Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 3 Mar 2021

Vol. 1004 No. 7

An Ghaeilge agus An Ghaeltacht: Ráitis

Iarraim ar an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Catherine Martin, a labhairt linn. Tá 20 nóiméad aici.

Sílim go bhfuil an Taoiseach chun cúpla focal a rá.

Tá 20 nóiméad ag an Taoiseach ar dtús.

Is údar áthais dom a bheith ag caint inniu le linn Sheachtain na Gaeilge, an ócáid a eagraítear go bliantúil ag an tráth seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge mar theanga bheo bhisiúil na hÉireann. Is ócáid í Seachtain na Gaeilge a thugann an deis dúinn ar fad solas a scalladh ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge mar chuid lárnach agus luachmhar de chultúr saibhir agus uathúil na hÉireann. Tugann Seachtain na Gaeilge an deis freisin le solas a scalladh ar an obair fhónta atá ar bun agus beartaithe ag an iliomad páirtithe leasmhara trasna an státchórais, trasna na tíre agus trasna na Gaeltachta ar son na Gaeilge agus ar leas phobal labhartha na Gaeilge agus go deimhin ar leas dóibh siúd ar mhian leo an Ghaeilge a fhoghlaim chomh maith.

Mar is eol do na Baill, is í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 polasaí an Stáit i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is straitéis trasrialtais í, a bhfuil tacaíocht tras-pháirtí aici. Ar mhaithe le dlús a chur le feidhmiú na straitéise, ag úsáid cur chuige cuntasach agus trédhearcach, foilsíodh plean gníomhaíochta don Ghaeilge i mí an Mheithimh 2018, tar éis é a bheith beannaithe ag an Rialtas ag an tráth sin. Sa phlean sin leagtar amach breis agus 180 beart a chuirfidh tuairim is 60 páirtí leasmhar i bhfeidhm thar shaolré cúig bliana an phlean, ar mhaithe le forfheidhmiú na straitéise, agus ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta dá réir.

I mí Dheireadh Fómhair 2020, d’fhoilsigh an Rialtas an chéad tuairisc bhliantúil ar dhul chun cinn, a chumhdaigh an tréimhse ó shamhradh 2018 go dtí Meitheamh 2019. Cé gur tuairiscíodh moill áirithe le feidhmiú bearta áirithe, is údar mór áthais agus misnigh an dul chun cinn suntasach atá déanta agus idir lámha maidir le móramh mór na mbeart a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta. Is í an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta Spóirt agus Meán atá freagrach as comhordú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú agus monatóireacht a dhéanamh ar an bplean, faoi stiúir an Aire, an Teachta Catherine Martin, agus an Aire Stáit, an Teachta Jack Chambers. Tá i gceist againn an dara tuairisc bhliantúil maidir lena chur i bhfeidhm a fhoilsiú go luath - tar éis a bheith leagtha faoi bhráid an Rialtais - agus tá obair ullmhúcháin ar bun maidir leis seo ar fad faoi láthair. Ach an oiread, le gach réimse eile den saol, níl aon amhras ach go mbeidh sé le sonrú sa tuairisc sin nuair a fhoilseofar í gan rómhoill, an tionchar suntasach a bhí ag an bpaindéim go dtí seo ar ghnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Tríd an raon leathan tacaíochtaí agus bearta atá á gcur i bhfeidhm i rith an ama faoi scáth an Rialtais, tá tréaniarracht idir lámha chun na deacrachtaí sin a mhaolú a oiread agus is féidir. Ná déanaimis dearmad ach an oiread, gur thosaigh feidhmiú an phlean gníomhaíochta, agus an obair a leagtar amach sa phlean roimh an bpaindéim agus ainneoin gur cuireadh as don obair fhónta atá ar bun agus beartaithe níor cuireadh stop leis an obair sin trí chéile. Ar nós gach earnáil agus réimse eile, d’aithin agus d’aimsigh eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta atá bainteach lena fheidhmiú bealaí nua, seiftiúla chun a gcuid gníomhaíochtaí agus seirbhísí a chur ar fáil don phobal, fad a gcumais, sna tosca reatha. Tá siad le tréaslú as sin.

Tá tionchar gan amhras á imirt ag Covid-19 ar gach cuid de gheilleagar na hÉireann, na ceantair Ghaeltachta san áireamh ar ndóigh. Tuairiscítear go raibh 7,363 post lánaimseartha agus 437 post páirtaimseartha i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta ag deireadh 2020. In ainneoin thionchar na paindéime, cruthaíodh 427 post nua i gcomhlachtaí Gaeltachta i rith na bliana. Nuair a thógtar laghduithe poist san áireamh, feictear glanlaghdú de 6% san fhostaíocht ina iomláine. Is in earnáil na turasóireachta agus earnálacha gaolmhara a léiríodh formhór na laghduithe sin. Díol suntais agus dóchais é go bhfuil sé le sonrú sna torthaí sin go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta chun teacht i gcabhair ar a gcuid cliantchomhlachtaí, ag úsáid na gcistí éagsúla stáit, chun dul i ngleic leis na dúshláin reatha. Cheadaigh an Rialtas maoiniú breise don Ghaeltacht mar chuid den phacáiste spreagtha post i mí Iúil 2020, ina raibh soláthar caipitil €8 milliún bhreise d'Údarás na Gaeltachta in 2020 chun uasghrádú riachtanach a dhéanamh ar a stoc foirgneamh agus ar chórais chóireála uisce.

Mar chuid de cháinaisnéis 2021 tá cistíocht bhreise ar fiú beagnach €4.5 mhilliún ceadaithe don údarás sa bhliain reatha faoin gciste caipitil rud a chiallaíonn go mbeidh soláthar caipitil de bheagnach €14.5 mhilliún ar fáil don údarás le tabhairt faoina chlár forbartha, fiontraíochta agus fostaíochta agus chun tacú le comhlachtaí Gaeltachta. Ina theannta sin, fógraíodh go raibh ardú de bheagnach €3 mhilliún ag teacht ar bhuiséad reatha na heagraíochta chun tacú le cúrsaí pá agus pinsin. Is ionann é seo agus buiséad ar fiú beagnach €13 mhilliún a bheith ag an eagraíocht sa bhliain reatha dó seo.

Lena chois sin tá soláthar méadaithe de €700,000 fógartha i dtreo buiséad maoinithe na gcomharchumann agus coistí forbartha pobail Gaeltachta atá faoin stiúir mar fhoras Stáit, rud a chiallaíonn go bhfuil buiséad iomlán de €4.75 mhilliún dó seo sa bhliain reatha.

Tá an t-údarás ag dul i ngleic leis na dúshláin reatha agus ag obair as lámh a chéile le Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí ábhartha eile i rith an ama chun a chinntiú go mbainfidh a chliantcomhlachtaí leas as an raon tacaíochtaí atá ar fáil ón Stát chun brúphointí airgeadais a mhaolú. Bíonn sé ag obair go dlúth le Fiontraíocht Éireann chomh maith, le cinntiú go bhfuil scéimeanna tacaíochta an fhorais Stáit sin ar fáil do ghnólachtaí Gaeltachta go díreach tríd an údarás. Tá deontais agus dearbháin éagsúla ar fáil chun tacú le pleanáil airgeadais, leanúnachas gnó agus trádáil ar líne, mar aon leis na cistí maoinithe agus tacaíochtaí eile atá curtha ar fáil ag an Rialtas. Is féidir le gnólachtaí beaga ar fud na Gaeltachta iarratas a dhéanamh ar an deontas atosaithe faoina bhfuil maoiniú breise curtha ar fáil ag an Rialtas trí na húdaráis áitiúla. Cuidíonn an tacaíocht deontais go díreach do ghnólachtaí beaga leis na costais a bhaineann le hathoscailt agus le hathfhostú tar éis a bheith dúnta de bharr Covid-19. Is ionann é seo ar fad agus an Rialtas a bheith ag déanamh beart de réir briathair ó thaobh fheidhmiú an ghealltanais atá sa chlár Rialtais go dtacófar le hÚdarás na Gaeltachta fostaíocht agus fiontraíocht a chothú sna ceantair Ghaeltachta.

I measc na ngealltanas eile atá sa chlár Rialtais a bhaineann go sonrach le hÚdarás na Gaeltachta, luaitear go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta agus ar an bpróiseas roghnúcháin agus toghcháin i ndáil le bord an údaráis. Tá obair idir lámha faoi stiúir an Aire, an Teachta Catherine Martin agus an Aire Stáit, an Teachta Chambers, maidir le feidhmiú an ghealltanais sin agus tús a chur le bearta ábhartha ina leith gan mhoill. Maidir le cúrsaí airgeadais trí chéile mar a bhaineann sé le réimse na Gaeilge agus na Gaeltachta, is fiú a lua gur cheadaigh an Rialtas €14.8 milliún breise sa cháinaisnéis d’earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta don bhliain reatha. Fágann sé seo go bhfuil maoiniú iomlán d'os cionn €78 milliún ar fáil anois don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mbliana. Leis an gcistíocht bhreise seo, tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, chomh maith le Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta, in ann níos mó airgid a dháileadh ar ghrúpaí pobail ar fud an oileáin a bhfuil obair fhiúntach ar bun acu ar son na teanga.

Tá sárobair ar bun chun úsáid na teanga a chaomhnú agus a threisiú, agus eagraíochtaí ag obair go dian dícheallach ó Thuaidh, ó Dheas agus go hidirnáisiúnta chun an aidhm seo a bhaint amach. Tá maoiniú breise curtha ar fáil ag an Rialtas ó Dheas i mbliana d’Fhoras na Gaeilge chun é a chur ar chumas na heagraíochta an Ghaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn ar fud an oileáin. Déanfar roinnt mhaith den obair díreach tríd an bhforas ach, anuas air sin, tá ceanneagraíochtaí an fhorais, Conradh na Gaeilge, Gaeloideachas, Gael Linn, Cumann na bhFiann, Oireachtas na Gaeilge agus Glór na nGael ag déanamh obair na gcapall ar son na teanga.

B'iontach an rud é don dá rialtas agus na páirtithe polaitiúla sa tuaisceart, teacht ar an gcomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua anuraidh. Leagann sé amach ár dtosaíochtaí maidir le sláinte, oideachas, bonneagar, leasa an phobail, teanga agus cultúr, agus é mar aidhm teacht i dtír ar na ceisteanna is tábhachtaí do phobal an Tuaiscirt. Tá an phaindéim tar éis mórán dár gcuid ama a thógáil. I mí Eanáir, áfach, reáchtáladh an chéad chruinniú maidir le hathbhreithniú ar chur i bhfeidhm an chomhaontaithe. Cruinniú fíorúil a bhí ann, agus bhí an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Státrúnaí, an Chéad Aire, an leas-Chéad Aire, agus ceannairí páirtithe Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann i láthair ag an gcruinniú. Gheall na páirtithe go léir a dtiomantas leanúnach maidir le cur i bhfeidhm Ré Nua, Cur Chuige Nua. Maidir le teanga agus cultúr, tá soláthar sa chomhaontú maidir le reachtaíocht don Ghaeilge, ag tabhairt aitheantais do na cultúir agus traidisiúin éagsúla sa Tuaisceart.

Mar chuid den tiomantas ar chur i bhfeidhm iomlán an chomhaontaithe, tá an Rialtas ag súil go mbeifear in ann an reachtaíocht seo a chur tríd an bhFeidhmeannas sa tréimhse romhainn. Tá an Rialtas dírithe ar chur i bhfeidhm na dtiomantas a rinneamar maidir le tionscadail a rachaidh chun leasa an phobail ar fud an oileáin, tríd nasc níos láidre a chruthú idir an Tuaisceart agus an Deisceart, trí infheistíocht san iarthuaisceart agus sa phobal timpeall na Teorann agus trí thacaíocht a thabhairt don Ghaeilge sa Tuaisceart ar mhaithe le tacú leis an athmhuintearas.

Mar is eol do chách, i gcomhréir le hAcht na Gaeltachta, 2012, tá próiseas pleanála teanga ar bun faoi láthair sna limistéir phleanála teanga Ghaeltachta, sna bailte seirbhíse Gaeltachta agus sna líonraí Gaeilge faoi láthair. Tá an próiseas seo ag teacht faoi bhláth anois. Cuireadh soláthar breise de €1.3 mhilliún ar fáil don phróiseas i mbuiséad 2021, rud a fhágann go mbeidh €5 mhilliún in iomlán ar fáil don phróiseas i mbliana. As an 26 limistéar pleanála teanga Ghaeltachta, tá pleananna do scór acu faofa anois agus tá 22 oifigeach pleanála teanga agus oifigigh chúnta pleanála teanga ceaptha agus ag obair sa phobal. Anuas air sin, tá an chéad oifigeach pleanála teanga a bheidh ag cur plean teanga i bhfeidhm i mbaile seirbhíse Gaeltachta ceaptha do Leitir Ceanainn le déanaí.

Ceadaíodh plean teanga i leith na trí líonra Gaeilge, Inis, Cluain Dolcáin agus Baile Locha Riach, anuraidh. Tá sé mar chuspóir anois na sé phlean deiridh i leith na limistéir phleanála teanga a cheadú faoi dheireadh na bliana seo. Beidh Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta ag tacú leis na ceanneagraíochtaí agus iad ag cur i bhfeidhm na bpleananna seo agus ag tacú leis an bpleanáil teanga trí chéile.

Ós rud é go bhfuil cuspóirí comónta idir an próiseas pleanála teanga agus an polasaí don oideachas Gaeltachta 2017-22, tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag obair as lámh a chéile leis an Roinn Oideachais chun tacú le feidhmiú an pholasaí sin. Díol suntais agus dóchais is ea é go bhfuil beagnach gach ceann den 161 scoil atá lonnaithe sa Ghaeltacht páirteach sa pholasaí. Chuige sin, tá Roinn an Aire, an Teachta Martin, agus an Aire Stáit, an Teachta Chambers, ag cur airgid shuntasaigh isteach i scéim na gcúntóirí teanga agus i gclár na gcluichí Gaelacha chun a chumasú do gach scoil atá páirteach sa scéim tacaíochtaí breise a chur ar fáil dá gcuid daltaí.

Tá sé thar a bheith tábhachtach don phróiseas pleanála teanga go mbeadh seirbhísí Stáit ar fáil as Gaeilge sa Ghaeltacht. Beidh muid ag tabhairt aghaidh ar seo ar bhealach córasach, céimiúil le taighde taobh thiar de. Is é príomhchuspóir Bhille na dTeangacha Oifigiúla, atá ag Céim an Choiste faoi láthair, ná Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a leasú, d’fhonn soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Beidh sraith forálacha mar chuid lárnach de na hiarrachtaí seo agus é mar aidhm leo líon na gcainteoirí Gaeilge a earcófar chuig an tseirbhís phoiblí a mhéadú. Féachfar leis an mBille go mbeidh 20% de na hearcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge.

Tá sé i gceist coiste reachtúil, an coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge, a bhunú chun tacú leis an obair seo. Leagtar amach feidhmeanna an choiste seo sa Bhille, lena n-áirítear plean náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Ullmhóidh an coiste comhairleach plean náisiúnta chun seirbhísí poiblí a sholáthar trí Ghaeilge agus tabharfaidh sé comhairle do chomhlachtaí poiblí faoin gcaoi ina bhféadfar seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar.

Beidh an plean i bhfeidhm ar feadh sé bliana agus cuirfear an tAire, an Coimisinéir Teanga agus an Rialtas ar an eolas go rialta faoina dhul chun cinn i bhfoirm tuarascálacha. Beidh leibhéal trédhearcachta nua ar fáil dá bharr seo i dtaca le foireann ag a bhfuil inniúlacht i nGaeilge a earcú chuig an tseirbhís phoiblí.

