Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

JOINT COMMITTEE ON ARTS, SPORT, TOURISM, COMMUNITY, RURAL AND GAELTACHT AFFAIRS díospóireacht -
Wednesday, 14 May 2003

Vol. 1 No. 10

Perspectives on the Irish Language: Presentation.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh Pádraig Mac Fhearghusa agus Éamonn Mac Niallais atá chun labhairt ar cheist na teanga. Tá buíochas ag dul daoibh as ucht taistil i bhfad chun bualadh linn. Tá aistriúchán comhuaineach ar fáil. Níl líofacht Gaeilge ag cuid de na comhaltaí ach táimid ar ais ar scoil agus ag foghlaim Gaeilge arís. Glacfaidh mé le ceisteanna san dá theanga, mar sin.

Tá cead cainte agaibh anois agus ar aghaidh libh ach cuimhnígí nach bhfuil cearta pribhléide agaibh anseo faoi mar atá ag na comhaltaí.

Mr. Pádraig Mac Fearghusa

An t-ainm atá orm ná Pádraig Mac Fhearghusa agus táim anseo thar ceann chainteoirí Gaeilge i gContae Chiarraí, sa Ghaeltacht agus sa ghalltacht. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil as an deis seo a fháil mo chuid tuairimí agus tuairimí dhaoine eile ar labhras leo faoi stádas na teanga agus faoina bhfuil le déanamh, sa Ghaeltacht ach go háirithe, a cur os comhair an choiste Ba mhaith liom tagairt a dheánamh faoi cheithre cheann teidil: stádas na teanga féin agus muinín na ndaoine; seirbhísí phoiblí agus seirbhísí oideachais; fóillíocht, nó leisure services; agus níor mhiste focal beag nó dhó a rá faoi teorainneacha na Gaeltachta chomh maith. Is dóigh liom féin agus is dóigh leis na daoine a bhfuilim ag labhairt ar a son gur cheart a bheith ag caint mar gheall ar neartú agus ar leathnú na Gaeltachta seachas baint di. Tá creideamh ionainn féin ag teastáil, gan amhras, ach maidir leis an mhuinín a cothú tá sé an-thábhachtach do mhuintir na Gaeltachta go dtuigfidís go bhfuil an Stát ar a son. Uaireanta, braitheann siad nach bhfuil Stát s'againne mórán ar a son féin, ar son an bhealach saoil atá acu nó ar son a dteanga. Tá sé tábhachtach go gcreidfidís nach bhfuil siad faoi mhíbhuntáiste maidir le cúrsaí Gaeilge de.

Maidir le cúrsai oideachais, ceann des na nithe atá ag teastáil ná eolas agus feachtas oideachais á rá gur rud maith ann féin é an dara teanga a bheith ag duine. Tá buntáistí oideachais ag duine a bhfuil an dara teanga aige. Tá an cuma air go bhfuil na heolaithe móra ag rá linn go ndéanann sé leas an duine má tá an dara teanga go lán líofa aige. Cuireann sé lena chumas intleachta agus lena chumas cruthaitheachta. Tá cuid de mhuintir na Gaeltachta a thuigeann é sin ach tá cuid eile atá amhrasach agus is ceart aghaidh a thabhairt air sin.

Deirtear liom go bhfuil fadhb ar leith le déagóirí sa Ghaeltacht. Tá mé ag tagairt anois do Ghaeltacht Chiarraí. Tá an Ghaeilge ag éirí tanaí i measc na ndéagóirí agus, ar chúis amháin nó ar chúis eile, tá claonadh ag cuid mhaith acu iompú ar an mBéarla. Deirtear liom freisin go dtagann siad ar ais i dtreo na Gaeilge nuair a théann siad go dtí an tríú leibhéal ach tá sé tábhacht an cumas cainte agus an saibhreas sin a chothú ag an dara leibhéal. Tá baint áirithe ag tacaíocht do chúrsaí sóisialta lán-Ghaeilge leis sin. Tá baint aige le cúrsaí oideachais chomh maith, ar ndóigh, agus tá áthas orainn go bhfuil forbairt i dtreis ansan chun a bheith deimhin de go bhfuil rogha mhaith téacsleabhar ar fáil chomh maith.

Tá fadhbanna ar leith ag daoine sa Ghaeltacht maidir leis an oideachas sa mhéid is go bhfuil an oiread san daoine ag dul chun cónaí sa Ghaeltacht anois. Sampla amháin a thug fear dom ná, i scoil Dhún Chaoin féin go bhfuil cúig theanga á labhairt sa chlós. Tá Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Gaeilge agus Béarla. Go mion minic tá níos mó tacaíochta ar fáil dos na daoine atá ag gabháil isteach sa Ghaeltacht ná mar atá ag an dream istigh atá ag iarraidh an Ghaeilge a coimeád beo agus á labhairt. Is gá dúinn luach níos fearr a chur ar an saibhreas sin sa Ghaeltacht féin. Is gá cúram a dhéanamh don dara leibhéal agus is gá go ndéanfaí cúram ar leith do thréanáil mhúinteoirí i gcleasanna múinte na teanga labhartha. Is gá cúram leanúnach a dhéanamh de sin. Baineann sé sin leis an gcontae i gcoitinne agus leis an tír i gcoitinne chomh maith.

