Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 6 Mar 2013

Vol. 795 No. 2

Leaders' Questions

Inné, chosain an Taoiseach comhaontú nua Pháirc an Chrócaigh agus dúirt sé go raibh sé chomh cothrom agus gur féidir leis a bheith agus gurb iad na daoine atá ag déanamh an t-airgead is fearr san earnáil phoiblí a íocfaidh an méid is mó. Ach, tá baill i measc An Garda Síochána atá i gcruachás maidir lena morgáistí a íoc, mar gur chuir siad na préimh íocaíochtaí san áireamh mar chuid dá gcroíphá do na bainc. Tá dílseacht agus tiomantas na ngardaí don bpobal agus dá gcomhghleacaithe le feiceáil ag gach éinne gach lá ar fud na tíre. Tá sé riachtanach go léiríonn meoin an Rialtais tiomantas na ngardaí.

Tá gardaí ag tabhairt aghaidh ar dhúshlán an-mhór ar fad, ar nós daoine faoi airm lá i ndiaidh lae, 365 lá den bhliain. Tá siad go hiomlán míshásta leis an mhargadh is déanaí atá le fáil ó chomhaontú Páirc an Chrócaigh. Ní raibh spiorad na ngardaí riamh chomh híseal agus atá sé anois. Don chéad uair riamh i stair ardchomhairle an GRA, tá vóta mímhuiníne tógtha acu san Aire Dlí agus Cirt, an Teachta Shatter. Is léir anois nach bhfuil aon rogha ag na gardaí ach comharthaí dea-thola a tharraingt siar mar agóid i gcoinne an Rialtais.

Is bealach náireach agus brónach é seo le bheith ag déileáil leis An Garda Síochána, go háirithe agus an Rialtas ag dúnadh níos mó ná 100 stáisiún thart timpeall na tíre agus ag bagairt laghdú ar mhéid an fhórsa de bharr gearradh siar ar phá an fhórsa ar fad. Tá coirpigh anois níos gnóthaí ná riamh, agus tá robáil tithe méadaithe timpeall na tíre. Mar shampla, i ndáilcheantar an Mhí Thoir amháin, tá sé suas 28% ó thosaigh an Taoiseach a réim dhá bhliain ó shin, gan trácht ar an mhéadú i ngníomhachtaí easaontach atá go mór i mbéal an phobail faoi láthair.

Anuas ar na dúshláin a mbaineann lena bpoist laethúil, tuigeann gardaí go bhfuil margadh déanta ag an Rialtas leis na hoifigigh phriosúin, a thugann ráta dúbailte dóibh ar an Domhnach. Ag an am céanna, tá an Rialtas ag rá leis An Garda Síochána go bhfuil gardaí chun pá níos ísle a fháil. Conas go bhfuil sé seo cóir? Cén comhartha a bhfuil an Taoiseach ag tabhairt do ghardaí na tíre?

Tá a fhios ag gach duine sa tír faoin jab atá á dhéanamh ag An Garda Síochána le blianta anuas. Aontaím go mór go dtugann an fórsa cabhair agus cosaintí do mhuintir na tíre an t-am ar fad. Labhair an Teachta faoi chomhaontú nua Pháirc an Chrócaigh agus na díospóireachtaí atá ar siúl faoi láthair ag na ceardchumainn ag éirí as an pháipéar a chuir an coimisiún os a gcomhair. Tá fios maith ag an Teachta go bhfuil sé curtha san áireamh go gcaithfidh iad siúd atá ar na tuarastail is mó agus atá na háiseanna is fearr acu an méid is mó a íoc. Ní hamháin go bhfuil sé seo deacair do ghardaí, tá sé deacair do chuile duine atá ag obair sa tír, go háirithe iad siúd a dhírítear orthu leis na cainteanna seo, na banaltraí, múinteoirí agus chuile duine eile a thugann seirbhísí sonracha do mhuintir na hÉireann.