Ní mór a lua, mar sin, go bhfuil an Rialtas ag tabhairt aghaidh agus spriocdhátaí ar sheirbhísí Stáit agus earcaíochta tríd an mBille seo. Má táimid chun é seo a dhéanamh i gceart, glacfaidh sé am. Caithfear é a dhéanamh ar bhonn pleanáilte agus tá an tionscnamh atá leagtha amach sa Bhille nua ag croílár na pleanála teanga dá bharr. Don chéad uair riamh, beidh an Roinn atá freagrach as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i lár an aonaigh mar a bhaineann sé le hearcú daoine le Gaeilge don státchóras. Is deis í seo don Rialtas na struchtúir chuí a bhunú le dul i ngleic leis an bhfadhb seo ar bhonn córasach anois, agus tá i gceist againn greim a fháil ar an deis sin agus í a úsáid.

Ba mhaith liom díriú anois ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Agus muid ag ceiliúradh an teanga, tá sé iontach go bhfuil muid in ann deiseanna fostaíochta d’ardchaighdeán a chruthú i gcroílár na hEorpa. Tá sé an-tábhachtach do Rialtas na hÉireann go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre iomlán in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus tá muid tiomanta do dheireadh a chur leis an maolú ar a húsáid iontu. Tá geallta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go dtabharfadh Rialtas na hÉireann gach tacaíocht agus cúnamh don Aontas Eorpach chun an cinneadh maidir leis an Ghaeilge a bheith mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas a chur i bhfeidhm.

Mar aon le gach teanga, tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go mbeidh an teanga in úsáid i measc na nglún atá le teacht inár ndiaidh. Sa chomhthéacs seo, ba chinneadh ríthábhachtach don Ghaeilge é deireadh a chur leis an maolú in 2022. De bharr an chinnidh seo, tá deiseanna ar fáil do chainteoirí Gaeilge san Eoraip, áit a mbeidh fostaíocht d'ardchaighdeán ar fáil dóibh. Tá an sprioc sin beagnach linn anois, agus is cúis áthais dom go raibh 138 duine ag obair le Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha ag tús na bliana seo.

Agus muid ag breathnú chun tosaigh, is gá dúinn ar fad a aithint go bhfuil údar suntasach dóchais ann. Dá dheacra agus dá dhúshlánaí an ré ina bhfuilimid ar fad ag maireachtáil faoi láthair, tá dóchas os ár gcomhair amach ag bun na spéire. Déantar rianú ar an gcosán chun tosaigh sa phlean nua maidir le Covid-19 a foilsíodh an tseachtain seo caite. De bharr na hoibre atá ar bun faoi láthair ó cheann ceann na tíre maidir le dáileadh na vacsaíne, beidh sí faighte ag níos mó agus níos mó daoine de réir mar a théann rudaí ar aghaidh - pobal na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta san áireamh, dar ndóigh. De thoradh air sin, agus ar gach rud eile atá ar bun againn mar phobal, ní fada uainn laethanta níos fearr.

Gabh mo leithscéal. An bhfuil cóip den óráid sin ar fáil?

Is féidir liom é a chur ar fáil.

Cuirfear ar fáil é.

Nach bhfuil sé ar fáil faoi láthair?

Beidh mé ag cur cóipeanna ar fáil.

Cuirfear ar fáil é.

Cuirfear ach tá deacrachtaí ann de bharr Covid. Ní cóir go mbeadh daoine ag dul timpeall ach tabharfaidh mé cóip don Teachta.

Bhí grá agam i gcónaí don seanfhocal “Is beatha teanga í a labhairt”. Is íomhá galánta é. Cuireann sé i gcuimhne dúinn go bhfuil an Ghaeilge beo mar theanga. Inniu, ba mhaith liom tacú leis na cainteoirí, na grúpaí agus na pobail ar fud na tíre atá ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge. Ba mhaith liom freisin tacú leo siúd ar fad atá ag troid do chearta teanga ar oileán na hÉireann. Déanaim comhghairdeas faoi leith le dream Dearg le Fearg as ucht an obair inspioráideach atá ar siúl aige ó Thuaidh agus iad ag troid ar son Acht na Gaeilge.

Ag cruinniú den Choiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta inné, dúirt ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge go gcaithfimid an reachtaíocht a bhaineann leis an nGaeilge ó Thuaidh a chur i bhfeidhm go práinneach. Aontaím go hiomlán leis. Tá sé an-dearfach go raibh tacaíocht ó gach páirtí a d'fhreastail ar an gcoiste do ghlao Chonradh na Gaeilge. D'aontaigh Rialtais na hÉireann, Rialtais na Breataine agus gach ceann de na cúig pháirtí ó Thuaidh aitheantas oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge sa Tuaisceart. Ní mór dúinn go léir a chinntiú go gcuirtear i bhfeidhm é sin. Cé gur Seachtain na Gaeilge é seo, ba chóir dúinn go léir é sin a dhéanamh arís. Chuirfinn fáilte roimh thacaíocht an Taoisigh don reachtaíocht sin.

Is linn go léir an teanga. Mar Rialtas agus mar cheannairí Stáit, caithfear smaointe agus pleananna móra, inspioráideacha agus uaillmhianacha a chur i gcrích. Caithfear an teanga a chosaint, a chothú agus a neartú. Bíonn lúcháir orm nuair a fheicim go bhfuil líon na nGaelscoileanna ag ardú. Caithfear tacú leis seo. Bíonn lúcháir orm nuair a fheicim líon na ndaoine atá ag freastal ar ranganna Gaeilge, ag freastal ar phop-up Gaeltachtaí ar fud na tíre agus ag glacadh páirte in imeachtaí Gaeilge. Fair play dóibh siúd ar fad atá ag eagrú na n-imeachtaí seo, ina measc Conradh na Gaeilge, cumainn Ghaeilge na n-ollscoileanna agus neart eile.

Ach tá níos mó tacaíochta ón Stát de dhíth. Tá an tacaíocht sin de dhíth ar phobal na Gaeltachta, ar na scoileanna, ar na grúpaí óige agus ar na pobail. Tá sí de dhíth ar na mná tí agus na fir thí, atá fágtha gan eolas acu ar na pleananna don samhradh seo mar gheall ar Covid-19, agus ar na seirbhísí eile sna Gaeltachtaí atá ar an ngannchuid mar gheall ar dhruidim na gcoláistí. Ach tá tacaíocht de dhíth freisin ar theaghlaigh na Gaeltachta agus orthu siúd atá ag déanamh iarrachta seirbhísí Stáit a úsáid trí mheán na Gaeilge agus nach bhfuil in ann sin a dhéanamh. Tá tacaíocht de dhíth ar na gnóthaí atá ag brath ar thacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus muid ag fanacht ar leasuithe a bhí geallta maidir leis an údarás. Gheall Fianna Fáil le linn an olltoghcháin go mbeadh leasuithe i ndán d’Údarás na Gaeltachta. Cá bhfuil na leasuithe sin?

Tá breis agus 180 leasú leagtha síos ag an Teachta Ó Snodaigh, thar ceann Shinn Féin, maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Impím ar an Rialtas tacú leis na leasuithe sin. Is leasuithe praiticiúla iad a bhfuil sé mar aidhm acu cearta mhuintir na Gaeltachta a neartú. Neartóidís cearta labhartha, cearta dlíthiúla agus cearta maidir le seirbhísí pobail. Tá siad tábhachtach agus uaillmhianach.

Caithfidh an Teach seo scrúdú a dhéanamh ar úsáid na teanga i dTithe an Oireachtais. Tugadh tús áite don teanga sa Bhunreacht mar phríomhtheanga na tíre ach tá bac curtha sa bhealach ag Teachtaí agus iad ag iarraidh í a úsáid. Cá bhfuil aistriúcháin na mBillí ar fad? Tá an fhoireann aistriúcháin ag obair go dícheallach ach caithfear níos mó áiseanna a chur isteach sa rannóg sin. An bhfuil seirbhísí tacaíochta do Theachtaí ar fáil trí mheán na Gaeilge? Cad faoi leasuithe reachtúla i nGaeilge? Cad iad na himpleachtaí don chóras dlíthiúil? Mar sin, is beatha teanga í a labhairt ach le beatha teanga a neartú, caithfear tacú léi chomh maith.

Cuirim fáilte roimh an díospóireacht seo ach ní mór dom a rá go bhfuil cás na Gaeilge agus na Gaeltachta thar a bheith leochaileach faoi láthair. Níl tuiscint cheart ag an Rialtas, ag cuid mhaith den Oireachtas agus ag a lán den phobal i gcoitinne ar cé chomh dona is atá cúrsaí. Níl an Rialtas seo, ná aon rialtas le déanaí, ag cuidiú le stop a chur leis an chúlú sin.

Níl an státchóras tugtha le seirbhísí Gaeilge a chuir ar fáil go huathoibríoch. Bíonn drogall orthu, nó déanann siad neamhaird go hiomlán ar chearta Gaeilgeoirí seirbhísí poiblí a fháil trí Ghaeilge, agus tuigeann siad nach mbeidh aon phionós orthu dá réir.

Díreach seachtain ó shin, foilsíodh plean mór millteach an Rialtais mar gheall ar an mbealach romhainn i leith Covid-19 agus bhí na treoirlínte uilig i mBéarla. Bhí orm gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga chun geallúint a fháil go mbeadh siad foilsithe as Gaeilge. Táim fós ag fanacht air sin, dála an scéil. Níl an cháipéis sin ar líne as Gaeilge go fóill, in ainneoin na gearáin. Is ar éigean go ndearna comhlachtaí sláinte phoiblí iarracht ar bith fógraíocht a dhéanamh, le breis is bliain anuas, maidir le Covid-19 sna meáin trí Ghaeilge. Is náiriú é sin ar an Rialtas seo agus a mheon i leith na Gaeilge. Tá teachtaireacht shoiléir á thabhairt do phobal labhartha na Gaeilge gan a bheith ag brath ar aon rud atá práinneach a fháil trí Ghaeilge.

In áit a rá go bhfuil gach rud go hiontach ó thaobh na Gaeilge de, ba chóir dúinn admháil go bhfuil a lán oibre le déanamh ag gach páirtí, Sinn Féin san áireamh, chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar is cóir. Tréaslaím leis an obair atá déanta ag Ógra Shinn Féin le déanaí, agus ag eagrais Gaeilge eile ar nós Conradh na Gaeilge, chun a léiriú conas gur féidir linn go léir an teanga a úsáid go héifeachtach ar na meáin shóisialta. Beidh Sinn Féin ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge trí chéimniú a dhéanamh ar na céadta baill den pháirtí a ghlac páirt i ranganna Gaeilge ar líne le linn na dianghlasála. Tréaslaím leo go léir agus go háirithe na múinteoirí deonacha i Sinn Féin, agus sna heagrais eile go léir ar nós Cumann Lúthchleas Gael, a d’eagraigh ranganna Gaeilge saor in aisce.

Seasann Sinn Féin freisin leis na hábhar-múinteoirí in oiliúint i gColáiste Hibernia agus tá súil agam nach gcuirfidh an Rialtas ualach €650 an duine orthu chun freastal ar chúrsa éigeantach ar líne sa bhaile in áit an ghnáthchúrsa sa Ghaeltacht a chosain €750. Tá siad ag streachailt cheana féin leis na srianta agus an easpa poist atá rompu. Ní mór dúinn tacaíocht a thabhairt do na hábhar-múinteoirí agus dóibh siúd go léir atá ag brath ar choláistí samhraidh, ar nós Coláiste Lurgan agus a leithéid, atá ag iarraidh an togra Lurgan 23 a bhaint amach.

Bíonn sé de nós againn a rá cé chomh lárnach is atá an Ghaeilge i dTithe an Oireachtais ach i ndáiríre is annamh a chloistear an Ghaeilge in úsáid i ndíospóireachtaí sa Teach seo ar chor ar bith. Níl aon mhórathrú tagtha ar an scéal sin ó toghadh mé nó fiú roimhe sin. Tá obair mhór romhainn chun Tithe an Oireachtais a Ghaelú. Molaim an Ceann Comhairle as an iarracht atá ar siúl aige agus roinnt eile mórthimpeall orainn atá ag déanamh iarrachta tabhairt faoi seo, chun cinntiú go mbeidh pobal labhartha na Gaeilge ag féachaint orainn agus ar an eiseamláir atá in ainm is a bheith ag teacht ó Thithe an Oireachtais. Níl rudaí i gceart. Níl sé ceart go bhfeicim comharthaí as Béarla amháin, mar “private” in áit “príobháideach” agus a leithéid, nuair atáim ag siúl timpeall Tithe an Oireachtais. Fiú d’fhéadfadh muid an dá theanga a úsáid. Caithfimid tabhairt faoi sin go gasta.

Díreach roimh an Nollaig, ba léir domsa cé chomh dona is a bhí an cheist ó thaobh acmhainní a bheith curtha i dtreo ceist na Gaeilge i dTithe an Oireachtais agus ó thaobh obair reachtaíochta de. Cuireadh an cruinniú a bhí chun tús a chur le déileáil le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 ar athló toisc nach raibh an córas in ann déileáil leis na leasuithe. Níl mé ag caitheamh anuas orthu siúd atá ag obair in Oifig na mBillí nó Rannóg an Aistriúcháin nó aon áit eile ach ba léiriú domsa é cé chomh leochaileach is atá ceist na Gaeilge istigh sa chóras i dTithe an Oireachtais féin. Ba chóir go mbeadh muid in ann féachaint ar gach uile Acht a ritheadh i dTithe an Oireachtais ó bunaíodh an Stát as Gaeilge ach ní féidir linn é sin a dhéanamh, in ainneoin go bhfuil foráil in Acht na dTeangacha Oifigiúla a deir go ndéanfar an téacs de gach Acht a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla. Níl sé sin ag tarlú. Tá Achtanna ann fós atá rite, roinnt acu le tamall maith de bhlianta, nach féidir a fháil as Gaeilge. Dá réir sin, ní féidir liomsa nó Teachtaí eile atá ag iarraidh ár n-obair reachtúil parlaiminte a dhéanamh trí Ghaeilge é sin a dhéanamh.

Níl mé chun caint faoi Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 ach amháin le rá go bhfuil sé lag agus leochaileach. Muna mbíonn athrú iomlán port ann ó thaobh an Aire agus an Rialtas de beimid fós ag fanacht ar an bhfís, ar an bhfuadar agus ar an reachtaíocht a dhéanfaidh beart de réir na briathra. Ní hé an Bille atá os ár gcomhair an Bille sin.

Agus muid ag tabhairt faoin streachailt chun cearta teanga a chur sa dlí ó Thuaidh, mar a luaigh an Teachta McDonald agus an coiste maidir le hAoine an Chéasta, tá sé díomách go bhfuil muintir na Gaeltachta sa Stát seo fós ag feitheamh ar sheirbhísí bunúsacha ón Stát seo trí Ghaeilge, rud a gealladh dóibh nuair a bunaíodh an Stát agus beagnach gach uile bhliain agus i ngach uile toghchán ó shin.

