Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

JOINT COMMITTEE ON ARTS, SPORT, TOURISM, COMMUNITY, RURAL AND GAELTACHT AFFAIRS díospóireacht -
Wednesday, 29 Nov 2006

Official Languages Act 2003 (Section 9) Regulations 2006: Motion.

Scrúdóidh an choiste na rialacháin atá le déanamh faoi alt 9(1) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Chuir an Dáil agus an Seanad na rialacháin chuig an comhchoiste chun breithniú a dhéanamh orthu agus chun teachtaireacht dá réir a sheoladh chuig an Dáil agus chuig an Seanad roimh 5 Nollaig 2006. Ba mhaith liom fáilte a chuir roimh an Aire, an Teachta Ó Cuív, agus a oifigigh. Iarraim ar an Aire tús a chur leis na himeachtaí. Éistfidh mé leis na comhaltaí ina dhiadh.

I thank the Chairman for giving me an opportunity to debate these draft regulations. I stress that despite reports in the public media, these are draft regulations. I hope today's debate will give the members of the committee an opportunity to make a full input into them. If they wish to suggest amendments to the regulations or even to say there should be no regulations at all, this is the forum at which all of us who have the privilege to serve in Oireachtas Éireann can make such points. I will listen to any points made and consider them carefully before making regulations on the issues in question.

Fáiltím go mór roimh an deis chun plé a dhéanamh le baill an choiste ar dhréacht de na rialacháin atá le déanamh agam faoi alt 9(1) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Mar is eol do na baill, baineann na dréacht-rialacháin le húsáid na Gaeilge amháin, nó an Ghaeilge agus an Béarla le chéile, i bhfógairtí béil réamh-thaifeadta, ar stáiseanóireacht agus ar chomharthaíocht ag comhlachtaí poiblí, Ranna Stáit agus údaráis áitiúla, srl. Bheartaigh mé ar dheis a thabhairt do Theachtaí agus Sheanadóirí na rialacháin a phlé i bhfoirm dréachta agus moltaí a dhéanamh maidir le hathruithe más maith leo, sula síním iad. It is not common practice in all cases to have a debate in the Oireachtas on regulations of this nature, but I thought it would be in the public interest to provide for such a debate on this occasion.

Ar dtús báire, b'fhéidir nár mhiste dom a chur i gcuimhne do bhaill an choiste an athuair na príomh-chúiseanna agus príomh-chuspóir a bhain le Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Mar is eol do na baill, bhí roinnt fáthanna leis, ina measc stádas bunreachtúil v. stádas fíorasach na Gaeilge; cás Uí Bheoláin; teip ar iarrachtaí deonacha roimhe sin, go mór-mhór an neamh-aird a bhí tugtha ar threoirlínte neamh-reachtúla Bhord na Gaeilge i 1993; agus cothrom na féinne a chinntiú do lucht labhartha na Gaeilge. Roimh achtú an Acht Teanga ní raibh aon reachtaíocht ann chun a chinntiú go gcuirfí seirbhísí poiblí ar fáil sa Ghaeilge. Mar thoradh ar an easpa reachtaíochta sin, bhí sé deacair a chur ina luí ar chomhlachtaí Stáit go raibh cearta ag saoránaigh na hÉireann i dtaca le soláthar seirbhísí i nGaeilge. In ionad cothrom na féinne a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge, más ón nGaeltacht nó lasmuigh di dóibh, bhí meon ann go forleathan nárbh gá seirbhísí a chur ar fáil ach i mBéarla amháin.

Ní droch sheirbhís trí Ghaeilge atá ag teastáil ó phobal na Gaeilge, ach seirbhís ar chomhchaighdeán leis an tseirbhís atá ar fáil trí Bhéarla. Tá seirbhís ar chomhchaighdeán ag dul do phobal na Gaeilge ó thaobh chomhionannais de. Mar a dúirt an coimisinéir teanga agus é ag tabhairt léacht Bhord na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, aréir:

Is ceart dom a rá go soiléir nach bhfuil aon bhuntáiste breise nó tús áite á thabhairt ar bhealach ar bith do phobal na Gaeilge sa reachtaíocht seo. Tá na seirbhísí trí Ghaeilge a gheobhaidh siad ar fáil cheana féin gan cheist ag an chuid sin den phobal a roghnaíonn an Béarla mar theanga cumarsáide. Cothromaíocht agus comhionannas teanga atá i gceist seachas buntáiste nó brabach.

Is fiú a mheabhrú daoibh uair amháin eile chomh maith — in ainneoin an méid ata ráite i dtuairiscí sna meáin Bhéarla agus go deimhin ag daoine mar an Seanadóir Ó Tuathail — mar a mhínigh an coimisinéir teanga go soiléir aréir freisin:

Ba mhaith liom a shoiléiriú freisin nach gcuireann an tAcht seo aon dualgas teanga ar aon fhostaí aonair de chuid an státchórais. Ina áit sin, cuireann sé an dualgas ar na heagraíochtaí féin, nó ar bhainistíocht na n-eagraíochtaí sin, le córais a chur i bhfeidhm le seirbhísí áirithe trí Ghaeilge a sholáthar don phobal. Sin é an dúshlán a thugann an tAcht seo do bhainistíocht na n-eagraíochtaí Stáit.

Achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla i mí Iúil 2003 tar éis gur glacadh leis d'aon ghuth sa Dáil agus sa Seanad. Tháinig sé i bhfeidhm ina iomlán i mí Iúil na bliana seo. Is é an tAcht an chéad phíosa reachtaíochta ina leagtar síos próiseas pleanála reachtúil chun a chinntiú go gcuirfidh comhlachtaí poiblí níos mó seirbhísí ar fáil i nGaeilge agus ar chaighdeán níos airde. Is mian leis an Acht creatlach agus meicníocht a sholáthar le haghaidh feabhsuithe i seachadadh sheirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge go gearrthéarmach, go meántéarmach agus go fadtéarmach le gur féidir dualgais an Stáit a chomhlíonadh ar bhonn comhtháite maidir le seirbhísí a sheachadadh trí mheán na Gaeilge. Forálann an tAcht go mbainfí é seo amach ar thrí dhóigh — trí fhorálacha atá infheidhmithe go díreach agus a bhaineann le gach comhlacht poiblí; trí chomhaontú scéimeanna teanga le comhlachtaí poiblí aonair; agus trí rialacháin a bheidh le déanamh agamsa mar Aire de réir théarmaí an Achta.

Cloistear dreamanna éagsúla — roinnt acu a deireann go bhfuil siad "báúil" leis an nGaeilge — ag rá gur cheart an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn dheonach agus spreagúil, seachas trí reachtaíocht nó rialacháin. Is léir ó shean-taithí, áfach, nach féidir braith mórán ar dhea-thoil nó ar iarrachtaí deonacha ó thaobh cur le stádas na Gaeilge san earnáil phoiblí. D'fhoghlaimíomar ceacht tábhachtach sna 1990í nuair a d'eisigh an Rialtas ag an am treoirlínte maidir le seirbhíse i nGaeilge ó chomhlachtaí poiblí a chur ar fáil. D'ullmhaigh Bord na Gaeilge, mar a bhí ann ag an bpointe sin, na treoirlínte a foilsíodh i 1993. Bhí sé i gceist go mbeadh na treoirlínte mar threoir ag ranna Rialtais agus eagrais Stáit maidir leis an dátheangachas a chur chun cinn san earnáil phoiblí agus chun feabhas a chur ar an bhfáil ar sheirbhísí stáit trí Ghaeilge do phobal na Gaeilge agus do mhuintir na Gaeltachta. Cé go ndearna na treoirlínte dul chun cinn éigin, is léir don chuid is mó gur déanadh neamhaird orthu.

Ní raibh bonn reachtúil le na treoirlínte seo ná aon chóras foirfe monatóireachta le cinntiú go gcuirfí i bhfeidhm iad. Mar sin, is dócha ar bhealach nach aon ionadh gur beag cuid den Státchóras a thug aird orthu. Ba léir ón dtaithí seo gur beag éifeacht a bheadh ag aon bheartas deonach, neamh-reachtúil, ba chuma cén dea-thoil a bhain leis. Tuigeadh ina dhiaidh sin go raibh gá le córas foirmeálta reachtúil a thabhairt isteach má bhí aon dul chun cinn ceart le déanamh. Chun an pointe seo a threisiú, is fiú dom a lua an méid a bhí le rá ag an Teachta Michael D. Higgins, a bhí ina Aire nuair a eisíodh na treoirlínte, le linn díospóireachta sa Dáil ar an 15 Feabhra seo caite:

Agus mé ag éisteacht leis an méid a dúirt an tAire, agus ag machnamh ar a bhfuil ar siúl aige agus na moltaí atá os ár gcomhair, smaoiním ar mo thréimhse féin mar Aire Gaeltachta. Ar bhealach, chuir sé díomá orm nár éirigh leis an scéim dheonach, is é sin, nach raibh na comhlachtaí Stáit agus leath-Stáit sásta a ndícheall a dhéanamh, gan reachtaíocht a bheith á brú orthu, níos mó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Is cuimhin liom go soiléir cén rud a bhí ann. Dúirt siad go láidir liom nárbh fhéidir leo freastal ar dhá thrá. Bhí brú orthu gach rud a dhéanamh taobh istigh d'atmaisféar a chuir an béim ar iomaíocht agus éifeacht, b'fhéidir, ar leibhéal amháin. Ag an am céanna, bhí mise ag iarraidh orthu a ndualgais bunreachtúla a chomhlíonadh. Dúirt na comhlachtaí go hiomlán — chuirfeadh a n-ainmneacha ionadh ar Baill an Tigh seo — go soiléir liom dá mba rud é go raibh rogha le déanamh, go rabhadar leis an rud tráchtáil a dhéanamh agus gan bac leis an teanga. Tá mé ag caint faoi sean-chomhlachtaí. B'fhéidir nach bhfuair mé féin an comhairle is fearr i leith reachtaíochta nuair a bhí mé ann. Dá mba rud é go raibh seans agam an gnó a dhéanamh arís, b'fhéidir go mbeadh an reachtaíocht tógtha isteach i bhfad níos luaithe ach ní raibh an t-atmaisféar ann ag an am.

Is fiú a tharraingt chun cuimhne chomh maith, nuair a bhí an Bille a phlé againn sa Seanad, gur admhaigh an Seanadóir Ó Tuathail:

An deacracht ná seo: an dream sin thall sa Roinn Airgeadais have no interest in this. The only way go bhfuil seans agat aon dul chun cinn a dhéanamh ná an rud a chur isteach sa reachtaíocht. Is féidir na plans go léir a chur le chéile but it will all be subject to available resources and it will come at the bottom of the pile. I have been there, done that and seen it too many times. Tá seans againn anois rud éigin a dhéanamh, tá mo dhícheall déanta agam agus táim played out, caite amach. Níl ag éirí liom.

Fiú focail an Breithimh Hardiman sa Chúirt Uachtarach i gcás Uí Bheoláin i 2001 a mheabhrú dúinn chomh maith ag an bpointe seo:

Leagann an Stát nua-aimseartha iliomad dualgas trom ar shaoránaigh i dtaca le gnéithe éagsúla den saol ó ghéilliúlacht i gcúrsaí cánach go dlí pleanála. Dualgais thuirsiúla a ghlacann am agus atá costasach a chomhlíonadh cuid mhór de na dualgais seo ach is cuí é a bheith riachtanach iad a chomhlíonadh. Mar an gcéanna caithfidh an Stát féin a dhualgais a chomhlíonadh, go háirithe iad siúd atá cumhdaithe sa Bhunreacht agus ná cloistear an Stát ag gearán ach chomh beag leis an saoránach aonair gur dualgais thuirsiúla, throma iad sin. Go háirithe, ná cloistear an Stát ag gearán gur de bharr nár chomhlíon sé a dhualgais le scór bliain anuas is breis, atá deacracht níos mó aige na dualgais sin a chomhlíonadh anois.