Maidir le muinín an ndaoine a cothú i dtreo is go seasfaidh an pobal i gcoitinne leis an nGaeilge sa Ghaeltacht, is gá go mbeadh na seirbhísí Gaeilge ar fáil sa Ghaeltacht gan ceist. Tá a fhios againn ar fad an claonadh atá againn. Fiú amháin, nuair a tháinig mé go dtí geata na Dála annso bhí mé ag cur ceiste orm féin an labhróinn Gaeilge nó Béarla. An claonadh atá agamsa ná cupla focal Gaeilge a úsáid agus féachaint conas mar atá ag an duine, mar ní maith leat a bheith ag cruthú teannais agus fadhbanna. Ach, is gá a thabhairt le fios go soiléir do mhuintir na Gaeltachta go bhfuil seirbhísí ar fáil tré Ghaeilge. Rachaidh muinitir na Gaeltachta isteach go Roinn na Gaeltachta, mar a bhí, i dTráilí nó go Raidió na Gaeltachta agus labhróidh siad Gaeilge amháin ansan mar tuigeann siad gur institiúidí Gaeilge iad san. Ach ins na hinstitiúidí eile ní theastaíonn uatha a bheith faoi míbhuntáiste, is cuma an cúrsa sláinte nó cúrsaí dlí atá i gceist. Dá bhrí sin, is ceart don Stát a bheith ábhairín réamhghníomhach. Is gá go mbraithfeadh muintir na Gaeltachta, agus muintir na Gaeilge i gcoitinne, go bhfuil fáilte ag an Stát roimh an nGaeilge. Caithfidh mé a rá go bhfuil dul chun cinn déanta ag Comhairle Contae Chiarraí sa chás seo agus go bhfuil athrú atmaisféir le braith ansan agus go bhfuil an bainisteoir chontae ag brú chursaí chun cinn.

Na laethanta seo bíonn an-chuid de mhuintir na Gaeltachta ag taisteal amach as an nGaeltacht chun dul ag obair. Dá bhrí sin, má tá achmhainní le roinnt thart b'fhéidir gur fearr níos mó achmhainní a chur i dtreo chúrsaí shóisialta lán-Ghaeilge a bhéadh á reachtáil as Gaeilge amháin. Cónaíonn daoine sa Ghaeltacht, bailíonn siad leo amach as an nGaeltacht i gcaitheamh an lae agus tagann siad abhaile um thráthnóna arís. Tá an Ghaeltacht i gcoitinne faoi bhrú agus ba mhaith go mbeadh imeachtaí rialta nó tráth-rialta ar siúl go hiomlán tré Ghaeilge. B'fhéidir go bhfuil ábhar machmaimh ansin don údarás.

Tá caint mar gheall ar an tríú leibhéal. Is dócha gur gá dúinn institiúidí tríú leibhéal de shaghas éigin a bheith againn, luath nó mall. Rud amháin a luaitear ná gur cheart go mbeadh, ar a laghad, coláiste traenála bun-mhúinteoirí amháin á reachtáil tré Ghaeilge. Tá daoine ag teacht aníos tríd an gcóras, ón nGaeltacht agus ón nGaelscolaíocht, agus cé go bhfuil coláiste Marino feabhsaithe, níl sé ina choláiste lán Ghaeilge go hiomlán. D'árdódh sé sin caighdeán múinte na Gaeilge i gcoitinne freisin. Ag an dara leibhéal, tá an-ghá i gcoitinne le níos mó tacaíochta do shocraithe éigin ar leith mar níl ach 5,300 dalta, nó mar sin, sa tír ar fad ag an dara leibhéal ag staidéar tré Ghaeilge. Tá os cionn 30,000 ins na Gaelscoileanna agus sa Ghaeltacht féin. Ceann des na fadhbanna a bhraitear ná go bhfuil an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ag brú fhorbairt an dara leibhéal isteach faoi na coistí gairm oideachais agus tá sé deacair an momentum a choimeád suas ansin. Ceann des na nithe a bhíonn i gceist ag an Roinn ná aonaid, nó sruthanna, lán-Ghaeilge agus tá sé deacair scoil nua a fhás mar aonad nó mar shruth.

Moladh eile a tháinig chugam ná, maidir le foireann scríbhneoirí óga Gaeilge agus Gaeltachta a thraenáil, níor mhiste tacaíocht ó traenáil nó cumasú a dhéanamh maidir le leathnaigh a chur ar fáil ar na nuachtáin áitiúla. Léann muintir na Gaeltachta na nuachtáin áitiúlá. Ceann des na fadhbanna atá ann nach bhfuil taithí leanúnach acu ar léamh na Gaeilge. Ar chostas bheag, d'fheadfaí daoine óga a thraenáil agus treallaimh áirithe a chur ar fáil dóibh, fiú muna mbeadh i gceist ach trí nó ceithre nuachtán ina na contaetha Gaeltachta. Leis an teicneolaíocht nua is féidir an t-eolas a mhalartú thart agus a chur i gcló in áiteanna éagsúla. B'fhéidir, fiú amháin, go bhféadfaí tacú leis na nuachtáin áitiúla. Nílim ag portaireacht ar son na nuachtán áitiúla, ach d'fhéadfaí íocaíocht a dhéanamh tré sholáthar fógraíochta a thabhairt dóibh. Measaim gur cheart don údarás breathnú air sin chomh maith. Rud eile a luadh liom, nár mhiste soláthar níos fearr ar TG4 a fháil ag Corcha Dhuíbhne agus Uíbh Ráthach.

Is dóigh liom go bhfuil go leor ráite agam. Go raibh míle maith ag an gcoiste as ucht a bheith chomh foighneach chomh fada san. Tá an-áthas orm an deis seo a bheith agam roinnt tuairimí a chur in bhur láthair thar cheann lucht na Gaeilge laistigh den nGaeltacht agus lasmuigh di i gCiarraí.

Go raibh maith agat. Tá na Teachtaí Jack Wall agus Brian O'Shea ag déanamh tuarascáil ar son an choiste ar an gceist, an bhfuil saol ag an teanga nó an bhfuil an teanga marbh agus ar na rudaí a raibh tú ag caint fúthu.

Tá mé i mo chónaí i gContae Dhún na nGall ach níl Gaeltacht san áit ina bhfuil mé i mo chónaí. Mar sin féin, tá a lán Gaelscoileanna agus naíscoileanna lán-Ghaeilge againn agus tá siad ag déanamh obair mhaith. Tá áthas orm, mar sin, go bhfuil an Ghaeilge ag teacht ar ais anois. Mar sin tá an galltacht tábhachtach freisin.

