Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 18 Dec 2019

Vol. 991 No. 5

Official Languages (Amendment) Bill 2019: Second Stage

Tairgim: "Go léifear an Bille an Dara hUair anois."

Mar Aire Stáit le freagracht as an nGaeilge, an nGaeltacht agus na h-oileáin, fáiltím roimh an deis seo labhairt sa Dáil inniu ar ábhar atá gar do mo chroí. Tá áthas orm a bheith i mo sheasamh os bhur gcomhair amach agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 deimhnithe ag mo chomhghleacaithe sa Rialtas ar 10 Nollaig. Is cuid lárnach dár bhféiniúlacht agus dár n-oidhreacht í an Ghaeilge agus is é ceart an duine an Ghaeilge a úsáid agus gnó á dhéanamh aige nó aici le heagraíochtaí Stáit, atá faoi chaibidil againn inniu agus atá i gcroílár Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019.

Sílim gur fiú cúpla focal a rá faoin gcúlra a bhain leis an mBille teanga a chur i dtoll a chéile le comhthéacs a thabhairt do phlé an lae inniu. Is í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil in Éirinn de réir Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann - luaitear san airteagal céanna gurb é an Béarla teanga oifigiúil eile an Stáit. Achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i mí Iúil 2003 agus ba é príomh-aidhm na hAchta sin ná timpeallacht a chruthú ina mbeadh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, go mbeadh an teanga níos feiceálaí agus go mbeadh fáil i bhfad níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Ní hamháin sin, ach go mbeadh tuiscint i bhfad níos fearr ag an saoránach ar na seirbhísí atá ar fáil dó nó di, agus ar cén caighdeán seirbhíse ar cheart a bheith ag súil leis.

Sular dréachtaíodh an Bille seo le leasú a dhéanamh ar Acht 2003, cuireadh tréimhse comhairliúcháin ar bun leis na bpáirtithe leasmhara éagsúla. Tá ionchur faighte ag oifigigh mo Roinne ó réimse leathan de gheallsealbhóirí go bhfuil éileamh ann i measc an phobail ar sheirbhísí a bheith ar fáil i nGaeilge. Leagadh na ceannteidil faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán agus foilsíodh tuarascáil an chomhchoiste ag eascairt as an bpróiseas seo roimh shamhradh 2018. Ba mhór an chabhair í tuarascáil an chomhchoiste d'oifigigh mo Roinne agus an Bille teanga á dhreachtú acu agus gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as an ionchur luachmhar sin sa bpróiseas.

Is é an bunaidhm atá againn leis an mBille nua ná a chinntiú go leanfaidh an tAcht teanga de bheith ina thacaíocht éifeachtach do gach duine ar mhian leis nó léi seirbhísí d'ardchaighdeán i nGaeilge a fháil ón Stát.

Tá iarracht déanta sa Bhille seo dul i ngleic le dhá mhórcheist. Is iad sin na scéimeanna teanga agus an earcaíocht sa tseirbhís phoiblí.

Tá 13 alt sa Bhille seo agus ba mhaith liom léargas a thabhairt ar na forálacha atá ann ina n-ord, de réir riar na n-alt. Déantar foráil le halt 1 maidir le mínithe ar théarmaí a úsáidtear sa Bhille seo. Tá míniú le fáil ann ar “Príomh-Acht" agus sa chás seo ciallaíonn sé Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Tugann alt 2 téarmaíocht isteach sa phríomh-Acht a tháinig chun cinn den chéad uair in Acht na Gaeltachta 2012 agus a úsáidtear go forleathan anois sa phróiseas pleanála teanga. Folaíonn na téarmaí sin "Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta", "Baile Seirbhíse Gaeltachta" agus "Líonra Gaeilge".

Tugann alt 3 cumhacht don Rialtas duine laistigh de chomhlacht poiblí a shainainmniú ina cheann comhlachta phoiblí nó ina ceann comhlachta phoiblí chun críocha an phríomh-Achta sa chás go mbeidh post cinn comhlachta phoiblí folamh. Leis an bhforáil seo, cinnteofar go leanfar leis na dualgais atá ar chomhlachtaí poiblí faoi réim an phríomh-Achta a chomhlíonadh, fiú i gcás go bhféadfaidh post cinn comhlachta phoiblí a bheith folamh go sealadach.

Baineann alt 4 le cearta an duine an leagan Gaeilge dá ainm nó dá hainm a úsáid chomh maith le seoladh nó teideal Gaeilge a úsáid. Leis an alt seo, leasaítear alt 9 den phríomh-Acht agus tugtar isteach le halt 9A dualgas ar chomhlachtaí poiblí forordaithe a éascú, go príomha trí athrú a dhéanamh ar an gcóras teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide go ndéanfar ainm, lena n-áirítear foirm athartha nó foirm mháthartha an ainm, seoladh nó teideal duine i nGaeilge a úsáid. Tá tábhacht chultúrtha ag baint leis an bhforáil seo i limistéir Ghaeltachta inar gnách an fhoirm athartha nó an fhoirm mháthartha d'ainm pearsan aonair a úsáid i nGaeilge.

Foráiltear le halt 9B, gur chóir foirmeacha oifigiúla a fhoilsiú i nGaeilge nó go dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla, agus foráiltear freisin an modh ar chóir é sin a dhéanamh.

Foráiltear le halt 9C, gur chóir, i gcás go mbeidh lógó á athnuachan nó á athrú ag comhlacht poiblí láithreach, gur i nGaeilge nó sa dá theanga oifigiúla a bheidh an lógó nua. Déantar foráil leis freisin maidir le cothroime idir an dá theanga sna lógónna sin.

Foráiltear le halt 9D, gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh ainm comhlachta reachtúil nua-bhunaithe. Ceanglaítear leis freisin, i gcás téacs is cuid de lógó comhlachta reachtúil nua-bhunaithe, gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh sé agus go mbeidh cothroime idir an dá theanga i lógónna.

Ceadaítear le halt 5, nach mbeidh scéim teanga comhlachta phoiblí i bhfeidhm a thuilleadh a luaithe a dhéanfar an comhlacht poiblí sin a fhorordú faoin gcóras caighdeán teanga.

