Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

JOINT COMMITTEE ON ARTS, SPORT, TOURISM, COMMUNITY, RURAL AND GAELTACHT AFFAIRS díospóireacht -
Wednesday, 23 Sep 2009

Irish Language: Discussion with Conradh na Gaeilge.

Táimid anois i seisiún poiblí. Ba mhaith liom fáilte a chur roimh ár gcuairteoirí agus gabhaim buíochas leo as teacht isteach chuig an coiste seo chun cúis na Gaeilge a phlé linn. Ba mhaith liom bhur n-aire a díriú ar an phointe seo, go bhfuil pribhléid iomlán ag comhaltaí an choiste seo ach nach bhfuil an pribhléid sin ag finnéithe a thagann os comhair an choiste. Mar atá a fhios ag comhaltaí cheana, tá cleachtas parlaiminte sean-bhunaithe ann nach cóir do chomaltaí a dtuairimí a nochtadh faoi duine lasmuigh den Teach, ná faoi aon oifigeach. Freisin, níor cóir dóibh líomhaintí a dhéanamh i gcoinne aon duine ar slí go n-aithneofaí iad.

Anois, cuirim fáilte roimh an t-Uasal Julian de Spáinn agus roimh muintir Chonradh na Gaeilge. Ar dtús, beidh seans ag an t-Uasal de Spáinn agus éinne eile ón gConradh an cheist a phlé. An mian le éinne eile labhairt?

Mr. Julian de Spáinn

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an coiste as ucht an deis labhairt roimhe inniu. Is iontach an rud é gur féidir linn ár dtuairimí a chur trasna, maidir leis an bord snip nua ach go háirithe ach chomh maith le sin ar na rudaí praiticiúla gur féidir linn a dhéanamh gan costas ar an Stát ach a cabhróidh le stádas na Gaeilge. Ba mhaith linn díriú ar na rudaí sin i ndiaidh déileáil leis an bord snip nua. Ar dtús, ba mhaith le Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Pádraig Mac Fhearghusa, cur i láthair beag a dhéanamh maidir leis na moltaí a tháinig ó an bord snip nua, má tá sin ceart go leor.

Ar dtús, beidh seans agaibh bhur gcúis a phlé agus ansin tógfaimid ceisteanna ó na Teachtaí agus Seanadóirí.

Mr. Pádraig Mac Fhearghusa

Go raibh mile maith agaibh. Is mór againn a bheith i bhur láthair agus a bheith in ann cás na Gaeilge a chur os bhur gcomhair. Séard atá i gceist agam ná breathnú tríd an aighneacht a bhí againn don bhord snip agus iarracht a dhéanamh sin a ghiorrú beagán. Tá cóip Gaeilge agus cóip Béarla ar fáil don choiste agus mar sin treabhfaidh mé ar aghaidh chomh tapaidh agus is féidir.

Aontaíonn muid go léir nach miste athstruchtúrú agus coigiltí ar an airgead a chaitheann Rialtas na hÉireann ar ár son. Tá an report of the special group on public service numbers and expenditure programmes, grúpa a bhunaíodh sa bhliain 2008, ar fáil anois. Seo freagra Chonradh na Gaeilge anseo. Díríonn muid ar cheisteanna a bhaineann leis an nGaeilge go sonrach sa tuairisc agus ar mholtaí a mbeadh tionchar acu ar chaomhnú, ar chur chun cinn agus ar spreagadh úsáid na Gaeilge. Táimid beagáinín buartha faoi threo na moltaí a bhí sa tuairisc ag an bord snip, mar ní hamháin gur moladh go gcuirfí deireadh le Roinn na Gaeltachta ach, ar eagla nár thuigeamar, moladh go gcuirfí deireadh leis na scéimeanna Gaeltachta chomh maith. Anuas ar sin, chomh fada agus a bhain le múineadh na Gaeilge i gcoitinne, moladh go gcuirfí deireadh leis an Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíoochta, COGG. Cuireann sin isteach ar dhea-mhúineadh na Gaeilge chomh maith. Mar sin, táimid buartha faoi na moltaí seo a tháinig aníos is dócha ar deireadh thiar thall ón Roinn Airgeadais.

Maidir le comhthéacs agus éileamh, aithnímid gan dabht gur faoin Rialtas atá sé cinneadh a dhéanamh faoi na moltaí sa tuairisc on ngrúpa speisialta, faoina bhfuil le cur i bhfeidhm agus faoina bhfuil le leasú. Éilíonn muidne i gConradh na Gaeilge ar an Rialtas, áfach, an straitéis 20 bliain don Ghaeilge, atá le foilsiú go luath a chur san áireamh sula ndeintear aon chinneadh faoi na moltaí sa tuairisc a bhaineann le caomhnú agus le cur chun cinn na Gaeilge.

Buailfidh mé ar aghaidh anois go dtí na bunphointí. Creideann muidne i gConradh na Gaeilge dá gcuirfí na moltaí atá sa tuairisc ón ngrúpa speisialta i bhfeidhm, gurb ionann é sin agus díscor ar pholasaí an Stáit ó 1922 anall maidir le cothú agus cur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht, agus lasmuigh den Ghaeltacht féin. Dar linn go léirítear easpa tuisceana agus go ndéantar éagóir sa tuairisc cúpla uair. Mar shampla sonrach, déantar beag is fiú den obair riachtanach atá déanta ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, a cuireadh ar bun sa bhliain 2002 le freastal ar riachtanais oideachais chéad leibhéil agus dara leibhéil na hearnála Gaeilge. Sa tuairisc, luaitear go bhfuil COGG bainteach leis an dara leibhéal amhain. Níl sin fíor. Baineann COGG leis an mbun leibhéal chomh maith. Ní hamháin sin, baineann sé le múineadh na Gaeilge sna scoileanna náisiúnta i gcoitinne ar fud na tíre. Mar shampla eile, tugtar le fios gur gá de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 gach foilseachán oifigiúil a aistriú, agus gur gá an riachtanas sin a leasú. Ní fíor in aon chor gur gá gach foilseachán oifigiúil a aistriú. Níl de dhualgas ar chomhlachtaí poiblí ach doiciméid áirithe a mbeadh spéis ag an bpobal iontu a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna.

Pointe eile, is léir nach ngéilltear go bhfuil morán tábhacht le Gaeltacht ná le Roinn Gaeltachta. Ní réitíonn seo le straitéis spásúlachta náisiúnta an Rialtais, áit a n-admhaítear gur gá cúram a dhéanamh de limistéir a bhfuil tábhacht cultúrtha leo, an Ghaeltacht san áireamh. Deirtear sa national spatial strategy for Ireland: "These cultural identities can make a significant contribution ... to underpinning the rural economy". I gcás na Roinne Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, moltar chomh maith go ngearrfaí siar go hollmhór ar an líon daoine ag obair ann. Táimid ag éileamh ar an Rialtas na fíricí sin, chomh maith lenár n-aiseolas ar gach moladh a bhaineann leis an nGaeilge, a chur san áireamh sula ndéantar aon chinneadh ar na moltaí a bhaineann le caomhnú agus le cur chun cinn na Gaeilge. Buailfidh mé ar aghaidh anois go dtí na pointí móra — ar an triú leathanach Gaeilge — a bhaineann le moltaí na tuariisce agus freagraí an chonartha orthu. Maidir leis an Roinn Gnóthai Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a dhúnadh síos, tá Conradh na Gaeilge in aghaidh deireadh a chur !e Roinn na Gaeltachta, mar ba bhuille é sin a d'fhéadfadh deireadh a chur le Gaeilge agus leis an Ghaeltacht. Ní thagann sé le ciall go ndéanfadh an Rialtas dochar don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i gcomhthéacs an aitheantais agus na tacaíochta atá tugtha don teanga. San áireamh anseo tá: achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003; an brú a cuireadh le stádas a bhaint amach don Ghaeilge san Eoraip; an ráiteas i leith na Gaeilge a d'eisigh an Rialtas i 2006; agus an straitéis 20 bliain ata curtha le chéile ag an Rialtas le dhá bhliain anuas, agus ata le foilsiú go luath anois. Is straitéis í sin a chuimsíonn plean le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a ardú go dtí 250,000 duine taobh istigh de 20 bliain. Beidh gá — is pointe an-tábhachtach é seo — le hAire sinsearach agus le Roinn Gaeltachta chun comhordú a dhéanamh ar obair na straitéise 20 bliain seo a chur i bhfeidhm mar thosaíocht Rialtais. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh Aire sinsearach ag suí ag bord an Rialtais chun cás na Gaeilge a chur.

Tá pointí tromchúiseacha le déanamh maidir le feidhmeanna na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir leis an nGaeltacht agus leis an bhForas Teanga a aistriú go dtí an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Creideann Conradh na Gaeilge gur chun aimhleas na teanga agus na Gaeltachta trí chéile a rachadh sé feidhmeanna Gaeilge agus Gaeltachta — matters relating to Irish language and culture, mar a mholtar sa tuairisc — a aistriú go dtí an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Nil an Roinn Oideachais agus Eolaíochta in ann cúram a dhéanamh díobh ar chúiseanna eagsúla. Ina measc san, tá i bhfad níos mó i gceist le húsaid na Gaeilge a chur chun cinn ná oiliúint scoile, mar is eol le oideachasóirí, pleanálaithe teanga agus riarthóirí. Tá an tuiscint ag fás agus ag leathnú chomh maith gur acmhainn cogneolaíoch, cultúrtha agus eacnamaíochta í an Ghaeilge, arbh ionann agus féinmharú polaitiúil, soisialta agus cultúrtha é fáil réidh léi. B'fhearr linne go mbeadh Roinn faoi leith agus Aire sinsearach ag plé go díreach leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, ach go háirithe leis an straitéis 20 bliain.

Níl ach 3% d'fhoireann na Roinne Oideachais agus Eolaíochta in ann seirbhísí a chur ar fáil as Gaeilge, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn. Is ábhar buartha é sin. Creideann an conradh nach bhféadfadh na huimhreacha sin titim chomh híseal le sin mura raibh easnamh ar sainmheon agus éiteas na Roinne Oideachais agus Eolaíochta féin. Ag cur le sin, tá an Roinn Oideachais agus Eolaíochta i mbun an Ghaeilge a lagú sa chóras oideachais fós. Mar shampla, tá an Roinn ag iarraidh deireadh a chur leis an luath-thumoideachas iomlán i gcónaí. Is buille é sin, ní hamháin don ghaelscolaíocht ach is ionsaí é ar sheachadadh na Gaeilge ó ghlúin go glúin sa Ghaeltacht chomh maith.

Buailfidh mé chun cinn go tapaidh go dtí leathanach a ceathair chun cúpla pointe a dhéanamh. Leagtar béim anseo ar an tábhacht atá leis an gComhairle um Oideacha Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG. Is dócha go n-aontódh an coiste ar fad go bhfuil gá go mbeadh téacsleabhair Gaeilge ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge. Níl soláthar ceart ar fáil ag an dara leibhéal ach go háirithe don teastas sóisearach agus don ardteist. Ní cóir daoine a chur amach ag múineadh Gaeilge gan na hacmhainní a bheith acu. Dá bhrí sin, tá COGG an-thábhachtach chun go bhféachfaí chuige gur féidir sin a dhéanamh agus a cur i bhfeidhm. Ba mhaith liom béim a leagaint ar phointe eile chomh maith. Tá Séideán Sí beagnach críochnaithe le haghaidh na scoileanna lán-Ghaeilge anois. Is gá an cúrsa sin a chur in oiriúint do na scoileanna sa Ghaeltacht agus do na scoileanna náisiúnta i gcoitinne ar fud na tíre. Sin gnó COGG, ach níl aon soláthar déanta le haghaidh achmhainní mar sin a chur ar fáil sna moltaí ó an bord snip.