Mr. Éamonn Mac Fearghusa

Aontaím leat. B'fhéidir gur leag mé béim ró-mhór ar fad ar an nGaeltacht. Mar a tharlaíonn, ní chónaím féin san nGaeltacht, ní raibh Gaeilge ag m'athair ná ag mo mháthair ach bhí suim agam inti agus theastaigh uaim an teanga a fhoghlaim. Tá a lán daoine mar sin ann. Mar sin féin tá blas nadurtha ar leith ag baint le Gaeilge na Gaeltachta. Is rud é a shanntaigh mé féin i gcónaí a bheith in ann labhairt go líofa. Tá an Ghaeltacht tábhachtach dá réir.

Tá aithne agam ar chuid de Chorca Dhuíbhne. Téim ar saoire ann gach bliain ó 1984. Ní féidir a rá go bhfuil an Ghaeilge láidir sa Ghaeltacht iomlán. B'fhéidir go bhfuil sí níos láidre níos faide siar sa tír. Aontaím go mbeidh deireadh le hathbheochan na Gaeilge muna bhfuil an teanga láidir agus á forbairt ins an nGaeltacht.

Is mó duine a bhíonn ag caint mar gheall ar an nGaeilge ach nach ndéanann aon rud fiúntach ar son na Gaeltachta. Muna mbíonn díospóireacht oscailte náisiúnta ar an teanga, an pobal i gcoitinne páirteach ann agus gan eagla ar dhaoine a dtuairimí a chur amach, is cuma más ar son na teanga atá siad nó a mhalairt, beidh an scéal i bhfad níos measa amach anseo.

Tá sé tábhachtach go nglacfadh daoine úinéireacht ar an dteanga agus go bhfeicfeadh siad gur leo í. Ní le dream faoi leith an teanga ach le gach duine. Ins na Gaeltachtaí tá an béaloideas, na sean scéalta agus na logainmneacha beo le fada an lá. Sa ghalltacht tá na logainmneacha mar an gcéana ach is é an leagan Béarla a úsáidtear. Tá an stair ins na logainmneacha agus má tá eolas ag duine orthu leathnaítear a stór focal. Tá cónaí orm féin ins an Trá Mhór agus tá Dún Mór in aice linn. Tá an teanga beo ins na logainmneacha.

Bhí suim agam sa rud a dúirt Pádraig Mac Fhearghusa mar gheall ar scoil Dhún Chaoin. Bhí fadhbanna mar an gcéanna sa scoil náisiúnta i mBaile an Fhirtéirigh. Bhí páistí ann nach raibh Béarla, fiú amháin, acu. Is dócha go mbeidh a leithéid ag dul ar aghaidh sa tír de réir mar atáimid ag forbairt. Beidh teangacha eile ag teacht isteach agus ag éirí níos láidre sa tír.

Muna nglacann muintir na tíre leis gur leo í an teanga náisiúnta ní sháróimid an chéadh fhadhb. Cad iad na ceisteanna a chaithfimid a fhreagairt má bhíonn díospóireacht againn? An dteastaíonn uainn an teanga a athbheochain agus má theastaíonn, cén fáth? Cad iad na rudaí is ceart a dhéanamh go práinneach i dtreo is gur féidir linn an scéal a chur ar aghaidh go tapaidh?

An bhfulimid sásta, mar dhaoine agus mar phobal, rud éigin fiúntach a dhéanamh agus cur chuige go láidir chun úsáid na Gaeilge a fhorbairt go luath. Tá aithne agam ar oidí scoile a bhfuil an-chaighdeán Gaeilge acu agus atá ag múineadh i scoileanna nach scoileanna lán-Ghaeilge iad. Tá daoine ann a cheapann go mbeidh feabhas an-mhór ar an scéal má thagann forbairt ar na scoileanna lán-Ghaeilge. Bhí mise i mo oide scoile agus is cuimhin liom go raibh caighdeán Gaeilge an-ard ina na bunscoileanna ag an am sin. Ach, fágann na leanaí an bunscoil tar éis ocht mbliain ag gabháil don nGaeilge, téann siad isteach go dtí an meánscoil agus taobh istigh de dhá bhliain bíonn líofacht éigin acu ar theanga Eorpach, rud nach mbíonn acu sa Ghaeilge. Tá obair ar siúl ach nílimid ag sroichint na sprice i ndeireadh na dála. Nuair a fhágann na leanaí an scoil is beag cabhair a fhaigheann siad chun dul ag caint Gaeilge. Níl an timpeallacht ag tabhairt tacaíocht a dhóthain dóibh. Caithfimid an Ghaeltacht a cosaint agus a forbairt agus caithfimid é sin a dhéanamh ar bhonn phraiticiúil. Tá sé so-fheicthe cad atá le déanamh. Tá daoine ag dul amach ón nGaeltacht agus ag obair san ngalltacht. Is rud maith é TG4 ach tá sé in iomaíocht le han-chuid stáisiún eile a bhfuil an Béarla mar ghnáth theanga orthu. Tá a bhfuil ráite an an Uasal Mac Fearghusa suimiúil. Tá an t-eagras a thugann tacaíocht dos na scoileanna Gaeltachta lonnaithe sa Daingean. Tá sé tábhachtach go mbeadh áiseanna agus téacsleabhair Gaeilge ar fáil ins na scoileanna Gaeltachta.

Caithfimid an fhadhb a cur ar ais go dtí na daoine. Má déantar é sin go hoscailte agus go forleathan déanfaidh sé an-mhaitheas don scéal agus beidh daoine sásta i bhfad níos mó a dhéanamh. Caithfidh an Stát tacaíocht a thabhairt ach i ndeireach na dála nuair a fheiceann na daoine gur leo an Ghaeilge beimid ar an mbóthar ceart chun feabhas maith a chur ar an scéal.

Mr. Mac Niallais

A chathaoirligh, a Theachtaí agus a Sheanadóirí, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil libh as cuireadh a thabhairt dom labhairt libh faoin nGaeilge i mo cheantar féin. Tá mé ag dul a labhairt faoin nGaeilge i nGaoth Dóbhair ach tá an méid atá le rá agam fíor faoi gach uile áit sa tír. Ní haon saineolaí teanga mé ach creidim go bhfuil go leor cloiste agaibh ó na saineolaithe le tamall anuas, agus tuairisc Choimisiún na Gaeltachta agus Bille na dTeangacha Oifigiúla a bheith idir lámha agaibh le tamall.

