Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Statements

Mar Aire Stáit na Gaeltachta, fáiltím roimh an deis seo labhairt leis an Dáil faoi chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. San aitheasc seo, tá sé i gceist agam léargas a thabhairt ar an obair atá ar bun ag an Rialtas chun leas na Gaeilge a chur chun cinn tríd an Straitéis a chur i bhfeidhm.

Agus an díospóireacht seo ar siúl mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, ní miste dom a rá gur dóigh liom go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na hacmhainní is nádúrtha agus is luachmhaire atá againn. Creideann an Rialtas go bhfuil tábhacht ag baint le pobal labhartha láidir Gaeilge agus Gaeltachta a chothú chun saibhreas oidhreachta na teanga a choinneáil beo agus a thabhairt slán don chéad ghlúin eile. Cé go bhfuil an Rialtas tiomanta gach a dhéanamh laistigh dá chumhacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn, tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar an phobal. Tá a fhios againn go bhfuil dearcadh dearfach ag tromlach an phobail i leith na teanga. Tá orainn timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach a gcuid Gaeilge a úsáid, cuma cén leibhéal cumais atá acu inti. Tá sé riachtanach go leanfar ag baint leas as an teanga mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht agus go gcuirfear an teanga chun cinn ar bhonn níos forleithne taobh amuigh den Ghaeltacht. Ar ndóigh, tá an Taoiseach agus an Tánaiste, gan trácht ar cheannairí na bpáirtithe polaitiúla eile, ag tabhairt dea-shampla dúinn uile ó thaobh úsáid na Gaeilge sna Tithe seo. Is cinnte gur féidir linn uile féachaint ar an dóigh gur féidir linn féin níos mó úsáide a bhaint as ár gcuid Gaeilge le linn ár gcuid oibre laethúil sa Dáil agus sa Seanad.

Mar a luaigh mé sa Seanad inné, ní miste a mheabhrú dúinn féin go bhfuil iomaí dul chun cinn déanta le roinnt blianta anuas ó thaobh na teanga de, lena n-áirítear bunú RTÉ Raidió na Gaeltachta, bunú TG4, achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla agus Acht na Gaeltachta, bunú Oifig an Choimisinéara Teanga, Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta, an t-aitheantas don Ghaeilge faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta i dTuaisceart Éireann agus an t-aitheantas don Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus mar theanga oibre san Aontas Eorpach.

Ba mhaith liom anois díriú ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Foilsíodh an straitéis i mí na Nollag 2010 tar éis tacaíocht traspháirtí a fháil i dTithe an Oireachtais agus próiseas comhairliúcháin agus taighde. Cuireann an straitéis cur chuige iomlánaíoch, comhtháite i ndáil leis an Ghaeilge chun cinn, cur chuige a luíonn le dea-chleachtas idirnáisiúnta. Is straitéis uaillmhianach agus dúshlánach í a chuimsíonn 9 réimse gnímh ar leith.

Faoi na príomhspriocanna sa straitéis, atá le baint amach thar thréimhse scór bliain, tá sé i gceist go mbeidh eolas ag 2 mhilliún duine ar an Ghaeilge agus go mbeidh ardú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge go dtí 250,000 duine. Má smaoinítear ar thorthaí Dhaonáireamh 2011 ina raibh 1.77 milliún duine in aois a 3 bliana nó níos sine in ann Gaeilge a labhairt, i gcomórtas le 1.66 milliún in 2006, is léir go bhfuiltear ag déanamh dul chun cinn maidir leis na spriocanna dúshlánacha atá leagtha síos sa straitéis a bhaint amach.

Ba mhaith liomsa tiomantas agus dáiríreacht an Rialtais i leith chur i bhfeidhm na straitéise a threisiú anseo inniu. Tá sé ráite i gClár an Rialtais go dtacóidh an Rialtas leis an straitéis agus go ndéanfar na spriocanna indéanta atá molta inti a sheachadadh. Mar is eol don Teach, is ar mo Roinnse atá an fhreagracht uileghabhálach an straitéis a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le réimse mór páirtithe leasmhara. Aithnítear sa straitéis féin go bhfuil gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na straitéise a chur i gcrích. I gcomhréir leis an gcur chuige seo, tá dul chun cinn á dhéanamh maidir le raon leathan gníomhaíochtaí faoin straitéis a chur i bhfeidhm de réir a chéile ar bhealach córasach laistigh de na hacmhainní atá ar fáil.

Tá an dul chun cinn foriomlán atá déanta maidir le feidhmiú na straitéise le linn na tréimhse ó 2010 go 2013 le feiceáil go soiléir sa tuarascáil a d'fhoilsigh mé i mí Iúil 2013. Ina theannta sin, d'fhoilsigh na Ranna Rialtais ábhartha, aon cheann déag acu san iomlán, a gcuid pleananna forfheidhmithe faoin straitéis ag an am céanna. Dá bhrí sin, is léir domsa go bhfuil cur chuige soiléir ann maidir le cur i bhfeidhm na straitéise agus go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh go staidéarach agus go stuama laistigh de na hacmhainní atá ar fáil.

Aithníonn muid ar ndóigh go bhfuil go leor le déanamh faoin straitéis, ach is trua liomsa, a Cheann Comhairle, go ndéantar beag is fiú den obair fhiúntach agus dháiríre atá ar siúl ar fud an Státchórais in go leor den tráchtaireacht atá déanta faoi chur i bhfeidhm na straitéise le tamall anuas. Leagtar síos faoin straitéis an chreatlach pholasaí do na páirtithe leasmhara éagsúla, idir an Stát agus an phobal, chun obair as lámha a chéile ar bhonn comhpháirtíochta chun aidhmeanna fiúntacha a bhaint amach ar bhonn céimnitheach. Sa chomhthéacs seo, tá súil agamsa gur féidir le baill Thithe an Oireachtais treisiú a dhéanamh ar an gcomhoibriú ar bhonn traspháirtí chun treoir agus dea-shampla a thabhairt maidir leis an cheist thábhachtach seo.

Ar ndóigh, ní miste na srianta ar acmhainní a bhaineann le feidhmiú na Straitéise a thógáil san áireamh. Is fíor gan amhras go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar an méid atáthar ag caitheamh ar an Ghaeilge, ach an oiread le haon réimse eile caiteachais, ón uair gur foilsíodh an straitéis in 2010. D’ainneoin go raibh tionchar aige seo ar fheidhmiú na straitéise, is díol suntais é mar sin féin an méid atá bainte amach chun bearta áirithe den straitéis a chur i bhfeidhm. In ainneoin an bhrú atá ar an Státchiste le linn ré seo na déine, is cúis sásaimh dom é an t-allúntas ar leith de €0.5 milliún a cuireadh ar fáil do mo Roinn i gCáinaisnéis 2014 le caitheamh ar an straitéis. Is léiriú follasach é an t-allúntas seo ar thiomantas an Rialtais i leith na Gaeilge. Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas mo Roinne tabhairt faoi ghníomhaíochtaí éagsúla, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a thacóidh leis an phróiseas pleanála teanga ar an talamh. Áirítear anseo tacaíocht d'eagraíochtaí pobail chun cabhrú leo tabhairt faoi phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Cuireann Acht na Gaeltachta 2012 an chreatlach reachtúil ar fáil chun tabhairt faoin phróiseas pleanála teanga ar bhonn comhordaithe. Táthar ag súil go mbeidh an pobal, an earnáil dheonach, an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach ag obair as lámha a chéile chun tacú leis an Ghaeilge sna ceantair éagsúla a bheidh aitheanta faoin Acht. Is trí phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú ag leibhéal an phobail a thabharfar tacaíocht don Ghaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh i gceantair Ghaeltachta agus i gceantair eile taobh amuigh den Ghaeltacht.

