Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 13 Mar 2014

Vol. 834 No. 3

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Statements (Resumed)

Ós rud é gur beatha teanga í a labhairt, mar a bhí mé ag rá roimh an mbriseadh, tá na scoileanna lán-Ghaelacha thar a bheith tábhachtach. Tá an Rialtas seo ag cabhrú leo siúd atá ag iarraidh a leithéid de scoileanna a chruthú. Tá ceithre bhunscoil lán-Ghaelacha i measc an 20 bunscoil atá le cruthú i mbliana. Mar an gcéanna, tá trí mheánscoil lán-Ghaelacha i measc an 17 meánscoil atá le cruthú i mbliana. Bhí an méid sin ráite agam roimh an mbriseadh, ach fiú é a rá arís.

Tá mé an-bhródúil as an scoil lán-Ghaelach atá againn i mbaile an Chabháin. Tá sí thar barr mar scoil. Scoil den chéad scoth atá inti. Tá mé iontach sásta go raibh an Rialtas seo ábalta foirgneamh deas álainn nua a chur ar fáil in áit lárnach sa bhaile. Tá mé an-bhuíoch don Aire Oideachais agus Scileanna, an Teachta Quinn, as ucht a chabhrach. Tá sé iontach tábhachtach go bhfuil foirgneamh deas álainn ag an scoil lán-Ghaelach seo i lár bhaile an Chabháin. Tá sé sin ar fáil anois, buíochas le Dia. Ba mhaith liom a rá leis an Aire Stáit agus, ar ndóigh, leis an Rialtas go bhfuil mé ag súil go géar leis an lá nuair a bheidh meánscoil lán-Ghaelach in áit éigin i gContae an Chabháin. Molaim don Rialtas agus don Aire Stáit a leithéid a chur ar bun roimh i bhfad. Sílim go bhfuil meánscoil an-tábhachtach, chomh maith leis an mbunscoil. Beidh sé ar fáil go gairid, le cúnamh Dé.

Tá an Rialtas seo lán-dáiríre faoin straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Tá meas agus grá mór againn don teanga. Táimid láidir ar an gceist seo. Tá fochoiste Rialtais curtha ar bun chun an straitéis a chur i bhfeidhm. Tá an Taoiseach mar chathaoirleach ar an bhfochoiste sin. Táimid an-dáiríre faoin straitéis ag an leibhéal sin. Sílim go n-aontóidh gach Teachta liom nach bhfuil éinne sa Teach seo atá níos díograisí agus níos dáiríre faoin teanga ná an Aire Stáit, an Teachta McGinley, atá sa ról seo ag an mbomaite. Tá an-tuiscint, an-mheas agus an-ghrá aige don teanga. Is cainteoir nádúrtha ó dhúchas é. Tagann sé ón nGaeltacht iontach deas i ngleanntain Ghlas Ghaoth Dobhair. Tá a chroí sa Ghaeilge agus in oidhreacht na tíre.

Ba mhaith liom a rá, mar fhocal scoir, go bhfuil gá mór ann go ndéanfaidh gach uile dhuine sa Teach seo iarracht an Ghaeilge a spreagadh ar fud na tíre. Ba cheart dúinn giota beag Gaeilge a labhairt aon uair a fhaigheann muid seans. Is fiú an díospóireacht seo a bheith againn. Ba chóir go mbeadh díospóireacht den tsóirt seo againn gach cúpla mí chun an straitéis a chur chun cinn.

Ba cheart breathnú ar an bpictiúr mór ar lá mar seo. Ba cheart dúinn plé a dhéanamh ar thábhacht na Gaeilge sa tsochaí mar acmhainn náisiúnta. Ní hamháin go bhfuil an acmhainn seo tábhachtach in Éirinn - tá tábhacht leis an nGaeilge go domhanda. Níl sé i gceist agam dul isteach sa straitéis go mion inniu. B'fhéidir gur cheart dom "an easpa straitéise" a rá. Beidh lá eile san fhochoiste Dála amach anseo le sin a dhéanamh. Tá sé molta agam arís agus arís eile gur cheart dúinn an straitéis a chíoradh ó líne go líne. An bhfuil an straitéis á cur i bhfeidhm? Muna bhfuil, cén fáth? Tá leithscéalta airgid tugtha, cé nach bhfuil aon chostas ag baint le go leor de na nithe sa straitéis nach bhfuil á gcur i bhfeidhm. Is dóigh liom, mar a dúirt mé, gur cheart dúinn breathnú ar an bpictiúr mór agus ceisteanna áirithe a chur orainn féin. An bhfuil an Ghaeilge tábhachtach sa tsochaí in Éirinn? An bhfuil tábhacht ag baint léi mar chuid den oidhreacht náisiúnta? Creidim go bhfuil. De réir gach suirbhé dá bhfuil ann, creideann formhór an phobail, ina measc iad siúd nach labhraíonn, nach léann nó fiú nach dtuigeann an Ghaeilge go bhfuil an teanga tábhachtach. Más fiú rud, is fiú cúpla punt a chaitheamh air.