Foráiltear le halt 6, go mbunófar coiste reachtúil, darbh ainm an coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge, agus leagtar amach ann téarmaí maidir lena chomhaltas, lena fheidhmeanna agus lena nósanna imeachta tuairiscithe. Fágann bunú an choiste chomhairligh go gcuirfear leis an gcaidreamh oibre a bhí ann cheana idir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Léirítear leis freisin sprioc an Rialtais chun an cion cainteoirí Gaeilge a earcófar chuig comhlachtaí poiblí a mhéadú go 20%, a fhágfaidh go dtiocfaidh méadú ar an gcumas a bheidh ag comhlachtaí poiblí seirbhísí a sholáthar i nGaeilge do chainteoirí Gaeilge agus do phobail Ghaeltachta. Tá sé i gceist coiste reachtúil, an coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge, a bhunú chun tacú leis an obair seo. Leagtar amach feidhmeanna an choiste chomhairligh sa Bhille, lena n-áirítear plean náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Anuas air sin, tá mo Roinn ag féachaint lena chinntiú go mbeidh formhaoirsiú níos fearr ann tríd an gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge a thabhairt isteach agus trí aonad tiomnaithe a bhunú laistigh den Roinn a chuirfidh cur i ngníomh an bheartais ar a bhfuil an tAcht fothaithe chun tosaigh. Meastar go mbeidh cur chuige níos dinimiciúla ann mar thoradh ar na bearta seo, maidir leis an líon cainteoirí Gaeilge agus maidir leis na seirbhísí Gaeilge san earnáil phoiblí a mhéadú.

Má tá an córas nua seo chun a bheith éifeachtach, beidh orainn díriú isteach ar chúrsaí earcaíochta. Is é ceann de na príomhfhadhbanna a chuireann bac ar sheirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge ná nach bhfuil na daoine leis na scileanna cuí fostaithe sna hoifigí cuí. Má tá muid chun feabhas a chur air seo, caithfidh an Stát líon na bhfostaithe Stáit atá in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge a mhéadú agus a chinntiú go bhfuil Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh Stáit atá ag feidhmiú i gceantair Ghaeltachta. Beidh sé mar chuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh na comhlachtaí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Is í an earcaíocht croílár na ceiste, agus tá sé i gceist tógáil, céim ar chéim, ar líon na bhfostaithe le Gaeilge agus ag eascairt as sin, go mbeimid in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge.

Tugann mo Roinn tacaíocht láidir do chúrsaí tríú leibhéal faoin gciste triú leibhéal agus léiríonn sé seo go bhfuil deiseanna suntasacha ag na daoine óga freastal ar chúrsaí ollscoile, lán-Ghaeilge agus cáilíochtaí ardleibhéal a bhaint amach. Dá bharr sin, beidh fórsa saothair níos oilte againn agus beidh deis ag na daltaí atá ag freastal ar scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge faoi láthair a bheith mar chuid lárnach den earnáil phoiblí amach anseo.

Tá earcú líon leordhóthanach de chainteoirí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí ag croílár na hiarrachtaí d'fhonn forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chur i bhfeidhm. Ní mór a choinneáil ar intinn gur fhógair an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí comórtas ar leith le haghaidh oifigigh feidhmiúcháin le Gaeilge le déanaí le hais na gcomórtais le sruthanna Gaeilge iontu a bhí á riar le roinnt blianta anuas. Meastar go bhfeicfear torthaí níos fearr de bharr an chur chuige nua seo.

Cé go bhfuil spriocanna an-tábhachtacha léirithe againn d'earcaíocht, níltear ag déanamh dearmaid ar na hoibrithe fostaithe san earnáil phoiblí agus a gcuid ionchuir i seirbhísí Gaeilge a sholáthar don phobal. Tá comhaontú seirbhíse sínithe ag mo Roinn leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun oiliúint sa Ghaeilge agus tástáil inniúlachta a sholáthar don Státseirbhís. Is í aidhm an chomhaontaithe seo tacú leis an bhfoireann chun a n-inniúlacht sa Ghaeilge a fhorbairt agus chun cur le cumas na Státseirbhíse seirbhísí a chur ar fáil don phobal i nGaeilge. Tá an comhaontú seo tábhachtach ach go háirithe i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Faoin gcomhaontú, tá freagrachtaí ar mo Roinn i dtaca le hoiliúint agus measúnú inniúlachta sa Ghaeilge a éascú don fhoireann sa Státseirbhís. Tá réimse leathan de chúrsaí oiliúna sa Ghaeilge á sholáthar ag an gcomhlacht Gaelchultúr chun na críche seo faoi chonradh atá aontaithe le Foras na Gaeilge.

Baineann alt 7 den Bhille le córas na gcaighdeán teanga a bhfuil i gceist a thabhairt isteach in ionad chóras na scéimeanna teanga atá ann faoi láthair. Tá córas na scéimeanna teanga atá ann faoi láthair ag brath ar chomhlachtaí san earnáil phoiblí, atá liostaithe sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an bpríomh-Acht, chun na bearta a leagan amach chun a chinntiú go soláthróidh siad seirbhísí don phobal trí Ghaeilge agus chun leibhéal na seirbhísí sin a mhéadú céim ar chéim in imeacht ama. Glactar leis go forleathan nár éirigh le córas na scéimeanna teanga. Tá an córas sin cáinte ag an gCoimisinéir Teanga, a léirigh na heasnaimh sa tuarascáil dá chuid: Tráchtaireacht ar Chóras na Scéimeanna Teanga, a foilsíodh in 2017. Cuireadh córas na scéimeanna ar bun chun cur le líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a bheadh á gcur ar fáil ag na comhlachtaí poiblí don phobal. Tá próiseas daingnithe na scéimeanna dúshlánach, ach tá dul chun cinn déanta ó thaobh seirbhísí de ó cuireadh na scéimeanna ar bun. Tá sé aitheanta againn, áfach, go raibh agus go bhfuil go leor deacrachtaí leis an gcóras. Mar sin, mar chuid den Bhille nua seo, tá sé i gceist córas na gcaighdeán a thabhairt isteach anseo in Éirinn. Faoin gcóras seo, bheadh rangú le déanamh ar chomhlachtaí poiblí, ag baint úsáide as rialacháin chun caighdeáin a leagan síos do na comhlachtaí sin.