Is i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge atá an próiseas pleanála teanga á chur i bhfeidhm ag mo Roinn. Táthar ag tabhairt tús áite sa chur i bhfeidhm don 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta atá aitheanta chun críche an Achta. Foilsíodh na chéad fhógraí faoin Acht i mí na Nollag 2013 i gcás Chiarraí Thiar; Chois Fharraige; agus Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir. Táim ag súil go mbeidh 10 bhfógra eile foilsithe i mbliana agus go ndéanfar na fógraí maidir leis an 10 gcinn deireanach ina dhiaidh sin. Ar ndóigh, tá Údarás na Gaeltachta freagrach faoin Acht as tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí maidir le hullmhú agus feidhmiú pleananna teanga sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.

Maidir leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta, tá sé i gceist ag mo Roinn próiseas comhairliúcháin a reáchtáil i mbliana maidir le roghnú na mbailte is oiriúnaí le bheith aitheanta faoin Acht mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta. I gcás na Líonraí Gaeilge, tuigtear dom go bhfuil sé i gceist ag Foras na Gaeilge scéim na líonraí Gaeilge a fhógairt ag tús na bliana seo chugainn.

Déanann mo Roinn raon leathan scéimeanna, tionscnaimh agus bearta a reáchtáil ar bhonn leanúnach atá dírithe ar chúnamh reatha agus caipitil a chur ar fáil do thograí teangalárnaithe taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Is faoi scáth Chlár Tacaíochta Teaghlaigh mo Roinne, a sheol mé i mí Aibreáin 2012, a mbíonn cuid mhaith de na scéimeanna seo á n-eagrú agus iad dírithe go sonrach ar theaghlaigh, ach go háirithe teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge nó ar mhaith leo a bpáistí a thógáil le Gaeilge.

I measc na mbeartas faoi leith atá ar siúl ag mo Roinn faoin Chlár Tacaíochta Teaghlaigh tá pacáiste tacaíochta teanga seolta chuig breis agus 2,000 teaghlach chun cabhair phraiticiúil a chur ar fáil dóibh ina gcuid iarrachtaí a bpáistí a thógáil le Gaeilge; tá breis airgid curtha ar fáil chun forbairtí a dhéanamh ar Scéim na gCúntóirí Teanga i mbunscoileanna Gaeltachta; tá leasuithe déanta ar Scéim na gCampaí Samhraidh le cur lena héifeachtacht sa Ghaeltacht; agus tá bearta faoi leith atá dírithe go sonrach ar aos óg na Gaeltachta maoinithe ag mo Roinnse.

Ós rud é gurb iad na blianta tosaigh i saol an pháiste na blianta is tábhachtaí ó thaobh sealbhaithe agus saibhrithe teanga de, is fiú go mór treisiú a dhéanamh ar an obair fhónta atá ar bun sa réimse seo sa Ghaeltacht le go mbeidh cúnamh breise ar fáil do theaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge. Tar éis do mo Roinn breathnú ar an mbealach is tairbhí agus is éifeachtaí chun freastal níos fearr a dhéanamh ar na teaghlaigh seo, bheartaigh mé gur chóir scéim nua a thionscnamh faoin Chlár Tacaíochta Teaghlaigh chun tacú le cur i bhfeidhm na straitéise agus leis an phróiseas pleanála teanga.

B’údar áthais dom dá réir scéim nua dar teideal an Scéim Seirbhísí Réamhscoile agus Iarscoile a fhógairt agus mé ag labhairt sa Seanad inné. Is í aidhm na scéime úire seo tacú le teaghlaigh Ghaeltachta chun a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Is ón allúntas ar leith atá ag mo Roinn don straitéis a thiocfaidh maoiniú don scéim atá measta ag €120,000 i mbliana. Faoin scéim, cuirfear cúnamh reatha, gur fiú suas le €15,000 in aghaidh na bliana, ar fáil d’ionaid tacaíochta teaghlaigh agus d’ionaid chúraim leanaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht chun cabhrú leo gníomhaíochtaí breise faoi leith a reáchtáil a mbeidh mar aidhm acu tacú le deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil do theaghlaigh Ghaeltachta.

Cabhróidh an Scéim Seirbhísí Réamhscoile agus Iarscoile go mór le dul i ngleic leis an dúshlán a bhaineann lena chinntiú go dtéann an Ghaeilge ar aghaidh go bisiúil mar theanga bheo ó ghlúin go glúin sa Ghaeltacht. Luíonn an scéim go nádúrtha leis an obair fhónta atá ar bun i réimse na réamhscolaíochta ag leithéidí Chomhar Naíonraí na Gaeltachta. Ba mhaith liom go deimhin an deis seo a thapú chun an obair faoi leith sin atá ar bun ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta a aithint go poiblí.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá anois maidir leis na héilimh atá tagtha chun cinn ar na mallaibh maidir le cearta lucht labhartha na Gaeilge. Ba mhaith liom a athdhearbhú anseo inniu go bhfuil mé breá sásta plé a dhéanamh ar na héilimh éagsúla sa tréimhse atá amach romhainn. Mar chéad chéim sa phróiseas plé seo, d’fhógair mé le déanaí go bhfuil coiste comhairleach á bhunú ag mo Roinn, i gcomhar le hÚdáras na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge, ar a mbeidh ionadaíocht ag eagraíochtaí ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta. Is í an phríomhaidhm atá leis an choiste comhairleach eolas a roinnt maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise agus an phróisis pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012 chun comhoibriú agus comhthuiscint níos fearr a chothú idir na páirtithe éagsúla i dtaca leis an réimse oibre sin. Tá súil agam go gcuideoidh bunú an choiste seo go mór le haidhmeanna na straitéise a chur i gcrích ar bhonn comhpháirtíochta. Tionólfar an chéad chruinniú den choiste comhairleach ar an 2 Aibreán.

Ar cheann de na héilimh atá déanta ag lucht léirsithe le déanaí ná gur chóir go mbeadh seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil ón Státchóras, ach go háirithe sa Ghaeltacht. Is aidhm lárnach pholasaí de chuid an Rialtais é úsáid na Gaeilge a threisiú agus tá sé ina ghné thábhachtach den pholasaí sin go mbeidh baill foirne atá inniúil sa Ghaeilge ar fáil sa Státchóras. Ar ndóigh, tá an cheist maidir le cumas comhlachtaí poiblí seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge agus ceist na hearcaíochta don Státchóras fite fuaite lena chéile.

Mar thoradh ar chinneadh a thóg an Rialtas i mí Dheireadh Fómhair 2013 chun cumas na Gaeilge sa Státseirbhís a threisiú, tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag iarraidh ar Ranna Rialtais agus ar Oifigí Rialtais sainaithint a dhéanamh ar phoist agus ar réimsí oibre ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge mar chuid den phróiseas pleanála don fhórsa oibre. Táthar ag iarraidh ar Ranna aird a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a dhéanann freastal ar cheantair Ghaeltachta. Beidh an próiseas seo lárnach chun a chinntiú go ndéanfar foráil dhóthanach i gcomórtais earcaíochta amach anseo do cheapacháin i bpoist ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge.

