Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 12 Mar 2019

Vol. 980 No. 7

An Ghaeilge: Ráitis

Tá sé tráthúil go bhfuil an díospóireacht seo sa Dáil tráthnóna i rith Sheachtain na Gaeilge. Beidh deich bomaite ag an Aire Stáit agus deich bomaite ag na páirtithe agus grúpaí éagsúla. Ag an deireadh, beidh cúig bomaite ag an Aire Stáit.

Mar Aire Stáit le freagracht as an nGaeilge, an nGaeltacht agus na hoileáin, cuirim fáilte roimh an deis seo labhairt leis an Teach faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, go háirithe agus muid i lár Sheachtain na Gaeilge na bliana seo.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin straitéis 20 bliain don Ghaeilge, agus go háirithe faoin bplean gníomhaíochta don tréimhse 2018-22 a foilsíodh anuraidh. I mbeagán focal, is ionann an straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus polasaí an Stáit i leith na Gaeilge, agus is ionann an plean gníomhaíochta agus mapa bóthair ina ndéantar rianú cruinn ann faoin mhéid a dhéanfaidh an Stát go ceann cúig bliana don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Leagtar amach sa phlean gníomhaíochta an méid atá beartaithe a dhéanamh sa tréimhse go 2022 chun tuilleadh cúraim a dhéanamh den Ghaeilge agus den Ghaeltacht mar a bhaineann sé leis an naoi réimse gnímh faoi leith atá sa straitéis. Ag croilár an phlean gníomhaíochta, tá na bearta comhaontaithe a leagtar amach ann. Tá breis agus 180 díobh ann, a chuirfear i bhfeidhm i gcomhar le os cionn 60 páirtí leasmhar. Leagtar an bhéim is mó ar an méid a dhéanfar go sonrach ar bhonn comhpháirtíochta thar cúig bliana. Tá tráthchlár ama luaite le gach beart. Ar ndóigh, luaitear chomh maith na páirtithe a bheidh freagrach as na bearta a chur i bhfeidhm.

Cé nach bhfuil an plean ar an saol ach bhí mhí an Mheithimh anuraidh ann, tá dul chun cinn suntasach déanta cheana chun tús a chur lena chur i bhfeidhm. Tá an coiste stiúrtha atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an phlean bunaithe anois. Bhí dhá chruinniú ag an gcoiste cheana féin. Beidh ciste caipitil €15.56 milliún san iomlán ar fáil d'Údarás na Gaeltachta in 2019 le caitheamh ar thograí fostaíochta, i gcomparáid le €5.687 milliún in 2016. Tá €980,000 breise curtha ar fáil don chlár tacaíochtaí pobail agus teanga de chuid mo Roinne do 2019. Fágann sé seo go mbeidh soláthair iomlán de €9.692 milliún ar fáil i mbliana. Tá soláthar breise de €550,000 ar fáil don phleanáil teanga do 2019, rud a fhágann go mbeidh €3.2 milliún in iomlán ar fáil i mbliana. Tá soláthair breise de €700,000 ar fáil faoi scéimeanna tacaíochta Gaeilge mo Roinne i mbliana do réimse eagraíochtaí agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.

Leanann ullmhúchán pleananna teanga ar aghaidh ar fud na Gaeltachta, sna bailte seirbhíse Gaeltachta agus sna líonraí. Baintear úsáid as an gciste suntasach atá ar fáil le maoiniú bliantúil idir €100,000 agus €150,000 a chur ar fáil i ngach limistéir pleanála teanga Gaeltachta chun tacú le cur i bhfeidhm na bpleananna aontaithe. Ag an bpointe seo, den 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta, tá 13 plean ceadaithe cheana féin. Tá súil agam go mbeidh suas le 23 plean in iomlán ceadaithe faoin bpróiseas faoi dheireadh na bliana. Tá naonúr oifigeach pleanála teanga agus beirt oifigeach cúnta pleanála teanga fostaithe ag na ceanneagraíochtaí go dáta. Tá gníomhaíochtaí na bpleananna teanga ábhartha tosaithe dá réir. Chun tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht, tacaítear go lárnach le réimse gníomhaíochtaí éagsúla - na luathbhlianta, an teaghlach, an óige agus na healaíona traidisiúnta.

Chuige sin ceadaíodh maoiniú de €1.26 milliún don tréimhse ó 2018-19 go 2020-21 chun deis a thabhairt do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta a ngníomhaíochtaí a thacaíonn le seirbhísí luathbhlianta sa Ghaeltacht a leathnú; ceadaíodh maoiniú de €1,027,613 don tréimhse trí bliana ó 2018-19 go 2020-21 do Thuismitheoirí na Gaeltachta chun dlús a chur leis an raon tacaíochtaí a chuireann sé ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu é sin a dhéanamh; agus ceadaíodh maoiniú de €325,000 d'Ealaín na Gaeltachta in 2018 chun gníomhaíochtaí traidisiúnta teanga-bhunaithe a chur chun cinn sna healaíona traidisiúnta sa Ghaeltacht.

Ós rud é go bhfuil cuspóirí comónta idir an próiseas pleanála teanga agus an polasaí don oideachas Gaeltachta, tá mo Roinn ag obair as lámh a chéile leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chun tacú le feidhmiú an pholasaí sin. Díol suntais agus dóchais is ea é go deimhin go bhfuil 83% den 161 scoil atá lonnaithe sa Ghaeltacht páirteach sa pholasaí. Chun tuilleadh rannpháirtíocht a spreagadh, d'eagraigh mo Roinn, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus páirtithe leasmhara eile, sraith cruinnithe le gairid a bhí dírithe ar na tacaíochtaí éagsúla atá ar fáil do scoileanna Gaeltachta a chur ar shúile phobal na scoileanna sin nár chláraigh faoin bpolasaí go dtí seo.

Nuair a luaitear an straitéis, an próiseas pleanála teanga agus an chaoi a bhfuil an Roinn ag déanamh cúram dóibh, tá an baol ann go ndéanfar dearmad uaireanta ar an gcistíocht shuntasach atá ar fáil do sheirbhísí, bliain i ndiaidh bliana, mar a bhaineann sé le clár caipitil agus reatha mo Roinn ó thaobh na Gaeltachta de. De thoradh an chúnaimh seo, ar fiú breis agus €9.7 milliún é i mbliana, tá an Roinn ag leanúint ar aghaidh i gcomhar le páirtithe leasmhara eile chun bonneagar na Gaeilge a threisiú tuilleadh. Leis an infheistíocht seo, táimid in ann raon leathan eagraíochtaí Gaeltachta a chumasú chun a gcláir oibre a fheidhmiú chun leasa na Gaeilge agus na Gaeltachta trí chéile. Ní call dom a rá go bhfuil sé seo uile ag tacú le fíorú chuspóirí na straitéise agus an plean gníomhaíochta.

Agus muid ag caint ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht ní bheadh sé ceart gan aitheantas a thabhairt don ról fíorthábhachtach atá ag Údarás na Gaeltachta. Tá sé ráite agam roimhe seo, ach measaim gur fiú é a rá arís nach bhfuil aon amhras orm ach go bhfuil obair thábhachtach déanta ag an údarás anuas tríd na blianta ar mhaithe le saol teangeolaíoch, eacnamaíochta, cultúrtha agus sóisialta phobal na Gaeltachta a chur chun cinn. Is ábhar sásaimh é gur éirigh leis an údarás 589 post a chruthú in 2018 agus go raibh 122 duine breise fostaithe i gcuideachtaí Údaráis sa Ghaeltacht ag deireadh na bliana 2018 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.

Sin ráite, ní féidir a shéanadh gurb é an Breatimeacht ceann de na dúshláin is mó a bheidh le sárú ag comhlachtaí Gaeltachta sna blianta atá romhainn. De ghnáth, is é margadh na Ríochta Aontaithe an chéad chéim easpórtála d'aon chomhlacht a bheadh ag dul i mbun easpórtála den chéad uair. Sa chomhthéacs sin, tá Údarás na Gaeltachta ag comhoibriú le gníomhaireachtaí Stáit eile i ndáil le cur chuige comhordaithe maidir leis an mBreatimeacht. Tá an t-údarás ag obair as lámh a chéile le Fiontraíocht Éireann chun a chinntiú go bhfuil na tacaíochtaí atá ar fáil do chomhlachtaí a thagann faoi scáth na heagraíochta sin ar fáil chomh maith do chliaintchomhlachtaí de chuid an údaráis.