Bíonn caint i gcónaí ar chúrsaí eacnamaíochta agus níl aon amhras ach go bhfuil an eacnamaíocht thar a bheith tábhachtach. Ní féidir le daoine maireachtáil gan airgead. Is féidir go leor a dhéanamh chun cúrsaí an phobail a fheabhsú trí dhéanamh cinnte de go bhfuil saibhreas na tíre roinnte níos chothromaí ar dhaoine agus idir dhaoine. Dearmad an-mhór é a bheith ag ceapadh nach bhfuil aon luach nó nach bhfuil aon rud a chuireann le caighdeán beatha ach airgead agus cúrsaí eacnamaíochta. Ba dheacair a shamhlú sa lá atá inniu ann go gcreidfeadh éinne nach bhfuil tábhacht leis an gcomhshaol nádúrtha. Ba dheacair a shamhlú go bhfuil éinne ann nach gcreideann go bhfuil tábhacht ag baint leis an oidhreacht thógtha atá againn, ag dul siar don tseanaimsir agus foirgnimh atá caomhnaithe anois a tógadh 350 bliain ó shin.

Nach aisteach go minic go bhfuil sé deacair do dhaoine glacadh leis gurb í an teanga an oidhreacht ba luachmhara. Oidhreacht na hintinne atá i gceist anseo. Tá stair breis is 2,000 bliain i gceist leis an teanga. Tá go leor den saibhreas cultúrtha tugtha isteach sa Bhéarla, ach é a athscríobh ón Ghaeilge. Tá logainmneacha na tíre ar fad athscríofa beagnach. Nuair atá duine nó grúpa ag moladh go gcaithfí €3 milliún nó €4 milliún sa bhreis ar an teanga in aghaidh na bliana, deirtear leo nach bhfuil an méid sin ann. Caithfimid é seo a chur i gcomhthéacs. Caitheann an Stát €53 billiún gach bliain. Seo an comhthéacs don €3 milliún nó €4 milliún a chaitheamh ar rud atá thar a bheith tábhachtach agus thar a bheith luachmhar. Dá ndéarfá le duine nárbh fhiú €3 milliún nó €4 milliún a chaitheamh ar rud atá thar a bheith tábhachtach, bheidís ag gáire fút. Mar sin, is dóigh liom gur cheart dúinn a thuiscint an méid a dúradh sa staidéir teangeolaíochta, is é sin nach bhfuil baol ar bith ar an nGaeilge bás a fháil de thairbhe, buíochas le Dia, an méid oibre le céad bhliain anuas. Tá daoine ar fud na cruinne le heolas maith acu ar an nGaeilge. Ach tá brú ar an nGaeilge sa Ghaeltacht, agus tá sin ar eolas ag an Aire. Ar bhealach is míorúilt é go bhfuil an Ghaeilge fiú chomh folláin sa Ghaeltacht agus atá sí. Thug mé figiúirí don choiste maidir le staid na Gaeilge ag tús na 1950dí.

Tá sé ráite ag na saineolaithe go bhfuil contúirt ann nach mbeidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga in aon phobal mura dhéantar gníomh anois. Tá an gníomh seo ag teastáil go práinneach agus ní féidir é a chur ar an mhéar fhada.

Ó thaobh na heacnamaíochta de, is fiú an infheistíocht a dhéanamh. Molaim an Rialtas as na hAirí, atá scaipthe ar fud na cruinne, a chur thar lear. Níor thuig mé riamh an cáineadh a fuaireamar nuair a bhíomar ar an taobh eile den Teach nuair a chuaigh Airí thar sáile ag obair go dian dícheallach ar son na tíre agus ag déanamh ionadaíochta ar son mhuintir na hÉireann. Níl aon amhras orm is iad ar fud na cruinne go mbeidh siad ag iarraidh marc trádála na hÉireann a chur ina luí ar na daoine a bhuaileann siad leo. Beidh siad ag iarraidh taispeáint gur náisiún faoi leith muid. Beidh siad ag iarraidh saintréithe an náisiúin a chur in iúl, gur pobal faoi leith muid. Bhí mé ann go minic nuair a rinneadh a leithéid. Siombail na hÉireann – an brat, an tseamróg, an ceol, an damhsa – a bheadh á n-úsáid. Tugann na rudaí seo tuiscint ar an bpobal a bhfuil ag dul i bhfad siar. Seo a dhéanann Enterprise Ireland agus Bord Bia atá ag díriú ar an eacnamaíocht. An rud eile a úsáideann siad mar shiombail ná an teanga. Tuigeann lucht margaíochta go bhfuil coincheap ag daoine maidir le muintir na hÉireann mar phobal ar leith, mar náisiúin faoi leith agus mar ghrúpa faoi leith. Mar sin, mura bhfuil muid sásta an infheistíocht a dhéanamh maidir leis an teanga, ní hamháin go gcaillfimid an leanúnachas a théann siar 2,000 bliain de phobal go raibh an Ghaeilge mar ghnáth teanga acu ach, aisteach go leor, beimid ag déanamh dochair don eacnamaíocht.