Bhuail mé le déanaí le Tuismitheoirí na Gaeltachta. Luaigh siad dhá shampla dom atá an-tromchúiseach agus a léiríonn cé chomh dáiríre is atá an tionchar atá ag easpa Gaeilge i measc na seirbhísí ar shláinte agus ar cháilíocht maireachtála do dhaoine sa Ghaeltacht. Labhair siad liom faoi altra sláinte poiblí a tháinig, mar is gnách, chun tástálacha a dhéanamh ar leanbh agus é timpeall dhá bhliain d’aois. Tógadh an leanbh seo le Gaeilge i gceantar Gaeltachta, agus ba í Gaeilge an t-aon teanga a bhí aige ag an aois sin. Thaispeáin an t-altra pictiúir dó de chathaoir, agus d’fhreagair an leanbh gur “cathaoir” a bhí ann, ach cheartaigh an t-altra é, ag rá go raibh air an focal “chair” a lua mar go raibh siad ag fiosrú an raibh sé in ann an fhuaim “ch” a dhéanamh. Ós rud é nach raibh sé in ann é sin a rá, toisc go raibh sé ag rá “cathaoir”, d’fhág sí an bosca le haghaidh “ch” folamh ar an bhfoirm, agus mar thoradh air sin rinneadh cinneadh go raibh teiripe urlabhra agus teanga de dhíth ag an bpáiste, in ainneoin gur léir do gach duine nach raibh, mar bhí sé in ann caint agus gach uile fhuaim a dhéanamh.

Cás eile brónach a cuireadh in iúl dom ná seanfhear Gaeltachta ar a dtáinig galar Alzheimer agus é tagtha in aois. Tá a chuid Béarla dearmadta aige agus tá sé fillte ar an nGaeilge ach níl Gaeilge ag aon duine sa teach altranais ina bhfuil sé. Tá sé an-uaigneach leis féin, in ainneoin gurb í an Ghaeilge ár dteanga náisiúnta. Tá fadhb mór millteach ann.

Tá fadhbanna eile ann ó thaobh cúrsaí oideachais agus tá ceist mhór ann maidir le Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh. Tá an ghaelscolaíocht ansin i mbaol toisc nach bhfuil an tAire Oideachais atá againn anois sásta cloí leis an méid a mhol an Teachta McHugh nuair a bhí sé mar Aire.

Tá obair mhór romhainn. Tá sé go maith go mbíonn muid ag caint faoi cheisteanna Gaeilge ar a laghad uair sa bhliain le linn Seachtain na Gaeilge, ach tá i bhfad in Éirinn níos mó le déanamh, ní amháin ag mo choiste féin ach ag an Rialtas agus ag aon pháirtí atá ag iarraidh a bheith sa Rialtas amach anseo. Molaim do dhaoine tabhairt faoi na ceisteanna seo agus cur chuige ceart a bheith ann seachas a bheith ag moilleadóireacht mar atá déanta le blianta anois.

Tá brón orm ach beidh mé ag caint as Béarla. I would like to use this opportunity to bring up the issue of the fees being charged to students of Hibernia College. This has been brought up a number of times over recent weeks, and while it is ultimately the responsibility of the Minister for Education, the Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media also has an area of responsibility here. I ask her to bring this contribution to the Minister for Education and I would appreciate it if she could contact me by writing after the debate with any responses she may have herself. There are 1,700-odd students across two academic years in Hibernia College, the vast majority of whom have been making great personal sacrifices to take part in the course, which takes place in a private college.

These students are ordinary people who are subsidising their way through this course with jobs, many of which have been lost to the pandemic. They may be sharing the burden with their own household or partner in order for them to fulfil their dream of becoming a teacher through this college. Their partners' jobs may also have gone or they may be on the pandemic unemployment payment, PUP, and times are especially hard, financially. They are learning through a private college and the outcome for these students will be to work in the public system in our schools, both primary and secondary. There is a responsibility here because there is an inequity where students who are going to public colleges are having the charges for their compulsory Gaeltacht courses covered but the ordinary working people who are working very hard to get through the private colleges are not having these fees covered at all. These are fees of €650 plus, multiplied by two. This is a big cost.

What is especially tough for them is that these courses, due to the pandemic, have had to be done online and there are no accommodation, food, travel or other costs to be paid. The price of this course does not add up. This is not a fair price for what the course is and students should not be burdened with this cost.

This issue has been raised a number of times on the floor of the House and in written parliamentary questions and the response that always comes back is that either the Department will meet with the college itself or that it is up to the college to negotiate directly with the providers of the Gaeltacht courses. That is somewhat disingenuous because the prices have already been set by Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, CONCOS, the umbrella organisation for the Gaeltacht courses. That is a false ask and a meeting with the college itself is not going to produce anything. It is down to the Minister, on a once-off basis, because we are in the midst of an unique global event which is having all sorts of unforeseen impacts, to allow some sort of once-off grant payment to allow these students to take part in these courses. The students I have been dealing with, to a man and woman, are ordinary workers who are making enormous sacrifices in normal times to try to complete these courses to become teachers, which is their dream and vocation, but these sacrifices are being compounded by the economic hardship brought on by this pandemic.

In fairness, there have been times when this Government and the previous interregnum Government have acted flexibly across the economy and society to try to meet the challenges and needs of those impacted by this pandemic. This is one such instance where we need that flexibility to be applied and I do not believe that there is any real resistance to it. Just because these people are learning through a private college does not mean that this can be just dismissed. These are not rich people with a great deal of money. Those I represent, and with whom others have been dealing, are ordinary working people who are scrimping and saving to try to get themselves through college and fulfil their dreams to give back to the generations to come as teachers. I ask the Taoiseach to take this message back to the Minister for Education. If he has any contributions of his own on this issue, I would enjoy hearing them either at the end of this debate or in writing to myself. I will leave it at that.

Tá 11 nóiméad ag an Aire, an Teachta Martin.

Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle agus leis na Teachtaí. Cuireann sé an-áthas orm labhairt leo anseo inniu agus muid i lár Sheachtain na Gaeilge. Tá go leor ag tarlú faoi láthair i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta. Cuireann sé gliondar i mo chroí i gcónaí an grá atá ag pobal labhartha na Gaeilge dár dteanga dúchais a thabhairt faoi ndeara. Smaoiním ar na teaghlaigh Ghaeltachta, mar shampla, a thugann na mílte déagóirí isteach ina gcuid tithe gach uile bhliain ar mhaithe leis an teanga a thabhairt don chéad ghlúin eile d’fhoghlaimeoirí. Smaoiním ar an teanga álainn nádúrtha atá fós á labhairt ag na pobail Ghaeltachta seo suas is anuas chósta an iarthair, go príomha, teanga atá fós á labhairt ag óg agus aosta sna ceantair Ghaeltachta. Smaoiním ar an sár-obair atá ar bun ag na comharchumainn, ag na coistí pleanála teanga agus ag na coistí áitiúla ar mhaithe lena gcuid pobal agus a dteanga dúchais a fhorbairt agus a chur chun cinn. Tugann an obair seo atá ar bun ag na pobail seo spreagadh dom mar Aire agus mé ag comhlíonadh mo chuid dualgas don teanga agus don Ghaeltacht. Tugann sé misneach dom agus mé ag díriú isteach ar na dúshláin atá roimh an nGaeilge sa sochaí chomhaimseartha. Is é ceann de na dúshlán sin an teanga a chur chun cinn ag leibhéal an Aontas Eorpaigh. In 2007, bronnadh stádas mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas Eorpach ar an nGaeilge ach cuireadh maolú sealadach ar a húsáid in institiúidí an Aontais i bhfeidhm. In 2015, rinneadh cinneadh deireadh a chur leis an maolú i leith na Gaeilge faoi 2022. Faoi láthair tá 138 duine ag obair le Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha agus tá an lá a chuirfear deireadh leis an maolú beagnach linn.

Tá agus bhí dúshlán roimh na hinstitiúidí agus roimh Rialtas na hÉireann ó thaobh na hearcaíochta de le déanamh cinnte de go mbeadh líon leordhóthanach pearsanra le Gaeilge ar fáil chun na folúntais san Eoraip a líonadh. É sin ráite, bhí geallta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go n-oibreodh an Rialtas i dtreo go mbeadh go leor céimithe cáilithe ar fáil le freastal ar riachtanais earcaíochta an Aontais Eorpaigh. Dá bharr sin, tá obair shuntasach ar bun ag mo Roinn chun céimithe cáilithe a chur ar fáil le freastal ar na riachtanais earcaíochta sin.

Agus an Rialtas ag tabhairt Bille na dTeangacha Oifigiúla tríd an Oireachtas faoi láthair, tá sé tráthúil breathnú arís ar an gcur chuige atá i bhfeidhm ar mhaithe le deireadh a chur leis an maolú san Aontas. Sílim go bhfuil go leor le foghlaim againn uaidh agus muid ag díriú ar an sprioc atá sa Bhille 20% d’earcaithe nua don státchóras anseo in Éirinn a bheith inniúil sa Ghaeilge roimh 2030.

Le roinnt blianta anois, tá sraith beartas curtha ar bun ag mo Roinn le cuidiú leis an bpróiseas seo. Cuireann mo Roinn, i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus leis an Údarás um Ard-Oideachas, maoiniú ar fáil do chúrsaí ábhartha tríú leibhéal ar mhaithe le ráta reatha i gcomórtais earcaíochta an Aontas Eorpaigh a fheabhsú agus céimithe inniúla a sholáthar d’fhostaíocht sna hinstitiúidí Eorpacha. Bunaíodh Ionad Barr Feabhais do Ghairmeacha san Aontas Eorpach chun comhordú a éascú idir na hinstitiúidí éagsúla atá rannpháirteach sa tionscnamh. Cuireann mo Roinn maoiniú ar fáil don tionscadal téarmaíochta LEX, i gcomhar le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Eagraíonn mo Roinn, i gcomhar le hArd-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh, comórtas aistriúcháin le haghaidh meánscoileanna Gaeilge in Éirinn, Thuaidh agus Theas. I mí na Nollag, bhronn mo chomhghleacaí, an tAire Stáit, an Teachta Chambers, na duaiseanna ar bhuaiteoirí na bliana seo caite agus bhí gach duine a raibh baint acu leis an gcomórtas an-tógtha le caighdeáin teanga na ndaltaí a ghlac páirt. Tá súil againn go dtabharfaidh an comórtas seo spreagadh do dhaltaí meánscoile smaoineamh ar na deiseanna fostaíochta atá san Eoraip dóibh siúd a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu.

Mar chuid den chur chuige céanna, tá mo Roinn ag maoiniú 'Gluaiseacht', seó bóthair de chuid Conradh na Gaeilge, a bhíonn ag cur os cionn 120 ceardlann ar bun le linn na bliana ar bhonn uile-Éireann. Tá go leor de na himeachtaí seo curtha ar fáil ar líne le bliain anuas, ach tá súil againn nach mbeidh sé i bhfad go dtí go mbeidh siad ar bun arís i scoileanna agus coláistí na tíre. Tá béim ar leith á cur sna ceardlanna seo ar bhuntáistí na Gaeilge agus fostaíocht á lorg ag na daltaí, le cur síos ar chúrsaí tríú leibhéil agus deiseanna fostaíochta le Gaeilge, agus ar na deiseanna san Eoraip agus, go háirithe, sa tseirbhís phoiblí in Éirinn. Tá scéim intéirneachta againn, a chuireann deichniúr intéirneach chuig na hinstitiúidí Eorpacha ar feadh tréimhsí deich mí gach uile bhliain. Tugann sé seo an deis do dhaoine óga blaiseadh a fháil den saol oibre san Eoraip, oiliúint a fháil ó na hinstitiúidí, agus cur lena gcuid scileanna chun deis níos fearr a thabhairt dóibh sna comórtais earcaíochta amach anseo.

Leis na beartais seo ar fad, tá muid tar éis aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a bhí ann ó thaobh easpa daoine le Gaeilge ar ardchaighdeán chun na poist san Eoraip a líonadh. Tá muid tar éis glúin nua a thraenáil le sainscileanna i gcúrsaí aistriúcháin, profléitheoireachta, ateangaireachta agus cúrsaí dlí. Tá sé seo déanta ar bhealach céimnithe, córasach, agus muid ag tarraingt ar an saineolas san earnáil tríú leibhéal. Tá muid ag dul i bhfeidhm ar dhaltaí meánscoile agus mic léinn ollscoile agus muid ag scaipeadh na nuachta faoi na deiseanna atá ar fáil leis an teanga.

Sílim gur iontach an múnla é seo don méid atá le baint amach anois sa státchóras sa bhaile anseo in Éirinn.

Arís, tá dúshlán mór amach romhainn má tá muid chun na spriocanna atá againn i mBille na dteangacha oifigiúla a bhaint amach. Gheall an Rialtas anuraidh go dtabharfadh muid Bille teanga níos láidre chun cinn agus tá muid á déanamh leis na leasuithe atá muid ag cur chun cinn. Tá an plé ag dul ar aghaidh ar Chéim an Choiste go fóill agus tá súil agam go mbeidh muid ag teacht ar ais ar Chéim na Tuarascála le breis leasuithe a thabharfaidh Bille an-láidir dúinn.

Faoi Bhille na dteangacha oifigiúla faoi láthair, leis na leasuithe atá mé féin agus an tAire Stáit, an Teachta Chambers, ag cur chun cinn, tá coiste comhairleach reachtúil um sheirbhísí Gaeilge le bunú tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an Bhille a bheith achtaithe. Tá plean náisiúnta ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú le bheith ullmhaithe agus curtha faoi bhráid an Aire tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis bhunú an choiste. Tá cumhacht sa bhreis le tabhairt don Choimisinéir Teanga chun faireachán a dhéanamh ar fhorálacha in achtacháin eile a bhaineann le húsáid nó le stádas teanga oifigiúil. Tá 20% d’earcaithe nua do chomhlachtaí poiblí le bheith inniúil sa Ghaeilge tráth nach déanaí ná Nollaig 2030.

Beidh sé mar chuspóir sa Bhille chomh maith go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh na comhlachtaí in ann freastal ar an éileamh ón phobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Ar an mbealach seo, tá sé i gceist againn tógáil, ar bhonn chéimiúil, ar líon na bhfostaithe le Gaeilge agus ag eascairt as sin, go mbeimid in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge.

Beidh taighde cuimsitheach ag teastáil chun plean náisiúnta do sheirbhísí Gaeilge a chur le chéile. Beidh smaointeoireacht agus modhanna oibre nua ag teastáil chun an plean a chur i gcríoch, chun cur le líon na ndaoine atá á n-earcú agus atá inniúil ar an Ghaeilge. Tá an saineolas agus an taithí atá faighte ag mo Roinn agus é ag plé le ceist na Gaeilge san Eoraip chun a bheith ina bhuntáiste mór leis na spriocanna seo a bhaint amach. Tá tábhacht ar leith mar sin le ról mo Roinn ar an gcoiste comhairleach atá le bunú, mar den chéad uair riamh, beidh mo Roinn i gcroílár na díospóireachta, agus ceist na hearcaíochta á plé. Leis seo, beidh muid in ann tionchar a imirt ar an gcóras, chun a chinntiú go mbeidh feabhas ag teacht ar chúrsaí earcaíochta, agus feabhas dá réir ar leibhéal agus caighdeáin na seirbhísí Ghaeilge sa tseirbhís phoiblí.

Mar a dúirt an Taoiseach ag tús na díospóireachta inniu, tá sé thar a bheith tábhachtach don phróiseas pleanála teanga go mbeadh seirbhísí Stáit ar fáil as Gaeilge sa Ghaeltacht. Beidh an Rialtas ag tabhairt aghaidh air seo ar bhealach córasach, céimiúil le taighde taobh thiar de. Mar a dúirt mé agus mé ag oscailt Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge Dé Sathairn seo caite, má táimid chun é seo a dhéanamh i gceart, glacfaidh sé ama agus ní tharlóidh sé thar oíche. Caithfear é a dhéanamh ar bhonn pleanáilte agus tá an tionscnamh atá leagtha amach sa Bhille nua ag croílár na pleanála teanga dá bharr.

