Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 6 Mar 2018

Vol. 966 No. 3

Irish Language: Statements

We move on to ráitis maidir leis an Ghaeilge. Glaoim ar an Aire Stáit, an Teachta Joe McHugh, chun tús a chur lena ráiteas. Tá deich bomaite aige.

Gabhaim buíochas leis an Leas-Cheann Comhairle. Mar Aire Stáit ar a bhfuil freagracht don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin, fáiltím roimh an deis seo labhairt leis an Dáil faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, go háirithe agus muid i lár Seachtain na Gaeilge sa bhliain speisialta seo, Bliain na Gaeilge 2018.

Ar dtús báire, ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin bpróiseas pleanála teanga. Mar is eol don Teach, tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh pleananna teanga á n-ullmhú ag leibhéal an phobail i gceantair a bhféadfaí aitheantas a thabhairt dóibh faoin Acht mar limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, mar bhailte seirbhíse Gaeltachta, nó mar líonraí Gaeilge. Gabhaim m'aitheantas do mo iar-chomhghleacaí, Dinny McGinley, faoi choinne an tiomantais sin. Is fiú a lua go bhfuil allúntas breise de €1.2 milliún ar fáil i mbliana chun cabhrú tuilleadh le cur i bhfeidhm na straitéise agus an chórais pleanála teanga araon. Fágann sé seo go bhfuil cistíocht ar fiú €2.65 milliún in iomlán ar fáil do 2018 lena haghaidh.

Tá an próiseas pleanála teanga tosaithe anois i ngach aon cheann den 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta. Ina theannta sin, tá obair idir lámha chun an próiseas a bhrú ar aghaidh mar a bhaineann sé leis na bailte seirbhíse Gaeltachta agus na líonraí Gaeilge.

Agus muid ag caint ar an nGaeilge agus an Ghaeltacht ní bheadh sé ceart gan aitheantas a thabhairt don ról fíorthábhachtach atá ag Údarás na Gaeltachta. Tá sé ráite agam roimhe seo ach measaim gur fiú é a rá athuair nach bhfuil aon amhras orm ach go bhfuil obair thábhachtach déanta ag an údarás anuas tríd na blianta ar mhaithe le saol teangeolaíoch, eacnamaíochta, cultúrtha agus sóisialta phobal na Gaeltachta a chur chun cinn. Is ábhar sásaimh é gur éirigh leis an údarás 630 post a chruthú in 2017 agus go raibh 155 duine breise fostaithe i gcuideachtaí an údaráis sa Ghaeltacht ag deireadh na bliana 2017 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Bhí 8,109 bpost i gcliantchuideachtaí an údaráis ag deireadh na bliana sin. Tuigim go maith go bhfuil aidhm straitéiseach ag an údarás a bhuiséad caipitil a mhéadú thar thréimhse ama go €12 milliún in aghaidh na bliana agus, mar atá ráite agam roimhe seo, tacaím go hiomlán leis an éileamh seo. Ár ndóigh, tá an-áthas orm dá réir go bhfuil gealltanas tugtha sa phlean forbartha náisiúnta do 2018 go 2027, a foilsíodh le gairid, go méadófar buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta go céimniúil go €12 milliún in aghaidh na bliana. Is féidir liom a dheimhniú go leanfaidh mo Roinn féin agus an t-údarás ag obair as lámha a chéile chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta sa todhchaí.

Ba mhaith liom anois cúpla focal a rá faoin straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus go háirithe faoin bplean gníomhaíochta don tréimhse 2018-2022 faoin straitéis, atá á ullmhú ag mo Roinnse faoi láthair. Mar atá ráite agam go minic roimhe seo, ós rud é go bhfuil freagracht thras-Rannach i gceist maidir le cur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge, ba ghá go leor plé a dhéanamh le Ranna Stáit agus páirtithe leasmhara eile maidir le hullmhú an phlean gGníomhaíochta don tréimhse ó 2018 go dtí 2022 faoin straitéis agus go háirithe chun na spriocanna sonracha agus tráthchlár ina leith a aontú. Cé go n-aithnítear go bhfuil moill ar an sprioc ama a bhí luaite roimhe seo, bhí an gá ann, mar atá ráite cheana agam, a chinntiú go raibh téagar agus tairbhe ag dul le pé bearta a chuirfí sa phlean i ndeireadh thiar thall. Is fearr i bhfad é sin i mo thuairimse beagán ama breise a thógáil chun féachaint chuige go bhfuil fiúntas leis an gclár bearta agus leis an bplean gníomhaíochta don Ghaeilge ó 2018 go dtí 2022 go ginearálta, ar a bhfuil mo Roinnse ag cur bailchríoch air i láthair na huaire agus a ndéanfar a fhoilsiú sna seachtainí amach romhainn.