Ní cóir don Teachta díriú isteach ar phointe amháín anseo, mar is ábhar an-leathan ar fad atá i gceist. Le linn na díospóireachtaí agus iad ar siúl, cuireadh ceist orm go minic faoi cén fáth nach raibh comhrá ar siúl leis an GRA, na cigirí agus cumann na sáirsintí. Tá a fhios ag an Teachta cén chaoi atá an scéal le blianta anuas agus go ndeirtear gur ceart go mbeadh An Garda Síochána agus na hargóintí agus na díospóireachtaí atá le déanamh acu páirteach sna díospóireachtaí. Ach ní ceardcumann iad baill An Garda Síochána. Ag an am céanna, le blianta anuas bhí cead ag gardaí, cigirí agus cumann na sáirsintí a gcuid tuairimí a phlé agus a nochtadh.

Maidir leis na díospóireachtaí atá thart, chuir na ceardchumainn a d'fhan istigh sna comhráití béim ar chúrsaí bainistíochta agus íocaíochtaí deireadh seachtaine, go mórmhór ar an Satharn agus an Domhnach. Ag éirí as na díospóireachtaí sin, níor ghlacadh leis an moladh a chuir taobh na bainistíochta ar an mbord agus laghdaíodh an gearradh siar a bhí i gceist. Tá na cainteanna ar siúl agus na téarmaí á iniúchadh ag an ceardchumainn agus déanfaidh siadsan suas a n-aigne go luath. Má ghlactar leis an chomhairle agus leis an pháipéar ón gcoimisiún, beidh na téarmaí sin i gceist do gach éinne thar an seirbhís phoiblí ar fad.

Tá an Teachta ag caint faoi ghardaí amháin agus ag díriú isteach ar na gearrtha siar ar phá atá i gceist, ach caithfear breathnú ar an scéal ar fad ina iomlán. Mar atá a fhios aige freisin, le blianta anuas, tá áiseanna á dhíriú ar agus á iarraidh ag gardaí chun go mbeidh siad in ann a gcuid jabanna a dhéanamh. Mar shampla, sin an fáth gur cuireadh €5 milliún breise ar fáil i mbliana le haghaidh carranna agus áiseanna. Tá a fhios agam go maith cé chomh cruinn agus atá an t-eolas atá ag An Garda Síochána agus an PSNI faoi iad siúd atá ag iarraidh ár dtír a thabhairt thar nais go dtí am na Trioblóide, ach tá súil agam nach dtarlóidh sin.

Tá na ceardchumainn ag plé an chomhaontuithe faoi láthair agus déanfaidh siad suas a n-aigne go luath. Tá súil agam go nglacfaidh siad leis an bpáipéar ón gcoimisiún i dtreo agus go mbeimid in ann déileáil leis na fadhbanna caiteachais phoiblí a bhí os ár gcomhair nuair a thángamar isteach in oifig dhá bhliain ó shin an tseachtain seo.

Tá mé ag díriú ar na gardaí ar maidin. Is ceart agus is cóir é sin. Mar is léir do gach éinne - buailim le gardaí gach lá - agus mar a dúirt mé cheana, ní raibh spiorad na ngardaí riamh chomh híseal is atá sé anois. Níl aon dul as - tá an spiorad laistigh den fhórsa go dona ar fad faoi láthair. Is léir gur dhein an Rialtas margadh speisialta do na hoifigigh príosúin agus na comhraiceoirí dóiteáin, ach scéal eile atá ann do na gardaí. Conas a bhfuil sé sin cóir? Níl sé cóir in aon chor. Gheobhaidh na hoifigigh príosúin ráta dúbailte ar an Domhnach, ach ní gheobhaidh na gardaí an ráta céanna. Is léir go bhfuil dúshlán mór roimh ghardaí na tíre seo. Mar a dúirt mé inné, caillfidh gardaí thart ar €80 sa tseachtain de dheasca an chomhaonaithe seo. Is é sin bun agus barr na faidhbe. Tá gardaí ar fud na tíre i gcruachás faoi láthair maidir leis na morgáistí atá acu. Cuireadh na premium payments seo san áireamh mar chuid de chroíphá na ngardaí nuair a bhí na morgáistí sin á fháil acu. Is é sin an fáth go bhfuil fadhb faoi leith acu an babhta seo. Chuala mé ar maidin nach bhfuil an tAire, an Teachta Howlin, sásta bualadh la baill an Gharda maidir le comhaontú Pháirc an Chrócaigh. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin maith a dhóthain. Impím ar an Aire ciall a bheith aige agus meas a thaispeáint do na gardaí. Ba cheart dó bualadh leo gan mhoill. An mbeidh an Taoiseach sásta labhairt leis an Aire agus a rá leis go bhfuil sé riachtanach dó bualadh leis na gardaí? Go dtí seo, tá diúltaithe aige ar an gcuireadh a tugadh dó.