Is dócha go bhfuil go leor cloiste ag an coiste faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge. Is ionann an buille seo agus buille a bhuileadh ar ghnó dúchasach turasóireachta sa Ghaeltacht. Níl aon dearfacht le €5 milliún a shábháilt agus deireadh a chur le gnó gur fiú €50 milliún é sa Ghaeltacht na laethanta seo nuair atáimid ag iarraidh tacaíochta a thabairt do thionscal dúchasach turasóireachta i measc nithe eile.

Tá an cáipéis os comhair an choiste. Bheadh rud le rá againn mar gheall ar an moladh atá déanta ar uimhir a seacht ann. Dar leis an grúpa speisialta gur cóir Ciste na Gaeilge a laghdú pro rata. Bheadh muid ag áiteamh, de bharr cúinsí nach bhfuil cumhacht againne orthu sa Tuaisceart, nár tháinig ardú pro rata ar Chiste na Gaeilge le tamall maith de bhlianta. Mar sin, ní ceart ardú pro rata a chur ar an gciste sin ach oiread.

Molaim díobh féachaint ar phointe Uimhir 8 mar gheall ar scéim labhairt na Gaeilge, ach preabfaidh mé ar aghaidh go dtí Uimhreacha 9 agus 10. Maidir leis na scéimeanna áineasa sa Ghaeltacht, is í an tábhacht a bhaineann leo ná é seo. B'fhéidir gur fearr sampla ná rud ar bith eile. Is minic is fearr scéim áineasa ionad pobail ná monarcha. Mar shampla, tóg áit bheag cosúil le Cúil Aodha i gContae Corcaigh. Tá na daoine ó Cúil Aodha ag dul isteach go dtí Maigh Chromtha agus go dtí Cill Áirne ag obair. Dá gcuirfeá monarcha mór i gCúil Aodha, ní bheifeá ach ag tabhairt Béarlóirí isteach in áit bheag ata faoi bhrú. Tá an t-ionad pobail, an t-ionad áineasa, an-thábhachtach ó thaobh líonraí Gaeilge a chothú i bpobail mar sin. Táimid go breá i dtaobh Uimhir 10. Níl aon fáth nach gcuirfí a leithéid de mholadh i bhfeidhm maidir le cúrsaí traschláir agus caiteachas ar an nGaeilge. Molfadh muid a bheith an cúramach mar gheall ar TG4. Tá a fhios againn nach bhfuil sé molta go sonrach go ngearrfaí siar €10 milliún ach go dtiocfadh an t-airgead sin as malairt treo. Caithfear seo a chur sa chomhthéacs go bhféadfaí an tacaíocht do TG4 a chur i mbaol má thagann an t-airgead sin as an gceadúnas teilifíse. Tá TG4 an-thábhachtach ó thaobh daoine óga a thraenáil i dteicneolaíocht an eolais agus go mba chóir dúinn a bheith réidh do pé casadh aníos atá le teacht san eacnamaíocht. Is fiú a rá go gcothaíonn TG4 dea íomhá don Stát agus don tír agus go gcothaíonn an Ghaeilge dea íomhá dá réir don tír ag tráth go bhfuil go leor droch-chlú airgeadais orainn ar fud na cruinne. Ní miste go mbeadh cúpla deascéal le fáil mar gheall orainn. Go raibh maith agaibh as a bheith chomh foighneach ag éisteacht liom.

Mr. Julian de Spáinn

Mar a dúramar nuair a d'iarramar an deis seo chun labhairt leis an gcoiste, bhíomar ag iarraidh chomh maith le sin díriú isteach ar na rudaí praiticiúla nach gcosnódh airgead ach a bhféadfadh cur le stádas na Gaeilge. Is chuige sin a chuireamar aighneacht ar aghaidh chugaibh maidir le comharthaí bóthair na hÉireann ar chonas go bhféadfaí an stádas don Ghaeilge a fheabhsú ar na comharthaí sin ionas go mbeadh sé níos fearr do na comharthaí trí chéile. Tá Garrett Reil tar éis teacht isteach linn inniu agus tá an Dochtúir Pádraig Breandán Ó Laighin ag iarraidh cúpla focal a rá ina dhiaidh le cur síos a dhéanamh ar an tuairisc. Tá aighneacht breise agaibh chomh maith, sin na sleamhnáin ar a mbeidh sé ag caint. Ba mhaith liom Garrett Reil a chur in aithne díobh anois agus labharfaidh sé ar feadh cúpla nóiméad.

Mr. Garrett Reil

Forgive me for speaking in English, but my proficiency in Irish does not qualify me to address the committee through it.

I would like to speak about Ireland's dual language road signs. I draw the committee's attention to the document we have submitted which will give members a brief synopsis of what we have to say. There is also a larger report with which members may be familiar which I produced previously with Conradh na Gaeilge. It would be helpful, in the absence of a Powerpoint presentation, if members stayed with me as I go through the document.

My research was conducted with the National College of Art and Design. Initially, I was looking at the readability and effectiveness of dual language road signs, Irish road signs and other models internationally. Although equality of language was an element of my study which led to me being invited to write this report for Conradh na Gaeilge, my initial aim was not concerned with equality of language as much as clarity of signage. I was not even very aware of the constitutional status of the language, beyond a shallow knowledge of it. I only later became aware of the statement on language which pertained strongly to some of the issues I had been researching.

One of my concerns was that the Irish population was an ageing one. Some research in the United States on the clarity of road signs for older users was very interesting; some good work was done there in that regard. As I am a design communications specialist, I was concerned with clarity and effectiveness of design and wanted to find out if there was a new way forward and a better way for us to produce road signs. My research brings a number of these concerns together, some of which pertain directly to issues around the status of language.

If members turn to the slide that shows a typical example of existing road signs, they will see, surrounded by a yellow margin, an example of how the Irish language is treated. I have drawn attention to this not as a status issue but as an one of clarity for any modern language, European or otherwise. People want information conveyed in as clear a way as possible. When dealing with road signs, we are talking about diminished reaction times, asking people to make very rapid decisions for safety, good navigation and efficiency. Therefore, any corruption of letter forms such as those in the slide affects these decisions. The letter forms in the slide were designed by the British Ministry of Transport and brought into Ireland, but then italicised for Irish and, as I have highlighted in red, amended in the mistaken belief this would add some Irishness to the characters. However, the amendments made are damaging to the legibility, readability and effectiveness of the signs. Introducing such archaic letter shapes or other such things runs contrary to best practice. The use of italics on road signs is not seen to be effective. Therefore, the Irish language is diminished in this way.

While the intent behind the use of upper case English may not have been to make it more prominent, that was its effect. To be kind to the original authors of the signs, we must think their aim was to create differentiation between the two languages. Differentiation is good when used well. If one can discern immediately the words one seeks and the language one wishes to use, without having to think about it again, that is a good design and as a result, one's journey is much more smooth. Upper case is not the most efficient setting for signs, particularly road signs. It occupies more space which in terms of equality, gives English more prominence, but it also results in longer placenames being squeezed to fit on signs. There are many examples of this design fault as can be seen in the use of the words "CITY CENTRE" which I have surrounded with a yellow border on the second slide.

Insufficient spacing is another problem. What tends to happen is that in order to squeeze words to fit, the space between letters is removed in order to compact the word. This makes the sign more difficult to read and the time required to understand the message is increased. On a high speed road, therefore, one does not see the message, sees it too late or does not manage to discern it. As a result, decision time is reduced. Insufficient letter spacing in upper case is a problem, in particular, because upper case requires more space than lower case but is given less. Another problem is that word shape is a factor in legibility. When we look at words on signs, we see them quickly. We need to take in the whole. One of the aspects that helps us do this is the shape of words. However, when words are in block capitals, there is no shape to them and it takes longer to discern what they say.

Other countries have had to deal with this issue. I have looked at a number of these and given some examples in the slides. The slide on Wales demonstrates that it uses no differentiation in its signs. This approach is popular and some have expressed the view that in term of linguistic landscape, it gives equal priority. Taking it literally, this system gives equal priority because there is no differentiation. However, from a design and efficiency point of view, one can achieve differentiation without diminishing either language. Differentiation is desirable. If we look at the slides on Greece and Scotland, we can see examples of colour differentiation in use, successfully in Greece in particular. On the following slide we can see an example of colour differentiation with which we are all probably familiar. If one goes the wrong way in an airport, one has a difficulty. Many efficient airports now use colour differentiation in order that once passengers see what colour is used for their language, they effectively blot out the second option and follow the signs. We have good examples of how differentiation can be used efficiently, without sacrificing the readability and legibility of either language.

With regard to the ageing population, the CSO statistics suggest approximately 25% of the population will be over 65 years of age by 2025 or 2026 and that we will all live longer and continue driving. The difficulty in this regard is that US research in recent years recommended a dramatic increase in the size of US road signs to cope with a number of issues around an ageing population, not least of which is that a high tech reflective surface on signs bounces light back and causes a blur around signs, termed halation. Therefore, to improve legibility and cope with such problems, engineers have recommended the use of much larger signs. Thankfully, people in my field — information designers — found a solution and created a new font and typeface known as "Clearview" that is specially designed to counter these effects. It takes in a number of design characteristics which help to cope with halation. This development should be incorporated in future designs in Ireland. The slide to which I have turned shows a simulated halation effect of a typical US road sign. It also shows that some US road signs, particularly destination signs, used upper case letters. Most signs use upper and lower case, which is best practice.

On the following slide on the left side members will see the word "Cascade" in the new typeface clearview and on the right side set in the old typeface. The left side model resulted in an improved viewing distance of 84 feet which equates to 1.3 seconds at 45 mph. This may not sound like a long time, but it is a significant amount of time when it comes to making a decision about whether one takes the next junction. Having looked at the research in this regard, people might forgive those who cut across them at the junction on one of our roads. It may be that the road sign is at fault and perhaps we should give him or her the benefit of the doubt. Clearview also reduces the effect of halation, even without an increase in the size of signs. The study also stipulated the removal of upper case signs. It found that upper and lower case signs with the new typeface and word shape were much more effective.

There is evidence that our signs are getting much bigger, as can be seen in the sign on the slide on the new Cork road. It is a large and expensive gantry sign. If we are to prevent the need for signs to become increasingly bigger, particularly due to the projected increase in the ageing population, we need to address how signs are designed as opposed to just making them bigger and bigger. Cost effectiveness is also at issue. We must look at the best and most efficient way of doing things in terms of cost and result. Increasing size will not achieve the result we want. We will not have the physical area and space on our roads to create signs of that size.