Ina theannta sin, sonrófar na poist sin ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge i scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 amach anseo. Mar chéad chéim sa phróiseas seo, cuirfear na socruithe nua i bhfeidhm don chomórtas earcaíochta d’oifigigh feidhmiúcháin. Tá sé beartaithe fophainéal de dhaoine atá inniúil sa Ghaeilge a chruthú ar a mbeidh 6% de líon an phainéil iomláin air.

Chomh maith leis na beartais seo, tá comhaontú seirbhíse sínithe ag mo Roinnse leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun oiliúint sa Ghaeilge agus tástáil inniúlachta a sholáthar don Státseirbhís agus d’eagraíochtaí seirbhíse poiblí ar leith. Is comhartha dóchais é go bhfuil, ó mhí na Samhna 2011 i leith, os cionn 300 seirbhíseach poiblí tar éis páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna atá eagraithe ag an chomhlacht oiliúna Gaelchultúr, a bhfuil conradh acu le Foras na Gaeilge chun cúrsaí oiliúna a sholáthar don tseirbhís phoiblí.

Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh le tréaslú leis an Uasal Rónán Ó Domhnaill a fuair a shéala ón Uachtarán inné agus atá ceaptha anois mar Choimisinéir Teanga. Ba mhaith liom fosta gach rath a ghuí air agus é ag tabhairt aghaidh ar a chuid cúraimí a chur i gcrích faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Tá athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 beagnach críochnaithe agus go bhfuil sé i gceist na dréacht-Chinn den Bhille chun an tAcht a leasú a chur faoi bhráid an Rialtais go luath agus foilsíodh é go luath ina dhiaidh sin.

Mar fhocal scoir, is breá liom go bhfuil deis againn aitheantas chuí á thabhairt don ár dteanga féin le linn seachtain mhór na Gaeilge agus seachtain mhór na hÉireann.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus roimh an díospóireacht. Is maith an rud é go bhfuilimid ag plé Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Mar gheall ar an straitéis, tá sé an-tábhachtach plé a dhéanamh ar líon na gclann sa tír a bhaineann úsáid as an nGaeilge a mhéadú. Sin ceann de na haidhmeanna sa straitéis. Is fiú tacaíocht a thabhairt don phobal a úsáideann an Ghaeilge, agus go mbeadh an rogha acu an Ghaeilge a úsáid agus go mbeadh níos mó daoine ag déanamh a ngnó trí Ghaeilge sa tsochaí.

Tá sé mar aidhm freisin an Ghaeilge a bheith mar theanga labhartha agus í á húsáid sa litríocht agus do na comharthaí bóithre.

An cuspóir atá sa straitéis ná méadú ar líon na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge go dtí 250,000 agus méadú 25% ar líon na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge sna Gaeltachtaí. Tá sé mar chuspóir freisin líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge sa Státchóras agus a bhíonn ag plé le raidió, teilifís agus na nuachtáin Ghaeilge a mhéadú.

Bhí mé ag smaoineamh ar na rudaí seo go léir nuair a chonaic mé alt san Connacht Tribune a scríobh Bernie Ní Fhlatharta an tseachtain seo caite. Bhí sí ag caint mar gheall ar chearta sibhialta Chonamara. Daichead bhliain ó shin bhí feachtas mór ann mar gheall ar stádas na Gaeilge agus an cultúr. Dúirt sí san alt, nuair a bhíonn cúlú eacnamaíochta, mar a bhí 40 bliain ó shin agus mar atá ann anois, bíonn mothúcháin láidre i measc na ndaoine nuair a cheapann siad go bhfuil cearta daonna faoi ionsaí. Bhí sí ag caint maidir le hionsaí ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. Nuair a cuireadh an feachtas ar bun, bhí siad ag plé le cearta daonna agus cearta teanga, go háirithe maidir le stáisiúin raidió i nGaeilge. Bunaíodh Raidió na Gaeltachta. Ansin, phléigh siad bunú stáisiúin teilifíse i nGaeilge.

Tháinig TG4 ina dhiaidh sin. Thosaigh lucht an fheachtais nuachtán Gaeilge, Amárach. Bhí siad ag caint mar gheall ar fhorbairt na Gaeltachta agus poist a chruthú sa Ghaeltacht. Ar ndóigh, tháinig Údarás na Gaeltachta ón bhfeachtas sin. Bhí bord an údaráis ag plé le forbairt thionsclaíoch. Bhí baill thofa ón nGaeltacht ar an mbord. Is mór an trua é nach bhfuil an bord daonlathach a thuilleadh. Níl seans ag muintir na Gaeltachta baill an bhoird a thoghadh. Is mór an trua é nach bhfuil an daonlathas ann a thuilleadh. Mar a dúirt Bernie Ní Fhlatharta san alt a luaigh mé, beidh na toghcháin áitiúla agus na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa ar siúl ar fud na tíre i mí Bhealtaine na bliana seo.

Ní aon ionadh é go bhfuil guth láidir ag muintir na Gaeltachta, ní hamháin i gConamara ach sna Gaeltachtaí ar fud na tíre. Leagann Bernie Ní Fhlatharta amach san alt gurb é sin an fáth go bhfuil daoine ag máirseáil. Bhí máirseáil i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite ó Chearnóg Parnell go dtí an Dáil. Bhí máirseáil eile i gCois Fharraige chun buíochas a ghabháil leis an iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin. Ba mhaith liom freisin buíochas a chur in iúl dó. Chuir Bernie Ní Fhlatharta i gcuimhne dúinn san alt go raibh "dearg le fearg" mar théama ag na máirseálacha sin. Bhí an teachtaireacht sin soiléir ar na bratacha. Labhair daoine ag na hócáidí sin mar gheall ar chothrom na féinne a fháil agus iad ag iarraidh a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Chuir mé fáilte roimh na máirseálacha. Dúirt an tAire Stáit ag an gcomhchoiste go bhfáiltíonn sé roimh dhaoine a bheith ag gearán faoi sheirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar. Is dócha go n-aontaíonn sé liom go bhfuil spiorad na ndaoine soiléir nuair a bhíonn siad ag máirseáil agus ag déanamh gearáin.

Ba mhaith liom focal nó dhó a rá mar gheall ar leibhéal suime an phobail sa Ghaeilge. Dúirt an t-iar-Choimisinéir Teanga go bhfuil méadú tagtha ar mhéid na ndaoine a deireann go bhfuil Gaeilge acu. Déanann daoine gearáin nuair a cheapann siad go bhfuil ionsaí á dhéanamh ar an teanga. Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil arís leis an gcoimisinéir nua, Rónán Ó Domhnaill, a bhí ar an raidió ar maidin ag caint mar gheall ar an dúshlán atá os a chomhair agus os comhair chuile dhuine. Is dóigh liom go raibh an ceart aige nuair a dúirt sé go bhfuil suim ag daoine sa teanga, cé go bhfuil siad ag gearán agus ag máirseáil. Mar shampla, labhair sé mar gheall ar an méadú atá tagtha ar líon na ndaoine atá ag staidéar sna gaelscoileanna. Dúirt sé go bhfuil 40,000 scoláire ag freastal orthu anois. Bhí mé sásta a chloisteáil go bhfuil sé dóchasach go bhfuil rudaí ag tarlú agus go mbeidh daoine in ann gearáin a dhéanamh agus smaointe a chur in iúl dá oifig. Ar ndóigh, cheap Uachtarán na hÉireann é mar Choimisinéir Teanga inné.

