Cur i bhFeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: Plé leis an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire. Táimid anseo chun cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a phlé. Táimid ag súil freisin go mbeidh an straitéis fiche bliain don Ghaeilge os ár gcomhair chomh luath agus is féidir. Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh na daoine eile atá anseo.

Ba mhaith liom tréaslú leis an gCathaoirleach as ucht bheith ceapaithe mar Chathaoirleach ar an gcoiste seo. Tá mé cinnte go ndéanfaidh sé jab iontach de sin. Mar adúirt an Cathaoirleach, le cúnamh Dé beidh muid ar ais go fíor luath le plé a dhéanamh ar an straitéis fiche bliain don Ghaeilge. Ar ndóigh, ní shin ábhar an phlé inniu, ach tá súil agam go mbeidh deis an straitéis a phlé ag an gcoiste seo. Mar is eol don choiste, tá i gceist ag an Rialtas an straitéis a fhoilsiú go luath agus seans a thabhairt do bhaill an choiste í a phlé más sin a roghnaíonn siad a dhéanamh.

Is cúis áthais dom an deis seo a bheith agam labhairt libh inniu. Tuigim go bhfuil spéis ar leith ag an gcoiste i bhfeidhmiú an Acht Teanga agus éisteoidh me go cúramach le bhur dtuairimí. Ba mhaith liom anois cúpla focal a rá mar gheall ar chúlra an Achta mar is fiú a thabhairt chun cuimhne cén fáth a raibh gá leis an Acht a thabhairt isteach agus cad iad na spriocanna atá aige.

Forálann Alt 8 de Bhunreacht na hÉireann: "Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í". Go bunúsach, chinn an Chúirt Uachtarach in Ó Beolain go raibh de cheart ag an saoránach gach gnó a dhéanamh le comhlachtaí poiblí trí mheán na Gaeilge. Chinn an Chúirt chomh maith go bhfuil dualgas ar an Stát an teanga a chur chun cinn. Is fiú ár n-aird a dhíriú ar an méid a dúirt an Breitheamh Hardiman sa bhreithiúnas seo.

On a point of order, is the translation service working?

I have distributed an English version of my contribution. An bhfuil fadhb leis an gcóras aistriúcháin? Má theastaíonn uaibh, leanfaidh mé ar aghaidh i mBéarla, mar ní theastaíonn uaim go mbeadh éinne faoi mhíbhuntáiste anseo. I will continue in English because it is very important that those who do not have a grasp of Irish are not placed at a disadvantage. It is like being in the European Parliament — if there is a translation service, nobody is at a disadvantage.

As I was saying, Article 8 of the Constitution provides that, "The Irish language as the national language is the first official language". In essence, the Supreme Court found in the Ó Beoláin case that the citizen had the right to conduct all business with public bodies in Irish.

Tá an córas aistriúcháin ag obair anois.

Tá sé ceart go mbreathnódh muid ar céard a dúirt an Breitheamh Hardiman sa bhreithiúnas seo:

Leagann an Stát nua-aimseartha iliomad dualgas trom ar shaoránaigh i dtaca le gnéithe éagsúla den saol ó ghéilliúlacht i gcúrsaí cánach go dlí pleanála. Dualgais thuirsiúla a ghlacann am agus atá costasach a chomhlíonadh cuid mhór de na dualgais seo, ach is cuí é a bheith riachtanach iad a chomhlíonadh. Mar an gcéanna caithfidh an Stát féin a dhualgais a chomhlíonadh, go háirithe iad siúd atá cumhdaithe sa Bhunreacht agus ná cloistear an Stát ag gearán ach chomh beag leis an saoránach aonair gur dualgais thuirsiúla, throma iad sin. Go háirithe, ná cloistear an Stát ag gearán gur de bharr nár chomhlíon sé a dhualgais le scór bliain anuas is breis, atá deacracht níos mó aige na dualgais sin a chomhlíonadh anois.

Déanadh an tAcht a dhréachtú mar léiriú ar staid bhunreachtúil na Gaeilge agus go háirithe an fheidhmiú agus an léirmhíniú ar an stádas sin a rinne an Chúirt Uachtarach i 2001 i gcás Ó Beoláin. Mar atá ráite agam go minic, is é an tAcht an chéad phíosa reachtaíochta ina leagtar síos próiseas pleanála reachtúil chun a chinntiú go gcuirfear seirbhísí poiblí ar fáil don phobal i nGaeilge.

Ba mhaith liom anois cúpla focal a rá faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá an tAcht ina dhlí le breis agus sé bliana anois agus measaim gur fiú dúinn an méid atá bainte amach ó tháinig an tAcht ar an bhfód a thabhairt chun cuimhne. Tá gach alt den Acht i bhfeidhm ó mí lúil 2006 agus tá Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla bunaithe ó Feabhra 2004. Tá 97 céadscéim teanga a chlúdaíonn 176 comhlacht poiblí daingnithe agam agus foilsithe go dáta. Tá 23 dréacht céad scéim á n-ullmhú nó á scrúdú ag an Roinn. Sa bhreis ar sin, tá cúig dara scéim aontaithe agus tagtha i bhfeidhm agus 47 dréacht céad scéim á n-ullmhú nó á scrúdú. I measc na comhlachtaí atá clúdaithe, tá ranna rialtais, údaráis áitiúla, ollscoileanna agus coláistí tríú leibhéil agus coistí gairmoideachais.

Ar an 1 Deireadh Fómhair 2008, tar éis plé ar leith leis an gCoiste seo, rinne mé Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9) 2008. Tháinig na Rialacháin seo i bhfeidhm ar 1 Márta 2009. Táim cinnte go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis na Rialacháin seo a chinnteoidh go mbeidh an Ghaeilge i bhfad nios feiceálaí sa saol poiblí feasta. Baineann na rialacháin le húsáid na Gaeilge agus an Bhéarla i bhfógraí béil réamh-thaifeadta, ar stáiseanóireacht agus ar chomharthaíocht ag comhlachtaí poiblí.

Tá 11 Ordú Logainmneacha déanta agam go dáta, ina measc An tOrdú Logainmneacha (Ceantair Ghaeltachta) 2004. Ar iarratas uaimse, tá córas creidiúnaithe d'aistritheoirí Gaeilge forbartha ag Foras na Gaeilge. Tá an caighdeán cuí bainte amach ag 147 aistritheoir go dáta. Níl aon amhras mar sin ach go bhfuil go leor bainte amach ó 2003 i leith. An méid sin ráite, tá neart dúshláin romhainn i gcónaí.

Is iad na scéimeanna teanga croí-lár an Achta. Formhór na seirbhísí a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil, is faoi na scéimeanna a thagann siad. Tugann na scéimeanna deis do chomhlachtaí poiblí a gcuid tosaíochtaí a aithint agus a eagrú ó thaobh feabhas a chur ar a gcuid seirbhísí Gaeilge. Foráltar san Acht go bhfanfaidh gach scéim teanga i bhfeidhm ar feadh thréimhse trí bliana ón dáta a thagann sí i bhfeidhm nó go ndaingníonn an t-Aire scéim nua, cibé acu seo is déanaí. Mar sin, leanann gach scéim teanga i bhfeidhm go n-aontaítear scéim nua. Ceann de bhun-phrionsabail an Achta ná go gcuirfeadh comhlachtaí feabhas ar raon agus ar chaighdeán a gcuid seirbhísí Gaeilge thar sraith scéimeanna le go ndéantar hathnuachan orthu. Tá sé thar a bheith tábhachtach mar sin go mbeadh leanúnachas ann idir an chéad agus an dara scéim maidir leis na gealltanais a tugadh sa chéad scéim. Caithfear a dhearbhú sa scéim nua go leanfar leis na gealltanais a tugadh sa chéad scéim.