I draw attention to some of the first steps towards better design. In my research with the National College of Art and Design one of the things we did was to create a number of prototype signs and refine and design a prototype typeface that would take on board some of the design characteristics other countries have used in improving their signs and use of colour differentiation. On the slide one can see the Irish words in white on the top and the English in yellow below. The reason we used yellow on these prototype signs was that it was an existing sign colour and not controversial. The aim of the prototype was to produce a colour differentiated sign. We tried a new approach and used a new typeface I had developed, called "Turas", for the purposes of this project. It optimised the letter shapes to deal with the halation effect and improve legibility. It also maximised the x-height. Forgive me if I am giving too much of a design lecture, but x-height is important. Sometimes people think that because upper case letters are bigger they are better because when something is bigger and afforded enough space it has a physical presence that can be seen. The ideal is that it have both a physical presence and a word shape.

Let us look at a traditional design from the "Transport" typeface, the one we use in Ireland in a corrupted form which was developed in the 1960s in the United Kingdom, and the new US design "Clearview", both of which display larger and larger x-heights, the height of the lower case letters. What these signs do is try to grab a greater physical presence for the word within the sign area but keep the word shape in order that people can recognise the word legend more quickly. I draw members' attention to another example. It shows on the right hand side, in blue, the "Transport" typeface from the United Kingdom and my prototype design on the left hand side. It can be seen from the blue bar that my design delivers that extra x-height which is critical in gaining the extra benefit of physical presence. It also delivers an openness of shape in the letters that will stop the halation phenomenon becoming a problem. The following slide shows a sign with a simulated halation, which has the effect of producing bounce-back from traffic lights on the reflective sign. The sign on the left, a new sign on the Cork road, shows how the letter forms are affected. On the right hand side the prototype example shows how the letter forms are affected by the same halation. The individual characters of the letters in the prototype example are preserved better; word shape is also preserved. Colour differentiation also functions.

In an initial and rudimentary test for clarity — simply asking people to view a number of slides in different contexts, legends and typefaces and say which they find clearer — some 58% of English speakers chose the "Turas" prototype. These results are included in the pie chart on the slide. This is a significant number because generally in research people choose what they know. The people who were asked were road users in order that what they see every day is the status quo. The initial reaction when showing people anything new is generally negative; therefore, it is significant that 58% of people who use the roads every day chose the colour differentiated design with the new typeface over existing signs. It is interesting also that they chose it overwhelmingly over the Welsh undifferentiated dual language signs, which confirms the thesis. Some 77% of Irish speakers — this was no surprise to me because the use of Irish is so diminished in the current design — opted for the colour differentiated signs. If I had to rely on Irish legends to navigate the country, I would be upset by the signage used.

On the question of arriving at conclusions from my research, a prototype and the recommendations I would make, as we do not live in an ideal world, I would recommend a fast track approach. I suggest we would conduct simulated testing. The facilities are available for this. I have spoken to people at the University of Limerick which has such facilities available and the interests of a chair who is the head of the ergonomics society cross into this area. He advised on some of the previous tests I did. We could quickly test a number of variants, form the research and trial on track, as happened in the United States which quickly moved to a track trial. I suggest one trial new signs on a section of motorway with the most successful of the outcomes. This is working in keeping with optimal design practice. Besides ending up with the elements I mentioned such as differentiation, we would finish with a research driven, well designed, efficient road sign system for Ireland. We would have visual expression of the language and its importance but also a visual expression of the importance of research and design and our knowledge economy, rather than something that was handed down and co-opted from a separate use as in the transport signs we currently use. Although we are in difficult economic times, this could be rolled out efficiently on a gradual basis.

Mr. Julian de Spáinn

Níl ach dhá nó trí nóiméad ag teastáil fós don cur i láthair. Ba mhaith cead cainte a thabhairt don Dochtúir Pádraig Breandán Ó Laighin atá ag iarraidh comhthéacs a chur leis na comharthaí. I dtaobh an pointe deireanach a rinne an tUasal Reil, tá sé fíor thábhachtach béim a chur ar seo arís. Táimid ag caint faoi seo a dhéanamh ar bhonn nuair atá comharthaí nua le cur in airde go ndéanfar i gceart é. Nílimid ag caint faoi na comharthaí bóthair ar fad a athrú mar bheadh costas damanta le sin agus ba mhaith liom an pointe sin a dhéanamh go soiléir.

Dr. Pádraig Breandán Ó Laighin

Tá leathanach dátheangach anseo agam agus an méid atá le rá agam istigh ann. Tá cóipeanna ar fáil do gach éinne mar chuid den phacáiste.

Is cuid den tírdhreach teangeolaíoch iad na comharthaí bóthair. Téann siad i bhfeidhm go mór ar úsáid teanga agus ar chur chun cinn nó dísciú teangacha. Cruthaíonn siad spás ina bhfuil fáilte roimh theanga — nó déanann siad pobal labhartha teanga a imeallú. Léiríonn siad seasamh idé-eolaíoch na n-údarás maidir le stádas na dteangacha agus is seift nó meicníocht iad chun dul i bhfeidhm ar theangacha agus beartais teanga de facto a chur i bhfeidhm.

Tugann na comharthaí bóthair, iad sin a bhfuil scríbhinní orthu, seasamh den dara grád don Ghaeilge faoi láthair. Creidim go bhfuil dualgas ar chomhaltaí an choiste mar reachtóirí an scéal seo a chur ina cheart — a dheimhniú go mbeadh úsáid na dteangacha ar na comharthaí de réir Airteagal 8 den Bhunreacht a shainíonn an Ghaeilge mar theanga náisiúnta agus mar phríomhtheanga oifigiúil. Tá ordaitheach bunreachtúil i gceist.

Tá cuma amaitéarach ar na comharthaí atá á gcrochadh lá i ndiaidh lae. Cé go n-úsáidtear "Transport", sáraítear bunphrionsabail a dheartha. Ní leantar na cleachtais idirnáisiúnta is fearr. Úsáidtear cló iodálach bréagach agus carachtair chlóghrafacha atá drochlínithe don Ghaeilge, agus tá an Ghaeilge níos dofheicthe d'ainneoin a stádais.

Nil achtachán mar bhunús dlíthiúil ag na comharthaí bóthair agus dá dheasca sin ní féidir leis an gCoimisinéir Teanga imscrúduithe oifigiúla a dhéanamh ina dtaobh. Aisghaireadh na hionstraimí reachtúla a bhain le hábhar sa bhliain 1997. Níl ar fáil anois mar bhunús dlíthiúil do na comharthaí ach an "Traffic Signs Manual" — i mBéarla amháin — a eisíodh sa bhliain 1996 agus a raibh athbhreithniú cuimsitheach á dhéanamh air nuair a bhuaileamar leis an Aire lompair sa bhliain 2007. Tá sé riachtanach go mbeadh athruithe sna prionsabail agus sna rialacha a leagtar síos maidir le húsáid na Gaeilge ar na comharthaí bóthair i gCaibidil 1 den lámhleabhar. Go sonrach, is gá ailt 1.9.2 agus 1.9.3 a leasú chun go dtabharfaí tús áite don Ghaeilge de réir na rialachán atá eisithe ag an Aire faoi alt 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is faoi comhaltaí an choiste mar reachtóirí atá sé a chinntiú go ndéanfar sin. Ba bhotún é nár tugadh na comharthaí bóthair a bhfuil scríbhinní orthu, go háirithe logainmneacha, isteach faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla sa chéad áit.

Mar réiteach ar seo, ba chóir go n-eiseodh an tAire lompair rialachán faoi alt 95(2)(a) nó ordachán faoi alt 95(16) den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961 a leagfaidh síos go mbeadh scríbhinní ar chomharthaí bóthair, nó síneacha tráchta mar a thugtar orthu sa reachtaíocht, de réir alt 7(2) de na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, alt 9, 2008. Sin iad na rialacháin a d’eisigh an tAire Ó Cuív maidir le comharthaí go ginearálta — bheadh na comharthaí bóthair san áireamh ansin de réir rialachán nua a d’eiseodh an tAire Iompair — go mbeadh na logainmneacha i nGaeilge amháin sa Ghaeltacht agus go n-úsaidfí an leagan Gaeilge nuair atá an dá leagan gar dá chéile. Tá an dá riail sin ann faoi láthair in alt 1.9.1 den lámhleabhar reatha. Fágfaidh mé an pointe deireanach go dtí Mr. de Spáinn.

Mr. Julian de Spáinn

Ba mhaith liom caint mar gheall ar ábhar a tháinig chun cinn i rith na seachtaine. Is dócha gur chuala baill an choiste trácht faoi na cóid phoist nua atá le teacht isteach ó 2011. Táimid buartha go mbeidh na cóid bunaithe ar logainmneacha Béarla. Nuair atáimid ag iarraidh daoine a spreagadh ó thaobh na Gaeilge de, is minic a thógfaimid céim ar aghaidh agus dhá chéim siar. Ba mhaith linn é sin a sheachaint sa chás seo. Thaispeáin an choiste seo an oiread sin tacaíocht don Ghaeilge le cúpla bliain anuas, go háirithe nuair a bhíomar ag iarraidh stádas oifigiúil san Eoraip a bhaint amach agus i gcás Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Bhí na baill aontaithe agus chabhraigh siad linn na rudaí sin a bhaint amach. Ba mhór an trua é dá mbeadh dochar á dhéanamh do stádas na Gaeilge sa chaoi seo. Is dóigh linn gur féidir é seo a chur ina cheart ón dtosach. Is cinnte go bhfuilimid i bhfábhar an cód phoist — téann seoltaí Ghaeilge, go háirithe, ar fud na háite. Téann siad taobh amuigh d'Éirinn agus tagann siad ar ais. Níl córas ceart againn faoi láthair. Tá mé cinnte go gcabhródh cód phoist linn.

Tá trí bhealaí le tabhairt faoi seo á mholadh againn. Ar an gcéad dul síos, dá mbeadh an córas bunaithe ar logainmneacha Gaeilge, thabharfadh sé spreagadh don Ghaeilge. Bheadh daoine ag caint faoi na logainmneacha agus an brí nó míniú a bhaineann leo. Ar an dara dul síos, táimid ag rá gur féidir é seo a dhéanamh le huimhreacha amháin, chomh maith le "IE", a chiallaíonn "Ireland — Éire" a úsáid amach anseo in ionad "IRL". Bheadh ciall idirnáisiúnta ag baint leis sin, os rud é go bhfuil an-chuid tíortha san Eoraip nach úsáideann ach uimhreacha. Sna Stáit Aontaithe, úsáidtear litreacha an Stáit — MA i gcóir Massachusetts, mar shampla — chomh maith leis an uimhir. Tá Massachusetts beagnach chomh mór le hÉirinn. Is féidir linn an cód a bhunú ar uimhreacha, chomh maith le "IE", a bheadh aitheanta go hidirnáisiunta. Ar an triú dul síos, is féidir linn an córas atá á chur le chéile ag GPS Ireland faoi láthair, a úsáideann uimhreacha agus litreacha, a ghlacadh. Níl aon brí leis na litreacha per se. Os rud é nach bhfuil siad bunaithe ar logainmneacha, ní chuirfidh siad isteach ar an gcóras. Táimid chun na trí bhealaí phraiticiúla sin a chur chun cinn. Nílimid ag iarraidh dul síos an bóthar a bhí orainn dul síos nuair nach raibh an Ghaeilge aitheanta ar na huimhirphlátaí ghluaisteáin a tháinig isteach roinnt blianta ó shin. Is féidir linn é sin a sheachaint. Níl na cóid phoist le teacht isteach go dtí 2011. Caithfimid an rud ceart a dhéanamh anois.