Cuirim fáilte roimh an seans cúpla focal a rá faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Straitéis 20 bliain atá i gceist, ní straitéis trí bliana atá ann. Níl gach rud sa phlean déanta ach tá dul chun cinn déanta ag an Rialtas ach tá rudaí atá fós le déanamh.

D'fhoilsigh an Rialtas deireanach an straitéis ag deireadh a thréimhse i lár drochstaid eacnamaíochta na tíre. Is mór an trua nár fhoilsigh siad an straitéis i lár an Celtic Tiger nuair a bhí airgead sa tír. Is é sin ráite, ní theastaíonn airgead chun chuile rud a cur i bhfeidhm sa straitéis.

Tá dul chun cinn déanta ag an Rialtas ó thaobh na bpleananna teanga sna limistéir Ghaeltachta. Tá tús curtha leis an gcéad trí phlean. Tá sé in Acht na Gaeltachta go mbeidh ról ag Údarás na Gaeltachta cuireadh a thabhairt do gach ceantar Gaeltachta plean a cur le chéile. Tá sé suas do phobal na Gaeltachta a gceantair féin a shábháil ó thaobh stádas Gaeltachta. Más rud é nach bhfuil ceantair in ann plean a cur le chéile, b’fhéidir nach mbeadh aon ról acu sa Ghaeltacht ag dul ar aghaidh.

D'fhéadfadh go mbeadh na ceantair gan aon phlean curtha amach as an nGaeltacht. Níl an dualgas ar an Stát aon cheantar a choinneáil sa Ghaeltacht. Tá an dualgas sin ar an bpobal i ngach ceantar.

Taobh amuigh den Ghaeltacht tá plean do bhailte atá láidir sa Ghaeilge nó atá ag cur an teanga chun cinn. Tá Foras na Gaeilge ag obair ar an bplean sin agus tá sé soiléir le tamall anuas go bhfuil feabhas ar chaighdeán na Gaeilge mar gheall ar na Gaelscoileanna ar fud na tíre.

Is maith an rud é go bhfuil daoine taobh amuigh don Ghaeltacht ag teacht le chéile chun ár dteanga a fheabhsú agus a chuir chun cinn. Is iontach go bhfuil an feabhas seo taobh amuigh den Ghaeltacht.

Cuirim fáilte roimh an bpolasaí nua chun cuóta a thabhairt isteach ó thaobh earcaíochta sa tseirbhís phoiblí. D'athraigh an Rialtas i 1974 an polasaí a bhí ann go raibh sé riachtanach Gaeilge a bheith agat le hoibriú sa tseirbhís phoiblí. Cé go raibh daoine ag tabhairt amach faoin bpolasaí sin ní dhearna an chéad Rialtas eile aon athrú ar an gcinneadh sin, nó aon Rialtas ina dhiaidh sin. Bhí seans ann i rith an Celtic Tiger nuair a bhí méadú ag teacht ar an seirbhís phoiblí cuóta a chur ann ach níor thóg an Rialtas ag an am an seans sin. Anois tá na daoine céanna ag rá nach bhfuil seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Céard a rinne siad chun é sin a athrú? Is mór an trua don teanga nach ndearna siad aon rud sa tréimhse sin nuair a bhí ardú sna huimhreacha sa tseirbhís phoiblí. Tá cuóta againn anois agus beidh ar an Stát daoine le Gaeilge a thabhairt isteach sa tseirbhís phoiblí. Is é seo an chéad chéim. Tá sé suimiúil an rud a tharla san Iosrael blianta ó shin. Bhí laghdú ar an gcaighdeán agus ar úsáid Hebrew. D'athraigh an Rialtas an polasaí go gcaithfeadh daoine an teanga Hebrew a úsáid chun aon seirbhís a fháil ón Stát. D'éirigh leis an bpolasaí sin chun an teanga Hebrew a shábháil. Cén sórt tuairimí a bheadh sa tír seo dá mba rud é go raibh polasaí mar sin againn don Ghaeilge?

