Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 11 Mar 2015

Vol. 871 No. 2

Leaders' Questions

Baineann an cheist atá agam don Taoiseach inniu le cúrsaí fostaíochta. Is léir go bhfuil líon na ndaoine atá dífostaithe sa tír faoi láthair ag laghdú. Fáiltímid ar fad roimhe sin. Is léir freisin go bhfuil líon na ndaoine atá fostaithe ag ardú, go háirithe anseo sa chathair seo agus sna contaetha timpeall na cathrach. Nuair atáimid ag éisteacht leis an CSO, foghlaimímid go bhfuil a mhalairt ag tarlú in iarthar na tíre, sna ceantracha timpeall an Teorann agus i gcontaetha ar nós Loch Garman agus Port Láirge, áit ina bhfuil poist fós á gcailliúnt.

In many areas outside the greater Dublin area, the retail sector continues to employ people and support employment in local communities. However, many of those jobs are part-time or otherwise temporary in nature. Dunnes Stores is our largest indigenous retailer with 107 stores nationwide, employing about 5,000 people. Many of those are in part-time, temporary employment. Some 76% of Dunnes Stores' employees are on flexible employment contracts.

In the past 30 minutes, as the Minister for Justice and Equality, Deputy Fitzgerald, completed the passage through this House of the marriage equality legislation, I was struck by the fact that such equality is exceedingly difficult for people working in Dunnes Stores. That is because those working there on zero-hour contracts cannot face into marriage and cannot get a mortgage. Among the many difficulties of operating on a zero-hour contract is that they cannot even enter into a rental agreement.

The workers have engaged with the Labour Relations Commission but Dunnes Stores, as their employer, has refused to engage. What will the Taoiseach, his Government and more particularly the Minister for Jobs, Enterprise and Innovation, Deputy Bruton, do about this most unacceptable situation that primarily affects women?

Tá a fhios go maith ag an Teachta go bhfuil ardú céime ag teacht ar chúrsaí eacnamaíochta na tíre le tamall beag anuas. Ceithre bliana ó shin, ní raibh sé ar ár gcumas poist ar bith a chruthú. Tá cúrsaí eacnamaíochta i bhfad níos láidre anois. Is fíor a rá go bhfuil feabhas mór tagtha ar chúrsaí fostaíochta anseo i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh. Tá Luimneach ag ardú go láidir ag an bpointe seo. Tá Corcaigh agus Port Láirge ag teacht aníos freisin. Is é sin an fáth go bhfuil straitéis réigiúnach leagtha amach ag an Rialtas ó thaobh cúrsaí infheistíochta ó thíortha thar lear. Táimid ag iarraidh cabhair a thabhairt do na comhlachtaí ar fud na tíre atá in ann easpórtáil a dhéanamh. Is é sin an fáth go bhfuil cúrsaí talmhaíochta agus eacnamaíochta á láidriú freisin, ó thaobh na scéimeanna áirithe atá leagtha amach in áiteanna ar fud chuile chontae.

Tá a fhios agam go bhfuil suas le 500 duine ag obair sa chomhlacht a luaigh an Teachta. Ní hé seo an chéad uair go raibh stailc ag teacht, nó curtha ar bun ó thaobh vótaí na n-oibritheoirí, sa chomhlacht sin. Bhí mé ag caint le hoifigigh an cheardchumainn faoin deacracht seo le déanaí. Tá an tAire Stáit, an Teachta Nash, ag déileáil le cúrsaí dlí fostaíochta ó thaobh na n-oibritheoirí nach bhfuil conarthaí seasmhacha acu. Tá sé ag obair ar an ábhar sin faoi láthair. Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil coimisiún curtha ar bun dóibh siúd a bhfuil pá íseal acu. Cuirfear tuarascáil an choimisiún sin faoi bhráid an Rialtais roimh mhí Iúil. Tabharfaidh an Rialtas freagra ar mholtaí an choimisiúin roimh an mbuiséad agus ag am an bhuiséid.