Ar an mbealach seo, beimid in ann a chinntiú go mbeidh na caighdeáin is airde ó thaobh úsáid na Gaeilge de bainteach leis na heagraíochtaí a bhíonn ag soláthar seirbhísí don phobal, pobail na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh.

Ceadaítear in alt 8 an tagairt don Choimisiún Logainmneacha sa phríomh-Acht a scriosadh. Is gá an leasú seo a dhéanamh i bhfianaise na breithe a thóg an Rialtas chun deireadh a chur leis an gCoimisiún Logainmneacha sa bhliain 2012, mar chuid dá phlean um athchóiriú na seirbhíse poiblí. Cuireadh coiste saineolaithe arna cheapadh ag an Aire ar bhonn riaracháin in ionad an Choimisiúin Logainmneacha. Is de dhroim an leasaithe roimhe seo in alt 8, lenar cuireadh deireadh leis an gCoimisiún Logainmneacha, a dhéantar an leasú in alt 9. Déantar foráil leis maidir le próiseas comhairliúcháin sula ndéanfaidh an tAire ordú logainmneacha, sula leasaítear nó sula gcúlghairtear é.

In alt 10, leasaítear na hailt a bhaineann le toghairm ghiúiré agus fógraí in Acht na nGiúiréithe 1976, chun foráil a dhéanamh maidir le fógra dátheangach a eisiúint nuair a dhéantar duine a thoghairm chun fónamh mar ghiúróir. Tá an fhoráil seo á lorg ag pobal labhartha na Gaeilge le fada.

Ceadaítear le halt 11 aisghairm a dhéanamh, am éigin sa todhchaí nuair a thiocfaidh na caighdeáin teanga in ionad na scéimeanna teanga go léir, ar na hailt sin den phríomh-Acht ina ndéileáiltear leis na scéimeanna teanga.

Ceadaítear le halt 12, aistriú ó chóras na scéimeanna teanga go caighdeáin teanga. Déanfar caighdeáin teanga a thabhairt isteach go céimneach chun aistriú ordúil ó scéimeanna teanga a chinntiú agus dá bharr sin beidh córas níos simplí agus níos trédhearcaí ann chun seirbhísí Gaeilge a sholáthar.

Déantar foráil le halt 13 maidir le gearrtheideal an Bhille, maidir lena fhorléiriú agus lena lua, agus maidir le forálacha tosach feidhme.

Mar atá ráite go minic roimhe seo, ní miste dom a threisiú arís gur dóigh liom go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na hacmhainní nádúrtha is luachmhaire atá againn. Creideann an Rialtas go bhfuil sé tábhachtach pobal labhartha láidir Gaeilge agus Gaeltachta a chothú chun saibhreas oidhreachta na teanga a choinneáil beo agus a thabhairt slán don chéad ghlúin eile. Cé go bhfuil an Rialtas tiomanta gach rud a dhéanamh laistigh dá chumhacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn, braitheann todhchaí na teanga go príomha ar an bpobal. Tá a fhios agam go bhfuil dearcadh dearfach ag tromlach an phobail i leith na teanga. Tá orainn timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach as a gcuid Gaeilge a úsáid, cuma cén leibhéal cumais atá acu inti. Is céim chun tosaigh í foilsiú an Bhille seo chun cuidiú leis an sprioc seo a bhaint amach. Cabhróidh sé seo leis an bpobal leas a bhaint as an teanga mar theanga phobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht agus chun go gcuirfear an teanga chun cinn ar bhonn níos forleithne taobh amuigh den Ghaeltacht. Fadó, tháinig an pobal le chéile i meitheal chun an féar a shábháil. Tá an nós seo le feiceáil sa seanfhocal “ní neart go cur le chéile”, agus aontaím go hiomlán leis.

Agus mé ag caint ar mheitheal, cuirim mo bhuíochas in iúl don Teach seo as an tacaíocht a fuair mé féin agus oifigigh mo Roinne le linn an phróisis fhada seo. Gabhaim buíochas don Taoiseach, don Tánaiste agus don Aire, an Teachta Madigan, a bhí mar Aire Stáit romham, chomh maith le baill Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, baill den Fhreasúra agus na geallsealbhóirí uile a chuidigh linn teacht go dtí an pointe seo leis an mBille teanga. Gabhaim buíochas leo go léir as ucht a gcúnaimh, a gcomhairle agus a dtacaíochta. Iarraim ar an Dáil tacaíocht a thabhairt don Bhille seo, atá fíorthábhachtach don Ghaeilge agus neartú na Gaeilge sa chóras Stáit i gcoitinne. De bharr seo, molaim an Bille seo don Teach.

Tá mé sásta éisteacht leis na tuairimí ar fad ón bhFreasúra faoin mBille seo. Beimid ar ais sa bhliain nua, le cúnamh Dé, chun an Dara Céim a chríochnú agus chun dul tríd an bpróiseas, ag obair leis an gcomhchoiste chun smaointe a fháil faoin mBille seo. Gabhaim buíochas arís le chuile dhuine as ucht a dtacaíochta. Tá a fhios agam go raibh frustrachas orthu go léir maidir le moill an Bhille agus tá sé sin pléite go minic sa Teach seo. Tá an Bille againn anois agus táimid ag iarraidh brú ar aghaidh agus é a chur tríd an dá Theach chomh sciobtha agus is féidir. Ag an am céanna, teastaíonn uainn é a phlé agus tuairimí na gComhaltaí faoin mBille a fháil. Gabhaim buíochas leis an Leas-Cheann Comhairle as ucht na deise seo.

Beidh mé ag roinnt ama leis an Teachta Aindrias Moynihan.