Tá neart ciall ag an Aire, an Teachta Howlin. Tá a fhios ag an Teachta Martin, a bhí mar Aire anseo le fada an lá, céard a déarfadh na ceardchumainn a d'fhan istigh ag na díospóireachtaí dá mbuailfeadh an tAire leo siúd nár fhan istigh.

Níl ceardchumann i gceist anseo. Is ceist speisialta í.

Tá a fhios aige go maith go bhfuil áiseanna ann a thabharfadh deis do na gardaí agus na grúpaí eile a shiúl amach ó na díospóireachtaí a gcuid argóintí, tuaraimí agus conspóidí a lua. Tá roinnt gardaí i dtrioblóid lena morgáistí, ach tá daoine eile i dtrioblóid freisin. Is í sin an fhadhb lena bhfuil an Rialtas ag déileáil. Nuair a bhí an Teachta Martin sa Rialtas, níor ghlac sé leis an fhírinne a bhí á nochtadh os a chomhair chuile lá. Dúirt sé nach raibh sé seo ag tarlú ar chor ar bith - nach raibh deacracht ar bith ann. Dúirt an Taoiseach a bhí ann ag an am gur chóir do dhaoine a cheap go raibh deireadh ag teacht leis an tsórt infheistíochta a bhí ar siúl rud éigin eile a dhéanamh.

An bhfuil na Teachtaí ar an taobh eile ag éisteacht?

Tá an Rialtas agus Banc Ceannais na hÉireann ag déileáil le cúrsaí bainc i dtreo is go mbeidh brú ar na bainc-----

Tá an Taoiseach i gcoinne na ngardaí faoi láthair.

-----déileáil le daoine a bhfuil deacrachtaí morgáistí acu. Tá súil agam go mbeidh struchtúr curtha ina leith-----

N'fheadar cén fáth.

-----i dtreo is go mbeidh brú ar na bainc déileáil leo.

Cad faoi fhadhbanna na ngardaí?

Tá a fhios ag na Teachtaí gur tugadh isteach dlí an-chasta i dtaobh na ndaoine nach bhfuil airgead ar bith acu sa reachtaíocht i dtaobh personal insolvency.

Níl faic déanta ag an Rialtas faoin gceist sin.

Tá brú á chur ar na bainc rud éigin a dhéanamh chun cúnamh a thabhairt dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí morgáistí acu, gardaí ina measc. Is í sin go díreach an fhadhb a bhí ag an Rialtas nuair a tháinig muid isteach. Níor ghlac an Rialtas deiridh leis an fhírinne ar chor ar bith.

An bhfuil tú ag magadh?

Ní raibh tú in ann an fhírinne a rá.

Bhí tú i gcoinne gach aon cháinaisnéis.

Níor ghlac tú go raibh sé seo ag tarlú.

Tá sé in am don Taoiseach cúnamh a thabhairt do ghardaí na tíre seo.