Cuirim fáilte roimh na ráitis seo faoin nGaeilge agus an Ghaeltacht, ach céard is fiú na ráitis seo nuair nach gcloistear an Ghaeilge ach go fíor-annamh sa Seomra seo? Ní leor díreach cuimhne ar an nGaeltacht agus ar an nGaeilge ach ar feadh coicíse i rith na bliana. Caithfidh muid a bheith cúramach freisin nach gcuireann muid an iomarca béime ar shiombalachas na Gaeilge seachas ar na constaicí a bhíonn roimh lucht na Gaeilge, ach go háirithe rompu siúd atá ina gcónaí sa Ghaeltacht.

Céard atá i ndán don Ghaeltacht? Cén todhchaí atá acu siúd atá ag iarraidh a dteaghlaigh a thógáil sa Ghaeltacht? Ar cheann de na tosaíochtaí éagsúla a bhí agam mar Theachta Dála ón gcéad lá, theastaigh uaim aird a tharraingt ar an easpa infreastruchtúir cuí atá le fáil i ndeisceart agus in iarthar Chonamara chomh maith le ar Árainn, ar ceantracha Gaeltachta iad ar fad. Is éard atá i gceist agam ansin ná easpa bóithre sábháilte, easpa seirbhíse leathanbhanda, easpa cóireála fuíolluisce agus séarachais, easpa seirbhísí uisce leanúnacha agus easpa infheistíochta i gcúrsaí tionsclaíochta. Níl aon ghá go leor de na ceisteanna seo a phlé sa chuid eile den tír mar go bhfuil na seirbhísí sin ann cheana agus ní bheadh aon súil ag an bpobal go gcaillfidís iad.

Ach ní mar sin atá sé sa Ghaeltacht. Nuair a theastaíonn an infreastruchtúr cuí le truailliú a sheachaint sa Ghaeltacht, tá an Stát ar iarraidh. B’éigean do mo chomhghleacaithe, na Teachtaí Doherty agus Carthy, cás a thógáil chuig an gCoimisinéir Eorpach um Gníomhú ar son na hAeráide, mar shampla, chun iachall a chur ar an Stát córas cóireála fuíolluisce a thabhairt isteach do mhuintir Ghaoth Dobhair, rud éicint a bhí siad ag éileamh le blianta roimhe sin. Táthar á mheas go bhfuil oiread is 1,300 araid rothaí séarachais ag dul isteach i gCuan Chasla gach uile lá mar gheall ar easpa ionaid cóireála séarachais don Cheathrú Rua. Mar sin, is deacair gan glacadh le tuairimí an phobail sa Ghaeltacht go bhfuil siad ligthe i ndearmad nuair atá polasaithe á bplé.

Cén fáth, mar shampla, ar baineadh ó mhuintir na Gaeltachta an ceart a bhí acu a gcuid ionadaithe féin a thoghadh ar bhord Údarás na Gaeltachta? Cinneadh frithdhaonlathach a bhí ansin agus tá a fhios againn gur beag athrú airgeadais a rinne sé fiú amháin. Dúirt Fianna Fáil go dtabharfadh sé ar ais na toghcháin phoiblí do bhord Údarás na Gaeltachta. Ansin fuair muid geallúint i bhfad ní ba laige ná sin i gclár an Rialtais go ndéanfaí athbhreithniú ar struchtúr an údaráis ach céard atá déanta faoi? Tada. Cén fáth gur thóg sé míonna ar an Rialtas plean a aontú maidir leis na mná tí agus na coláistí samhraidh a bhí as póca de bharr srianta a bhain le Covid-19? Cén fáth nach bhfuil an infreastruchtúr cuí ag pobal na Gaeltachta cois cósta agus atá ag formhór mór eile den tír?

Ón taithí atá agam féin mar Theachta Dála le bliain anuas, feictear dom gur beag an tuiscint atá ag an Stát ar phobail Ghaeltachta, ar mheath na teanga sa Ghaeltacht, ná ar an gcaillteanas a bhaineann le meath na teanga sin. Deir an scríbhneoir aitheanta as Kenya, Ngg wa Thiong'o, go bhfuil teangacha cosúil le tiomántán crua nó hard drive, ina bhfuil seanchas, saíocht agus saineolas na mílte bliain cruinnithe agus má chailltear an teanga sin, cailleann sé an saibhreas intleachtúil sin ar fad.

Caithfidh an Stát plean cuimsitheach forbartha a aontú do na ceantair Ghaeltachta chun úsáid a bhaint as na hacmhainní nádúrtha atá acu ar bhonn inbhuanaithe le deiseanna fostaíochta fadtéarmacha a chruthú. Ciallaíonn sé sin tograí móra ar nós calafoirt domhainmhara i Ros a Mhíl na Gaillimhe; ciallaíonn sé tuilleadh deiseanna taighde cois chósta ar chúrsaí fiadhúlra agus mara; agus ciallaíonn sé turasóireacht éiceolaíoch. Ní bheifear in ann aon cheann de na tograí seo a fhorbairt cheal infreastruchtúir ceart. Ní bheidh comhlacht Stáit ná comhlacht príobháideach in ann lonnú i gceantar ar bith nach bhfuil na seirbhísí sin ann, nach bhfuil an cumas ag an gcóras cóireála fuíolluisce glacadh leo ná nach bhfuil na scoileanna, an leathanbhanda is uile mar iad sách maith dóibh.

Thar aon ní eile, is gá don Stát tosú ag dul chun cainte le muintir na Gaeltachta. Dá ndéanfaí é sin, gheobhadh sé amach sciobtha go leor go bhfuil na freagraí acu sin ar na ceisteanna seo ar fad. Níl ann ach go gcaithfidh an Stát athrú treo a ghlacadh agus tacú leo seachas a bheith i gcónaí ag teacht rompu.

Cuirim fáilte roimh an deis seo labhairt le linn Sheachtain na Gaeilge chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga dhúchais.

Ó ceapadh mé mar Aire Stáit le dualgas don Ghaeltacht i lár na bliana seo caite agus in ainneoin na srianta a bhaineann leis an bpaindéim, táim tar éis iarracht a dhéanamh casadh leis an oiread eagraíochtaí agus pobail Gaeilge agus Gaeltachta agus is féidir. Cé go mb’éigean dom é a dhéanamh go fíorúil den chuid is mó, d’éirigh liom casadh le réimse leathan d’eagraíochtaí atá ag feidhmiú in airneáil na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Tionóladh cruinnithe Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge go gairid tar éis mo cheapacháin agus, le linn cuairt a thug mé ar Ghaeltacht na Gaillimhe i Meán Fómhair, chas mé leis an gCoimisinéir Teanga, le bainistíocht sinsireach Údarás na Gaeltachta chomh maith le toscaireachtaí ó ghrúpaí Gaeltachta, Choláiste Chonnacht, Coláiste Lurgan, CLG Bearna agus CLG Bhaile Chláir na Gaillimhe san áireamh.

I mí Meán Fómhair chomh maith, chas mé leis an gcoiste comhairleach don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge roimh sheoladh an chéad tuairisc maidir le cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2020. I measc na n-eagraíochtaí a bhfuil ionadaíocht acu ar an gcoiste seo tá Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Cumann na bhFiann, Oireachtas na Gaeilge, Gael Linn, Gaeloideachas, Glór na nGael, Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta.

Díreach mí ó shin, thug mé cuireadh do gach oifigeach pleanála teanga agus oifigeach cúnta pleanála teanga atá fostaithe sna limistéir pleanála teanga Gaeltachta, sna bailte seirbhíse Gaeltachta agus sna líonraí Gaeilge chuig cruinniú liom nuair a pléadh réimse ábhar eadhon, forálacha Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) atá faoi bhráid an Oireachtais faoi láthair, an phleanáil fhisiciúil sa Ghaeltacht, an t-oideachas Gaeltachta agus obair na bpleanálaithe teanga i gcoitinne. Ba chruinniú tábhachtach a bhí sa cheann sin domsa mar Aire Stáit na Gaeltachta mar go raibh an grúpa sin ionadaíoch do gach phobal Gaeltachta ar fud na tíre.

Tionóladh cruinniú ar leith leis an eagraíocht, Tuismitheoirí na Gaeltachta, ar an lá céanna, eagraíocht atá maoinithe ag mo Roinn agus atá i mbun oibre le teaghlaigh Gaeltacht ar mhaithe le n-iad a spreagadh agus a chumasú chun an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile. Ó shin i leith, táim tar éis casadh le hionadaithe ó Ghlór na nGael agus ó Choistí na Hallaí Pobail i nGaeltacht Chonamara.

Caithfidh mé a rá gur thug an sraith cruinnithe seo léargas agus tuiscint cuimsitheach ar na saincheisteanna atá ag déanamh scime do lucht labhartha na Gaeilge agus do phobail Gaeltachta, nithe a chaithfear leanúint suas orthu le mo chomhghleacaithe sa Rialtas. Tá sé sin déanta agam cheana féin nuair a shocraigh mé cruinniú leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúl agus Oidhreachta, An Teachta Dara Ó Briain, maidir leis an bpleanáil fhisiciúil sa Ghaeltacht agus tá oifigigh mo Roinne ag obair go dlúth anois lena gcomhghleacaithe sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúl agus Oidhreachta ar mhaithe le dul i ngleic le fadhb leanúnach na pleanála Ghaeltachta.

Anuas air sin, i mí na Samhna seo caite, d’fhreastail mé ar chruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas, áit ar pléadh saincheisteanna maidir le cur chun cinn na Gaeilge ar bhonn uile-oileánda. Bhí lúchair orm gur éirigh liom féin agus leis an Aire, an Teachta Martin, allúntas méadaithe thar chuimse a fháil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht de bharr na hidirbheartaíochta maidir leis na Meastacháin roimh dheireadh na bliana seo caite, rud a chuir ar ár gcumas allúntas méadaithe a chur ar fáil don chomhoibriú Thuaidh-Theas i mbliana.

Tá sárobair ar bun ag chun úsáid na teanga a chaomhnú agus a threisiú, agus eagraíochtaí ag obair go dian dícheallach ó Thuaidh, ó dheas agus go hidirnáisiúnta chun an aidhm seo a bhaint amach.

Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge trí scéimeanna éagsúla chun úsáid na Gaeilge a fhorbairt. Tugann tograí ar nós an scéim Gaelbhratach, atá dírithe ar scoileanna, araon le scéimeanna eile atá á gcur i bhfeidhm ag an bhForas tacaíocht d’úsáid na teanga sna meáin, sna hilmheáin agus sna healaíona.

Tá soláthair breise ar fáil chomh maith faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge mo Roinne do 2021 do réimse eagraíochtaí agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. I measc na ngníomhartha atá beartaithe do 2021, tá i gceist plean digiteach don Ghaeilge, comhfhiontar de chuid na Roinne, Cathair Ollscoil Bhaile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide, a fhoilsiú go luath. Tugann an plean seo tacaíocht do réimse leathan tionscadal teicneolaíocht ar nós Abair.ie, Logainm.ie agus Dúchas.ie.

Tá réimse eile tionscadal digiteach agus teicneolaíocht á mhaoiniú faoi na scéimeanna seo agus a mbeidh obair leanúnach ag dul ar bun in 2021, mar shampla, clár TechSpace, clár gníomhach don aos óg i gcruthú ábhair dhigiteach agus theicneolaíochta atá á chur ar fáil i scoileanna lán-Ghaeilge agus clubanna óige ar fud na tíre; GaelTech, tionscadal de chuid an Ionad ADAPT, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a bhfuil maoiniú ceadaithe dó chun clár taighde maidir le próiseáil teanga nádúrtha na Gaeilge a chur i gcrích sa tréimhse 2017-2021; agus Fáilte ar Líne, cúrsa céime sa Ghaeilge agus i gcultúr traidisiúnta na hÉireann atá forbartha ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus atá ar fáil saor in aisce ar líne ar fud an domhain. Tuigtear dom go bhfuil na mílte daoine ar fud na cruinne ag glacadh páirte sa chlár foghlamtha seo. Tá tacaíocht á tabhairt ag mo Roinn d’Acadamh Ríoga na hÉireann chomh maith chun foclóir stairiúil na Gaeilge a chur i dtoll a chéile.

Dé hAoine beag seo, beidh mé ag labhairt ag ócáid atá eagraithe ag Óstaí an Rí maidir leis na ndeiseanna fostaíochta atá ar fáil do dhlítheangeolaithe san Eoraip. Agus muid ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge faoi láthair, tá sé iontach go bhfuil deiseanna fostaíochta d’ ardchaighdeán mar seo, i gcroílár na hEorpa, ar fáil.

Tá sé an-tábhachtach do Rialtas na hÉireann go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre iomlán in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus tá muid tiomanta do dheireadh a chur leis an maolú. Tá geallta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, a chuaigh tríd an Oireachtas le tacaíocht tras-pháirtí, go dtabharfadh Rialtas na hÉireann gach tacaíocht agus cúnamh don Aontas Eorpach chun an cinneadh maidir leis an Ghaeilge a bheith mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas a chur i bhfeidhm.

In 2015, tógadh cinneadh deireadh a chur leis an maolú i leith úsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontais ag tús na bliana seo chugainn. Faoi láthair tá 138 duine ag obair le Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha agus tá an lá a chuirfear deireadh leis an maolú beagnach linn.

Ní san Aontas Eorpach amháin, dár ndóigh, atá an Ghaeilge le cloisteáil taobh amuigh d’oileán na hÉireann. Le roinnt mhaith blianta anuas, tá mo Roinn ag cur maoiniú ar fáil do os cionn dhá scór ollscoil ar fud an domhain, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada agus ar fud na hEorpa ach go háirithe, chun an teanga a mhúineadh do scoláirí idirnáisiúnta agus chun iad a thabhairt ar chuairt go hÉirinn le cultúr na Gaeltachta a bhlaiseadh. Léiríonn an clár seo don phobal idirnáisiúnta gur teanga beo bríomhar í an Ghaeilge a bhfuil stádas ar leith aici ag leibhéil an Aontais Eorpaigh agus níos faide i gcéin. Ní gá a rá go gcruthaíonn sé dea-thoil i measc an phobail idirnáisiúnta don tír seo chomh maith.

Agus muid ag iarraidh tuiscint a bheith againn ar ár n-oidhreacht agus ar stair na tíre, feictear go bhfuil luach ar leith le h-eolas a bheith againn ar logainmneacha na tíre. Tá forbairt leanúnach á déanamh ar an suíomh logainm.ie ag an mBrainse Logainmneacha, ar cuid de mo Roinn é, i gcomhar le Fiontar agus Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus le tacaíocht airgid ón Rialtas, agus suim ar leith á léiriú ag pobal na tíre ar atá curtha ar fáil ar-líne go dtí seo.

Rinne an Coiste Logainmneacha timpeall naoi gcéad logainm i gContae Chiarraí a iniúchadh i rith 2020. Reáchtáladh trí chruinniú den choiste i gcaitheamh na bliana, cruinniú tionscantach agus dhá chruinniú oibre. Scrúdaigh agus shocraigh an Brainse Logainmneacha 300 logainm i gContae Chiarraí. Tosaíodh ar thaighde a dhéanamh logainmneacha dhá chontae nua, Contae Ros Comáin agus Contae na Mí. Ba mhaith liom an deis seo a thapú mo bhuíochas a chur in iúl don Choiste Logainmneacha atá ag feidhmiú ar bhonn deonach ach a bhfuil obair den scoth ar bun acu.