Freisin tá an Roinn Caiteachais agus Seirbhísí Poiblí ag iarraidh a fháil amach ó gach Roinn an méid daoine atá líofa sa Ghaeilge chun na daoine sin a úsáid ó thaobh déileáil leis an bpobal. Tá roinnt daoine atá líofa sa Ghaeilge nach bhfuil ag obair sa phríomhlíne agus ba cheart go mbeadh ról acu ann.

Tá feachtas anois ag lucht na Gaeltachtaí faoina gcearta. Tá an ceart acu gur chóir dóibh seirbhísí a fháil trí Ghaeilge. Ach ní raibh na seirbhísí sin acu roimh 2011 nuair a tháinig an Rialtas seo i gcumhacht. Tá a fhios agam go bhfuil chuile dhuine sa Ghaeltacht dáiríre faoin teanga ach níl sé ceart go bhfuil siad ag cur milleáin ar an Aire ná ar an Rialtas faoin easpa seirbhísí sa Ghaeltacht. Más rud é go bhfuil daoine dearg le fearg mar atá siad ag rá, cén fáth nach raibh fearg orthu roimh 2011 faoin easpa seirbhísí trí Ghaeilge?

Tá an straitéis againn agus caithfidh an Rialtas í a cur i bhfeidhm. Tá ról ag comhlachtaí agus eagraíocht phoiblí freisin as ocht n-oibleagáidí atá leagtha amach sa straitéis. Mar shampla, tá ról ag Coimisinéir an Gharda Síochána faoin earcaíocht atá ag dul ar aghaidh anois. Tá ról ag Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann ó thaobh earcaíochta maidir leis an straitéis freisin. Tá sé leagtha amach sa straitéis i gCuspóir 12 go leanfar agus déanfar forbairt ar úsáid na Gaeilge sa Gharda Síochána agus sna Fórsaí Cosanta.

Maidir le Cuspóir 10 faoin gcúnamh agus tacaíocht don Aontas Eorpach i bhfeidhmiú an cinneadh a dhéanamh chun Gaeilge a bheith ina teanga oifigiúil, tá a fhios agam go bhfuil an Rialtas ag déanamh teagmhála le grúpaí agus eagraíochtaí Éireannacha san Eoraip maidir leis seo. Tá sé ráite ag an Aire go mbeidh an Rialtas ag smaoineamh faoi seo go luath i mbliana. I mo thuairim féin, ba cheart go mbeadh ról láidir ag an nGaeilge san Eoraip agus go mbeadh deiseanna ag daoine atá líofa sa Ghaeilge.

If this debate was taking place 17 years after the introduction of the strategy and there were lots of things remaining to be done, I could understand the concern. However, we are only in year three of the strategy. Progress is being made but, as acknowledged by the Minister of State, Deputy McGinley, and others, there is more to do.

I know, through my role as a public representative and former councillor of Galway County Council, that there are people in various sections of the local authorities who can converse with the public in Irish. It is important these people are to the fore in that regard. The Department of Public Expenditure and Reform is currently engaged in ensuring that all Government bodies and agencies have in their employ people fluent in the Irish language who can engage with the public. As I said earlier, recruitment is currently under way in the Garda Síochána and the Defence Forces. As set out in the strategy, these bodies are required to promote the Irish language when recruiting. It is the responsibility of the Garda Commissioner and Chief of Staff to ensure adherence with the strategy in that regard.

I recently spoke to a principal of a Gaeltacht school, although not a Gaelscoil, about the progress of the Irish language at that school over the past number of years. He told me that while progress was being made, much was dependent on teachers. He said that a teacher who was a confident native Irish speaker had more chance of instilling the grá for the language in his or her pupils. He also told me that for this reason the board of management of his school had taken the decision to continue the use of English rather than Irish textbooks at the school, which was interesting. He said that without Irish textbook,s Irish could only be taught to a particular level. Under Acht na Gaeltachta, the local authorities are required to get involved with their schools with regard to progressing the Irish language. In this regard, a school might be encouraged to teach particular subjects through Irish using Irish textbooks. As it is difficult to ask parents to purchase Irish and English textbooks for all subjects, where a school makes such decision, would it be possible for a small deontas to be made available to parents? I am sure this is an issue we will come across in the future in respect of other languages. It is an interesting point which had not crossed my mind until I spoke to the principal concerned.

I support the right of people to protest for their rights, including to do their business as Gaeilge. I have no problem with that. Complaints have been made about the lack of Irish-speaking staff in the HSE and other bodies. As I said at the committee on the Irish language last week, while the Minister has a role in this regard, these bodies also have a role to play. I acknowledge the recruitment of Irish-speaking staff is difficult owing to the moratorium. This is the reason for the introduction of the new quota system in the context of recruitment.