Cuirimid fáilte roimh an Dara Céim den Bhille seo. Beimid ag tacú leis an Dara Céim ach molfaimid a lán leasuithe ina dhiaidh sin. Cuireann sé seo an scéal a chualamar mar pháistí, The Emperor’s New Clothes, i gcuimhne dom, ina mbíonn daoine ag tnúth go mór agus ag fanacht le haghaidh éadaí nua an rí, ach nuair a thagann sé, ní bhíonn aon éadaí air. Tá an Bille seo cosúil leis sin. Táimid ag tnúth leis an mBille seo go mór ar feadh na blianta. Bhí daoine ag fanacht agus bhí cruinniú ag an Aire Stáit le hOifig an Ard-Aighne maidir leis. Chuir an tAire Stáit an-obair isteach go pearsanta chun teacht chomh fada leis an lá seo, mar aon leis an Teachta Connolly, an comhchoiste agus mo chomhghleacaithe, na Teachtaí Aindrias Moynihan agus Ó Cuív. Táimid anseo anois agus táimid ag fiafraí cad faoina raibh an fuss. Tá a lán rudaí an-tábhachtach sa Bhille, ach an rud is tábhachtaí nach bhfuil ann ná spriocdháta. Tá an Rialtas ag tabhairt gealltanais do dhaoine go mbeidh gach rud ceart go leor, agus ag tabhairt a lán tuairimí gur chreid a lán daoine, ach gan dáta nó target ní bheidh aon bhrú ar dhaoine aon rud a dhéanamh faoin mBille seo. Sin an laige is mó atá ann. Ní bheidh aon ionadh ar an Aire Stáit go mbeidh leasuithe ag teacht maidir leis sin.

Tá an Bille seo thar a bheith tábhachtach, ós rud é go bhfuil a lán rudaí maithe agus suimiúil ag tarlú leis an nGaeilge agus na Gaeltachtaí ag an nóiméad seo, mar na Gaelscoileanna, cúrsaí ollscoile agus cúrsaí fiontair. Táimid fós i mbaol an teanga a chailleadh, in ainneoin na ndeiseanna atá ag teacht ón obair atá ar siúl le Gaeilge agus sna Gaeltachtaí. Leis an mBille seo, táimid ag gealladh do dhaoine a bhaineann úsáid as Gaeilge nó atá ina gcónaí sa Ghaeltacht go mbeidh siad in ann úsáid a bhaint as seirbhísí Stáit agus freastal ar chomhlachtaí trí Ghaeilge, agus go bhfuil meas ag an Rialtas agus an Stát ar an nGaeilge. Nílimid sásta amháin go leagtar amach sa Bhunreacht gur príomhtheanga na tíre í an Ghaeilge. Caithfidh meas na tíre, an Rialtais agus na Státseirbhíse a bheith leagtha amach freisin. Tá sé sin curtha in iúl sa Bhille seo, ach níl aon phionós nó bhrú i gceist chun go ndéanfaidh daoine na rudaí atá leagtha amach sa Bhille seo. Caithfimid é sin a athrú má táimid ag iarraidh go mbeidh aon neart ag an mBille.

Tá an tAire ag déanamh a lán oibre sna ceantair Ghaeilge faoi láthair agus caithfidh fios a bheith aige cé chomh dainséarach atá cúrsaí ag an nóiméad seo. Tá daoine ag fágáil na gceantar agus níl daoine óga ag fanacht iontu, go háirithe ó thaobh na ceantair thraidisiúnta de. Tá ceantair eile á spreagadh i lár na cathrach, áfach, cosúil le Cluain Dolcáin nó ceantair eile sa chathair seo, i gcathair na Gaillimhe, agus i gcathair Chorcaí, rud a léiríonn go bhfuil daoine ag iarraidh Gaeilge a úsáid agus go bhfuil suim acu inti. Caithfimid oibriú leis na ceantair nua sin agus na seancheantair thraidisiúnta chun Gaeilge a choimeád. Caithfidh an Ghaeilge a bheith mar an phríomhtheanga sna ceantair sin agus caithfimid cinntiú go bhfuil misneach ag daoine an Ghaeilge a úsáid mar phríomhtheanga an lae i gcúrsaí leighis agus oideachais, mar shampla.

In dteannta leis an mBille seo, tá próiseas ar siúl ag an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le pátrúnacht meánscoileanna. Níl an Roinn chomh dáiríre agus ba chóir di a bheith faoi na deiseanna atá ann chun Gaelcholáistí a bhunú.

Tá daoine ag iarraidh Gaelcholáistí a chur le chéile ach ní thuigeann an Roinn Oideachais agus Scileanna cé chomh tábhachtach is atá siad. Gan Gaelcholáistí, níl aon úsáid sa Bhille seo. Deirtear nach mbeimid in ann ár ndóthain Gaeilgeoirí a fháil chun an sprioc fostaíochta 20% a bhaint amach agus na seirbhísí sin a chur ar fáil. Sin an taithí atá againn ón bParlaimint Eorpach. Gan cúrsaí oideachais agus gan Ghaelcholáistí, ní bheidh an Rialtas in ann na daoine sin a fháil. Teastaíonn uainn gach rud a cheangal le chéile chun go n-oibreoidh an Bille seo amach sa bhealach gur mhaith linn.

Tá tuarascáil curtha le chéile ag an gcomhchoiste a leagann amach na deiseanna. Caithfimid an tuarascáil sin a cheangal leis an mBille seo agus le straitéis na Roinne. Cé go bhfuil an tAire Stáit go pearsanta ag obair go dian sa Roinn, tá sé soiléir nach bhfuil Aire sinsearach le cumhacht ag seasamh taobh thiar den Bhille seo. Níl Airí áirithe eile sa Rialtas ag tabhairt a dtacaíochta don Bhille seo agus níl suim acu ina aspirations. Caithfimid seasamh suas in aghaidh na n-Airí sin.

Tá súil agam go mbeimid ag teacht ar ais anseo. Seoladh litir chuig an Taoiseach agus b’fhéidir go bhfreagróidh sé í. Nuair a thagaimid chomh fada le Céim an Choiste, beidh díospóireacht againn. Tá sé in am díospóireacht a bheith againn, agus ní chaithfidh aon deifir a bheith orainn léi mar tá an Bille seo an-tábhachtach agus tógfaidh sé am. Tá suim ag gach duine ar an taobh seo den Teach an próiseas seo a chríochnú roimh thoghchán. Ba chóir don Bhille a bheith achtaithe roimh aon toghchán. Níl am againn. Tá gach lá tábhachtach don Ghaeilge agus do na Gaeltachtaí ag an nóiméad seo. Caithfimid úsáid a bhaint as na laethanta sin chun an Ghaeilge, deiseanna na Gaeilge agus deiseanna na Gaeltachtaí a shábháil agus a fheabhsú.