Tá na heagrais Stáit a luaigh an Teachta réidh, agus bhí siad réidh, chun déileáil am ar bith leis an gcomhlacht seo, leis na fostóirí sa chomhlacht agus go deimhin leis na hoibritheoirí sa chomhlacht. Cé go bhfuil na hoibritheoirí tar éis a gcuid vótaí a chaitheamh, tá súil agam go mbeidh siad in ann déileáil go cruinn leis an deacracht atá ann ionas go mbeidh faisnéis shoiléir agus sheasmhach ag na hoibritheoirí atá ag obair don chomhlacht seo. Tá cuid acu ag obair ann le blianta fada anuas. Ba cheart go mbeadh sé indéanta an fhadhb seo a réiteach idir an chomhlacht agus na hoibritheoirí. Muna bhfuil siad in ann é sin a dhéanamh, tá na heagrais Stáit ann chun tuilleadh cabhrach a thabhairt dóibh.

Ní dóigh liom go mbeidh na daoine atá ag obair sa chomhlacht atá luaite againn róshásta leis an bhfreagra a thug an Taoiseach dúinn. The issue for Dunnes Stores workers is not just about pay. It is also about their working conditions and the hours available to them in any given week. It is about being able to build a life for themselves and their families in which they can plan a future. If one does not know from week to week whether one will have five, ten or 25 hours of work, one cannot plan a life, run a household or organise a family.

Does the Taoiseach think it is acceptable, in this day and age, that a company with the reputation and standing that Dunnes Stores undoubtedly has is right in refusing to sit down with Mandate? Does he think that his Government has done enough to date to address this issue, which is critical to the Irish people. The public look to Dunnes Stores as our major national retailer. It is not setting a very good example for other employers in the retail sector if this is how Dunnes Stores is going to behave.

I put it to the Taoiseach that it is not sufficient to pass the buck to the Minister of State, Deputy Nash. The Minister, Deputy Bruton, has a role to play in this matter as well. I call on the Taoiseach to ensure that he engages with the management of Dunnes Stores as a matter of urgency. This zero-hour situation should be rectified so that people do not go on strike on 2 April losing the very small money that they can ill afford to lose.

It is anti-worker.

Tá sé fíor le rá gur chóir go mbeadh faisnéis soiléir ag chuile oibrí atá ag obair leis an gcomhlacht seo. Níl sé sásúil nach bhfuil an t-eolas sin le fáil acu. Níl sé mar chumas ag an Rialtas brú a chur ar chomhlacht ar bith agus ordú dóibh í a chur ar fáil. Aontaím leis an Teachta maidir leis seo. Tá sé seo déanta ag comhlachtaí eile ar nós an ceann a luaigh an Teachta le fada. Tá faisnéis soiléir tugtha acu siúd dá n-oibrithe. Ba chóir go mbeadh an rud céanna le fáil ag na hoibrithe atá ag obair in Dunnes Stores. Níl an Rialtas ag cur brú ar an Aire Stáit, an Teachta Nash. Tá dualgas dlíthiúil agus bunreachtúil aige ón Rialtas agus is faoi chúram an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, an Teachta Bruton, an rud seo chomh maith. Tá an tAire Stáit ag obair go dian maidir le ceist na n-oibrithe nach bhfuil ach pá íseal acu, coimisiún a bhunú agus na conarthaí gearrthéarmacha atá ann faoi láthair. Sin atá i gceist agus sin an dualgas bunreachtúil agus dualgas rialtais atá ann. Tiocfaidh an tAire Stáit chuig an Rialtas nuair a bheidh an tuarscáil ar fáil agus nuair a bheith moltaí le cur os comhair an Rialtais aige.

Tá súil agam nach dtiocfaidh an stailc seo os ár gcomhair. Ba chóir go mbeadh an comhlacht agus na hoibrithe in ann an fhadhb seo a réiteach. Tá sé réitithe ag na comhlachtaí eile. Tá faisnéis soiléir ag na hoibrithe sna comhlachtaí eile, ina measc sonraí ar an méid uaireanta cloig a bheidh orthu obair i ngach seachtain agus mar sin de. Ba chóir go mbeadh an t-eolas sin ar fáil. Tá an Teachta ceart sa mhéad ina bhfuil á rá aige. Ba chóir go mbeadh na mná seo in ann a rá lena gclanna na laethanta agus na huaireanta sa lá a bheidh siad ag obair.

Gabhaim mo leithscéal leis an Taoiseach. Léifidh mé mo cheist mar chaithfidh mé a bheith an-soiléir go dtuigfidh sé an méid a bhfuil á rá agam. Feicim nach bhfuil mórán Teachtaí Dála ag baint úsáide as an tseirbhís ateangaireachta. B'fhéidir nach bhfuil fios ag daoine cad tá á rá agam, pé i nGaeilge nó i mBéarla atáim ag caint ach sin ceist eile.