Dúirt an Rialtas sin go raibh gach rud i gceart agus go leanfadh ár dtír ag déanamh mar a bhí á dhéanamh leis na blianta anuas. Ní raibh sé sin fíor. Is í sin an deacracht atá ag an Rialtas. Táimid ag glacadh leis na fadhbanna seo. Tá an plean seo ag obair. Tá a fhios agam go bhfuil deacrachtaí ag neart daoine. Is é sin an fáth gur tugadh isteach an dlí a luaigh mé. Tá brú á chur againn ar Bhanc Ceannais na hÉireann agus ar na bainc ionas go mbeidh siad in ann deacrachtaí morgáistí a ghlacadh leo.

Níl aon bhrú orthu.

Is í sin an fhírinne.

Níor chuir an Rialtas aon bhrú orthu.

Nílimid ach ag déileáil leis an fhírinne.

Thug tú veto dóibh.

Níl faic déanta ag na bainc.

Cé go bhfuil daoine i dtrioblóid, tá a fhios agam go bhfuil an chuid is mó de na daoine in ann déileáil leis na fadhbanna seo. Glacfaimid leo siúd.

Ní cheart go mbeadh an Taoiseach ag magadh.

Tá cruth láidir infheistíochta ag teacht thar n-ais i gcúrsaí eacnamaíochta na tíre seo de bharr an bhealaigh ina bhfuilimid ag imeacht faoi láthair.

Níl brú ar bith ar na bainc. Tá brú ar na saoránaigh. Tá veto ag na bainc.

Bliain amháin ó shin, ghlac achan páirtí sa Dáil le rún chun dualgas a chur ar an Rialtas comhoibriú leis an Aontas Eorpach chun plean cosanta do na portaigh ardaithe a réiteach. Cad atá déanta ag an Rialtas ó shin? Tá ceathrar bainteoirí móna os comhair na cúirte i mBaile Locha Riach maidin inniu. Tá sé curtha ina leith gur bhain siad móin ar phortaigh cosanta in aghaidh dlí na hEorpa. Is é seo an chéad cás dá leithéid. Má fhaightear ciontach iad, is féidir fíneáil de €1,500, nó téarma príosúin de sé mhí, a ghearradh orthu. Is cosúil gur shocraigh an Rialtas ar raic, seachas réiteach, sa chás seo. Is ábhar iontach conspóide é seo do na fir agus na mná atá ag baint móna leis na glúinte. Chuaigh ionadaithe ó Shinn Féin go dtí an Bhruiséil i mí na Samhna seo caite chun bualadh leis an gCoimisiún Eorpach. Dúirt an Aontas Eorpach go raibh moltaí an Turf Cutters and Contractors Association mar bhunús an réiteach. Creidim go bhfuil baill an ghrúpa sin ag lorg réiteach. Tuigeann siad go gcaithfear aire a thabhairt don dúlra, chomh maith leis na daoine atá ag iarraidh slí bheatha a bhaint amach. An aontaíonn an Taoiseach go bhfuil go leor spás i dtreoir an Aontas Eorpach chun an cás seo a réiteach? Má aontaíonn, cá bhfuil an plean cosanta do na portaithe ardaithe?

Tá a fhios ag an Teachta nach féidir liom rud ar bith a rá faoi chás atá os comhair na cúirte. Ar feadh na céadta bliain, bhí muintir na hÉireann ag baint móna as na portaigh leis an sleán, srl. Níl sé sin i gceist anseo.

Maidir le cúrsaí san Eoraip agus anseo ó thaobh dúlra de, tá portaigh ar fud na tíre agus is limistéir chaomhantais speisialta iad. Sin an fáth gur tugadh isteach an scéim go mbeadh gearradh siar agus ansin deireadh le baint na móna sna portaigh sin. Ní dhearnadh rud ar bith faoi seo le 13 bliana anuas cé go ndúirt na hiar-Airí go ndéanfaí rud éigin faoi. Ag éirí as sin, bhí pionós gearrtha ar Rialtas na hÉireann, agus de thoradh air sin ar mhuintir na hÉireann, toisc nach ndearnadh rud ar bith.