Cé go bhfuil moill ar fhoilsiú an phlean gníomhaíochta féin ní hionann sin agus a rá nach bhfuil an Rialtas ag obair ar son na Gaeilge idir an dá linn agus nach bhfuil aon rud ag tarlú. Go deimhin tá cláir oibre á gcur i bhfeidhm ag mo Roinn féin agus ag Ranna agus forais ábhartha eile Stáit, chomh maith le raon leathan eagraíochtaí Gaeilge, chun cúram a dhéanamh i gcaitheamh an ama ar fheidhmiú na Straitéise. Mar shampla, tá muid anois i mBliain na Gaeilge 2018, ar thogra de chuid an Rialtais é. Ní fhéadfaí dáiríreacht an Rialtais ar an ábhar seo a cheistiú i bhfianaise an tagairt shonrach atá déanta don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin sa chreatlach náisiúnta pleanála agus sa phlean forbartha náisiúnta 2018-2027 a foilsíodh le gairid. Faoin bplean seo, tá sé fógartha ag an Rialtas go mbeidh €178 milliún in airgead caipitil ar fáil le caitheamh ar thograí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán as seo go ceann deich mbliana. Is é sin €78 milliún in airgead nua anuas ar an suim de níos mó ná €10 milliún atá á chaitheamh ar na nithe céanna in 2018.

San áireamh sa phlean forbartha náisiúnta seo, tá gealltanas go méadófar buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta go €12 milliún in aghaidh na bliana, go gcaithfidh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta €4 milliún ar lárionad Gaeilge i gcathair Bhaile Átha Cliath agus go ndéanfar forbairt ar ghréasán d’ionaid Ghaeilge timpeall na tíre agus sna líonraí Gaeilge agus sna bailte seirbhíse Gaeltachta ach go háirithe. Maidir le maoiniú don Fhoras Teanga, a chuimsíonn Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise araon, is féidir liom a dheimhniú gur tháinig méadú ar an soláthar sin le dhá bhliain anuas. Is soláthar €14.028 milliún atá ar fáil don Fhoras Teanga do 2018, maoiniú de €450,000 do Bhliain na Gaeilge 2018 san áireamh. Mar sin, is léir go bhfuil an Rialtas ag seasamh leis an nGaeilge, ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin a bhaineann léi agus ag déanamh infheistíochta ina todhchaí.

Mar is eol don Teach, tar éis tréimhse fada comhairliúcháin, i mí Meitheamh na bliana seo caite, foilsíodh ceannteidil an Bhille teanga nua. Tá iarracht déanta sna ceannteidil seo dul i ngleic le dhá mhórcheist na scéimeanna teanga agus an earcaíocht sa tseirbhís phoiblí. Mar sin, mar chuid den Bhille nua, tá sé i gceist córas na gcaighdeán a thabhairt isteach in áit na scéimeanna teanga. Má tá an chórais úr seo chun a bheith éifeachtach, beidh orainn díriú isteach ar chúrsaí earcaíochta. Is é ceann de na príomhfhadhbanna a chuireann bac ar sheirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge ná nach bhfuil na daoine leis na scileanna cuí fostaithe sna hoifigí cuí. Má tá muid chun feabhas a chur air seo, caithfidh an Stát líon na bhfostaithe Stáit atá in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge a mhéadú agus a chinntiú go bhfuil Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh Stáit atá ag feidhmiú i gceantair Ghaeltachta. Chuige sin, beidh sé mar chuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge, go mbeidh achan oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh na comhlachtaí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge.

Tá ceannteidil an Bhille seo curtha faoi bhráid Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán chun scrúdú réamhreachtach a dhéanamh orthu. Tá an Bille ar chlár reachtaíochta an Rialtais don seisiún seo.