Ba bhreá linn dá mbeadh an chomhchoiste in ann tacaíocht fhoirmiúil a thabhairt dos na moltaí atá déanta againn ó thaobh tuarascáil an bord snip nua agus na comharthaí bóithre dátheangacha. Mar a luaigh mé níos luaithe, nílimid ag caint faoi seo a dhéanamh thar oíche. Bheadh próiseas i gceist. Tá sé tábhachtach go mbeadh an choiste ag tacú leis. B'fhéidir go gcuirfeadh sé meabhal ar dhaoine dá gcuirfimid leagan nua suas. Faoi láthair, tá 22 leaganacha difriúla de chomharthaí bóithre in Éirinn. Más féidir linn an phróiseas a thosú i gceart, ní dóigh liom go gcuirfidh sé isteach ar an rud — cuirfeadh sé feabhas ar an rud de réir a chéile. Iarraim ar an choiste aire a thabhairt dos na cóid phoist. Is féidir leis na baill déileáil leis an straitéis 20 bliain go luath. Ba chóir don choiste na moltaí atá déanta againn inniu a úsáid mar croílár na bearta a bheidh á thógaint chun stádas agus feiceáileacht na Gaeilge a fheabhsú i measc na ndaoine. Gabhaim buíochas leis an choiste arís as ucht an deis seo a thabhairt dúinn labhairt inniu.

Gabhaim buíochas libh as ucht bhur ráiteas faoi na moltaí i dtuarascáil an bord snip nua a bhaineann le stádas na Gaeilge, faoi na comharthaí bóithre agus faoi na cóid phoist nua. I thank Mr. Reil for his interesting presentation on dual language road signs in Ireland. The examples he gave us from Scotland and Greece were very appropriate. He has referred to the fact that we are thinking about what can be done in the future with regard to costs and efficiencies. I am sure he will find this committee to be very supportive of his proposals, although that is up to the individual members to decide.

Cuirim fáilte roimh uachtarán Chonradh na Gaeilge, Mr. Mac Fhearghusa; príomhfheidhmeannach an chonradh, Dr. Ó Laighin; agus Mr. Reil, a rinne cur i láthair inniu. Tá lúchair orm go raibh deis againn éisteacht leis an chonradh, an eagraíocht Ghaeilge is sine agus is buaine sa tír, a théann siar go dtí deireadh an 19ú haois. Chuir an eagraíocht mórchuid daoine ar fáil sula bhaineamar ár saoirse amach. Ghlac an chonradh páirt lárnach agus gníomhach in imeachtaí Gaelacha agus cultúrtha an Stáit seo ó bunaíodh é sna Fichidí. Ba mhaith liom go dtuigfeadh gach éinne an tábhacht a bhaineann leis an eagraíocht.

Tréaslaím leis na bhfinnéithe as ucht an anailís iontach atá déanta acu ar moltaí an bord snip nua. Is léir go bhfuil imní ar Chonradh na Gaeilge agus ar fud na Gaeltachta mar gheall ar na moltaí seo, a chuirfidh isteach ar Ghaeilgeoirí na tíre má chuirtear i bhfeidhm iad. Tá go leor cruinnithe á eagrú ar fud na Gaeltachta, ó Dhún na nGall go Ciarraí, i láthair na huaire. Sílim go léiríonn an tuarascáil gur beag taithí agus gur beag eolais atá ag an bord snip ar imeachtaí na Gaeltachta, imeachtaí na Gaeilge agus imeachtaí na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Níl a fhios agam cén áit ina bhfuil an locht. An bhfuil an locht ar na daoine a bhí ar an mbord amháin? An bhfuil cuid den locht ar oifigigh na Roinne, nár léirigh tábhacht na hoibre atá idir lámha acu chomh fada agus a bhaineann sé leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht?

I láthair na huaire, tá straitéis 20 bliain don teanga á ullmhú ag an Rialtas. Táimid ag fanacht leis an straitéis. Deirtear liom go mbeidh sí ar fáil gan mhoill taobh istigh de roinnt seachtaine, b'fhéidir roimh dheireadh na míosa. Níl an dáta agam. Cuireann sé iontas mór orm go bhfuil an Stáit, faoi chathaoirleacht an Taoisigh, ag ullmhú an straitéis seo, ach ag an am céanna go bhfuil lámh eile den Stáit — an bord snip nua — ag cur moltaí i láthair a chuirfeadh deireadh leis an Ghaeilge. Tá rud éigin mícheart ansin — níl ceangal ceart ann idir ghníomhaithe atá neamhspleách óna chéile. Sílim go ndéanfaidh díothú Roinn na Gaeltachta, atá ann ó 1956, cuid mhaith dochair don teanga. Má tá Roinn na Gaeltachta le bheith nascaithe le Roinn éigin eile, is í an Roinn Oideachais agus Eolaíocha an Roinn deireanach lena nascfainn í. Bhí an Roinn Oideachais agus Eolaíocha go maith sna blianta atá thart, chomh fada is a bhain sí le dul chun cinn na Gaeilge de. Tá maolú agus laghdú mór tagtha ar dílseacht na Roinne sin, maidir le chur chun cinn na Gaeilge, le 20 bliain anuas. Mar shampla, tá gá níos mó leis an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta faoi láthair ná mar a bhí riamh. Tá mé ag caint anseo mar iar-mhúinteoir. Tá easpa áiseanna Ghaeilge ann le haghaidh na gaelscoileanna ar fud na tíre agus na scoileanna Gaeltachta. Tá eagras den chineál sin riachtanach má táimid chun oideachais trí Ghaeilge a fhorbairt. Má chuirtear deireadh leis an chomhairle, is mór an dochar a dhéanfaidh sé.

Tá fostaíocht, tionsclaíocht agus daoine sa Ghaeltacht nach bheadh ann ach amháin go bhfuil Údarás na Gaeltachta againn. Ní hamháin go bhfuil cúraimí fostaíochta agus tionsclaíochta ag an údarás, tá cúraimí teangan agus cultúrtha aige freisin. Má thugtar freagrachtaí an údaráis do Fiontraíocht Éireann, ní bheidh an tuiscint nó an tacaíocht chéanna ar fáil don teanga nó don chultúr. Tá jab speisialta le déanamh ag Údarás na Gaeltachta sa Ghaeltacht. Ní hamháin go bhfuil fostaíocht an údaráis riachtanach, ach go bhfuil an chultúr agus an teanga le forbairt aige freisin.

Tá sé luaite go bhfuil deireadh le cur le cuid mhaith scéimeanna. Déanfaidh sin dochar mór mar go bhfuil na Gaeltachtaí go léir i gceantair immeallacha. Tá na bunstruchtúir sin, idir áiseanna agus hallaí, ag teastáil sa Ghaeltacht. Tá obair an-mhór á dhéanamh ag an Roinn. Ba mhaith liom a rá, mar duine den bhFreasúra, go bhfuil obair an-thábhachtach á dhéanamh ag an Roinn le blianta anuas ag cur na rudaí seo ar fáil agus murach go raibh an Roinn ann, ní bheadh na rudaí sin curtha ar fáíl.

Tá mo chomhghleacaí, Deputy Michael Ring, chun tagairt a dhéanamh don méid a bhí le rá fá na comharthaí bóthair agus an méid a bhí le rá ag an tUasal de Spáinn faoi na postal codes. Tá cuid mhór daoine anseo atá ag iarraidh labhairt. D'fhéadfainn labhairt go maidin ar an ábhar seo. Bhí mé féin agus an Seanadóir Ó Dochartaigh ag cruinnithe i dTír Chonaill agus b'fhéidir go raibh daoine eile ag cruinnithe eile ar fud na tíre. Dá mbeadh an méid a chuala mise ag na cruinnithe sin le cur i láthair anseo, bheadh muid anseo go dtí meánoíche. Tá na moltaí seo an-tromchúiseach. Ní raibh tuiscint cheart ag na daoine a cheap iad ar cad a bhí á dhéanamh acu. Deirtear go raibh siad lárnaithe anseo chomh maith ach ní dóigh liom gur aon leithscéal é sin.

Sa Dáil inniu, dúirt an Tánaiste go bhfuil go leor de mholtaí an bord snip nua gan chiall ná bunús. B'fhéidir go bhfuil comhartha dóchais ansin. Tá súil agam, nuair a dúirt an Tánaiste é sin sa Dáil, go raibh sí ag cuimhniú go mórmhór ar na deacrachtaí a cruthóidh moltaí an bord snip nua i leith na Gaeltachta agus na Gaeilge in a dáilcheantar féin. Níl iontu ach moltaí i láthair na huaire agus déanfaidh mise, mar urlabhraí Gaeltachta, gach dícheall cur in éadan na moltaí seo, mar má chuirtear i bhfeidhm iad, béarfaidh siad buille marfach don teanga agus don Ghaeltacht.

I want to deal with the issue of signage and make a few observations with regard to an bord snip nua. As someone not from the Gaeltacht I must say the report is outrageous. It is an attack on rural Ireland and the Irish language. I was glad to hear it said earlier that the daft regulation of having every document printed in Irish and English is doing damage to those promoting Irish and to the Irish language. It costs a fortune when there is no need for that. The documents are not being read but it costs a fortune to print them. They should be on the Internet where people who want to access them in Irish can do so and that must be done. I have raised this matter with the Minister. The regulation is doing damage to the Irish language and the Gaeltacht because it is a waste of public money. A significant sum of money could be saved in that area.

I support my colleague Deputy McGinley. I come from a county with three Gaeltacht areas, Tourmakeady, Achill and Erris. These areas depend on the scheme and on people who come to them to learn the Irish language, especially during the summer months. There is a massive spin-off from this industry. There is very little grant aid given to the industry but the spin-off for the area is significant and helps both the Irish language and the people of the area to make a living. The standard of the houses in the area has been wonderful and making a recommendation to cut out such schemes does not make economic sense. All the recommendation does is remove a small amount in grant aid and put people on social welfare. In the summer months the many visitors to these areas create significant business for the community and it is great to see this activity. Like my colleague, I will oppose the cuts every step of the way.

With regard to the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs and his ministry, it would be wrong for the Government to make a political decision to get rid of the Department. We may give out about the wastage, but that is not the problem for our witnesses. It is up to us to ensure that where there is wastage and duplication in Gaeltacht areas it is dealt with. Doing away with the Ministry would be a scandal, particularly with regard to the effect on rural Ireland. The Department was set up to deal with two main issues, the Irish language and the rural areas which were being let down by all other Departments. Rural areas were being left behind and the Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs was set up to deal with that issue. I am opposed to the Department being done away with.

I welcome the proposals made today on signage. I support what is proposed for national signage and the equal and correct attention paid to both Irish and English. I would also like to see this carried through in Gaeltacht areas, even though Conradh na Gaeilge might not like that but prefer signs in the Gaeltacht to be only in Irish. I am fed up travelling in the Gaeltacht in my area and seeing signs where people have painted the name in English on them. Why can we not have signs with the Irish as big as desired, but with the English version of the name in smaller print? I see no harm in that and think it would be the right approach in the Gaeltacht areas. I have no problem with the suggestion put forward. It is a good idea and I agree signs should be in Irish with the English in a smaller type. It is the way forward and I support my colleague's suggestion that we put pressure on the Department of Transport to make those changes for all future signage.