Ar ndóigh, tá a fhios againn uile faoi na deacrachtaí atá ann faoi láthair ó thaobh chúrsaí eacnamaíochta de. Glacann mo Roinn leis go gcruthaíonn na cúinsí eacnamaíochta atá ann faoi láthair go leor dúshláin do chomhlachtaí poiblí, go háirithe nuair a thógtar san áireamh an srian atá ar chomhlachtaí maidir le earcú foirne. Go deimhin, is dúshláin iad seo go gcaithfidh mo Roinn féin agus comhlachtaí a thagann faoi scáth na Roinne dul i ngleic leo. Is féidir glacadh leis go bhfuil oifigigh mo Roinne á thógáil seo san áireamh agus dréacht scéimeanna á bplé acu le comhlachtaí poiblí, idir comhlachtaí nach raibh scéim aontaithe leo cheana agus comhlachtaí atá ag déanamh athnuachan ar scéimeanna a aontaíodh i 2005 nó 2006.

Ba mhaith liom anois díriú uair amháin eile ar na costais a bhaineann leis an Acht, agus go mormhór an chostas a bhaineann le aistriú cáipéisi. Mar atá ráite cheana go minic, níl dualgas ach líon an-bheag tuairiscí a fhoilsiú i nGaeilge. Táim ag moladh le fada go ndéanfaí doiciméid ar nós tuarascálacha bliantúla agus ráitis straitéiseacha a fhoilsiú ar CD nó go leictreonach ar-líne seachas mar dhoiciméad crua. Má dhéantar é seo, sábhálann an comhlacht ar chostais a bhaineann le priontáil agus seachadadh agus is féidir le héinne go bhfuil suim ar leith aige san ábhar é a phriontáil amach ar a thoil féin. Tuigtear dom gurb é seo an polasaí atá á chur i bhfeidhm ag roinnt comhlachtaí cheana féin. Go deimhin, moltar an cur chuige seo i dTreoirleabhar faoin Acht a d'eisigh Oifig an Choimisinéara Teanga chuig comhlachtaí poiblí i 2008. Ghlac an Rialtas leis an bpolasaí seo anuraidh chun costais a laghdú.

Maidir le comharthaí bóthair Gaeltachta agus an tOrdú Logainmneacha (Gaeltachta) 2005, mar is eol do dhaoine bhi sé mar sprioc ag feachtas na 1960dí go mbeadh comharthaí bóthair Gaeltachta i nGaeilge amháin. Chuir siad in aghaidh chomharthaí bóthair dátheangacha mar gur bhrath muintir na Gaeltachta gurb é an t-ainm Gaeilge an t-ainm ceart. Chuir siad in aghaidh leaganacha Béarla de logainmneacha a bheith "á bhrú anuas orthu" ag "lucht maorlathais." Ní mórán céille a bhain le comharthaí bóthair ag taispeáint rud amháin in áit amháin agus rud eile in áit eile, mar a tharla de bharr an fheachtais. Má tá siad intuigthe don chuairteoir in áit amháin sa Ghaeltacht, cheapfá go mbeadh siad intuigthe don chuairteoir céanna taobh amuigh den Ghaeltacht. Nuair a bhi muid ag dréachtú an Achta ag an am smaoinigh mé ar chomharthaí bothair dátheangacha a chur in áit le dá leagan na logainmneacha ann taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, ach thuig mé go mbeadh raic mór sa Ghaeltacht dá ndéanfaí sin mar a bhí san am atá caite.

Tá tuairimí an-oscailte agam ar an gceist seo. Ba mhaith liom tuairimí na mball faoi cén chaoi gur féidir freastal ar éileamh an phobail Ghaeltachta go mbeadh comharthaí i nGaeilge amháin ann agus éileamh roinnt pobail anseo agus ansiúd go mbeadh comharthaí dátheangacha ann. Beidh mé ag éisteacht lena bhfuil á rá agaibh faoin ábhar. Beidh mé ag tnúth le tuairimí na gcomhaltaí a chloisteáil agus le haon cheisteanna uathu a fhreagairt feadh mo chumais.

Go raibh maith agat a Aire. Mar is eol don Aire, bhí díospóireacht againn anseo le Conradh na Gaeilge faoi comharthaí a bheith soiléir. Níl Conradh na Gaeilge sásta mar gheall ar comharthaí bóthair ar fud na tíre, ní hamháin sa Ghaeltacht. Scríobh muid litir chuig an Aire Iompair, An Teachta Noel Dempsey, faoi sin. An bhfuil tuairim ag an Aire seo ar sin? Tá ceist eile agam faoi dhoiciméid a aistriú. An tuairim atá agam ná ní gá aistriúchán a dhéanamh ach ar dhoiciméid a bhfuil spéis ag daoine iontu.

Ba cheart béim a chur ar úsáid agus labhairt na teanga agus tá sár obair á dhéanamh ag gaelscoileanna, TG4, Raidió na Gaeltachta agus Raidió na Life maidir le sin. I mo thuairim, sin an áit inar ceart an t-airgead a chur. Bíonn daoine óga ag caint as Gaeilge faoi spórt, popcheol agus faoi chúrsaí sóisialta agus idirnáisiúnta. Mar sin, sin an slí is fearr leis an airgead a úsáid.

I apologise for the absence of Deputy McGinley. He will be here shortly; he had to meet a group from a school in his constituency.

There are three issues I wish to raise, the first of which relates to the translation of documents. We need a directive from the Minister on their translation and the cost of reports. The cost is not just an issue with regard to translation, it also applies to producing reports in English. It costs the State and taxpayers a small fortune to produce reports in Irish and English, when there is no need for such reports to be published. The Department needs to issue a clear directive in this regard. I note that the Minister said he had done this already. It needed to be done. The production of reports in Irish and English costs too much. Their translation into Irish adds even further costs.

I am glad to hear the Minister has an open mind on the issue of road signage. I was very impressed by the report we received on the issue at a previous meeting of the committee — it was on road signage both inside and outside the Gaeltacht. I would not have a problem if the Irish version of a name was in bigger print than the English version, even outside the Gaeltacht, provided both versions were carried on the signs. Even in the Gaeltacht, I would like to see dual language signs. The Minister has travelled throughout his constituency, as I have travelled throughout mine, and he is aware that each time the county council erects or cleans and re-erects signs in Irish, somebody comes along and paints over it with the English version. That is not good for the country or the Irish language. I have seen this happen in every part of my county. The Irish version of a placename is blackened and the English version is painted on the signs. This is not good and gives a bad impression to visitors. I hope we can find some compromise in this regard. I have no problem, even if people want the Irish language version of a placename to take up three quarters of the available space, as long as the English version is carried on the sign, whether it is inside or outside the Gaeltacht. I hope the Minister will take a look at this issue and I would like to hear his response. I am glad to note he is prepared to give some attention to the matter.

On the matter of the Official Languages Act, does the Minister envisage problems he has not raised today? Would he like to see a discussion on any other issue? Does he think the Act is working or are there problems we have not discussed?

I dtosach, is cosúil go bhfuil sé de chead agam fáilte a chur roimh athfhoilsiú Foinse, an nuachtán seachtainiúil. Is dea-scéala iontach é sin, go mórmhór os rud é go bhfuil sé á scaipeadh leis an Irish Independent gach Céadaoin. Bhí seans agam stracfhéachaint a thabhairt ar an bpáipéar ar maidin agus tá sé an-slachtmhar go deo. Molaim an tAire, an bord stiúrtha agus an t-eagarthóir, mar níl aon amhras faoi ná go mbeidh fáilte an-mhór roimhe ag éinne go bhfuil suim acu sa Ghaeilge. Baineann seo leis an díospóireacht atá ar siúl againn anseo. Más rud é go dteastaíonn uainn a bheith suas chun dáta le téarmaíocht nua-aimseartha, níl slí níos fearr chun é sin a dhéanamh ná páipéar den saghas sin a bheith ar fáil againn. Tá an-áthas orm go bhfuil an dea-scéala sin againn inniu.