Díreoidh mé anois ar an Ghaeilge san Aontas Eorpach. Tá sé an-tábhachtach don Rialtas go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre iomlán in institiúidí an AE. Táimid tiomanta deireadh a chur leis an maolú. Tá sé geallta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go dtabharfadh an Rialtas gach tacaíocht agus cúnamh don AE chun an cinneadh maidir leis an Ghaeilge a bheith mar theanga oifigiúil agus oibre san AE a chur i bhfeidhm. Tá roinnt beartais nua curtha ar bun againn i mbliana le cuidiú leis an maolú. I mí na Nollag 2017, d'eagraigh mo Roinn i gcomhar le hardstiúrthóireacht aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh comórtas aistriúcháin le haghaidh meánscoileanna Gaeilge in Éirinn, Thuaidh agus Theas. Mar chuid den chur chuige céanna, tá mo Roinn ag maoiniú seó bóthair de chuid Conradh na Gaeilge, a chuirfidh os cionn 120 ceardlann ar bun le linn na bliana ar bhonn uile-Éireann. Anuraidh, d'fhreastail siad ar 6,000 dalta iar-bhunscoile sna 32 Contae. Anuas ar sin, tugann an seó bóthair cuairt ar os cionn 80 coláiste samhraidh agus d'fhreastail breis is 10,000 dalta ar na ceardlanna anuraidh. Cuireann siad 12 ceardlann ar fáil sna hinstitiúidí tríú leibhéal mar chuid de sheachtain an bhfreisir chomh maith. Tá béim ar leith á chur sna ceardlanna seo ar bhuntáistí na Gaeilge agus fostaíocht á lorg ag na daltaí, le cur síos ar chúrsaí tríú leibhéil agus deiseanna fostaíochta le Gaeilge, na deiseanna san Eoraip ach go háirithe. Táimid ag réiteach scéim nua faoi láthair chun intéirnaithe a chur chuig na hinstitiúidí Eorpacha ar feadh tréimhsí cúig mhí. Tabharfaidh sé seo deis do dhaoine óga blaiseadh a fháil den saol oibre san Eoraip, oiliúint a fháil ó na hinstitiúidí agus cur lena gcuid scileanna chun deis níos fearr a thabhairt dóibh sna comórtais earcaíochta amach anseo.

Creidim go láidir go bhfuil féidearthachtaí móra ann cuidiú le cur chun cinn na Gaeilge tríd an teicneolaíocht. Is cúis sásaimh agus dóchais é an chaoi go bhfuil an Ghaeilge le fáil go forleathan ar na meáin dhigiteacha agus go bhfuil obair cheannródaíoch ar bun san earnáil seo. Ba mhaith liom na hardáin éagsúla ilmheáin atá forbartha ag RTÉ, TG4 agus Raidió na Gaeltachta a lua mar shamplaí. Tá tábhacht ar leith le nuachtáin agus irisí Gaeilge ar nós tuairisc.ie. Tá forbairtí móra déanta agus á ndéanamh ar chorpas na Gaeilge leis an bhfoclóir nua focloir.ie agus an suíomh tearma.ie. Chomh maith leis sin, tá tacaíocht á tabhairt ag mo Roinn d'Acadamh Ríoga na hÉireann chun foclóir stairiúil na Gaeilge a chur i gcrích. Sheol mé corpas stairiúil na Gaeilge anuraidh.

Tá do chuid ama caite. B'fhéidir go mbeidh tú ábalta níos mó a rá faoi na hábhair seo ag deireadh na ráiteas.

Go raibh maith agat.

Tháinig an Chéad Dáil le chéile nach mór 100 bliain ó shin, ar 21 Eanáir 1919. Ar ndóigh, ritheadh imeachtaí an lae sin trí Ghaeilge ar fad, ach amháin gur léadh amach Forógra na Poblachta - forógra an neamhspleáchais - i nGaeilge, i bhFraincis agus i mBéarla. Cé is moite de sin, bhí imeachtaí an lae sin uilig i nGaeilge. Caithfidh mé a rá gur údar díomá é dom, beagnach 100 bliain ina dhiaidh sin, nach bhfuil á thabhairt ag an Dáil seo ach deich nóiméad an duine do na hurlabhraithe agus cúig nóiméad ina dhiaidh sin do dhuine ar bith eile ar mian leis nó léi labhairt ar cheist na Gaeilge. Is dóigh liom go gcaithfidh an Teach seo breathnú ar an gcaoi a bhfuilimid ag caitheamh leis an nGaeilge agus an cheist a chur an bhfuilimid ag tabhairt dea-shampla.

Níl aon cheist faoi ach ó bunaíodh Conradh na Gaeilge go bhfuil obair mhór déanta ar son na Gaeilge agus go minic is dóigh liom nach dtuigeann daoine an chontúirt a bhí ann ag an am go bhfaigheadh an teanga bás. Ag deireadh an 19ú haois, ní raibh ach 1% den phobal nach raibh in ann Béarla a labhairt. Ag an am sin duine ar bith i nglúin amháin a bhí dátheangach, bhí a gcuid gasúir aonteangach sa chéad ghlúin eile. Mar sin, níl aon amhras orm ach gur shábháil Conradh na Gaeilge an teanga, ní hamháin sa Ghaeltacht ach gur chuir siad ar fás í taobh amuigh den Ghaeltacht.

Tógann athrú teanga tamaill fhada, go mórmhór i dtreo mionteanga. Mar sin, in ainneoin na mbotún a rinneadh, agus rinneadh botúin, is féidir linn a rá go ndearnadh gaisce sa Stát i gcaitheamh na mblianta.