Last month, I sent a tweet as Gaeilge, following which I received a response informing me that I had put a fada on the first "a" in damáiste when it should be on the second one. While I sent a reply thanking the person concerned, I wondered if picking people up on such issues discourages people from attempting to use the Irish language. What is important is that people make an attempt at it. People are not being praised for their attempts at speaking the language; rather they are being criticised for their failure to do so perfectly. That puts people off. The Minister of State who is fluent in Irish is very accepting of those of us who are less than perfect at doing so but make an effort. It is important there is the same acceptance across the Gaeltacht. Owing to our education system not everybody is flúirseach sa teanga.

Cúpla bliain ó shin tháinig na páirtithe agus na heagraíochtaí agus an grúpa go léir le chéile chun Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Is rud iontach é mar is annamh go mbíonn comhdhearcadh ag an méid sin daoine sa tír. Bhí tacaíocht ó gach cearn den Teach agus beagnach gach cearn den tír agus den domhan Gaelach. Bhí fuinneamh agus dóchas ann. Bhí daoine ag iarraidh go mbeadh dul chun cinn déanta mar gheall ar an nGaeilge a shábháil ar dtús agus é a chur chun cinn timpeall na tíre. An fáth a raibh an straitéis ann ná go raibh an-chuid taighde déanta ag na saineolaithe. Bhí faitíos orthu go raibh deireadh chun teacht leis an nGaeilge mar theanga phobal sna Gaeltachtaí.

Stop an comhdhearcadh agus an comhoibriú nuair a tháinig an Rialtas seo i gcumhacht. Roimh an toghchán deireanach, bhí Fine Gael ag rá go raibh siad ag smaoineamh ar stop a chur leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach don ardteistiméireacht.

Is dóigh liom gur chruthaigh sé sin an t-atmaisféar don Rialtas a bhí le teacht. Ceapaim go bhfuil an Rialtas seo idir Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre mar cheann de na Rialtais is mó in aghaidh na Gaeilge i stair an Stáit. Is léir os na rudaí atá déanta ag an Rialtas seo go bhfuil Rialtas frith-Ghaeilge againn sa tír seo.

Ba mhaith liom labhairt faoi chúpla cinneadh atá tógtha ag an Rialtas ón am ar ghlac an tAire Stáit an ról seo. Chuir siad deireadh le hionadaíocht dhaonlathach in Údarás na Gaeltachta. Níl dlúthcheangal idir muintir na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta ann a thuilleadh. D'ísligh an Rialtas an méid airgid a bhí ag dul isteach sna heagraíochtaí Gaeilge, sa Ghealtacht féin agus sna meáin Ghaeilge. Cuireadh deireadh leis an nuachtán Gaelscéal. Tá sé mar sprioc sa straitéis 20 bliain go mbeadh "rochtain éasca" ag muintir na Gaeltachta agus na Gaeilge "ar ábhair chlóite i nGaeilge".

Chuir an Rialtas deireadh le scéim labhairt na Gaeilge, a chur airgead ar fáil do theaghlaigh lonnaithe sa Ghaeltacht chun cabhrú leo a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Bhí sé go hiontach gur thug scéim labhairt na Gaeilge figiúirí dúinn gach bliain i dtaobh an méid páistí a bhí á dtógáil le Gaeilge ag teaghlaigh ar fud na tíre. Tá an t-eolas pleanála a bhí ag teacht amach gach bliain imithe anois, áfach. Sheol mé isteach iarratas chun an pacáiste teaghlaigh a chruthaigh an Rialtas in áit scéim labhairt na Gaeilge a fháil. Bhí náire orm nuair a tháinig cúpla dlúthdhiosca agus cúpla leabhar ar ais sa phost. Nuair a chuir mé ceist ar an Aire Stáit faoin ábhar seo ag an am, más buan mo chuimhne dúirt sé go raibh thart ar 200 pacáiste tar éis dul amach go dtí teaghlaigh éagsúla. B'fhéidir go bhfuil ardú tagtha ar an bhfigiúr sin ó shin i leith.

Tá breis agus 2,000 pacáiste imithe amach anois.

Is maith an rud é go bhfuil a leithéid de dhul chun cinn déanta. Ceapaim gur cheart don Rialtas i bhfad níos mó bolscaireachta a dhéanamh sa chomhthéacs seo chun dul i dteagmháil le gach éinne atá ag iompar clainne, ní hamháin sa Ghaeltacht ach sa Ghalltacht freisin. Ba cheart go mbeadh fógraíocht i ngach ospidéal chun tuismitheoirí nua a chur ar an eolas i dtaobh na tacaíochta atá ar fáil. Muna bhfuil an teanga ag dul ó ghlúin go glúin, brisfidh an nasc agus tiocfaidh an Ghaeilge chun deiridh.