I would like to hear what the witnesses have to say about Foinse, the Irish newspaper. It is a scandal it was allowed close. While I am not an Irish speaker, members of my family bought and read it. It is wrong that it was allowed go and I would like to hear the witnesses’ comments on this. We should give whatever support we can to try to get Foinse up and running again. People have been deprived since it was closed. I hope funding from Government will ensure Foinse can be reorganised and a new board put in place. Many people miss the paper and I would like to see it up and running again.

I will finish with a comment on the McCarthy report. Perhaps both I and Mr. McCarthy should go to the Gaeltacht for a few months in the summer and learn about what is going on. I know what is going on and I could help him, but I could do with learning some Irish myself.

Go raibh maith agat. Mar a dúirt an tUasal Mac Fhearghusa maidir le foilsiúcháin oifigiúil a aistriú, níl de dhualgas ar comhlachtaí poiblí ach doiciméid áithrithe a mbeadh spéis ag an bpobal iontu a fhoilsiú i mBéarla agus i nGaeilge ag an am céanna, mar shampla, tuarascálacha bliantúil. Tá súil acu go bpléfear an t-ábhar sin ag an coiste seo amach anseo.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh uachtarán agus rúnaí Chonradh na Gaeilge agus roimh an Dochtúir Ó Laighin agus Garrett Reil. Ní rachaidh mé siar ar pointí déanta cheana chomh mór agus is féidir liom. Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfoilseofar an stráitéis 20 bliain go luath. Níl cúrsaí mar ba mhaith linn agus muna mbíonn straitéis ceart ann agus an straitéis sin á thiomáint ag an Rialtas, ní thiocfaidh leigheas ar an scéal. Tá cúrsaí ag dul chun donais i leith na Gaeilge.

Nuair a bhí mé mar urlabhraí ar cursaí gnóthaí pobail, tuaithe agus Gaeltacha sa Dáil deiridh, ní raibh mé mar urlabhraí ar cúrsaí Gaeilge sa mhéid gur bhain siad leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta nó an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nadúrtha. Caitear i bhfad níos mó airgid ar an nGaeilge sa Roinn Oideachais agus Eolaíochta ná mar a caitear sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Sa Dáil seo, is urlabhraí do chúrsaí Gaeilge mé agus is féidir liom dul ar thóir aon ábhar a bhaineann leis an Ghaeilge. Maidir leis an moladh an Roinn a chur ar ceal, tá sé ráite agam cheana gur ceart an Roinn a chur ar ceal, ach — tá seo thar a bheith tábhachtach — gur ceart cúramaí i leith na Gaeilge a chur le Roinn an Taoisigh. Nuair a bheidh an straitéis againn agus í aontaithe, níl aon Roinn eile a bhféadfadh an tiomáint is fearr don straitéis a thabhairt ná Roinn an Taoisigh. Is é sin an rud atá go mór i mo aigne. Ba mhaith liom go bhfaighfinn tuairim an uachtaráin ina thaobh san. Cé nach bhfuil iontu ach moltaí ag an am seo, mar a dúradh cheana, athróidh an straitéis teorainneacha na Gaeltachta. Beidh sainmhíniú nua ar cad is Gaeltacht ann. Tá ceisteanna á chur faoi todhchaí Údarás na Gaeltachta. Ní bheidh todhcháin an údaráis ar siúl i mí Aibreán na bliana seo chugainn, de réir dealramh — cuirfear siar iad go dtí mí Dheireadh Fómhair. Caithfidh an Rialtas an reachtaíocht a thiocfaidh ón straitéis a thógaint isteach. Ní bheimid in ann an díospóireacht náisiúnta gur chóir dúinn bheith againn ar na ciorruithe seo, nó ar an Ghaeilge, a eagrú go dtí go mbeidh a fhios againn cad díreach atá sa straitéis. Tá sé geallta le fada go mbeidh an straitéis againn go luath, ach níl sé againn go fóill. Os rud é go bhfuil an cáinaisnéis ag druidim chugainn go tapaidh, tá sé tábhachtach — ní hamháin do lucht na Gaeilge ach don tír ar fad — go mbeidh díospóireacht naisiúnta ar an Ghaeilge againn. Is le cách an Ghaeilge. Muna ghlacann an pobal i gcoitinne úinéireacht ar an Ghaeilge, beidh sé an-deacair dul chun cinn a dhéanamh i leith na Gaeilge.

Labhair an Teachta Ring mar gheall ar aistriúcháin na doiciméid oifigiúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ní dhéanann sé maitheas ar bith don Ghaeilge go bhfuil cáipéisí áirithe, nach léitear i mBéarla, á aistriú go Gaeilge. Caithfimid bheith níos cúramaí nuair atáimid ag roghnú na cáipéisí atá le haistriú, agus béim a chur ar cáipéisí a léann daoine. Tá seans i bhfad níos mo ann go rachfaidh daoine i ngleic leis an Ghaeilge má tá suim acu sna cáipéisí atá á aistriú. Ní léann éinne seachas saineolaithe na county development plans, mar shampla. Cosnaíonn sé chuid mhaith airgid chun iad a aistriú. D'fhéadfaí an airgead sin a chaitheamh ar bhealaí i bhfad níos fearr chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Mr. Reil's comments about road signs were very interesting. I take his point that they are not always easy to see. I am not yet in the 65-plus age bracket, but as I get older I find it more difficult to absorb road signs as I come towards them. The proposal that the changes outlined by Mr. Reil could be made when new signs are erected, without an enormous or extremely costly operation being required, is progressive. Attention should be paid at an early stage to the idea that road signs, in English as well as Irish, could be improved along the lines suggested by Mr. Reil.

Fuair mé réamh-phoist níos luaithe mar gheall ar na cóid phoist nua. Caithfidh mé scrúdú a dhéanamh ar cé chomh praiticiúil is atá an moladh. Más féidir é a dhéanamh ar bhonn praiticiúil, rachfaidh mé ina dhiadh níos mó. Teastaíonn uaim go dtuigfidh mé gach rud atá i gceist i dtús báire.

Cuirim fáilte leis na hionadaithe ó Chonradh na Gaeilge. Is trua go bhfuil sé soiléir, de réir McCarthy agus an bord snip nua, nach bhfuil mórán tábhacht ag baint le hÚdarás na Gaeltachta agus leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Tá an-chuid cainte mar gheall ar scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge. Is dócha go mbeidh an-díomá ar na mná tí, na scoláirí agus na múinteoirí má chuirtear deireadh leis an scéim. Tá jab maith á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta. Ní cheart cuid de cúraimí an údaráis a thabhairt do Enterprise Ireland. Aontaím leis an méid atá ráite faoi sin. Dúirt an Chathaoirleach go bhfuil sé i gceist aistriúcháin a dhéanamh ar tuarascálacha bliantúla amháin, in ionad gach doiciméad. Is maith an smaoineamh é nach mbeadh gach fhoilseachán oifigiúil á aistriú go Gaeilge. B'fhéidir gur féidir níos mó eolas a thabhairt don choiste faoi na doiciméid atá á aistriú faoi láthair.

Níl an Ghaeilge agam ar "upper case" nó "lower case" i gcomhthéacs na comharthaí bóithre. I was interested to hear Mr. Ó Laighin say the Minister for Transport should issue a regulation to provide that names of places be given in Irish only in the Gaeltacht and that where the English and Irish versions of placenames are similar, the Irish version be used. I was having visions of another dispute like that in the case of Dingle — Daingean Uí Chúis. While Mr. Ó Laighin's ideas are laudable, perhaps the concept of local democracy should be used in making final decisions on placenames, as happened when a referendum was held in Dingle — Daingean Uí Chúis. I am not sure if it is right to take such an approach. I am concerned about tourists who come to this country. Do we have road maps that give the Irish name only in Gaeltacht areas? If one googles a destination in the Gaeltacht, will one find the correct directions to get there? I do not know if it is possible, even with all the new technology available, to find places easily if they are named in Irish only. I agree with Deputy Ring that it would be appropriate to give a higher position on road signs to the Irish version of Gaeltacht placenames. It was sad that over many years bilingual signs in the Connemara Gaeltacht were unofficially repainted to remove certain versions of local placenames. It did a lot of damage to the tourism industry in the west, particularly in the Gaeltacht. I would hate us to return to that situation. I would like the delegates to comment on such practical aspects of the proposal that signs should be in Irish only. We are trying to encourage as many people as possible to visit all parts of the country, including the various Gaeltacht areas which are among the most beautiful places one could visit.

Glaofaidh mé ar na bhfinnéithe taréis roinnt baill eile.

I would like to raise a number of issues. Like many of my colleagues, including those on the Opposition benches, I was very surprised to see these recommendations in the McCarthy report. Everyone will agree that the Minister, Deputy Ó Cuív, has done an excellent job across the board, particularly with reference to the Gaeltacht, the CLÁR programme and the various other programmes in which he has been involved. We have seen much good work in recent years in the growth of gaelscoileanna ar fud na tíre. In that regard, one must be concerned about the recommendations made. We will fight as hard as we can to ensure we maintain the great work done and continue to improve on it. The report only includes recommendations and I am sure there will be a severe battle to succeed in pushing them through, even at Government level. The delegates have our support on these issues and the improvements we have seen in the area in the past few years.

I have some questions on the issue of road signage. Have we missed the boat with regard to the road signage programme? A new programme is being rolled out throughout the country. It is almost complete in County Wexford. People have even complained about the amount of new signs erected. The programme is also being rolled out in County Wicklow and on my way here I noticed some large new signs being erected. I thought they were excellent and I liked the treatment of the Irish language on them. We are doing a good job in that regard. I was impressed by Mr. Reil's presentation and particularly by the fact that on signs the Irish is shown in yellow. Is Conradh na Gaeilge aware of the current position on the national roll-out of the road signage programme? I understand signs have been ordered, that contracts have been awarded and that the national roll-out of the programme is at an advanced stage.

The NRA has a large say in what happens, particularly on national primary routes. Has Mr. Reil been in touch with the authority on this issue or made a presentation to it? Has the NRA reacted to the recommendations made in his report on the signage he proposes? We may have missed the boat completely in this regard if the signage contracts have been issued, but what is happening with regard to SatNav? Everybody is heading in that direction and I wonder whether we will need signage on the roads in ten or 20 years time. We may all be part of the digital age when most cars will have SatNav fitted as a standard item. I am not sure —mea culpa - but is a programme available as Gaeilge for SatNav?

There is Google as Gaeilge.

Yes, there is but have we Ireland as Gaeilge in SatNav format? I have travelled in Wales and found the signage in use there very confusing, particularly when travelling at speed. I travelled extensively in recent weeks in the United States and covered over 3,000 miles without ever getting lost. In terms of signage, it is an amazing country in which to travel, with everything in straight lines. In Ireland it would be almost impossible for a tourist to get off an aeroplane and get into a hire car and travel to where he or she is going without getting lost coming through the city because our signage is and has always been difficult, particularly given the confusion between our national road signs and the new Dublin signs which include junction numbers, etc.