Níor mhaith liom críochnú gan Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a lua. Gheall an Rialtas anuraidh go dtabharfadh muid Bille teanga níos láidre chun cinn agus tá muid ag déanamh sin leis na leasuithe atá muid ag cur chun cinn. Tá an plé ag dul ar aghaidh ag Céim an Choiste go fóill agus tá súil agam go mbeidh muid ag teacht ar ais ag Céim na Tuarascála le breis leasuithe a thabharfaidh Bille an-láidir dúinn. De bharr na paindéime, táthar ag dul chun cinn an-mhall ag plé le leasaithe Chéim an Choiste. B’é cruinniú an lae inné an seachtú ceann a bhí againn ó thosaigh muid agus níl fiú trian de na leasaithe pléite fós. Do Bhille chomh tábhachtach sin do phobal na Gaeilge, níl an luas ag a bhfuil an próiseas ag dul sásúil in aon chor. Tuigim go mb’fhéidir go mbeidh deis tuilleadh am a thabhairt do na coistí éagúla sa Teach ón tseachtain seo chugainn ar aghaidh. Ba mhór an chabhair don phróiseas dá mbeadh an Cathaoirleach in ann tuilleadh am a fháil don choiste chun dlús a chur leis an bpróiseas.

Níl ansin ach blaiseadh d’obair mo Roinne chun an teanga a fhorbairt agus a chur chun cinn. De bharr brú ama, beidh orm é a fhágáil ansin ach, sula gcríochnaím, ba mhaith liom buíochas a ghabháil arís as an deis a thabhairt dom labhairt sa Dáil inniu chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge.

Cuirim fáilte roimh na ráitis tábhachta seo. Tréaslaím leis na grúpaí uilig ar fud na tíre atá ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge. Tá sé deas go bhfuil seachtain faoi leith againn ina bhfuil muid ábalta béim a chur ar an nGaeilge, ach tá sé níos deise go bhfuil an Ghaeilge mar theanga labartha ag éirí níos láidre. Tá 1.7 milliún duine sa Stát seo le cumas Gaeilge de réir an daonáirimh is déanaí. Is páistí iad 560,000 dóibh siúd sa Stát atá ag labhairt i nGaeilge go laethúil ar scoil. Tá 73,000 duine ag labhairt Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais sa Stát go laethúil.

Tá líon na gcainteoirí ó Thuaidh ag dul ó neart go neart mar gheall ar an obair mhaith atá ar siúl ansin agus iad ag troid ar son cearta teanga. Is teanga bheo í. Labhraím féin í le mo theaghlach agus sna siopaí, mar an gcéanna le daoine sa Ghaeltacht, inár gceantar áitiúil i nGaoth Dobhair agus níos faide ó shiúl. Labhraím í leo siúd atá ag obair liom i Sinn Féin atá an Ghaeilge ar a gcumas acu ar bhonn laethúil. Tá dualgas orainn an teanga agus an Ghaeltacht a neartú.

Tuigeann muid uilig na deacrachtaí atá sa Ghaeltacht ó thaobh an easpa infheistíochta, atá soiléir dúinn uilig, an imirce agus an laghdú a tháinig ar dheiseanna sna ceantair Ghaeltachta le blianta anuas. Tá dóchas ormsa agus ar Shinn Féin nach bhfuil deireadh tagtha le saol na Gaeltachta. Tá athbheochan agus ré úr i ndán don Ghaeltacht ach caithfidh an ré úr seo tacaíocht cheart a bheith aige ón Stát. Tá obair i gceist anseo agus tá infheistiú de dhíth chun é sin a bhaint amach. Mar shampla, thug Fianna Fáil gealltanas le linn an toghcháin anuraidh go mbeadh leasuithe ag teacht d’Údarás na Gaeltachta. Tá muintir na Gaeltachta ag fanacht agus ag fanacht leis an athbhreithniú ar struchtúr feidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta ó shin. Tá siad ag fanacht ar an bpróiseas roghnúcháin nó an próiseas toghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta. Anois, táimid bliain ón olltoghchán sin agus níl cuma ar an scéal go bhfuil deifir ar bith ar an Rialtas seo a dhéanamh.

I ndiaidh na huimhreacha is déanaí a foilsíodh ag tús na bliana seo, tchínn muid go bhfuil glan-laghdú de 6.8% tagtha ar líon na bpost lánaimseartha i nGaeltachtaí Dhún na nGall. Sin buille trom do mhuintir Thír Chonaill agus do na ceantair Ghaeltachta. Taispeánann sé an gá le húdarás atá láidir agus go bhfuil na háiseanna agus na cumhachta aige le dul i ngleic leis na fadhbanna sa Ghaeltacht. Chuir ár gcomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, atá sa Chathaoir inniu, ceist ar an Aire agus ar an Taoiseach faoin amlíne don athbhreithniú seo agus níor tugadh freagra cruinn dó. Níl sé seo maith go leor agus beidh Sinn Féin ag gníomhú ar seo ar son muintir na Gaeltachta go luath.

Is am deacair é am Covid-19 gan dabht. Tá eagrais láidir de dhíth ar chomhlachtaí agus ar mhuintir na Gaeltachta. Tá struchtúr ann in Údarás na Gaeltachta ach caithfear é a láidriú. Leis sin a dhéanamh, caithfear infheistíocht a dhéanamh sa Ghaeltacht. Caithfimid daoine a mhealladh isteach le gnóthaí agus poist a chur ar fáil le cois tacaíochta a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta gnóthaí a bhunú agus daoine a fhostú.

Bhí na coláistí samhraidh iontach tábhachtach do na ceantair sin agus tá cuma ar an scéal go bhfuil baol ann nach mbeidh siad ar ais arís i mbliana. Tá fir agus mná tí ag brath orthu seo. Cén plean atá ann cuidiú leis na cúrsaí sin a bhí le bheith ar siúl i Loch an Iúir, Rann na Feirste, Dún Luiche, Gaoth Dobhair, Cnoc Fola agus Machaire Rabhartaigh? Cén plean atá ann do mhuintir Gleann Cholmcille?

Níos leithne ná sin, caithfear an Ghaeltacht a chothú. Tchím an obair mhillteanach atá á dhéanamh ag Comharchumann Árainn Mhór don oileán. Tá sé i lár iarratais do shlí ghorm, nó blue way, a chur ar bun thart ar an gcósta ansin, rud a mheallfaidh turasóirí gan dabht. Tá fís mhór acu, ní amháin don oileán ach do cheantar an chósta. Caithfimid a bheith ag smaoineamh faoin infheistíocht atá de dhíth sna ceantair Ghaeltachta thart ansin leis na turasóirí sin a choinneáil sa cheantar nuair a thagann siad. Tá deis mhór ann é sin a dhéanamh, leis an nGaeilge mar chroílár an phlean sin. Tá na deiseanna ansin don teanga agus don Ghaeltacht. Iarraim ar an Aire na deiseanna sin a chothú agus gníomhú orthu.

Ag ócáidí mar seo is minic go mbíonn daoine ag labhairt faoin Ghaeilge ar nós nach bhfuil ann ach caitheamh aimsire, mar theanga nach labhraíonn muid ach ó am go ham, nó mar atáimid ag déanamh anois le linn Seachtain na Gaeilge. Is mian liom labhairt, áfach, faoi thábhacht na Gaeilge ó thaobh chultúr agus stair na tíre, mar a bhaineann sí leis an am atá le teacht agus faoin mbealach gur féidir linn an Ghaeilge a úsáid chun cur lenár saol agus leis an tuiscint atá againn orainn féin mar phobal.

Is le gach duine an Ghaeilge. Is cuma más cainteoir ó dhúchas duine, más cainteoir líofa iad nó más duine iad, cosúil liomsa, atá ag déanamh a ndícheall an teanga a fhoghlaim. Tá fáilte roimh na pobail nua atá ag teacht chun cónaí sa tír seo ár dteanga a fhoghlaim agus í a úsáid. Ba chóir dúinn cabhrú leis na pobail seo an teanga a fhoghlaim. Ní rud í an Ghaeilge a chothaíonn easaontas idir dhaoine nó pobail. Ní féidir le haon teanga maireachtáil mura bhfuil pobal láidir ann, pobal atá bródúil as an teanga agus atá sásta í a úsáid agus í a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile. Tá sé tábhachtach go mbeadh na seirbhísí atá ar fáil trí Bhéarla ar fáil trí Ghaeilge freisin. Ní éireoidh linn pobal láidir Gaeilge a chruthú má cheapann lucht labhartha na Gaeilge nach bhfuil cothrom na Féinne á fháil acu.

Lárnach in aon phobal teanga tá an óige, agus tá seo fíor freisin maidir leis an bpobal Gaeilge. Tá tábhacht faoi leith leis an óige agus mura bhfuil pobal láidir óige againn ag labhairt na teanga, agus iad bródúil as an teanga, ní féidir linn aon dul chun cinn a dhéanamh. Tá pobal óige ag teastáil uainn atá bródúil as an nGaeilge agus bródúil as a gcumas an teanga a labhairt, ach ní tharlóidh sé sin trí thimpiste. Caithfear obair a dhéanamh chun é sin a bhaint amach, go háirithe i réimse an oideachais. Tá tábhacht faoi leith leis an gcóras oideachais chun cearta teanga an óige a chosaint, bíodh sé sin i lár na Gaeltachta nó anseo i lár Bhaile Átha Cliath. Tá sé de cheart ag gach duine óg sa tír seo an deis a bheith acu an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid. Is cuma cén chuid den tír ina bhfuil siad ina chónaí, cén cúlra atá acu nó cén cumas foghlamtha atá acu. Tá sé de cheart ag páistí oideachas a fháil i nGaeilge, cuma cén áit ina bhfuil siad ina gcónaí. Cuireann sé as dom féin go pearsanta nach bhfuil teacht ag páistí i mo cheantar i mBaile Formaid ar oideachas Ghaelscoile. Cén fáth nach bhfuil an ceart sin acu? Ba chóir freastal iomlán a dhéanamh ar spéiseanna dhaoine óga le cinntiú go bhfuil na seirbhísí agus deiseanna céanna acu i nGaeilge is atá acu i mBéarla. Caithfear díriú ar réimse spéise na daoine óga féin agus a chinntiú go bhfuil teacht go héasca acu ar an réimse spéise seo. Mar shampla, cén fáth nach bhfuil fáil go héasca ar sheirbhísí don óige ar nós Raidió Rí-Rá? Seo stáisiún raidió a chuireann cláir popcheol ar fáil do dhaoine óga, ach níl sé ar fáil ar an ngnáth-sheirbhís FM. Cén fáth?

Dúirt mé níos luaithe nach mbeidh muid in ann pobal láidir Gaeilge a chothú gan reachtaíocht nó gan maoiniú a chur ina threo. Tá sé seo fíor faoi gach gné de shaol na Gaeilge sa tír seo, ach go háirithe sa Ghaeltacht. Ní as an Ghaeltacht mé féin - tá sé sin soiléir - ach tuigim tábhacht na Gaeltachta don teanga agus don tír. Tuigim ó bheith ag plé leis na comharchumainn Ghaeltachta agus pobal na Gaeltachta, go mór mór ag na laethanta a eagraíonn Conradh na Gaeilge in Óstán Buswells, go bhfuil gach ceantar Gaeltachta faoi bhrú. Deir mo chara an Teachta Connolly go minic go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht agus is bocht an scéal é go bhfuil titim i líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht.

Tuigim go mbaineann fadhbanna pleanála tithíochta leis an ábhar seo freisin agus aontaím le Conradh na Gaeilge go bhfuil gá anois le polasaí pleanála tithíochta faoi leith don Ghaeltacht. Tuigim chomh maith nach mbeidh Gaeltacht ann mura bhfuil fostaíocht ar fáil sa Ghaeltacht agus nach mbeidh fostaíocht ar fáil gan maoiniú breise d’Údarás na Gaeltachta. Is gá an maoiniú breise sin a chur ar fáil anois. Thar aon rud eile, caithfear léiriú do phobal na Gaeltachta go bhfuil an Stát dáiríre faoin Ghaeltacht agus go bhfuil sé de cheart ag pobal na Gaeltachta maireachtáil ina gceantar féin leis na seirbhísí céanna is atá ar fáil i ngach cuid eile den tír.

Níl an Bille teanga atá os ár gcomhair láidir go leor. Caithfimid é a láidriú, mar atá molta ag Pobal Roimh Bhrabús leis na leasuithe atá curtha chun cinn againn. Go háirithe, ní mór don Bhille a chinntiú go mbeidh gach seirbhís Stáit á chur ar fáil i nGaeilge do phobal na Gaeltachta. Mura bhfuil sé seo ann ní féidir linn labhairt le muintir na Gaeltachta faoi thábhacht na teanga. Tá seans againn leis an mBille teanga seo ráiteas láidir a dhéanamh faoi cá seasann an Stát i dtaobh na Gaeilge.

Ní leor go mbeimis ag cur tic sa bhosca leis an Acht teanga seo. Caithfimid cinntiú go mbeidh an Stát ag tabhairt cearta iomlána do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Arís, ní tharlóidh sé seo gan plean cinnte ná gan obair mhaith sa Dáil seo.

Beidh mé ag roinnt ama leis an Teachta Ó Cuív. Gabhaim buíochas leis an Aire as an díospóireacht seo a chur os comhair na Dála inniu. Mar iardhalta Gaelscoile, mar iarmhúinteoir agus mar thacadóir teanga le roinnt blianta, aithním Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 agus an dea-obair atá istigh ann agus an dul chun cinn atá á dhéanamh ó thaobh seirbhísí Gaolainne a fhorbairt don phobal lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta agus ó thaobh úsáid na teanga san earnáil phoiblí.

Go stairiúil, ba cheann de bhunphrionsabail mo pháirtí féin ná cur chun cinn na Gaeilge, agus táim sásta agus bródúil leanúint leis an mbunphrionsabal seo. Bhunaigh mo pháirtí féin Oifig an Choimisinéara Teanga agus Foras na Gaeilge. Aithním na tacaíochtaí a bhí á soláthar le linn an ghéarchéim Covid chomh maith. Aithním na tacaíochtaí a soláthraíodh le linn na géarchéime agus an méadú ollmhór ar líon na scoláirí atá ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge timpeall na tíre sna Gaelscoileanna. Caithfimid níos mó a dhéanamh. Caithfimid an teanga a chothú agus meas a thabhairt di. Fáiltím roimh an iarracht atá á déanamh ag gach Teachta a chuid nó a cuid Gaeilge a úsáid inniu ach, mar Theachtaí agus mar ionadaithe pobail, caithfimid béim a chur ar úsáid na teanga sa ghnáthshaol, ní hamháin ag an am seo den bhliain.

Caithfimid a bheith praiticiúil ó thaobh na teanga de. Bhí mé mar bhall de chúpla ciorcal comhrá sa bhaile. Caithfimid tacaíocht agus deontais a thabhairt d'eagraíochtaí chun tacú le ciorcail chomhrá agus imeachtaí mar sin ach caithfimid céimeanna praiticiúla a ghlacadh chun tacú le fostaithe, fostóirí agus gnólachtaí timpeall na tíre freisin. Caithfimid cánacha a ísliú do ghnólachtaí agus d'fhostóirí a dhéanann a gcuid gnó trí mheán na Gaeilge. Caithfimid níos mó a dhéanamh agus, gan amhras, d'fhéadfaimis i gcónaí níos mó a dhéanamh.

Ó thaobh scoileanna de, caithfimid níos mó Gaelscoileanna agus ionaid chúraim leanaí a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge a oscailt. I mí Mheán Fómhair, beidh mo mhac féin ag tosú in ionad cúraim leanaí den leithéid sin i nGleann Maghair atá bainteach leis an mbunscoil, Gaelscoil Uí Drisceoil. Ba cheart dúinn ionaid chúraim leanaí mar seo a oscailt ar fud na tíre ar fhearainn na nGaelscoileanna chun pobail Ghaeilge a chothú.