Mar a dúirt mé an tseachtain seo caite, tá 40 bliain caite ón gcéad toghchán d’Údarás na Gaeltachta agus in Eanáir beidh 40 bliain caite ón gcéad chruinniú a bhí ag an mbord. Maidir le fadhbanna an Rialtais i leith na Gaeilge, is páirt bhunúsach é Údarás na Gaeltachta agus aontaím féin agus mo pháirtí gur gá toghchán díreach a bheith ann dó. Gan díospóireacht toghcháin nó polaitiúil agus gan cheangal idir an díospóireacht sin agus Billí cosúil leis an gceann seo, ní bheidh aon bhrú ar an Aire Stáit nó aon duine eile sa Teach seo. Dá mbeadh toghchán Údaráis nó díospóireacht ann, bheadh an Bille seo tar éis a bheith os comhair na Dála cúpla bliain ó shin, mar bheadh brú curtha ar an Aire Stáit agus an Rialtas.

Tá sé in am don Rialtas stop a chur le bheith ag caint faoin nGaeilge, nó mar a dúirt an tAire Stáit, patting Gaeilge on the head. Tá sé in am obair a dhéanamh agus straitéis láidir a chur le chéile maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Beimid ag tosú leis an straitéis agus leis an obair ar Chéim an Choiste den Bhille seo. Cuirim fáilte roimh an mBille ach tá a lán oibre le déanamh agus leanfaimid ar aghaidh leis sin tar éis na Nollag.

Fáiltím roimh an deis labhairt ar an mBille seo agus fáiltím go bhfuil Bille os ár gcomhair ar deireadh. Foilsíodh na ceannteidil in 2017. Táimid ag feitheamh le fada an lá. Rinne an coiste Gaeilge an-chíoradh ar an ábhar seo agus foilsíodh tuairisc chuimsitheach le linn bliain na Gaeilge in 2018. Bhíomar ag súil ag an am go mbeadh deis againn Bille Gaeilge a rith nó Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú i mbliain na Gaeilge. Faraor, tharla moill agus moill eile, de bharr an Bhreatimeachta agus mar sin de. Léiríonn na moille éagsúla go léir neamhshuim an Rialtais maidir leis an nGaeilge.

É sin ráite, tá Bille againn anseo anois. Sin dul chun cinn agus fáiltímid roimhe. Tá roinnt mhaith bearnaí ann agus tá leasuithe ag teastáil, a mholfaimid san am atá amach romhainn. Má chríochnaímid an Dara Céim anseo, an bhfuil sé i gceist go mbrúfar an Bille ar aghaidh láithreach go dtí Céim an Choiste agus tríd an chóras gan aon mhoill? An gcinnteoidh an tAire Stáit dom go mbogfar an Bille ar aghaidh gan a thuilleadh moille?

Tá roinnt ábhar faoi leith gur mhaith liom díriú isteach orthu. Tá ábhar amháin nach bhfuil sa Bhille agus is é sin spriocanna ama. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh breis daoine le Gaeilge sa Státchóras chun freastal ar phobal na Gaeilge ar fud na tíre. Ón bplé a bhí againn leis na Ranna éagsúla le bliain go leith anuas, is léir nach bhfuil ach 2% nó 3% de na foirne sna Ranna éagsúla compordach agus ábalta a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge agus freastal ar phobal na Gaeilge. Caithfear an líon sin a ardú. Tá roinnt Ranna, cosúil leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, i bhfad níos láidre na Ranna eile, ach tá bearnaí ann. Caithfear spriocanna ama a leagan amach chun a chinntiú go mbeidh pobal na Gaeilge ábalta plé leis na hoifigí éagsúla agus go mbeidh a fhios acu go bhfuil na hoifigí sin ábalta freastal orthu. Deirtear i gcónaí nach bhfuil an t-éileamh ann do sheirbhísí trí Ghaeilge. Tomhaiseann na Ranna an méid uaireanta a úsáideann siad Gaeilge leis an bpobal, ach ní dóigh liom gurb é sin an tslat tomhais cheart. Feicimid arís agus arís eile nuair a théann muintir na Gaeilge sa tóir ar sheirbhísí ó na Ranna éagsúla, bíonn orthu cnaipí éagsúla a bhrú chun Gaeilge a roghnú nuair a ghlaonn siad ar an Roinn agus ní bhíonn siad ábalta a ngnó a dhéanamh láithreach mar gheall air sin. Bíonn orthu feitheamh go dtí níos déanaí sa lá, nó fiú go dtí an chéad lá eile. Nuair a bhíonn dithneas ar dhaoine, teastaíonn uathu brú ar aghaidh go tapa. Mar sin ní féidir an t-éileamh a thomhais sa bhealach sin, mar go dteastaíonn ó dhaoine brú ar aghaidh agus déanfaidh siad a ngnó trí Bhéarla mura bhfuil sé éasca teacht ar sheirbhís as Gaeilge.

Mar a luaigh mé, tá éileamh ann ón bpobal agus ba chóir go mbeadh sprioc ama leagtha síos sa Bhille. Mura bhfuil, sleamhnóidh an t-am arís. Tá sé sin fíorthábhachtach. Ní hé sin an t-aon sprioc ama amháin gur chóir a bheith ann, áfach. Mar shampla, baineann alt 4, mír an-tábhachtach, le litriú ainmneacha agus aitheantas daoine agus iad i dteagmháil leis na Ranna. Níl an deacracht chéanna ansin mar gheall ar dhaoine a earcú. Is réiteach teicneolaíochta don chuid is mó atá i gceist. Ba chóir go mbeadh sé i bhfad níos éasca sprioc ama a leagan amach chun go mbeadh na córais éagsúla ábalta an litriú ceart a úsáid agus go mbeadh aitheantas daoine á aithint ag na Ranna. Ba chóir go mbeadh sprioc ama ann.

Tá an-chuid ábhar eile gur mhaith liom brú ar aghaidh leo. An rud is tábhachtaí ná go dteastaíonn uainn, in ainneoin na moille go léir, an Bille a bhrú ar aghaidh agus na moltaí sin a chur isteach ann.

Tuigim go mbaineann an sprioc 20% le hearcú trasna an réimse ar fad. An mbaineann sé le daoine a earcaítear go sealadach freisin?