Rugadh agus tógadh mé i nGaoth Dóbhair. Chuaigh mé ar an ollscoil i mBaile Átha Cliath, áit a bhain mé amach céim i margaíocht, i bhFraincis agus i nGearmáinis. D'oibrigh mé sa Fhrainc agus i Meiriceá ar feadh seacht mbliana, tháinig mé ar ais ansin agus d'oibrigh mé ar feadh sé bliana i nGaeltacht Chonamara in dtionscail na teilifíse. Le sé mhí anuas tá mé fillte ar ais ar fhód an dúchais, ar Ghaoth Dóbhair, áit a bhfuil mé fostaithe ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, mar fheidhmeannach cumarsáide. Mar sin, tá taithí agam ar chónaí ins an nGaeltacht ach ag an am gcéana chaith mé seal maith thar lear, áit a fuair mé taithí ar theangacha agus ar chultúir eile.

Céard é stádas na Gaeilge i nGaoth Dóbhair faoi láthair? Is léir go bhfuil an Ghaeilge beo bríomhar go fóill má amharcaimid ar na figiúirí. Sa bhliain 1999-2000 fuair beagnach 80% de na teaghlaigh i nGaoth Dóbhair an deontas iomlán faoi scéim labhairt na Gaeilge. Má chuirtear sin i gcomparáid le Gaeltacht atá lag, cosúl leis an Chlochán Liath áit nach bhfuair ach 2% de na teaghlaigh an deontas, taispeántar go bhfuil an Ghaeilge beo bríomhar go fóill i nGaoth Dóbhair inniu. Ag an am gcéanna, is cinnte a rá go bhfuil críocha na fíor Gaeltachta i nDún na nGall ag laghdú an t-am ar fad. Ó mo thaithí phearsanta féin de, tá meath mór tagtha ar labhairt na Gaeilge i mo cheantar féin, go háirithe i measc an ghlúin óig.

Céard is féidir a dhéanamh faoi seo? Is é an rud is soiléire domsa go bhfuil easpa polasaí deimhneach, soiléir i dtaca leis an nGaeilge agus i dtaca leis an nGaeltacht sa tír. Mar a dúirt an Teachta O'Shea, caithfidh na daoine féin, taobh istigh agus taobh amuigh den nGaeltacht, seilbh a ghlachadh ar an teanga agus freagracht a ghlacadh as a bhuanadh. Ach, ag deireadh an lae tá an freagracht ar an Stát an cheannasaíocht a thabhairt agus polasaí deimhneach agus soiléir a sholáthar. I gcás phlean oibre de chineál ar bith caithfidh polasaí soiléir a bheith ann agus spriocanna inbhainte amach a bheith ann ionas go dtuigfidh gach uile dhuine atá páirteach sa chóras nó atá ag iarraidh a bheith páirteach sa chóras cad iad na spriocanna atá ann agus ionas go n-úsáidfidh siad na hachmhainní atá acu chun an leas is fearr a fháil astu.

Cén polasaí atá ann faoi láthair? Dúirt an t-Aire Ó Cuív agus é i láthair ag an gcoiste seo ar 9 Feabhra gurb í an aidhm a bhí aige ná go mbeadh an Ghaeilge á labhairt mar rogh-theanga ag Éireannaigh eatarthu féin ach go mbeadh Béarla líofa ag gach uile dhuine ag an am gcéanna chomh maith le bun-eolas ar theangacha Eorpacha eile cosúil le Fraincis, Spáinnis nó Gearmáinis. An é sin an polasaí atá ag an Rialtas? Más ea, cá bhfuil an plean agus cá bhfuil na spriocanna chun an aidhm sin a bhaint amach? Ba chóir don nGaeltacht a bheith mar chuid lárnach do aon pholasaí nó plean teanga Rialtais mar, ag deireadh an lae, ní féidir le haon teanga marachtáil gan pobal beo cainteoirí ins a teanga sin a bheith ann.

Céard a bha chóir a bheith ins an plean teanga? Tá trí phríomh rud a gcaithfimid spriocanna soiléire a leagan amach dóibh. Is é an chéad rud an t-oideachas agus an oiliúint i dtaca leis an bpróiséis uilig ó chúram leanaí, réamhscolaíocht, bunscolaíocht, meánscolaíocht agus ollscolaíocht tré mheán na Gaeilge a bheith le fáil. Céard iad na spriocanna a ba chóir a bheith againn agus ag an Stát? Cén oiliúint atá á dhéanamh ar phobal na Gaeltachta iad féin? Mar shampla, an bhfuil pobal na Gaeltachta ag fáil oiliúint tré mheán na Gaeilge ins na tionscail nua-aimseartha cosúl le teicneolaíocht an eolais?

An dara rud ar chóir a bheith sa phlean ná spriocanna chun go mbeadh seirbhísi poiblí agus príobháideacha sa Ghaeltacht ar fáil tré mheán na Gaeilge. Ghlac Coimisiún na Gaeltachta leis i 1926, mar shainmhíniú ar Ghaeltacht, go raibh ceantair sa Ghaeltacht má bhí 80% de mhuintir an cheantair ina nGaeilgeoirí. Sílim féin nach sainmhiniú maith sin don dóigh ina bhfuilimid inniu. Seo sainmhíniú eile a tháinig aníos ag cruinniú poiblí de chuid Choimisiún na Gaeltachta:

Is áit í an Ghaeltacht gur féidir le duine a shaol phríobháideach agus a shaol phoiblí a reachtáil tré Ghaeilge.

Cinnte, tá sé tábhachtach go nglacfadh na daoine iad féin seilbh ar an teanga agus go dtógfaidís orthu féin í a labhairt mar is iad na daoine iad féin a chothaíonn an Ghaeltacht. Tá cuid mhór ag oideachas le déanamh le seo agus le meoin na ndaoine. Ach ag deireadh an lae tá ról lárnach ag an dúlra a bhfásann daoine suas ann, cé acu istigh sa Ghaeltacht nó taobh amuigh den nGaeltacht atá sé. Má tá gach uile rud oifigiúil á dhéanamh tré mheán an Bhéarla agus muna bhfuil na daoine a bhfuil cumhacht agus tionchar acu, is é sin le rá na role models, ins an phobal sásta an Ghaeilge nó ábalta an Ghaeilge a labhairt, cén meas a bhéas ag an bpobal i gcoitinne ar an nGaeilge?