Tuigimid go léir cad tá i gceist ag an Teachta.

Nuair a tháinig Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre i gcumhacht, gheall siad tabhairt faoin ghéarchéim morgáiste. Mar an gcéanna le gearchéim fiacha an Stáit, theip ar an Rialtas go dona. Dúirt an Banc Ceannais go bhfuil 37,000 duine go dona i bhfiacha agus faoi bhrú ag an dlí anois. I mo dháilcheantair, tá na bainc ag iarraidh 249 teach a bhaint de theaghlaigh. Sin drochscéal. Nuair a foilsíodh na figiúir i mí Mheán Fómhair 2012, ní raibh ach 20,000 duine i gceist. Ní hionann scéal an Rialtais agus na scéalta faoi dhaoine atá ag cailliúint a dtithe agus atá faoi bhrú ag na bainc. Is iad seo na bainc chéanna a thug an Rialtas airgead dóibh. Rinne an Rialtas an praiseach seo. Níor chuidigh an Rialtas leis na daoine agus na teaghlaigh atá ag calliúint a dtithe lena pholasaí. Níl biseach ar an scéal nuair atá daoine ag cailliúint a dtithe gan aon áit le dul acu agus fiacha móra orthu. Ba cheart do chásanna na ndaoine seo atá i dtrioblóid a bheith réitithe. An gcuideoidh an Rialtas leis na daoine seo atá faoi bhrú agus atá imní orthu faoin Acht?

Gabhaim mo bhuíochas leis an Teachta as ucht a cheist. Tá a fhios ag gach duine go raibh cuid mhór teaghlaigh i dtrioblóid le riaráistí morgáiste. De bhua cinntí atá déanta ag an Rialtas, tá níos mó ná 110,000 dóibh réitithe. Tá cinntí agus socruithe déanta atá ag éirí leo. Tá timpeall 37,000 duine ann a bhfuil deacrachtaí acu faoi láthair. Mar a dúirt mé inné agus mé ag freagairt cheist an Teachta Martin, tá athbhreithniú déanta ag an Rialtas ar na seirbhísí atá ar fáil faoi láthair. Is fíor le rá, ó bunaíodh an insolvency agency-----

Níl sé ag obair.

-----go bhfuil i bhfad níos mó socruithe déanta ag na bainc dóibh siúd a bhfuil riaráistí morgáiste agus deacrachtaí eile acu. Tá sé sin déanta. Ag éirí as an athbhreithniú atá á dhéanamh agus a bheidh críochnaithe go luath, beimid in ann cur leis na socruithe a bheidh ag fáil do gach duine chun réiteach a shroichint. Níor theastaigh ón Rialtas go dtógadh teach ar bith ó chlann ar bith. Is é sin an príomh rud. Ba chóir go mbeadh na socruithe a bheidh ar fáil luaite agus faisnéis fúthu curtha os comhair gach duine. Tiocfaimid ar ais go dtí an Teach seo i mí Aibreáin le cuid eile socruithe a theastaíonn ón Rialtas a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí acu. Leis sin, beimid in ann déileáil le cuid eile daoine a bhfuil deacrachtaí acu. Níl mé ag rá go mbeimid in ann socrú a dhéanamh le chuile duine a bhfuil deacrachtaí acu. Tá deacrachtaí uafásacha ag roinnt daoine agus cuid eile acu nach bhfuil baint ag a deacrachtaí lena bainc. Is é atá i gceist ná go mbeadh an méid socruithe is mó dá raibh ann riamh ar fáil do dhaoine a bhfuil deacrachtaí acu. Tá súil againn go dtiocfaidh tairbhe as sin. Beidh seans ag an Teach agus chuile Teachta na moltaí sin a phlé nuair a thabharfaidh an tAire Stáit iad isteach an chéad mhí eile.