Ba mhaith liom tréaslú leis an Aire agus an Roinn faoin dul chun cinn atá déanta leis an Acht go dtí seo. Tá sé dochreidte go bhfuil sé bliana imithe ó tháinig sé ar an saol. Tá an-dul chun cinn déanta. Táim lán chinnte de, dá mba rud é go raibh Acht mar seo ann sna seascaidí agus na seachtóidí nach mbeadh an pobal i gcoitinne ag an am chomh mór ina bhfabhar. Ach anois, tá an pobal an-fhabharach go deo go bhfuil rud dearfach agus cinnte déanta maidir leis an nGaeilge. Tá súil agam chomh maith go mbeimíd sásta bheith misniúil.

Maidir leis na comharthaí bóthair sa Ghaeltacht, is cuimhin liom, ag féachaint siar ar na seascaidí agus na seachtóidí, nuair a bhí Béarla agus Gaeilge ar na comharthaí sa Ghaeltacht go raibh feachtas an-mhór ann chun deireadh a chur leis sin ag muintir na Gaeltachta. Caithfidh muid a bheith an-chúramach ar fad agus ár gcluasa a choinneáil leis an talamh le muintir na Gaeltachta chun a fháil amach go díreach cad atá ag teastáil uathu. Is iadsan dáiríre a sheas leis an nGaeilge agus a sheas an fód nuair a bhí géarghá leis sin.

Maidir le cáipéisí, dá mba rud é nach raibh an Acht riamh againn, ní gá ach féachaint ar an mbreith a thug an Chúirt Uachtarach le feiscint go mbeadh i bhfad níos mó oibre le foilsiú. Is cuimhin liom gur pléadh sin sa Seanad blianta ó shin nuair a thug an Breitheamh Hardiman an bhreith ag an am. Tá dualgas orainn mar Stát, cáipéisí áirithe a chur ar fáil. Chomh maith le sin, más mian le héinne cúis dlí a chosaint nó a chur chun cinn trí Ghaeilge, caithfimid a bheith cinnte go bhfuil an t-ábhar iomlán atá ag teastáil ó lucht na Gaeilge ar fáil. Ní ceist chostais amháin atá anseo. Tá ceart daonna i gceist freisin. Níor mhaith liom dul siar go dtí an t-am nuair nach raibh duine in ann dul isteach sa chúirt agus cás a phlé i Gaeilge.

Maidir leis na cáipéisí atá le haistriú, nílimid ach ag caint faoi thuarascálacha bliantúla, cuntais agus rudaí den sórt sin. Tá an freagra ceart ag an Aire, agus is é sin an dlúth dhiosca a chur ar fáil. An fhad agus atá teacht ar an ábhar, is cuma cén chaoi ina bhfuil an teacht sin air. Ach, tá sé tábhachtach go mbeadh sé ann mar mura mbeadh, ní bheadh sin cothrom do dhaoine atá ag iarraidh a saol iomlán a chaitheamh trí Ghaeilge. Tá súil agam go mbeidh an tAire sásta féachaint ar sin.

Tá cúpla ceist eile agam. San Acht, tá ar an 600 eagraíochtaí atá luaite ann seirbhís dhátheangach a chur ar fáil. An bhfuil an ceart agam go gcaithfidh siad tuarascáil a chur ar fáil freisin don Oireachtas le taispeáint cén dul chun cinn atá déanta faoi sin? An bhfuil sin san Acht? Thuig mise go raibh sé ann agus go mbeadh seans ag an Oireachtas féachaint ar na tuarascálacha sin. Muna bhfuil sin san Acht, b'fhéidir go mbeidh seans ann go spreagfaidh an tAire iad chun sin a dhéanamh. Bheadh sé an-cabhrach dúinn dá mbeadh a fhios againn conas tá ag éirí leis na húdaráis áitiúla, na Rannaí Stáit agus mar sin de. Go dtí go mbeidh tuarascálacha mar sin ag teacht isteach chugainn, beidh sé an-deacair ar fad an dul chun cinn a mheas.

Maidir leis an Coimisinéir Teanga, an féidir leis an Aire a rá cé chomh gnóthach agus atá sé maidir le cúrsaí? De réir mar a thuigim, tá an-jab á dhéanamh aige agus molaim é as sin. Bheadh sé go deas dá mbeadh figiúirí de shaghas éigin againn le taispeáint cad iad na gearáin a bhí ag dul isteach chuige agus cad a bhí ar a chumas a dhéanamh chun tabhairt faoi na gearáin sin. Braitheann a lán ar an gcoimisinéir agus ar oifig an choimisinéara. Tá súil agam go bhfuil sé sin ag feidhmiú go maith.

Ba mhaith liom leithscéal a ghabháil nach raibh mé in ann a bheith anseo nuair a bhí an tAire ag déanamh a chuid cainte. Sílim go bhfuil an méid a bhí le rá aige sa cháipéis a chuir sé os ár gcomhair?

Fáiltím roimh an deis seo inniu seans a bheith againn Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a phlé. Tá sé ag feidhmiú go hiomlán ón bhliain 2006, sin breis agus trí bliana. Is dóigh go bhfuil sé tráthúil gur féidir linn féachaint agus dearcadh ar conas mar atá an tAcht ag feidhmiú. Sílim go raibh géarghá le Acht den chineál seo ar chuir muid go léir fáilte roimhe nuair a bhí sé sa Dáil. Tá mé cinnte gur cuireadh an fáilte céanna roimhe sa Seanad. Bhí tacaíocht agus cuidiú le fáil ag an Aire nuair a bhí an tAcht ag dul tríd an Oireachtas ó ghach dream, taobh agus páirtí. Is rud maith é go raibh an méid aontachta sin againn chomh fada agus a bhaineann sé le gné dár gcultúr atá chomh tábhachtach leis an teanga féin. Níl a fhios agam an bhfuil gné eile dár bhféiniúlacht níos tábhachtaí ná an teanga a bhí ag ár sinsir a chuaigh romhainn agus atá againne leis agus súil againn é a thabhairt do na glúnta atá le teacht. Is fíor go bhfuil seasamh bunreachtúil ag an teanga i gcónaí. De réir an Bhunreachta, is í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil. Is rud amháin í an seasamh bunreachtúil, ach sílim go gcuireann sé dlús le seasamh na teanga nuair atá seasamh reachtúil ag an teanga chomh maith. Sílim gur éirigh leis an Acht é sin a dhéanamh.

Tuigim go bhfuil go leor daoine chun labhairt, ach ba mhaith liom cúpla pointe a dhéanamh maidir leis na comharthaí bóthair. Mar a dúirt an Seanadóir Ó Murchú, tá na comharthaí ina ábhar conspóide ag dul siar na blianta. De réir riail a bhí ann san 1970í, nuair a bhí Bobby Molloy ina Aire, bhí na comharthaí bóthair sa Ghaeltacht i nGaeilge amháin. Bhí na comharthaí bóthair taobh amuigh den Ghaeltacht dhátheangach. Níl a fhios agam an bhfuil an riail chéanna ann go fóill. An bhfuil athrú ar bith ar an pholásaí sin ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 isteach? Léim sna páipéirí go minic gur mhaith le daoine go mbeadh chomharthaí dhátheangacha sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Mar aon leis an Aire, tá intinn oscailte agam ar an ábhar. Is fiú é a phlé agus smaoineamh a dhéanamh air sula ndeántar aon mhór-athrú.