Ó thaobh an bhunoideachais agus an chléir de, is cinnte go bhfuil polasaí dearfa á chur i gcrích sa Ghaeltacht agus chuidigh sin go mór le caomhnú na teanga ó bunaíodh an Stát. Ach i dtaobh eagrais Stáit eile, cosúil leis na comhairlí contaetha agus an Garda Síochána, agus ó thaobh eagrais príobháideacha cosúil leis na bancanna, comhluchtaí fón agus mar sin de, tá faillí mhór déanta ar phobal na Gaeltachta. Tá Bille na dTeangacha Oifigiúla chun freastail ar chuid den fhaillí seo ach, de réir mar a thuigim, níl aon rud deimhneach ann faoi láthair faoin earnáil phríobháideach. Tá sé tábhachtach go mbeadh duine atá ina chónaí sa Ghaeltacht in ann siúl isteach i mbanc, i siopa, in óstán nó i mbialann agus a bheith cinnte go bhfaigheadh sé seirbhís tré Ghaeilge. Mar a dúirt mé, "Is áit í an Ghaeltacht gur féidir le duine a shaol phríobháideach agus a shaol phoiblí a reachtáil tré Ghaeilge". Caithfimid an seans sin a thabhairt do dhaoine, má tá siad chun cónaí san nGaeltacht, go mbeadh an ócáid sin acu an Ghaeilge a úsáid a ó lá go lá.

An tríú rud a ba chóir a bheith sa phlean ná plean fostaíochta don nGaeltacht. I mo cheantair féin, i nGaoth Dóbhair, tá na céadta postanna caillte i dtionscail déantúsaíochta le bliain anuas. D'éirigh go maith leis an bpolasaí a bhí ag Údarás na Gaeltachta chun tionscail a mhealladh isteach suas go dtí seo. Ní raibh aon imirce, mar shampla, as an cheantar le tamall anuas agus chuidigh na postanna traidisiúnta sna monarchana seo le teaghlaigh fanacht sa Ghaeltacht agus a gclann a thógáil ansin. Ag an am chéana is fíor gur tharraing cuid mhaith de na forbairtí seo cuid mhór de chultúr an Bhéarlachais isteach sa cheantair mar nach raibh riachtanais teanga nó aon bhéim ar ról na teanga ins na tionscail. Formhór den bhainistíocht a bhí sna monarchana seo - arís, na role models - ní raibh aon Ghaeilge acu. Fadhbh eile a bhí leis na monarchana seo ná go raibh formhór na bpostanna a bhí ar fáil iontu ar chaighdeán íseal scileanna agus oiliúna, rud a chiallaigh go raibh ar na daoine óga a raibh caighdeán árd oideachais acu an Ghaeltacht a fhágáil le fostaíocht a fháil.

De thairbhe seo agus de thairbhe an chúlú eacnamaíochta mór atá tagtha ar an dtionscal déantúsaíochta in iarthar na hEorpa go ginearálta, is cinnte go gcaithfear díriú isteach ar fhorbairt don nGaeltacht atá eolas-bunaithe agus teanga-lárnaithe. Samplaí de seo ná teicneolaíocht an eolais, cumarsáid na Gaeilge, tionscal na teanga é féin, an geilleagar sóisialta, turasóireacht chultúrtha, siamsaíocht agus ealaín. Is cinnte go raibh níos mó den chineál sin forbartha i nGaeltacht Chonamara le blianta anuas ná mar a bhí i nGaeltacht Ghaoth Dóbhair agus go bhfuil Gaeltacht Chonamara i bhfad níos láidre inniu de thairbhe na forbartha sin. Samplaí de seo ná go raibh ceannárais Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta, TG4 agus Raidió na Gaeltachta lonnaithe i gConamara. Chomh maith leis sin bhí campais ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ar an gCeathrú Rua agus i gCarna, bhí oifigí ag Foinse ar an gCeathrú Rua agus bhí cuid mhór comhlachtaí léiriúchán teilifíse neamhspleácha a bhí ag brath ar TG4, cosúil le Ros na Rún agus Telegael, lonnaithe i gConamara. Sin cuid mhór postanna atá teanga-lárnaithe agus ina bhfuil daoine le sár-oiliúint feidhmeach. Tá a leithéid sin, is é sin postanna atá a brath ar an teanga, ag teastáil ó Ghaoth Dóbhair agus ó na Gaeltachtaí eile fosta leis an teanga a láidriú. Sampla de fhorbairt atá ag teacht aníos ná oifig choimisinéir na dteangacha oifigiúil. Sílim gur chóir an oifig sin a bheith lonnaithe san nGaeltacht.

Réimse amháin ina raibh Gaoth Dóbhair ar chomhchéim le Conamara ná i dtéarmaí infrastruchtúir, ar nós bóithre agus ceangail telecumarsáide. Bhí cúrsaí díreach chomh holc i nGaoth Dóbhair agus mar a bhí siad ins na Gaeltachtaí eile. Cuirim fáilte roimh an chóras leathanbhanda a bhéas ag teacht go Gaoth Dóbhair ach tá gá fós le infeistíocht ins na bóithre agus ins an infrastruchtúr leictreachais.

Caithfidh an Rialtas soiléiriú a dhéanamh agus, mar adúirt an Teachta O'Shea, b'fhéidir go bhfuil díospóireacht ag teastál chun teacht ar an soiléiriú sin. Cén polasí atá ag an Rialtas i leith na Gaeilge agus i leith na Gaeltachta? Níl sé soiléir. Caithfear ansin, plean teanga a chur le chéile leis an bpolasaí seo a chur i gcrích, le spriocanna inbhainte amach ins na réimsí seo a leanas: oideachas; soláthar seirbhísí; agus fostaíocht teanga-lárnaithe. Is áit í an Ghaeltacht gur féidir le duine a shaol phríobháideach agus a shaol phoiblí a reachtáil tré Ghaeilge.