É sin ráite, chaithfinn a bheith thar a bheith gearánach faoin laghad atá á ndéanamh i láthair na huaire, in ainneoin an mhéid a bhí le rá ag an Aire Stáit.

Tá caint i gcónaí ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge, amhail is nach raibh ann ach go mbeadh grúpaí deonacha ag plé le pleanáil teanga. Tá i bhfad níos mó ann agus b'fhiú don Rialtas é a léamh arís.

Ba mhaith liom díriú ar roinnt nithe. Ar an gcéad dul síos ó thaobh na meáin chumarsáide, aithneoidh éinne atá ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta ar na saolta seo go bhfuil ciorruithe i ndiaidh ciorruithe á gcur i bhfeidhm. Níl forbairt ar bith á dhéanamh air. Maidir le TG4, nuair a chuirtear an chistíocht atá ar fáil ag TG4 le hais RTÉ, atá ag craoladh i mórtheanga an domhain, feictear go bhfuil sé fágtha ar an ngannchuid. Sa bhliain dheireanach ina raibh mo pháirtí sa Rialtas, thugamar cuid den cheadúnas do TG4 don chéad uair agus ba cheart cur go mór leis sin. Chuir mé coimisiún beag ar bun, daoine óga, agus chuir mé ceist orthu céard a fhéadfaimis a dhéanamh, go simplí, ar son na Gaeilge. Tháinig siad ar fad, dream ón nGaeltacht, agus ar barr an liosta bhí éileamh amháin beag simplí acu. B’shin stáisiún raidió ar nós 2FM le popcheol a bheadh rite go hiomlán trí Ghaeilge. Leis an teicneolaíocht nua atá ann, agus le raidió digiteach, níl aon fhadhb leis sin níos mó. Ní hé nach bhfuil aon tonnta ar fáil - tá siad ar fáil agus ba cheart díriú ar sin láithreach. Is féidir é a dhéanamh trí Raidió Rí-Rá nó trí bhealach nua a thabhairt do Raidió na Gaeltachta agus go mbeadh craoladh as na stiúideonna i gcaitheamh an lae agus i gcaitheamh chuile oíche.

An dara rud nár tugadh faoi ná ceist cumas múinteoirí múineadh trí Ghaeilge. Ba cheart dúinn bheith macánta faoi - bhí an t-am ann nuair a casadh le múinteoir bunscoile agus d’fhéadfadh comhrá a dhéanamh le chuile dhuine acu trí Ghaeilge.

Ní hamhlaidh atá sé anois. Tá daoine ag iarraidh an Ghaeilge a mhúineadh agus níl sí acu féin. Bhí moltaí sonracha le déileáil leis an gceist sin sa straitéis 20 bliain - tréimhsí níos faide sa Ghaeltacht – ach céard atá déanta ag an Rialtas? Táthar tar éis táillí a ghearradh ar na hábhair oidí atá ag dul chun na Gaeltachta, in ionad na dtáillí a íoc agus a rá leis na hábhair oidí tréimhsí fada a chaitheamh ann agus an teanga a thabhairt leo. Chomh maith leis sin, níl aon pholasaí ceart maoiniú againn. Níl aon pholasaí ceart ó thaobh bunú Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí. Ba cheart go mbeadh fáil ag gach saoránach sa Stát ar Ghaelscoil ina gceantar féin. Tuigim go gcaithfear taistil, agus nílim ag rá gur chóir go mbeidís i chuile shráidbhaile sa tír.

Ach ba cheart go mbeadh gréasán Gaelscoileanna ar fud na tíre, agus iad pleanáilte, ní mar chuid den chóras Béarla ach mar chuid de chreatlach agus de ghréasán iomlán oideachais trí Ghaeilge. Tá an t-éileamh ann. Níl aon mhaith a rá go mbeidís ag goid scoláirí ó na scoileanna Béarla - sin rogha na dtuismitheoirí. Níl aon amhras faoi ach go bhfuil éileamh ann do scoileanna Gaelscolaíochta ó go leor leor tuismitheoirí.

Tá go leor brú ar an nGaeltacht. Cloisim go leor daoine ag caint ar an mbrú seo. Tá an brú ann mar nach bhfuil an pobal seasmhach mar a bhí fadó. Fadó, phós daoine daoine as a gceantair féin, nó théidís chun cónaithe leo.