Labhair Teachtaí agus Seanadóirí leis an Aire Stáit inné mar gheall ar na daoine ó na Stáit Aontaithe a tháinig anseo le déanaí leis an scéim Fulbright. Thug cuid mhaith dóibh cuairt ar an gCeathrú Rua i gContae na Gaillimhe. Chuaigh siad go dtí an Ghaeltacht chun staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge agus í á foghlaim acu. Tá sé soiléir go bhfuil suim ag a lán daoine sa Ghaeilge. Mar a dúirt an tAire Stáit inné, ba cheart go mbeadh níos mó suime i measc an phobail. Ba cheart go n-úsáidfeadh cainteoirí sa Ghaeltacht an Ghaeilge. Bheadh díomá ar a lán daoine dá mbeadh daoine óga na Gaeltachta ag caint i mBéarla. Ceapann gach duine go bhfuil an Ghaeilge slán sa Ghaeltacht, ach tá brú uirthi i ngach áit sa lá atá inniu ann. Ba cheart dúinn bheith dearfach faoi sin.

Bhí go leor cruinnithe againn leis an gcoimisinéir agus leis an Aire Stáit le déanaí. Rinne an Joint Committee on Public Oversight and Petitions scrúdú ar cúpla rud atá á ndéanamh ag an Rialtas. Fuaireamar roinnt freagraí, ach ní dóigh liom go bhfuair muid na freagraí go léir. Mar aon le go leor comhaltaí eile den choiste, d'iarr mé cén fáth go bhfuil sé ar intinn ag an Aire Stáit agus an Rialtas Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman. Tuigim go mbeidh sé sin leagtha síos sa reachtaíocht a tógfaidh an tAire Stáit isteach. D'fhreastail mé ar dhá chruinniú ag ar labhair an t-iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin. Dúirt sé ag cruinniú amháin gur cheap sé nach raibh na moltaí a bhí á ndéanamh aige á gcur i gcrích ag an Rialtas. I mo thuairim, beidh na fadhbanna céanna ag an gcoimisinéir nua muna n-athraíonn an Rialtas na polasaithe atá acu. Thuig Seán Ó Cuirreáin gur bheag eile a d'fhéadfadh sé a bhaint amach go pearsanta i dtaca le cearta teanga pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sa dá bhliain a bhí fágtha aige sa phost. Ar ndóigh, bhí díomá air gur cheap sé go mbeadh sé níos fearr gan an dá bhliain sin a chaitheamh sa phost. Níl sé soiléir i m'aigne cén fáth an bhfuil an Rialtas tar éis cinneadh a dhéanamh an dá oifig a chónascadh. Tá Oifig an Choimisinéara Teanga lonnaithe i gContae na Gaillimhe agus tá súil agam go mbeidh sé fós ann ar feadh píosa fada. Ag deireadh na díospóireachta seo, b'fhéidir go mbeidh an tAire Stáit in ann níos mó eolais a thabhairt dúinn faoi Oifig an Choimisinéara Teanga. Cé mhéid daoine atá ann? Cén ról a bheidh acu má théann an Rialtas ar aghaidh leis an gcinneadh seo? Ar ndóigh, rinneadh an cinneadh seo i ngan fhios don iar-Choimisinéir Teanga agus i ngan fhios don Ombudsman.

Bhí mé ag caint leis an Aire Stáit mar gheall ar Lá Mór na Gaeilge, a eagraíodh i mBaile Átha Cliath le déanaí. Cuireadh béim san fheachtas ar an ngá atá ann Státseirbhísigh le Gaeilge a bheith ar fáil. Dúirt cailín amháin ar an raidió, ar an teilifís agus sna nuachtáin gur sheol sí e-mail chuig an HSE i nGaeilge, ach fuair sí freagra i mBéarla. Tá an tAire Stáit ar an eolas i dtaobh na fadhbanna seo. Tá sé ráite aige go mbeidh sé in ann níos mó státseirbhísigh le Gaeilge a fháil do na Ranna éagsúla.

I dtuarascáil an choimisinéara, rinne sé trácht ar dhaoine a raibh fadhbanna acu, ar nós daoine i nDún na nGall a raibh fadhbanna acu le gardaí, daoine i nGaillimh a raibh fadhbanna leis an gcomhairle contae agus daoine eile a raibh fadhbanna acu le comhairlí contae, go háirithe i gCill Dara. Tá liosta agam anseo, ach ní léifidh mé amach an liosta ar fad. Dúirt an tAire Stáit go mb'fhéidir go mbeidh sé in ann níos mó daoine le Gaeilge a fháil agus nach mbeidh an costas rómhór má tá daoine nua ag teacht isteach sa seirbhís phoiblí. Caithfidh go mbeidh muid in ann daoine a fháil le gnó a dhéanamh trí Ghaeilge do dhaoine ón Ghaeltacht nó do dhaoine a bhfuil an ceart acu rogha a dhéanamh gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Tá an t-am istigh, ach is breá an rud é go bhfuil seans againn cúpla rud a rá faoin straitéis. Tá coimisinéir nua, Rónán Ó Domhnaill, in áit Sheáin Uí Chuirreáin. Chuala mé an coimisinéir nua ar an raidió ar maidin agus is breá liom an méid a dúirt sé. Tá súil agam go mbeidh seirbhísí ar fáil agus go mbeidh an coimisinéir in ann níos mó a dhéanamh do dhaoine ar mhaith leo Gaeilge a úsáid.

Ar dtús báire, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil as an deis labhairt ar an gceist thábhachtach seo. Gach uile bhliain, impím ar an Rialtas imeachtaí a eagrú mar chuid de Sheachtain na Gaeilge nó mar chuid de choicís na Gaeilge mar atá ann anois. Arís i mbliana, rinne mé an t-éileamh céanna agus dúradh liom gur inniu an lá dó sin. Is ceart agus cóir go mbeadh an lá seo againn.

Ach, ní chóir go mbeadh orainn a bheith ag brath ar lá amháin sa bhliain le plé agus caint a bheith againn ar ní hamháin straitéis na Gaeilge ach ar gach uile ghné den saol trí Ghaeilge. Sin an moladh a rinne mise. Ní faoin Aire Stáit a rinne mé an moladh seo ar dtús. Táim ag déanamh an mholta seo le breis agus deich mbliana anseo sa Teach, moladh go ndéanfaimis iarracht a léiriú don domhan gur féidir linn ár ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge ar ghach uile réimse den saol. Ba mhaith liom go mbeadh gach uile choiste ar an lá sin ag déileáil le gnéithe den Ghaeilge dó den Ghaeltacht.