I gcomparáid le roinnt den Fhreasúra a labhair níos luaithe, caithfimid an tacaíocht atá á soláthar ag an Rialtas a aithint. Tá níos mó airgid tugtha do na Gaeltachtaí agus do na heagraíochtaí atá bainteach leo ná riamh. Tugadh airgead do na healaíontóirí agus rinneadh infheistíocht bhreise i TG4, Foras na Gaeilge agus araile. Caithfidh an Freasúra é sin a admháil agus a aithint. Leis an mBille teanga nua, beidh seirbhísí pobail ar fáil do dhaoine trína dteanga dhúchais féin as seo amach.

Leis sin, impím ar an mbeirt Aire a bheith fiúntach agus praiticiúil ó thaobh an chúrsa Gaolainne sna scoileanna. Tá a fhios agam go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar an nGaeilge ag leibhéal na hardteistiméireachta faoi láthair ach, ó thaobh tacaíochtaí praiticiúla de, caithfimid níos mó infheistíocht a dhéanamh sna heagraíochtaí teanga agus sna comhlachtaí atá ag maireachtáil laistigh de na Gaeltachtaí féin. Thar aon rud eile, caithfimid fáilte a chur roimh an teanga, í a chothú i ngach gné den saol agus gach rud praiticiúil gur féidir linn a dhéanamh. Gan dabht, tá an cultúr agus an teanga féin ríthábhachtach ach, ó thaobh an todhchaí de, caithfimid luach a chur ar an teanga.

Cuireann sé áthas orm go bhfuil deis agam cúpla focal a rá i dtaobh na ceiste seo. Ar ndóigh, táimid ag comóradh agus ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge an tseachtain seo ach tá sé i bhfad níos tábhachtaí go mbeadh bliain na Gaeilge i gceist chuile bhliain. Tá sé thar a bheith tábhachtach aitheantas a thabhairt dóibh siúd a labhraíonn agus a úsáideann an Ghaeilge chuile lá go nádúrtha taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Ag deireadh an lae, is iad siúd beatha na teanga.

Is féidir breathnú ar an saol mar ghloine atá leathfholamh ná mar ghloine atá leathlán. Feicim i gcónaí rudaí leathlán mar ní dóigh liom go ndéanann drochmhisneach aon mhaith d'aon chúis. Tá riar maith rudaí déanta agus, go deimhin féin, le linn mo thréimhse i Rialtas cuireadh Foras na Gaeilge, Acht teanga, Oifig an Choimisinéara Teanga, scéimeanna ar nós scéim na gcúntóirí teanga agus go leor eile ar fáil. Don chéad uair, cuireadh polasaí cuimsitheach Rialtais ar fáil ach, faraor géar, ní dhearnadh tada mórán leis ó shin.

Ba mhaith liom a chúram a thréaslú leis an Aire Stáit, an Teachta Chambers, atá ag déanamh gaisce ó tháinig sé isteach ina oifig. Is deas agus maith an rud é go bhfuil Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 os comhair na Dála i láthair na huaire. Tá tábhacht le cearta teanga. Tugann siad misneach don phobal. Ach caithfimid rudaí praiticiúla eile a dhéanamh ar an talamh freisin. Is é an rud go gcaithfimid a dhéanamh ná an Ghaeilge a chothú i ngnáthshaol an phobail. Scaití, bíonn an iomarca béim ar a bheith ag caint i nGaeilge faoin nGaeilge seachas a bheith ag dul ar aghaidh leis an ngnáthshaol trí mheán na Gaeilge. Ar ndóigh, is é sin a dhéanann pobal na Gaeltachta agus an dream a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil taobh amuigh den Ghaeltacht. Labhraíonn siad an Ghaeilge mar ghnáth-theanga mar a labhraíonn an chuid eile den phobal cibé teanga a labhraíonn siad.

Tá freagracht as na meáin agus freagracht as an nGaeltacht sa Roinn chéanna faoi láthair. Tá trí rud praiticiúil go bhféadfaí a dhéanamh go an-sciobtha. Mar a dúirt an Teachta Bríd Smith, d'fhéadfaí aitheantas a thabhairt do Raidió Rí-Rá agus déanamh cinnte go mbeadh sé ar fáil ar FM. Cruthaíodh inniu gurb é sin an bealach is mo ina n-éisteann daoine leis an raidió. Is é an dara rud gur cheart é a dhéanamh ná sciar ceart den cheadúnas teilifíse a thabhairt do TG4 agus déanamh cinnte go mbeadh sé in ann níos mó cláir a dhéanamh go hiomlán trí Ghaeilge agus níos mó cláir dhátheangacha a chraoladh. Baineann an tríú rud leis an gcistíocht a fhaigheann RTÉ. Ba cheart go mbeadh sé leagtha síos níos cinntí cé mhéad Gaeilge a chaithfidh RTÉ féin a chraoladh. Más gá reachtaíocht a athrú leis sin a dhéanamh, ba cheart í a athrú. Chomh maith leis sin, ba cheart déanamh cinnte go dtugann sé cistíocht cheart do Raidió na Gaeltachta, rud nach bhfuil á dhéanamh i láthair na huaire. Mar shampla, ní íoctar foireann Raidió na Gaeltachta ar aon dóigh leis an bhfoireann atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath 4. Chomh maith leis sin, tá siad ar an ngannchuid ar fad agus iad ag iarraidh cláir a chur le chéile. Má chaitheann siad uair an chloig ar chúrsaí reatha a chur le chéile, tá siad ar an ngannchuid ar fad i gcomparáid leis na stáisiúin náisiúnta eile, RTÉ 1 ina measc.

Is ceann de na húdair díomá atá orm le deich mbliana anuas ná an easpa dul chun cinn atá déanta leis na gréasáin Ghaeltachta a bhí le bunú taobh amuigh den Ghaeltacht sna bailte móra agus sna cathracha. Bhí siad seo le bheith timpeallaithe ar na Gaelscoileanna. Ba é an smaoineamh a bhí ann ná go dtógfaí gréasán láidir de phobail labhartha Gaeilge i láithreacha ainmnithe le hinfheistíocht shubstaintiúil ón Stát. Is céim mhaith é a bheith ag múineadh na Gaeilge istigh sa Ghaelscoil agus istigh sa Ghaelcholáiste tar éis na bunscoile, ach níl áit taobh amuigh le hí a labhairt go nádúrtha. Ba é an smaoineamh a bhí ann ag an am ná go mbeadh seirbhísí ar fáil don óige, mar shampla. Táim ag caint faoi bhunú clubanna óige, clubanna spóirt agus clubanna de chuile chineál do na gníomhaíochtaí a bhíonn ar bun ag daoine óga den aois sin le go bhféadfaidís na rudaí sin a dhéanamh trí Ghaeilge taobh amuigh den scoil. Bhí sé i gceist go mbeadh naíolanna agus naíscoileanna bunaithe le hais chuile Ghaelscoil. Bhí i gceist go mbeadh rudaí ann do dhaoine fásta freisin, ní le labhairt i nGaeilge faoin nGaeilge ach le labhairt faoi ghnáthimeachtaí an lae i nGaeilge.

Is cuimhin liom, i bhfad siar nuair a d'fhág mé an ollscoil, gur thosaigh mé ag tabhairt ranganna snámha trí Ghaeilge.

Bhí mé tar éis go leor snámha a dhéanamh nuair a bhí mé óg agus bhí mé in ann an snámh a mhúineadh. Bhí an-tarraingt orm mar theastaigh ó dhuine a gcuid snámha a chleachtadh agus bhí cuid acu ag foghlaim snámha ach bhí sé feiliúnach é a dhéanamh trí Ghaeilge freisin.

Molaim go mór Na Gaeil Óga anseo i mBaile Átha Cliath, ceann de na cumainn pheile is mó fás sa chathair, as an obair atá déanta acu siúd tríd an pheil Ghaelach, an iománaíocht agus an camógaíocht a cheangail le labhairt na Gaeilge. Ba cheart go mbeadh cumainn ar nós Na Gaeil Óga i chuile chuid den chathair, i chuile chathair eile agus in áit ar bith eile go bhfuil dóthain daoine le club a bhunú a d’fheidhmeodh go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Ní hamháin go mba cheart go mbeadh clubanna peile agus iomána á ndéanamh ach ba cheart go mbeadh clubanna sacair, rugbaí agus chuile spóirt eile á ndéanamh freisin.

Tá cuid de mhuintir na Gaeltachta buartha go bhfuil siollabas faoi leith ag an ardteistiméireacht i gceist dóibh siúd ach nach mbeidh aon phreab acu as idir mharcanna níos airde nó gráid speisialta. Tá mé cinnte go bhfuil míthuiscint ann agus tá súil agam go bhfuil. Bheadh sé go maith soiléiriú a fháil ar an scéal sin. Má tá sé fíor, is cúis náire í. Más rud é go bhfuil cúrsa breise ar fáil agus má tá buntáiste breise as an gcúrsa níos airde a dhéanamh, ceapaim gur ar leas phobal na Gaeilge agus na Gaeltacht a bheadh sé.

Tá áthas orm a bheith anseo ag caint le linn Seachtaine na Gaeilge. Tá a lán ceisteanna reatha ag baint leis an teanga.

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le clann Margaret Keane tar éis an bua a bhí acu sna cúirte i Sasana. Rugadh in Éirinn í ach fuair sí bás i Coventry, áit a chaith sí an mórchuid dá saol. Ní raibh cead ag a clann an Gaolainn a scríobh ar a leac uaighe ach bhí bua acu sna cúirte. Bhí a mhuintir ag iarraidh: “Inár gcroíthe go deo” a scríobh ar an leac uaighe. Dhiúltaigh an coiste sin ach bhí an bua acu sa deireadh. Mar a deir an seanfhocal, “Muna n-oireann an caipín duit, ná caith é” nó “Más ar bior, ná casfar tú”, mar tá fadhbanna ag baint leis an nGaeltacht, le pobal na Gaeltachta agus le pobal labhartha na Gaeilge in Éirinn agus tá sin náireach.

Tá sé dochreidte nach bhfuil daoine in ann eitilt a cheannach le hAer Lingus bille a íoc le Banc na hÉireann, nó an síneadh fada a úsáid. Tá a fhios againn, ina dhiadh an fógra Dé Luain, nach bhfuil suim dá laghad ag an mbanc sin ina chuid chustaiméirí. Bheadh sé an-éasca dó an fhadhb atá aige leis na billí a íoc a cheartú ach tá éileamh na gcustaiméirí síos an liosta s’acu. Chomh maith leis sin, níl oifigeach Gaeilge i gcuid de na comhairle contae. I gCiarraí, mar shampla, níl oifigeach Gaeilge ann ó mhí na Bealtaine 2020. Níl seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge. Tá fáilte roimh chách seachas roimh ár dteanga féin.

Mar aon le Teachtaí eile, bím ag plé na leasuithe do Bhille na dteangacha oifigiúla. Níl an Rialtas ag glacadh leis na leasuithe a chur muid síos chun an Ghaeilge a neartú. Tá orainn aitheantas suntasach a bhunú. Ag an bpointe seo, tá sé práinneach. Tá obair na gcapall déanta ag leithéidí Daithí Mac Cárthaigh, Foras na Gaeilge, an Coimisinéir Teanga agus an Foras Pátrúnachta chun lógónna na gcomhlachtaí poiblí a bheith i nGaeilge agus chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a neartú. Ba chóir go mbeadh tosaíocht don Ghaolainn ar na comharthaí bóithre agus bím ag obair ar sin sa choiste. Creidim go bhfuilim ar aon intinn leis an Aire, an Teachta Catherine Martin agus leis an Aire Stáit, an Teachta Chambers, mar gheall air seo ach ní raibh an Rialtas in ann glacadh leis an leasú sin mar mhaígh Oifig na mBillí go raibh costas ag baint leis. Ní aontaím leis sin. It would be easy to make a change so that into the future, when a public body is erecting any new sign or publishing a notice, the Irish language text should be positioned so that it is likely to be read first ach beimid ar ais go dtí an pointe sin i gCoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Chomh maith leis sin, tá saincheisteanna eile atá tábhachtach do phobal labhartha na Gaeilge ann, go mór mór in iarthar Chiarraí. Tá sé de dhualgas orainn an leathanbhanda a fheabhsú sa Ghaeltacht, spreagadh a thabhairt do dhaoine maireachtáil sa Ghaeltacht agus b’fhéidir múinteoirí sa bhreis a sholáthar chun tacaíocht a thabhairt do mhúineadh na Gaolainne sa Ghaeltacht. I mBaile an Sceilg in Uíbh Ráthach, ba chóir dúinn tacaíocht a thabhairt don Gteic chun fostaíocht a choimeád in earnáil na Gaeilge.

Tá an Ghaeilge curtha in áit na leathphingine ach tá seans againn leis an mBille atá á bplé sa roghchoiste béim a chur ar an nGaolainn agus í a choimeád beo. B’fhéidir nach mbeidh seans eile againn.

Is tábhachtach agus is luachmhar le muintir na hÉireann an Ghaeilge toisc gur cuid bhunúsach dínn í. Ceanglaíonn sí lenár dtimpeallacht muid. Is stór saibhir de litríocht, ealaíon, amhránaíocht, stair, agus seanchas í. Struchtúr smaointeoireachta atá inti atá uathúil i ndomhan ina bhfuil éagsúlacht teanga á cailleadh ar bhonn bliantúil. Tá an Ghaeilge greanta ar ár n-ainmneacha agus ár dtírdhreach. Tá an Ghaeilge ar na teangacha is sine sa domhan agus ar an teanga choiteann scríofa is sine san Eoraip.

Tá muidne in Aontú ag iarradh go mbeadh sí mar theanga phobail, theaghlaigh, chairde, ghnó, theicneolaíochta, agus oideachais. Nuair a bunaíodh ár ngluaiseacht dhá bhliain ó shin, chuireamar an Ghaeilge i gcroílár ár bpáirtí nua. Ní chaitheamh aimsire í an Ghaeilge dúinne. Táimid ag troid ar son chearta daonna an Ghaeilge thart timpeall na tíre.

Ba mhaith linn go mbeadh a fhios ag teaghlaigh atá ag smaoineamh ar a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge go bhfuil todhchaí gheal bhríomhar i ndán don teanga. Cuideoimid le líon na gcainteoir agus na bpobal Gaeilge a fhorbairt go suntasach. Tóg an Gaeloideachas mar shampla. Tá teip ollmhór déanta ag an Rialtas mar gheall ar an nGaeloideachas sa tír seo. Tá an t-éileamh le haghaidh caighdeáin agus soláthair feabhsaithe Ghaeloideachais ag teacht ó na scoláirí agus ó na tuismitheoirí féin. Faigheann 5% de scoláirí oideachas i nGaelscoil in ainneoin go bhfuil breis agus 23% de thuismitheoirí á lorg. Tá sé sin dochreidte. Tá an t-éileamh 23% ag teacht don Rialtas ach níl an Rialtas ach ag soláthar 5%. Is léir go bhfuil Rialtas i ndiaidh Rialtais ag seasamh in aghaidh an dúshláin le haghaidh breis oideachais trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil. Faighim glaonna gutháin ó mhúinteoirí thart timpeall na tíre mar gheall ar laghdú tábhacht na Gaeilge labhartha san ardteistiméiracht. Tá siad ag iarraidh go mbeadh méadú marcanna le fáil don Ghaeilge labhartha san ardteistiméiracht in ionad an scéal atá ag titim amach ag an bomaite.