It is appropriate to read what Mr. Justice Hardiman said again in English:

The modern State necessarily imposes many onerous duties on citizens in relation to various aspects of life, from tax compliance to planning law. Many of these duties are irksome, time consuming and expensive to comply with but compliance is properly required. Equally, the State must comply with its obligations, particularly those enshrined in the Constitution, and can no more be heard to complain that such compliance is irksome and onerous than can the individual citizen. In particular, the State cannot be heard to complain that its non-compliance over a period of decades has now rendered present compliance ever more difficult.

De réir alt 9(1) den Acht, féadfaidh an tAire le rialacháin a fhoráil gur i nGaeilge, nó i mBéarla agus i nGaeilge, a bheidh fógairtí béil, cibé acu beo nó taifeadta, ceannteidil stáiseanóireachta agus ábhar agus leagan amach aon chomharthaí nó fógrán de chuid comhlachtaí poiblí. De réir fhorálacha alt 9(1), is féidir forálacha éagsúla a dhéanamh i ndáil le haicmí éagsúla comhlachta, fógairtí béil, stáiseanóireachta, comharthaí nó fógrán. Tá i gceist go mbeadh na rialacháin mar bhunmheicníocht le hinfheictheacht níos fearr don Ghaeilge a chinntiú san airéine phoiblí.

Mar atá ráite agam cheana, tá dhá bhunphrionsabail mar bhonn ag na rialacháin dréachta. Is é an chéad cheann ná go bhfuiltear ag dúil go mbeidh rogha idir úsáid na Gaeilge, nó na Gaeilge agus an Bhéarla, ar chomharthaíocht agus ar stáiseanóireacht, le cinntiú go dtugtar tús áite mar is ceart don Ghaeilge mar an chéad teanga oifigiúil agus an teanga náisiúnta. Is é an dara prionsabal ná go gcaithfear an téacs Gaeilge bheith ar a laghad chomh feiceálach leis an téacs Béarla ar aon chomhartha, stáiseanóireacht srl. ina n-úsáidtear an dá theanga oifigiúla.

Nuair a foilsíodh an tAcht mar Bhille sa bhliain 2002, bhí altanna ar leith leagtha amach sa mBille féin maidir le fógairtí béil, stáiseanóireacht, comharthaíocht srl. De bharr chomh casta is a bheadh na forálacha seo, áfach, agus tar éis dom comhairle dlí a fháil, chinneamar go mbeadh sé níos feiliúnaí na réimsí seirbhíse seo a chlúdach le rialacháin seachas sa mbun-reachtaíocht féin. Measaim go bhfuil níos mó solúbthacht ag baint leis an gcur chuige seo.

Is é an rún a bhí agam agus na rialacháin seo á n-ullmhú ná go mbeadh cur chuige fadtéarmach ann i gcur i bhfeidhm na rialachán agus gur chóir go dtabharfaí aon athruithe isteach ar bhonn costais imeallaigh nó malartaithe. I dtaca le seo, forálann na rialacháin úsáide leanúnaí agus ídithe stoic stáiseanóireachta srl. atá ann cheana féin, in ainneoin go bhféadfadh sé nach mbeadh siad ag teacht leis na rialacháin; agus réamh-thréimhse fhada atá feiliúnach do chásanna agus do thosa sonracha sula gcaithfear comharthaí arb ann dóibh cheana agus fógairtí réamh-thaifeadta a bheith de réir na rialachán. Mar shampla, ceadaíonn na forálacha maidir le comharthaíocht tréimhsí éagsúla de suas le 25 bliana chun malartú a dhéanamh ar chomharthaí a thagann faoi scáth na rialacháin. Ba cheart go gcinnteodh na forálacha seo go gcoinneofar na costais a bhainfidh le cur i bhfeidhm na rialacháin chomh íseal agus is féidir.

Níl i gceist agam go mbainfeadh na rialacháin áirithe seo le fógraí ó chomhlachtaí poiblí, ar feitheamh athbhreithniú faoi éifeachtúlacht costais maidir leis na modhanna a úsáideann na comhlachtaí poiblí agus iad ag déanamh fógraíochta leis an ngnáthphobal.

Lena chois sin, ní bhaineann na rialacháin le comharthaí tráchta bóthar ag leanúint comhairle a fuarthas ón Ard-Aighne go bhfuil amhras dlíthiúil ann maidir le hinfheidhmeacht na cumhachta in Acht na dTeangacha Oifigiúla a bhaineann le rialacháin á ndéanamh ag an Aire do chomharthaí den saghas sin.

Níl aon amhras mar sin, mar aon leis an Acht féin, nach bhfuil an dara rogha againn ach na rialacháin seo a dhéanamh. Ní bheadh sé réalaíoch gan tada a dhéanamh go háirithe i gcomhthéacs stádas bunreachtúil na teanga. Measaim go bhfuil cur chuige réalaíoch, ciallmhar ag na dréacht-rialacháin atá ullmhaithe againn. Táim ag súil le plé a dhéanamh orthu inniu agus sna seachtainí atá romhainn amach.

Cuirim fáilte roimh fhreastal an Aire le mo chomhghleacaithe uilig ag an chruinniú tábhachtach seo. Mar a dúirt an tAire, tá Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm anois le trí bliana. Ba mhór an rud é ag muintir na Gaeilge, na Gaeltachta agus na tíre go ndeachaigh an tAcht fríd sa deireadh thiar thall. Bhí muid ag fanacht leis le tamall fada. Tá a leithéid i dtíortha eile, tá ceann sa Bhreatain Bheag, atá faoi stiúradh na Breataine, le deich mbliana. Tá an rud céanna i gCeanada.

Nuair a bhí an tAcht ag dul fríd, cé nach raibh mé féin mar urlarbhaí oifigiúil ag an am, chuir gach Teachta Dála agus gach Seanadóir ab'eol dom fáilte roimh an Acht agus níor chuir duine ar bith ina choinne. Bhí an tAcht ag tabhairt an stádais a bhí go dtí seo ag an teanga sa Bhunreacht i bhfeidhm i saol poiblí na tíre go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil agus go mbeimis uilig in ann ár ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Tá an tAcht i bhfeidhm le trí bliana agus tá sé tráthúil ag an phointe seo amharc siar agus scrúdú a dhéanamh ar caidé mar atá muid ag cur forálacha an Achta sin i bhfeidhm. Tá dul chun cinn déanta sna comhlachtaí Stáit, sa Státseirbhís agus sna Ranna Stáit. Tá iarracht a dhéanamh anois go mbeadh cead ag cainteoirí dúchais nó Gaeilgeoirí ar fud na tíre a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. An bhfuil oifigeach i ngach Roinn Stáit agus i ngach comhlacht Stáit a bhfuil an cúram air le cinnte a dhéanamh gur féidir le daoine a bhfuil fonn orthu a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge? Tá sin tábhachtach. Sin atá i gceist san Acht agus caithfimid fáil amach an bhfuil sin ag tarlú.

Tá dul chun cinn déanta. Tá tuairiscí dátheangacha ag teacht amach ag Ranna agus comhlachtaí Stáit. Cé go bhfuil daoine ag cáineadh sin, ar a laghad tá siad ag teacht amach mar a leagadh síos san Acht. Sin an bhrí a bhí leis nuair a chuaigh sé fríd agus cuirim fáilte roimhe sin. Mar sin féin, agus muid ag amharc ar ghníomhú an Achta go dtí seo, is cinnte go bhfuil roinnt easnamh ann. Cuirimse fáilte roimh an Aire ag teacht isteach le héisteacht leis na moltaí atá muidinne a dhéanamh. Ní tharlaíonn sé sin ró-mhinic. Seans go bhfuil ceacht foghlama ag an Aire nuair a bhí conspóid mhór náisiúnta ó cheantar an tSeanadóra seo á phlé. B'fhéidir go bhfuil an ceart ag an Aire teacht isteach le héisteacht leis na moltaí atá againne agus le moltaí an phobail.

Níl mise mar urlabhraí inniu ag dul isteach go domhain i gceist An Daingin. Tá an pobal ansin i ndiaidh labhairt amach, agus bhí an tAire thíos. Labhair daoine eile roimhe seo. An bhfuil an tAire sásta go bhfuil an chonspóid sin beagnach réitithe? Bhí sé ag caint ar chomharthaíocht tráchta. Tá ceantair Ghaeltachta eile sa tír, agus ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire cad é an dul chun cinn atá déanta ag na hudaráis áitiúla i gceantair eile sa tír maidir le halt 9 a chur i bhfeidhm. An bhfuil conspóid in aon pháirt eile den tír? Níor chuala mé aon rud i dTír Chonaill. Níl a fhios agam cad a tharlóidh má théitear ar aghaidh leis seo. Nuair atá mé i Leitir Ceanainn ag dul isteach sa Ghaeltacht, tá "Dungloe" ar na comharthaí go fóill taobh amuigh den Ghaeltacht in aice leis an Chlochán Liath. An dtiocfaidh an lá a mbeadh an Clochán Liath, nó An Ceathrú Rua agus an Spidéal i gceantar an Aire, taobh amuigh de na ceantair Ghaeltachta? An mbeidh an leagan Béarla ann?

Cuireann sé iontas orm nár tharla an chonspóid aon áit go fóill ach sa Daingean. Is é an rud ar mhaith liom a chur amach ná an bhfuil aon eolas ag an Aire ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an chomharthaíocht sna ceantair éagsúla Gaeltachta ag na hudaráis áitiúla go dtí seo. Seans nach bhfuil aon dul chun cinn déanta, agus muna bhfuil dul chun cinn déanta, seans gur sin an fáth nach bhfuil aon raic.

Bhí na heagraíochtaí Gaeilge uilig i dteangmháil linn, agus tá siad buartha, cé go bhfuil forálacha san Acht féin, nach bhfuil siad á gcur i bhfeidhm. Tá sé sin fíor chomh fada agus a bhaineann sé le fógraíocht. Tá dul chun cinn mór déanta ag na Ranna agus comhlachtaí Stáit go dtí seo. Bíonn sé le feiceáil sna hoifigí. Anois, áfach, níl an fhógraíocht luaite sna rialacháin seo. Is drochrud é sin. Tá Ranna agus comhlachtaí Stáit atá ag déanamh dul chun cinn go dtí seo, ach níl sé luaite sna rialacháin, agus cén comhartha a thugann sé sin dóibh? Nach fiú dul ar aghaidh leis, ná nach bhfuil aon bhrú orthu é sin a dhéanamh? An bhfuil sé le bheith deonach? B'fhéidir go bhféadfadh an tAire insint dúinn cén fáth nach bhfuil sé seo á chur i bhfeidhm. An rud é nach bhfuil tacaíocht a chomhghleacaithe sa Rialtas le fáil aige? Seo an dearcadh atá ag go leor daoine: cé gur cuireadh an tAcht fríd agus gur tugadh tacaíocht dó, tá deacrachtaí sa Rialtas féin na forálacha a chur i bhfeidhm anois. An é sin mar atá an scéal? An é sin fírinne an scéil? Níl mé ag súil go ndéarfaidh an tAire é sin, ach sin an dearcadh atá ag go leor daoine. Mar sin féin, nuair a chuirtear Acht fríd, cén fáth nach gcuirfí i bhfeidhm é? Sin an cheist ar mhaith liom a chur.