Ar ndóigh, ní mar sin atá an saol i lathair na huaire. Mar sin, tá daoine ag bogadh isteach go dtí an Ghaeltacht an t-am uilig nach bhfuil an teanga acu. Caithfimid admháil go bhfuil sé sin ag dul le tarlú mar is é sin nadúr an tsaoil agus an sochaí ina bhfuil muid ag maireachtáil. Mar sin, caithfimid treisiú go mór ar na tacaíochtaí den teanga taobh istigh den Ghaeltacht, go mórmhór i measc an aosa óig. Níl aon mhaith a bheith ag caitheamh anuas ar an aos óg má labhraíonn siad Béarla eatarthu féin mura bhfuil Gaeilge ag na cairde ar fad atá acu.

Tá go leor rudaí maithe déanta ag muintir na Breataine Bige sa gcomhthéacs sin ach arís caithfimid bheith sásta airgead a infheistiú. Mar shampla, má thagann duine gan Bhreatnais i scoil Bhreatnaise, cuirtear ar chúrsaí sé seachtaine iad sula dtéann siad ar scoil le go dtabharfaidh siad an Bhreatnais leo sula dtiocfaidh siad isteach i scoile lán-Bhreatnaise. Ní thugaimid tacaíocht ar bith do na daoine gan Ghaeilge i gcomhthéacs mar sin. Caithimid iad isteach sa scoil agus bímid ag déanamh iontais cén fáth nach bhfuileadar ag labhairt Gaeilge agus cén fáth a bhfuil chuile dhuine ag tiontú ar an mBéarla.

Maidir leis an gcreatlach pleanála, tá tagairt don Ghaeilge ann ach níl aon mholtaí maidir leis an nGaeltacht ná leis an nGaeilge ann. Mar shampla, níl tada maidir le pleanáil fhisiciúil sna cheantair Ghaeltachta. Níl tada maidir leis an gcaoi an teanga a chosaint, mar shampla, i gcomhthéacs Chonamara - an Ghaeltacht is láidre sa tír - ó ilfhorbairt na Gaillimhe atá molta. Níl focal faoi. Ó thaobh cúrsaí pleanála de, níl aon fhocal ach oiread faoin gcaoi a bhfuil an Rialtas ag tógáil na greásáin Ghaeltachta sna bailte móra ar fud na tíre.

Maidir le hinfheistíocht sa bplean náisiúnta, tá an Rialtas ag déanamh gaisce as €178 milliún thar deich mbliana. Sin meánchaiteachas de €17 milliún in aghaidh na bliana am éigin amach anseo. Tá €10 milliún i gceist ó thaobh caiteachas capitil i mbliana. Tá an caiteachas céanna ag an Stát i mbliana ó thaobh caiteachas vótáilte agus a bhí ann sa mbliain 2008. An bhliain sin caitheadh €71 milliún ar chúrsaí caipitil a bhain leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht.

Ar deireadh, fáiltím roimh rud amháin sa phlean náisiúnta agus is é sin go bhfuil sé i gceist lárionad Gaeilge a thógáil i mBaile Átha Cliath. Tá dhá rud le rá agam go sciobtha faoi sin. Is é an chéad rud ná gur cheart an t-athchóiriú atá molta don fhoirgneamh ar Shráid Fhearchair a dhéanamh. Is foirgneamh stairiúil é. Bhain sin le banc Shinn Féin i rith thréimhse Chogadh na Saoirse. Ina dhiaidh sin bhronn an Stát ar an gconradh é sa bhliain 1966. Ba cheart lárionad Gaeilge a bhunú ansin. Ach ba cheart go mbeadh lárionad eile ar an taobh ó thuaidh den Life. Bheadh súil agamsa go mbeadh sé sin ar shuíomh Shráid Uí Mhórdha. Cén áit ní b'oiriúnaí le haghaidh ionad den chineál sin ná láthair Shráid Uí Mhórdha, áit a bhfuil an oiread ceangal leis an oiread Gaeilgeoirí leis - Ó Raghallaigh, an Piarsach agus araile? Bheadh sé go maith dá gcuirfí tús leis sin i mbliana - i mBliain na Gaeilge.

Caithfimid ar dtús gearán a dhéanamh mar gheall ar an am ina bhfuil na ráitis seo ag dul ar siúl. Tá siad ar siúl ag díreach an t-am céanna le cruinniú den Chomhchoiste Gaeilge, Gaeltachta agus na n-Oileán. Ba cheart go mbeinn féin agus go mbeadh an Teachta Ó Cuív ag freastal ar an gcruinniú sin ach ní féidir linn.