Thug an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta scéim isteach go mbeadh liúntas ar fáil dóibh siúd a ghlac páirt sa scéim agus go mbeadh portaigh nua le fáil ag an chuid eile ionas go mbeidís in ann leanúint ar aghaidh le baint na móna. Dóibh siúd atá ag dul anonn in aois, beidh móin ar fáil saor in aisce acu agus tabharfar sin díreach dá dtithe chuile bliain. Tá ag éirí go maith leis an scéim sin.

Tá a fhios agam go bhfuil díomá ar líon beag daoine mar gheall air seo. Tá an tAire agus foireann na Roinne ag obair ionas go mbeidh réiteach leis seo agus go mbeidh an scéim ar fáil ionas go mbeidh daoine in ann glacadh leis – airgead a fháil má éiríonn siad as móin a bhaint, portaigh nua a chur ar fáil dóibh siúd a mbeidh gá acu agus fonn orthu leanúint ar aghaidh le baint na móna agus móin ó phortaigh eile a thabhairt díreach do thithe na ndaoine eile.

Beidh cead ag na daoine seo leanúint ar aghaidh lena bportach féin. Beidh cead acu dul air agus turasóirí a thabhairt ann. Fadhb chasta í seo agus cé nach bhfuil an tAire ag déileáil leis ach le dhá bhliain anuas, tá obair mhaith déanta aige san am sin.

Níor mhiste liom go mbeadh duine ar bith os comhair na cúirte mar gheall air seo ach tá a fhios ag gach duine céard é an dlí agus céard ba chóir a dhéanamh. Nílim ag caint faoi fheirmeoirí agus faoi dhaoine áitiúla atá ag baint móna le sleán. Tá innill mhóra ag obair ar na portaigh seo agus le cuid acu, rinneadh an-damáiste. Tá na cásanna seo os comhair na cúirte agus ní féidir liom focal a rá fúthu. Tá an dlí soiléir agus ba mhaith liom go mbeadh chuile duine in ann glacadh leis an dlí sin.

Tá a fhios agam nach féidir leis an Taoiseach trácht a dhéanamh ar chás atá os comhair na cúirte. Is rud dona é, áfach, go bhfuil daoine os comhair na cúirte ar maidin ar aon chaoi. Mar a dúirt mé, bhí achan pháirtí anseo ar aon intinn faoi phlean a chur le chéile. Dúirt an Taoiseach go bhfuil an tAire agus a fhoireann ag obair ar an chás seo. Bhí lucht bainte móna sna Tithe anseo an tseachtain seo caite agus dúirt siad go han-soiléir nach bhfuil an tAire ag obair leo. Creidim go bhfuil spás ann faoi láthair idir an Aontas Eorpach, lucht bainte móna agus an Rialtas chun rudaí a shocrú. Níl aon chúis raice idir an Stát agus na daoine seo. Tá aithne mhaith ag an Taoiseach ar a lán de na daoine atá ag gearán faoi seo agus is daoine uaisle iad atá ag baint móna leis na blianta.

Tá deis sa treoir ón AE chun an cás seo a réiteach. Má aontaíonn an Taoiseach leis seo, cá bhfuil an plean cosanta? Mar a dúirt mé, bliain ó shin bhí achan pháirtí ar aon intinn air seo so cad chuige nach bhfuil plean ann inniu?

Tá níos mó ná €3.5 milliún íoctha faoin scéim a tugadh isteach. Tá suas le 766 iarrthóirí a bhfuil suim acu bheith páirteach sa scéim seo agus is maith an rud é sin. Tá suas le 53 portach ardaithe ag a bhfuil limistéar caomhantais speisialta agus caithfear go gcuirfear plean faoi leith os comhair na hEorpa faoi gach ceann acu. Ní furasta sin ó thaobh cúrsaí uisce agus cúrsaí forbartha na bportach sin. Tá obair ar siúl ar na portaigh atá i gceist anseo agus obair ar siúl ó thaobh plean leathan maidir leo. Beidh gach portach ag teacht isteach faoin bplean san am atá le teacht. Tá jab mór le déanamh ag an Roinn anseo.