Chomh fada agus a bhaineann sé leis na logainmneacha, tá sé tábhachtach, agus ní chosnaíonn sé an oiread sin airgid é a chur i bhfeidhm. Tá sé sin fágtha ar lár chomh maith. Tá exemption ann chomh fada agus a bhaineann sé le logos. Cén fáth? Ní chosnódh sé an oiread sin airgid. Cuir i gcás sports hall, an bord leictreachais, nó an tseirbhís sláinte. Cén fáth nach mbeadh sé thuas go dátheangach? Ní fheicim cén fáth a bhfuil exemption ansin nó cén fáth a bhfuil sé fágtha ar lár. An bhféadfadh an tAire a insint dúinn an bhfuil plean aige dearcadh air seo aríst?

Maidir leis na comharthaí reatha, tá ceann éigin ansin nach bhfuil sé ar intinn aige a chur i bhfeidhm. Ní gá go mbeadh an leagan Gaeilge chomh feiceálach nó chomh hinléite leis an Bhéarla ar chomharthaí reatha. Sin mar atá sé i láthair na huaire, ach sílim go bhfuil sé leagtha síos sna rialacháin go mbeadh sé sin curtha i gceart roimh 2026. Sin 20 bliain ón am seo. Tá mé cinnte nach mbeidh mise anseo 20 bliain ón am seo, agus níl mé cinnte an mbeidh an tAire é féin anseo ach oiread. Is cinnte, áfach, go bhfuil céist mhór le cur ansin. Cén fáth a bhfuil sé ag dul a ghlacadh 20 bliain ón lá inniu fá choinne ruda simplí cosúil le comharthaí reatha a chur i bhfeidhm? Is ceist thábhachtach é sin, agus ba chóir don Aire míniú a thabhairt.

Mar a dúirt mé, tá dul chun cinn suntasach déanta, ach tá ceithre mhór-rud fágtha ar lár. Is é an chéad cheann acu ná na comharthaí tráchta. Cad é an deacracht ansin? Tá an tArd-Aighne ag tabhairt comhairle. An bhfuil daoine eile á dhéanamh sin chomh maith? An bhfuil tacaíocht iomlán an Rialtais ag an Aire maidir leis seo? Is é an dara ceann ná fógraíocht. Tá roinnt déanta. Níl sé luaite sna rialacháin cad é an treoir atá sé ag dul a thabhairt do Ranna san am amach romhainn. Is é uimhir a trí ná na logos.

Is é uimhir a ceathair ná gnó lasmuigh den Stát, agus cuireann sé iontas orm nach mbeidh seasamh ceart ag an teanga. Ar ndóigh, bhí feachtas eile anseo le roinnt blianta, is é sin, stádas oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge ag leibhéal na hEorpa. Tógadh é sin, agus tá creidiúint ag dul don Aire. Thug muid uilig tacaíocht dó, agus shínigh muid na foirmeacha. Anois, táimid á rá sa mholadh nach mbeadh aitheantas iomlán á thabhairt don Ghaeilge agus muid ag déanamh gnó taobh amuigh den Stát. Má fhaightear litir ó Oifig na Breataine Bige, feictear go bhfuil an Bhreatnais agus an Béarla taobh le taobh inti. Tá an rud céanna fíor i dtíortha eile. Cén fáth nach mbeadh sé againne? Ba mhaith liom go dtabharfadh an tAire freagra air sin chomh maith.

Tá freastal an-mhór air seo, agus tá daoine eile a chaithfeas labhairt. Caithfimid a bheith amuigh roimh 2.45 p.m., agus b'fheidir go mbeadh cead againn mioncheisteanna eile a chur ar an Aire amach anseo.

Fáiltím roimh an Aire agus oifigigh na Roinne. Tá áthas orm go bhfuil seans againn féachaint ar na dréachtrialacháin seo le go mbeadh díospóireacht againn agus seans féachaint ar conas atá an tAcht á chur i bhfeidhm faoi láthair.

Issues are emerging regarding the Act on which I believe there is a real need to focus. It took a unique kind of genius to split a Gaeltacht community regarding how a town should be named. That was mishandled, and one worries that questions can be dealt with in a fundamentalist fashion that does not encourage trust in the Act overall. We must capitalise on a great deal of goodwill in the community towards Irish, but anything the State does must be approached in such a manner that encourages people to engage with the revival of Irish and with the language question generally.

There is an issue regarding the simultaneous publication of Acts. I recently pointed out to the Minister that the Criminal Justice Act 2006 took three months to publish. In law, the Irish version of an Act takes precedence. Delaying important legislation in that manner is something that must be avoided. I understand, as regards the translation of Acts, that €11 million is being provided over three years to the Oireachtas Commission. An issue just occurred to me today following a conversation I had. The Joint Committee on Health and Children is to publish a report tomorrow on child protection. Can that report be delayed because there is a need for a translated version? Certainly, the implementation of this Act cannot serve a useful purpose where it is an irritant in certain ways and causing dissension. That must be avoided at all costs. Goodwill towards the language is the key and that is what we all must seek to provide.

We await the Government's major statement on the Irish language. This is a key factor because we need to know clearly what public policy is, when one considers that the Language Commissioner's estimate of the amount spent on Irish language education is €500 million, that the Minister's Department will have spent €103 million by the end of the year on Gaeilge and Gaeltacht and that Irish language broadcasting has this year cost us €40 million. My point is not about the extent of the expenditure. When one considers that expenditure for the Defence Forces this year including Army pensions will be €919 million, €1.27 billion will be spent on the Garda Siochána and €327 million on prisons, while heritage spending, a function of the Department of the Environment, Heritage and Local Government will come to €74 million, one sees we are spending very considerable resources on the Irish language.

Yesterday, in reply to a parliamentary question I had tabled for the Minister for Education and Science, I was very heartened by this part of the response: "I have requested the NCCA to focus on increasing the attractiveness of Irish to all learners throughout the junior and senior cycles, and on strengthening students communicative skills, particularly their oral fluency". Everybody agrees that is the road we should travel. We can tend to focus on what are, in effect, relatively abstract and non-impacting issues — except that they may impact negatively. I tabled a recent question to the Minister for Finance on the translated budget document last year, not a single Irish copy of which was sold. Apart from the fact that €3,700 was charged for outside translation, I cannot get a figure for what it cost internally.

There is, then, the issue of spending limited resources on areas that actually help promote the language and goodwill, encouraging measures that help people to engage and improve their fluency and knowledge of the language. On the figures I can readily give we come to €643 million being spent on the language. That does not include the figures we cannot get access to in terms of what is being spent within Departments and public bodies and all that goes with that. On a continuing basis we will spend more money on the Irish language. Doing that is part of the legislation, but I firmly believe that ultimately, if we do not engage the public at large in a debate as to the Irish language, its future, and how we should be proceed, it will mean that the overall decline will continue. We listened to the judgment the Minister read out there. We take all the points on board, accept the constitutional position and all the rest of it. However, within all those confines we need to go down a road which is conducive to bringing the population at large on board.

The Minister will recall he was reported as saying at a particular meeting while the Bill was going through the Dáil, that it was as well the English speaking population did not know about the Act, or there would be trouble in passing it. We need to engage and involve people, not do things behind closed doors. That is why the issue of today's debate is so welcome. One gets the feeling, however, from comments made by the Taoiseach recently, that he was somewhat fed up with the situation that has evolved under the Minister's stewardship regarding An Daingean, Dingle, or Daingean Uí Chúis.

There are two of us. It is not just the Taoiseach who is totally fed up with it.

The Minister should make that three of us.

The big problem was that the first casualty in that debate was the truth, or the facts.

The Gaeltacht was divided on an issue that no community should be divided on. The buck stops with the Minister, ultimately, whoever he wants to blame.

I have lost sight of the point I was developing, with that interruption. Ultimately, having an approach to the promotion of the Irish language that is not inclusive and does not want to bring everyone on board is of little use. I hear a great many views to the effect that this stuff is all remote, is costing money and people question what it is achieving. There is an urgent need to review the legislation because we have complaints from various parts of the country about documents that are quite costly to translate. Remember, the translation capacity of the country is limited, and there are demands on that which relate to the official languages status in the EU, together with the implementation of this legislation. Only a small number of plans at this stage have been agreed by the Minister — some 670 plans in all have to be agreed. As time goes by there will be a greater need for translators. For instance, as regards people to translate the Acts of the Oireachtas, which require very precise translation, have we enough? Is the number of translators that is needed coming on stream?

We have had representations from Conradh na Gaeilge in regard to these draft regulations. The Minister has mentioned that on the advice of the Attorney General he has not proceeded with including the traffic signs. Just to show the level of support within the Government for some of the measures being proposed, I tabled a parliamentary question to the Minister for Transport, basically asking whether he would agree to the draft Bill that was produced by Conradh na Gaeilge as regards section 95 of the Road Traffic Act to facilitate traffic signs becoming part of the regulations. To translate his answer: "I am satisfied with article 95 of the Road Traffic Act 1961 and it is not my intention to make any amendment to it".

I believe the Minister is here today for a particular reason. He probably wanted to go further with these regulations, but his colleagues in Government do not support him in this. He is here today hoping that those of us on the Opposition side will give him the support to go back to his colleagues in government to extend the Act somewhat. I have yet to be convinced of the level of support the Government is giving to these regulations and especially to the Minister's plans for them.

I hope we can speak about more minute aspects of this matter later in the debate. We need to move away from an abstract and fundamentalist approach to any part of the implementation of this legislation. When we are dealing with the Irish language, we should be mindful at all times of the need to seek to create goodwill and to bring people on board. The goodwill in the community needs to be nurtured and directed in the right way. There needs to be an engagement with all sides of the matter. I am quite concerned. We need to have a full debate to review this legislation sooner rather than later. I recall that the Taoiseach indicated that he was not opposed to such a review. If such a review can be done before the end of this term, that would be a good idea. We need to do a complete audit of the State resources which are being devoted to the Irish language. We should examine why they are being spent and monitor the effectiveness of that expenditure. If there are better ways of using our resources — I believe we can improve it in many ways — we should direct our resources in that direction. We tend to concentrate too much on things which are quite abstract and remote and do not promote the speaking of the Irish language, which should be our primary initial objective.

Is mian liom i dtosach fáilte a chuir roimh an Aire. Nil aon amhras faoi ach gur mhaith an rud é go bhfuil an díospóireacht seo againn. Is trua é nach mbíonn sé againn go rialta. Má smaoinímíd siar ar imeachtaí choistí an Oireachtais na blianta ó shin, bhí coiste amháin ann maidir leis an Ghaeilge. Bhí sé ar ár gcumas againn an Ghaeilge a úsáid i dtosach, agus ansin chun ceisteanna a bhain leis an Ghaeilge a phlé. Ó cuireadh an choiste seo le chéile, is rí-annamh a bhíonn an Ghaeilge á phlé againn. Ní raibh córas aistriúcháin, fiú, ar fáil ar feadh tamall. Is dul chun cinn é go bhfuil seans againn an Ghaeilge a phlé.