Táim ag tagairt do dhaoine ar nós na foirne a dtugann comhairlí contae isteach don samhradh iad nó dochtúirí agus banaltraí a earcaíonn an HSE go sealadach. An mbeidh siad san áireamh? Conas a n-oibreoidh é sin? Teastaíonn uainn go mbeadh pobal na Gaolainne ábalta teagmháil a dhéanamh leis an gcóras agus úsáid a bhaint as go compordach ina theanga féin. Nílim ag caint faoi phobal na Gaeltachta amháin, ach faoi phobal na Gaolainne ar fud na tíre.

Tuigim go mbeidh coiste nua i gceist agus go mbeidh a chathaoirleach lonnaithe i Roinn an Aire Stáit. An mbeidh ról co-ordination ag an gcoiste sin? Feicfimid go bhfuil bearnaí ann ó thaobh an chórais oideachais. Táimid ag iarraidh líon na gcainteoirí Gaolainne a ardú ach, ag an am céanna, níl freastal ar na Gaeilgeoirí ó thaobh scolaíochta de. Fógraíodh sé scoil nua lasmuigh de cheantair Ghaeltachta inné, anseo i mBaile Átha Cliath, ach ní raibh a oiread is Gaelscoil amháin san áireamh in ainneoin go bhfuil pobal mór Gaolainne sna ceantair sin agus ar fud Bhaile Átha Cliath. Tá sé soiléir go bhfuil faillí á déanamh ar mhuintir na Gaolainne go forleathan. Tharraingíomar an cheist seo cheana féin. Ba chóir go mbeadh an córas sin athraithe chun a chinntiú nach mbeadh an faillí chéanna á déanamh ar mhuintir na Gaolainne. Ina lán cathracha, ní bheadh an pobal atá ag éileamh na Gaolainne ina mhóramh ach bheadh mionlach mór ann. Ba chóir go mbeadh freastal orthu sa chóras oideachais chun a chinntiú go mbeadh breis daoine ag teacht tríd le Gaolainn, chun go mbeadh an deis sin ag daoine agus chun an Ghaolainn a chothú gach uair agus is féidir.

Beidh leasuithe á moladh againn, go háirithe mar gheall ar sprioc-amanna. Tá moill go leor feicthe againn cheana féin leis seo. Tá sé fíorthábhachtach go mbogfaí é ar aghaidh. Táim féin ag tnúth le páirt a ghlacadh sa díospóireacht amach anseo agus ár moltaí a chur chun cinn. Cabhróidh mé i ngach slí gur féidir chun Bille níos láidre a chur chun cinn chun a chinntiú go mbeidh deis ann don Ghaolainn amach anseo.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as teacht os ár gcomhair chomh tapaidh agus is féidir tar éis fhoilsiú an Bhille. Is é sin an fháilte is mó a bhfaighidh sé uaim maidir leis an mBille seo. Táimid ag tnúth leis le tamall fada. I slí amháin, is maith an rud é go bhfuil sé ann mar thugann sé deis dúinn díriú isteach ar an gceist thábhachtach seo. Mar a dúirt mé, bhíomar ag fanacht ar an Aire Stáit agus na hAirí a bhí ann roimhe an Bille seo a réiteach. Bhí siad ag gor ar an mBille seo le hocht mbliana ar a laghad. An toradh atá air sin ná go bhfuil praiseach ann, in ainneoin chuidiú, chomhairle agus chur chuige an Fhreasúra. Is trua sin toisc go raibh deis againn. B'fhéidir go bhfuil deis againn fós. Chuala mé an tAire Stáit ag rá go bhfuil sé sásta éisteacht a thabhairt dúinn. Cheap muid go ndearna sé é sin roimhe nuair a foilsíodh na ceannteidil. Cheap pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge i gcoitinne go raibh éisteacht tugtha ach níl sé ann go fóill. Beidh deis againn ag Céim an Choiste agus ag an Tuarascáil Bille i bhfad níos foirfe a dhéanamh de a bheidh tionchar ceart maith aige i leith na teanga seachas Bille a dhéanfaidh aimhleas ar an nGaeilge.

Is féidir an Bille seo a bheith ina chéim ar chúl dá n-achtófaí é mar atá sé faoi láthair. Muna bhfuil ach fís ann seachas sprioc, ní fiú tráithnín é. Tá an Stát beagnach 100 bliain ar an bhfód agus ba shin an scéal i gcónaí. Deirtear go bhfuil bá ag an Rialtas don Ghaeilge agus go bhfuil sí á cur chun cinn. Ní leor sin. Níor éirigh le haon duine a tógadh le Gaeilge, lasmuigh ná laistigh den Ghaeltacht, seirbhísí iomlán an Stáit, seachas bunseirbhísí, a fháil trí Ghaeilge riamh. Níor éirigh leo toisc nach raibh aon bhata ann. Ní raibh aon bhrú ceart ar an Stát ná ar an státchóras an Ghaeilge a chur chun cinn mar ba chóir. Ba chóir go mbeimis i bhfad níos mó chun tosaigh ag an staid seo ná mar atá. Tá tíortha eile timpeall an domhain atá tar éis a dteangacha dúchasacha a athbheochan agus a shlánú. Tá siad i mbarr a réime sna tíortha sin. Thóg na tíortha sin céimeanna nach bhfuil tógtha ina n-iomlán sa tír seo.

Nílim ag caitheamh anuas ar an Aire Stáit. Tá níos mó déanta aige ná mar atá déanta ag Airí eile. Tá dul chun cinn déanta. Má chuirfear na hathruithe atá molta i leith an chórais oideachais i bhfeidhm ina n-iomlán, céim chun tosaigh a bheidh ann. Ba chóir go mbeadh mic léinn agus iad siúd atá ag obair sa státchóras in ann an fón a fhreagairt i nGaeilge tar éis 14 bliain de scolaíocht. Tá sé tubaisteach go bhfuil an scéal anois níos measa ná mar a bhí sé 50 bliain ó shin. Tá daoine ann nach bhfuil focal Gaeilge ar bith acu. Is tubaiste é sin. Is léir nach bhfuil an cur chuige againn. Nílim ag cur an mhilleáin ar an Rialtas amháin ach is é atá i gceannas ar an Stát seo agus is aige atá na pinginí agus an chumhacht dlíthe a chur i bhfeidhm a mbeadh tionchar acu ar Ghaeilge agus ar Ghaeilgeoirí na tíre.