Tá oifigí an chomhairle chontae i gContae Dhún na nGall dí-lárnaithe agus na seirbhísí ar fáil cóngarach do dhaoine. An bhfuil tú sásta leis an seirbhís atá ar fáil tré Ghaeilge ins na hoifigí sin.

Mr. Mac Niallais

Glacaim leis go bhfuil formhór na seirbhísí ins an áras sin ar fáil tré mheán na Gaeilge ach bhí mé ag déanamh an phointe gur i mbliana, díreach, a cuireadh sin ar fáil cé gur bunaíodh an Stát i 1922. Ba chóir na seirbhísí sin a bheith ar fáil níos luaithe. Ba chóir leanstain leis an bpolasaí sin agus seirbhísí a chur ar fáil tré Ghaeilge. Sin polasaí nua atá ag teacht isteach anois faoin mBille nua ach roimhe seo ní raibh aon chaint faoi.

Tagann a lán daoine go dtí an tír seo gach bliain chun Béarla a fhoghlaim. Níl mórán postanna le soláthar tré Ghaeilge a fhoghlaim. Would cultural tourism be a help to the Gaeltacht, focus the minds of people in the Gaeltacht and encourage new ideas?

Molaim an méid a dúirt na cainteoirí linn. Cosúil leis an Teachta O'Shea, is minic a bhí mé i nGaeltacht Chiarraí. Bhí mé i nDún na nGall freisin, ach ní raibh an chanúint chomh soiléir dom agus atá Gaeilge an Uasail Mhic Niallais. Molaim é as sin.

Má fhéachtar ar léarscáil na hÉireann don bhliain 1922 agus ar Ghaeltachtaí an ama sin, feictear go bhfuil athrú an-mhór tagtha ar líon phobal na Gaeltachta ó shin. Tá teipthe ar fad ar pholasaí an Stáit ó thaobh na Gaeilge de. Cé go bhfuil an Stát go mór i bhfábhar na Gaeilge ní raibh na daoine ins na Gaeltachtaí atá imithe sásta í a labhairt. Sin an fhírinne. Tá sé an-thábhachtach, mar sin, go bhfuil Bille na dTeangacha Oifigiúla críochnaithe sa tSeanad agus ag dul tríd an Dáil.

Caithfimid féachaint ar cad is féidir a dhéanamh. Bhí na cainteoirí ag caint faoi phostanna ins na Gaeltachtaí agus faoin duine gur mhaith leis Gaeilge a labhairt ina shaol phearsanta agus ina shaol phoiblí. Tá a lán daoine ar fud na tíre gur theastaíonn uathu an rud céanna a dhéanamh agus níl siad ina gcónaí sna Gaeltachtaí. Tá fás mór tagtha ar na bunscoileanna lán-Ghaeilge, ach go háirithe. Más mian le haon duine a ghnó a dhéanamh tré Ghaeilge in aon áit sa tír anois ba chóir go mbeadh call centres bunaithe ins na Gaeltachtaí chun go bhféadfadh an duine sin glaoch ar uimhir 1800 agus a rá gur mhaith leis a chuid gnó a dhéanamh tré Ghaeilge le comhlucht poiblí ar bith. Is sa Ghaeltacht atá na cainteoirí Gaeilge is mó. Dá mba rud é go mbunófaí na call centres sin ins na Gaeltachtaí d'fhreastalódh siad go mór ar phobal na Gaeilge ar fud na tíre agus bheadh postanna á gcothú agus á gcoimeád ina na Gaeltachtaí.

Muna bhfuil na daoine féin sásta an teanga a labhairt is cuma cé mhéid Bille a reachtáltar. Níl hionann Bille a reachtáil agus an Ghaeilge a bheith ann. Ní féidir an Ghaeilge a athbheochan mar theanga bheo ar fud na tíre ach is féidir í a bheith - mar a dúirt Éamonn - bríomhar agus beo ins na Gaeltachtaí agus ar fud na tíre. Níl mé i gcoinne mhuineadh na Gaeilge mar ábhar éigeanntach scoile ach tá teipthe go mór ar an bpolasaí sin, go mórmhór in oirthear na tíre. Is beag Gaeilge atá ag daltaí ins na scoileanna i gContae Lú nó in áit ar bith eile, cé go bhfuil siad tar éis ocht nó naoi mbliana a caitheamh á foghlaim. Ba chóir go mbeadh i bhfad níos mó béime ar labhairt na Gaeilge agus gan bacaint leis an ngramadach nó leis an scríobh, fiú amháin. Bhí mé ag léamh ibhFoinse tamall ó shin faoi pop stáisiún raidió do dhaoine óga. Tá an sean-shaol imithe uainn agus ní haon mhaitheas a bheith ag caint i gcónaí faoi. Caithfimid féachaint ar a bhfuil le teacht. Caithfimid ár n-aigní a ndíriú ar an nglúin atá ag teacht agus an siceoilaíocht is fearr a úsáid chun teanga na Gaeilge a chur ar fáil dos na daoine, ach a bheith ag breathnú ar aghaidh in ionad a bheith ag breathnú siar.

Bhí m'athair féin ina mhúinteoir Gaeilge ar feadh blianta fada. Bhí sé ina thimire Gaeilge agus thaistil sé ar ghluaisrothar timpeall Chontae Thiobraid Árainn na blianta ó shin. Nuair a bunaíodh an Stát bhí daoine mar sin ann a bhí sásta a saolta a gcaitheamh i bpostanna mar sin. Tá sin thart anois agus caithfimid a bheith praticiúil agus féachaint ar rudaí nua-aimseartha.