Bhí dhá rud thar a bheith soiléir nuair a tháinig an reachtaíocht i leith na Ghaeilge isteach i 2003. Thug sé aitheantas don dea-thoil a bhí ann don Ghaeilge i measc an phobail. Cruthaigh sé dáiríreacht an Stáit maidir le cur chun cinn na Ghaeilge. Bhí an dá rud sin — an dea-thoil agus an dáiríreacht — thar a bheith tábhachtach. Tá sé suimiúil gur bhain an Ghaeilge amach stádas oibre oifigiúil san Eoraip beagnach díreach ag an am gcéanna. Bhí sé sin thar a bheith tábhachtach. Is mian liom tréaslú leis na heagrais Ghaeilge a thosnaigh an feachtas sin. Bhí an-chuid daoine ag an am nár thuig go raibh dea-thoil agus tacaíocht chomh láidir sin i measc an phobail. Rinne na heagrais an-obair ag an am chun an chás a chruthú. Chuir sé ionadh orm ag an am gur thug na páipéirí laethúla tacaíocht don feachtas sna heagarfhocail. Táimid go mór faoi chomaoin ag na heagrais.

Más rud é go bhfuilimid thar a bheith bródúil mar náisiúin gur éirigh linn an stádas sin a bhaint amach, bheadh sé beagáinín ait muna rabhamar sásta iarracht bunúsach a dhéanamh sa bhaile maidir le cur chun cinn na Ghaeilge. Is dul chun cinn bunúsach é an stádas san Eoraip, rud nach raibh riamh ann. Níl a fhios agam cad ina thaobh nár éirigh linn é a fháil i dtosach. Táimid an-bhuíoch don Aire go raibh sé sásta glacadh leis an iarracht sin. Caithfimid a chruthú gur fiú an stádas sin a bheith ag an dteanga lasmuigh den tír, leis an stádas céanna a thabhairt don Ghaeilge sa bhaile.

An rud a thuig mé i gcónaí faoin reachtaíocht ná go raibh an-obair ar siúl maidir le cur chun cinn na Ghaeilge sa chóras oideachais. Bhí díomá ar an-chuid daoine nach raibh torthaí le feiscint. Cé go chaitheann daoine breis is deich mbliana sa chóras oideachais, ní úsáideann a lán dóibh an Ghaeilge mórán lasmuigh den scoil. Ní cabhraíonn an timpeallacht lasmuigh leo chun aitheanas a thabhairt don obair atá déanta acu sa scoil. Is é sin an dúshlán atá againn. Baineann se leis an dáiríreacht a bhí i gceist agam maidir leis an Stáit. Níl aon amhras orm ach go bhfuil dáiríreacht ann maidir leis an Ghaeilge sa chóras oideachais, ach ní raibh an dáiríreacht sin chomh soiléir lasmuigh den scoil. Thuig mé go rabhamar misniúil go leor, mar go raibh an dea-thoil ann i measc an phobail.

Más rud é go bhfuil sé i gceist againn praghas a chuir ar gach rud maidir le cur chun cinn na Gaeilge, tá an cath caillte againn. Is é sin mo thuairim. Bhí sé sin ann i gcónaí i ngach díospóireacht. Bhí argóintí den chineál sin á dhéanamh sna 1960í agus na 1970í, nuair a bhí an LFM gníomhach sa tír seo. Nuair a caitheadh pingin ar an dteanga náisiúnta, d'iarrfaidís cén fáth nár caitheadh an pingin sin ar rud éigin eile. Nach féidir an rud céanna a rá faoi aon caiteachas? Ag an am gcéanna, toisc gur an teanga náisiúnta atá i gceist — táimíd bródúil mar náisiún go bhfuil ár dteanga fhéin againn — tá sé tábhachtach gan a bheith ag iarraidh praghas a chur ar gach rud atá déanta sa phlean agus sna rialacháin.

Tá sé thar a bheith suimiúil féachaint ar na ráitis atá déanta ag an Aire, ag an Teachta Micheál Ó hUiginn agus an Breitheamh Hardiman, agus iad a chuir le chéile. Tá siad go léir beagnach ar aon fhocal. Bhí an Breitheamh Hardiman ag rá leis an Oireachtas go gcaithfimid cloí leis an dlí maidir le stádas na Gaeilge sa Bhunreacht. An bhfuil an t-Oireachtas chun argóintí a dhéanamh gan cloí leis an dlí? Bheadh sé ait d'aon Pharlaimint, in aon tír, in aon áit. Is cuimhin liom go maith an maidin gur tháinig an iar-Seanadóir Manning isteach chuig an Seanad, an lá céanna a thugadh an breithiúnas go raibh orainn na hAchtanna is na rialacháin a chuir ar fáil i nGaeilge chun cothram na féinne a thabhairt, ní amháin do mhuintir na Gaeltachta, dar ndóigh, ach chomh maith d'éinne a bhí ag saothrú na Gaeilge agus a raibh clann á thógáil acu le Gaeilge. B'iad cearta sibhialta a bhi i gceist ansin. Táimid an-mahith mar thír chun an fód a sheasamh nuair a bhíonn cearta sibhialta i gceist. Caithfimid a bheith díograiseach chun a cinntiú go bhfuil sé i gceist againn an fód a sheasamh maidir le cearta sibhialta nuair atá an Ghaeilge i gceist chomh maith. Muna bhfuilimid chomh díograiseach sin, ní féidir linn a rá i ndáiríre go bhfuilimid ag feidhmiú faoi mar a thaispeáin an pobal dúinn nuair a bhíomar tofa — go bhfuilimid ag feidhmiú i gceart ar a shon. Tá sé sin tábhachtach. Tá an fógra sin tugtha ó na cúirteanna. Caithfimid a bheith thar a bheith cúramach go bhfuil an rud ceart á dhéanamh againn.

Nuair a bhíonn rud áirithe déanta, is féidir a rá uaireanta nach bhfuil an pobal ag baint úsáid as. Ní chuireann sé sin an-ionadh orm, i ndáiríre, mar go bhfuil 80 bliain caite nuair nach raibh na seirbhísí sin ar fáil. Ní rabhadar curtha ar fáil, faoi mar a dúirt an Breitheamh Hardiman, mar go rabhamar in ann teacht suas le argóintí chun a rá cé chomh deacair is a bhí sé. Caithfidh siad a thuigbheáil go bhfuil na seirbhísí sin ann agus go bhfuil sé i gceist againn an timpeallacht a chothú go mbeidís ann agus go mbeadh oideachas ar fáil maidir le húsáid. Ní bheadh sé féaráilte aon chaitheamh anuas a dhéanamh ar na rialacháin ná ar an phobal toisc nach bhfuil rud nua atá curtha ar fáil tar éis breis agus 80 bliain á úsáid díreach ar an spota. Tá sé tábhachtach a chinntiú go mbeidh siad ar fáil ní amháin don ghlúin seo ach dos na glún romhainn chomh maith.

Glacaim leis an rud a dúirt an Teachta O'Shea, tá a fhios agam nach raibh praghas díreach i gceist, ach luaigh sé agus é ag caint faoi Raidió na Gaeltachta agus TG4 an méid airgid a bhí caite ar chúrsaí craolacháin ach tá ard-mholadh toillte ag an Teachta Michael Higgins a bhí mar Aire ag an am. Deirtear liom anois go raibh an Seanadóir O'Toole go mór san argóint ag an am.

Mar a bhí an tAire féin, an Teachta Éamon Ó Cuív, a bhí ina Sheanadóir ag an am.

Molaim gach duine acu toisc go ndearnadh sin ach is cuimhin liom an t-atmaisféar thart ar an díospóireacht: ceist an airgid, an costas a bheadh air agus mar sin. Sheas an Teachta Michael D. Higgins an fód. Bhí fóram teilifíse ag RTE ag an am agus timpeall 30 duine ar phainéal leis an ábhar a phlé. D'éist mé an oíche sin agus bhí bród orm go raibh gach duine ar an phainéal sin i bhfabhar Teilifís na Gaeilge. Cruthaíonn sin go mbíonn misneach ag teastáil. Féach cad tá againn anois, cé chomh maith agus atá TG4 agus an fhorbairt tagtha air. Thug sé dóchas dúinn mar dhaoine, ní amháin ó thaobh na Gaeilge de ach ó thaobh an chultúir Ghaelaigh i gcoitinne. Cruthaíonn sin gur féidir linn rudaí a dhéanamh.

Is cuimhin liom an rud céanna leis an Ghaelscolaíocht. Bhí gach constaic ó fhoinsí áirithe ag cur i gcoinne na Gaelscolaíochta ag an am. Anois tá scuaine ag fanacht lena bpáistí a chur isteach sna scoileanna seo ar fud na tíre mar go raibh daoine ann a bhí sásta treoir a thabhairt. Tar éis deich mbliain beidh daoine ar ais anseo ag plé an Achta agus caithfimid treoir a thabhairt dóibhsean agus an fód a sheasamh.

Tá daoine ag cur ceisteanna faoin pholasaí seo agus faoin reachtaíocht. Cad chuige nach mbeadh? Tá an ceart acu sin a dhéanamh ach tá dualgas orainn freisin mar Bhaill an Oireachtais treoir a thabhairt sna rudaí seo agus a bheith misniúil. Tá an ceart ag an Teachta McGinley nuair a dúirt sé go raibh aontas ann nuair a pléadh an reachtaíocht agus bhí sin tábhachtach mar bíonn easaontas i stair na Gaeilge. Ní bhaineann seo le páirtithe polaitiúla ach linn mar dhaoine ar an oileán seo. Ní gá ach féachaint lasmuigh den tír, i Meiriceá, i Sasana, i gCeanada agus áiteacha eile, agus tá daoine ag cur suime sa Ghaeilge. Fuair mé liosta le déanaí le hinstitiúidí oideachais lasmuigh den tír agus tá 40 ag saothrú na Gaeilge. Tá sé tábhachtach dúinn seasamh leo nuair atá an seans againn.

Tá sé tábhachtach an dea-thoil a chothú agus daoine a mhealladh ach ní leor sin maidir le teanga náisiúnta. Más sin an bunchloch ara bhfuil muid ag iarraidh a thógáil gan an struchtúr a thabhairt leis an dea-thoil sin a fhorbairt, muna bhfuil sé de mhisneach ag an Stát sin a dhéanamh, cén mhaith é? Dúirt an Teachta Michael D. Higgins an rud céanna sa Dáil sa díospóireacht ansin gur chreid muid gur leor ligint don phobal é a dhéanamh ach ní bhíonn sin i gcónaí ráite faoi rud ar bith eile sa Stát, nach cóir don Stát seo a dhéanamh ach gur ceart é a fhágáil don phobal. Cad chuige gur amhlaidh sin ó thaobh teanga de?

Níor bhain na daoine a sheasann leis an Ghaeilge le haon pháirtí amháin. Tá daoine ann i ngach páirtí a thugann dea-shampla. Caithfimid a bheith sásta an t-am ar fad, ní amháin a rá go bhfuil dea-thoil ann ach go bhfuil an Stát sásta, fiú má chosnaíonn sé airgid agus má bhíonn ar dhaoine íobairt a dhéanamh, sin a dhéanamh. Tá sé simplí easaontas a chothú agus tá súil agam nach dtiocfaidh easaontas as an t-am seo mar a tharla go minic roimhe seo. Is ceart dúinn bheith aontaithe i ngach iarracht atá déanta. Caithfimid an teachtaireacht dearfach a chur amach agus a thaispeáint go bhfuil muinín againn asainn féin mar náisiún neamhspleách.