Tá praiseach uafásach déanta ag an Rialtas i dtaobh an Státchórais. Cuireadh deireadh leis an mbónas de 6% dóibh siúd a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. Dar leis an iar-Choimisinéir Teanga, tógfaidh sé beagnach 28 bliain chun an méid Státseirbhísigh le Gaeilge a luaitear sa sprioc nua atá leagtha amach ag an Aire Stáit a bhaint amach agus an sprioc sin a chomhlíonadh dá réir. Nuair a chuirim glaoch ar eagraíocht Stáit ar nós Revenue, agus é ar intinn agam an líne Ghaeilge a phiocadh, de ghnáth bíonn rogha na Gaeilge ag an deireadh. Bíonn orm fanacht go dtí an deireadh chun an líne Ghaeilge a fháil agus fiú amháin ansin ní fhaighim an answering machine de ghnáth. Go minic, ní bhíonn an t-eolas atá á lorg agam ag an duine a chuireann glaoch ar ais orm agus ní bhíonn sé nó sí in ann cabhrú liom. Ós rud é go bhfuil sé ródheacair gnó bunúsach a dhéanamh leis an Státchóras trí mheán na Gaeilge, roghnaíonn Gaeilgeoirí an rogha Béarla go hiondúil.

Nuair a dhéanaim iarracht ticéad a cheannach ar an Luas, tá gach rud i mBéarla. Is féidir an Ghaeilge agus cúpla teanga eile a úsáid má tá an rogha sin sofheicthe i gcúinne an scáileáin. Ba cheart go mbeadh an rogha idir an Ghaeilge agus an Béarla a phiocadh amach ar an gcéad scáileáin. Nuair a bhí an córas nua ag teacht i bhfeidhm in earnáil na dtacsaithe, bhí ar Chonradh na Gaeilge iarradh ar an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt comharthaí Gaeilge a chur ar fáil. Ba cheart go mbeadh an Rialtas tar éis a chinntiú go raibh comhartha Gaeilge i ngach tacsaí. Tarlaíonn an rud céanna nuair a thagann gach scéim nua Rialtais amach. Tharla sé i gcásanna ar nós Irish Water, JobBridge agus Gateway. Ní chaitheann baill an Rialtais an caipín Gaeilge nuair a bhíonn siad ag smaoineamh ar na hábhair seo. Mar a dúirt an tiar-Coimisinéir Teanga agus é ag éirí as a phost, is rud imeallach í an Ghaeilge don Rialtas.

Bhí sé náireach nach raibh éinne ón Rialtas i láthair nuair a tháinig an tiar-Choimisinéir Teanga isteach chuig an bhFochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge chun a chuid saineolais, taithí agus cleachtadh a roinnt leis an bhfochoiste. Ní raibh siad fiú sásta éisteacht leis an saineolas sin. Dúirt sé go raibh daoine sa Státchóras ag iarraidh an Ghaeilge a imeallú. Bhí sé an-suimiúil gur thagair sé den mhéid a bhí le rá ag iar-státseirbhíseach sinsearach, Seán Mag Leannáin, ar an ábhar seo. Dar leis an tUasal Mag Leannáin, tá "growing evidence that there is a strategy afoot to do away with what's left of Irish in the public life of the country". Lean sé ar aghaidh:

The civil service establishment ... are almost 100 per cent united in their view of Irish as an irritating thorn in the administration .... far better to ignore it as if it didn’t exist and to starve the Official Languages Act of the resources to implement it. Let the whole thing wither on the vine.

Is í sin an tuairim atá ag duine a bhí an-sinsearach sa Státchóras. Tá an-taithí aige i dtaobh an tslí ina n-oibríonn an Státchóras. Caithfidh mé a rá go bhfuil straitéis frith-Ghaelach, seachas an straitéis 20 bliain, i gceist ag an Rialtas. Tagann cúpla Teachta Dála ó Fhine Gael go dtí cruinnithe na gcoistí a bhaineann leis an nGaeilge uaireanta. Ní bhíonn le rá acu ach "cén fáth go gcaithfimid é seo a dhéanamh?". Is féidir liom sampla a thabhairt. Nuair a chuir an HSE comhartha suas i bhfoirgneamh sa Ghaeltacht i mBéarla amháin, dúramar gur cheart go mbeadh sé dátheangach agus gur chóir go mbeadh aon chomhartha sa Ghaeltacht i dteanga na ndaoine lena mbaineann an tseirbhís. Dúirt Teachta Dála ó Fhine Gael a bhí ag an gcruinniú gur praiseach a bhí ann - gur cheart go bhfaighfidís an tseirbhís amháin agus is cuma faoin teanga.

