplí é seo. Idir mo leasú agus ceann an Teachta Ó Cuív, séard atá i gceist againn ná go mbeidh muid cinnte, nuair a bhunófar an coiste seo - má déantar sin in aon chor anois - go mbeidh na saineolaithe seo páirteach sa choiste. Is cóir go ndéanfaidh muid cinnte de go mbeidh gach réimse dóibh siúd atá gafa le téarmaíocht na Gaeilge, reachtaíocht na Gaeilge agus gnáth cleachtas na Gaeilge ar an choiste chun a dhéanamh cinnte de go mbeidh gach rud gafa isteach in aon athbhreithniú a tharlóidh. Sa liosta atá curtha isteach agamsa, tá grúpaí breise anuas ar an méid atá luaite ag an Teachta Ó Cuív. Idir an dá leasú, tuigfidh an tAire Stáit céard atá i gceist againn. Nílim chun níos mó a rá faoi seo.

Bhí coiste stiúrtha againn cheana a tháinig ón dream atá liostáilte againn. Táimidne ag iarraidh a dhéanamh cinnte de go mbeidh, ar an laghad, ionadaithe ó na dreamanna seo ar an choiste. Nílimid ag iarraidh srian a chur ar an méid daoine a bheidh ar an choiste ná ar aon saineolaithe eile. D'fhéadfadh muid suí síos agus liosta breise a chur le chéile ach ar a laghad, ba chóir go mbeadh daoine den sórt atá luaite againn ar an choiste.

Nílim chun athrá a dhéanamh ar atá ráite cheana. Ar ndóigh, níl an tAire Stáit chun glacadh leis an leasú seo ach an oiread. Mar adúirt mé - is é an tAire gan athrú, an tAire gan leasú é.

An freagra atá agam ar sin ná go bhfuil praiseach againn agus go bhfuil mé ag iarraidh í a chur ina ceart. Nílim chun a rá sa Teach cé is cúis leis an phraiseach agus leis an oidreacht a tugadh domsa - dhá chaighdeán agus dhá dream ag déileáil leis an Ghaeilge. Ní tharlódh sé fiú amháin sa Rúis féin an lá is measa a bhí siad.

Caithfidh mé é seo a rá. Sílim gurb iad na heagrais atá luaite ag na Teachtaí ina leasuithe na cineálacha eagras a bheidh i gceist cuidiú a thabhairt agus páirt a ghlacadh sa phróiseas, de bharr an tsaineolais atá acu ar réimse na Gaeilge. Tá sé rí-thábhachtach mar sin féin, go mbeidh discréid ag an choimisiún maidir le cinntí éagsúla a bheidh le glacadh aige. Má ghlactar leis na leasuithe seo, ní bheidh an discréid ag an choimisiún maidir le comhdhéanamh coiste a bheidh le ceapadh aige chun tabhairt faoi athbhreithniú a dhéanamh ar an Chaighdeán Oifigiúil. Ní chreidim gur cur chuige ceart na moltaí seo.

Luaidh Teachta an Ard-Aighne níos luaithe anseo sa díospóireacht ar maidin. Is fiú a nótáil go bhfuil an cur chuige seo ag teacht le dearcadh an Ard-Aighne nach ceart go mbeadh príomh reachtaíocht ró-shonrach agus go mbeadh an cur chuige fágtha ag an choimisiún agus ag Rannóg an Aistriúcháin. Daoine maithe iad na daoine atá luaite agus bhí daoine breátha ar an choiste stiúrtha. Tá go leor daoine ar fud na tíre, buíochas le Dia, atá cáilithe leis an obair a dhéanamh. Tá siad sna h-ollscoileanna agus in institiúdí tríú leibhéal. Casadh orm iad, daoine atá ag déanamh dochtúireachta sa Ghaeilge agus sa teanga. Tá go leor acu ann. Ba chóir go mbeadh solúbthacht le seo agus nuair a bheidh an coiste le bunú, beidh teacht ar dhaoine a bhfuil taithí, eolas agus cáilíochtaí acu. Tá go leor acu ann. Nílim ag rá nach bhfuil siad sna heagrais atá luaite, agus tá daoine taobh amuigh de na heagrais sin nach bhfuil luaite ar chor ar bith.