Nuair a chuirtear san áireamh an buiséad caipitil de €9.7 milliún a bheidh á chur ar fáil ag mo Roinn féin, an ciste €3.86 milliún atá curtha ar fáil don údarás faoin gciste um athghiniúint agus forbairt tuaithe, chomh maith leis an gciste faoi leith ar fiú €2 milliún do Pháirc na Mara, Cill Chiaráin atá curtha ar fáil don údarás faoin gciste um fhorbairt fiontraíochta réigiúnaí, fágann sé seo go mbeidh ciste caipitil €15.56 milliún ar fáil don eagraíocht in 2019. Táim cinnte go gcabhróidh an méadú suntasach ar a bhuiséad caipitil leis an údarás tacaíocht a thabhairt do na gnólachtaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht chun cabhrú leo a ngnó a chosaint mar thoradh ar an mBreatimeacht.

Tá sárobair ar bun chun úsáid na teanga a chaomhnú agus a threisiú, agus eagraíochtaí ag obair go dian dícheallach ó Thuaidh, ó Dheas agus go hidirnáisiúnta chun an aidhm seo a bhaint amach. Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge trí scéimeanna éagsúla chun úsáid na Gaeilge a fhorbairt. Tugann tograí ar nós an scéime Gaelbhratach, atá dírithe ar scoileanna, araon le scéimeanna eile atá á gcur i bhfeidhm ag an bhForas tacaíocht d'úsáid na teanga sna meáin, sna hilmheáin agus sna healaíona.

Agus muid ag iarraidh tuiscint a bheith againn ar oidhreacht agus stair na tíre, feictear go bhfuil luach ar leith le heolas a bheith againn ar logainmneacha na tíre. Mar is eol don Teach, tá forbairt leanúnach á déanamh ar an suíomh logainm.ie ag an mBrainse Logainmneacha, ar chuid de mo Roinn é, i gcomhar le Fiontar agus scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus le tacaíocht airgid ón Rialtas, agus suim ar leith á léiriú ag pobal na tíre ar atá curtha ar fáil ar líne go dtí seo.

Tá soláthar breise ar fáil faoi scéimeanna tacaíochta Gaeilge mo Roinne do 2019 do réimse eagraíochtaí agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Fágann sé seo go mbeidh soláthar iomlán de €4.8 milliún ar fáil do 2019. I measc na ngníomhartha den phlean, tá sé i gceist an plean digiteach don Ghaeilge, comhfhiontar de chuid na Roinne, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide, a fhoilsiú go luath. Tugann an plean seo tacaíocht do réimse leathan tionscadal teicneolaíochta ar nós abair.ie, logainm.ie agus dúchas.ie.

Tá réimse eile tionscadal digiteacha agus teicneolaíochta á mhaoiniú faoin scéim seo agus beidh obair leanúnach ag dul ar bun in 2019. San áireamh sa réimse seo tá clár TechSpace, GaelTech, agus Fáilte ar Líne. Tá tacaíocht á tabhairt ag mo Roinn d'Acadamh Ríoga na hÉireann chomh maith chun foclóir stairiúil na Gaeilge a chur i dtoll a chéile.

Táthar ag dréachtú Bille na dteangacha oifigiúla (leasú) faoi láthair. Beidh sé mar ollchuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge agus go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú as Gaeilge agus, ag eascairt as seo, go mbeidh níos mó daoine le Gaeilge ar fáil sna comhlachtaí Stáit.

Ba mhaith liom tiomantas agus dáiríreacht an Rialtais i leith chur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge a threisiú uair amháin eile anseo inniu.

Tá an Teachta Calleary ag roinnt a chuid ama leis an Teachta Aindrias Moynihan.

Gach bliain, ceapaim go bhfuil an tseachtain seo cosúil leis na fógraí a fheictear gach Nollaig faoi cheannach madra. Ní don Nollaig madra ach do gach lá. Níl an Ghaeilge do Sheachtain na Gaeilge amháin, ach do gach seachtain agus gach lá. Ba cheart go nglacaimid níos mó seansanna chun an Ghaeilge a spreagadh agus a úsáid sa Teach seo, ní hamháin sa choicís seo ach le gach duine, gach Teachta agus gach Seanadóir a d'fhoghlaim an Ghaeilge. Bhí seans beag agam óráid an Aire Stáit a léamh. Níl aon dabht ach go bhfuil sé gnóthach ach caithfidh mé an cheist a chur, an bhfuil 20 bliain againn? Tá an straitéis 20 bliain ann ach an bhfuil an 20 bliain sin againn? Tá a fhios agam go bhfuil an tAire Stáit ag déanamh iarrachta airgead breise a fháil do gach gníomhaireacht a fhaigheann maoiniú ón Roinn - an t-údarás, an foras, an conradh, na Gaelscoileanna - ach an bhfuil an t-airgead breise sin agus na hathruithe atá déanta le brath sna ceantair Ghaeltacht ná ag na daoine a úsáideann an Ghaeilge? B'fhéidir nach mbeidh 20 bliain againn. Caithfimid a lán athruithe a dhéanamh. Caithfidh i bhfad níos mó urgency a bheith orainn faoi cad atá ar siúl agus faoin mbagairt i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi láthair.

Bhí cruinniú againn faoi Bhille na dteangacha oifigiúla (leasú) cúpla seachtain ó shin. Tá Seachtain na Gaeilge linn arís agus níl an tAcht sin againn. Tá a fhios agam gurb é an Breatimeacht an leithscéal faoi láthair ach díreach nuair atá na fadbhanna sin réitithe caithfidh an tAire Stáit brú a chur ar a Roinn féin agus ar an Ard-Aighne an Bille sin agus na fadhbanna atá ann a réiteach. Bhí cruinniú suimiúil againn leis an Aire Stáit. Tuigim go bhfuil suim mhór aige i réiteach na bhfadhbanna seo ach caithfidh an Bille a bheith linn roimh an samhradh seo chugainn, seachas roimh an gcéad samhradh eile. Sula mbeimid críochnaithe sa Teach seo le haghaidh an tsamhraidh, ba cheart go mbeidh an Bille sin déanta agus go mbeidh a fhios ag daoine cá seasann siad maidir leis an nGaeilge a úsáid i leith na seirbhísí poiblí go léir.

Maidir le cúrsaí oideachais, bhí announcement mór ag an Rialtas faoi scoileanna neamhspleácha le patrúin nua cúpla seachtain ó shin. Ní raibh ach 5% de na scoileanna sin ina nGaelscoileanna, áfach. Tá sé ráite ag an ESRI go mbeadh suim ag níos mó ná 20% de thuismitheoirí a bpáistí a sheoladh chuig Gaelscoil dá mbeadh Gaelscoil ann.