Rinne an t-Aire tagairt do na logainmneacha. Aontaím go mór go gcaithfimid a bheith iontach cúramach fúthu. Tuigim go bhfuil 11 ordaithe déanta ag an Aire. Cúpla bliain ó shin, i mo dháilcheantar féin, tháinig genius de chineál éigin isteach chun an ainm "Móin Séarlais" a úsáid mar logainm in ionad an sean-ainm Ghaelach "Tamhnach an tSalainn". Fuaireamar geallúint ón Aire ag an am sin go rachfaimid ar ais go dtí an sean-ainm logánta, Tamhnach an tSalainn, a théann siar na cianta. Ní shílim gur cuireadh i bhfeidhm é go fóill.

B'fhéidir go bhfuil sé curtha i bhfeidhm ag an Aire, ach níl sé curtha i bhfeidhm ag an rialtas áitiúl í, nó cibé duine atá freagrach as na comharthaí bóthair a chur suas.

Nuair a tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 isteach agus nuair a dhearbhaigh an t-Aontas Eorpach an Ghaeilge mar theanga oifigiúil, tharla sé go raibh géar-ghá le haistritheoirí agus obair le déanamh acu. Mar a dúirt mé leis an Aire inné, nuair a bhí an Bille is tábhachtaí le blianta fada — an Bille fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 2009 — ag dul tríd an Oireachtas an tseachtain seo caite, ní raibh leagan Gaeilge ar fáil. De réir Acht 2003 agus an Bhunreacht, ba chóir go mbeadh dhá leagan — leagan Gaeilge agus leagan Béarla — de gach Bille ar fáil sula síníonn an tUachtarán é. Bhí ar an Aire Airgeadais leasú a thabhairt isteach chun eisceacht a dhéanamh den Bhille sin. Tá sé á shíniú anois gan leagan Gaeilge a bheith curtha ar fáil. Léiríonn sé sin an gá atá ann le aistritheoirí a bheith ar fáil chun an t-seirbhís bunreachtúil seo a sholáthar. Ní cheart dúinn leasuithe a thabhairt isteach muna féidir linn riachtanas bunreachtúil a chomhlíonadh. Má táimid ag éileamh go ndéanfaí na rudaí seo ag leibhéal na hEorpa, cén fáth nach féidir linn é a dhéanamh ag leibheál an Oireachtais? Caithfear é sin a fheabhsú. Ní chóir go mbeadh sé mar nós as seo amach go dtógfaí isteach leasú ar Acht muna bhfuil leagan Gaeilge ar fáil.

Caithfidh mé a rá nach bhfuil lá sa t-seachtain nach bhfuil cáipéisí agus tuairiscí le fáil ós na heagraíochtaí éagsúla Níl a fhios agam an léitear aon ceann acu. Más fiú tuairisc a chur ar fáil i mBéarla, cén fáth nárbh fhiú í a chur ar fáil sa phríomhtheanga oifigiúil? Níl mé ag iarraidh go mbeidís ar fáil mar leabhair, a thagann isteach agus a théann sa chiseán, b'fhéidir. Ar a laghad, ba chóir go mbeidís ar fáil ar an idirlíon. Má táimid ag iarraidh cóipe Gaeilge a lorg, ba cheart go mbeimis in ann é sin a dhéanamh. Tá dhá theanga á úsáid sa tír seo. Má tá tuairisc ar an idirlíon i mBéarla, ba chóir go mbeadh sí ar an idirlíon i nGaeilge. Ní chóir go mbeadh costais breise i gceist. Nuair a bhí mé ag obair mar mhúinteoir, sular tháinig mé isteach anseo, bhí gach cáipéis a tháinig amach ón Roinn Oideachais agus na Ranna eile i nGaeilge agus i mBéarla. An bhfuil sé ar chumas na 15 Ranna Stáit éagsúla na cáipéisí seo a chur amach sa dá theanga? Tá rud éigin mícheart muna bhfuil. Cén fáth go gcaithfimid an obair seo a chur amach? Ba chóir go mbeadh an cumas seo ag gach Roinn agus an Státseirbhís ina iomláine. Cén mhaitheas atá in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 nuair atá laige mar seo sa Státchóras é féin?

Níl mé ag iarraidh óráide a dhéanamh anseo. Tá a fhios agam go bhfuil daoine eile le teacht isteach. Cuirim fáilte roimh athlainseáil Foinse inniu. Tá an nuachtán an-thaitneamhach. Sílim go rachfaidh sé i bhfeidhm ar dhaoine óga. Is é an buntáiste is mó atá ag an nuachtán ná go bhfuil sé laistigh de pháipéar náisiúnta — cuirfidh sé sin go mór lena ciorclaíocht. Is mór an dul chun cinn é go bhfuil Foinse ar fáil i ngach siopa nuachtán sa tír, ó Chionn Mhálanna go Carn Uí Néid. Tá súil agam go mbeidh éileamh agus díolachán níos mó air. Os rud é nach bhfuil mórán eile le rá agam, scaoilfidh mé le cainteorí eile teacht isteach.

Tá a lán ceisteanna agus tuairimí ag comhaltaí an choiste. Tabharfaidh mé seans don Aire na ceisteanna a phlé i gceann tamaill. Cuirim fáilte roimh na hoifigigh, An tUas. Joe Hamill agus An tUas. Seán Ó Laidhinn.

Cuirim fáilte roimh an Aire. Mar a dúirt an Seanadoir Ó Murchú, is breá an nuachtán é Foinse. Is dea-scéala é go bhfuil sé ar fáil leis an Irish Independent. Mar a dúirt an t-Aire, baineann ceist an aistriúcháin leis na tuarascálacha bliantúla agus na cáipéisí eile. Is maith an rud é go bhfuil trácht á dhéanamh ar dhlúthdhioscaí agus an t-idirlíon. Tuigim go mbíonn aistriú á dhéanamh ar roinnt bheag doiciméid, seachas na doiciméid go léir. Deirtear go bhfuil an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ag smaoineamh, ar mhaithie labhairt na Gaeilge, ar níos mó marcanna a thabairt don scrúdú béil san ardteistiméireacht, nó fiú sa teastas sóisearach. Cad é tuairim an Aire faoi sin? Tuigim gur labhair sé leis na múinteoirí faoi. Tá súil agam go leanfaidh an Roinn le scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge agus le deontais na mná tí. Labhair an Aire faoi “scéimeanna éagsúla”. Ba mhaith liom go leanfaí leis an scéim atá ann faoi láthair os rud é go bhfuil an scéim go maith. Dúirt an t-Aire go bhfuil easpa airgid i gceist i ngach Roinn. Cad a mheasann sé gur féidir lena Roinn a dhéanamh chun airgead a shábháil? An bhfuil sé i gceist aige níos mó béime a chur ar rudaí cosúil leis na scéimeanna seo agus na comharthaí bóthar?

Cuirim fáilte roimh an Aire agus a hoifigigh. Mar aon leis an Aire, ceapaim go bhfuil sé de dhualgas ar an Stáit ár dteanga dúchais a chur chun cinn. Tá fadhbanna ar nós costais ag baint leis sin, áfach. Níl mé cinnte an úsáideann go leor de na daoine a labhrann an teanga na tuarascálacha bliantúla. Aontaím leis an gCathaoirleach go bhfuil sár-obair á dhéanamh sna scoileanna, go mórmhór na gaelscoileanna. Tá a lán Gaeilge á labhairt sna meánscoileanna. Molaim na múinteoirí, na tuismitheoirí agus na daltaí scoile. An bhfuil úsáid na Gaeilge ag méadú? Is the use of Irish increasing? Dúirt an t-Aire ina ráiteas go bhfuil a lán tuarascálacha bliantúla agus ráitis straitéiseacha á fhoilsiú i mBéarla agus i nGaeilge. Cé mhéad duine a úsáideann na doiciméid éagsúla, go mórmhór á fhoilsíonn na comhairlí contae? Labhair an t-Aire mar gheall ar logainmneacha. Cad é an scéal maidir le Dingle — Daingean Uí Chúis tar éis na pobalbhreithe a bhí ag muintir na háite?