Dúirt an Taoiseach go dtiocfaidh an Rialtas isteach go dtí an Teach seo an mhí seo chugainn. Fanfaimid agus cífimid cén saghas scéil a bheidh ann ag an uair sin. D'athraigh an Rialtas an dlí chun go bhféadfadh leis na bainc tithe a thógáil ó theaghlaigh. D'athraigh an Rialtas an dlí chun é a dhéanamh níos éasca do na bainc tithe a bhaint de theaghlaigh. Tá veto ag na bainc. Thug an Rialtas an veto dóibh. Dúirt roinnt daoine nach raibh sé sin ceart, ina measc Sinn Féin. Tá sé an-soiléir go gceapann na bainc gur féidir leo faic a dhéanamh toisc nach bhfuil aon chosaint reachtaíochta ann do theaghlaigh. Banks will do what banks do. Caithfidh an Rialtas an veto a bhaint de na bainc. An mbainfidh an Rialtas an veto de na bainc agus cosaint níos láidre a thabhairt do theaghlaigh nuair a thiocfaidh an Rialtas ar ais go dtí an Teach an mhí seo chugainn?

Ní bhíonn tada le fáil ag na bainc má théann duine i bankruptcy. Tá a fhios ag gach duine é sin. D'athraíomar an dlí agus d'ísligh an Rialtas an méid ama a bhí ag baint leis an gcóras sin ó 12 bliain go trí bliana. Tá Bille nua luaite ag an Teachta Penrose a athródh é seo go bliain amháin. Aontaíonn cuid mhaith de na Teachtaí leis an méid sin. Tá sé sin ráite ag cuid mhaith de na Teachtaí le cúpla seachtain anuas. Chun é sin a chur i gcrích, beidh ar an Rialtas an dlí a athrú. Beidh sé sin á phlé chomh maith le na moltaí a chuirfear os comhair na Dála an mhí seo chugainn. Tá sé tábhachtach nuair a théann cás os comhair na gcúirteanna go mbeadh an cead ag an mbreitheamh - tá sé seo sa dlí faoi láthair - scrúdú a dhéanamh ar na moltaí atá déanta ag an personal insolvency practitioner, PIP, go neamhspleách.

Tarlaíonn an rud céanna leis na hoifigí neamhspleácha atá ann do na heagrais eile, i dtreo agus go mbeidh siad in ann cás a iniúchadh go cruinn agus go neamhspleách sula rachaidh ceann ar bith roimh an chúirt.

Tar éis éisteachta a thabhairt do dhaoine a bhfuil deacracht acu, sílim gur chóir go gcuirfí moltaí eile ar an mbord, agus sin atá i gceist.

An mbeidh aon veto ann?

Níl veto ann má ghlacann duine ag an bpointe seo le bankruptcy. Níl veto ar bith ag an mbanc ansin.

An bhfuil an Taoiseach ag iarraidh go mbeidh na daoine seo ar fad bankrupt?

Tá an tréimhse íslithe anois, ó 12 bliain go dtí trí bliana ag an bpointe seo. Ní mar thimpiste a tharla sé go bhfuil i bhfad níos mó ná 100,000 de na cásanna seo socraithe ag na bainc leis na húinéirí agus is maith an rud é sin, ach tá 37,000 nó 40,000 ann faoi láthair a bhfuil deacrachtaí éagsúla ag baint leo.

Tá a fhios againn cad iad na cásanna atá i gceist ansin. Chun iad siúd a réiteach, caithfimid brú a chur ar na bainc moltaí eile a chur ar an mbord i dtreo agus go mbeidh socruithe ar fáil. Mar adúirt mé, beidh cead ag an Teach díospóireacht a bheith anseo faoi na moltaí sin. Séard atá i gceist ná go mbeidh cead ag gach uile clann an teach atá acu a choimeád. An cheist atá ann ná, conas is féidir sin a dhéanamh.

Ba cheart go mbeadh na bainc cabhrach.

Beidh deis ag na Teachtaí ar fad labhairt amach nuair a chloiseann muid na moltaí an chéad mhí eile.

In December, it was reported that President Higgins raised the issue of human rights violations with the Chinese President during his visit. Last month, the Taoiseach spoke highly of the legacy of the former Deputy First Minister of Northern Ireland, Mr. Séamus Mallon, and Mr. John Hume, and stated that both were outstanding examples of persons who were unafraid to stand up for human rights, equality, dignity and political progress. I want to know whether the Taoiseach will use his visit to the White House next week to raise human rights issues with President Obama.

The Americans started a perpetual war in 2001 and today it is the single biggest source of misery and suffering on the planet. The Obama Administration conducts operations all over the world. In 2014, US special operation forces deployed to 133 countries riding roughshod over international treaties, laws and human rights obligations. The war on terror is responsible for the deaths of over 1 million people and has caused the displacement of millions more. The only winner is the arms industry which helped to put President Obama in power.