Cuireadh comhairle do na portaigh ar bun, ar a raibh iar-bhreitheamh i gceannas, agus rinne an chomhairle sin a lán oibre. Is cúis díomá dom é go bhfuil daoine os comhair na cúirte ach ní féidir cur isteach ar obair na Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí. Tá an scéim an-tábhachtach agus tá trí phointe maidir leis: portaigh eile a thabhairt dóibh siúd ar a bhfuil fonn leanúint ar aghaidh, airgead a thabhairt dóibh siúd atá sásta glacadh leis an scéim, agus móin saor in aisce a thabhairt do dhaoine eile atá ag dul anonn in aois.

Leis an obair atá á dhéanamh ag an Aire agus a fhoireann, beidh siad in ann leis an chomhairle tailte móna déileáil le daoine ionas go mbeidh muinín acu sa mhéid atá ar siúl. Níl daoine a bhaineann móin le sleán i gceist anseo. Níl a fhios agam an ndearna an Teachta an obair sin é féin riamh.

Is as Baile Uí Mhurchú mé.

Tá fhios agam go maith faoi agus tá athrú béime tugtha isteach leis na hinnill ollmhóra atá ag obair ar phortaigh áirithe faoi láthair.

An mbuailfidh an tAire le lucht bainte móna?

Tá an chomhairle tailte móna ann agus casadh ar an Aire na hinnealltóirí agus conraitheoirí in éineacht leo siúd ag a bhfuil portaigh. Tá conraitheoirí ann agus baineann siad móin ar na portaigh dóibh siúd gur leo na portaigh. Bhí raic ar siúl ag cuid acu nuair a casadh orm iad.

I dtús báire, ba mhaith liom a rá go gcuirim fáilte roimh seachtain na Gaeilge sa Teach seo agus ar fud na tíre freisin mar is deis mhór é seo ár dteanga dhúchais a labhairt. Ní minic a chloistear an Ghaeilge sna sráideanna nó sa Dáil agus áiteanna eile, agus is mór an trua é sin. Ba cheart go mbainfimis úsáid aisti chomh minic agus is féidir chun í a choinneáil beo agus ár ndúchas freisin.

As well as that, Seachtain na Gaeilge reminds us that we are a united, democratic and independent nation. We are a proud nation and are very interested in our future. Therefore, we ought to have the same objectives to keep our teanga, culture and heritage alive, as well as protecting our citizens. Our citizens ought to be fairly treated but they are not and is mór an trua é sin. It would appear that there is a hierarchy sa tír seo. There is a hierarchy in Ireland today and, sadly, morality does not even come into the picture sa tír seo. It would appear that this Government sees no difference between right and wrong any more. Is rud uafásach é sin.

In referring to comhaontú Páirc an Chrócaigh II, an tUasal Walter Cullen, who is a spokesperson for the UNITE trade union, stated the cuts being proposed cannot be sustained by the workers nor can they be anything other than disastrous for jobs ar fud na tíre. This comment came from one of the country's leading trade unionists. In addition, it is not justifiable that na banaltraí agus na gardaí on the front line should be obliged to accept such savage cuts. It has been proposed under this agreement that those earning between €35,000 and €40,000 per annum would be obliged to accept a cut of up to 8%. This is not acceptable but it does not simply stop there. Those who earn more than €100,000 per annum only stand to lose 6%. Tá sé sin uafásach ar fad and is totally unjust. Tá na daoine ar fud na tíre ag feitheamh, which leads me to mo cheist.

Why did the Taoiseach return to the Croke Park agreement and start these cuts with na daoine beaga? Why should they stand to lose more? They have worked and strived so hard down all the years and did nothing wrong. Is daoine an-mhaith ar fad iad. I believe the Taoiseach perceives the ordinary taxpayers as simple scapegoats to pay for the sins of the bankers, the Government's predecessors, regulators agus daoine mar sin.

Go raibh maith agat, a Theachta.