Bhí rogha ag an Aire Stáit agus bhí seans ag an Rialtas rud éigin a dhéanamh faoin mhéid sin, ach níor tógadh an seans. Tá a fhios agam go mbaineann sé seo le Roinn eile. Mura bhfuil gach Roinn ag obair ar son na Gaeilge agus ar son na Gaeltachta, ní bheidh 20 bliain againn, mar a dúirt mé ag an tús. Creidim go mór go bhfuil gach gné den Rialtas ag obair laistigh de shadhlann. Níl mé ag caint faoi pholaiteoirí ach faoin Rialtas ina iomláine thar na Ranna éagsúla. Ba cheart go mbeadh an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Sláinte ag cuidiú chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a spreagadh i ngach réimse. Caithfimid i bhfad níos mó a dhéanamh chun Gaelscoileanna a spreagadh, go háirithe ag leibhéal na meánscolaíochta, ionas go mbeidh bóthar ar fáil do dhaoine oideachas díreach a fháil trí Ghaeilge agus iad ag déanamh a mbealach ón mbunscoil go dtí an meánscoil agus ar aghaidh go dtí an coláiste tríú leibhéal. Luaigh an tAire Stáit na hollscoileanna, agus tá sé tábhachtach go dtabharfaimid deiseanna do na hollscoileanna cúrsaí Gaeilge a dhéanamh agus cúrsaí eile a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Tá a fhios agam go bhfuil an plean náisiúnta leathanbhanda á chur i bhfeidhm. Táimid i bhfabhar an phlean atá an-tábhachtach do na ceantair Ghaeltachta. Ba cheart go mbainfimid i bhfad níos mó úsáide as Gteic agus na hionaid teicneolaíochta le daoine a mhealladh ar ais go dtí na ceantair Ghaeltachta chun obair sna ceantair sin, b'fhéidir le haghaidh comhlachtaí atá bunaithe nó ag obair anseo i mBaile Átha Cliath. Gan nasc Idirlín leathanbhanda, ní bheidh siad in ann é sin a dhéanamh. Tá sé tábhachtach go leanfaimid ar aghaidh leis an bplean. B'fhéidir gur cheart don Aire Stáit agus do Roinn na Gaeltachta leanúint ina n-aonar, agus gan fanacht le haghaidh scéim mar gheall nach bhfuil scéim ag teacht. Chabhródh sé sin le daoine an rogha a dhéanamh teacht abhaile chun obair sna ceantair Ghaeltachta.

Tá mé an-bhuíoch as an deis seo labhairt ar chúrsaí Gaolainne arís inniu. Táim chun díriú ar cúpla ábhar faoi leith san am atá agam. Níos luaithe inniu, tháinig slua maith déagóirí ó cheithre mheánscoil os comhair cruinniú de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán. Tá sé soiléir ó bheith ag éisteacht leis na tuairimí atá curtha chun cinn i rith na díospóireachta seo go bhfuil an Ghaolainn láidir, go bhfuil suim agus dea-thoil ann don teanga agus go bhfuil glúin nua Gaolainne á chothú agus á chur chun cinn. Tá sé sin le feiceáil againn i ngach ceantar ar fud na tíre, ní hamháin inniu sa choiste. I mo cheantar féin, mar shampla, tá an dara Gaelscoil tar éis oscailt i mbaile Bhaile an Chollaigh. Is baolach nach bhfuil ansin ach eisceacht, áfach. Tá dúshláin ag na Gaelscoileanna.

Is féidir leis an Rialtas cabhrú linn i dtaobh an ábhair faoi leith seo. Nuair a bhíonn duine nó grúpa ag iarraidh Gaelscoil nua a bhunú mar go bhfuil éileamh ann don tseirbhís seo i measc an phobail, ba chóir go mbeadh an Rialtas á éascú. Nuair a théann lucht an fheachtais chuig an Roinn, bíonn orthu a thaispeáint go bhfuil éileamh i measc 50% den phobal chun Gaelscoil nua a oscailt. Caithfear an sprioc sin a bhaint amach nuair atá an Roinn ag déanamh cinnte an scoil lán-Ghaeilge nó scoil lán-Bhéarla a bheidh ann. Tá sé sin an-ard mar sprioc i gcomhair pobal istigh i gceartlár cathair, baile nó aon áit eile. Tá sé deacair a léiriú go bhfuil an méid sin éilimh ann. Tá sé i bhfad difriúil i gcás scoil Educate Together, ETB nó aon eagraíocht eile a bheadh ag déanamh a chuid gnó trí Bhéarla. Nuair atá cúpla scoil den chineál sin san áireamh, tá an sprioc laghdaithe agus ní gá dóibh ach a thaispeáint go bhfuil 30% nó 40% den phobal ag lorg oideachais trí Bhéarla. Tá sprioc an-ard i gcomhair Gaelscoil a chur chun cinn toisc nach bhfuil ach grúpa amháin ag freastal ar mhuintir na Gaolainne. Chabhródh sé go mór linn dá mbeimid in ann a leithéid a phlé leis an Aire Oideachais agus Scileanna thar an chúpla mí atá romhainn.

Tá na dúshláin sa chóras oideachais maidir le soláthar múinteoirí le Gaolainn luaite go mion minic againn. Ba cheart dúinn deiseanna a thabhairt do mhúinteoirí feabhas a chur ar an gcaighdeán Gaolainne atá acu. Ba chóir dúinn aitheantas, b'fhéidir i bhfoirm liúntais nó áiseanna breise, a thabhairt go bhfuil obair bhreise i gceist do mhúinteoirí a dhéanann a gcuid gnó trí Ghaolainn. Is beag an tairbhe a bhí ann nuair a tógadh amach an liúntas a bhíodh ann roimhe seo. Sábháil de €1 milliún nó mar sin a bhí i gceist. Is fiú smaoineamh ar an dea-thoil a múchadh i measc na múinteoirí nuair a rinneadh an cinneadh sin. Tá deis againn an botún sin a cheartú. Iarraim ar an Aire Stáit dul i dtreo an Aire Airgeadais chun an liúntas sin a fháil ar ais ar son na múinteoirí. Ba cheart an liúntas a úsáid chun aitheantas a thabhairt do na múinteoirí. B'fhéidir go mealladh sé cúpla duine breise isteach i ngairm na múinteoireachta. Níos tábhachtaí, léiriú a bheadh ann go n-aithnímid an jab iontach atá ar siúl ag múinteoirí agus iad ag tabhairt an Ghaolainn ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.

Tá dúshlán breise i gceist maidir leis an nGaolainn sa Ghaeltacht. Tá a lán ceantair tuaithe faoi bhrú agus iad ag lorg áiseanna ar nós bóithre agus seirbhísí leathanbhanda. Tá na deacrachtaí céanna sna ceantair Ghaeltachta, ach tá brú breise ar an nGaeltacht. Gach uair a fhágann duine le Gaolainn an Ghaeltacht, sleamhnaíonn an Ghaeltacht sin agus tagann teip níos mó ar an teanga. Mar sin, caithfimid díriú ar an riachtanas breise atá i gceist sa Ghaeltacht. Tá an tAire Stáit ar an eolas maidir leis na deontais bhóithre a bhíodh ann uair amháin. Ba cheart dúinn smaoineamh go bhfuil an-chuid den Ghaeltacht - beagnach an Ghaeltacht ar fad - sa cheantar oráiste i gcomhair an phlean náisiúnta leathanbhanda. B'fhéidir go mbeadh an tAire Stáit in ann rud éigin a dhéanamh mar gheall air sin.

Tá mé tar éis Bille na Gaolainne a tharraingt aníos arís is arís eile. Tá gá leis. Níor cuireadh an reachtaíocht sin ar fáil le linn Bliain na Gaolainne, in ainneoin is go raibh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán tar éis an ábhair seo a scrúdú agus tuairisc a sheoladh ar aghaidh. Tuigim go bhfuil an tAire Stáit, an tArd-Aighne agus na hoifigigh sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta á chíoradh go cúramach. Ceapaim gur seoladh teachtaireacht dhiúltach nuair nár cuireadh an Bille seo ar fáil le linn Bliain na Gaolainne. Tá deis ag an Aire Stáit anois an Bille a bhrostú ar aghaidh. Iarraim air a chinntiú go mbeidh an reachtaíocht seo curtha ar fáil gan a thuilleadh moille.

Is maith an rud é go mbíonn ceist na Gaeilge á plé againn anseo uair sa bhliain, ar a laghad. Bíonn mé ag lorg díospóireachta den chineál seo gach uile bhliain ionas go dtabharfar aitheantas cuí do Sheachtain na Gaeilge. Tá i bhfad níos mó ag tarlú anseo le haghaidh Sheachtain na Gaeilge le cúpla bliain anuas ná mar a bhí nuair a toghadh mé don chéad uair. Is rud maith é sin. In ainneoin sin, níl an oiread sin Gaeilge in úsáid i rith díospóireachtaí na Dála is a bhíodh roimhe seo. Cuirim mé féin san áireamh nuair a deirim nach bhfuilimid ag úsáid na Gaeilge chomh minic agus is cóir dúinn. B'fhéidir go mbeimid in ann díriú isteach ar cén fáth nach bhfuil níos mó Teachtaí agus Seanadóirí ag úsáid na Gaeilge. Is fíor nach mbíonn na meáin chumarsáide ag éisteacht linn nuair atá an Ghaeilge á labhairt againn. Is seanfhadhb í sin. Aon uair a labhraím i nGaeilge, ní fheicim focal ar bith faoi sna meáin, fiú sna meáin Ghaeilge. Nílimid ag úsáid na Gaeilge díreach chun a bheith sna meáin, ach is tubaiste é i gcomhthéacs na srianta ama a bhíonn orainn go mbíonn orainn an Béarla a labhairt chun aird na meáin a tharraingt nó a mhealladh inár dtreo. B'fhéidir go bhfuil sé níos éasca anois, leis na meáin nua atá ar fáil, an méid atá le rá againn a scaipeadh ar bhealaí difriúla. Tá éacht á dhéanamh ós rud é go bhfuilimid in ann teacht ar video clips den mhéid atá ráite againn i bhfad níos tapúla anois.