Ní gá go mbeadh an díospóireacht go huile agus go hiomlán trí Ghaeilge, ach an fáth go dteastaíonn lá mar seo uainn ná, in ainneoin go bhfuil breis agus 1.7 milliún duine a úsáideann an Ghaeilge go laethúil, an chuid is mó acu sa chóras oideachais, tá tuairim ann go n-úsáideann daoine Gaeilge ar scoil, ach nach féidir gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an Stát agus nach bhfuil ról nua-aimseartha ag an Ghaeilge. Measaim gur féidir liomsa agus le daoine eile sa Teach seo i bhfad Éireann níos mó a dhéanamh chun a léiriú don domhan gur féidir linn ár ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Go minic, cuirtear constaicí romhainn agus iarracht á dhéanamh againn an Ghaeilge a labhairt agus a chur chun cinn. Don phobal i gcoitinne, ceann de na constaicí is mó atá rompu ná nach féidir leo a ngnó leis an státchóras a dhéanamh go héasca, agus tiocfaidh mé ar ais chuige sin ar ball. Seachas sin, go minic ní féidir leo a ngnó lena gcairde a dhéanamh go héasca toisc go bhfuil leibhéil dhifriúla Gaeilge ann, ach ní cóir go gcuirfeadh sin as dóibh. Ba chóir go mbeidís bródúil go bhfuil siad in ann Gaeilge a úsáid agus go mbeadh meas ag a gcairde orthu go bhfuil siad in ann Gaeilge a úsáid ina measc. Sin an fáth gur bunaíodh Seachtain na Gaeilge - chun spreagadh a thabhairt don phobal an méid Gaeilge, beag nó mór, atá acu a húsáid le linn na seachtaine sin.

Diaidh ar ndiaidh, tá ag éirí le Seachtain na Gaeilge. Cloisimis sin ar an raidió agus buíochas dóibh siúd atá taobh thiar de Sheachtain na Gaeilge. Is iad siúd atá gníomhach agus fuinniúil maidir leis an teanga sa tréimhse sin. Bhí m'iníon agus a scoil, Gaelscoil Inse Chór, agus an Model School in Inchicore, gafa le Rith 2014 ar an Luan agus rith siad ciliméadar amháin. Seo éacht eile atá déanta faoi scáth Chonradh na Gaeilge agus eagrais eile. Téann daoine timpeall na tíre ag rith, ó Bhaile Átha Cliath agus áiteanna eile. Críochnóidh an rith i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine. Is féidir urraíocht a dhéanamh ar gach ciliméadar.

Ardaíonn Rith 2014 airgead chun costais na scéime a íoc, ach an príomh bua atá aige ná go gcothaíonn sí an Ghaeilge agus úsáid na Gaeilge timpeall na tíre i ngach baile. Tá níos mó daoine anois ag díriú isteach ar seo agus feictear dóibh gur féidir ócáidí a chothú timpeall orthu. Bhí breis agus 200 dalta bunscoile ag rith síos Bóthar Cunningham i lár na cathrach - an áit a raibh mise ag tacú le m'iníon - agus ag rith in áiteanna eile timpeall na tíre. Bhí spiorad iontach ann agus spórt mór ag na gasúir.

An í an Mhodhscoil nó an Gaelscoil atá i gceist ag an Teachta?

Táim ag caint faoin nGaelscoil, ach ba scoil Bhéarla í an dara scoil a bhí ann. Tá scoileanna gafa le seo agus is féidir le scoil ar bith páirt a ghlacadh ann agus tarlaíonn sin timpeall na tíre. I mBaile Fhormaid, ghlac Scoil Naomh Dominic, scoil nach bhfuil an Ghaeilge mar chéad teanga ag na páistí, páirt ann. Tá beocht i measc na múinteoirí Gaeilge ann agus mhol siad do na páistí páirt a ghlacadh sa rith sin. Mar sin, i rith an lae chuaigh siad amach agus rith siad ciliméadar nó dhá chiliméadar den turas mór fada atá ag Rith 2014. Tarlaíonn an rith seo gach dara bhliain agus seo an tríú huair atá sé ar siúl. Is cuid de Sheachtain na Gaeilge é an rith agus cuidíonn sé le múscailt a thabhairt don Ghaeilge agus í a dhéanamh feiceálach. Is maith seo, seachas díriú ar Lá le Pádraig nó ócáid amháin.

Tá fadhbanna againn agus tá constaicí romhainn. San Oireachtas, ceann de na constaicí atá ardaithe agamsa, ó thoghadh mé i 2002, ná nach gcuirtear reachtaíocht as Gaeilge os mo chomhair riamh. Sa 12 bliain atáim anseo, ní raibh ach píosa reachtaíochta amháin nó dhó i nGaeilge - reachtaíocht maidir le hÚdarás na Gaeltachta agus Acht na Gaeilge. Seachas sin, is i mBéarla amháin a gcuirtear reachtaíocht faoinár mbráid, in ainneoin go ndúirt an tAire Coimirce Sóisialaí linn, breis agus dhá bhliain ó shin go mbeadh na meamraim mhíniúcháin curtha ar fáil dúinn as Gaeilge le cuidiú linn, agus go mbeadh an fhoclaíocht agus an téarmaíocht atá ag gabháil le reachtaíocht ar fáil as Gaeilge. Níor tharla sé sin ó shin. Chabhródh rud simplí mar théarmaíocht pholaitiúil liomsa go háirithe, ach chabhródh sé freisin le gach Teachta eile atá ag iarraidh na Gaeilge a úsáid. Chabhródh sé liom freisin dá mbeadh meamram as Gaeilge ag tabhairt míniúcháin ar an mBille. Ar a laghad, teastaíonn sin. Ní thabharfadh sin mo chearta iomlán dom mo ghnó a dhéanamh ina iomláine sa Dáil trí Ghaeilge, mar ní bheadh an reachtaíocht ann, ach ar a laghad, ba chéim chun tosaigh a bheadh ann. Ach níor tharla sé fós.

Tá a lán fadhbanna eile ann chomh maith. Nuair a bhí an Coimisinéir Teanga os comhair ceann de choistí an Oireachtais, bhí mise sa chathaoir agus bhí náire orm nuair a theip ar an gcóras aistriúcháin. Ba mhasla é sin don choimisinéir. Ní raibh leath den choiste in ann déileáil leis an ábhar. Ní raibh siad in ann suí isteach mar níl an Ghaeilge chomh maith acu agus atá agamsa. Aithním gur fadhb theicniúil a bhí ansin agus dúradh sin ar an lá. Ach is ait an rud é nár chuireadar córas aistriúcháin isteach ar dtús sna seomraí coiste nuair a tógadh an foirgneamh sin ar dtús. Is léiriú é seo ar an easpa smaoinimh a dhéantar i leith na Gaeilge. Is afterthought atá ann i gcónaí. I ndiaidh na mbearta a thógáil, smaoinítear ar an nGaeilge agus go gcaithfidh siad rud éigin a dhéanamh fúithi.

Ní cóir go mbeadh orm ceist a chur ar an Whip gach uile bhliain agus a rá gur fiú rud a dhéanamh i rith Sheachtain na Gaeilge. Ba chóir go mbeadh an Whip ag cur ceiste orainn cad ba chóir a dhéanamh san Oireachtas i gcóir Sheachtain na Gaeilge.