Níl mé líofa sa Ghaeilge fós, ach tá mé ag foghlaim anois le dhá bhliain anuas i dTeach Laighin agus chaith mé coicís álainn i mBaile an Fhéirtéaraigh an samhradh seo caite. Táim ag foghlaim gach lá anseo. Ba mhaith liom scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge a chaomhnú. Is scéim an-tábhachtach í seo do Ghaeltachtaí na tíre.

Maidir le comharthaí, táim i mo chónaí i gContae Ceatharlach, áit a bhfuil stáisiún Muine Bheag. Níl aon Béarla ar an comhartha sa stáisiún do dhaoine ar an traein go Port Láirge. They may want to alight at Bagenalstown, but the signage is only in Irish. This issue has been highlighted in our local newspapers recently. Many tourists coming to Carlow want to get off at Bagenalstown, but because the sign is only in Irish, they end up mysteriously in Kilkenny or Baile Mhic Andáin, Thomastown, scratching their heads and wondering why they have not got off at the right station. We must be careful with the signage we use.

I love the signage proposed in Mr. Reil's presentation. I used to work in design and appreciate the significance of upper and lower case letters. We need clear signage, particularly when driving at night, to ensure people do not get lost. However, it has improved greatly.

I suffered many years of brutal learning of Irish at school because of poor teaching, although I did have some good teachers. This had an effect on the standard of my Irish, but I am rediscovering a love of the language. I support what the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs, Deputy Éamon Ó Cuív, is doing in his Department. As a rural Deputy living under the Blackstairs Mountains in south Carlow who represents small rural isolated communities, I think he does outstanding work. Although an bord snip may come along with a big scissors, we must ensure whatever cuts are made do not impact on the Irish language. However, we need to make savings. Mar sin, cá bhfaigheadh Conradh na Gaeilge na sábháiltí atá ag teastáil ón Rialtas?

Cuirim fáilte roimh an toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge agus an cur i láthair ó thaobh na comharthaí bóthair ón Dochtúir Ó Laighin agus Garrett Reil. Tá sé deas go bhfuil siad os comhair an choiste seo arís. Bhí dúil agam sa mhéid a dúradh faoin méid atá déanta i dtaobh na comharthaí bóthair. Ar a laghad, bhíomar ag dul chun tosaigh in áit a bheith ag dul chun cúl. Cuireann sé isteach orm go raibh ar Conradh na Gaeilge teacht isteach arís agus go bhfuil muid ag cosaint an rud atá bainte amach againn go dtí seo agus go bhfuil muid ar an gcos chúl in áit a bheith ag dearcadh ar cén dóigh a rachaidh muid chun tosaigh agus cén dóigh a fheabhsóidh muid stádas na Gaeilge sa tír.

Bhí mé ag caint sa Seanad níos luaithe ar cúrsaí eacnamaíochta na tíre. Dúirt mé ansin go gcaithfidh muid uilig céim siar a ghlacadh agus féachaint ar cén cineál tíre a bheidh fágtha againn nuair a bheidh an fadhb seo réitithe againn, nuair a thiocfaidh deireadh leis an ghéarchéim eacnamaíochta agus nuair a bheidh fostaíocht ag teacht isteach sa tír arís agus daoine ag obair agus nuair nach mbeidh muid san fhaopach ina bhfuilimid. Má leanann muid ar aghaidh sa treo ina bhfuil muid ag dul, cuirfidh muid deireadh le ceantair iargúlta, leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht. Níl dabht ar bith agamsa faoi sin. Ansin, i gceann cúig bliana nó deich mbliana, músclóidh Airí suas agus aithneoidh siad gur lig siad don Ghaeilge agus don Ghaeltacht titim ar lár, ach ní bheidh siad in ann iad a thabhairt ar ais nó beidh sé i bhfad níos deacra sin a dhéanamh.

Caithfidh muid díriú isteach ar na ceisteanna seo. Beidh daoine ag rá nach ceart airgead a chaitheamh ar chosaint na Gaeilge nuair atá fadhbanna eile sa tír agus gur cineál Cinderella atá sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Déarfaidh siad go gcaithfidh muid díriú isteach ar na bancanna, an IDA nó Fiontraíocht Éireann agus a leithéid gan a bheith ag díriú ar ceisteanna cosúil le todhchaí na Gaeilge ná an plean 20 bliain. Sílim go bhfuil sin contráilte. Tá deacracht ann. Caillfidh an tír seo a anam muna dtabharfaidh muid aire do chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge.

D'éist mé leis an méid a bhí le rá ag na Teachtaí Dála go háirithe. Cuireann sé isteach orm, fiú amháin gan caint ar rudaí atá ráite sa McCarthy report, go bhfuil daoine anseo ó na páirtithe éagsúla ag iarraidh nach gcuirfeadh muid i láthair polasaithe iontach tábhachtacha do cheantair Gaeltachta i nGaeilge agus nach ndéanfadh muid aistriúchán orthu sin. Tá sin dochreidte. Sin ceart a bhain pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta amach, ach tá daoine den bhFreasúra agus den Rialtas ag iarraidh tarraingt siar ar sin. Cuireann sé iontas orm fosta go bhfuil siad ag iarraidh anois Béarla a chur arís ar chomharthaí bóthair i gceantair Gaeltachta. Caithfidh amharc ar cén bealach a thógaint le dul chun tosaigh. Faoi láthair, níl muid ach ag déanamh cineál tweakáil anseo agus ansiúd. Is í an íomhá atá agamsa agus ag mo pháirtí ná ní hamháin Gaeltacht láidir a bheith againn, ach Éire athruithe chun na Gaeilge mar phríomh teanga na tíre. Le sin a bhaint amach, caithfear polasaithe raidiciúla a bheith againn. Is féidir sin a dhéanamh. Tá sé déanta i dtíortha eile, go háirithe ag gluaiseachtaí eile, mar shampla i dtír na mBascach. Ansin, d'éirigh leo in achar beag ama athruithe ar shon na teanga a bhaint amach.

Ag díriú ar an méid a dúradh sa chur i láthair a rinneadh inniu agus mo thuairim i dtaobh tuairisc Colm McCarthy, is drochuair í seo don Ghaeltacht. Níl dabht ar bith faoi sin. Má amharcann muid ar an gcéad chuid de na ciorruithe atá molta cur i bhfeidhm i gcúrsaí Gaeltachta agus na hoileáin, tá sé thart ar níos mó ná 50% — €50 milliún, i bhfad níos mó ná rannóg ar bith eile, atá thart faoi 10%. Feiceann muid nach bhfuil morán eolais ag an grúpa ar chúrsaí Gaeltachta. I gcás na mná tí, atá ag déileáil le chúrsaí eacnamaíochta, tagann tairbhe de €50 milliún go dtí na geilleagair áitiúla as gach infheistíocht de €5 milliún a dhéantar. Tá sé tábhachtach dúinn aithint nár chuir Colm McCarthy agus a chomhghlecaithe an tuarascáil seo leo fhéin. Fuair siad eolas os na Ranna Stáit. Rinne an Roinn Airgeadais léirmheas ar moltaí an bord snip nua. I gcás scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, dúirt oifigigh sinsir ón Roinn Airgeadais "the elimination of this grant would face local opposition, but a reduction to €5 per day would not impose any undue hardship." Ní dóigh liom go bhfuil clue ag oifigigh airgeadais an Rialtas cad a dhéanann na mná tí, a fhaigheann €10 in aghaidh an lae os na gcoláistí samhraidh. Tá an Roinn ag iarraidh ar na mná tí an rud ar fad a dhéanamh — a tithe a oscailt suas; leapacha a chuir ar fáil dos na déagóirí; bricfeastaí, lónta agus dinnéir a sholáthar dóibh; a gcuid níocháin a dhéanamh; tacaíocht a thabhairt dos na daoine óga má tá rud ar bith ag cur isteach orthu; agus, an rud is tábhachtaí, an Ghaeilge a thabhairt dóibh mar bronntanas sula théann siad ar ais go dtí Béal Feirste, Átha Cliath, Aontroim nó pé áit eile as a thagann siad — ar €15. Cibé teach ósta, brú nó leaba is bricfeasta ar fud na tíre a bheadh sásta é sin a dhéanamh? Beidh mise agus mo phairtí ag cur go mór in éadan na moltaí seo, nach bhfuil bunaithe sa real world ar chor ar bith.

Caithfimid díospóireacht iontach ionraic a bheith againn nuair atáimid ag caint faoin Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Tá comharthaí ag teacht ón Rialtas go bhfuil sé ar na cártaí an Roinn a chealú. Silim go gcaithfidh ceannairí páirtithe an Fhreasúra seasamh suas agus a rá go soiléir an mbeidh siad sásta an Roinn a choinneáil má tá siad sa Rialtas. Tá sé iontach furasta rud ar bith a rá anseo. Tá páirtithe an Fhreasúra ag rá go bhfuil siad ag iarraidh gearradh siar a dhéanamh ar na hAirí agus na Ranna atá againn. Cén Roinn a chuirfear ar ceal, áfach? Tá seans ann go bhfuil Roinn na Gaeltachta i measc na Ranna ar a bhfuil siad ag machnamh. Tá sé iontach tábhachtach, i gcomhthéacs na moltaí atá a dhéanamh ag an bord snip nua faoi láthair, go ndeireann na páirtithe agus na ceannairí uilig cá seasann siad maidir leis an cheist seo. Tuigim go bhfuil sé iontach tábhachtach go bhfuil Teachtaí agus Seanadóirí aonaracha ag tabhairt tacaíocht don chúis seo.

While I welcome the report on road signage, I would like the matter to be considered on an all-Ireland basis. We need to standardise road signs on either side of the Border. I accept that Irish language placenames do not enjoy the same protection in the Six Counties. There is, however, a large campaign to change this by means of an Acht teanga. If signs in the North have to be in English only, they should still use the same standardised formation. I welcome Dr. Ó Laighin's proposal that a ministerial order be made. The delegation made a similar request the last time it came before us, but nothing has happened in the interim. A small measure of this nature, which would involve the replacement of old ineffective signs that demote the Irish language with more effective signs that give equal prominence to the language, would not cost much money to implement. I welcome the recommendation and ask that it be considered on an all-Ireland basis.

I will conclude by mentioning that my party will be willing to pursue the forthcoming postcode proposal.

Ba bhreá liom fáilte a chur roimh ár n-aíonna freisin. Shíl mé go raibh an cur i láthair iontach cuimsitheach aguis éifeachtach ar go leor bealaí. Chlúdaigh an toscaireacht an-chuid. Ní chuirfidh mé moill ar dhaoine, ach ba mhaith liom cúpla rud a ritheann liom a phiocadh amach. Bhí mé an-tógtha leis an méid a dúirt Dr. Ó Laighin i gcomhthéacs na gcomharthaí bóithre. Measaim gur fiú díriú isteach ar an cheist seo. An bhfuil atmaisféar fáilteach don phríomhtheanga oifigiúil á chruthú againn, nó an bhfuil an teanga á imeallú againn agus muid ag feidhmiú i gcoinne pobal labhartha na teanga? Is é sin an bhuncheist fealsúnach atá agam, agus an struchtúr a chaithfimid cur ar an díospóireacht seo. Nuair a léigh mé an méid atá ráite agus molta ag an bord snip nua, smaoinigh mé ar an dtéarma "mad axe murderer". Níl ann ach siosúr. Is léir nach bhfuil aon fealsúnacht, machnamh nó samhlaíocht i gceist. I do not mean disrespect to those who compiled the report when I use the term "mad axe murderer" to describe their style. It is clear that they ran mad with a scissors without engaging in any way with the need to approach something as important as the Irish language from a philosophical point of view. There is clearly no imagination at work — it is simply about cutting.