Tá a lán airgid caite ag an Stát ins na Gaeltachtaí. Tá an infrastruchtúr bóthar feabhsaithe agus tá ceangail telecumarsáide in ngach áit anois. Ach ó thaobh na ndaoine de, agus ó thaobh na scoileanna samhraidh de ach go háirithe, ba chóir go mbeadh níos mó linn snámha agus áiseanna do dhaoine óga atá ag dul ar saoire ins na Gaeltachtaí agus ba chóir go mbeadh níos mó airgid á chaitheamh ag na scoileanna sin agus ag na comhairlí contaetha. More recreational infrastructure is needed in the Gaeltachtaí mar níl a leithéid i ngach Gaeltacht agus níl sé i nGaeltacht Chiarraí ach go háirithe. Tá mé ag dul ar saoire ansin leis na blianta fada, tá na sean áiteanna ann i gcónaí agus níl an t-airgead á chaitheamh ansin.

Ba mhian liom dul go dtí an Fhrainc ar mo laetheanta saoire i mbliana ach tá páistí 16 d'aois agam, agus d'iarr mé orthu arbh fhearr leo dul go dtí an Ghaeltacht nó go dtí an Fhrainc agus thoghadar an Ghaeltacht. Bíonn saol an-mhaith ag daoine óga sa Ghaeltacht. Is rud an-thábhacht é sin agus tá sé tábhachtach é a chothú agus a choimeád. Tá na tuairimí a nochtadh ag Pádraig Mac Fhearghusa agus ag Éamonn Mac Niallais inniu an-shuimiuil ar fad. Beidh mé ag caint leo níos déanaí agus beidh mé ag scríobh chucu.

Tá Gaeltacht i mo dháil cheantair féin agus léirigh na figiúirí i ndaonáireamh 1996 go raibh úsáid na Gaeilge níos láidre i nGaeltacht na Rinne ná in aon Ghaeltacht eile. Nuair a thiocfaidh figiúirí amach do dhaonáireamh 2002, tá súil agam go mbeidh an toradh mar an gcéana.

Bhí Éamonn Mac Niallais ag caint mar gheall ar pholasaí an Stáit. Cheap mé féin ar feadh i bhfad go raibh sé mar pholasaí ag an Stát go mbeadh pobal dátheangach againn i ndeireadh na dála ach fuair mé amach ansin nach raibh aon pholasaí ann, ag an am sin nó i leith. Ceapaim go mba mhaith an rud é go mbeadh coimisiún na galltachta againn. Muna mbíonn sé sin go forleathan agus muna mealltar daoine chun páirt a ghlacadh ann ní fiú é a dhéanamh. Má cuirtear ceist ar dhaoine sa ghalltacht an cheart an Ghaeilge a athbheochan deir siad gur cheart. Ach ní bhíonn aon díriú ar an gceist; ní bhíonn ann ach Pavlovian response. An rud atá uaimse go gcuirfí díospóireacht náisiúnta ar bun agus, ina dhiaidh sin, go gcuirfeadh na daoine brú an na polaiteoirí chun cursaí a bhrú ar aghaidh. Sin mar is ceart go dtarlódh rudaí agus mar a tharlaítear i ngach cuid den saol. Dream beag atá ag cur an bhrú maidir leis an nGaeilge sa ghalltacht. Admhaím go mb'fhéidir nach amhlaidh atá cúrsaí sa Ghaeltacht.

Ag comhdháil náisiúnta Pháirtí an Lucht Oibre an deireadh seachtaine seo caite chuir sé iontas orm nuair a dúirt fear as Conamara liom nach bhfuil eolas ar Bhille na dTeangach Oifigiúla ag a lán den bpobal i gConamara. Cheap mé go mbeadh scéala an Bhille forleathan agus go mbeadh daoine ag caint mar gheall air. B'fhéidir go léiríonn sé sin fadhb eile.

Is ar an Stát atá an dualgas an díospóireacht nó an coimisiún a chur in áit. Bheadh an-thairbhe air sin dá ndéanfaí i gceart é.

Nauir a bhí mé féin óg i gContae an Chláir bhí a lán Gaeilge in áiteanna sa chontae ach tá sí imithe anois agus ní labhraíonn daoine Gaeilge ins na háiteanna sin a thuilleadh. The decline in the language has mirrored the decline in the population of the western areas due to lack of employment opportunities or prospects for young people. When they leave school, ní bhfaigheann siad cleachtadh ar labhairt na Gaeilge agus tar éis tamaill tá sí imithe. Deputy Tom O'Donnell, who had no Irish when he was appointed Minister for the Gaeltacht but learned the language and promoted it, did more for the preservation, protection and development of the Irish language than any Minister since the foundation of the State. He was from a different party from me but he was a neighbour of mine in Limerick and he certainly put his heart and soul into the promotion of the language. He especially concentrated on west Clare and came down to Kilbaha and to the Irish college in Carrigaholt.

Bhí an Ghaeilge go fliúirseach ann 50 bliain ó shin ach níl éinne ansin anois ag labhairt Gaeilge. He came down to west Clare and he tried to establish small industries in parts of Kilbaha and Carrigaholt. He was very successful within reason but the success did not last. In my view the decline in the language, especially in the western areas, has been in parallel with the decline in the population generally, which is still ongoing. People leave because they have no employment opportunities.

The lack of language policy has been mentioned. Unsuccessful policies have been followed to try to create employment opportunities in the west but I do not believe it will be possible to revitalise the language in the west until we revitalise the population there and try to encourage more people to live in these areas. This presents a range of difficulties, not least of which are planning difficulties, but that is a separate issue.

Tá meas mór ag muintir na hÉireann ar an dteanga. They love the language. Since Deputy Tom O'Donnell's time, the latest innovation which has helped the language has been TnaG, which shows subtitles for people, like myself, who have a grasp of the language but who would not normally converse in the Irish language. That type of programming has done a huge amount and will be seen in the long-term to be very successful.

I turned against reading the Gaeltacht papers a long time ago because they were so critical of Government policy and I became tired of reading the same old stuff. They did not seem to put forward constructive proposals as to how problems could be dealt with. There was a kind of snobbery which, in my view, was detrimental to the language and was turning people off it. The question has been asked, how does the language stand? Conflicting reports are coming from the professionals in the business. Some say the language is almost finished and will be dead in a few years. Others say it was never stronger. I am in a quandary and maybe our guests could enlighten me about that. They are very welcome here.