Fáiltím roimh Bhliain an Ghaeilge mar creidim go mór i luach agus i dtábhacht ár dteanga náisiúnta. Is mór an trua é nár thug an Rialtas maoiniú sa bhreis leis an bhliain speisialta seo a chomóradh. Tháinig an maoiniú ó bhuiséad Fhoras na Gaeilge agus bhí air airgead a bhaint ó thionscail eile chun é a chaitheamh ar an bhliain seo. Léiríonn sé seo an cur chuige atá ag an Rialtas ó thaobh na Gaeilge de - béalghrá agus cur i gcéill. Bíonn an Rialtas ag maíomh go bhfuil an-chuid á déanamh aige agus ag an am céanna tá sé ag gearradh siar ar sheirbhísí do mhuintir na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge. Cur i gcás an bád farantóireachta a bhfuair muintir Thoraí. Cuireann sé an t-amhrán i gcuimhne dom. Tá báidín an Teachta McHugh diúltaithe ar Thóraí. Nuair a smaoinítear ar an gcuma atá ar an tseanbhád sin agus go bhfuil an tAire Stáit agus an Rialtas ag iarraidh go mbeidh sé ag freastal ar phobal beo Gaeltachta, is siombail eile oiriúnach é don tslí ina mbíonn an Rialtas ag déileáil le riachtanais mhuintir na Gaeltachta.

Is maith an rud é go bhfuil deis againn an Ghaeilge a mholadh agus na tréaniarrachtaí atá á ndéanamh ag an-chuid daoine a mholadh freisin.  Ach ní dóigh liom féin go dtuigeann baill den Rialtas an phráinn atá i gceist mar gheall ar an Ghaeilge agus an Ghaeltacht. Caithfidh mé seo a rá arís agus arís eile; níl tuiscint ag an Rialtas ar chor ar bith mar gheall ar cad ba cheart dó a dhéanamh mar gheall ar an Ghaeilge. Níl an tsuim ag an Rialtas ar chor ar bith mar gheall ar cad ba cheart dó a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Mura bhfuil muid ionraic faoin fhadhb ní bheimis in ann dul i ngleic lei. Tá contúirt ann go gcaithfimis ár gcuid ama ag marú na Gaeilge le platitudes agus le neamhaird istigh anseo.

De réir an daonáirimh, tá titim 11% ar líon na gcainteoirí laethúla sna ceantair Ghaeltachta. Níl ach 502 pháiste idir trí bliana agus ceithre bliana d'aois sa Ghaeltacht a labhraíonn Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais sa lá atá inniu ann. Tá todhchaí na Gaeltachta ag brath ar an mhéid caol sin. Tá sé dochreidte. Tá tromlach na réamhscoileanna sna ceantair Ghaeltachta ag feidhmiú trí Bhéarla agus déanfaidh sé seo an-chuid dochair do chur i bhfeidhm an pholasaí don oideachas Gaeltachta.

Bhí titim 70% ar mhaoiniú caipitil d'Údarás na Gaeltachta ó 2007 agus bhí dada nua sa bhuiséad is déanaí.  Bhí ardú 66% ar mhaoiniú caipitil an IDA agus ardú 42% ar mhaoiniú caipitil Fhiontar Éireann sa tréimhse chéanna. Taispeánann sé sin an dá shlí ina ndéileáileann an Rialtas leis an Ghaeltacht agus an Ghalltacht. Mar a luaigh an Teachta Ó Cuív an tseachtain seo caite, tá maoiniú caipitil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht tite ó €71 milliún in 2008 go dtí €10 milliún i mbliana. Ba é an Teachta Ó Cuív an tAire ar a raibh freagracht as an Ghaeltacht ag tús na gciorruithe déine sin.

Cad is féidir a dhéanamh chun an Ghaeltacht a threisiú agus an Ghaeilge a chur chun cinn? Is gá cur chuige tríchosach a thógáil. Is iad an Ghaeltacht, an córas Gaeloideachais ina iomlán, agus an Státchóras na trí rud is tábhachtaí. Faoi láthair táimid ag feidhmiú gan stiúradh gan treoir agus ag fanacht go deireadh an tsaoil ar an phlean gníomhíochta don straitéis 20 bliain; plean ina mbeidh spriocanna sonracha agus amscálaí. Is gá scéim aitheantais do naíonraí sa Ghaeltacht a thabhairt isteach. Faoi láthair níl ach 44% de naíonraí sna ceantair Ghaeltachta ag feidhmiú trí Ghaeilge agus déanfaidh sé seo an-chuid damáiste don Ghaeilge. Is gá go dtabharfar ar ais próiseas daonlathach chun ionadaíocht a dhéanamh ar an bpobal ar bhord Údaráis na Gaeltachta. Is gá go dtabharfaí maoiniú mar is gá don údarás. Tá sé geallta anois ag an Rialtas go méadóidh sé an méid airgid caipitil ach cathain go díreach a dtarlóidh sé seo? An dtarlóidh sé an bhliain seo chugainn, nó i gceann deich mbliana?