On one level it was my own fault that I lost my Irish after I had studied it to honours level in the leaving certificate. De réir daonáirimh 2002, níl ach 42% de phobal na hÉireann in ann an Ghaeilge a labhairt. Ní úsáideann ach 3% den phobal an Ghaeilge mar phríomhtheanga. It is an indictment of us that, according to the 2002 census, just 3% of people use the Irish language as their main language. It is important for us to record that Mr. Justice Hardiman was right to say that as Irish was our primary language, we should be proud of it and never move away from it. The statistics I have mentioned have serious implications for the way we promote Irish and the way it is taught in schools. De réir Ráitis i Leith na Gaeilge 2006, tá sé mar pholásaí ag an Roinn na Gaeilge a choinneáil mar ábhar riachtanach ó leibhéal na bunscoile go leibhéal na hardteistiméireachta. Is dóigh liom go raibh an ceart ag cheannaire Fhine Gael, an Teachta Kenny, sa chomhthéacs sin.

I would be interested to hear the Minister's views on these matters. I thank him for attending this meeting. I appreciate that, like many Opposition members of the committee, he has a genuine passion for the language. It is a shame that the breakdown of the system and the failure of the State to put it right mean that many of us who would like to speak Irish as fluently as Deputy McGinley or an tAire are unable to do so. While we spend inordinate amounts of money publishing documents — some of which I support — we are continuing to miss the point. We do not seem to have got it right in a manner that would increase the number using Irish. I hope the Minister can give me better news in that regard.

Gabhaim buíochas leis an Aire. Níl mo chuid Ghaeilge chomh maith agus ba cheart. Tá mé ag foghlaim na teanga. Déanaim iarracht an Ghaeilge a labhairt chomh minic aguis is féidir. An bhfuil an Aire sásta le feabhas na Gaeilge ar fud na Gaeltacht agus sa chuid eile den tír?

Maidir le húsáid na logainmneacha ar chomharthaí bóthair, caithfimid tacaíocht a thabhairt dos na turasóirí a thagann go dtí na tíre seo. Tá siad tábhachtach os rud é go gcaitheann siad airgead sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre. Ba cheart dúinn an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla a húsáid ar na comharthaí. Sa chaoi chéanna, sílim gur chóir don leagan Gaeilge bheith ar chomharthaí ar fud na tíre. Is trua é go bhfuil mórán logainmneacha in úsáid gan leagan Gaeilge. Sílim gur cheart don Rialtas dlí a thabhairt isteach a chinnfeadh go mbeadh dhá ainmn ar gach comhartha. Cé go bhfuil tuairimí muintir na Gaeltachta tábhachtach, is Éirinnigh iad agus caithfidh siad maireachtáil laistigh den dlí céanna agus gach éinne eile. Tá mé ag tabhairt mo thuairimí féin. Tá meas mór agam don Ghaeilge agus do mhuintir na Gaeltachta. Ní independent republic í an Ghaeltacht. Tá jab speisialta ag an Aire chun an Ghaeltacht a chothú. Caithfidh sé na comharthaí bóthair a aistriú go dtí an dátheangachas. Níl sé ceart na focail Béarla a dhubhú amach agus an leagan Gaeilge a fhágáil ina aonar. Ní thugann sé the right impression go dtí na turasóirí.

Aontaím leis an Aire go gcaithfimid doiciméid éagsúla a aistriú agus a fhoilsiú. Níl mórán doiciméid Gaeilge de 300 leathanach i gceist. Tá ríomhphost ag gach éinne anois, nach mór. Is féidir linn cáipéisí a fhoilsiú ónár ríomhairí.

When I became Chairman of the committee recently, I made a promise not to break into English in these circumstances. Like Senator Buttimer, I have to use English from time to time. I welcome the Minister and thank members for their frankness. While I have a huge love for the Irish language, I have to admit I have probably let it slip. I do not feel good about this but it does not mean I do not have a love for the language. It comes back when I travel to western parts of my native county of Galway such as the Aran Islands and Connemara. I must have a musical ear.

A large proportion of the population want to be involved in the language. I compliment Deputy White on the hard work she is doing to improve her Irish. As Chairman, I would love to examine how we can reach out to those who want to speak Irish more and get more involved. People like me do not want to feel an elitist group has ownership of the Irish language, while another is almost afraid to make a mistake. The Minister will be aware that there is such an element. I am speaking as a former teacher. We are all at fault for letting it slip. As I tried to say as Gaeilge, a great deal of positive and tremendous work is being done by TG4, Raidió na Gaeltachta and the various gaelscoileanna, including those in my constituency of Dublin South. I am determined to deal with this issue, with my colleagues. I encourage the Minister to consider the interests of those who have a huge love for the Irish language and want to get more involved. We need to deal with this across the board. Perhaps the modern media can be used to attract younger people to the language. As Senator Ó Murchú said, the new approach being adopted in respect of Foinse is very good. These initiatives are very important. I encourage the Minister to do whatever he can do with the modern media.

I dtús báire, ba mhaith liom focal molta a rá ó thaobh an Aire de. Dúirt sé sa Teach cúpla seachtain ó shin go raibh muinín aige go mbeadh nuachtán nua Gaeilge againn roimh Nollaig. Tharla sé sin le Foinse ar maidin. Níos tábhachtaí fós, tá an nuachtán á scaipeadh i bhfad níos faide anois, os rud é go bhfuil sé iniata leis an Irish Independent. Is é sin an moladh — anois rachfaidh mé go dtí an taobh eile den bhóthar. Cuirim fáilte roimh an Aire agus oifigigh na Roinne.

Tá a fhios ag an Aire go bhfuil dabhtanna éagsúla agam ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 de. Baineann na hargóintí a dhéanann an t-Aire le cursaí reachtúla, go mórmhór. An rud is tábhachtaí, ó thaobh pé rud a dhéantar ar son chaomhnú nó forbairt na Gaeilge, ná an bhfuil níos mó daoine ag labhairt agus ag úsaid na teanga os rud é gur chuireadh an Acht in áit, nó cibé rud. Goileann sé orm nach bhfuil an straitéis 20 bliain ag teacht amach. Tá sé thar a bheith déanach anois. De réir an fhreagra a fuair mé ón Aire sa Dáil inné, ní féidir liom bheith muiníneach go bhfeicfimid an straitéis roimh an cháinaisnéis nó fiú roimh an Nollaig. Níl a fhios againn cathain go díreach a bheidh an straitéis ar fáil. Tá sé ag an gcoiste go fóill — níl sé tar éis dul os comhair an Rialtais. Níl a fhios againn cathain a bheidh sé againn. Ceapaim nach mbeidh an dul chun cinn ceart á dhéanamh go dtí go mbíonn an straitéis pléite san Oireachtas, agus go gcuirtear na moltaí éagsúla i bhfeidhm. Iarraim ar an Aire gach dícheall a dhéanamh chun an dréacht-straitéis a fhoilsiú chomh luath agus is féidir. Tá sé tábhachtach go mbeidh úinéireacht an Oireachtais, seachas úinéireacht an Rialtais amháin, i gceist.