Tá a lán daoine ag dul go dtí na gaelscoileanna agus na naíscoileanna anois agus tá a lán airgid ag dul isteach sa Ghaeltacht. Ins an blianta atá romhainn, b'fhéidir go mbeidh a lán daoine ag caint Gaeilge. I wonder are people going to the gaelscoileanna for the right reasons. Do they choose them because of smaller class numbers or for their social status and does it matter why they choose them if the result is a number of adults who will speak the language?

Mr. Mac Fheargusa

Sa mbunscoil lán-Ghaeilge i dTrá Lí, tá níos mó daltaí ag dul ann ach tá níos lú múinteoirí aici ná mar atá i scoil na mBráithre go háitiúil. Nuair a thosnaigh an ghaelscoil, bhí 21 duine inti agus bhí 450 i scoil na Bráithre. Anois tá 330 sa ghaelscoil agus tá 290 ag na Bráithre ach tá níos mó múinteoirí acu. Tá cúiseanna éagsúla leis sin ach tá an difríocht an-bheag agus tá fadhbanna ar leith nuair a chuireann daoine a bpáistí go dtí an scoil agus iad gan Gaeilge sa bhaile. Tá a lán oibre le déanamh leis an chaigheán a ardú. Le bheith glan macánta, bhí baint agam le scoileanna lán-Ghaeilge éagsúla. Léigh mé na tuarascálacha a rá gur chuir daoine a bpáistí do scoileanna lán-Ghaeilge mar bhí Gaeilge mhaith uathu, mar bhí oideachais mhaith uathu - bhí múinteoir sa bhreis iontu ag an am - agus toisc go raibh siad in aice leo. Is féidir gaelscoil a bhunú i ngach paróiste sa tír agus gheobhaidh sí na huimhreacha.

Chuir an Teachta Ó Sé ceist faoin Rinn. Tá eolas beag agam uirthi agus bhí aithne agam ar na innealtóirí inti agus dúradh liom i gcónaí gur tháinig an Rinn slán mar Ghaeltacht - agus is miorúilt sin mar tá sé chomh beag - toisc go raibh meánscoil bheag an-mhaith aici agus do shlánaigh sin an Ghaeilge i measc an phobail sin nuair a bhí daoine ina ndéagóir. Sin rud a bhí in easnamh ar Chathair Saidhbhín ar feadh 30 nó 40 bliain agus ar Bhaile an Sceilg, agus sin a scrios an áit ar fad. Tá an Ghaeilge níos láidre i gCorcha Dhuibhne toisc go raibh an soláthar dara leibhéal níos fearr agus tá tábhacht leis an tseirbhís áirithe sin.

Bhí toil an phobail i gceist freisin. Deirteir sna 1930í, 70 bliain ó shin, go raibh an Ghaeilge imithe ó Bhaile an Fheirtéaragh, ach tháinig sí ar ais mar rinne an pobal cinneadh. Ní mhiste go mbeadh díospóireacht ar na cúrsaí seo, mar is ar ár son go léir atá seo, ní ar son na Gaeltachta amháin ach ar son leas na tíre agus ar son leas oideachais na tíre i gcoitinne agus tá muid ag déanamh beairt ar son na hEorpa ar fad má thugaimid an Ghaeilge slán.

Ní cheart a rá go bhfuil an Ghaeilge marbh, tá sí beo agus tá pobal beo Ghaeilge ann ach tá sé an-scaipithe. Ní cheart go mbeimis éadóchasach, áfach, mar tá muid níos fearr as anois nó mar a bhí muid 20 bliain ó shin, tá meon na tíre athraithe go mór le deich mbliain anuas. Braithim féin sin go pearsanta ach braithim freisin go bhfuil leisce ar an gcóras, mar a tharla sna 1960í, an chéad chéim eile a thabhairt agus pobal na Gaeilge a mhisniú mar, ar dheireadh thiar thall, tá muid ag caint ar cheann de theangacha is sinseartha na hEorpa ar cheart dúinn go léir bheith móralach as.

Mr. Mac Niallais

Aontaím leis an méid a dúradh ansin. Ní cheist uimhreacha amháin atá ann. Nuair a léitear na nuachtáin go minic, feicimid go bhfuil rudaí diúltacha ráite faoin Ghaeilge sna scoileanna. Taispeánann na scoileanna lánghaelacha go bhfuil daoine sásta a bpáistí a thabhairt chuig scoileanna lan-Ghaeilge, fiú má tá na hábhair uilig trí mhéan na Gaeilge, ní amháin an Ghaeilge í féin.

Luaigh an Teacht Ó Sé an athbheochan. Ag deireadh an lae, b'fhéidir nach mbeidh athbheochan ann, sin an fáth go bhfuil díospóireacht ag teastáil uainn, caithfimid déanamh amach cén aidhm atá againn. Deir an tAire go bhfuil aidhm amháin aige agus má tá aidhm eile ag daoine eile, caithfimid fáil amach caidé tá ann. Sin an fhadhb a bhí againn le fada.

Cuireadh cuid mhór isteach sa Ghaeltacht nár cuireadh sna háiteanna cearta. Bhí ceanntracha ann gan meánscoil nó cuireadh cuid mhór pháistí go dtí meánscoileanna Béarla. Cén brú a chuir sin ar na páistí Béarla a labhairt? Ní oibríonn an coincheap "streaming" a bhí acu - go mbeadh "stream" amháin trí Ghaeilge agus "stream" eile trí Bhéarla. Caithfidh an rud uilig a bheith trí theanga amháin leis an atmaisféar a chruthú chun tacaíochta a thabhairt do dhaoine. Má tá duine ag iarraidh Fraincís a fhoghlaim, foghlaimítear níos eascaí í sa Fhrainc nó i scoil ina bhfuil achan rud déanta frid an Fhraincís ná a fhoghlaimeofaí i scoil ina bhfuil achan duine ag labhairt Béarla.

Gabhaim buíochas thar cheann an choiste le gach duine. Tá a lán obairbhaile againn anois.

The joint committee adjourned at 2.40 p.m. sine die.
Barr
Roinn