Tá fadhbanna ann. Glacaim leis go gcreideann an Rialtas go bhfuil sé tábhachtach pobal labhartha na Gaeilge agus na Gaeltachtaí a chothú. Creidim go bhfuil an tAire sásta cur chuige éigean a dhéanamh. Ach, sa deireadh thiar thall, níl slánú na Gaeilge mar theanga labhartha an Stáit mar thosaíocht ag an Rialtas seo agus ní raibh ag aon Rialtas roimhe seo. Tá sé ráite gur tosaíocht é, ach níl sé soiléir gur sin an scéal ó bunaíodh an Stát, seachas nuair a bhí Aire Gaeilge ann.

Le 30 bliain anuas, ní raibh Aire ann mar just Aire Gaeilge nó mar Aire Gaeltachta leis na hacmhainní chun a chinntiú go dtiocfadh borradh ar an nGaeilge agus ar na Gaeltachtaí. Ba chóir dúinn bogadh sa treo sin. Beidh reshuffle i lár an tsamhraidh, agus b’fhéidir go dtabharfar cead a cinn don Aire Stáit nó duine eile le Gaeilge. Bhí sé maslach go raibh Airí ann roimhe gan Ghaeilge, agus níl Gaeilge ag an Aire, an Teachta Deenihan. Níl an locht air, ach ní ceart go mbeadh duine i bpost le cinnireacht maidir leis an nGaeilge agus na Gaeltachtaí gan an teanga a bheith aige nó aici, nó ar a laghad iad i mbun iarrachta an Ghaeilge a fhoghlaim nó snas a chur ar an chuid atá acu. Fiú i mo chás féin, is féidir snas níos fearr a bheith ar mo chuid Gaeilge. Níl mo chuid gramadací den scoth, ach déanaim iarracht tabhairt faoi anois is arís.

Le déanaí d’fhógair Foras na Gaeilge go raibh ré nua ann maidir leis an nGaeilge agus chur siad maoiniú ar fáil do sé eagras. Bhí 25 ann roimhe seo. Feicimid an ré nua atá ann. Muna bhfuil breis acmhainní ann ag an Státchóras agus ag na heagrais, beidh dúshlán mór rompu agus beidh dainséar ann i gcónaí. Bíonn dainséar ann i gcónaí nuair a bhíonn eagrais spleách ar an Státchóras agus iad ag braith go huile is go hiomlán ó thaobh maoinithe agus acmhainní ar an Stát. Ba cheart go mbeadh a fhios ag na heagrais atá mar cheannródaithe maidir leis an teanga go bhfuil an dainséar sin ann.

Tá an straitéis leagtha amach. An fhadhb is mó atá agam ná nach bhfuil aon tionchar mór feicthe agam ná acu siúd atá ag treabhadh leo i ngort na Gaeilge go bhfuil aon borradh ann. Tá an straitéis bunaithe ar dhaonáireamh 2002 agus tuairisc ó 2007. Dúradh nach raibh ach idir 15 agus 20 bliain fágtha don teanga mar phríomhtheanga na Gaeltachtaí muna ndéantar gníomh áirithe. Táimid leathbhealach tríd an ré áirithe agus ní fheicim an borradh. Tá sé léirithe ag roinnt saineolaithe, Seosamh Mac Donnchadha ina measc, nach ionann cáipéis agus straitéis. Dúirt sé go bhfuil an straitéis ina cháipéis atá marbh. Tugann an mhéid a dúirt an Dr. John Walsh dúshlán don Aire a léiriú nach bhfuil an ceart aige. Níl an gníomh feicthe againn. Níl fuadar faoin Stát ná an Státchóras, an áit a bhfuil rudaí níos measa ná in aon earnáil eile.

Tá an tAire tar éis a rá go bhfuil sé chun cur chuige a dhéanamh maidir leis an Státchóras. Tá mé ag impí ar an Aire maidir leis an Státchóras. Gan daoine le Gaeilge a earcú, ní fiú tráithnín an beagán bídeach atá ag tarlú. Ba chóir díriú ar earcaíocht agus béim a chur ar an nGaeilge líofa, mar a ndéanadh sa PSNI nuair a bhí siad ag iarraidh chéatadán na gcaitliceach sa PSNI a mhéadú. Is céim bheag shimplí í, ach dhéanfadh sé difear an-mhór. Tá sé mar cheart ag daoine déileáil leis an Státchóras trí mheán na Gaeilge. Ní cóir go mbeadh deacrachtaí maidir leis seo ag Gaeilgeoir. Is dúshlán é sin dúinn go léir.

Tacaím leo siúd a bhfuil dearg le fearg maidir leis an straitéis agus an chéad choimisinéir teanga. Tá dúshlán mór roimh an gcoimisinéir nua agus tá súil agam go n-éireoidh leis sa phost agus nach dtarlóidh leis mar ar tharla leis an gcéad coimisinéir.

Tá an Teachta Joe Higgins ag roinnt a chuid ama leis an Teachta O’Sullivan.

Nuair a chailltear class áirithe d’ainmhí, d’éan nó de phlanda, mar shampla trí thruailliú na timpeallachta nó gearradh siar na bhforaoiseacha san Amasóin, is cúis díomá é agus is cúis mhór bhróin atá ann. Tá sé tragóideach. Tógann sé milliún bliain de aon species nó aon rud beo chun teacht chun cinn trí éabhlóid. Tríd an chóras caipitleachas, cuirtear deireadh le species áirithe d’ainmhithe nó de phlandaí nó d’éanlaithe atá caillte go síoraí don phláinéad agus don phobal. Is é an scéal céanna maidir le teanga. Tógann sé na mílte bliain chun teanga a fhorbairt agus a dul chun cinn. Tá saol agus stair an phobail fite fuaite i dteanga. Ar fud an domhain tá mionteangacha, mar a ghlaoitear orthu, ag fáil bháis.

Is cailliúint thragóideach é sin ní hamháin do na pobail gur leo na teangacha éagsúla, ach freisin don phobal domhanda i gcoitinne. Níl aon difríocht i gcás an méid atá ar siúl anois ó thaobh na Gaeilge de. Bhí foláireamh láidir sa scrúdú teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge, a fhoilsíodh sa bhliain 2007, maidir le cad a bheidh i gceist muna n-athraítear cúrsaí. Is scread dainséar maidir le todhchaí na Gaeilge atá sa scrúdú sin. Is fiú cuimhneamh go ndeireann an scrúdú gan athrú ar phatrún úsáide na teanga, ní bheidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga phobail fiú amháin i gceartlár na nGaeltachtaí. Bheadh sé sin tubaisteach don teanga mar chuid thábhachtach de phobal na tíre seo san am atá le teacht. Más rud é nach mbeidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga na Gaeltachtaí, ní bheidh ann ach tús deiridh na teanga.