Is féidir linn féachaint ar thíortha agus náisiúin eile. An dóigh le héinne anseo go mbeadh an Fhrainc sásta Fraincis a thruailliú nó a laghdú san Eoraip? Ní bheadh agus tá sin cruthaithe aici arís agus arís eile. An mbeadh an Ghearmáin nó tír ar bith eile sásta sin a dhéanamh? Tá stádas agus gradam a bhaint amach againn féin i measc ar gcomhghleacaithe san Eoraip nuair a thugann said faoi deara go bhfuil muid neamhspleách ní amháin ó thaobh talún de ach ó thaobh féiniúlachta náisiúnta. Tá sé tábhachtach dúinn leanúint ar aghaidh ar an mbonn sin.

Fuair mé litir ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Dúirt an tAire gur breá leis cloisteáil tuairimí. Chuir an chomhdháil cúpla ceist agus i slí aontaím leis an cheist a chuireann an chomhdháil faoi fógraíocht. Le blianta fada anuas, in an-chuid de na comhlachtaí poiblí, tá fógraí dhátheangacha iontu. Caithfimid bheith cúramach sna rialacháin nach ndéanfaimid dochar. Tá an rud céanna ann le comharthaí tráchta.

Is maith an rud é nuair a thagann na heagrais Gaeilge le chéile, na daoine a chruthaigh gur féidir gnáth-shaol a chaitheamh trí Ghaeilge, na daoine a sheas leis an Ghaeltacht nuair a bhí sin ag teastáil, na daoine a rinne taighde faoi stádas na Gaeilge san Eoraip. Tá siad ag cur suime sa cheist seo agus tá na figiúirí acu. B'fhiú éisteacht leis na pointí atá déanta acu mar tá sin tábhachtach.

Luadh tuairimíocht an phobail agus díospóireacht a thosnú. Shíl mise go raibh an díospóireacht thart ar an mbonn an-leathan go dtí seo agus anois go gcaithfimid torthaí a fheiceáil. Má tá moill ann agus an gluaiseacht seo tosnaithe, ní chabhróidh sin linn. Tá sé tábhachtach díriú go práinneach ar na rudaí gur féidir linn a dhéanamh agus atá leagtha amach a chur i bhfeidhm.

Tá dualgas bunúsach ar an Stát freastal ar lucht na Gaeilge agus freastal ar an phobal i gcoitinne maidir leis an Ghaeilge. Tá argóintí ann faoin tslí is fearr sin a dhéanamh. Tá an reachtaíocht ann anois agus faoin reachtaíocht sin, caithfidh an tAire na rialacháin a thógáil isteach.

Is minic ar Ord Gnó sa Seanad go mbíonn mé féin agus an Seanadóir O'Toole ag labhairt faoin Daingean. Fuair mé ráiteas ón ghrúpa Todhchaí na Gaeltachta atá suimiúil agus a thaispeánann go bhfuil taobh eile don scéal. Tá an ceart ag an Aire, i dtosach ní raibh an fhírinne amach ann. Bhí an-chuid rudaí scanrúla curtha amach agus mar gheall air sin ní raibh bonn ceart ann don díospóireacht. Is beag Aire a bheadh sásta dul síos i measc an phobail go cruinniú poiblí le héisteacht leis na tuairimí a nochtadh ansin.

Maidir le Todhchaí na Gaeltacht, tá pointí ag an ghrúpa seo nach bhfuair mórán poiblíochta agus is minic bhí míthuiscint ann futhu. Bhí mé i nDún Chaoin nuair a bhí an díospóireacht ar siúl, agus bhí seans agam tuairimíocht a chloisteáil cad chuige nach raibh cead ag daoine a bhí ag úsáid an Daingin mar ionad seirbhíse don timpeallacht ar fad páirt a ghlacadh sa vóta sa Daingean. Tá sin tábhachtach mar cad a tharlóidh i mbailte eile má bhíonn rud ag teacht ar aghaidh nach bhfuil dream áirithe sásta lei? An ionann agus a rá gur cuma faoi rialacháin, faoi reachtaíocht agus faoi dlí, nach mbeidh cead ag lucht na timpeallachta a dtuairimí a chur os chomhair an phobail chomh maith. Is trua nach raibh níos mó ama caite ar an cheist seo agus gur féidir linn a rá ag an deireadh go raibh seans ag gach duine sa phobal tuairimí a nochtadh agus vóta a chaitheamh ach níor tharla sin.

Molaim an tAire agus gach éinne sna páirtithe polaitiúla a sheas an fód ar son na Gaeilge. Tá mé cinnte más féidir linn leanúint gan easaontas agus treoir a thabhairt go bhfuil an dea-thoil ann i measc an phobail agus go leanfaidh siad an treoir sin.

Is trua go mbeidh cruinniú eile sa seomra seo ar 3 p.m. mar tá cúigear ag iarraidh labhairt.

Nuair a bhí muid ag baint leis an Bhille ar dtús, luaigh mé ag an am gur chóir dúinn bheith cúramach nach mbeadh moilleadóireacht i gceist. Tá stuif sna rialacháin a dhéanann sin mar tá sprioc-dátaí an-fhada iontu.

Nuair a phlé muid an Bille, an rud a bhí i gceist ná go mbeadh níos mó agus níos mó daoine in ann a ngnó a dhéanamh leis an Státchóras trí Ghaeilge. Tá mion-athruithe ag tarlú agus tá súil agam go dtarlóidh mór-athruithe go tapaidh.

Fiú sa Teach seo fós ní féidir linn mar Theachtaí Dála, mar Sheanadóirí agus mar Airí ár ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá an ceart agam labhairt trí Ghaeilge agus an méid atá agam aistrithe ach níl na doiciméid againn trí Ghaeilge ar dtús báire. Níos luaithe sa bhliain, nuair a bhí mé ag baint le Bille faoi Ollscoil na Gaillimhe, agus rinne mé iarracht leasuithe a thairgeadh i nGaeilge, dúradh liom nach féidir leasú a thairgeadh i nGaeilge ar Bhille as Béarla. Chaith mé maidin ag aistriú na leasuithe sin go Béarla agus ansin ag labhairt i nGaeilge sa Dáil ar na leasuithe sin. Sin cé chomh seafóideach agus atá sé.

Níl na hAchtanna ar fad ar fáil fós. Bhí sin soiléir sa díospóireacht sin mar bhí roinnt de na hAchtanna a luaigh mé agus mé ag plé an Achta sin i mBéarla. Caithfear athrú teacht ó thaobh an chórais anseo sa chéad dul síos. Is cuma liom má dhéanfar na hathraithe lasmuigh ach go mbeidh na Billí as Gaeilge agus ansin is féidir iad a fhoilsiú beagnach comhaimseartha i mBéarla. Nuair a thagann sé go dtí an t-am gur Acht é, ní bheadh an fhadhb ann sna cúirteanna go mbeadh moill ann toisc nach bhfuil an tAcht ar fáil i nGaeilge.

Tá muid ag iarraidh féin-mheas agus bród sa Ghaeilge a léiriú i ngach uile áit gur féidir linn. Áit ar bith a bhfuil airgead Stáit caite, is gá go mbeadh gach rud trí Ghaeilge nó dhátheangach. Is cuma más sa tír seo nó thar lear. Má théann duine go dtí Ambasáid na Fraince, tá na doiciméid dhátheangach so níl aon leithscéal nach mbeadh fógraí, stáiseanóireacht nó aon rud eile a bhaineann leis an Stát seo thar lear dhátheangach.

Caithfidh ní amhain go bhfuil an teanga le cloisteáil ach le feiceáil fosta. Sin an fáth go n-aontaím le acmhainní a fuair muid maidir le fógraíocht sa Stát. Is comhartha iad agus gach rud eile sna rialacháin seo do gach duine go bhfuil an teanga beo beathach. Cuirfidh sin leis an méid Gaeilge a labhraítear. Tá eagla ar dhaoine roimh an Ghaeilge a úsáid toisc go bhfuil comharthaí as Béarla agus go nglacann daoine leo gur i mBéarla amháin a n-oibríonn an Státchóras.

Is féidir teacht timpeall ar fhadhbanna praiticiúla, na sprioc-dátaí agus mar sin is cuma cad a deirtear go mícheart faoin gcostas mór atá i gceist nó na deacrachtaí fógraí a athrú Gach uair a thoghtar Rialtas nua, athraítear na comharthaí sna Ranna thar oíche agus is cuma cén costas atá i gceist. Is féidir seo a dhéanamh ach an toil pholaitiúil a bheith ann.

Is oth liom an cinneadh a rinneadh maidir le Daingean Uí Chúis. Ardaíonn sé ceist mór eile a bheidh orainn a fhreagairt am éigin, ceist theorannacha Gaeltachta. Má tá baile sásta é féin a ghearradh amach as an Ghaeltacht, ceart go leor, ach tá cinneadh le déanamh againn mar Stát cad é tá i ndán don Ghaeltacht agus conas is féidir linn á cosaint agus an teanga ina iomlán a chosaint i gcoinne na creimthe atá ag tarlú. Is féidir linn tríd an Acht seo a bheith ag obair i gceart agus a chur leis an Ghaeilge.

Ní leithscéal riamh é go bhfuil an iomad á chaitheamh. Ba cheart i bhfad níos mó a chaitheamh ar an teanga agus tiocfaidh féin-mheas as sin a chuideoidh linn in a lán bealaí eile seachas an Ghaeilge. Mar a dúirt an Seanadóir Ó Murchú, ní leithscéal riamh é go bhfuil an iomarca á chaitheamh. Measaim gur chóir dúinn i bhfad níos mó a chaitheamh. Tiocfaidh féin-mheas as sin a gcuideoidh linn ina lán bealaí eile, seachas an Ghaeilge amháin.

Cuirim fáilte roimh an díospóireacht seo. Fáiltím roimh an Aire agus a oifigigh atá ag an gcoiste. Tá suim mhór agam sa cheist seo. Nílim ag tacú leis an méid atá á rá ag an Aire ar son na cúise amháin. Tá mé ag tacú leis an méid atá á rá aige ar son muintir mo dháilcheantar fhéin agus ar son a lán daoine in Éirinn atá ag obair go tréan i ngaelscoileanna, ag múineadh ranganna Ghaeilge do dhaoine fásta, ag plé le cúrsaí logainmneacha i gcumainn staire agus in áiteanna eile agus ag taispeáint suim san oidhreacht atá fite fuaite leis an teanga í fhéin. Tá neart daoine i mo dáilcheantar ag obair go tréan ar son na Gaeilge. Tá mé anseo ar son iad siúd, go mórmhór.