Gan an Ghaeltacht, cailleann an Ghaeilge go leor den doimhneacht agus den saibhreas a bhaineann léi. Mura mbíonn an Ghaeilge ina teanga phobail, beidh todhchaí chéad teanga na tíre seo i mbaol, beag beann ar láidreacht an chórais oideachais. De réir na saineolaithe, ní mhairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail níos faide ná deich mbliana sa Ghaeltacht de réir na rátaí reatha aistrithe teanga. Tá sé sin dochreidte. Tá aithne agamsa ar an Aire. Tá a fhios agam go bhfuil suim láidir aici sa Ghaeilge agus tá muinín agamsa mar gheall ar an radharc atá aici i leith an Ghaeilge ach caithfimid a bheith réalaíoch faoin bhfadhb atá os ár gcomhair. Tá géarchéim uafásach ann sa Ghaeltacht mar gheall ar Ghaeilge labhartha an phobail sin.

Níl an tacaíocht ann do na clanna atá ag smaoineamh a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge. Níl na poist ann. Tá Údarás na Gaeltachta ina chol ceathrar bocht i gcomparáid le Enterprise Ireland agus an IDA. Ní an t-infreastruchtúr nó an infheistíocht ann. Níl an Rialtas i ndáiríre faoi fhuinneamh a chur i saol eacnamaíochta na Gaeltachta. Muna bhfuil poist agus slite beatha sa Ghaeltacht, níl bogfaidh daoine ann chun a gclainne a thógáil le Gaeilge, agus bogfaidh siad siúd atá ina gcónaí ann ag an bomaite amach sa tóir ar shlí bheatha.

Molaim an obair atá á dhéanamh ag na comharchumainn. Cúpla bliain ó shin chuaigh mé go gach Gaeltacht sa tír chun bualadh le gach comharchumann. Tá siad ag déanamh sárobair ach dúirt gach ceann acu nach bhfuil siad ag fáil an tacaíocht airgeadais chun an jab a dhéanamh i gceart.

Bhí mé ag caint leis an Aire Stáit, an Teachta Chambers, cúpla seachtain ó shin faoi “urban Gaeltachts” nó “commuter Gaeltachts” a chruthú sa tír seo. Tá go leor Gaeltachtaí cosúil leis an Spidéal, Ráth Chairn, Baile Bhúirne, agus An Rinn, atá in aice le bailte móra. Is féidir le daoine atá ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge a bheith ina gcónaí sna Gaeltachtaí sin agus dul isteach ag obair sna bailte móra. Má tá siad ina gcónaí i Ráth Chairn, is féidir leo dul ag obair san Uaimh, i nDroichead Átha nó i mBaile Átha Cliath. Tá géarchéim tithíochta sna háiteanna sin. Cén fáth nach bhfuil an Rialtas in ann tithe a thógáil istigh sna Gaeltachtaí sin le haghaidh na ndaoine atá ag iarraidh bogadh amach as na bailte móra go dtí na Gaeltachtaí, chun fuinneamh nua a chur isteach iontu? Ní chosnódh sé aon airgid sa deireadh ach caithfidh an toil a bheith ann ón Rialtas.

D’fhreastail mé ar an gCoiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta inné. Bhí Conradh na Gaeilge ag déanamh cur i láthair ann agus bhí siad ag caint faoin gconradh comhaontú NDNA sa Tuaisceart agus an commitment a bhí inti Acht na Gaeilge a chuir i bhfeidhm sa Tuaisceart sa chéad céad lá ó síneadh an conradh sin. Ceapann an gnáth-duine timpeall na tíre go bhfuil an commitment sin déanta agus go bhfuil Acht na Gaeilge curtha i bhfeidhm sa Tuaisceart, ach tá sé dochreidte a rá nach bhfuil. Níl an Bille tosaithe dul tríd an Tionól ag an bomaite. Theip go hollmhór ar an Tionól ar an ábhar seo. Tá sé dochreidte. Tá móramh de na feisirí atá istigh sa Tionól i bhfabhar an rud seo ach tá bac á chur ag an DUP ar an mBille dul tríd an Tionól. Is léir nach bhfuil an Tionól ag obair ar bhonn daonlathach. Is léir freisin nach bhfuil an DUP lán-dáiríre faoi bheart a dhéanamh de réir a bhriathar. Thug siad commitment agus geallúint ach tá siad ag sleamhnú as an ngeallúint a thug siad an beart sin a dhéanamh. Tá Sinn Féin agus an SDLP teipthe go hiomlán freisin. Thit an Tionól de bharr an Achta seo agus rudaí eile. Dúirt Sinn Féin agus an SDLP nach rachaidh siad isteach sa Tionól go dtí go mbeadh an tAcht ann agus curtha i bhfeidhm. Níor shéan siad a gcuid airgid nó a dtuarastail i rith an ama sin. Chuaigh siad isteach sa Tionól ach fós níl siad in ann an tAcht a sheachadadh. Is drochrud é sin. Bhí siad sásta dul go Westminster chun brú a chur ar an Rialtas ansin Bille mar gheall ar ghinmhilleadh a bhrú ar an Tuaisceart ach fós níl siad sásta dul go Westminster chun Bille faoi Acht na Gaeilge a chur i bhfeidhm sa Tuaisceart. Taispeánann an tAcht na fadhbanna ollmhóra atá sa Tionól. Tá Tionól Stormont briste agus caithfidh go mbeidh reform ann go luath. Tá veto ag na haontachtaithe i Stormont ar dul chun cinn, fiú gur mionlach iad. Tá locht ar an Rialtas freisin. Shínigh an Rialtas agus Rialtas na Breataine an comhaontú sin agus tá dearmad déanta acu ar an dualgas atá orthu.

Aontaím leis an Teachta Ó Cuív agus an Teachta Bríd Smith faoi Raidió Rí-Rá, TG4 agus RTÉ. Is rudaí éasca agus úsáideacha iad seo. Ba cheart don Rialtas níos mó airgid a thabhairt do TG4. Ba cheart go mbeadh RTÉ ag díriú isteach níos mó ar an nGaeilge agus ba cheart go mbeadh ceadúnas FM ag Raidió Rí-Rá.

Tá an-áthas orm páirt a ghlacadh sa díospóireacht seo, nó aon am atá díospóireacht ann ar chúrsaí Gaolainne ach go háirithe le linn Seachtain na Gaeilge, agus an tAire Stáit, an Teachta Chambers, ag tabhairt an Bille teanga nua chun cinn. Tréaslaím leis as sin a bhrú chun cinn. Is Bille tábhachtach é seo atá dírithe ar é a dhéanamh níos éasca do mhuintir na Gaolainne a ngnó a dhéanamh trí Ghaolainn agus chun Gaolainn a neartú sa státchóras. Is rud dearfach é sin. Gan dabht, tá Fianna Fáil ag cur cúrsaí Gaolainne chun cinn le fada an lá, idir oifig an Choimisinéara Teanga, Foras na Gaeilge, ardú stádas na teanga san Eoraip, an Bille seo agus an tAcht a bhí ann cheana féin.

Tá sé tábhachtach a aithint go bhfuil brú ar chúrsaí Gaolainne sa Ghaeltacht. Táim dearfach. Tá ról an-tábhachtach ag na hoifigigh phleanála teanga agus tá siad i mbun oibre anois le cúpla bliain, mar sin bhraithfeá go mbeidh muid ag cloisteáil torthaí agus go mbeadh cúrsaí dearfach ansin gairid go leor.

Chuir Covid isteach go mór ar na coláistí Gaolainne, ar phobal na Gaeltachta a bhí ag brath orthu agus níos leithne ná sin. Tuigim go bhfuil an tAire ag plé cúrsaí leis na coláistí, go háirithe toisc go bhfuil baol arís nach mbeidh siad ann i mbliana. Bheadh sé fíorthábhachtach pobal na Gaeltachta lasmuigh de na coláistí, mar na siopaí, na bialainne, agus iad siúd eile a bhíonn ag brath ar na coláistí a bheith san áireamh má tá feabhsú á dhéanamh. Tá borradh ar chúrsaí Gaolainne ar fud na tíre le níos mó éilimh ar Ghaelscolaíocht agus ar sheirbhísí. Guím gach rath ar an gceiliúradh atá ar siúil arís i mbliana ar feadh Seachtain na Gaeilge agus na grúpaí cosúil le Conradh na Gaeilge agus na comharchumainn éagsúla atá á n-eagrú. Bíonn siad ag gabháil dó seo ar fud na bliana agus tréaslaím go mór leo mar gheall air sin.

Leanann leis an dúshlán sna scoileanna múinteoirí a fháil. Ní bheidh athrú ann thar oíche ach teastaíonn uaim aird an Aire a tharraingt ar ábhar amháin faoi leith, sé sin, na mic léinn nó an chéad ghlúin eile múinteoirí Gaolainne. Bíonn siad ag dul go dtí an Ghaeltacht ar chúrsaí chun snas a chur a gcuid Gaolainne agus is maith an rud é sin. Gearrtar costas orthu ach i mbliana toisc Covid níl siad ag dul ann agus tá an costas céanna nó costas níos airde orthu. Faillí atá ansin ar na mic léinn sin agus cuireann sé blas searbh ar an gcéad ghlúin eile múinteoirí, go háirithe na mic léinn atá ag plé leis an gcúrsa i gColáiste Hibernia. Cé gur ábhar é seo don Aire Oideachais, iarraim ar an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán é seo a phlé léi, chun an fhaillí agus an éagóir seo a cheartú más féidir.

Mar fhocal scor, teastaíonn uaim aird a tharraingt ar an maoiniú breise atá ann d’Údarás na Gaeltachta agus an tslí go bhfuiltear ag dul chun cinn leis na moil digiteach, ina measc Coláiste Íosagáin i mBaile Bhúirne.

Táim lánsásta an deis seo a ghlacadh chun labhairt ar son na Gaeilge agus muid ag tús Sheachtain na Gaeilge. Táim buíoch gurb é an Taoiseach a chur tús leis na ráitis seo inniu agus gur labhair an tAire sinsearach agus an tAire Stáit ar an ábhar seo freisin, rud a léiríonn cé chomh tiomanta is atá an Rialtas seo i leith na teanga. Cé go bhfuil sé oiriúnach dúinn an plé agus an díospóireacht seo a bheith againn chun an fhéile a mharcáil agus a cheiliúradh, tá baol ann go bhfuilimid ag caint linn féin, go ligtear do na Gaeilgeoirí cead na coise a bheith againn ar feadh uair nó dhó istigh sa Dáil agus beimid breá sásta ina dhiaidh sin. Ach ní sin mar a bhíonn sé istigh anseo de ghnáth.

Dá gcuirfí ceist ar Aire i nGaeilge, an mbeadh muinín ann go bhfaighfí freagra air sin i nGaeilge nó i mBéarla? An bhfuil sé de nós againn, mar atá sé i bParlaimint na hEorpa, na cluasáin a chur orainn agus éisteacht leis an aistriúchán comhuaineach? De ghnáth, déanann muid an damhsa ait sin - athrá agus aistriú; rince beag bhéalghrá - chun ár bpointe a chur trasna. An bhfaighfí clúdach sna meáin ar an méid a dúradh? Thug an tAire, an Teachta Martin, a céad óráid sa Tríocha-tríú Dáil, ag cur an Teachta Eamon Ryan chun cinn mar Thaoiseach, trí Ghaeilge. An raibh ábhar na hóráide sin tuairiscithe lasmuigh de na meáin Ghaeilge? Ní raibh.

Mura bhfuil muid sásta labhairt eadrainn féin ó am go chéile, céard is fiú dúinn a chur os ár gcomhair amach feabhas a chur ar an scéal? Ba chóir dúinn tabhairt faoin méid oibre atá fós le déanamh againn ar an Acht teanga. Tá an obair sin ag leanúint ar aghaidh ar Chéim an Choiste cé go bhfuil sé mall go leor faoi láthair. Caithfimid normalú a dhéanamh ar úsáid na seirbhíse aistriúcháin chomhuainigh agus é a chur ar fáil dá leithéid le hOireachtas TV ionas go mbeimid in ann ár gcuid gnó a dhéanamh i gceart istigh anseo go dátheangach.

Tá deis iontach againn mar Ghaeil sna táscairí folláine, nó na well-being measures, atá á socrú ag an Rialtas faoi láthair lena ndéantar measúnú nua, níos leithne agus níos cruinne ar ár ngeilleagar agus ár sochaí go ginearálta ná mar a dhéanann GDP amháin. Níl creat ná cruth an córas táscaire atá á dhearadh ag an Roinn Airgeadais feicthe agam go dtí seo. Molann an OECD go mbeadh 11 innéacs nó príomhghné á measúnú.

Tá eiseamláir shuimiúil atá oiriúnach dúinn anseo le feiceáil sa chóras atá tar éis a bheith curtha i bhfeidhm sa Nua-Shéalainn bunaithe ar an gcreat OECD. Is é cuid den 12ú hinnéacs, ar a dtugtar cultural identity nó féiniúlacht chultúrtha air, ná measúnú ar líon na ndaoine ar féidir leo Te Reo Maori a labhairt. Cén fáth nach mbeadh a leithéid againn anseo? Innéacs a dhéanadh tagairt don chaoi a bhfuil cúrsaí i gceantair Ghaeltachta, líon na ndaoine a bhfuil inniúlacht acu i leith na Gaeilge agus a dhéanadh ceiliúradh ar láidreacht ár gcluichí Gaelacha, ár gceol traidisiúnta nó ár gcuid litríochta. B’fhéidir go mbeadh an Ghaeilge agus luach na Gaeilge á phlé againn mar chuid den fhráma sin go rialta agus go forleathan sa Dáil, seachas mar chuid de Sheachtain na Gaeilge amháin.

Gabhaim mo bhuíochas leis an Aire, an Teachta Martin, agus leis an Aire Stáit, an Teachta Chambers, ní h-amháin as a bheith ann le haghaidh na díospóireachta ach as an bhfuinneamh chomh maith atá tugtha acu go dtí an Roinn agus na hoifigí atá acu.

Mar a deirtear gach Nollaig, agus táim cosúil leis an Teachta Ó Cathasaigh faoi seo, tá an ráiteas ann nach amháin don Nollaig é an madra. Ní amháin do Sheachtain na Gaeilge is ea an Ghaeilge agus cúrsaí Gaeilge. Tar éis bliain Covid-19, táim ag ceapadh gur le haghaidh seachtain na Gaeilge iad cúrsaí Gaeilge mar gheall ar an moill a bhí ann le haghaidh fógraíochta dul amach i nGaeilge faoi chúrsaí Covid-19. Ba shampla é sin den saghas moille atá ann faoi na meáin chumarsáide agus á rá le daoine go bhfuil an Ghaeilge ann.

Cuirim fáilte roimh an mBille teanga, roimh an Aire Stáit, an Teachta Chambers, ach go háirithe, agus roimh Cathaoirleach an choiste, an Teachta Ó Snodaigh, mar gheall ar an obair atá á cur isteach acu sa Bhille. Tá sé soiléir go bhfuil suim ag an Aire Stáit leasuithe a dhéanamh le haghaidh Céim na Tuarascála atá le teacht chugainn. Tá an t-uafás oibre á dhéanamh ar an mBille sin mar gheall ar an gcoiste, an roghchoiste ach go háirithe. Táimid ann chun athrú mór a dhéanamh agus an t-athrú is fearr a dhéanamh ar chúrsaí na Gaeilge. Tá seans agus deis againn agus caithfimid iad a thapú. Caithfimid dul ar aghaidh leis an bhfuinneamh sin atá á dul isteach sa Bhille agus é a chur le cúrsaí eile.

Aontaím leis an Teachta Moynihan faoi na coláistí samhraidh. Táimid ag teacht chuig an chéad samhradh eile nach mbeidh siad in ann dul le chéile sa stíl ina raibh siad in ann. Tá sé tábhachtach go bhfuil an cuidiú ann chun iad a choimeád le haghaidh an chéad samhradh eile. Tá súil agam go mbeidh muid in ann é a chur le chéile arís.