I mo thuairim, ní bheidh an Ghaeilge riamh mar phríomhtheanga na tíre seo. Tháinig sé sin ón stair agus tagann sé anois, níos láidre fós, ó phróisis gheilleagair agus eacnamaíochta, srl. An mbeidh an Ghaeilge mar theanga thábhachtach i saol na sochaí seo san am atá le teacht? An mbeidh sí le cloisteáil sna Gaeltachtaí? An mbeidh an dátheangachas tábhachtach ar fud na tíre sa todhchaí? An mbeidh daoine a úsáideann an Béarla don chuid is mó ina ngnáthshaolta ach a bhfuil an Ghaeilge ar eolas acu agus atá in ann an Ghaeilge a labhairt go laethúil, go seachtainiúil nó go minic ar aon nós? Is í sin an cheist. Tá dianbhrú ar an nGaeilge mar theanga i láthair na huaire. Dá bhrí sin, caithfimid smaoineamh inniu ar cad ba cheart do Rialtas na tíre a dhéanamh chun a chinntiú gur féidir leis an teanga fanacht beo. Ba cheart go mbeadh sé mar sprioc againn ní hamháin go mbeidh an Ghaeilge fós beo i gceann 100 bliain, ach freisin go mbeidh sí fós mar chuid thábhachtach de shaol an phobail sa tír seo

Nuair atá plé á dhéanamh againn ar an straitéis 20 bliain, ba cheart tosú le scrúdú a dhéanamh ar na mothúcháin atá ag muintir na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeltachta ar fud na tíre agus iad ag iarraidh a saoil laethúla a mhaireachtáil, go mórmhór sa Ghaeltacht, le Gaeilge mar ghnáth-theanga. Ar an Domhnach, 23 Feabhra, seo caite, shiúil grúpa as Gaeltacht Chonamara ón Spidéal go dtí ceanncheathrú Roinn na Gaeltachta sa cheantar chun litir sínithe ag Donncha Ó hÉallaithe thar ceann an phobail a chur isteach chuig Aire na Gaeltachta. Tá éilimh thábhachtacha déanta sa litir sin, ina measc "go gcuirfí polasaí soiléir i bhfeidhm tríd an státchóras a chínnteoidh, go mbeifear in ann seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht 'gan cheist gan choinníoll', taobh istigh de dhá bhliain". An bhfuil an Rialtas chun é sin a chur i gcrích? Is náireach an rud é nach mbíonn éinne sa Státseirbhís - i Ranna Rialtais áirithe - ar fáil chun labhairt le daoine ón nGaeltacht nó aon áit eile sa tír go dteastaíonn uathu a gcuid gnó a dhéanamh inár dteanga náisiúnta. Caithfear an ceart bunúsach seo a comhlíonadh. Tá súil agam go dtabharfaidh an Rialtas aird mhór ar na héilimh thábhachtacha eile atá leagtha amach sa litir a luaigh mé agus go ndéanfaidh siad gníomh dá réir.

Ba mhaith liom focal nó dhó a rá mar gheall ar pholasaithe eacnamaíochta an Rialtais, go mórmhór an déine agus na ciorruithe, sula gcríochnóidh mé. Tá na polasaithe seo ag déanamh scriosta ar phobal na Gaeltachta. Is tubaiste é go bhfuil daoine óga ag imeacht - tá siad caite amach as an tír - ós rud é nach bhfuil poist nó faic acu. Caithfear an polasaí sin a athrú go mear. Tá cúis dóchais againn. Tá leanaí ar fud na tíre ag foghlaim na Gaeilge sna gaelscoileanna, srl. Tá orainn brú a chur ar an Rialtas ní hamháin na cearta teanga atá luaite agam a chomhlíonadh, ach freisin polasaithe eacnamaíochta a athrú agus deireadh a chur leis an déine. Ba cheart go mbeadh daoine óga in ann fanacht sa bhaile sna Gaeltachtaí. Muna bhfuil pobal againn, ní bheidh teanga againn.

Caithfidh mé a admháil - is dócha go mbeidh sé soiléir i gceann tamaill - nach bhfuil mo chuid Gaeilge chomh líofa agus chomh flúirseach leis an nGaeilge atá ag na Teachtaí eile a labhair go dtí seo. Tá grá agam don teanga. Déanaim agus déanfaidh mé mo dhícheall an Ghaeilge a labhairt. Tá sé oiriúnach agus tábhachtach go bhfuil an díospóireacht seo ar siúl inniu, i rith Seachtain na Gaeilge agus go háirithe roimh cheiliúradh Lá Fhéile Pádraig. Is cinnte gur rud dearfach é go bhfuil Seachtain na Gaeilge againn. Is mór an trua é nach bhfuil ach lá Gaeilge amháin - nó maidin amháin, b'fhéidir - againn sa Teach seo. Is dóigh liom go mbeadh sé i bhfad níos fearr dá mbeimid in ann an Ghaeilge agus an Béarla a úsáid i rith na bliana sa Dáil. Ceapaim gurb é sin an tslí is fearr atá romhainn iarracht a dhéanamh chun a bheith dátheangach. Nuair a bhíos in dhá scoil an tseachtain seo caite - ní gaelscoileanna a bhí iontu - bhí sé soiléir dom go raibh iarrachtaí á ndéanamh ag na daltaí scoile an Ghaeilge a labhairt ag am lóin nó am sosa. This week I visited schools which were not Gaelscoileanna but it is obvious that schools are placing a lot of emphasis on making an effort to speak Irish. Beidh mé ag caint as Béarla agus as Gaeilge i rith an cúpla nóiméad atá fágtha agam.

It is a terrible indictment of our education system that having been in primary school and second-level school for 14 years, some young Irish people leave school unable to carry on a conversation in Irish. There is something wrong with that system if this is the result and it needs to be dealt with. I refer to a presentation in the AV room yesterday about a programme involving Ireland and universities in America. American students come to Ireland and following a total immersion programme in Irish they are able to carry on a conversation at a much better standard than would be the case for some Irish school students. The most glaring failure of successive Governments from the foundation of the State has been the neglect of our language. We have failed to make inroads into making Irish the spoken language of choice for Irish people. Ceapaim go bhfuil gach páirtí polaitíochta ciontach maidir leis an teanga. I think Irish will survive but it will not be as a result of Government action. There is no doubting the Minister of State's commitment but Irish will survive if the people wish it. Time does not allow me to speak about the policies since the foundation of the State but a common denominator is that they have all been ineffective.

I ask where is the will to address this issue. Article 8.1 of the Constitution states:

The Irish language as the national language is the first official language.

We pay mere lip-service to that article. Article 8.3 states:

Provision may, however, be made by law for the exclusive use of either of the said languages for any one or more official purposes, either throughout the State or in any part thereof.

While we pay lip-service to the first language, the second language has been used to the detriment of Irish as a spoken language. There is a need for native speakers, including the people in the Chamber, to be more accommodating and receptive of those for whom Irish is not their first language but who are making great efforts to speak it.

We must accept that while the Gaeltacht areas have a valuable role to play in safeguarding and promoting the language, so too do other areas.

Bhí an t-ádh liom nuair a bhí mé ar scoil, an bhunscoil agus an mheánscoil agus go háirithe an mheánscoil, Cnoc Carmel, i Sráid Hallaí an Rí, go raibh múinteoirí sármhaith agam. Bhí grá acu don Ghaeilge, bhí suim acu sa Ghaeilge, ach go háirithe, bhí suim acu an grá sin a spreagadh ionainn. D'éirigh leo an chuid is mó den am. Bhí a fhios againn gur teanga bheo í an Ghaeilge agus gur teanga í le labhairt. An chéad rud gur cóir a dhéanamh anois ná féachaint ar an tslí ina bhfuil Gaeilge á múineadh ag múinteoirí.

We also have to consider the entry requirements for the teacher training colleges. A C3 in honours Irish in the leaving certificate is a good achievement, but it does not indicate an interest in or an ability to promote Irish. I know people who got an A1 in honours Irish because they were able to approach the examination in a certain way, but they cannot conduct a conversation in the language. The oral examination now accounts for 40% of the total marks for the Irish examination, but not all schools will take that up because of the extra workload on teachers. It is another issue that needs to be examined. We must ensure that people going into the training colleges come out with a love of Irish, because they are the first port of call for most children when it comes to learning Irish.