Is cuimhin liom mar pháiste - fadó fadó ó shin - ag bailiú pinginí i mboscaí do Chonradh na Gaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge. Ní raibh ach seachtain i gceist nuair a thosaigh Seachtain na Gaeilge, ach maireann sé coicís anois. Bhí Bliain na Gaeilge againn anuraidh. Tá dream áirithe sa tír atá gafa le cur chun cinn na Gaeilge. Is í an fhadhb atá againn ná nach bhfuilimid in ann an bá do Ghaeilge atá i measc ghnáthphobail na tíre a chasadh isteach i ngníomhaíocht na teanga.

Ag an staid seo, tá plean ann, rud nach raibh ann cheana. Tá bogadh ar aghaidh ann. Níl mé chun an t-am atá agam a chaitheamh ag déanamh caitheamh anuas ar an bplean. Is í an fhadhb atá agamsa nach bhfuil nó ní fheicim an fuadar atá de dhíth chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a tharrtháil. B'fhéidir go gcruthófaí mícheart mé i gceann deich mbliana nó 15 bliana, agus tá súil agam go mbeidh mé mícheart.

Ó thaobh na Gaelscolaíochta de, níl an dul chun cinn le tamall de bhlianta anuas chomh mór is a d'fhéadfaí a bheith ann. Nuair a bhí an bogadh ag tarlú maidir lena lán scoileanna nua a bheith á dtógáil nó maidir le hathrú pátrúnachta, níor thapaigh an córas Stáit an deis a bhí ann iad sin ar fad a aistriú isteach sa Ghaelscolaíocht. Ní gá féachaint ar an méid a bhí ann mí ó shin nuair a fógraíodh nach raibh ach dhá Ghaelscoil as 13 scoil a bhfuair aitheantas. Is tubaiste é sin amach is amach agus tá na rialacha maidir le Gaelscoil nua a bhunú ag cur bac orthu siúd atá ag iarraidh iad a bhunú.

Dúirt mé go minic gur chóir go mbeadh dualgas ar an Roinn Oideachais agus Scileanna ní hamháin an t-éileamh ar Ghaelscolaíocht a shásamh ach an t-éileamh sin a chruthú chomh maith céanna. Is gá don Roinn stocaireacht a dhéanamh agus cuidiú a thabhairt dá réir. Is athrú iomlán a bheadh ansin ar an meon atá ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go dtí seo. Bheadh dualgas uirthi céad teanga na tíre seo a chur chun cinn, ní hamháin tríd an aitheantas a thabhairt ach chomh maith leis sin cuidiú le tuismitheoirí teacht le chéile agus cuidiú leo siúd nach bhfuil Gaeilge acu a aithint go bhfuil an Ghaelscolaíocht ar chomhchaighdeán nó níos fearr ná sin a bheadh ar fáil dóibh as Béarla.

Ó thaobh na Gaeilge féin, tá brú níos mó ar an teanga, toisc na meáin nua agus an saol a bheith athraithe go suntasach. Nílimid chomh hiargúlta is a bhíomar 20 nó 30 nó fiú 100 bliain ó shin agus is gá dúinn féachaint ar an gcaoi is féidir linn na deiseanna nua atá ann a thapú chun a dhéanamh cinnte de nach mbeidh an Ghaeilge thíos leis, toisc go bhfuil na meáin shóisialta ann agus go bhfuil Béarla i mbarr a réime anois, tráth nach raibh, b'fhéidir, 100 bliain ó shin, nuair a bhí an Fhraincis agus teangacha eile i mbarr a réime. Le 30 nó 40 bliain anuas, tá athrú suntasach tar éis teacht ar sheasamh an Bhéarla. Is í an teanga is mó a bhfuil an dainséar ann maidir le hÉirinn. Conas is féidir linn a dhéanamh cinnte de nach mbeimid thíos leis sin?

Ceist mhór agus ceist atá ag tarlú beagáinín is ea an chaoi is féidir linn tacú le hÚdarás na Gaeltachta agus a dhéanamh cinnte de go bhfuil cosaint ag cosmhuintir na nGaeltachtaí ar na slite beatha atá acu sna ceantair sin, mar is ceantair iargúlta iad, agus go bhfuil an t-infreastruchtúr ann ag an am céanna: na bóithre, an séarachas, an t-uisce agus, fiú, an leathanbhanda, a luadh níos luaithe. Anuas air sin, ba chóir go mbeadh na tionscail ann ionas go mbeadh gnáthdhaoine agus an chosmhuintir ag fanacht sa cheantair toisc go bhfuil na poist ann agus gur féidir leo na poist sin a bheith acu le linn dóibh an Ghaeilge a labhairt agus gan gá dóibh athrú do theanga eile.

Measaim gur gá dúinn aitheantas a thabhairt, nuair atáimid bailithe anseo inniu, do laochra na hathbheochana, dóibh siúd a choimeád an Ghaeilge bheo le breis is 100 bliain, go háirithe mar go rabhamar ag ceiliúradh an Chéad Dáil Éireann ní ba luaithe i mbliana. B'eiseamláir an chaoi ar chaith an Chéad Dáil Éireann leis an nGaeilge. B'fhéidir go raibh siad ag caint faoi Bhreatimeacht chomh maith céanna mar bhí siad ag caint faoina bheith ag labhairt i nGaeilge, i bhFraincis agus i mBéarla. "Sasamach", measaim, a bhí i gceist acu, agus tá sé sin fós i gceist agamsa.

Ní ceart dearmad a dhéanamh ar an jab a rinne na laochra ó shin chun cosaint a dhéanamh ar na bailte agus ar na sráidbhailte beaga: a leithéidí Conradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gaeltaca, Teaghlaigh Ghaelacha, a bhí ann nuair a bhí mé féin óg agus a d'athraigh go dtí Comhluadar, Gael Linn agus na comharchumainn sna Gaeltachtaí. B’fhéidir gurbh é sin rud arbh fhéidir linn féachaint air amach anseo, is é sin an chaoi ar féidir linn aitheantas breise a thabhairt dóibh agus buíochas a ghabháil leo as an obair a rinne siad le 100 bliain nó le breis is 100 bliain i roinnt cásanna.

Tá a lán rudaí gur féidir linn díriú isteach orthu. Is ceann de na rudaí móra ó thaobh an Tuaiscirt de an tAcht Teanga agus an grúpa Dearg le Fearg atá ag coimeád na saincheiste sin chun tosaigh. I ndeireadh thiar thall is ceist cearta teanga agus daonna í. Má smaoiníonn duine ar na hathruithe a tharla le 40 bliain anuas sa tír seo, is toisc feachtasaíocht ar na sráideanna go minic a tharla iad siúd. Is toisc Chumann Cearta Sibhialta na Gaeltachta a tháinig Raidió na Gaeltachta ar an saol ar an gcéad dul síos. Is toisc iad siúd nach raibh sásta ceadúnais teilifíse a íoc a thosaigh an t-éileamh mór a shásaigh an Rialtas i ndeireadh thiar thall le bunú Theilifís na Gaeilge ar dtús agus anois TG4. Tá an rud céanna i gceist sa Tuaisceart. Ní cóir go mbeadh sé sin amhlaidh de bharr go raibh an gealltanas tugtha ag Comhaontú Chill Rìmhinn agus ba chóir go mbeadh an tAcht sin ann. Tuigim an fhadhb faoi láthair toisc go bhfuilimid ag brath ar theacht ar ais an Chomhthionóil. Ní cóir go mbeimis ag brath air sin agus ba chóir go mbeimis in ann bogadh ar aghaidh. Tá an fhadhb sin ag srian ar a lán nithe maidir leis an teanga, ní hamháin sa Tuaisceart ach thíos anseo chomh maith.