Ba mhaith liom pointe an-tapa a dhéanamh mar gheall ar chúrsaí oideachais. Tá sé soiléir go bhfuil an córas nua pátrúnachta atá curtha i bhfeidhm ag an Rialtas agus an Roinn Oideachais agus Scileanna ag cur bac ar ghaelscoileanna nua. Tá sé uafásach deacair. Tuigim go bhfuil 300 páiste i gceantar amháin i mBaile Átha Cliath, as 600 páiste go hiomlán sa cheantar, ar an liosta feithimh cé go bhfuil dhá ghaelscoil sa cheantar. Ní féidir le muintir na háite Gaelscoil nua a chruthú. Níl aon tacaíocht ar fáil le haghaidh sruthanna Gaeilge a bhunú i scoileanna lán-Bhéarla. Tá teorainn curtha ar an nGaelscoil san Uaimh, mar shampla, fiú go bhfuil éileamh iontach sa bhaile. Bhí cúpla scoil lán-Bhéarla sa cheantar ag smaoineamh ar sruthanna lán-Ghaeilge a bhunú chun freastal ar na leanaí ón nGaelscoil. Nuair a chuaigh siad go dtí an Roinn, fuair siad amach nach bhfuil aon tacaíocht ar fáil dóibh chun cabhrú leo é sin a dhéanamh. Is léir go gcuirtear bac ar lucht Gaeilge na tíre seo gach uair a dhéanann siad iarracht céim chun tosaigh a thógáil faoi údarás an Rialtais seo.

In the first instance, I wish to notify whomever is due to speak next that I will not use all of the ten minutes available to me. At most, I will use three or four minutes.

I wish to focus on one specific issue relating to the Official Languages Act - and the ten-year review relating thereto - namely, the requirement on the Government to publish policy documents in Irish.

As I understand it, there have been newspaper reports that the draft of the official languages (amendment) Bill includes a provision removing the requirement for the publication in each of the official languages of documents setting out public policy proposals. I have raised the issue previously. According to a national newspaper, the amendment will address one of the main concerns that has arisen with regard to implementation costs associated with the Act.

This is an issue I raised ten years ago in the House when the Official Languages Act was passed. I took the view that the money would have been better used for the Irish language in a different manner. It was perfectly simple. The reason I took this view was that the principal of my secondary school, Fr. Patrick Moran, approached me one day in Dungarvan and made the case to me that it was ridiculous to be printing many of these documents, which no one would read, in Irish when at the same time neither he nor the Department could fund students in his school who wanted to do their leaving certificate examination in Irish. He was informed the stream would not and could not be funded after the second year. He suggested something had gone wrong with the policy when something like that occurred. I believe he had a point and I still do. The previous speaker referred to new Gaelscoileanna. I make the case using the example I have just cited that the money being wasted on printing some of these reports in Irish could have been better used in the past ten years on the Irish language.

The people who contacted my office ten years ago were from the Gaeltacht in Ring. They made the case that the provision was ridiculous and that the money would have been better spent elsewhere within the Irish language area. However, it fell on deaf ears. At the time the then Minister, Deputy Ó Cuív, who was the author of the legislation, was not having any of it. However, I believe people who were involved in the Irish language at the time did not think it was a good use of money.

How much is at issue? It is difficult to know because it involves every local authority, not only the Departments. I got the figures last week and in some cases they have reduced their costs while in others they have gone up in the past year. Astronomical sums of money are not at issue but over ten years it amounts to millions of euro and if we add in the local authorities, then it amounts to a great deal of money given the publishing, advertising and translation costs.

I am pleased to see this is finally being addressed. I know the Minister of State has referred to the matter in various fora. I am surprised it has taken ten years to realise this money could have been better spent within the Irish language. I am surprised it has taken this Government three years to deal with the matter and act on it.

I said publicly ten years ago that we had made a mistake by supporting this provision in the Official Languages Bill, as it was at the time. The person who was the spokesperson for my party at the time is the Minister of State, Deputy McGinley. His comment at the time was that I was speaking in a personal capacity. It is nice to know that I may no longer be speaking in a personal capacity. It is nice to know that some action is finally being taken on this measure. I am unsure whether this money will go back into the Irish language or whether it will simply be a saving for local authorities and Departments. I have not seen the draft, if such a draft exists, but I am pleased this is finally being addressed after ten years. The money would have been better spent within the Irish language rather than publishing reports that no one reads. Simple measures could have been taken to fund new Gaelscoileanna or streams of education in order that people could have done their leaving certificate examination in Irish. I am pleased it is finally being addressed.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Teachtaí. Seo Seachtain na Gaeilge. Rinne duine an phointe nár chóir a bheith ag caint ar chúrsaí Gaeilge lá amháin sa bhliain, gur chóir go mbeadh sé mar ghnáthpháirt de obair na Dála. Ní easaontaím leis sin. Mar a dúirt an tAire, an Teachta Bruton, i rith Ceisteanna na gCeannairí, tá an bheirt againn sa Dáil le tamall fada, breis is 30 bliain, agus tá i bhfad níos mó Gaeilge á labhairt i láthair na huaire ná mar a bhí le blianta fada. Is iontach an rud é go n-úsáideann an Taoiseach, an Tánaiste, ceannaire Fhianna Fáil, ceannaire Shinn Féin agus Teachtaí eile a gcuid Gaeilge rialta go leor sa Teach. Tá sé sin tábhachtach mar tugann sé dea-shampla agus ceannaireacht don phobal. Go minic sílim go bhfuilimid anseo inár n-aonar agus nach bhfuil éinne ag éisteacht. Tá daoine ar fud an domhain agus ar fud na tíre ag éisteacht linn, fiú ag an nóiméad agus úsáid á bhaint acu as an dteicneolaíocht úr.