However, the taxpayer is a lot stronger than the Taoiseach might believe. Why did the Government not start with na daoine láidre who are earning €100,000 per annum or more? It is always the same with the Taoiseach, who looks at the ordinary people, appears to see a euro sign and thinks they will take all the pain. Chuala mé an Tánaiste ar an raidió ar maidin agus sílim go bhfuil sé thuas sna scamaill nó thuas san aer. Tá sé ann since an toghchán dhá bhliain ó shin. In light of the austerity the Government is visiting on the people at the behest of our European friends, should Members be promoting German in the Chamber today or perhaps the language of other people to whom we are bound? Why did the Taoiseach not start with those who could take the cuts before ever revisiting Croke Park? Is maith leis an Taoiseach an pheil and he is a good footballer. While he likes Croke Park from that perspective, why did he not go after those who can take the pain, namely, senior public servants, former politicians, retired taoisigh agus daoine mar sin before going after the ordinary people? Cén fáth?

Ar dtús, ba mhaith liom mo chomhghairdeas a dheánamh leis an Teachta as ucht an iarracht atá á dhéanamh aige an teanga a fhoghlaim. Mar is eol dom, cé go raibh Gaeilge na scoile ag an Teachta nuair a tháinig sé isteach anseo, bhí sí caillte aige agus tá sé ag déanamh tréan iarrachta an teanga a fhoghlaim arís. Is maith an rud é sin dó mar Theachta agus mar Éireannach. Déanaim comhghairdeas leis agus molaim dó leanacht ar aghaidh leis na ceachtanna agus an cleachtadh agus tiocfaidh an Ghaeilge thar nais chuige.

Maidir le comhaontas Pháirc an Chrócaigh, séard atá i gceist ná go mbeidh iad siúd a bhfuil an méid is mó acu ag íoc an méid is mó. Sin an fáth go bhfuil an gearradh siar suas go 10% dóibh siúd atá ag fáil níos mó ná €180,000 mar thuarastal. Tá a fhios ag an Teachta nach dtosaíonn an gearradh siar ar phá ach ar thuarastail atá níos mó ná €65,000. Tosaíonn an gearradh siar ar 5.5% agus éiríonn sé chomh hard le 10%. Mar sin, níl gearradh siar ar bith ó thaobh pá de do sheirbhísigh poiblí atá ar thuarastal níos lú ná €65,000.

Freisin, thar an tseirbhís phoiblí ar fad, de réir an pháipéir atá curtha os comhair na gceardchumann ag an gcoimisiún, ta an comhaontú seo féaráilte thar an réim ar fad. Ní mar a chéile chuile duine atá ag obair sa chóras poiblí, cibé banaltraí, múinteoirí, daoine ag obair sna comhairlí áitiúla, gardaí nó duine ar bith eile iad. Aontaítear sa pháipéar ón gcoimisiún go bhfuil an comhaontú féaráilte thar an réim ar fad agus is iad siúd atá an méid is mó acu a bheidh ag íoc an méid is mó. Mar is eol don Teachta, tar éis an bhuiséíd, tá suas le €500 milliún le fáil uathu siúd atá na tuarastail is mó ar fáil acu.