Tá brón orm faoin ábhar seo. Tá eagla orm nach dtiocfaidh aon straitéis amach, de réir mar atá cursaí ag dul. Baineann gach ceist eile leis sin. Muna bhfuil straitéis againn, ní bheidh feachtas an Rialtais i leith na Gaeilge dírithe i gceart agus ní bheidh an tairbhe is mó á bhaint as na hacmhainní a chuirtear in áit. Dar ndóigh, ní bheidh go leor airgid againn riamh chun an jab a dhéanamh i gceart. Is é sin an fáth go deirim nárbh fhiú cáipéisí nach léann éinne a aistriú go Gaeilge. Ní dhéanann sé sin aon mhaitheas d'úsáid nó labhairt na Gaeilge. Tá mé ag iarraidh ar an Aire athbhreithnú ceart a dhéanamh ar an reachtaíocht seo ar fad.

Aontaím leis an méid a dúirt an Teachta Ó Cinnéide faoi na comharthaí bóthar. Is dóigh liom gur cheart dúinn comharthaí dátheangacha a úsáid ar fud na tíre. Má tá sé soiléir as pobalbhreith nó rud éigin eile go bhfuil formhór na ndaoine i ceantar Gaeltachta éigin i bhfábhar comharthaí Gaeilge amháin, is ceist eile é sin. Caithfimid bheith cothrom agus gach rud a scrúdú. Luaigh an Teachta Ó Cinnéide cursaí turasóireachta. Dar ndóigh, téann go leor cuairteoirí go dtí an Ghaeltacht. Is dóigh liom gur cheart dúinn gach cabhair a thabhairt chun iad a mhealladh isteach sa Ghaeltacht. Má chaitheann turasóirí airgead sa Ghaeltacht, tabharfaidh siad slí bheatha do mhuintir na Gaeltachta. Níl cursaí fostaíochta sa Ghaeltacht chomh láidir agus ba mhaith linn go mbeidís.

Mar a dúirt an coimisinéir teanga, is beag duine a théann os comhair na cúirteanna a roghnaíonn an Ghaeilge mar theanga na himeachtaí. B'fhéidir gur cheart dúinn é sin a mholadh. Níl a fhios agam i gceart. B'fhéidir nach mbriseann lucht na Gaeilge an dlí go minic. B'fhéidir nach dtéann siad i muinín na cúirte go minic. Ní dóigh liom gur cheart dúinn daoine a mhealladh chun dul os comhair na cúirte trí Ghaeilge. Má theastaíonn ó dhaoine a chuid gnó chúirte a dhéanamh trí Ghaeilge, tá an ceart sin acu. Ní dóigh liom gur chóir dúinn daoine a mhealladh chun é sin a dhéanamh.

Is í an straitéis 20 bliain an rud is mó. Chuir an t-Aire Airgeadais leasú os comhair na Dála chun a chinntiú go gcomhlíonadh an Bille fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 2009 an dlí, cé nach mbeidh sé foilsithe seachas i mBéarla amháin nuair a shíneoidh an tUachtarán é. Tuigim gur mheas an Rialtas go raibh gá práinneach le NAMA. Léiríonn an chás sin nach bhfuil go leor aistritheoirí againn. Is deacracht eile é an cosc atá ar an Rialtas daoine a earcú isteach sa Státseirbhís. Dúirt an Aire go bhfuil 147 aistritheoir atá suas chun caighdeán againn, agus go bhfuil cursaí ag dul ar aghaidh go maith sa chomhthéacs sin. Léiríonn an méid a tharla leis an mBille fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 2009 nach bhfuil go leor daoine ag obair ar aistriúchán isteach sa Ghaeilge.

Aontaím gur chualamar dea-scéala faoi Foinse le déanaí, ach b’fhéidir gurb é an t-aon dea-scéala. Tá an straitéis ag teastáil. Tuigeann éinne atá ar son na Gaeilge — a theastaíonn uaidh an Ghaeilge a athbheochan — gurb é an straitéis an rud is tábhachtaí. Níl an straitéis ag teacht. Ní dóigh liom go bhfuil aon leithscéal i gceist, seachas go bhfuil leisce ar an Rialtas an straitéis a chur i bhfeidhm. Níl an Rialtas sásta an t-airgead a bheidh ag teastáil, chun na moltaí éagsúla a chur i bhfeidhm, a sholáthar.

Ar mhaith leis an Aire na hábhair éagsúla — na comharthaí bóthair, an straitéis 20 bliain, aistriú na ndoiciméid agus ceist na teanga a chur chun cinn — a phlé anois?

Aontaím leo siúd a chuir fáilte roimh athfhoilsiú Foinse. Mar dhuine a bhí ag plé le nuachtán Gaeilge i bhfad ó shin, caithfidh mé a rá gurb é an táille an fhadhb. Is smaoineamh iontach é go mbeidh an nuachtán á scaipeadh leis an Irish Independent. Beidh go leor daoine ar fud na tíre in ann Foinse a léamh anois. Déanaim chomhghairdeas le muintir Uí Chéidigh as ucht Foinse a chur ar an saol arís. Caithfidh mé a rá gurb é an t-aon bhrón amháin atá orm nach bhfuil “Ar Son na Cúise” sa nuachtán anois. Tá an straitéis 20 bliain beagnach réidh. Tá sé i gceist againn seasamh leis an geallúint i gclár an Rialtaís go bhfoilseófar roimh dheireadh na bliana é.

Roimh dheireadh na bliana.

Roimh deireadh na bliana. Baineann an straitéis le chur chun cinn na Gaeilge go ginearálta. Tá mé chun é sin a fhágáil ar leataobh inniu. Is fearr é sin a phlé i gcomhthéacs na straitéise. Mar a dúirt baill an choiste seo, tá sé mar phlean ag an Rialtas, i gcomhthéacs na straitéise, dréacht-cháipéis a fhoilsiú. Má bhfhaighimid cuireadh ón gcoiste, pléifimid an straitéis leis an gcoiste. Éistfimid leis na baill. Ina dhiadh sin, rachfaimid ar ais uair amháin eile go dtí an Rialtas, mar a rinneamar leis na rialacháin. Déanfaimid an straitéis a dheimhniú ag an bpointe sin. Tar éis éisteacht le Baill an Oireachtais, beidh deis ag an Rialtas leasuithe a dhéanamh ar an straitéis, más gá. Tá sé i gceist againn seans a thabhairt don choiste seo inchur a dhéanamh sa straitéis sula bhfoilseófar go hoifigiúil é — sula mbeidh an leagan críochnaithe deiridh ann. Tá sé i gceist againn é a fhoilsiú mar atá sé go fíor luath. Ní rachfaimid ar fud na tíre leis. Má theastaíonn ón bpobal inchur a bheith acu, is tríd an choiste seo a dhéanfar é. Beidh mé ag brath ar chuidiú ón gcoiste le dul an bóthar sin. B'fhéidir go bhféadfadh leis an gcoiste tuairim a thabhairt go luath an mbeadh sé sásta glacadh leis an chur chuige sin.

Tá mé tar éis tamaill fhada a chaitheamh tráthnóna ag plé an Achta teanga. Tá daoine tar éis ceisteanna a chur faoi aistriú cáipéisí, faoi chomharthaí agus faoi na cúirteanna ach ba mhaith liom dul ar ais chuig tús an scéil mar a bhí sé, de réir an Bhunreachta, agus de réir Breithimh Hardiman suas go dtí lár na bliana 2003.