Tá an díospóireacht seo ag plé le cúrsaí atá níos tábhachtaí, b'fhéidir, ná a lán rudaí san Acht de bharr go bhfuil siad os comhair an phobail — stáiseanóireacht agus fógraí béil, mar shampla. Ba mhaith liom i bhfad níos mó a fheiceáil sna treoirlínte seo a bhaineann le rudaí atá os comhair an phobail. Is féidir feabhas a chuir leis an méid a dúirt an t-Aire ar dtús báire. Tá súil agam go nglacfaidh sé leis an tacaíocht ata léirithe ag na páirtithe agus na urlabhraithe éagsúla a labhair go dtí seo. Tá sé an-bhunúsach, i dtír atá in ainm is a bheith dátheangach, go mbeadh fógraí béil ar fáil. Ní gá go mbeidís ró-fhada — ní gá go mbeidís chomh fada leis an díospóireacht seo, mar shampla. Is féidir leo a bheith an-ghonta agus an-phraiticiúil. Ceapaim go bhfuil sé tábhachtach nach ndéanfaimid dearmad ar na daoine thar lear atá ag plé le cúrsaí Ghaeilge. Dé réir an daonáireamh sna Stáit Aontaithe Mheiriceá, mar shampla, tá 25,000 daoine ann ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid. Tá an suíomh idirlíon atá ag Pobal ag bailiú sínithe faoi láthair ó dhaoine a thacaíonn le Acht teanga sa Tuaisceart. Tá daoine ag síníu an achainí sin ó tíortha éagsúla ar fud an domhain. Tá sé deacair a thuiscint cén fáth go bhfuil eisceacht ann do fógraí béil thar lear, mar shampla, ó thaobh muintir na hÉireann agus comhlachtaí Éireannacha, srl. Nuair a chuirim glaoch ar ambasáid ar bith sa tír seo, ach amháin Ambasáid na Ríocht Aontaithe agus Ambasáid Stáit Aontaithe Mheiriceá, b'fhéidir, cloisim cupla teanga, ar a laghad, ar an fógra béil. Is gnáth-rud praiticiúil é sa saol atá inniu ann.

Ó thaobh na dátheangachas agus teangeolaíochta de, tá sé tábhachtach go dtugaimid tús-áit don teanga neamhfhorleathan, mar a thugtar uirthi. Dúirt saineolaithe teangeolaíochta na Breataine Bige liom nach tíortha dátheangacha, mar a thuigtear an focal sin, iad an Bhreatain Bheag nó Éire. Nílimid mar an gcéanna leis an Bheilg, mar shampla, áit ina bhfuil teanga amháin in áit amháin agus teanga eile in áit eile. Chomh fada agus is eol dom, tá Béarla ag nach mór gach duine in Éirinn atá ina chónaí sa tír le tamall fada. Tá an Ghaeilge ag roinnt mhaith daoine istigh sa ghrúpa sin. Ciallaíonn sé sin gur cheart tús-áit a thabhairt don teanga atá ann go hoifigiúil, ní ar son na Bunreachta amháin ach ar son cleachtadh maith teangeolaíochta chomh maith.

Is féidir an bpointe céanna a dhéanamh maidir le comharthaí bóithre agus síneacha tráchta. Is trua é nach bhfuil sé sin luaite chomh maith sna treoirlínte atá os ár gcomhair amach. Tá sé le feiceáil agus tá ceachtanna le múineadh agus ceachtanna le foghlaim ag daoine de bharr go bhfuil siad ag tiomáint, ag siúl agus ag rothaíocht timpeall ag féachaint ar sínithe tráchta. Mar shampla, tá droch-cleachtadh uafásach sa tír seo sna stáisiúin iarnróid — tá an leagan Ghaeilge nach mór dofheicthe mar go bhfuil sé buí nó oráiste. Tá sé ar nós dúch dofheicthe má tá soilse tráchta ann san oíche. Feictear an leagan Béarla, atá dubh, ach tá an leagan Ghaeilge, atá oráiste, nach mór dofheicthe. Is cosúil nach mbíonn an Ghaeilge in úsáid ach amháin i rith an lae, nuair atá an ghrian ag taitneamh. Ní úsáidtear an Ghailge i rith an oíche, de réir dealramh. Tá sé deacair é a thuiscint, ach is mar sin atá sé. Mar a luaigh comhaltaí eile, tá gá le leasú a dhéanamh ar an Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 chun an cheist seo a shoiléiriú agus chun saineolas éigin a thabhairt isteach sa díospóireacht. Beidh mé ag chuir Bille nua os comhair na Dála maidin amárach chun an t-ábhar seo a bhrú chun cinn.

Ní theastaíonn uaim mórán eile a rá mar go bhfuil easpa ama. Ba chóir go mbeadh rialacháin ann faoi fhógraíocht. Bíonn fógraíocht os comhair an phobail i bhfad níos minicí ná tuarascáil bhliantiúil. Má táimid chun rialacháin a dhéanamh maidir le tuarascáil bhliantiúil, cén fáth nach bhfuilimid ag déanamh rialacháin mar gheall ar fhógraíocht, atá b'fhéidir níos úsáideach ó thaobh na teanga de? Is féidir linn é sin a dhéanamh. Is féidir an phointe céanna a dhéanamh maidir le lógóanna. Tuigim go maith go bhfuil locht ar a lán eagraíochtaí faoi láthair maidir le easpa tuiscine ó thaobh dátheangachas de. Tá locht ar mo pháirtí fhéin — tá na focail "Comhaontas Ghlas" níos lú ná na focail "Green Party" ar lógó mo pháirtí. Tuigim nach bhfuil sé sin go maith, go mórmhór mar go raibh na focail ar chomh-mhéid ar an lógó i dtús báire. Ceapaim go bhfuil an caighdeán ag sleamhnú ina lán eagraíochtaí. Tá na focail "Comhaontas Ghlas" ann, ar a laghad. Níl ach Béarla á úsáid sa fógra anseo a deireann "Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs".

Ní mise a chuir é sin ann. Ba chóir don Teachta ceist a chuir ar Choimisiún Thithe an Oireachtais.

Tá ceachtanna le foghlaim againn go léir.

Ciallaíonn "Fianna Fáil" i bhfad níos mó ná "The Republican Party".

Ní aistriúchán é "The Republican Party" ar "Fianna Fáil". B'fhéidir go bhfuil cur amú ar dhaoine mar gheall ar sin chomh maith. Tá ceachtanna le foghlaim. Caithfimid caighdeáin éagsúla atá ard go leor a bhaint amach.

Tá sé dochreidthe ar fad go bhfuilimid ag déanamh dlí ar seo don bhliain 2026. Nach féidir athbhreithníu a dhéanamh ar sin, i ndáiríre? Táimid go léir ag obair go dian anseo. Ni dóigh liom gur féidir le mórán againn a bheith ag pleanáil an méid a bheidh ar siúl againn i 2026. Má tá spriocdáta chun a bheith ann, ar a laghad ba chóir go mbeadh sé réadúil. Ó thaobh comharthaí reatha, bíonn an saol ag athrú go tapaidh na laethanta seo. Bíonn comharthaí reatha ag athrú go minic. Tháinig an ciliméadar isteach ar na bóithre, in ionad an míle, beagnach thar oíche. Nil mé ag rá gur cheart é seo a dhéanamh thar oíche, ach ba chóir é a dhéanamh ar a laghad roimh 2011, an dáta atá molta ag Conradh na Gaeilge. Ceapaim go mbeadh sé sin an-tuiscineach agus an-réadúil. Le cúnamh Dé, beidh seans leasú a dhéanamh air sin agus feabhas a chur ar roinnt rudaí eile chomh maith.

Fáiltím roimh an Aire agus an seans a bheith againn chun é seo a phlé. Tá sé thar a bheith tábhachtach, agus is mór an trua é nach raibh seans againn rudaí mar seo a phlé roimhe seo.

Aontaím go mór le haidhmeanna ar fad an Acht teanga, agus de ghnáth aontaím go mór le haidhmeanna an Aire i gcás na Gaoluinne. Is é na modhanna indéanta a chuireann sé chun cinn nach n-aontaím leo. Mar shampla, agus mé ag féachaint ar an Acht teanga, dúras ón tús, ar an chéad lá, ar gach céim, gach uair a labhras air sa Seanad, gurbh é an t-easnamh ba mhó a bhain leis ná nach raibh aon rud ann do mhuintir na nGaeltachtaí. Ní raibh aon infheistiú do mhuintir na nGaeltachtaí, agus ní raibh sé dírithe orthu. Ba é an seanscéal a bhí ann ó bunaíodh an Stát. B'fhearr linn go mbeadh cúpla focal Gaoluinne á n-úsáid acu siúd sa Ghalltacht ná aon infheistiú a dhéanamh i dtobar na Gaoluinne, muintir na nGaeltachtaí. Sin an rud a chuireann as dom, agus tá sé seanráite agam agus seanchloiste ag an Aire le blianta anuas.

Ó thaobh the truth being the first casualty de, is féidir linn féachaint siar ar an Bhille atá ag dul tríd na Tithe. Is maith an rud é féachaint siar ar Chéim an Choiste sa Dáil. Ag an bpointe sin, chuir an Teachta O'Dowd de chuid Fhine Gael leasú síos le tacaíocht an Teachta Ó Snodaigh. Ba é an rud a bhí le déanamh acu ná go mbeadh Gaoluinn agus Béarla ar chomhchéim ina lán áiteanna. Bhíodar ag labhairt air, agus dúirt an tAire nár thuig aon duine sna Tithe seo nach raibh aon official status ag baint le foirm Gaoluinne na n-ainmneacha.

Mar sin, bhí Sinn Féin chun leasú nua a thabhairt isteach ar Chéim na Tuarascála an tseachtain ina dhiaidh sin. Nuair a dúirt an tAire é sin, bhí na Teachtaí Ó Snodaigh agus O'Dowd sásta é a tharraingt siar. Nuair a thug an tAire isteach section 32(1)(a) and (b), cheapamar ar fad go raibh sé ag déanamh jab áirithe chun official status a thabhairt d’fhoirm Gaoluinne na n-ainmneacha, agus bhíomar an-sásta leis sin. Ina dhiaidh sin, nuair a tháinig an tAire chun é sin a chur i bhfeidhm, tharla na deacrachtaí i gCorca Dhuibhne i measc mhuintir Dhaingean Uí Chúis. Ceapaim féin go bhfuil an focal “Dingle” chomh Gaelach le focal ar nós “cart” agus “hata”, or approximately 20,000 more that I might mention. Aon duine a deireann nach focal Gaoluinne é “Dingle” must know something of which the rest of the world is ignorant; níl sé fíor.

Bhí dul chun cinn ann, and truth is the first casualty. Cuirfidh mé é seo chun cinn don Aire. Tá sé ráite deich n-uaire ag an Aire that it would change only three things. Tá sé léite amach aige nach mbeadh ach trí impleacht ag an athrú sodhéanta ar mhír 32 den Acht. Ní rabhas chun é seo a rá anseo inniu, mar bhí go leor eile le rá agam. An chéad uair a léigheas na rialacháin seo, do bhíos tarraingthe ar an horduithe logainmneacha ón bhfear a dúirt nach mbeadh aon athrú ar Dingle, Daingean Uí Chúis nó An Daingean ach i dtrí áit. Ina dhiaidh sin, áfach, do mhínigh an tAire Ealaíne, Spóirt agus Turasóireachta, an Teachta O'Donoghue, rud éigin dom. Bheadh sé féin agus achan Roinn sásta an t-ainm "Dingle" a úsáid dá mba rud é gur chóir é sin a chur isteach aríst. Cad atá déanta anois? As seo amach, má bhíonn aon rud taifeadta á chur amach ag Bord Fáilte mar gheall ar an mbaile deas álainn sin i gceartlár Chorca Dhuibhne, de réir mír 9, caithfidh sé a bheith in ainm An Daingin.

No, the Senator is wrong.

Tá sé scríofa os mo chomhair. I know that the Minister does not like it. If he challenges me that the truth is the first casualty, he can wait for the answers.