Is gá go mbeadh an Roinn in ann obair in éineacht leis an Roinn Oideachais agus Scileanna. Dúirt an tAire Stáit an tseachtain seo caite go raibh an Roinn Oideachais agus Scileanna ag déanamh an-chuid oibre ar son na Gaeilge. Níl plean ar bith ag an Roinn sin mar gheall ar an Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. D'admhaigh an Roinn é sin domsa cúpla seachtain ó shin i bhfreagra ar cheist pharlaiminte.

Níl ach 5% de na páistí sa tír seo ag freastal ar Ghaelscoileanna in ainneoin go bhfuil 23% de thuismitheoirí ag iarraidh a bpáistí a chur ar scoil i nGaelscoil.

Ba cheart go mbeadh cultúrlann bunaithe i mBaile Átha Cliath. Tá cultúrlann i mBéal Feirste, i nDoire agus san Iúr ach níl ceann anseo.

Ba mhaith liom i bhfad níos mó ama chun i bhfad níos mó fíricí a chur os comhair an Aire Stáit ach stopfaidh mé ansin.

Tá mé lánsásta labhairt faoin topaic seo inniu. D'fhás mé suas i dteach ina raibh meas ar an teanga Gaeilge, cé nár fhás mé suas sa Ghaeltacht nó aon rud mar sin. Ceapaim go bhfuil meas ar an nGaeilge fíorthábhachtach, áfach, agus ní dóigh liom go bhfuil go leor measa ann sa chóras oideachais faoi láthair. Má táimid i ndáiríre faoin teanga, ár dteanga dúchais, caithfimid gach uile iarracht a dhéanamh chun díriú ar an nGaeilge sa chóras oideachais. D'fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Scileanna straitéis litearthachta agus uimhearthachta in 2011 ach níl meas ar an teanga sa straitéis sin. Bhí mé i mo mhúinteoir i mbunscoil nuair a tháinig an straitéis sin isteach. Cuireadh iallaigh ar mhúinteoirí díriú ar an mBéarla agus ar an matamaitic i ngach scoil nach Gaelscoil í. Ciallaíonn sé sin go bhfuil múinteoirí ag caitheamh i bhfad níos mó ama ag múineadh an Bhéarla agus na matamaitice agus tá an Ghaeilge fágtha ar leathaobh agus é sin toisc go bhfuil siad ag déanamh a seacht ndíchill sna scoileanna. Is é sin an córas.

D'fhoilsigh Pádraig Mac Piarais The Murder Machine blianta ó shin agus ceapaim go bhfuil an córas oideachais atá againn faoi láthair cosúil le meaisín dúnmharaithe mar tá sé ag scriosadh na teanga. Níl sé féaráilte ar na páistí nach bhfuil an deis acu an Ghaeilge, an teanga shaibhir seo, a fhoghlaim. Níl na deiseanna atá ann mar an gcéanna leis na deiseanna atá ann an Béarla agus matamaitic a fhoghlaim sna bunscoileanna. Rud déisteanach is ea é sin. Mar a dúirt mé, níl an Ghaeilge curtha ar chomhchéim agus ba chóir go mbeadh athrú maidir leis sin. Tá an Ghaeilge curtha ar leathaobh agus léiríonn an straitéis go bhfuil dearcadh diúltach i leith na Gaeilge ann. Caithfimid ár seacht ndícheall a dhéanamh chun é sin a athrú chomh gasta agus is féidir linn nó déanfaidh sé i bhfad níos mó damáiste do mhúineadh na Gaeilge i mbunscoileanna. Tá an grá don Ghaeilge ann i measc múinteoirí agus daltaí. Mar sin, tabhair an deis shaibhir atá ann dóibh an teanga a fhoghlaim.

Tá athrú dearcadh ag teastáil ón Rialtas maidir leis an gcóras oideachais. Mar a dúirt mé, rud déistineach atá i gceist anseo. Leath-náisiún é náisiún nach bhfuil a theanga dúchais aige. Ba mhaith liom a bheith dearfach faoi seo agus go mbeidh athrú éigin ann chomh luath agus is féidir.

Glaoim ar an Teachta Brendan Howlin. Níl aige ach níos lú ná deich bomaite.