Tá sé éasca go leor ag duine ar bith coiste den chéad scoth a chur ar bun. Rinne an Teachta Ó Cuív féin é leis an choiste stiúrtha. Is féidir é a dhéanamh arís. Nílimid chun an rotha a athchruthú anseo. Tá daoine go leor ar fud na tire, sna h-ollscoileanna agus sna h-acadaimh a bheidh ábalta an obair a dhéanamh. Ní míorúilt ar bith a bheidh ann daoine a phiocadh amach. Mar adúirt mé, nílimid ag iarraidh ceangal na gcúig gcaol a chur ar éinne, ach go mbeidh an tsolúbthacht sin acu. Táimid ag iarraidh daoine cearta a chur air. Mar sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Nílim ag cur srian ar éinne, nó ar aon choimisiún a bheidh ag roghnú daoine, i mo leasú. Labhróidh an Teachta Ó Cuív faoina leasú, ach ní dóigh liom go bhfuil sé ag cur srian ar éinne ach oiread. De réir an Bhille mar atá sé faoi láthair, is féidir leis an gcoimisiún "cibé daoine is cuí leis .... a bhfuil .... taithí oiriúnach acu, a cheapadh". Tosnaíonn mo leasú leis na focail "i measc na ndaoine ar an gcoiste". Níl srian i gceist. Nílimid ach ag rá gur cheart go mbeadh roinnt dóibh siúd ar an gcoiste. Anuas ar sin, d'fhéadfadh an coimisiún duine ar bith gur mhian leo a roghnú. Is trua é nach bhfuil an dream atá luaite agam, ar a laghad, le sonrú sa Bhille. B'fhéidir go dtiocfaidh siad. Níl mé ag rá nach dtiocfaidh siad. Is dóigh liom gur cheart tús áite a thabhairt dóibh ó thaobh an dlí de. B'fhéidir nach bhfuil an liosta is fearr curtha le chéile agam, ach measaim gur chóir treoir a leagadh síos go reachtúil don choimisiún.

An bhfuil an tAire Stáit ag rá gur féidir smaoineamh ar athbhreithniú ar an gcaighdéan a dhéanamh gan coiste comhairliúcháin a chur in áit? Ar a laghad, ba cheart go mbeadh na heagrais atá luaite go sonrach agam sa leasú - Foras na Gaeilge, an Coiste Téarmaíochta agus mar sin de - istigh ar an gcoiste. Níl uaim bac a chur ar dhaoine eile a tharraingt isteach sa scéal. An bhfuil an tAire Stáit ag rá go mbeadh aon chumas ag aon choiste comhairliúcháin gan na heagraíochtaí sin, ar a laghad, a bheith ar an gcoiste?

Níl aon rud sa Bhille a chuireann cosc ar éinne na heagraíochtaí seo a thógáil isteach.

Ní chuireann sé iachall orthu.

Sílim go bhfuil go leor daoine amuigh ansin a bhfuil saineolas acu ar an nGaeilge ach nach bhfuil ar aon cheann de na heagraíochtaí seo. Nuair a bheidh an cinneadh seo á dhéanamh, tá sé tábhachtach go bhfaighfear na daoine is fearr, má tá siad ina mbaill de na coistí seo nó nach bhfuil. Tá a fhios againn uilig daoine nach bhfuil sna heagraíochtaí seo a bhfuil sár-eolas acu. Nílimid ag dícháiliú duine ar bith - táimid ag tabhairt cead don choimisiún na daoine cearta a chur ar an gcoiste. Mar a dúirt mé, níl fáth ar bith nach dtiocfaidh cuid de bhaill an choiste as na heagraíochtaí seo. Níl fáth ar bith nach dtiocfaidh siad go léir as na heagraíochtaí seo. Níl fáth ar bith nach féidir dul taobh amuigh dóibh. Táimid ag tabhairt na freagrachta sin don choimisiún. Sílim go bhfuil an Bille mar atá sé dréachtaithe in ord. Níl mé sásta glacadh leis an leasú.

Ar an gcéad dul síos, níl aon cinnteacht go mbeidh coiste ann. Tá an tAire Stáit tar éis a shoiléiriú nach mbeidh aon chinnteacht go mbeidh coiste ann. Níor fhreagair an tAire Stáit an cheist a chuir mé. An féidir leis a shamhlú go ndéanfar athbhreithniú ar an gcaighdéan gan na buneagraíochtaí atá luaite agam a bheith istigh? Sa leasú a chuir mé síos, níl aon srian ar an gcoimisiún cuireadh a thabhairt d'aon dream eile sa bhreis ar sin. Ba cheart, ar a laghad, go bhfaigheadh na heagraíochtaí bunúsacha seo cuireadh bheith ar an gcoiste comhairliúcháin. Níor fhreagair an tAire Stáit an cheist sin, mar ní fhreagraíonn sé aon cheist.