Tá am anois ag na ceardchumainn an páipéar a scrúdú agus díospóireacht a bheith acu faoi céard is brí leis na dtéarmaí do chuile duine agus a n-aigne a dhéanamh suas faoi. Tá súil agam go nglacfaidh siad leis an gcomhairle seo. Má ghlacann, beidh deireadh leis ansin go dtí deireadh an chláir agus ní bheidh an Rialtas ag teacht ar ais le gearradh siar eile ar bith a chur orthu. Is maith an rud é sin mar beidh gach duine in ann a chúrsaí a phleanáil as seo amach. Tá an t-am ag teacht agus tá cinneadh le déanamh ag na ceardchumainn. Tá cuid acu ag rá gur maith an rud é seo agus gur mhaith leo go nglacfaí leis, agus tá cuid eile nach bhfuil sásta leis. Caithfidh siad a n-aigne a dhéanamh suas, agus tá súil agam go nglacfaidh siad leis.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Taoiseach as ucht an mhéid a bhí le rá aige. However, the Taoiseach still is not getting it in respect of na daoine go léir atá ag obair. They are waiting and tá siad go léir ag léamh na nuachtáin. Members are giving it time and no Member on this side of this House is being reckless with regard to this agreement. However, there is no justification and one cannot, either as Gaeilge no i mBéarla, equate a 10% cut on a person earning €150,000 with a 5% cut on a person earning €40,000 to €50,000 nor can one suggest it is fair. Sin rud an-dána ar fad. One cannot justify that in any tír nó i dteanga ar bith. Is it fair to those people on the front line, such as na gardaí agus na banaltraí a oibríonn go crua gach lá? They are out on the front line and are being singled out by some Ministers who have stated that even though they left the talks, they are not being "penalised". However, they are being penalised, victimised and singled out. Moreover, one should be clear that the representative body of members of An Garda Síochána, namely, the Garda Representative Association, was not and cannot be invited. It can only be a fairy godmother at the talks waiting from the crumbs ón tábla. That is all it can be as it cannot be involved. As all Members are aware of and understand this point, one should be fair and should acknowledge that gardaí are being treated unjustly in this regard. They are the people who are needed to keep that líne beag which separates this country from anarchy, and one can see the impact this is having.

Go raibh maith agat, a Theachta.

It is unfair for Airí to be ar an raidió agus ar theilifís ag rá rudaí ar nós while they left, they will not be punished, but those who remained inside will be rewarded. That is not a just system and such comments should not come from any Cabinet Minister. However, I note an tAire, an Teachta Varadkar, agus cuid eile acu freisin have made such comments. This is not fair and the old, bad way of dividing and conquering is being employed. It is the old way that was used when we were under the dominance of na Sasanaigh, and that is wrong.

Séard atá an Teachta ag rá ná go bhfuil difríocht ann idir seirbhísigh poiblí agus iad siúd atá ag obair sna seirbhísí poiblí. Is daoine sa líne tosaigh iad múinteoirí atá ag obair inniu. Is duine sa líne tosaigh é freisin aon innealtóir atá ag obair don chomairle áitiúil. Ní hiad na gardaí ná na banaltraí amháin nó na dreamanna eile a luann daoine go minic amháin atá ag obair sna línte tosaigh. Tá jab le déanamh ag chuile seirbhíseach poiblí agus tugann siad seirbhís do mhuintir na hÉireann nuair a dhéanann siad an jab atá acu le déanamh. Táthar, don chuid is mó ag obair i línte tosaigh.

Tá an Teachta ag caint faoi dhaoine agus ag rá go bhfuil gearradh siar níos mó á dhéanamh orthu, cé nach bhfuil tuarastal an-ard acu, ach tá an Teachta ag tabhairt san áireamh ansin an obair atá á dhéanamh acu ar an Satharn agus ar an Domhnach. Ach maidir le seo agus na ceardchumainn a d'fhan istigh ag na díospóireachtaí, gearradh siar ar an mholadh a rinne an córas bainistíochta agus aontaíodh go dtabharfaí pá ráta de 1.75% thar nais do na hoibrithe, de thoradh ar an soiléiriú agus an argóint a rinne na ceardchumainn i leith iad siúd atá ag obair sna seirbhísí poiblí.

Níl ceardchumann ag na gardaí, ach le blianta anuas bhí siad in ann a n-argóint a dhéanamh agus na fadhbanna agus an mhíshástacht a bhí acu a lua cé nach raibh siad sa chóras go díreach mar cheardchumann. Má ghlacann na ceardchumainn leis an bpáipéar, beidh sé thar bhráid an tseirbhís poiblí ar fad. Níl sé i gceist ar chor ar bith go ndéanfar díriú mífhéaráilte ar dhaoine áirithe atá ag obair sa tseirbhís phoiblí. Tá sé i gceist go mbeidh sé féaráilte thar an réim ar fad. Is é sin an rud atá sa pháipéar seo.

Mar fhocal scoir, ní neart go cur le chéile.

Barr
Roinn