Tá sé scríofa anseo mar gheall ar Bhord Fáilte agus an liosta. Caithfidh aon rud taifeadta a bheith i bhfoirm áirithe. Dúirt an tAire liom deich n-uaire nach raibh aon ghá an fhoirm sin a úsaid ach i dtrí áit, ar léarscáileanna agus mar sin de. I will not go into it. Sin mar atá, agus sin mar a bhí. Tá mise ag leanúint liom, agus is féidir leis an Aire teacht ar ais ina dhiaidh sin.

Tiocfaidh mé ar ais.

Mar gheall ar Dingle, Daingean Uí Chúis agus mar sin de, chomh corraithe is a éiríonn daoine, is é an rud a chuireann isteach orm níos mó ná aon rud eile ná the way that people can ignore real issues sa Ghaeilge. Let us face it. This is a general list. Le deich mbliana anuas, táim ag iarraidh go mbeadh an tacaíocht agus an líon múinteoirí céanna ag scoileanna Gaeltachta is atá ag gaelscoileanna. Ní féidir liom é sin a fháil do na scoileanna sin, cé go bhfuil a fhios agamsa, ag an Aire agus ag aon duine a bhfuil baint aige leis an Ghaeltacht go bhfuil na múinteoirí sna scoileanna sin ag iarraidh déileáil le leanaí atá tagtha abhaile ó Londain agus áiteanna eile atá ag maireachtáil sna Gaeltachtaí. They could be from anywhere.

Here is another good example. Bhíos ag labhairt áit éigin sé mhí ó shín, agus dúras gur chuir sé as dom go mór nach raibh aon téacsleabhair sa stair ar fáil do scoileanna Gaeltachta. A week later I received a letter from the Minister telling me that I was completely wrong and that there was a sraith leabhair staire as Gaoluinn, agus bhí an ceart aige. However, here is where the truth enters into the matter. Dheineas botún, agus ba é tíreolaíocht ar chóir dom a rá ag an uair sin. It was one or other of them. The Minister did not tell me in his letter that no book was available for tíreolaíocht. Seachas é sin, bhí sé sásta a rá go raibh mé mícheart. That is how the truth is treated. Ó thaobh na fírinnne de, má tá aon rud curtha chun cinn agamsa sa chonspóid mar gheall ar Dingle, Daingean agus Daingean Uí Chúis nach raibh an fhírinne ag baint leis, I will stand guilty, ach ní bhfaighfear rud ar bith.

Déarfaidh mé rud eile leis an Aire that has not been heard publicly. Tá legal advice i mo sheilbh, agus má tá sé ag an Aire, ba chóir go mbeadh sé simplí a theacht air. Section 32(1) has paragraphs (a) and (b). Is cuimhin leis an Aire (b) . Tá sé leagtha síos ann nach féidir leis an Aire aon athrú a chur chun cinn má tá cinneadh déanta faoi the Local Government Acts. An cuimhin leis an Aire an píosa sin?

No. Gan amhras, it was a section of the Local Government Act 2001 that has not yet been commenced. Is é an bharúil atá agamsa ná é seo. Cuireadh an mhír sin isteach san Acht so that there would be democratic control over the section, and the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs should not have commenced it until the appropriate section of the Local Government Act 2001 had been commenced. I am not saying that the Minister should know that. Ní dlíodóir é an tAire, ná mise. Táimse á rá go bhfuil an bharúil sin i mo sheilbh agus go bhfuil sé ann. Tá mé á chur os comhair an choiste ag an bpointe seo, agus fágfaidh mé mar sin é.

Cén rud eile a bhíos a chur chun cinn? Le sé mhí anuas, ni féidir Gaoluinn a bheith mar ábhar ag duine chun céim oíche a dhéanamh ag UCD. That is appalling and it drove me berserk. Ar chuir sé isteach ar an Aire, an Rialtas nó na fíor-Ghaeil from the neck up who are never prepared to do anything when people need to be pushed? Níos measa ná é sin, ní féidir anois Sean-Ghaoluinn a bheith mar ábhar ag duine de ló nó d'oíche ag UCD. Sin an sórt ruda a chuireann isteach orm.

Le seacht mbliana anuas, ó 1999, tá sé geallta againn go lonnófaí ionad i mBaile Bhúirne chun dul chun cinn a dhéanamh ar mhúineadh na Gaeilge agus áiseanna agus rudaí eile a chur ar fáil do scoileanna tríd an tír. Tá scoileanna tríd an tír ar gnáthscoileanna iad seachas gaelscoileanna, ach ba mhaith leo ábhair a chur chun cinn trí Ghaoluinn. Níl na háiseanna ann dóibh chun é sin a dhéanamh. That is what we need to know. Cén fáth go bhfuilimse chomh corraithe sin faoin rud seo? Mar go bhfuil éigeantas ag baint leis. Is í an chúis go bhfuil ag éirí chomh maith sin leis na gaelscoileanna ná gur rogha atá ann do dhaoine. Is rogha do thuismitheoirí agus leanaí é, agus is mar sin a théann siad isteach. That is why it is a great success. Mar gheall ar an LFM, is cuimhin liom go maith é; chuireas go mór ina choinne. Do bhíos lasmuigh den Mansion House an oíche úd sna 60í. Laistigh den mhí, cuireadh go mór i goinne John B. Keane, Gaeilgeoir den scoth agus cara mór dom. Le 40 bliain, níor bhuaileas ariamh le John B. Keane ach gur Gaoluinn a labhair muid le chéile. He was presented as someone completely opposed to Irish, mar do chuir sé i gcoinne éigeantais. Bhí an smaoineamh sin aige sa rud seo.

Here is where I differ from everyone else in the room. There are points in people's lives at which they reach high peaks of irritation. One has to do with the volume of traffic on roads such as the M50, about which they will talk for hours. Another is when they are left hanging on the telephone. Deirtear leo that they should press button A or No. 2, 4 or 5, depending on what they want. At that point they become really irritated. Now we are to introduce their first contact with Irish at that point, which is stupid beyond belief.

Is é an straitéis a chuireann as dom. B'fhearr liom go gcuirfí an aidhm sin chun cinn agus go mbeadh seans ag daoine a gcuid Gaoluinne a úsáid agus an teanga a chloisint. Mar shampla, tá Ambasáid Cheanada dátheangach. Má chuirtear glaoch uirthi, one is asked to press button No. 1 or 2 chun rogha a dhéanamh idir Fraincis agus Béarla. Is mór an trua nach bhfuaireamar seans i rith na seachtaine rudaí mar seo a phlé leis an choimisinéir teanga ó Cheanada, a bhí sa tír seo le seachtain anuas.

Níl muid láidir sa straitéis seo. We do not have the world with us. Tá daoine ag feitheamh linn. Tá muidinne á dtiomáint sa chúinne inár gcoinne ag an bpointe seo seachas iad a mhealladh agus a tharraingt linn. Tá siad ag dul isteach sa chúinne eile. Nuair nach bhfuilimid láidir, ní féidir linn a bheith glic; sin an rud a chualamar leis na blianta anuas. Aon uair a labhraimse ar rud mar seo, mar anois, one can be sure my telephones will start ringing with people saying I am unpatriotic, anti-Irish, anti-Gaeltacht and everything else, ach amháin go mbeidh roinnt mhaith daoine ag cur glaochanna orm i rith na seachtaine seo chugainn. The calls that I will receive will be well and truly in favour of an tAire and very much i mo choinne.

Fuaireas glaoch ó cheartlár dháilcheantar an Aire, agus dúradar liom gurb é sin an fhadhb. Táimid an-chúramach mar gheall ar cé mhéad atá ag maireachtaint i dtithe nua sa dáilcheantar nó cad a bheadh ar na comharthaí tráchta anois in áiteanna éagsúla. Dúirt duine as Ros Muc nach raibh aon tacaíocht aige chun an leak sa roof a dheisiú. B'shin an rud a dúradar liom. Dúirt mé go gcuirfinn an méid sin chun cinn.

Maidir leis an HSE in the Gaeltacht——

Aon rud. Ag dul ar aghaidh le rudaí mar seo, ó thaobh craolacháin agus costas mar sin, tá an ceart ag an Aire sa mhéid a dúirt sé. Ó thaobh an mhéid a dúirt ionadaithe Chonradh na Gaeilge inné, tá an ceart acu. Cén fáth nach mbeadh na comharthaí tráchta dátheangach tríd an tír? That is the kind of thing we should be doing. Ba chóir go mbeadh sé ann, agus ba chóir é sin a dhéanamh. Ó thaobh na rialachán seo, áfach, ba chóir go mbeadh eisceachtaí ann. Ba chóir go mbeadh daoine áirithe in ann leithscéal a ghabháil in order that there will be eisceachtaí do dhaoine, boird nó cruinnithe poiblí áirithe.

D'fhéadfainn dul ar aghaidh leis seo ar a laghad leathuair a chloig eile, ach mar a tharlaíonn, I am supposed to be part of an interview board at 2.30 p.m. on behalf of the commission. As someone is waiting to be interviewed, I will cut things short. Is é an rud ar mhaith liom a rá ná go gcaithfimid straitéis níos fearr a bheith againn chun an teanga a chur chun cinn. Caithfimid díriú ar na Gaeltachtaí chun infheistiú a dhéanamh ag iarraidh an cultúr Gaeltachta agus an teanga a fhorbairt amach as na Gaeltachtaí le go mbeadh dul chun cinn níos moille. Níor chóir dúinn éigeantas a chur ann ach dul chun cainte leis na boird phoiblí seo chun an scéal a chur fúthu. Ba cheart dúinn iad a mhealladh isteach agus ceist a chur orthu how they might help us in this regard. Aon tacaíocht ar féidir a thabhairt dóibh, ba cheart dúinn í a thabhairt dóibh ag an bpointe seo.

Tá cúig bhomaite fágtha don Aire.

I propose that we put in the next 15 minutes. We have not gone through the regulations in detail, line by line. I have received crossed messages without there being any debate on each individual provision. I ask that the committee consider allowing me to give general answers on several issues. There is no rush; we can return another day and start at page 1. If members have amendments or suggestions they would like to make, I will listen to them.

Aontaím leis an Aire.

Given the nature of the debate, it is hard for me to gauge whether there is consensus from what people have been telling me. At this stage, I am utterly confused regarding what they want me to do. If possible, I will deal with the more general issues today. I suggest we return another day, start at page 1 and work through the provisions line by line. We could then deal with issues raised regarding specific regulations. Much of what has been said today has more to do with use of the language in general rather than the regulations.

Roimh 5 Samhain. Need it be done by then?

There is no time left.

The Minister introduced Daingean Uí Chúis agus rudaí mar sin.

Tá cúig bhomaite fágtha againn.

Is í an Ghaeilge an teanga náisiúnta agus an phríomhtheanga oifigiúil. Irish is the first constitutional language of the State and, irrespective of usage, everything flows therefrom. If the people do not like this, they may change it by getting Members of the Oireachtas to pass a Bill and putting it to a referendum. However, until that happens, we are all obliged to uphold the status of the Irish language.

The second interesting question concerns ceart versus costas. As I may be inarticulate at times, I will quote Senator O'Toole speaking on an tAcht teanga sa Dáil.

The Seanad. He was very articulate. He said:

Ach sa mhéid seo, it is a question of the value and the cost of things atá i gceist. Tá value ar leith a bhaineann le ceart ach má athraímid an ceart go dtí an focal "may" it is not a value that arises but a cost that will arise when we discuss the word "may" amach anso. Cuireann seo isteach go mór orm. Níor mhaith liom go mbeadh argóint idir mé féin agus an Aire maidir le rudaí mar sin ach is rud bunúsach agus bun-phrionsabal é seo.