Amendment put and declared lost.

I move amendment No. 17:

In page 10, between lines 14 and 15, to insert the following:

"(c) notwithstanding the generality of section 4(b) the Commission will invite the following to appoint a person to this committee—

(i) a representative of the Minister of the Government, namely—

(I) the Minister for Arts Heritage and the Gaeltacht,

(II) the Minister for Education and Skills, and

(III) the Minister for Justice and Equality,

(ii) Foras na Gaeilge,

(iii) An Coiste Tearmaíochta,

(iv) TG4,

(v) Raidió na Gaeltachta,

(vi) An Chomhairle um Oideachas Gaeilge agus Gaeltachta, and any person the Commission considers appropriate.".

Amendment put and declared lost.

I move amendment No. 18:

In page 10, between lines 14 and 15, to insert the following:

"5.—The Commission may appoint such and so many persons to be members of the staff of the Commission (an adequate number of whom should be competent in the Irish language so as to provide service through Irish as well as English) as it may determine with the consent of the Minister and the Minister for Finance.".

Níl sé i gceist agam mórán ama a chaitheamh ar an leasú simplí seo. Tá mé ag iarraidh a chinntiú go mbeidh an riachtanas seo ar an gcoimisiún. Thosaigh na riaráistí lena bhfuilimid ag déileáil ag dul i méid toisc nach raibh go leor acmhainní ag Rannóg an Aistriúcháin chun déileáil leo. Tá mé ag moladh sa leasú seo go "(bh)féadfaidh an Coimisiún cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí d’fhoireann an Choimisiúin (a mbeidh inniúlacht sa Ghaeilge [acu] chun seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge agus trí Bhéarla araon)". Tá fadhb againn toisc nach bhfuil foireann Thithe an Oireachtais dátheangach. Níl go leor oibrithe fostaithe i Rannóg an Aistriúcháin. Ní féidir liom mo chuid gnó san Oireachtas a dhéanamh go huile agus go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Is féidir liom é a dhéanamh go huile is go hiomlán as Béarla, áfach. Tá mé ag déanamh iarracht arís a chinntiú go dtabharfar tús áite don Ghaeilge nuair atá ceapacháin á ndéanamh ag Coimisiún Thithe an Oireachtais sna blianta amach romhainn, ionas go mbeidh mo chearta agus cearta gach saoránach a dhéanann iarracht a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge cosanta ar a laghad sa Pharlaimint seo.

Aontaím leis an Teachta.

Ní miste a nótáil go mbíonn cáilíocht Ghaeilge d'ardchaighdeán ag teastáil chun post a fháil le Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais. Aithním an gá atá le cláir feasachta teanga agus cláir oiliúna teanga a fhorbairt chun go mbeidh cion níos mó d’fhoireann na seirbhíse poiblí in ann feidhmiú go héifeachtach i nGaeilge agus seirbhísí a sholáthar i nGaeilge do chustaiméirí a bhíonn á n-iarraidh. Tá sé ráite sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge go gceapfaidh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí socruithe cuí chun cur leis an gcohórt seirbhíseach poiblí atá in ann feidhmiú go dátheangach. Bunófar na socruithe sin de réir a chéile, ag aithint na srianta atá faoi láthair ar earcaíocht chuig an earnáil phoiblí. Mar thaca leo sin, déanfar forbairt ar chóras creidiúnaithe caighdeán-bhunaithe neamhspleách d’inniúlacht Gaeilge sa tseirbhís phoiblí laistigh den chreat-oibre cáilíochtaí náisiúnta foriomlán atá ann faoi láthair. Mar a tharlaíonn sé, tá comhráití maidir leis an sprioc seo ar siúl idir oifigigh mo Roinne agus a gcuid comhghleacaithe sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i láthair na huaire. Tá socruithe á ndéanamh chun gurb í an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a bheidh freagrach as oiliúint agus trialacha inniúlachta Gaeilge a eagrú don Státseirbhís feasta. Is dul chun cinn suntasach é sin.