In the past, students in the training colleges received a grant to spend a few weeks in the Gaeltacht. That total immersion approach had a very positive impact. In the case of teachers who are not successful in getting into the training colleges here and instead go to the United Kingdom to obtain a teaching qualification, I understand the Irish examination they have to take in order to be fully qualified to teach at primary level in this country is of a higher standard in terms of the spoken language. That is something the Department should examine.

Ní féidir liom a thuiscint cén fáth, ó thús an Stáit agus i rith na mblianta nach raibh gach scoil ina Gaelscoil, fiú amháin go dtí rang a haon nó a dó. Nuair a théann leanaí chuig Gaelscoil ag ceithre nó cúig bliana d'aois, bíonn Gaeilge ag cuid acu, ach ní bhíonn Gaeilge ag an gcuid eile. Ach tar éis bliana nó dhó, tá siad ábalta labhairt as Gaeilge. Tá leanaí cosúil le spúinse. Is dócha go mbeidís ábalta teanga ar bith a fhoghlaim, ar nós Fraincis, Spáinnis nó Gearmáinis. The child whose first language is Irish will still speak English very well, but the child whose first language is English will not have the same standard of Irish as the former. Tá rud éigin mícheart there.

The Fine Gael Party's election manifesto included an undertaking to remove Irish as a core subject for the leaving certificate. We saw the reception that proposal met, and I was glad to see it. Chun críochnú, tá ár dteanga tábhachtach, cosúil lenár gcultúr agus ár n-oidhreacht. Gan dabht, tá sí i mbaol. Mar sin, caithfidh muid greim a bhreith ar an fhadhb i dtreo agus go mbeidh an Ghaeilge á labhairt ag daoine agus na generations atá ag teacht. Is féidir linn rud éigin a dhéanamh, cosúil leis an rud a rinne Ceanada, an Bheilg agus an Bhreatain Bheag, ionas go mbeidh muid go léir dátheangach.

Ar dtús báire, ba mhaith liom a rá go bhfuil teanga álainn againn sa tír seo. Tá oidhreacht agus cultúr faoi leith againn agus ba chóir dúinn iad a cheiliúradh agus a choimeád. Tá dualgas ar gach uile dhuine, go háirithe daoine sa Teach seo, an-iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a choimeád beo agus an teanga a úsáid. Mar sin, déanfaidh mise iarracht an chuid is mó de mo ráiteas a thabhairt as Gaeilge, cé nach bhfuil mé chomh líofa agus ba chóir go mbeinn, ach tá sé iontach tábhachtach go ndéanfadh gach uile dhuine sa Teach iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a labhairt anseo.

An chéad aidhm atá ag an straitéis 20 bliain ná an líon daoine a úsáideann an Ghaeilge gach lá a mhéadú. Faoi láthair, tá 83,000 duine a labhraíonn Gaeilge go rialta gach lá. Táimid ag iarraidh é sin a mhéadú go 250,000 agus go mbeadh eolas ar an teanga ag thart faoi 2 milliún duine. An dara haidhm atá ag an straitéis ná tacaíocht a thabhairt don Ghaeltacht. An tríú haidhm ná go mbeadh seans ag daoine a ngnó a dhéanamh go hoifigiúil trí Ghaeilge, le Ranna Stáit agus a leithéid. An cheathrú haidhm ná go mbeadh Gaeilge le feiceáil i bhfógraí agus a leithéid thart timpeall na tíre.

Foilsíodh an straitéis tar éis taighde cuimsitheach agus tugadh tacaíocht ó gach páirtí sa Teach di. Tá an straitéis dhúshlánach ach ag an am seo tá níos mó measa ar an teanga ná mar a bhí. Thart ar 30 bliain ó shin, bhí cineál náire ar dhaoine a n-oidhreacht a cheiliúradh nó Gaeilge a labhairt. Cheapamar nach raibh sé nua-aoiseach go leor. Ach tá athrú ar seo anois agus tá daoine sásta Gaeilge a labhairt. Táimid níos bródúla anois as ár dteanga agus ár gcultúr. Tá sin cabhrach agus tabharfaidh sé deis níos fearr don Rialtas an jab seo maidir leis an straitéis a dhéanamh.

Sa daonáireamh, dúirt beagnach 2 milliún duine go bhfuil Gaeilge acu. Mar sin, tá daoine ag maíomh anois go bhfuil siad ábalta Gaeilge a labhairt. Is cabhair mhór í seo. Tá an Rialtas lán dáiríre faoin straitéis agus faoi í a chur i bhfeidhm agus tá €500,000 curtha ar fáil sa bhuiséad an bhliain seo don straitéis. Cuireann Acht na Gaeltachta 2012 an próiseas pleanála teanga ar bun. Anois, tá béim agus meas ar na bailte Gaelacha taobh amuigh den Ghaeltacht. Sa chomhthéacs seo, tréaslaím le Foras na Gaeilge maidir leis an obair fhiúntach atá ar siúl aige. Tréaslaím freisin leis an bpríomhfheidhmeannach ansin, Éamonn Ó hArgáin agus a fhoireann.

Tá an Roinn ag iarraidh chabhrach a thabhairt do theallaigh lán-Ghaelacha. Beidh Ranna Stáit ag scrúdú na riachtanas atá ann maidir le poist sa Stát Sheirbhís agus tá sé i gceist, sa chéad chomórtas eile d'oifigigh fheidhmeannacha, 6% de na folúntais a chur ar fáil do dhaoine atá ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Cuirfidh sé sin feabhas ar an scéal. Chomh maith le seo, tá athbhreithniú ar siúl ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Cé go bhfuil géarchéim airgeadais sa tír, táimid ag déanamh infheistíochta sa teanga, go háirithe sa Ghaeltacht, ach freisin i ngnéithe oidhreachta agus cultúrtha an teanga. Táimid ag tabhairt tacaíochta do TG4, do Raidió na Gaeltachta agus d'Údarás na Gaeltachta mar ba chóir go ndéanfaimis, in ainneoin go bhfuil géarchéim airgid sa tír. Táimid ag cabhrú go praiticiúil le sár obair Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus molaim go láidir an obair a dhéanann an comhaltas agus an t-ard stiúrthóir ansin, an Seanadóir Labhrás Ó Murchú, ar son na hoidhreachta, na teanga agus an cheoil.

Caitheann 24,000 mac léinn tréimhse sa Ghaeltacht gach bliain. Tréaslaím leis an Aire Stáit as go raibh sé in ann deontas na mná tí a choimeád. Cé go bhfuil géarchéim ann, choimeád an tAire Stáit an deontas ag an leibhéal céanna agus a bhí sé agus is cabhair mhór í sin. Táim lán sásta go bhfuil sé ag cosaint an mhéid airgid a fhaigheann na mná tí.

Tá na scoileanna lán-Ghaelacha tábhachtach agus tá an Rialtas ag cabhrú leo. Beidh ceithre scoil lán-Ghaelach i measc na 20 bunscoil a chruthófar i mbliana. Freisin, beidh trí scoil lán-Ghaelach i measc na 17 meánscoil a thógfar i mbliana.