Cuirfidh mé críoch leis trí mholadh go mbeimis ag díriú isteach agus ag déanamh cinnte de ní hamháin go mbeadh an brú orainne, ach ar an gcóras Stáit i gcoitinne agus ar chomhlachtaí príobháideacha chomh maith. Ag an am céanna, molaim go mbeimis ag mealladh an phobail an Ghaeilge atá acu a labhairt agus an Ghaeilge nach bhfuil acu a fhoghlaim agus a chur chun cinn.

Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle agus tá áthas ormsa deis labhartha a bheith agam sa díospóireacht seo i rith Sheachtain na Gaeilge, nó coicís na Gaeilge i ndáiríre atá ann. Bhí mé ag éisteacht, mar is gnách dom, leis an méid a bhí á rá ag an Teachta Ó Snodaigh. Dúirt sé nach mbaineann Teachtaí Dála sa Teach seo deis go minic an Ghaeilge a úsáid, agus dúirt sé chomh maith gurbh é an phríomhchúis atá ann an scéal a bheith amhlaidh ná nach bhfuil mórán suime ag na meáin chumarsáide, go háirithe na nuachtáin, as óráidí as Gaeilge a chlúdach. Is dóigh liom go bhfuil an ceart aige. Caithfimid a bheith cinnte nach mbeidh mórán scríofa ar an méid a bheidh le rá againn inniu.

Aithníonn Páirtí an Lucht Oibre an áit lárnach atá ag teanga na Gaeilge i gcomhthéacs oidhreacht agus stair na hÉireann agus gur áis shaibhir bheo na linne seo í. Fáiltímid roimh an ardú suntasach atá tagtha ar líon na ndaoine atá ag labhairt na Gaeilge go laethúil. Tá sé ar chumas mórán daoine sa tír seo an Ghaeilge a úsáid, más mian leo.

Ó thaobh oideachais, áfach, theip orainne, chun an fhírinne a rá, an Ghaeilge a chur chun cinn. Is féidir pointí a scóráil ó thaobh polaitíocht na bpáirtithe de, ach mar thír agus mar Stát, theip orainn maidir le múineadh na Gaeilge agus foghlaim na Gaeilge ó thráth bhunú an Stáit. Tá an fhadhb sin ann. Dúirt mé le linn an phlé ar an ábhar seo an bhliain seo caite gur ait an rud go gcaitheann páistí sna scoileanna anseo níos mó ná deich mbliana ag foghlaim teanga ach níl ar a gcumas, tar éis na deich mbliana sin a chaitheamh i mbun foghlama na Gaeilge, an teanga a labhairt go flúirseach agus go líofa ina dhiaidh sin.

Níl sé mar sin in aon tír eile. Caithfimid é sin a adhmháil. Tá sé dochreidte. Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil an scéal mar sin. Cén fáth nach bhfuil páistí in ann an teanga a úsáid tar éis deich mbliana a chaitheamh ag foghlaim Gaeilge sa scoil? Tá sé deacair a rá cén fáth go bhfuil sé mar sin, ach tá sé mar sin. Tá dualgas orainn an méid sin a admháil agus rud a dhéanamh faoi. Más fíor go bhfuil sé mar aidhm againn an Ghaeilge a athbheochan, caithfimid a bheith macánta faoi staid na Gaeilge sna scoileanna. Seasann Páirtí an Lucht Oibre do chosaint agus d'fhorbairt na Gaeltachta. Spreagfar iad siúd atá ina gcónaí sna ceantair Ghaeltachta an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid sna ceantair sin.

Cúpla seachtain ó shin d'fhoilsigh ár bpáirtí Eorpach, the Party of European Socialists, PES, a fhorógra i nGaeilge, "Conradh Sóisialta Nua don Eoraip". Tá an deis againn an tAontas a athrú agus Eoraip níos cothroime a thógáil sna toghcháin Eorpacha atá le teacht. I bhforógra Pháirtí na Sóisialaithe Eorpacha molaimid "folláine na saoránach a ráthú agus a chinntiú go ndéanfar dul chun cinn sóisialta". Tá sé sin ag teastáil ag muintir na hEorpa i gcoitinne.

I welcome the opportunity, as we do annually, to speak on the Irish language. Others have said it is a shame there is a certain tokenism about the fact that we speak in a specific debate for an hour or two during St. Patrick's week annually. Many, including me, had greater proficiency in Irish years ago than now. In my judgment, this is because of the lack of use. We lose vocabulary and then the confidence to use the language, particularly in technical debates or interviews on technical issues, because we are afraid of making mistakes. This is something we need to address. We need to make a conscious effort to promote the use of Irish. Most of us have a reasonable vocabulary that is sometimes suppressed but we are not confident about stringing together coherent and clear sentences, particularly on technical issues.

We are aware that there is a hunger among all people to use Irish again. There is a hunger to learn it, embrace it and use it properly. To realise this, one need only consider some of the current initiatives, such as the pop-up Gaeltacht. This takes place across the country right now. Hundreds of people try to use the Irish they have and are encouraged to do so without being in any way disparaged for inaccuracies and failures. Giving people confidence to use the Irish vocabulary they have without fear of ridicule or adverse comment is a really important contribution to growing the language, a language that has endured on this island for centuries and that I have no doubt will endure for many centuries to come. We need, however, to go beyond talking annually about the failings of the education system in this regard. I cannot think of any other country where children have such prolonged exposure to a language but come out of the education system without being proficient in it. We need to think again to ensure that, whatever proper analysis we do - there has been a considerable amount - we can give people the capacity to use the Irish language and provide an atmosphere, infrastructure or environment in which all of us can use the Irish we have more frequently and, hopefully over time, with greater fluency. Go raibh maith agat.

Ba mhaith liom "Hear, hear" a rá don Teachta Howlin, rud nach déanaim go minic. Aontaím leis an Teachta mar gheall ar úsáid na Gaeilge. Tá sé deacair domsa freisin. Is é mo náire é sin i spás amháin ach táim ag déanamh mo dhíchill. Tá sé riachtanach go bhfoilseodh an Rialtas Bille na dteangacha oifigiúla (leasú) le linn téarma na Dála seo agus go rachadh sé i ngleic leis na fadhbanna atá os comhair na gceantar Gaeltachta chun cinnteacht agus tacaíocht leanúnach a thabhairt ó thaobh neartú agus forbairt na teanga. Caithfidh go mbeidh 20% d'earcaíocht na Státseirbhíse cumasach ó thaobh na Gaeilge. Caithfidh go mbeidh dualgas ar an Stát gach seirbhís a cuirtear ar fáil sa Ghaeltacht a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge, mar shampla foirmeacha chosaint shóisialta agus aon agallaimh a reachtáltar chomh maith le seirbhísí leighis agus dlí. Tá fadhbh i bhfad níos mó againn i dTuaisceart na tíre ó thaobh Acht na Gaeilge.

Unfortunately, in promoting the Irish language in the North, there are sections of the political elite who have deliberately set out to block its development. I refer specifically to the role of the DUP in blocking the development of the language, which is no threat to anybody and, indeed, has the support of Protestant communities that are endeavouring to learn it and speak it in areas such as west Belfast. It is a clear denial of basic rights. Members of People Before Profit believe it should be the role of the Irish Government and those of us in the House who wish to see the development of Irish to condemn the DUP for blocking a basic civil right. Too often we hear demands to drop the call for an Irish language Act on the basis that it is sectarian or divisive, but if Stormont ever gets back up and running it cannot be on the basis of ditching the rights of Irish language speakers or watering them down.