Nuair a bhreathnaímid ar na moltaí, tá sé soiléir cé chomh íorónta is atá sé go bhfuil an bord snip ag moladh go dtabharfaí feidhmeanna na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go dtí an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, an Roinn céanna atá ag cur bac ar an luath thumoideachas iomlán sa Ghaeilge inár scoileanna. Léiríonn sé sin a laghad tuisceana is atá sna moltaí seo. D'fhéadfaimis uilig an oíche a chaitheamh ag cáineadh na rudaí éagsúla atá molta ag an bord snip nua, mar shampla ó thaobh scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge de. Tá mé thar a bheith buíoch le go leor daoine go bhfuil mé in ann mo chuid a rá trí Ghaeilge. D'fhéadfainn cur le mo chumas sa teanga, áfach. Nuair a fhreastal mé ar an ollscoil i nGaillimh, bhí scéim ann a thug deis do micléinn nach raibh an Ghaeilge á dhéanamh acu mar ábhar ollscoile dul go dtí an Ghaeltacht. Tá súil agam go bhfuil an scéim sin fós ann. Bhí gach rud curtha ar fáil ó thaobh lóistín agus ranganna de. Bhí íocaíocht ann freisin dúinn sa chás go ndéanfaimid tionscnamh beag trí Ghaeilge faoin rud a bhí ar siúl againn sa choláiste. Bhí an scéim sin bunaithe ar an smaoineamh gur chóir go mbeadh an lucht leighis nó an lucht innealtóireachta, srl., in ann seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge do phobal na Gaeilge. Is é sin an chaoi ina choimeádtar teanga beo. Tá sé ceart go mbeadh daoine atá ag chur seirbhísí ar fáil in ann déileáil le daoine gach lá, i ngnáthimeachtaí an tsaoil, trí Ghaeilge.

Caithfidh mé a rá go bhfuil sé tábhachtach go dtéann daoine óga, go háirithe, go dtí an Ghaeltacht chun cur lena gcuid Ghaeilge. Tá scéal ag beagnach gach duine sa tír faoin eispéireas seo, atá fíor-thábhachtach i gcultúr na hÉireann. Déanann sé maitheas don duine i go leor bealaí. Labhair mo chomhghleacaithe faoin droch-am a bhí aici agus í ag múineadh na Gaeilge i scoil traidisiúnta. Tuigimid uilig go bhfuil scéalta ag daoine éagsúla maidir le seo. Sílim gur rud an-tábhachtach chun cur i gcoinne sin ná an deis a bhí ag daoine dul go dtí an Ghaeltacht chun cúrsa Gaeilge a dhéanamh agus sult a bhaint as atmaisféar difriúl ar fad. D'athraigh an eispéireas sin an meon, nó an dearcadh, a bhí ag go leor daoine i leith na Gaeilge. Dá bhrí sin, gan trácht ar an tábhacht a bhaineann leis ó thaobh eacnamaíocht na Gaeltachta de, measaim go bhfuil sé uafásach ar fad go bhfuil an moladh seo á dhéanamh. Cuirim leis an méid a dúirt an Seanadóir ó Dochartaigh maidir le costais na mná tí a chuireann na seirbhísí éagsúla seo ar fáil.

Níl mé cinnte an aontaím leis an méid a dúirt an Teachta Ring maidir leis na cáipéisí atá ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Glacaim leis an méid a dúirt ionadaithe Conradh na Gaeilge i dtosach báire — gur léir nach raibh mórán eolais ag an bord snip nua agus nach bhfuil sé fíor go bhfuil dualgas ann gach cáipéis a aistriú go Gaeilge. Má tá cáipéisí le bheith ar fáil i mBéarla, ba chóir go mbeidís ar fáil i nGaeilge. Shílfinn go mbeadh sé sin bunúsach. Ó thaobh cosaint na timpeallachta de, bhéinn an-sásta dá mba rud é nach mbeadh daoine á chur amach i riocht pháipéir agus go mbeadh dualgas ar dhaoine dul ar thóir na cáipéisí sin ar an Idirlíon, go háirithe nuair a smaoiníonn muid ar an méid airgid atá curtha amú le blianta ag eisiúint tuairiscí ar pháipéar nach léann mórán daoine, cuma an i nGaeilge nó i mBéarla atá siad. Tá sé tábhachtach go mbeadh comhionnanas ann i gcónaí, ach tá bealaí le costais a spáráil má shocraíonn muid gan an iomarca stuif a chur amach i riocht pháipéir.

Ní ceart dearmad a dhéanamh ar cheist na fostaíochta. Cuireann an aistriúchán fostaíocht ar fáil do dhaoine a dheineann obair mhaith ansin. Tá an obair seo tábhachtach don Ghaeilge mar ciallaíonn sé go mbeidh an teanga á úsáid agus go mbeidh téarmaíocht nua á chruthú agus á chur os comhair an phobail.

Maidir leis na comharthaí bóthair, rachaidh mé i muinín an Ghaeilge agus an Béarla maidir leo seo. Tá rudaí tábhachtacha agus bunúsacha ag baint le comharthaí bóthair agus comharthaí eile a bheith ar fáil go dátheangach. Ba chóir go mbeadh comharthaí feiceálach agus go mbeadh siad cruinn. Tá a fhios againn uilig go bhfuil fadhb ann maidir le cruinneas agus feictear logainmneacha aistrithe ar bhealach amháin in áit amháin agus ar bhealach eile in áit eile. Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh coitiantacht i gceist, smaoinigh mar shampla ar chomharthaí ar siopaí. Tá a fhios agam nach faoi seo atá muid ag caint inniu.

Le sampla eile a thabhairt, when I drive down Gardiner Street, cross the quays, take a right hand turn and approach College Green to get to Leinster House, I see a new sign erected by Dublin City Council diverting all traffic after 10 a.m., which means I cannot take that route. The sign is all in English, with no sign of an Irish language translation. Tá a fhios agam go bhfuil dualgaisí ann faoin Acht agus go bhfuil struchtúr ann inar féidir dul chun cinn a dhéanamh. Is sibhse na saineolaithe maidir le seo. Why can new signs be erected by public bodies such as Dublin City Council without a requirement to be bilingual? Tá a fhios agam, this is not a road sign issue. However, it is another kind of road sign. I find it astonishing that such new signs can be in English only.

We are all familiar too with the inconsistency between one public body with a great Irish language policy and others where one never knows when one will see a sign translated. Tá sé tábhachtach go mbeadh na comharthaí soiléir and that there is consistency. There was an advertisement about consistency in a world gone mad. We need Irish language signage in all areas of life, not just road signs, and it must be accurate, consistent, easy to read and attractive.

Tá brón orm nach raibh mé anseo nuair a labhair an tUasal de Spáinn, ach bhí mé anseo nuair a labhair an Dr. Pádraig Breandán Ó Laighin.

I support Dr. Ó Laighin 100%. In the Constitution Irish is the first official language, but we are unique and do not adhere to this. I agree that the primacy of Irish in the Constitution is not recognised and given effect.

Mr. Reil made a very informative and interesting presentation on road signs and has demonstrated clearly how placenames in Irish are given a secondary position. In 1957 or 1958 I moved from Dundalk to Newbridge, County Kildare. When I was born in 1944, Dundalk was a very nationalistic town and very conscious of its Irish identity. My father was a postmaster and when we moved to Newbridge, he made valiant efforts to ensure people used the term Droichead Nua all the time. It breaks my heart now when travelling the dual carriageway to see Newbridge given preference over Droichead Nua.

At this time of economic recession, we need to return to our identity and consider what being Irish is about. Irish is one of the oldest languages in the world, yet we give it second class status. I understand that for economic reasons we focused on employment and our energies went into its creation. However, with respect to the leaders of the 1916 Rising, we should mark 2016 by unanimous agreement between our political and business leaders. They must make it a strategic plan that we begin to speak Irish again. I found the report, The Irish Language and the Irish People, by Fr. Micheál Mac Gréil, illuminating. There is no doubt, if leadership is given, the people are poised to begin using Irish again. We should be bilingual and I do not understand why we are not. It should be quite easy to do this. We should celebrate the centenary of the insurrection and honour its leaders who put their lives on the line, ensure we deliver on the Constitution and their aspirations and ensure Irish is our first language.

I agree signs should be in Irish in Gaeltacht areas. During the summer I spent some time in Ballyferriter and noticed on a road sign that the word "Dingle" had been stuck on with ugly tape over the Irish name. The Gaeltacht does not have as strong an identity as it had 20 years ago when we had the sense that the people living there were trying to keep the language alive. Now the gaelscoileanna and naionraí are more successful in this regard. I am attending a celebration of the naionraí in Cork on Friday week. As spokesperson in the Seanad on children, I intend to attend and give my support. It is exciting that young children starting at that level speak Irish.

After all the years, until I studied the report of Fr. Micheál Mac Gréil, I did not realise why we were not bilingual. The reason is that teachers, no matter how good they are as educators, are not líofa sa Ghaeilge. We must address this issue. Teachers in both national and secondary schools must be encouraged to become líofa as Gaeilge. Not to insult any national school teachers present, the Cathaoirleach and others agus múinteoirí i mo chlann féin, I thought they were much better at Irish than they are in reality. There is a big job to be done in this regard. However, we have an opportunity in the economic recession to seek our identity and decide what we stand for. Irish is one of the most beautiful languages but second class. In honour of the leaders of 1916, our political leaders should stand up and say the people want to return to speaking Irish.

I started thinking about this issue in the past few months. There was an elitist attitude among people who were líofa in the language and there was a feeling that if someone was not 100% perfect, they should not speak Irish. I would like us to be able to speak as Béarla agus as Gaeilge during the day. We should do so in a simple way in order that we enjoy the pleasure of it.

Tá sé soiléir nach aontaíonn an choiste le moltaí an bord snip nua maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht. It is clear that this committee is united in resisting any attempt to downgrade the Irish language, for obvious reasons. This committee would take a similar view of any downgrading of the place of the arts within our culture. As many members have said, we need to look deeply at the Irish langauge, which is part of what we are, rather than merely looking at figures and facts and taking a scissors to them. The language, like the arts, is part of our rich culture. The arts will be a matter for another day. This committee will fight any diminution of our language and the arts in every possible way. Tá go leor ama caite ag an choiste ar an ábhar seo. Is féidir níos mó a rá. Tabharfaidh mé seans don toscaireacht focal scoir a rá. Tá sé ag éirí déanach. Beidh mé an-bhuíoch más féidir leis na bhfinnéithe críochnú laistigh de deich nóiméad. Beidh deis ag an choiste na pointí go léir atá ardaithe inniu a phlé leis an Aire, an Teachta Ó Cuív, nuair a mbuailfimid leis i mí na Samhna.