Thar na blianta, nuair a lorg daoine go mbeadh fíneálacha nó pionóis ann d'eagraíochtaí nach raibh ag comhlíonadh cearta Gaeilge, dúradh nár bhealach ceart é an cur chuige sin. Dúradh go mbeadh rudaí ceart go leor ó thaobh na Gaeilge. Tá an meon céanna le feiceáil sa Bhille seo. Thar na coicíse deireanaí ach go háirithe, léigh mé agus chuala mé go raibh fadhbanna ag an Aire Stáit cur ina luí ar na hAirí agus Ranna go leagfaí síos sprioc 20% d'fhoireann a bheith líofa sa Ghaeilge agus go mbeadh 2030 ina sprioc do gach uile Ranna Stáit é sin a bhaint amach. Tuigim cad a bhí curtha ina choinne agus an meon atá ann sa státchóras mar is é an meon ceannann céanna é agus a bhí ann i gcónaí. Tá an státchóras agus an Státseirbhís, seachas daoine aonair féin, coimeádach. Déantar iarracht an córas é féin a chosaint agus bíonn eagla ann nuair a thagann athrú chun tosaigh. Níl sé radacach 20% a lorg. Ní chóir dearmad a dhéanamh air sin; ní rud radacach é. Bheadh sé dá ndéarfainn go mbeadh Gaeilge ag 100% de státseirbhísigh roimh 2030, fiú gur chóir go mbeadh tar éis 100 bliain. Táimse réalaíoch go leor chun a thuiscint go dtarlaíonn rudaí mar sin diaidh ar ndiaidh agus cuibhseach mall, go háirithe nuair atáthar ag caint faoi dhaoine ag leibhéil dhifriúla thar beagnach 50 bliain. Níl aon spriocdháta leagtha síos. Ní deirtear go mbeadh 20% ann faoi 2030, 30% faoi 2035, agus mar sin de ar aghaidh. Luaitear 20%. B'fhéidir go dtarlódh míorúilt agus go ndéanfadh an státchóras an 20% sin a aimsiú go huathoibríoch faoi am éigin a roghnóidh an coiste comhairleach atá le bunú.

Go bhfios dom, bhí sé i gcónaí d'fhís ag an Stát go mbeadh an Stát dátheangach. Níl sé agus ní raibh ó bunaíodh é. Bhí sé i bhfad níos fearr i dtréimhsí difriúla ach ó thosaigh mé ar scoil agus ó thosaigh mé ag labhairt na Gaeilge den chéad uair ag aon bhliain d'aois, bhí sé deacair orm mo ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge gan cur as dom féin. Caithfidh mé seirbhísí a lorg, seasamh amach, nó fanacht beagáinín breise d'am. Tá sé seo sa Bhille. Tá iarracht déanta sa Bhille díriú isteach air sin. Is é sin atá á rá agam; is féidir é sin a athrú.

Bíonn fadhbanna ann le foirmeacha. Sa lá atá inniu ann, bíonn ríomhairí i gceist maidir le soláthar foirmeacha, fóin a fhreagairt, agus rudaí mar sin. Dá bhrí sin, níl leithscéal ar bith ann. Bhí sé i bhfad níos deacra 30 nó 50 bliain ó shin gach uile fhoirm, ar nós iarratais ar phas, a chur ar fáil i nGaeilge. Anois tá sé deacair go leor teacht ar fhoirm ar bith i stáisiún na nGardaí ach is féidir iad a fháil ar líne. Ba chóir go mbeifear in ann cnaipe a bhrú agus gach uile fhoirm Stáit a fháil trí Ghaeilge ná trí Bhéarla. Níl leithscéal ar bith ann.

Níl leithscéal ar bith ainmneacha gach uile chomhlacht Stáit a bheith as Gaeilge ón tús. Ba chóir go craobhscaoiltear iad i nGaeilge seachas teideal Béarla a úsáid. Táim ag déanamh na hargóinte sin ó toghadh mé. Gach uile uair a bhunaítear comhlacht nua Stáit ag rialtas, tugtar ainm Béarla air agus ceann sa Ghaeilge tar éis sin. Ba chóir go n-ainmneofaí i nGaeilge iad ar dtús agus go dtabharfaí leagan Béarla air tar éis sin nó go bhfágfaí amach leagan Béarla. Ní dhéanann sé aon difríocht. Má thagann comhlacht ón tSeapáin nó ón gCóiré, is cuma sa tsioc leo cén t-ainm atá ar eagraíocht. Úsáidtear an teideal atá ann. Foghlaimíonn daoine conas é a fhuaimniú mura bhfuil an teanga acu. Tuigeann daoine ón Stát Aontaithe nó ón gCóiré Aer Arann agus Aer Lingus. Ní lorgaíonn siad go n-aistrítear go teanga difriúil an t-ainm. Ní chóir go mbeadh muid ag glacadh leis go gcasann an státchóras agus an pobal i gcoitinne ar an leagan Béarla i gcónaí. Chuir sé sin múisc orm thar na blianta.

Beidh a lán moltaí le déanamh agam. An fhadhb atá le leasuithe a chur isteach ná go dtógann sé am déileáil leo. Mhol mé go bhfoilseofaí an Bille agus go rithfí tríd na Tithe é chomh tapaidh agus is féidir. Níl mé ag iarraidh moill a chur air seo. Má tá an tAire Stáit sásta glacadh le moltaí agus leasuithe ag Céim an Choiste, déanfaimid iarracht é seo a achtú faoi dheifir roimh thoghchán. Más rud é nach bhfuil an tAire Stáit chun glacadh le leasuithe chun an Bille seo a láidriú, ní fiú tráithnín é seo agus ba chóir dúinn díriú ar bhealach éigin eile. Tá súil agam go n-éireoidh linn leis an mBille seo agus go mbeidh fiacla aige nuair a thagann sé amach ag deireadh an chórais.