Tá gá le hAcht teanga ar fud na tíre. Ó thaobh stair Bhéal Feirste agus Tuaisceart na hÉireann, tá muid ag céiliúradh 50 bliain ó bhunaíodh the Shaws Road Gaeltacht. Is as seo a d’fhás agus a d’fhorbair athbheochan na Gaeilge i mBéal Feirste agus ar fud an Tuaiscirt. Caoga bliain ar aghaidh agus tá éacht ollmhór bainte amach ag na ceannródaithe úd. Tá an Ghaeilge forleathan i gcathair Bhéal Feirste le neart bunscoileanna Gaeilge, fás Coláíste Feirste, agus forbairt ar an oideachas meánscoile trí Ghaeilge.

Tá éileamh ollmhór ar an nGaelscolaíocht i gceantair uirbeacha i mBaile Átha Cliath freisin agus is mó duine a theastaigh uathu scoileanna Gaeilge a fháil. Mar shampla, san áit ina bhfuil cónaí orm i mBaile Formaid, is dúshlán mór é do thuithmitheoirí a bpáistí a sheoladh chuig bunscoileanna Gaeilge. Níl ann ach Gaelscoil Inse Chór. De ghnáth bíonn sé lán agus ní bhíonn spás ann. Ar leibhéal meánscoile, níl meánscoil lán-Ghaeilge laistigh de mhórcheantair Bhaile Átha Cliath 10 nó Baile Átha Cliath 20 agus níl an dara rogha ag daoine ach taistil laismuigh dá gceantair féin go ceantair ar nós Leamhcáin nó Chluain Dolcáin. Tá tuismitheoirí agus muintir an phobail i mBaile Átha Cliath 10 i mbun feachtais faoi láthair na huaire chun seanfhoirgneamh De La Salle a úsáid mar ionad scolaíochta nua ina mbeidh Gaelscoil idirchreidmheach agus Gaelscoil.

Léiríonn foirleithne choincheap an pop-up Gaeltacht, ní hamháin in Éirinn ach ar fud an domhain, go bhfuil an-todhchaí i ndán don Ghaeilge, go háirithe don Ghaeilge labhartha. Léiríonn sé an bród agus an spéis atá againn inár dteanga dhúchais nuair a fhaigheann muid deis í a labhairt.

Tá fás as cuimse tar éis teacht ar spéis an phobail i bhfilíocht agus amhránaíocht na Gaeilge. Tá ar an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta tacaíocht breise a thabhairt ó thaobh chur chun cinn agus úsáid na Gaeilge i ndrámaíocht, i gceol, i bhfilíocht agus san bhfocal scríofa.

Thar aon rud eile, tá sé de dhualgas orainn oideachas d’ardchaighdeán a chur ar fáil do pháistí na tíre ó thaobh úsáid agus labhairt na Gaeilge. Tá orainn léiriú dóibh gurb í croílár ár n-oidhreacht agus go bhfuil todhchaí ag an nGaeilge. Ach ní tharlóidh sé seo muna ndéanann muid infheistiú sa teanga chun na háiseanna cuí a chur ar fáil trí Ghaeilge.

Tá an Teachta Maureen O'Sullivan agus an Teachta Catherine Connolly ag roinnt ama.

Is deis iontach í Seachtain na Gaeilge chun solas a chur ar thábhacht ár dteanga dhúchais. Is cuid lárnach í dár stair, dár traidisiún, dár gcultúr, agus dár bhféiniúlacht. Ach, an bhfuilimid ag déanamh ár ndóthain ar son na Gaeilge? An bhfuil gach iarracht á dhéanamh chun í a chosaint, a chaomhnú, a fhás, agus a fhorbairt? Ní dóigh liom é. Tá sé de dhíth agus de dhualgas ar Rialtas na tíre seo gach iarracht a dhéanamh chun tacú lenár dteanga náisiúnta agus leis na ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre, go háirithe ár n-oileáin Ghaeltachta. Tá dúshláin ag na hoileáin nach bhfuil ag áiteanna eile sa Ghaeltacht. Is seoid luachmhar iad na hoileáin Ghaeltachta seo dár gcultúr agus ní mór dúinn níos mó tacaíocht a thabhairt dóibh chun a chinntiú nach mbeadh an todhchaí chéanna i ndán dóibh agus a bhí i ndán don Bhlascaod Mór.

Táim lánchinnte go bhfuil daoine anseo a chaith samhradh éigin ar cheann de na hoileáin seo, nó in áit eile Gaeltachta, ag foghlaim Gaeilge. Tuigfidh na daoine sin cé chomh hiontach atá sé do dhaoine óga. Nach mbeadh sé go hiontach dá mba rud é go mbeadh an deis sin ag gach uile dhéagóir sa tír seo? Samhlaigh an difríocht a dhéanfadh sé do na pobail bheaga seo dá mbeadh breis scoláirí Gaeilge ag teacht chucu gach samhradh. Ní gá ualach airgid a chaitheamh chun é seo a dhéanamh. Ní gá ach a bheith níos cruthaitheach lenár gcuid smaointe. Is léir go bhfuil an suim sin ann. Ní gá dúinn ach féachaint ar an éileamh atá ar Ghaelscoileanna agus ar Ghaelcholáistí timpeall na tíre nó ar an méid pop-up Gaeltachtaí a chímid gach lá.

Fuair ár sinsir bás ar ár son ionas go mbeadh sé de cheart againn ár dteanga dhúchais a labhairt. Ní mór dúinn féin, mar chinnirí na tíre, urraim a thabhairt dár sinsir agus dea-shampla a léiriú don phobal tríd ár ndícheall a dhéanamh an Ghaeilge a chur chun cinn ní hamháin do Sheachtain na Gaeilge, ach do gach uile sheachtain. Mar a deirtear, beatha teanga í a labhairt.

Cinnte, is cúis náire é nach bhfuil Gaeilge á labhairt againn 100 bliain tar éis tosach an Stáit, go háirithe nuair a smaoinímid ar an méid Gaeilge agus suim sa Ghaeilge a bhí ag laochra an ama sin. Bheadh sé uafásach dá mbeadh daoine óga sa tír seo gan eolas agus gan léargas ar shaibhreas na Gaeilge, agus go háirithe ar fhilíocht na Gaeilge.

Fáiltím roimh an deis páirt a ghlacadh sa seisiún seo trí Ghaeilge, ach is mór an trua é go bhfuil gá le seisiún mar seo chun aird a tharraingt ar ár dteanga dúchais. Léiríonn an gá seo go bhfuil dúshlán mór os ár gcomhair chun labhairt na Gaeilge sa tír seo a normalú, in ainneoin gurb é normalú na teanga croílár na straitéise 20 bliain. Mar a dúirt mo chomhghleacaí, beatha teanga í a labhairt. Faraor, tá an Teachta Howlin imithe. Tá neart Gaeilge aige. Ní mór dom an cheist a chur, cén fáth nach bhfuil sé ag baint níos mó úsáide as an saibhreas Gaeilge atá léirithe aige anseo?

Le Breatimeacht i lár an aonaigh, cuireadh Bille na dteangacha oifigiúla (leasú) ar an mhéar fhada. Ní raibh mé ró-shásta leis sin mar Chathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán. Níl an leithscéal sin ag an Rialtas níos mó. Tá an reachtaíocht phráinneach curtha tríd an Dáil aige. Tá sé thar am anois dáta a thabhairt dúinn. Cén uair a bheidh an Bille foilsithe? Táimid ag caint faoi chearta teanga, faoi phobal na Gaeilge agus faoi chearta daonna. Níl aon leithscéal eile. Tá sé ríthábhachtach an Bille sin a fhoilsiú. Tá a fhios againn gurb é easpa daoine le Gaeilge agus cúrsaí earcaíochta cuid mhór den fhadhb. Bhí moltaí laidir ag an gcoiste. Ba mhaith liom an Bille sin a bheith foilsithe.

Tá sé tábhachtach freisin an tAcht Gaeilge sa Tuaisceart a lua. Impím ar an Rialtas tuilleadh a dhéanamh chun dul i bhfeidhm ar Rialtas na Breataine agus ar an DUP maidir leis an gceist seo. Chuaigh mé ar chuairt go dtí Charn Tóchair i nDoire i mí Iúil. Chuaigh mé ar cuairt go Béal Feirste freisin. Chuaigh sé go mór i bhfeidhm orm. Eiseamláir iad na grúpaí agus na dreamanna ar an talamh. Tá obair na gcapall á déanamh acu. Is eiseamláir iad dúinne sa tír seo.