I was looking today at the report of the Ryan commission into abuse in residential institutions. I do not remember how long it was but previously it and every other document would potentially have had to be translated into Irish. If there was no Act, every document the State produced would potentially have to be translated into Irish and every service the State provides would have to be available in the Irish language. Hardiman was clear on that. Those who believe that the do nothing scenario was tenable after Hardiman were mistaken, that scenario would have meant duties way beyond those prescribed in the Official Languages Act.

He made it clear also in the judgment that he would have not accepted any excuse about the difficulties for the State to fulfil its obligations, or that it had not been done for 20 years. He makes clear this would not be an excuse for the State.

Therefore, when we introduced the Act, under the second part of the provision on official languages in the Constitution that provides a legislative mechanism for delimiting the use of the Act, we did not extend the rights of Irish speakers, rather, in law we curtailed them dramatically — it is important that English speakers in this country understand that — by saying that Irish is available in defined circumstances. People must understand that is the constitutional and legal position as it was outlined to me and the Government.

We all love the Irish language, that is true. To say, however, that because we love it so much that there is no need, even if there was no constitutional obligation, for laws to protect what is very much a minority language in the State, even though 93% of people have some affection for it, is equivalent to saying we would not need a disability Act to protect the rights of those with disabilities. I do not know anyone who does not have a feeling for people with disabilities. It is the same as saying that we do not need an equality Act to protect the rights of minority groups or women, even though in those cases, many people profess a great grá for them. No one feels antipathy to these groups but we prescribe for the weak, the vulnerable or those under threat. We know goodwill alone does not deliver. The Irish language is no different.

In a general sense, Senator Buttimer made a valid point. He said that he knew Irish when he left school. I knew some French leaving school and I do not blame people for "losing" their Irish, the problem has been that people lose contact with their Irish once they left school. I have, however, noticed an interesting thing in Croke Park. Before matches they will say in Irish, "Níl aon athrú ar an dá fhoireann, imreoidh siad mar a roghnaíodh iad" and there is a big cheer. It is clear because that sentence has been said in Irish so often that everyone understands it. It demonstrates what happens when something is out in public, how it is absorbed, and that when something is hidden away it will not be absorbed. One of the purposes of the Act was to say that we have a national objective for the language but we must put it out there.

When the Government or any State body puts up a public sign, with "way in" on it, it must now also put "bealach isteach" in equal size. We might not think that is teaching the words, but to many people it is a reminder of how to say "way in". If it is not there in Irish, however, they will never know. The purpose of the Act, therefore, is to put forward the simple things forward, such as stationery, so that words can be picked up. That is a valid process.

How did all the new words in English come into the language? If someone had been away for 50 years on another planet and came back, they would not understand many of the words. We absorb words because they are all around us, it does not matter what the language is. The Official Languages Act, therefore, is slowly but surely having a positive effect.

It is well known internationally that if we restrict the areas in which a language can be used, the status of the language is restricted and the language is endangered as a result. For us to say the Irish language should be the language of social intercourse would undermine its constitutional position as an official language. Dhéanfadh sin imeallú ar an teanga freisin and that would not be good.

The Act provides that specific policy proposals, not discussion documents, and annual reports and accounts are printed in Irish. That is all. I would contend that since the Act came in and people were confronted with an upfront bill for translating, people have become conscious of the cost of reports. It is hard for me to quantify this but there is evidence of that.

If we look at the average county plan, two or three people will work for two or three years on an average country plan, costing perhaps €300,000, a minimal cost for a local authority. We never worry about the €300,000, saying that if the plan was not filled with irrelevant material, it would be possible to do the English version for €150,000, but we get very excited if there are translation costs of €15,000.

Similarly, it is curious that in the past month in my office, I received a two volume report that does not have to be translated into Irish because it is not a policy proposal. I received two copies of a report on child literacy and social inclusion from the NESF and I will not read either of them. It is interesting that there is no need to translate it. If that was an Irish language document, I would take half of it and dispense with it because I would be conscious of the cost of producing it, even though the major cost relates to its preparation and not its translation.

Second, I am sure there would have been a mother and a father of an argument and scandal all over the media if one hard copy, not to mind two, had to be sent to every Deputy in the House. It is a similar case with this document. I am sure I could take one out and dispense with it if there had been no translation requirement. It is probably a bet of four or five to one that the cost of preparing first, second, third drafts of documents, can go on forever. I contend that in a very interesting way the fact that suddenly people were confronted four years ago with the translation costs made them suddenly for the first time aware of the cost of documents. On the other hand this little document is the Government statement on the Irish language and it contains all the relevant information. It is in Irish and English and it is very small. Therefore, I contend that nobody cared about the cost of documents and they still do not care when they are in English only. The English documents tend to be much more verbose than those produced in Irish.

The members of the committee are fair-minded people. I do not know how many people in the country or here in the House are going to read these discussion documents. I try reading the important documents but I can be a little intimidated, time-wise, when I have to read through something like this document when it is not of vital interest. The chances of me and most of us reading these documents ó clúdach go clúdach, are very slim. If we are worried about the cost of documentation then we should look at discussion documents published in English only and the enormous cost and, if I might say, enormous volume of most of these documents. On the other hand, the documents we translate into Irish are, in my view, the important documents of the State. They are specific policy proposals and all or part of such proposals will be in constant daily use. A county plan is used daily and annual reports are used frequently. Green Papers and White Papers are the key documents and are constantly being referred to. There is no need for hard copies of these documents. I receive more hard copy-only English documents. Thankfully I never got dual documents in hard copy and this is due to the Department's work and the Official Languages Act.

On the issue of usage, An Coimisinéir Teanga published 2,000 hard copy copies of the booklet which the committee received today. His website has had 28,000 hits. It is clear that this is what the public is doing. I suggest we all move away from publishing endless hard copies filling up rooms. I suggest the State move away from hard copy versions of English-only documents.

There is a question about why we should have to produce an annual report for 600 bodies every year. I suggest there could be biannual reporting. Nowadays most of the information in the annual reports is posted on the Internet as the year progresses. On the question of annual reports in general, once the first report and the first set of accounts are translated, the cost becomes much cheaper. Computer software is available and we are working in co-operation with Foras na Gaeilge to develop this further. Presuming the lay-out of the accounts is fairly similar each year, the English version of the current year's accounts can be highlighted where changes have occurred and there is no need to translate the rest because it has been already translated the year before. This is very effective with accounts in particular, once the initial investment is made. Annual reports often contain the same words and sentences from year to year. The use of software can allow for the cost of translation to be very cheap. It is important to address this issue in detail and I apologise for taking up so much time. I would like to see much more effort by the State, particularly in times of financial shortage — and not just related to the issue of translation — to consider the cost of documentation and deciding whether annual reports of 1,000 pages need to be produced in any language. There is a question as to whether anyone reads them. I suggest the most unread documents are the general type documents as opposed to the discussion documents and specific policy proposals which are translated. It would be totally ridiculous if one thought of the idea of having a minority language that is the first official language of the State, saying it is the official language of the State, having invested millions of euro into gaelscoileanna and then telling the children when they leave the education system that if they require a copy of an annual report from a major body or an important State document it will not be available in Irish even though we have been teaching Irish to those children for years. It would say to them that Irish is really only a school language and we do not regard it as being serious. This would do incredible damage to young people's belief in the language.

I will deal with the issue of road signage. I have listened carefully to the views expressed by members. This issue will not be resolved today. The case was made that every road sign should be bilingual. This case collapses immediately because I do not know of anybody who is suggesting that Dún Laoghaire now becomes Kingstown and Cobh becomes Queenstown. Everyone accepts that those places are named in Irish only and foreigner and native alike can find their way to them because that is how they are always spelled.

We had a great discussion with Conradh na Gaeilge about the size of motorway signs.

Road signs are an issue for the Minister for Transport, Deputy Noel Dempsey and I suggest the committee invite him to attend to discuss that issue.

