Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 29 May 2018

Vol. 969 No. 7

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2018: First Stage

Tairgim:

Go gceadófar go dtabharfar isteach Bille dá ngairtear Acht do dhéanamh socrú maidir le toghcháin dhaonlathacha chun Údarás na Gaeltachta agus maidir le nithe gaolmhara.

In 2007 foilsíodh staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Sa staidéar sin dúradh nach raibh ach idir 15 agus 20 bliain fágtha ag an Gaeilge mar theanga bheo sa Ghaeltacht. Dúirt an Rialtas ag an am go ndéanfadh sé a seacht n-iarracht agus a dhícheall le gníomh práinneach ar leith a dhéanamh ach níor tharla a leithéid. Tá titim 11% tar éis teacht ar líon na ndaoine sa Ghaeltacht a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil. An ábhar iontais é sin i ndáiríre? Tá an Rialtas ag tiompú ar an nGaeilge sa Ghaeltacht ag an bomaite. Tá sé ag déanamh neamhaird iomlán mar gheall ar an nGaeltacht agus na tacaíochtaí ba cheart iad a chur isteach sa Ghaeltacht. Níl ag éirí leis an straitéis 20 bliain agus níl an Rialtas ag tacú léi.

Ó bunaíodh an coiste comhairleach in 2014 bhuail sé le chéile cúig huaire. Cuir mé an cheist ar an Aire Stáit, Teachta Joe McHugh, cé mhéad uair a bhuail sé le chéile i mbliana? Dúirt sé liom nár bhuail sé le chéile ar chor ar bith. Tá sé sin dochreidte. Anuas air sin, léiríodh le déanaí nach raibh caite ar phleanáil teanga na Gaeltachta ach €654,000 as an €5.9 milliún a cuireadh ar fáil le haghaidh pleanáil teanga ó 2004. Tá an figiúr sin dochreidte. Táispeánann sé an drochmheas iomlán atá ag an Rialtas seo ar an nGaeltacht agus ar mhuintir na Gaeltachta.

Ba mhian liom an Bille seo an thionscnú ionas go mbeadh deis ag an bpobal baill bhord Údarás na Gaeltachta a thoghadh. Cuireadh deireadh leis na toghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta in 2012. Ba bhuille uafásach é nuair a rinne an Rialtas é sin. Rinne muidne ar an dtaobh seo i Sinn Féin ár n-argóintí i gcoinne an chinnidh sin ag an am ach bhí Fine Gael tiomanta Bille na Gaeltachta a bhrú ar aghaidh tríd an Teach seo in ainneoin go raibh gach páirtí eile ar an taobh eile den argóint. Agus mé ar camchuairt thar timpeall na Gaeltachtaí i mbliana agus an bhliain seo caite, dúirt gach uile duine domsa go bhfuil bearna mór ag fás idir muintir na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta. Níl an méid cainte nó an méid teagmhála anois idir muintir na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta ná mar a bhí. An fhadhb atá ann ná nach bhfuil an t-eolas ag dul suas an dréimire agus nach bhfuil sé ag teacht síos. Nuair a bhí baill tofa, bhí cruinnithe áitiúla sna Gaeltachtaí i gcónaí. Mar sin bhí eolas ag muintir na Gaeltachta faoi cad a bhí ag titim amach san údarás. Níl an t-eolas sin ann níos mó. Tá ceapacháin polaitiúla i gceist ag an Rialtas seo anois. Tá sé dochreidte. Tá an Rialtas anois ag ceapadh daoine mar bhaill d'Údarás na Gaeltachta nach bhfuil in ann labhairt as Gaeilge ar chor ar bith.

Má tá muid ag iarraidh níos mó fianaise ní gá dúinn ach féachaint ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta. Tá méid titime tar éis teacht ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta nár tháinig ar aon bhuiséad eile sa tír. Dúirt mé rud cúpla seachtain ó shin. Ní raibh mé ag iarraidh é seo a rá toisc go bhfuil sé deacair le rá ach níl mé sásta go bhfuil an tAire Stáit, Teachta Joe Mc Hugh, ag déanamh a seacht ndícheall. Níl mé sásta go bhfuil an chumhacht agus an tionchar cuí aige chun seasamh suas don Ghaeilge ná do mhuintir na Gaeltachta. Táim ag iarraidh anois go mbeidh an Rialtas sásta tiompú ar an rud seo agus tacaíocht a thabhairt don Bhille seo. Rud simplí atá i gceist. Nuair a bheadh bord Údarás na Gaeltachta ainmnithe, bheadh muintir na Gaeltachta in ann a cuid vótaí a chur chuig an mbord sin. Ní chosnódh sé go leor airgid. Is féidir an rud seo a reachtáil ar an lá céanna leis na toghcháin aitiúla. Ní chosnódh sé pingin rua níos mó é seo a chur ar siúl ach an rud a tharlódh ná go mbeadh an chumhacht ar ais i lámha mhuintir na Gaeltachta agus bheadh siad in ann todhchaí na Gaeltachta a stiúradh as seo amach.

Tá ceist amháin agam. Tá brón orm cur isteach. An bhfuil an Teachta ag seasamh ar son Shinn Féin nó mar Theachta Neamhspleách?

Níl an cheist sin in ord agus tá a fhios ag an Príomh-Aoire nach bhfuil sé in ord.

(Interruptions).

An bhfuil éinne ag cur i gcoinne an Bille seo?

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Since this is a Private Members' Bill, Second Stage must, under Standing Orders, be taken in Private Members' time.

Tairgim: "Go dtógfar an Bille in am Comhaltaí Príobháideacha."

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.
Barr
Roinn