Ní mór dom a rá freisin go dtugann sé ardú meanman dom Gaeilge a chloisteáil i halla na Dála. Tá an fhoireann an-bháúil, go háirithe na maoir, ach ní leor bá ón bhfoireann chun an teanga a chur chun cinn agus í a shábháil. Tá tábhacht faoi leith ag baint le húsáid na Gaeilge san fhoirgneamh seo don chuid eile den tír. Tá freagracht orainn dea-shampla a léiriú do mhuintir na hÉireann. Sa chomhthéacs sin feictear dom go bhfuil géarghá tógáil ar an dea-thoil atá sa Teach agus, mar shampla, ranganna Gaeilge a chur ar fáil don fhoireann uilig, ag amanna atá feiliúnach dóibh agus ar leibhéil éagsúla cuí, mar chuid den lá oibre. Tá sin ag teastáil.

Ó thaobh na Gaeltachta de, tá a fhios againn go bhfuil staid reatha na Gaeilge sna Gaeltachaí uilig thar a bheith leochaileach. Níor tháinig an t-eolas sin aniar aduaidh orainn; tá sé le cloisteáil, le feiceáil agus le léamh le fada an lá. Léiríonn figiúirí an daonáirimh go raibh laghdú suntasach maidir le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht taobh amuigh den chóras oideachais ó 24% in 2011 go 21.4% in 2016. Chomh maith leis sin, agus roimh an daonáireamh sin, léirigh an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a foilsíodh in 2007 agus a nuashonraíodh in 2015, go raibh an Ghaeltacht go mór i mbaol. Tá a fhios agam go bhfuil an t-uafás oibre déanta ag an Aire Stáit ach tá rudaí ag dul in olcas go ginearálta. Tiocfaidh mé ar ais go dtí na pointí dearfacha.

Tá inmharthanacht na nGaeltachtaí fite fuaite le cúrsaí fostaíochta agus eacnamaíochta. Aontaím leis an Aire Stáit go bhfuil Údarás na Gaeltachta thar a bheith tábhachtach. Gan Údarás na Gaeltachta, bheadh an drochscéal i bhfad níos measa. Sa chomhthéacs sin, ba drochscéal amach agus amach an cinneadh a rinne HID Global athlonnú a dhéanamh ó chroílár na Gaeltachta go cathair na Gaillimhe. Tá súil agam go mbeidh sé ag dul siar ar an gcinneadh sin. Is é an rud gur mhaith liom aird a tharraingt air ná an chumacht a bhí ag an IDA agus atá ag an IDA an comhlacht sin a mhealladh ó chroílár na Gaeltachta go Gaillimh. Ba mhaith liom teacht ar ais go dtí an scéal sin am éigin eile, ach léiríonn sé an easpa cothromaíochta atá idir Údarás na Gaeltachta agus an IDA.

Chomh maith leis sin, tá pleananna teanga faofa ag an Aire Stáit agus tá pleanálaithe teanga ceaptha i gcuid mhór de na Gaeltachtaí. Is rud maith é sin ach ní leor an maoiniú atá á chur ar fáil chun na pleananna sin a chur i bhfeidhm. Tá a fhios agam go bhfuil €100,000 in aghaidh na bliana i gceist ach i ndáiríre is pinginí é sin nuair is é an aidhm atá againn ná an teanga phobail a athbheochan agus a chothú. Tá i bhfad níos mó ag teastáil chun an próiseas pleanála teanga a chur i bhfeidhm. Tá an iomarca freagrachta ar an phobal rudaí a dhéanamh go deonach.

Ní féidir linn glacadh leis sin. Taobh amuigh den Ghaeltacht tá cúig líonra Gaeilge aitheanta mar phobal Gaeilge a fheidhmíonn trí ghréasáin shóisialta. Tugann an t-aitheantas seo aitheantas chomh maith don phobal iar-nua-aoiseach atá tagtha chun cinn agus na bealaí a idirghníomhaíonn daoine lena chéile sa lá atá inniu ann. Tá an chéim seo le moladh freisin, agus ní mór a lua go bhfuil an maoiniú cuí ag teastáil chun na líonraí Gaeilge seo a fhorbairt go héifeachtach sa todhchaí.

Ó thaobh cúrsaí oideachais de, ní mór dom a admháil go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta maidir le polasaí oideachais don Ghaeltacht a foilsíodh breis agus dhá bhliain ó shin anois. Tá a fhios agam go bhfuil próiseas leanúnach i bhfeidhm anois ó thaobh aitheantas a bhaint amach mar scoil Ghaeltachta agus feicimid toradh an phróisis sin. Comhthreomhar leis seo tá méadú déanta freisin ó thaobh líon na nGaelscoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht ach tá sé thar a bheith soiléir nach bhfuil an córas pátrúnachta feiliúnach chun freastal ar an éileamh leanúnach ar a thuilleadh Gaelscoileanna nua. Mar shampla, léiríonn suirbhé a rinne an ESRI in 2015 go roghnódh 23% den phobal ó dheas an Ghaelscolaíocht dá gcuid páistí dá mbeadh Gaelscoil in aice leo ach nach bhfuil ach soláthar 5% ann don bhunscolaíocht Ghaeilge faoi láthair. Chomh maith leis sin, cé go bhfuil dhá Ghaelscoil bhreise beartaithe do 2019, is figiúr beag é sin as an mórfhigiúr scoileanna atá le tógáil i mbliana.

Anuas air sin, tá a fhios ag cách gurb é caighdeán Gaeilge na múinteoirí go ginearálta croílár na faidhbe maidir le múineadh na Gaeilge. Tá an fhadhb seo admhaithe go hoscailte ag na hionadaithe éagsúla ón Roinn agus ag na hinstitiúidí oideachais a tháinig agus a thagann os ár gcomhair go rialta go dtí Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán. Arís, cé go bhfuil céimeanna dearfacha tógtha i gcoláistí áirithe, is fadhb mhór le sárú fós í má táimid i ndáiríre faoin nGaeilge.

Ba mhaith liom deireadh a chur le m'óráid le haitheantas a thabhairt do na gníomhairí teanga agus pobail ar fad a théann i mbun feachtasaíochta ar mhaithe le cearta teanga agus daonna a bhaint amach do phobal na Gaeilge, Thuaidh agus Theas, gach lá. Tá an dream Dearg le Fearg, Conradh na Gaeilge agus grúpaí agus eagraíochtaí Gaeilge eile ann le moladh as an tsárobair a dhéanann siad ar mhaithe le Gaeilgeoirí na tíre seo.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom ardmholadh a thabhairt do na tuismitheoirí atá ag tógáil clann le Gaeilge ar fud na tíre seo agus iad ag snámh in aghaidh easa chun an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chothú agus a chur ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile. Níl aon dabht ann go bhfuil éacht ar bun ag na tuismitheoirí seo. Is iad siúd na daoine a chinnteoidh rath na Gaeilge mar theanga phobail sa todhchaí agus tá gach tacaíocht agus buíochas ag dul dóibh.

Mar Ghlasach, táim tiomanta chun ár n-acmhainní nádúrtha a chaomhnú. Meastar gurb í an Ghaeilge ceann de na hacmhainní is tábhachtaí atá againn sa tír seo. Feictear domsa, mar sin, go gcaitheann an Rialtas seo leis an teanga cosúil leis an gcaoi a gcaitheann sé le gach acmhainn nádúrtha eile atá againn: gan polasaí cuí chun í a chur chun cinn, agus ag brath an iomarca ar iarrachtaí pearsanta aonaracha. Is deas an rud é go ndearna an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cúpla focal a léamh dúinn chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh ach is í seo an tAire céanna nach gceapann go bhfuil an Ghaeilge thábhachtach go leor le foghlaim, cé go bhfuil sí freagrach aisti sa Rialtas. Is deas an rud go bhfuil €12 milliún le caitheamh ar cheantair Ghaeltachta faoin bplean 2040, ach tá sé sin an-bheag i gcomparáid le ceantair eile. Beidh €1 billiún le caitheamh ar cheantair thuaithe agus €2 billiún le caitheamh ar cheantair uirbeacha. Tá fáinne fí á chruthú ag an bpolasaí seo. Déantar níos lú infheistíochta sa Ghaeltacht, fágann an t-aos óg an Ghaeltacht ar thóir na ndeiseanna a thugann na cathracha dóibh, agus bíonn leithscéal ag an Rialtas seo níos lú infheistíochta a dhéanamh sa Ghaeltacht arís agus arís eile.