Déanfaidh sé sin an gnó. Guím Seachtain na Gaeilge shona ar an Aire Stáit agus ar an Leas-Cheann Comhairle. Bhí mé ag éisteacht leis an méid a bhí á rá ag an Teachta Ó Cuív agus, i mo thuairimse, tá sé in am smaointeoireacht nua a bheith againn ar an teanga. Aithníonn Páirtí an Lucht Oibre an áit lárnach atá ag teanga na Gaeilge i gcomhthéacs oidhreacht agus stair na hÉireann agus gur áis shaibhir bheo na linne seo í. Fáiltímid roimh an ardú suntasach atá tagtha ar líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge go laethúil. Is rud maith é sin. Ó thaobh oideachais de, áfach, theip go mór orainn mar thír. Theip orainn an Ghaeilge a chur chun cinn. Is féidir pointí a scóráil ó thaobh páirtí polaitiúla de, ach mar thír agus mar Stát theip orainn ó thaobh múineadh na Gaeilge agus foghlaim na Gaeilge ó bhunú an Stáit agus sinn ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn. Ní dóigh liom gur féidir linn ár méaracha a shíneadh i dtreo aon áit eile ar fud an domhain agus tír a aimsiú ina gcaitheann páistí ina scoileanna níos mó ná deich mbliana ag foghlaim teanga ach nach bhfuil ar a gcumas an teanga sin a labhairt go flúirseach agus go líofa ina dhiaidh sin. Caithfimid é sin a admháil. Tá sé dochreidte agus níl a fhios agam an fáth atá leis sin.

Tá a fhios agam go bhfuil an-chuid anailíse déanta ar an gceist seo. Cén fáth nach bhfuil páistí in ann an teanga a úsáid tar éis deich mbliana á foghlaim ar scoil? An easpa spéise atá i gceist? An bhfuil fadhb ann le heaspa suime ag tuismitheoirí? Ní dóigh liom go bhfuil. Tá sé deacair a rá cén fáth go bhfuil sé mar sin ach tá sé mar sin, agus is iar-bhunmhúinteoir mé féin.

Tá smaoineamh ag urlabhraí Pháirtí an Lucht Oibre, an Seanadóir Aodhán Ó Ríordáin, ó thaobh chúrsaí oideachais de. B'fhéidir gur chóir dúinn rud éigin níos réabhlóidí a dhéanamh sna bunscoileanna. B'fhéidir gur chóir dúinn bliain amháin nó dhá bhliain a mhúineadh go huile agus go hiomlán trí Ghaeilge. Ní bheadh an Ghaeilge againn mar ábhar inár scoileanna mar sin ach mar theanga labhartha. Ní féidir an Ghaeilge a mhúineadh mar ábhar agus í a spreagadh mar sin. Caithfimid an Ghaeilge a mhúineadh mar theanga. Sílim, ag an staid seo, go bhfuil orainn bheith réabhlóideach faoi seo. Ar a laghad, bheadh sé ar ár gcumas an Ghaeilge a labhairt níos fearr má dhéanfaimid an méid sin.

Seasann Páirtí an Lucht Oibre do chosaint agus d’fhorbairt na Gaeltachta. Cinnteoimid go leanfar leis an infheistiú i bhfostaíocht trí Údarás na Gaeltachta i réimsí cosúil leis an turasóireacht, tograí a bhaineann le bia ceardaithe agus turasóireacht chultúrtha i gcomhthéacs fhorbairt Shlí an Atlantaigh Fhiáin, fhorbairt na mbealaí glasa agus fhorbairt Shean-Oirthear na hÉireann. Spreagfar iad siúd a bhfuil cónaí orthu sna ceantair sin an Ghaeilge a fhoghlaim agus í a úsáid.

Tá sé ráite cheana féin ag an Teachta Ó Cuív ach, maidir le seirbhísi poiblí, tuigimid go bhfuil sé rí-tábhachtach go gcuirfí gach aon seirbhís Stáit ar fáil i nGaeilge agus oibreoimid chun an aidhm sin a chomhlíonadh. Is aidhm é atá ag gach páirtí sa Teach seo.

I welcome the opportunity to speak here on the Irish language. It is a shame the debate around the state of our national language happens every year during Seachtain na Gaeilge in an almost tokenistic way. Ár dteanga dúchais should not be discussed just for a couple of hours on an annual basis. We should make a more conscious effort to discuss the future of the language throughout the year. In order for our language to survive and, more importantly to thrive, we need to be realistic about its uses and the way in which it is taught in schools. We need only to look at how videos from Coláiste Lurgan go viral every summer when they translate the biggest current hit of the summer into Gaeilge. There is a hunger out there for new ways to use our language, to learn our language and to embrace our language if we could only tap into it properly. The problem is that we have singularly failed to do this, to date. I hope we will take the opportunity to devise a strategy and not simply pay lip service on an annual basis so that athbheochan na Gaeilge is not some vague aspiration like draining the Shannon, but is a realistic objective to be achieved in our lifetime.

Cuireadh an díospóireacht ar athló
Debate adjourned.
Barr
Roinn