Each week Obama personally selects from a kill list who shall be executed on any given day with drone strikes. No evidence is presented, there is no judicial oversight-----

Hold on a second, one cannot make allegations of that sort.

-----and, overwhelmingly, they miss the target. In one case in Yemen, it took seven drone strikes before the US killed its target. In those strikes, as many as 164 persons died, including 11 children. In Pakistan, 221 persons, including 103 children, have been killed in attempts to kill four men, three of whom are still alive - the fourth has died from natural causes.

Not only is President Obama's drone programme one of the most glaring acts of terror being perpetrated on Earth today, it is one of the best recruitment instruments for those who may be willing to take up arms against US forces and its allies.

A question please.

Is the Taoiseach going to shake hands with a man who personally orders the pointless execution of scores of innocent children and say nothing, or will he, like Mr. Mallon and Mr. Hume, stand up for human rights, equality and dignity?

Tá trí pointe ardaithe ag an Teachta ansin, cúrsaí cine daonna, cúrsaí míleata agus polasaí idirnáisiúnta na Stáit Aontaithe.

Cuir ort na cluasáin ateangaireachta. Tá siad os comhair an Teachta ansin.

We have not got any.

I have not got one here. I apologise I cannot speak Irish.

Tá ceann ar fáil sa chéad suíochán eile.

I would appreciate it if the Taoiseach could answer me in English.

(Interruptions).

Nuair a bhí Jim White, go ndéana Dia grásta air, sa Teach seo blianta fada ó shin, bhí sé thall ansin agus bhí mé féin in aice leis. Bhí Aire Stáit ag caint leis as Gaeilge agus dúirt Jim-----

-----gur masla é sin dá chreideamh agus cuireadh isteach an córas ateangaireachta ina dhiaidh sin.

Let Deputy Wallace put on his translation system. This is our national language and this is Lá na Gaeilge, nó sin a deirtear liom.

Is that a deflection? The Taoiseach might answer the question. He would be better off.

Maybe we should be speaking German given that they are running the place now.

Put it on there.

Is this an election attempt or something?

Sorry, please, hold on now.

(Interruptions).

Cas an cnaipe ansin. A Mhichíl, a chara, an féidir leat mé a chloisteáil? An bhfuil an t-aistriúchán ar siúl?

Luaigh an Teachta trí phointe, cúrsaí cine daonna, cúrsaí míleata agus cúrsaí polaitíochta Mheiriceá go hidirnáisiúnta. Can the Deputy hear me? Tá duine éigin ag aistriú ó Ghaeilge go Béarla aon uair a mbíonn Teachta ag labhairt as Gaeilge. Is it switched on?

It will not work.

Say, "One, two, one, two."

(Interruptions).

Maybe the Taoiseach can speak Irish to President Obama.

Deputy Mathews will not have to worry about it anyway.

It is Wallace strikes again. In any event, the Deputy raised three issues - human rights, the American military machine and American politics internationally.

Tá sé ag obair.

More blather. The Taoiseach should answer the question.

An bhfuil sé ag obair anois?

Tá sé mar a lán daoine.

Cur ort na cluasáin arís.

It is not working.

Cas an cnaipe ansin.

The Taoiseach is wasting our time as well.

Níl mé ag cur isteach ar am an Teachta ar chor ar bith. Nach bhfuil an córas ag obair? Cuir ort na cluasáin. An bhfuil na cluasáin ag obair anois a Theachta? Tá.

Tá trí rud luaite ag an Teachta, cúrsaí cine daonna, cúrsaí míleata agus cúrsaí polasaí Mheiriceá go hidirnáisiúnta. Craithfidh mé lámh le hUachtarán Mheiriceá agus táim an-toilteanach é sin a dhéanamh. Tuige nach mbeadh agus na ceangail chríonna idir an tír seo agus Meiriceá le blianta fada anuas ó thaobh comhlachtaí, cúrsaí cultúrtha, cúrsaí stairiúla agus cúrsaí polaitíochta? Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil suas le 150,000 Éireannach ag obair i gcomhlachtaí Meiriceánacha anseo agus suas le 80,000 Meiriceánach ag obair le comhlachtaí Éireannach i Meiriceá féin. Níl an Teachta ag rá liom, an bhfuil, gur trí Mheiriceá atá Boko Haram ag obair, nó an bhfuil sé ag rá gur trí Mheiriceá atá ISIS ag obair agus go bhfuil an locht ar Mheiriceá go bhfuil na mílte duine ag fáil bháis gach seachtain? Nó an bhfuil sé ag rá sin faoi pholaitíocht na Rúise, atá ag cur isteach ar an Chrimé agus ar an Úcráin?