Mr. Pádraig Mac Fhearghusa

Déanfaidh mé iarracht freagra a thabhairt laistigh de cúig noméad. Is féidir le Mr. de Spáinn teacht isteach, más gá. Táimid an-bhuíoch leis an choiste. Is iontach an rud é an malartú smaointe seo. Ba chóir dúinn é a dhéanamh níos minicí. Táimid go léir páirteach san obair chéanna. Tá Chonradh na Gaeilge ag iarraidh an pobal a spreagadh go háitiúil. Tá Baill an Oireachtais tábhachtach os rud é gurb iad na cinnirí.

Dúirt an Teachta O'Shea gur cheart don phobal úinéireacht a bheith acu ar chúrsaí Gaeilge. Tá níos mó ná 93% don phobal i bhfábhar na Gaeilge — ba mhaith leo go neartófaí í agus go mbeadh an Ghaeilge acu, srl. Ní leor é sin, áfach. Dar linn, caithfidh ár gceannairí pholaitiúla ceannaireacht a léiriú chomh maith. Is iontach an rud é, dá réir sin, go bhfuilfimid istigh anseo ag caint mar seo. Tá go leor teangacha bochta ar an saol seo nach bhfuil an deis acu bheith rannpháirteach i gcúrsaí stáit, mar atá an Ghaeilge in Éirinn.

Tuigim an phointe a rinneadh ó thaobh Foinse de. Cé nach bhfuil mé anseo thar ceann Foras na Gaeilge, tuigim gur chóir go mbeidh nuachtán Gaeilge ar ais i mí na Samhna. Is dóigh liom go bhfuil ceithre ghrúpa istigh ar faoi láthair. Is maith liom a chlos go bhfuil an choiste buartha faoin ábhar sin, mar atáimid.

Cé nach eolaí mé ar an dlí maidir le comharthaí bóithre, cheap mé go gcaitheadh "directional signs" a bheith as Gaeilge freisin.

Rinne an Teachta O'Shea pointe tábhachtach mar gheall ar Roinn an Taoisigh. Níl sé mar pháirt de ról Conradh na Gaeilge rá leis an Rialtas cad iad na Ranna is cóir a bheith ann, nó conas iad a ghearradh suas. Ní bheadh aon rud, i bprionsabal, i gcoinne go mbeadh an phlean 20 bliain á reachtáil as Roinn an Taoisigh. Sa deireadh thiar thall, tá sé tábhachtach go mbeadh Aire Stáit, ar a laghad, i Roinn an Taoisigh a d'fhéadfadh suí ag bord an Rialtais agus cás na Gaeilge a chur. Ní hé ár gnó a bheith ag rá leis an Rialtas conas a gcuid gnóthaí a reachtáil. Tuigimid conas mar atá cúrsaí eacnamaíochta faoi láthair.

Luadh pleananna chontae. Dar leis an chonradh, tá sé tábhachtach go mbeadh plean chontae as Gaeilge, mar baineann sé leis na bailte móra agus beaga go léir ar fud an chontae. Bíonn suim ag daoine ina n-áiteanna féin. Déarfainn nach bhfuil ar deireadh i gceist ach an costas breise ar an rud a aistriú. Beifear á chur i cló, pé scéal é, ar pháipéar breá daite — crann eile imithe, mar a déarfá. B'fhéidir go mbeadh sé níos fearr níos mó a chur ar an idirlíon, srl. Is gá go mbeadh rudaí áirithe á n-aistriú, ar mhaithe le stádas na teanga agus ar mhaithe le foclaíocht agus téarmaíocht, chun go mbeadh an Ghaeilge arís in ann do chúrsaí Stáit.

Táimid beagáinín buartha faoin Státseirbhís, go mórmhór an Roinn Airgeadais. Is dóigh linn gur cheart go gcuirfeadh ár bpolaiteoirí smacht ar an Státseirbhís agus féachaint chuige go gcuireann an "buan-Rialtas" polasaithe i bhfeidhm, go háirithe ó thaobh na Gaeilge de.

Ó thaobh cuid de na rudaí a dúradh mar gheall ar chultúr na tíre, ba mhaith linn go bhféachfaí ar an Ghaeilge mar acmhainn, nó resource, daonna. Is acmhainn cognaíoch, nó cognitive, í an Ghaeilge. Tá sé go maith don duine go mbeadh an dara teanga go líofa aige nó aici. Tá teanga idirnáisiúnta an domhain ar eolas againn. Is féidir linn trádáil ar fud an domhain. Ba chóir dúinn ár dteanga féin a chothú. Is "human capital" í an Ghaeilge ó thaobh cultúr de agus, ar deireadh, ó thaobh na heacnamaíochta de.

Tá sé soiléir go bhfuil daoine goilliúnach mar gheall ar logainmneacha. Ní fheicimíd cén fáth nach mbeadh logaimneacha na Gaeltachta i nGaeilge. Ag an am céanna, ní theastaíonn uainn bheith ceangailte in achrann beagáitiúil thíos i gCiarraí. Tá mé i mo chónaí sa chontae sin. Tá a fhios agam go bhfuil an-chuid daoine sa dúthaigh sin, nach raibh aon vóta acu, an-míshásta le muintir an Daingean mar gheall ar a tharla. B'fhéidir go raibh deighilt áirithe idir an baile agus an tuath. B'fhearr liom díriú isteach ar na mór-ceisteanna, seachas rudaí beaga áitiúla agus ceangailte.

Ba mhaith liom eolas a thabhairt don choiste atá beagáinín as dáta. Thart ar ocht nó deich mbliana ó shin, dúradh liom as 26,000 léarscáileanna a chuir a tSuirbhéireacht Ordanáis ar fáil ó bunaíodh í, nár cuireadh ach dhá cheann ar fáil as Gaeilge. Tá fadhb le réiteach ansin. Bíonn dul chun cinn á dhéanamh. De réir mar a thuigim, tá ainmneacha Gaeilge á úsáid sa leabhar is déanaí atá foilsithe ag an AA. B'fhéidir gur féidir le Mr. Ó Laighin mé a cheartú ansin. Tá tionchar ag polasaithe an Rialtais ar a bhfuil á dhéanamh ag daoine san earnáil phríobháideach, fiú amháin sna Sé Chontae. Téann tonnta beaga an Dheiscirt ó Thuaidh.

Tá go leor clúdaithe agam. Tá súil agam nár fhág mé aon rud tromchúiseach ar lár. Táimid an-sásta go bhfuil an choiste chomh tógtha lenár moltaí faoi chomharthaíocht bhóthar. Is rud é gur féidir dul chun cinn a dhéanamh ina thaobh gan airgead a chur amú. Tuigimid go léir gur rud mhaith é go raibh tuairisc McCarthy ann. Caithfimid go léir machnamh a dhéanamh ar conas atá córas iomlán na tíre á riaradh againn. Ní droch-rud é sin. Níl aon rud ag Conradh na Gaeilge i gcoinne an tUasal McCarthy é fhéin. Táimid níos neirbhísí faoin chomhairle a thóg sé ó daoine áirithe sa Státseirbhís. Thar ceann Conradh na Gaeilge, gabhaim buíochas leis an choiste arís as ucht an deis seo a thabhairt dúinn.

Mr. Julian de Spáinn

Geallaim don Teachta Connick nach bhfuil sé ró-dhéanach tabhairt faoi seo. Ní bhíonn sé riamh ró-dhéanach. Dá mbeadh tús curtha leis an phlean seo ar maidin, bheadh an-thoradh le feiceáil i gceann 20 bliain. Is cinnte go bhfuil cláracha áirithe ag dul ar aghaidh faoi láthair. Má thosnaímid anois, feicfimid an difríocht de réir a chéile.

Iarradh orainn cá bhfuilfimid ag dul leis an bhfeachtas seo. Labhraíomar leis an an Aire, an Teachta Cullen, nuair a bhí sé mar Aire Iompair. Níor shíl oifigigh na Roinne go raibh aon fhadhb i gceist. Bhí na hoifigh thar a bheith cúngaigeanta faoin rud ar fad. Thosnaíomar ag cur brú go mbainfeadh na comharthaí bóithre leis na rialacháin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá na rialacháin sin i bhfeidhm anois, ach níl na comharthaí bóithre mar cuid dóibh. Is é sin an fáth go bhfuilimid ar ais anseo. Nuair a labhraíomar leis an choiste seo ag an am, rinneadh trácht ar an Aire Iompair a thabhairt os bhur gcomhair chun an ábhar a phlé. B'fhéidir go ndéanfaí an moladh sin arís sa dtodhchaí. Beidh Garrett Reil in ann cabhrú leis an díospóireacht sin freisin agus sin rud praiticiúil gur féidir a dhéanamh sa todhchaí.

Ó thaobh imníochtaí maidir le múineadh na Gaeilge de, tá muid ag féachaint ar mhúineadh na Gaeilge go ginearálta chomh maith. Is féidir ceist a chur lá éigin eile a bheimid in ann a phlé ach ar bhonn praiticiúil ba cheart go mbeadh níos mó de thréimhse ann d'ábhair oidí sa Ghaeltacht, go mbeadh mic léinn ag foghlaim sa Ghaeltacht conas an Ghaeilge a mhúineadh fríd an Ghaeilge. Bheadh níos mó cabhair ar fáil go mbeidís in ann dul ar ais chuig na scoileanna agus cleachtadh déanta fríd an Ghaeilge. Rud eile praiticiúil is ea cumarsáid idir na páistí go mbeidís ag baint úsáide as an Ghaeilge freisin. Tá cuid de na rudaí sin ar siúl againn cheana fein.

Ní dhearna muid mórán plé maidir le cóid phoist. Tá sé fíor-thábhachtach nach ndéanfaimid botún ag an bpointe seo nuair a bheidh an deis againn á ndéanamh i gceart. Beidh seo mar chuid den phlé atá le teacht ar an straitéis 20 bliain ach níl aon fáth nach bhféadfaimis leanúint ar aghaidh leis na comharthaí bóithre ach go háirithe agus tús a chur leis an bpróiseas go ndéanfar é.

I dtaca le stádas, agus sinn ag caint faoi pháistí ag foghlaim na Gaeilge sna scoileanna, nuair a thiocfaidh siad amach as na scoileanna agus nuair a fheicfidh siad na comharthaí timpeall orthu, feicfidh siad go bhfuil an Béarla go mór agus an Ghaeilge go beag. Is cinnte nach gcuirfidh siad an tábhacht céanna leis an Ghaeilge de thairbhe sin. Is rud praiticiúil don phobal gur féidir linn a bhaint amach agus gur fiú tabhairt faoi.

Beimid ag bualadh leis an Aire agus beidh seans againn na pointí go léir a phlé leis. Ba chruinniú tábhachtach é seo, bhí a lán rudaí ann agus tabharfaimid aird ar na pointí agus sinn ag plé an ábhair seo. I thank the witnesses again for a fantastic presentation. This was a very special meeting.

An féidir linn rún a dhéanamh go mbeidh an tAire Iompair istigh anseo sa todhchaí chun an t-ábhar seo a phlé?

Beidh seans againn ag an chéad chruinniú eile. Is ceart dúinn scríobh chuig an Aire Iompair maidir leis seo. Beidh seans againn an cheist seo a phlé leis an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta fosta.

The joint committee adjourned at 6.35 p.m. sine die.
Barr
Roinn