Ní miste dom a lua go bhfuil conradh trí bliana aontaithe ag Foras na Gaeilge leis an chomhlacht Gaelchultúr chun raon de chúrsaí oiliúna a chur ar fáil don tseirbhís phoiblí. Mairfidh an conradh seo go dtí deireadh 2014. Anuas ar seo, tá glactha ag Acht na dTeangacha Oifigiúla leis an "scéim teanga" mar an lár-ionstraim trína sholáthrófar seirbhísí dátheangacha sa tseirbhís phoiblí. Tá sé mar sprioc sa straitéis 20 bliain chomh maith go sonróidh scéimeanna teanga amach anseo na poist laistigh d’eagraíochtaí a mbeidh cumas sa Ghaeilge riachtanach dóibh. Tá mé sásta, agus na pointí sin uilig san áireamh, go bhfuil socruithe fiúntacha idir lámha chun cumas na Gaeilge a láidriú sa tseirbhís phoiblí i gcoitinne, Coimisiún Thithe an Oireachtais san áireamh. Mar sin, níl sé ar intinn agam glacadh leis an leasú.

Níl mé chun moill a chur ar an díospóireacht. Tá an cheist seo ag déanamh tinnis dom le blianta. Ba mhaith liom ceist shimplí a cur ar an Aire Stáit. Tá dream nua ag obair i measc foireann an Oireachtais le déanaí. Is féidir iad a fheiceáil timpeall na háite. Tá mé tar éis labhairt le cuid acu agus is daoine maithe iad. Glacaim leis gur daoine maithe iad siúd nach bhfuil mé tar éis labhairt leo go fóill. Níl cumas sa Ghaeilge acu ar fad. Cé mhéid duine eile a bheidh á n-earcú ag an gcoimisiún amach anseo nach mbeidh sé ar a gcumas acu déileáil - fiú ar an mbunleibhéal - le Comhaltaí nó leis an bpobal trí mheán na Gaeilge?

Sin an fáth go bhfuil mé ag triall impí ar an Státchóras gur chóir athrú meoin a bheith ann ionas nuair a bheadh sé ag roghnú daoine a bheith ag deileáil leis an phobal, go mbeadh caighdeán líofacht níos fearr Gaeilge acu gur féidir linn deileáil leo ag an bhunleibhéal. Nílim a rá gur chóir go mbeadh saineolas nó líofacht iomlán ag gach uile duine sa Státchóras ó thaobh na Gaeilge de, nílim chomh míréadúil sin. Táim ag rá go gcaithfimid tosú ag pointe éigin agus is maith an rud go bhfuil an méid a luaigh an tAire Stáit ansin maidir le Gaelchultúr agus Foras na Gaeilge ó d’imigh Gaeleagras mar bhí teip ar an Stát ó thaobh státseirbhísigh de.

Má tá mé ag impí aon rud ar an Aire Stáit sé gur ceart aon deis atá ar fáil do státseirbhísigh atá ag obair anseo, ba chóir go mbeadh sé ar fáil d’fhoireann nach státseirbhísigh iad atá ar chonradh sna Tithe chomh maith. Tá a lán foirne ag obair mar chúntóirí parlaiminte ag na páirtithe ag a mbeadh spéis leas a bhaint as cúrsaí Gaeilge a bheadh ar fáil do státseirbhísigh atá faoi réim an choimisiúin.

Aithním na deacrachtaí atá ann. Sin an fáth go bhfuilimid chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí sin agus tá plé ar siúl idir an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus mo Roinn féin i láthair na huaire maidir leis na dóigheanna is fearr cuid de na deacrachtaí seo a réiteach. Tá an conradh againn anois le Gaelchultúr cúrsaí a chur ar fáil do na daoine sa tseirbhís phoiblí. Bhí Gaeleagras ann ach níl sé ann le roinnt blianta anuas. Ar a laghad tá Gaelchultúr ann agus tá na scileanna agus modhanna múinte aige an-mhaith. Thug mé cuairt ar an eagraíocht sin cúpla uair. Cúpla lá ó shin, d’oscail Gaelchultúr oifig nua in aice linn ar Shráid an Chláraigh. Beidh an áit sin iontach oiriúnach, fóirsteanach, furasta do dhaoine anseo i dTithe an Oireachtais gur féidir leo freastal ar na sár-chúrsaí a chuireann siadsan ar fáil

Aithním na deacrachtaí agus tá comhráití ar siúl idir sinn féin agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus tá dualgas ar mo Roinn féin maidir le cúrsaí a chur ar fáil. Tá rudaí ag tarlú i láthair na huaire. Tá sé thar am gur tharla rudaí mar sin agus aontaím gur chóir go mbeimis in ann ár ngnó a dhéanamh trí cibé teanga a roghnaíonn duine, fiú istigh anseo.

