Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 20 Jan 2016

Vol. 903 No. 2

Personal Explanation by Member

Deputy Adams has informed the Chair that he wishes to make a personal explanation and the Chair agrees.

Ba mhaith liom ráiteas pearsanta a dhéanamh faoi Bhuan-Ordú 44 agus gabhaim buíochas leis an Leas-Cheann Comhairle as an seans é seo a dhéanamh.

Rinne mé meancóg níos luaithe inniu le linn mo chuid cainte ar Cheisteanna na gCeannairí. Luaigh mé go raibh an Teachta Joe McHugh i measc na nAirí a bhí sa nuacht le déanaí de bharr comhalta a bheith curtha ar bhord Stáit acu gan dul i gcomhairle leis an tSeirbhís um Cheapacháin Stáit. Ó shin, cuireadh in iúl dom go raibh na tuairiscí sin mícheart agus chuir mé glaoch ghutháin ar an Aire Stáit agus ghlac sé le mo leithscéal. Ba mhaith liom imeachtaí na Dála a leasú dá réir agus aon tagairt don Aire Stáit, an Teachta Joe McHugh, i mo chuid cainte a ghlanadh.

Barr
Roinn