Is deas an rud freisin go bhfuil an Taoiseach sásta an Ghaeilge a fhoghlaim agus í a úsáid a mhinice agus a dhéanann sé é sin. Ní cóir beag beann a dhéanamh as seo. I ndáiríre, tá sé ina dhíol inspioráide go rachadh Taoiseach na tíre seo i mbun foghlama agus labhartha na Gaeilge, ach gan beart de réir briathair ar pholasaí teanga, is cuma cé mhéad pop-up Gaeltachtaí a fhreastalaíonn an Taoiseach orthu.

Feictear domsa go gcaitheann an Rialtas le géarchéim na Gaeltachta agus cruachás na teanga cosúil le géarchéim na haeráide agus cruachás na timpeallachta. Tá go leor rudaí deasa eile gur féidir leo a tvuíteáil agus a roinnt ar líne ach gan aon substaint nó tiomantas ann do chearta bunúsacha teanga agus do chaomhnú na Gaeltachta. Beidh bás an Phiarsaigh ag an teanga má leanann seo ach beidh tvuíteanna deasa ag Fine Gael ar an mbealach ar fad agus bheadh sé sin go deas.

Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle agus leis na Teachtaí uile as ucht na n-óráidí agus na smaointe ar fad atá ráite acu.

Luaigh an Teachta Calleary an fáth atá taobh thiar den obair ar son na Gaeilge agus táimid i mbun athrú mór a dhéanamh faoi láthair leis na próisis phleanála teanga agus leis an bpolasaí don oideachas Gaeltachta. Beimid ag foilsiú Bille nua teanga i mbliana chomh maith agus tá a fhios agam go bhfuil an mhoill leis an mBille sin luaite ag mórán Teachtaí. Aontaím go dteastaíonn sin chomh luath agus is féidir.

Tá cúrsaí aitheantais na nGaelscoileanna luaite ag a lán daoine agus táim sásta an córas atá ann faoi láthair a phlé leis an Aire Oideachais agus Scileanna, an Teachta McHugh. D'ardaigh an Teachta Aindrias Ó Muíneacháin an tsaincheist seo chomh maith. D'ardaigh na Teachtaí an córas leathanbhanda agus tá infheistíocht shuntasach á déanamh ag an Rialtas trí Údarás na Gaeltachta i ngréasáin dhigiteacha dá chuid féin sa Ghaeltacht, rud a chabhróidh go mór le cúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht, mar a luaigh an Teachta Calleary freisin. Tá obair ag dul ar aghaidh in áiteanna sa Ghaeltacht faoi stiúradh Údarás na Gaeltachta.

Aontaím le Teachta Ó Snodaigh gur cheart go mbeadh níos mó Gaeilge le cloisteáil san Oireachtas ó cheann ceann na bliana agus tá sé sin luaite ag neart Teachtaí anseo freisin. Dar ndóigh, déanann na Teachtaí atá páirteach sa díospóireacht a ndícheall chun í a labhairt, agus tá siad le moladh as sin.

Luaigh an Teachta Ó Snodaigh Údarás na Gaeltachta freisin, agus mar atá ráite agam cheana féin, tá buiséad caipitil an údaráis dúbailte le dhá bhliain anuas. Tá €850,000 tugtha ag an Rialtas don údarás le caitheamh ar na comharchumainn Ghaeltachta a dhéanann sár-jab trasna na Gaeltachta. Aontaím leis an Teachta Ó Snodaigh chomh maith freisin gur cheart go mbeadh Acht teanga againn sa Tuaisceart, agus tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ag brú an cháis sin le haghaidh Acht ó Thuaidh i gcónaí.

Luaigh an Teachta Howlin, maidir le hoideachas, go bhfuil aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna go bhfuil fadhb ann maidir le múineadh na Gaeilge, agus tá an Roinn sin ag dul i ngleic leis sin. Tá an polasaí maidir le hoideachas Gaeltachta ag teacht isteach, mar a luaigh an Teachta Connolly. Tá roinnt cúrsaí nua d'ábhar oidí agus do mhúinteoirí atá ag obair sa chóras cheana féin.

Tá an ceart ag an Teachta Howlin go bhfuil dea-thoil ag an bpobal i gcoitinne i leith na Gaeilge agus tá go leor deiseanna ag daoine chun teacht ar ais chuig an teanga agus í a fhoghlaim arís. Molaim do dhaoine i rith Sheachtain na Gaeilge na deiseanna seo a thapú.

D'ardaigh an Teachta Smyth an cheist maidir le hAcht teanga ar an dá thaobh den Teorainn, agus mar a dúirt mé níos luaithe, toisc go mbeidh an tAcht leasaithe ó Dheas le foilsiú go luath, go bhfuilimid ag tacú leis an Acht sa Tuaisceart.

Luaigh roinnt Teachtaí na pop-up Gaeltachtaí agus cuirim fáilte roimh an gcoincheap nua seo. Feicim anois go bhfuil siad á n-eagrú timpeall na gcluichí móra Chumann Lúthchleas Gael, agus is iontach an rud é sin.

Luaigh an Teachta Maureen O'Sullivan na coláistí samhraidh agus aontaím léi go bhfuil deis iontach againn leo siúd. Cuireann an Roinn thart ar €4 milliún isteach sna tionscadail seo gach bliain agus tá thart ar 26,000 gasúr á dtabhairt go dtí na Gaeltachtaí. Bímid i gcónaí ag cuardach deiseanna chun na tionscadail seo a fhorbairt agus leanfaimid leis sin.

Luaigh an Teachta Connolly Bille na dteangacha oifigiúla (leasú). Mar a dúirt mé, beidh mé ag brú ar aghaidh le foilsiú an Bhille sin go luath.

Aontaím léi faoi thábhacht Údarás na Gaeltachta. Tá cás HID Global pléite agam go pearsanta. Bhí díomá orm freisin faoin gcinneadh a rinne an comhlacht príobháideach aistriú go Gaillimh.

Maidir le pleanáil teanga, tá níos mó ná €100,000 ar fáil do gach grúpa. Tá scéimeanna eile de luach thart ar €9 milliún in aghaidh na bliana ar fáil chomh maith. Tá a lán rudaí eile ann.

Tá sé suimiúil gur luaigh a lán daoine an córas oideachais. Beidh mé in ann labhairt leis an Aire, an Teachta McHugh, faoi sin agus faoin bpróiseas pátrúnachta. B'fhéidir go mbeidh sé sásta páirt a ghlacadh i ndíospóireacht trí mheán na Gaeilge ar an ábhar tábhachtach sin agus ar chaighdeán na múinteoirí, liúntais do mhúinteoirí agus rudaí mar sin.

Bhí ceisteanna ann maidir le bóithre sa Ghaeltacht. Tá a fhios againn go bhfuil na local improvement schemes faoi scáth Roinn an Aire, an Teachta Ring.

Bhí a lán rudaí luaite, go mór mór faoin oideachas agus faoi úsáid na Gaeilge sa Teach seo. Sílim go bhfuil an córas aistriúcháin ar fáil ag daoine ó na meáin. Níl a fhios agam. Bhí mé ag breathnú orthu agus ní raibh siad ag baint úsáide as nuair a bhí an Teachta Connolly nó an Teachta Micheál Martin ag caint ar maidin. Tá a lán rudaí luaite anseo. Is deis mhaith í seo. B'fhéidir go bhfuil an ceart ag gach uile dhuine go gcaithfimid níos mó a dhéanamh ar son na Gaeilge. Tá a fhios againn go ndéanann an Ceann Comhairle, an Leas-Cheann Comhairle, agus ceannairí na bpáirtithe a ndícheall chun an Ghaeilge a úsáid gach uile lá.

Barr
Roinn