Amendment put and declared lost.

Amendments Nos. 19 and 20 have been ruled out of order as they involve a potential charge on the Exchequer. Amendment No. 21 has been ruled out of order because it is outside the scope of the Bill. Amendments Nos. 22 and 23 have been ruled out of order as they involve a potential charge on the Exchequer.

Amendments Nos. 19 to 23, inclusive, not moved.
Question put: "That the Bill be received for final consideration."
The Dáil divided: Tá, 77; Níl, 29.

  • Breen, Pat.
  • Broughan, Thomas P.
  • Bruton, Richard.
  • Burton, Joan.
  • Butler, Ray.
  • Buttimer, Jerry.
  • Byrne, Catherine.
  • Byrne, Eric.
  • Cannon, Ciarán.
  • Carey, Joe.
  • Collins, Áine.
  • Conaghan, Michael.
  • Connaughton, Paul J.
  • Conway, Ciara.
  • Coonan, Noel.
  • Creed, Michael.
  • Daly, Jim.
  • Deasy, John.
  • Deenihan, Jimmy.
  • Deering, Pat.
  • Doherty, Regina.
  • Donohoe, Paschal.
  • Dowds, Robert.
  • Doyle, Andrew.
  • Durkan, Bernard J.
  • English, Damien.
  • Farrell, Alan.
  • Feighan, Frank.
  • Ferris, Anne.
  • Fitzpatrick, Peter.
  • Flanagan, Charles.
  • Flanagan, Terence.
  • Griffin, Brendan.
  • Hannigan, Dominic.
  • Harrington, Noel.
  • Harris, Simon.
  • Hayes, Tom.
  • Heydon, Martin.
  • Humphreys, Heather.
  • Humphreys, Kevin.
  • Keating, Derek.
  • Kehoe, Paul.
  • Kenny, Seán.
  • Kyne, Seán.
  • Lawlor, Anthony.
  • Lynch, Ciarán.
  • McCarthy, Michael.
  • McGinley, Dinny.
  • McHugh, Joe.
  • McNamara, Michael.
  • Maloney, Eamonn.
  • Mathews, Peter.
  • Mitchell, Olivia.
  • Mulherin, Michelle.
  • Murphy, Dara.
  • Murphy, Eoghan.
  • Neville, Dan.
  • Nulty, Patrick.
  • Ó Ríordáin, Aodhán.
  • O'Donnell, Kieran.
  • O'Donovan, Patrick.
  • O'Dowd, Fergus.
  • O'Mahony, John.
  • O'Reilly, Joe.
  • Perry, John.
  • Phelan, Ann.
  • Phelan, John Paul.
  • Rabbitte, Pat.
  • Ryan, Brendan.
  • Shatter, Alan.
  • Sherlock, Sean.
  • Shortall, Róisín.
  • Spring, Arthur.
  • Stagg, Emmet.
  • Stanton, David.
  • Tuffy, Joanna.
  • Twomey, Liam.

Níl

  • Calleary, Dara.
  • Collins, Joan.
  • Colreavy, Michael.
  • Cowen, Barry.
  • Crowe, Seán.
  • Doherty, Pearse.
  • Donnelly, Stephen S.
  • Ferris, Martin.
  • Fleming, Sean.
  • Fleming, Tom.
  • Healy, Seamus.
  • Higgins, Joe.
  • Kelleher, Billy.
  • Kirk, Seamus.
  • Mac Lochlainn, Pádraig.
  • McConalogue, Charlie.
  • McGrath, Finian.
  • McGrath, Mattie.
  • McGuinness, John.
  • Ó Caoláin, Caoimhghín.
  • Ó Cuív, Éamon.
  • Ó Fearghaíl, Seán.
  • Ó Snodaigh, Aengus.
  • O'Brien, Jonathan.
  • Pringle, Thomas.
  • Ross, Shane.
  • Smith, Brendan.
  • Stanley, Brian.
  • Tóibín, Peadar.
Tellers: Tá, Deputies Emmet Stagg and Paul Kehoe; Níl, Deputies Aengus Ó Snodaigh and Seán Ó Fearghaíl.
Question declared carried.
Question, "That the Bill do now pass", put and declared carried.
Barr
Roinn