Rinneadh tagairt don Ghaeilge sna seirbhísí poiblí. Admhaím nach bhfuil gach rud mar ba mhaith linn a bheith. Tá go leor talaimh le déanamh suas ach ar a laghad tá aitheantas ann anois go bhfuil easnamh ann agus go gcaithfimid rud a dhéanamh. Nuair a bheidh earcaíocht ar siúl beimid ag díriú isteach ar aitheantas, mar chéad chéim, a thabhairt don riachtanas an Ghaeilge a bheith sna seirbhísí poiblí.

Nuair a bhí cúrsaí eacnamaíochta faoi lánseol sa tír, agus airgead le caitheamh gan stró, agus nuair a bhí na mílte á tabhairt isteach chuig an tseirbhís poiblí, níor chuimhnigh aon duine gur mhaith an rud go mbeadh céatadán áirithe le Gaeilge a bheith acu. Rinne an Teachta Kyne an pointe sin. Ach anois táimid ag díriú isteach ar leibhéal na hearcaíochta. Chomh maith leis sin tá anailís á dhéanamh i ngach rann, gach comhlacht agus gach rann Stáit cén áit a bhfuil gá le daoine a bhfuil Gaeilge acu le freastal ar an bpobal a éilíonn í. Is í sin céim ar aghaidh.

Tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á plé i láthair na huaire. Tá trí bliana imithe. Tá go leor rudaí ag tarlú gach lá. Tá go leor ag tarlú sna Gaeltachtaí. Tá 26 ceantar aitheanta, 26 de limistéir pleananna teanga, agus tá trí cinn acu sin á n-eagrú agus mé ag labhairt anseo. Beidh tuilleadh á dhéanamh roimh dheireadh na bliana. Ar a laghad is iarracht é sin an taoide atá ag trá le fada i leith na teanga agus na ceantair Ghaeltachta, a chasadh. Tá dúshlán mór ann. Tá mé cinnte go bhfuil taithí ag Teachtaí ar Ghaeltachtaí – rugadh cuid acu sa Ghaeltacht agus tá Gaeltacht mar chuid de na Dáilcheantair. Tá Gaeltacht deas bríomhar i gContae na Mí. Gaeltacht ar leith atá ann mar tugadh daoine ó na Gaeltachtaí eile chuig an áit sin. Tá na daoine ag coinneáil an teanga bheo ansin.

Tá sé aitheanta sa suirbhé teangeolaíochta go bhfuil an brú ann sna Gaeltachtaí agus sin an fáth go bhfuilimid ag cur tús anois leis na limistéir phleanála teanga agus leanfaimid ar aghaidh leo.

Ar ndóigh tá ceantair go leor taobh amuigh den Ghaeltacht agus níor chóir dúinn dearmad a dhéanamh go bhfuil 40,000 duine óg ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge. Beidh na páistí sin ag fás suas agus an Ghaeilge acu.

Tá go leor ag tarlú ach tá go leor rudaí a bhfuil dúshlánach chomh maith. Cuireann sé aoibhneas orm éisteacht leis na daoine a labhair anseo inniu agus meas acu ar an teanga. Ní raibh aon chaitheamh anuas ar an teanga, mar a tharla roimhe seo sa Dáil na blianta ó shin. Tá dea-thoil agus tacaíocht don teanga le feiceáil. Caithfimid an tacaíocht sin a chur ag obair ar mhaithe leis an teanga. Tá sé dúshlánach ach is deas an rud é a bheith ábalta oibriú le chéile. Is minic a bhí mé ag caint ar chúrsaí Ghaeilge agus maidir leis an nGaeilge, mar a tharla maidir le Tuaisceart Éireann, cuirimid aghaidh aontaithe. Aon uair a bhí caismirt faoin Ghaeilge, níl a fhios agam an í an teanga is fearr a thagann amach as.

Gabhaim buíochas arís as a méid a dúradh agus an tacaíocht a léirigh daoine don teanga. Táimid go léir anseo chun ár ndícheall a dhéanamh cibé seal ama atá againn anseo.

Barr
Roinn