Cuirim fáilte roimh an obair atá á déanamh ag Údarás na Gaeilge agus roimh an mbuiséad bhreise atá tar éis dul go dtí an t-údarás. Is é seo an chéad am go bhfuil buiséad chaipitil aige. Bhí sé soiléir ó na deacrachtaí a bhí ag Ipsos MRBI comhlachtaí nua a bhunú i mBéal an Mhuirthead. Cuirim fáilte roimh an mbunú sin mar sin féin. Caithfidh muid airgead breise agus cuidiú breise a thabhairt go dtí an t-údarás, áfach. Tá sé in am le haghaidh toghchán díreach go bord an údaráis. Bheadh sé i bhfad níos láidre dá mbeadh toghchán díreach ann agus dá mbeadh daoine in ann a rogha féin a dhéanamh ar cé gur mhaith leo seirbhís a thabhairt ar bhord an údaráis. Aontaím go mór leis sin.

Tá an Ghaeltacht faoi bhrú mhór mar gheall ar an easpa tithíochta nua ann. Tá sé tábhachtach do na ceantair Ghaeltachta go ndéanfadh muid iarracht iad a choimeád le haghaidh na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu. Mura ndéanann muid é sin, beimid ag déanamh na Gaeltachtaí a lagú. Aontaím go gcaithfidh muid níos mó iarrachta a dhéanamh ar son comhairlí Gaeilge sna cathracha agus sna bailte móra, ach caithfidh muid iarracht a dhéanamh an méid atá againn faoi láthair a choimeád chomh maith. Tá an t-uafás oibre le déanamh ach caithfimid é a dhéanamh.

Cuirim fáilte roimh obair an Chathaoirligh chun an Ghaeilge a spreagadh sa Teach. Caithfidh gach duine an Ghaeilge a úsáid gach seachtain sa bhliain, na daoine atá páirteach sa díospóireacht seo ach go háirithe, agus ní amháin le linn Seachtain na Gaeilge.

Tá áthas orm an deis a fháil contribution a dhéanamh sa díospóireacht inniu. Is cuid lárnach agus shaibhir í an teanga Ghaelach den chultúr Gaelach, mar is eol dúinn. Tá TG4 agus na cainéil cosúil leo ag déanamh sároibre chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus an teanga a chosaint. Tá níos mó maoinithe ag teastáil, áfach, do TG4 chun leanúint leis an sárobair.

Tá sé mar phlean ag an Roinn Oideachais 42 Ghaelscoil nua a bhunú lasmuigh den Ghaeltacht idir 2019 and 2022 mar chuid den straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Beidh béim curtha ar Ghaelscoileanna, Ghaelcholáistí agus aonaid lán-Ghaeilge. Cuirim fáilte roimhe sin. Tá fadhb mhór ann, áfach. Is í an fhadhb ná easpa tacaíochta do na Gaelscoileanna ar fud an Stáit. Tá Gaelscoil iontach i mo dháilcheantar féin darbh ainm Gaelscoil na Laochra i mBiorra, i gContae Uíbh Fhailí. Tá fadhb mhór ag dul ar aghaidh ar feadh na mblianta agus níl fuascailt ón fhadhb. Is í an fhadhb ná go raibh an Ghaelscoil chun bogadh go dtí suíomh agus foirgnimh bhuain atá faoi smacht HSE. Níl siad in ann é a dhéanamh ó rinneadh an cinneadh i 2015 an bogadh a dhéanamh toisc fadhbanna agus baic.

Iarraim ar an Aire, an Aire Oideachais, agus an Rialtas rud éigin a dhéanamh faoi seo. Caithfidh an HSE agus an Roinn Oideachais fuascailt ón fhadhb seo a chur ar bun chomh tapaidh agus is féidir leo. Tá an fhadhb seo ann ó 2015, tá sé ag cur isteach ar na daltaí, tá na tuismitheoirí buartha, agus níl an scoil in ann forbairt i gceart toisc go bhfuil an foirgneamh ina bhfuil an scoil lonnaithe ró-bheag. Ba chomhair go mbeadh an scoil san fhoirgneamh buan ar Wilmer Road i mBiorra. Bhí an fhadhb céanna ag an iar-Aire Oideachais sa Rialtas roimh an ceann seo ach fós níl aon rud déanta.

Táim ag rá leis an Rialtas, agus ag iarraidh ar lucht an Rialtais, rud éigin a dhéanamh don scoil seo mar tá sé uafásach go bhfuil an fhadhb ag leanúint ar aghaidh. Tá an scoil ag feitheamh agus ag fanacht agus tá an fhadhb seo ag cruthú fadhbanna eile. Tá súil agam go mbeidh fuascailt ar an bhfadhb sin.

Mar is eol dúinn go léir, níl daltaí in ann freastal ar an nGaeltacht an bhliain seo toisc go bhfuil an phaindéim ann ach tá fadhbanna móra ann maidir leis na costais a bhaineann le cúrsaí Gaeilge ar líne a dhéanamh. Rinne dalta ó Hibernia College teagmháil liom cúpla lá ó shin. Dar leis an dalta seo, cosnaíonn sé €650 cúrsa coicíse a dhéanamh. Caithfidh na daltaí seo, mar is eol dúinn, cúrsa ceithre seachtaine a dhéanamh sa Ghaeltacht. Is é an costas iomlán ná €1,300. Caithfidh an Rialtas seo rud éigin a dhéanamh mar ní luíonn sé le haon chiall. Cosnaíonn an cúrsa sa Ghaeltacht €750 ar feadh coicíse ach, le cúrsa ar líne, nuair atá na daltaí á dhéanamh ina dtithe féin, cosnaíonn sé €650 ar feadh coicíse. Tá fadhb mhór ann. Caithfidh an tAire agus an Rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfadhb seo mar níl sé ceart ná cóir. Tá sé ag cur isteach go mór ar dhaltaí Hibernia College agus iad á gcur faoi mhíbhuntáiste an-mhór.

Baineann an tríú rud atá le rá agam leis an nGaeilge sa Sé Chontae. Faoi Comhaontú Aoine an Chéasta tá sé leagtha amach go bhfuil cearta ag Gaeilgeoirí na Sé Chontae. Caithfidh Acht na Gaeilge a bheith curtha i bhfeidhm gan mhoill ann.

Déanfaidh mé mo dhícheall an chuid Ghaeilge bhriste atá agam a úsáid. Bhí mo sheanathair i gcónaí i gCaisleán Nua agus ní raibh aon Bhéarla aige. Fuair sé bás sna 1950idí. Bhí breac-Ghaeltacht sa Chaisleán Nua ag an am sin. Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil leis na daoine a dhéanann sárobair chun an Ghaeilge a chur chun cinn - daoine ar nós Labhrás Ó Murchú agus a bhean chéile, Úna, i gComhaltas Ceoltóirí Éireann agus daoine eile i nGlór na nGael agus Conradh na Gaeilge, srl.

Tá Gaelscoileanna sa Chaisleán Nua, i gCluain Meala, i gCarraig na Siúire, in Aonach agus i mbaile Thiobraid Árann. Déanann siad obair stairiúil iontu. Tá naíonra sa Chaisleán Nua agus déanann Helen Nic Craith obair stairiúil ansin mar aon leis na daoine eile atá ag obair ann.

I honestly believe that we have to start with the young people. Mol an óige agus tiocfaidh sí - one has to see the way that they learn Irish. Tá naíonra freisin i gCathair Dún Iascaigh faoi stiúir bhean darb ainm Caitlín Ní Loinsigh. Tá a lán daoine ó ar fud an domhain ansin. There are about 13 different nationalities there. I was amazed one day ar an sráid i gCathair Dún Iascaigh where I saw them playing and singing as Gaeilge. These children, na daoine sin, learn Irish more easily than they learn English or other languages. These were people from all over the world, from different continents atá ina gcónaí i gCathair Dún Iascaigh. Tá súil agam go dtugann na hAirí atá anseo an-chabhair do na grúpaí mar sin chun an Ghaeilge agus na daoine a úsáideann í a chur chun cinn, go háirithe na daoine óga. Tagraím don scoil rince freisin. Bhí Coláiste Cois Siúire ann i gCaisleán Nua. It is much easier for people an Ghaeilge a fhoghlaim trí spórt agus rince.

Fáiltím roimh an deis páirt a ghlacadh sna ráitis seo. Ní díospóireacht, faraor, atá i gceist leo ach ráitis arís. Tá sé bliana caite agam anois sa Dáil ag éisteacht le ráitis ó thaobh na Gaeilge de. Ní mór dom a rá go gcuireann sé beagáinín díomá orm go bhfuilimid fós ag caint laistigh de fhráma ráiteas seachas an Ghaeilge a bheith mar chuid lárnach den Dáil agus dá próiseas.

Nuair a toghadh mé mar Theachta Dála breis is sé bliana ó shin, sa bhliain 2016, bhí an agóid is mó a bhfaca mé riamh, Dearg le Fearg, ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath. Chuir na sluaite in iúl dúinn gurbh í an Ghaeilge an teanga dhúchais a bhí acu agus gur streachailt leanúnach a bhí ann dóibh seirbhísí a fhail trí Ghaeilge. Tuairim is sé bliana níos déanaí, táimid fós anseo ag caint agus gan tuilleadh seirbhísí ar fáil. A mhalairt atá i gceist, i ndáiríre. Tá easpa seirbhísí sna Gaeltachtaí uilig.

Tuigim go bhfuil dea-thoil ag an Aire agus an Aire Stáit atá anseo ó thaobh na Gaeilge de. Is dócha go bhfuil easpa aitheantais i gceist maidir le cé chomh deacair is atá sé do mhuintir na Gaeilge ar an talamh seirbhísí a fháil agus maidir leis an ngéarchéim atá ann. Tá neart tagairtí déanta ag an Aire agus an Aire Stáit inniu don chóras san Eoraip agus don neart deiseanna agus fostaíochta atá i gceist ann agus, gan blaiseadh den íoróin, tá sé sin ráite go minic ag an mbeirt acu agus ag an Taoiseach freisin. Is íorónta an scéal é nach bhfuil siad ag caint faoi dheiseanna anseo, ach a mhalairt arís, tá siad ag caint faoi na fadhbanna. Is féidir linn daoine le Gaeilge a bhfuil inniúlacht acu sa Ghaeilge a sheoladh chuig an Eoraip ach nílimid in ann iad a fháil chun folúntais a líonadh anseo sna státseirbhísí. Tá sé curtha in iúl go soiléir ag an Rialtas go bhfuil fadhbanna ó thaobh fostaíochta de mar níl na daoine ann, ach tá siad ann chun dul go dtí an Eoraip. Is íorónta an scéal é sin.

Ba mhaith liom díriú isteach ar chúpla rud, más féidir liom, laistigh den am srianta atá agam. Tá maíomh á dhéanamh ag an Rialtas ó thaobh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 ach tá sé tábhachtach an cúlra agus an stair a leagan síos anseo. In 2003 ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla. Acht réabhlóideach a bhí ann don am sin ach le himeacht na mblianta bhí sé soiléir go raibh bearnaí agus laigí i gceist. In 2015, foilsíodh ceannteidil. Ní raibh siad cuí do Bhille nua ná don fheidhm agus, buíochas le Dia, caitheadh i dtraipisí iad. Ansin, in 2017 foilsíodh na ceannteidil nua. Bhí siad láidir go leor agus cuireadh iad os comhair an Choiste Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ag an am agus ghlacamar go fonnmhar leis an obair a bhí i gceist leo. Thógamar ar an obair a bhí déanta ag an gcomhchoiste go dtí sin, tar éis sraith cruinnithe ar fud na tíre go dtí gach Gaeltacht, beagnach. D'aithníomar ón tús gur chéim chun tosaigh a bhí ann i bhfoilsiú na ndréacht-cheannteidil ach ón tús bhíomar buartha gur chur chuige iomlán fadtéarmach a bhí i gceist agus ní raibh aitheantas ar bith go raibh géarchéim ann. D’fhoilsigh an comhchoiste an tuarascáil i mBealtaine 2018, beagnach trí bliana ó shin. Chuireamar in iúl arís is arís eile nach rabhamar ró-radacach. Bhí daoine míshásta linn nach rabhamar radacach go leor, ach bhí 20 moladh i gceist sa tuarascáil sin. Nuair a foilsíodh an Bille féin, rinneadh neamhaird go huile is go hiomlán ar na moltaí sin ó thaobh sprioc-ama agus cuspóirí a bhaint amach laistigh de thréimhse áirithe.

Ó shin tá ciall cheannaithe ag an Rialtas, go teoiriciúil, agus tá leasuithe le cur ag an Rialtas leis an mBille seo, ach ní raibh siad sin le feiceáil sa Bhille. Táimid i mbun oibre chuile sheachtain. Deir iriseoirí éagsúla gur obair leadránach í. Ní dóigh liom gurb é sin an focal ceart. Is obair thábhachtach atá ar siúl ag an gcoiste faoi stiúir an Teachta Ó Snodaigh. Tá gá le Bille láidir a chuireann béim ar sheirbhísí sna Gaeltachtaí trí Ghaeilge mar cheart, a thugann cumhachtaí breise don Choimisinéir Teanga, agus a chuireann deireadh leis na scéimeanna teanga mar tá teipthe orthu go léir, agus caighdeáin teanga a chur isteach ina n-ionad. Is é an rud is tábhachtaí ná go bhfuil an t-aitheantas ann go bhfuil gá é a dhéanamh go sciobtha. Chomh maith leis sin, ní hé an Bille nó reachtaíocht amháin atá ag teastáil uainn. Chonaiceamar é sin ó na ceannairí, ón Taoiseach agus ón Tánaiste.

Bhí sé sin suntasach. In am na géarchéime, chuaigh siad ar ais go dtí an Ghaeilge chun muinín agus dóchas a thabhairt do mhuintir na tíre agus baineadh úsáid as na frásaí ar nós: “Ní neart go cur le chéile”, “Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine”, “Ní mór dúinn seasamh gualainn ar ghualainn” srl. Bhí sé sin thar a bheith suimiúil dom mar in am an ghátar, chuaigh na ceannairí ar ais go dtí an Ghaeilge. Bheadh sé iontach dá mba rud é go raibh muid in ann a rá gur céim amháin atá anseo agus an chéad chéim eile atá ann ná dul ar aghaidh agus breathnú ar an nGaeilge mar chuid den réiteach ar na fadhbanna atá againne. Tá na fadhbanna tithíochta san áireamh ansin mar ní mór dúinn breathnú ar fhorbairt réigiúnach atá inbhuanaithe agus tagraím do na fadhbanna maidir le hathrú aeráide freisin.

Sa chomhthéacs seo, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do leabhar atá thar a bheith suimiúil, An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht. Tá sé i mBéarla agus i nGaeilge. Ba mhaith liom é a léamh ach níl an t-am agam. Cruthaíonn an leabhar gur í an Ghaeilge cuid den réiteach, seachas cuid den fhadhb. Déanann an t-údar tagairt do dhá réabhlóid:

Stiúrfadh an dá réabhlóid seo, réabhlóid an inbhánaithe agus réabhlóid an chónaithe, aitheantas ceart don teanga dhúchais, ach ní mar rud dúnta, seasc, seachantach ach mar eochar na fuascailte, doras an feasa agus gléas na fairsinge.

Ní mór do bhaill an Rialtais an leabhar a léamh, smaoineamh ar na coincheapa sin, breathnú ar an mBille arís agus é a dhéanamh cuí don fheidhm atá ag teastáil sa 21ú aois.

Barr
Roinn