In simple terms, he was saying one could not put a value on a right. Whatever it costs to give persons their rights, there can be no value. He also said the following.

Nuair a labhair mé ar an dara céim den mBille chuir sé isteach go mór orm nach raibh tacaíocht ann dóibh siúd a bhí ag iarraidh a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus nach raibh in ann é sin a dhéanamh. Beidh siad anois in ann é sin a dhéanamh in a lán slite nó muna mbeidh go mbeidh tuiscint ann go bhfuil rud éigin idir lámha ag comhlachtaí chun tacaíocht a thabhairt dóibh. Is é an rud is mó a chuireann baol ar an dteanga ná nach bhfuil daoine in ann maireachtaint trí Ghaeilge nuair a théann siad ag déanamh gnó le comhlachtaí poiblí agus lena lán de heagrais na tíre. Ar a laghad tá dul chun cinn ansan ann.

He indicated very clearly the nature of the debate.

The second issue raised concerns Achtanna an Oireachtais, on which let us be absolutely clear. There is a specific constitutional duty to translate Acts of the Oireachtas. Tá sé scríofa sa mBunreacht agus i mBuan-Orduithe na Dála. Let us go back to my earlier quotation from Mr. Justice Hardiman. He did not define "the State", but he clearly stated:

Equally the State itself must comply with its obligations, particularly those enshrined in the Constitution and can no more be heard to complain that such compliance is irksome or onerous than can the individual citizen. In particular, the State cannot be heard to complain that its non-compliance over a period of decades has now rendered present compliance even more difficult.

He did not say to which organ of the State he was referring. That is what the Supreme Court stated. Labhair an Seanadóir O'Toole an-maith ar seo sa Seanad, when he said:

Tá sé fíor-thábhachtach do ghnáth mhuintir na tíre go mbeadh sé de thuiscint acu, pé acu Béarla nó Gaeilge a ngnáth teanga, go bhfuil sé de cheart ag aon Bhall den Oireachtas a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge. An chéad chéim eile, not this year or next year but amach anseo, go mbeidh daoine áirithe ag argóint nach gá, mar shampla, aistriúcháin a chur ar fáil do Bhaill an Oireachtais má tharlaíonn sé nach bhfuil ach duine nó dhó a bhfuil Gaeilge acu nó go bhfuil sé ar intinn acu nó ar a dtoil acu Gaeilge a úsáid. This is a slippery slope agus ní cheart dúinn tosú air.

He was absolutely right — it is a slippery slope; that has been the problem. It has all been a slippery slope.

When we debated the issue of comharthaíocht Ghaeilge sna mbailte Gaeltachta on Committee Stage of the 2002 Bill in the Seanad, Senator O'Toole proposed amendment No. 26 and said "Molaim i leasú Uimh. 26: cinnteoidh comhlacht poiblí go mbeidh gach comhartha nó fógrán dá chuid i nGaeilge amháin sa Ghaeltacht". That is what he proposed in respect of signs. I remember arguing with him. I said we could not have the BreastCheck sign in Irish only in Tirellan, County Galway. He was proposing that every sign should be in Irish only. There was a fast move from that position to the one adopted in respect of Dingle. I would like to put the record straight. The name "Dingle" has more standing today than "An Daingean" had before I made the order. That is a legal fact. Anybody who checks the 1973 Act will find that the right to use "An Daingean" was quite limited before I made the order.

Perhaps this committee, in its capacity as the tourism committee, could examine the logic of the signage issue from a tourism point of view. It could run a few experiments. As the order was constituted under the former Minister, Mr. Bobby Molloy, if one was going from Letterkenny to Dungloe, one's map indicated "Dungloe" only — that was all that was on the map. The signpost in Letterkenny indicated "Dungloe", as did the signpost at the junction between the N56 and the road to Gaoth Dobhair. The signposts also indicated "An Clochán Liath", which one would have ignored because one's map indicated "Dungloe", as did the signs. Halfway over the hill towards Gaoth Dobhair, "Dungloe" disappeared off the face of the earth and a place called "An Clochán Liath" appeared. One's map continued to indicate nothing other than "Dungloe". When one reached the crossroads heading for Gaoth Dobhair, one's map indicated "Dungloe" but the signpost pointed to "An Clochán Liath". As one approached Dungloe, one could not find the cursed place because it had turned into a place called "An Clochán Liath". One did not realise there was any relationship between the two places; how could one if one was a tourist?

I saw this problem in Connemara for 30 years. People used to stand at roadsides because they did not know where to go. The authorities started to put road numbers on the signs in Connemara to get around the problem. I used to see people looking up at the signpost, looking down at the map and looking up at the signpost again. If I jumped out of my car to run over to ask them where they were looking for, I might be told they were looking for Westport. I would inform them that it was signposted as "Cathair na Mart" and tell them what way to go. That was what used to happen.

I thought I had an opportunity to try to rationalise what was a crazy situation for tourists, when one stands back to think about it, by coming up with what I thought was a simple answer, that we should have bilingual signposts, inside and outside the Gaeltacht. For example, we could have the names "Dungloe" and "An Clochán Liath" on a signpost. I had a favourable view of adopting the Welsh approach by putting the Irish version on top and the English version on bottom in Gaeltacht areas, and vice versa outside the Gaeltacht. I have never got lost in Wales. I was struck by the thought that if I did that, the people inside the Gaeltacht who had protested in the 1970s would accuse me of rolling back on something that was done then by putting up signs in English in the Gaeltacht.

I came up with what I thought was a rational compromise, that signposts everywhere — inside and outside the Gaeltacht — would indicate the same thing for the same place. Therefore, signposts would indicate the names of places within the Gaeltacht in Irish only. They would indicate the same name in Letterkenny as in Gaoth Dobhair. We should admit honestly that if a tourist can read the name in Gaoth Dobhair, he or she can read it in Letterkenny. I cannot understand the logic of those who think tourists can learn so much between Letterkenny and Gaoth Dobhair that they suddenly get inspired to understand something in Gaoth Dobhair that they could not understand in Letterkenny. This defies all rational logic. I decided to be rational about the matter by looking at it from the point of view of a tourist. I put our prejudices to one side. I thought that if tourists could understand the Irish version of a place name when in Gaoth Dobhair, they would be able to understand it when in Letterkenny. They cannot understand it at present because their maps are indicating different things.

My proposal was very simple — all road maps should be made bilingual. I argued that maps should indicate "An Clochán Liath", as well as "Dungloe". Many of them currently do. When one goes to Munich, one suddenly finds it has become "München", just as Vienna becomes "Wien" and Florence becomes "Firenze". One quickly figures out what the problem has become and realises that one should look for "Firenze". Every sign one sees indicates "Firenze"; it does not change to something else halfway there. I thought that proposal would work because it was very logical. I went further because I thought it was farcical that there was a signpost in Gaoth Dobhair that indicated "Leitir Ceanainn", whereas the map indicated "Letterkenny". I decided not to impose total bilingualism on all maps. I proposed to make an order decreeing that signposts in Gaeltacht areas pointing to places outside the Gaeltacht should be bilingual.

It would be interesting for those really interested in tourism, rather than their own prejudices and ideas, to get some real tourists — people who have never been to Ireland before — to ask them whether they could find their way around the country easily in the context of the option we are pursuing. We could also put my option to them. There is a third valid option, to make all signposts, inside and outside the Gaeltacht, bilingual. I think the option we are pursuing would be the one that most tourists would find most baffling. It is the system most likely to cause them to become lost. The fact of the matter is that what was happening in Dingle, if people want to tell the truth, was that many who left Tralee looking for Dingle drove through "An Daingean" and reached Ballyferriter because they did not realise that "Dingle" had suddenly changed to "An Daingean" halfway there. They were looking for a place called "Dingle" because their maps did not indicate that "Dingle" metamorphosed into "An Daingean" after they passed an imaginary line.

I do not mind arguments, but I think people, particularly in the media, have an obligation to examine and analyse issues in a rational and reasonable manner, without allowing their prejudices to take over.

Tá an t-am caite.

Ba mhaith liom dhá nóiméid eile.

Níl dhá nóiméid eile againn. Tá cruinniú eile sa seomra seo ag a trí a chlog.

Bhíomar cúig nóiméid déanach ag tosnú.

It is not within my gift to prolong this meeting. Another committee is due to meet in this room.

I know, but this meeting started five minutes late. I will be very brief. It is fine to get agreement — tá sé go hiontach ar fad — ach ní gheobhaimid é go brách. Tá daoine áirithe damanta in aghaidh na Gaeilge. Tá an ceart sin acu, ach má tá orm fanacht chun rud ar bith a dhéanamh ar son na Ghaeilge go dtí go mbeidh gach éinne sa tír ar aon intinn liom, beidh mé ag fanacht go lá Philib a' Chleite — ní tharlóidh sé.

Ba chóir dúinn a bheith soiléir ar rud amháin bunúsach, nach mbaineann leis seo amháin ach le gach rud. Tá na heagraisí Stáit ann le freastal ar an bpobal de réir Achtanna an Oireachtais. Má leagfaimis síos dlí, tá dualgas ar na eagraisí Stáit an dlí sin a chomhlíonadh. Níl rogha acu an dlí a chomhlíonadh — tá sé de dhualgas orthu an dlí a chomhlíonadh. Níl dualgas ar an saoránach aon rud a dhéanamh i dtaobh na Ghaeilge, ach tá dualgas ar eagraíochtaí. Let us be honest about it — if we gave State bodies the choice of not implementing legislation in respect of discrimination against Travellers and people with disabilities until there was 100% agreement on doing such things, and said everyone could do it voluntarily, the people in question would be waiting a long time to receive those services, especially when one considers the way things work in this country.

I was also asked about the cost of translation. We spend €53.5 billion on the English language. It is as realistic to count everything not done in Irish as promoting the English language as it is to count the time teachers spend teaching Irish as time presented in Irish. If we are counting money, it is €53.5 billion to the English language and €500 million to Irish. Therefore, it is clear the English language is being promoted much more. We should be reasonable about this.

I will deal with specific issues next week but the issue of síneacha tráchta involves legal advice and is a matter for the Minister for Transport. As for fógraíocht, I will bring forward proposals on advertising nuair a bheidh mé réidh. Níl mé sásta go bhfuil an obairbhaile déanta. Tá impleachtaí áirithe ag baint leis seo agus b'fhearr liom an obair a bheith déanta i gceart seachas teacht ar ais nó dhul ar aghaidh le rialacháin lena mbeidh fadhbanna ag baint leo arís.

On a technical point, Senator O'Toole said that No. 9 requires the use of Irish place names. It does not, it states that if the Irish place name is used, it must be the name approved under Ord na Logainmneacha. If a person uses An Spidéal, he must use the authorised, prescribed version under the order. A person can, however, use Dingle, Carraroe or anything else. The Irish version must be the authorised version, something Senator O'Toole may have misread in the section. In the interests of clarity in the media, it is important that we make that clear.

Tá na rialacháin pléite ag an choiste. Seolfaimid teachtaireacht ar ais chuig an Dáil agus an Seanad ag rá go bhfuil siad pléite ach go bhfuil níos mó ama ag teastáil chun iad a phlé arís. Gabhaim buíochas den Aire agus de na comhaltaí uilig.

The joint committee adjourned at 3 p.m. until 11.45 a.m. on Wednesday, 6 December 2006.
Barr
Roinn