Bíonn gach uile duine ag cur isteach ar Mheiriceá, ach nuair a bhíonn trioblóid ann, bíonn siad ag brath ar Mheiriceá, mar a dheineadar le blianta fada anuas, mar shampla leis an dá chogadh domhanda. Cinnte, labharfaidh mé faoi chúrsaí cine daonna le hUachtarán Mheiriceá. Tuige nach ndéanfainn sin? Bím ag labhairt faoi na cúrsaí sin gach uile uair a bhíonn seans agam casadh leis. Sin atá i gceist.

The Taoiseach cannot hide behind Irish. The issues I have raised are important for everyone who lives on this planet. Matters have got out of control. There is no logic to how the US military machine is operating. They may be giving us jobs here through American business but it does not change the fact that we should have a problem with children being murdered and slaughtered in the interests of promoting the arms industry and controlling resources. We should have an issue with it. We should have some streak of independence and neutrality.

Obama has used the Espionage Act twice as many times as all other US Presidents put together. Whistleblowers and courageous journalists are being hunted down like never before. The US increasingly monitors the lives and communications of private citizens violating their freedom of speech with little or no consequences, yet it blocks transparency in how it operates-----

Can we have a question please?

-----and criminalises those who are brave enough to serve the public interest and expose the abuses of power.

The Taoiseach has said in this House that whistleblowers should be respected and protected. Will he raise this point with President Obama and ask him to show Julian Assange, Chelsea Manning, Edward Snowden and others the respect they deserve rather than treating them as criminals for telling the truth?

I also ask the Taoiseach to raise the drone programme with President Obama. It is terror of the worst kind. People are asleep in their homes and do not know the minute or the hour when a missile launched by a drone could strike their house and kill them. It is madness. Will the Taoiseach raise that issue with President Obama?

Ní dóigh liom go mbeidh am agam chuile rud atá luaite ag an Teachta a phlé leis an Uachtarán ach beidh mé toilteanach cúrsaí cearta daonna a luaigh leis an Uachtarán nuair a chasfaidh mé air Dé Mairt seo chugainn. Ní dúirt an Teachta tada faoi ISIS, nó faoi na Críostaithe a mharaigh ISIS.

It was created by the US.

Ní dúirt sé tada faoi Boko Haram, nó faoi chúrsaí polataíochta na Rúise. Ní hé Meiriceá amháin atá ag éisteacht le cúrsaí cumarsáide.

Is the Taoiseach going to visit Russia?

Maidir le cúrsaí sábháilteachta-----

We would not have an ISIS if the US was not behaving-----

Deputy, please settle down.

(Interruptions).

Ní hé Meiriceá amháin atá ciontach ansin. Tá a fhios ag an Teachta de Bhailís faoi sin ó thaobh chúrsaí staire de. Níor labhair sé ach faoi Mheiriceá amháin. Ní ghlacfainn lena chomhairle faoi chúrsaí Mheiriceá. Ba cheart dó freisin labhairt amach fúthu siúd atá ag cruthú fíorthubaiste atá uafásach ar fad, ní hamháin le daoine fásta ach le gasúir na dtíortha eile atá ag fáil bháis chuile lá agus cur isteach uafásach go deo á dhéanamh orthu. Labhróidh mé leis an Uachtarán faoi chúrsaí cearta daonna go coitianta. Labhraím leis chuile uair a bhíonn seans agam bualadh leis. Cuirfidh mé an scéal chuige ó Éirinn cé chomh láidir is atáimid ag éirí go heacnamaíoch agus na poist atá á gcruthú ní hamháin anseo ach i Meiriceá freisin. Má tá seans agam, luafaidh mé na daoine atá i Meiriceá go mídhleatheach. Tá rud déanta ag an Uachtarán fúthu sin ach níor ghlacadh leis an gcinneadh sin sa pharlaimint fós.

Barr
Roinn