Nuair a deirim fiacla, is pionóis atá i gceist agam. Chuala mé míniú a tugadh faoi cén fáth nach bhfuil fiacla ná spriocdhátaí sa Bhille. Dúradh nach dtarlaíonn sé sin. Tarlaíonn sé i mbealaí eile. Bhí sé an-éasca fiacla a thabhairt do reachtaíocht mar gheall ar iarrthóirí toghcháin. Faoin dlí, mura bhfuil 30% d'iarrthóirí toghcháin de pháirtí éigin ina mná, gearrtar airgead ón bpáirtí sin. Is féidir é sin a dhéanamh. Is féidir a lán rudaí mar sin a dhéanamh má tá an toil ann. Nílim ag caint faoi thoil an Aire Stáit ach faoi thoil an státchórais. Go minic deirtear linn nach féidir linn rud éigin a dhéanamh. Dúradh linn nárbh fhéidir ring-fencing a dhéanamh ar cháin éigin ach tá sé léirithe agam thar na blianta go bhfuil sé ag tarlú gach uile bhliain. Tá fíneáil mhór á gearradh ar Éirinn toisc nach bhfuil muid ag cloí lenár spriocanna ó thaobh na haeráide de. Dá n-insítear don Roinn Cosanta go dtógfar leath an airgid a fhaigheann sí uaithi mura bhfuil Gaeilge líofa ag 20% dá cuid foirne agus mura bhfuil an pobal in ann a ghnó a dhéanamh léi trí Ghaeilge roimh 2030, bheadh athrú mór meoin ag an Roinn sin thar oíche. Bheadh an rud céanna i gceist le haon Roinn nó eagraíocht Stáit. Caithfear díriú isteach air sin. Mura ndéanann muid é sin agus má ritear an Bille sin, beidh muid i bponc. Beidh gach duine ag rá gur tarrtháil na Gaeilge é seo ach ní tharlóidh faic. Cuirfear an milleán ar an gcoiste comhairleach.

Cén fáth gur gá dúinn coiste comhairleach a bhunú? Dá mba rud é go mbeadh pionóis agus spriocdhátaí ann, ní bheadh aon ghá le duine ná le heagraíocht. B'fhéidir gur féidir le Roinn an Aire Stáit féin déileáil leis. Más gá duine a chur i bhfeighil air sin, tá an Coimisinéir Teanga ann cheana féin. Ba chóir an jab sin a thabhairt dó agus ba chóir go mbeadh cumhacht aige fíneálacha a ghearradh, deontais a ísliú, nó pé pionóis eile a chur i bhfeidhm.

Is cearta atá á lorg againn. Táimid ag lorg ár gcearta mar Ghaeilgeoirí agus mar dhaoine a úsáideann an teanga dhúchais chun déileáil leis an státchórais ó bhun go barr agus ó thus deireadh. Ba cheart go mbeinn in ann seasamh anseo agus mo ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge, ach ní féidir liom, fiú san áit seo. Táim tar éis an argóint sin a dhéanamh. Is féidir liom mo ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge maidir leis an mBille seo toisc gur foilsíodh é i nGaeilge. Tá rud spéisiúil faoin gcás seo; b'fhéidir an Bille a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla agus an meabhrán a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla freisin. Dúradh liom nárbh fhéidir é seo a dhéanamh le haon Bhille eile. Cén fáth gur féidir é a dhéanamh sa chás seo? Is féidir má tá an cur chuige ceart á thógáil. Ní féidir liom mo ghnó reachtúil a dhéanamh san áit seo go huile is go hiomlán trí Ghaeilge. Is féidir liom labhairt i nGaeilge gan fadhb ar bith. Tá aistritheoirí an-mhaith sa Teach. Tá jab iontach déanta acu thar na blianta. Is athrú meoin atá ag teastáil. In 2011, nuair a bhí Teachta Burton sa Roinn, thug sí gealltanas dom go mbeadh na meabhráin reachtaíochta ar fad ar fáil go dátheangach. Níl ceann ar bith foilsithe go dátheangach ó shin seachas an ceann seo. Is rud simplí é sin mar ní rud dleathach an meabhrán. Ní gá ach aistritheoir a fháil. Tá obair i gceist mar tá téarmaíocht chasta ann. Bheadh sé sin ina áis dúinn. Tuigim an argóint maidir leis an reachtaíocht féin a bheith as Gaeilge agus as Béarla. Is léiriú é sin d'easpa cur chuige sa Stát.

Tá costas i gceist. Tá daoine cosúil le Ivan Yates ag ionsaí Gaeilgeoirí as ár gcearta a lorg. Is é sin an dream céanna a bhíonn ag caitheamh anuas ar Shinn Féin as Acht teanga a lorg sna Sé Chontae. Tá brón orm ach is cearta atá i gceist. Má tá ceart i gceist, níl rogha ann. Déantar é. Is é sin an difríocht. Is é an fhadhb atá ann anois ná go bhfuil Gaeilgeoirí agus lucht na Gaeltachta tinn tuirseach ó bheith ag éileamh na gcearta sin agus seirbhísí trí Ghaeilge. Stopann siad. Tá Béarla acu. Casann siad air sin mar tá sé níos éasca orthu. Ní gá dóibh stró a chur orthu féin. Tá a fhios agam go bhfuil sé sin i gceist agus go bhfuil muid ag triail bogadh sa treo sin. Ní chóir go mbeadh stró ar dhuine, pé teanga a bhfuil siad ag baint úsáid as. Tá sé sin i gceist.

Léigh mé an fhoráil faoin ndualgas a bhaineann le foirmeacha. Is cuimhin liom gur labhair mé faoin séimhiú agus faoi sheoltaí a bheith i gceart cheana féin. Ní raibh leithscéal ar bith ag aon chomhlacht, an státchóras ina measc, maidir leis sin ó tharla an ríomhaire i gcionn. Tugadh an leithscéal i gcónaí dúinn nárbh fhéidir é sin a dhéanamh. Is féidir é a dhéanamh gach aon áit eile ar domhan; is féidir é a dhéanamh anseo. Níl ach cnaipe le brú. Tá sé an-éasca. B'fhéidir gur gá do dhuine dhá chnaipe a bhrú ag an am céanna. Tá sé sin ródheacair do roinnt daoine. Is scannal é sin agus is masla é don Ghaeilge mar theanga dhúchais nach bhfuil muid in ann an Ghaeilge a úsáid i gceart. Tá brí iomlán difriúil lena lán focal-----

Cuireadh an díospóireacht ar athló.
Debate adjourned.
Barr
Roinn