We have done that.

On the Official Languages Act, all other signs that are not road signs under the law of the Act have to be of equal size. The idea of needing a microscope to read the Irish version on stationery and other signage, is gone and dead. The Irish must be at least equally prominent. We must be unique in the world where there are two official languages but the first one, the priomh-theanga — which is subtly different in meaning to an chead teanga — is the one that gets the small version every time. The Act has eliminated this and it is no harm, in my view.

On the issue of the roadside signs and the Gaeltacht issue, it is highly insulting to tell the people of Rosmuc that they also must have on the signposts both inside and outside the Gaeltacht, a version called Rosmuck. I refer to that tragic accident recently in Connemara and because of the Official Languages Act, in my view, some media reports named the place as Baile na hAbhann and Leitir Móir. People know that Lettermore is Leitir Móir. To put both on a sign would not be acceptable in the Gaeltacht. They are not English versions of the name but are instead corrupt spellings introduced in the 19th century. The idea there is a simple one-line answer to this issue is not true.

However, I recognise there was an issue in An Daingean, Dingle, Daingean Uí Chúis. I am sorry Deputy Ring is not here because I understand there might be problems in Belmullet. I would also point out, however, that if one goes to Galway, 90% of road signs within the city have been change to "An Spidéal" only and I have never heard anyone, native or tourist, say they had a difficulty with it.

In my own village, the people use the Irish version only, even when writing in English and they do not have "Cornamona" and "Corr na Móna" as seperate versions. I accept that the neighbouring village of Clonbur and An Fhairche causes problems, with people writing An Fhairche on the signposts.

One interesting issue about this is that the major problems in this regard arise in Gaeltachtaí where Irish is not the dominant language or even the language of the substantial minority. That raises the question as to whether those areas where Irish is the dominant language, for example An Spidéal siar go Carna, Gaoth Dobhair and so on, should have what we did in the Act for Gaeltachtaí turned upside down in favour of areas where Irish is not the dominant language.

For the first time I will say that the straitéis fiche bliain addresses this issue somewhat and the answer to this problem, in its generality, might lie within the straitéis where we are looking at Gaeltachts that are Gaeltachtaí but there is no Irish in them any more than there is anywhere else in the country, Gaeltachtaí that have considerably more Irish than elsewhere in the country but where it would not be the dominant language, agus Gaeltachtaí gurb í an Ghaeilge gnáth-theanga an phobail.

On An Daingean, Daingean Uí Chúis agus Dingle, my colleague the Minister for the Environment, Heritage and Local Government will propose an amendment to a planning Act to deal with that issue so I will not specifically deal with it but there is a wider issue that has been raised today and it is important that we address it.

I heard interesting points made today and I thank Deputies and Senators for being so comprehensive in their views. I would be interested if the coiste wants to look at the two issues in more depth, put a report together and submit it to me. I would be grateful for that because the more we debate an issue, the greater the consensus. No one would say that Gaeltacht names, where they are similar in Irish and English, should have an English version imposed on them on every signpost. On the other hand, I understand people do not think it is satisfactory as it is. Similarly with documentation, no one would say that people are not entitled to some documentation in Irish. The argument is which document, and I would be interested in hearing the commmittee's view on which documents.

Thug mé faoi deara agus mé ag déanamh oibre mo dháilcheantair féin. Tá sé speisiúil an ceangal idir úsáid teanga agus fáil ar an teanga go héasca a scrúdú. Má thagann daoine isteach i m'oifig dhailcheantair, labharaíonn siad Gaeilge go hiondúil mar tá Gaeilge acu mar is as Gaeltacht dóibh. Déanann siad a ngnó i gcónaí i nGaeilge, ní i mBéarla riamh. Cén fáth? Gurbh í an Ghaeilge teanga na oifige agus tuigeann siad sin. Tagann an Bearlóir isteach agus déanann sé gnó i mBéarla. Ach de bharr go bhfuil an Ghaeilge san oifig go ginearálta agus go bhfuil Gaeilge an-mhaith ag chuile bhall den fhoireann agus sin a úsáideann siad eatarthu féin, tá iomhá na Gaeilge ann agus nuair a thagann Gaeilgeoir isteach, ón nGaeltacht nó ón gcathair, is Gaeilge a úsáideann sé. Má thagann an duine céanna isteach i mo Roinn, nó chuig Údarás na Gaeltachta nó chuig TG4 nó chuig oifig an Choimisinéara Teanga, úsáidfidh sé Gaeilge.

An duine céanna, nuair a théann sé isteach sa chomhairle chontae nó chuig an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh nó chuig na cúirteanna, is Béarla a úsáideann sé. Cén fáth? Ní mar nach bhfuil Gaeilge aige ach go mbraitheann sé go mbeadh sé aisteach an Ghaeilge a úsáid sna hinstitiúdaí sin agus go gcothóidh sé deacrachtaí. Sin an rud a tharraingaíonn imeallú ar theanga agus a dhéanann a oiread dochair don teanga. Bíonn sin in intinn an phobail agus na bpáistí ag fás aníos gur rud imeallach í an Ghaeilge agus nuair atá fíor-ghnó le déanamh, nach bhfuil aon mhaith léi.

Cuireadh ceist anseo inniu cén dul chun cinn atá déanta leis an nGaeilge agus an bhfuil sé ag fás nó ag cúlú. Mo bhreithúnas ar an scéal sin, ag breithniú go mór ar a tharla in Alban agus in Éirinn le 100 bliain, ná go bhfuil éacht déanta le 100 bliain leis an teanga Gaeilge, ainneoin na fadhbanna agus dearmaid ar fad a rinneadh. Tá éacht déanta ó thaobh na teanga de le 100 bliain anuas mar ní bheadh Gaeilge ag mórán daoine istigh anseo seachas an Teachta McGinley b'fhéidir. Ní bheadh sí agam murach na hiarrachtaí a rinneadh chun an Ghaeilge a chur ar aghaidh go hoifigiúil sa Stát seo agus murach an meas a thaispeáin an Stát mar stát ar an Gaeilge ó bunaíodh an Stát, idir an Ghaeilge a chur ar aghaidh go hoifigiúil i ngnóthaí an Stáit agus i múineadh sna scoileanna.

Murach go raibh tacaíocht ón Stát ag an nGaeilge, ní bheadh ach beagán cainteoirí dúchasacha fágtha sa Ghaeltacht agus ní bheadh Gaeilge ar bith lasmuigh den Ghaeltacht. Mar atá muid i láthair na huaire, caithfimid cuimhneamh ag deireadh na 19 haoise, bhí 1% de chainteoirí Gaeilge amháin, daoine nach raibh aon Bhéarla acu, sa tír. Bhí an teanga ag aistriú thar dhá ghlúin go Béarla amháin. Mar atá cúrsaí i láthair na huaire, tá 1.4 milliún duine sa tír seo a deir go bhfuil Gaeilge acu agus tá Gaeilge de shaghas éigean ag chuile dhuine de na daoine sin. Ní bheadh sin san áireamh ar chor ar bith murach tacaíocht an Stáit. Tá 80,000 duine a deir go labharaíonn siad an Ghaeilge chuile lá den bhliain taobh amuigh den chóras oideachais, ina saoil. Tá 30,000 acu sa Ghaeltacht agus tá thart ar 50,000 taobh amuigh den Ghaeltacht. Ní bheadh b'fhéidir ach 10,000 nó 5,000 sa Ghaeltacht murach tacaíocht an Stáit. Ní bheadh duine ar bith ar éigean, mar a tharla in Alban, taobh amuigh den Ghaeltacht murach tacaíocht an Stáit.

Tá seo lárnach i gceist Acht na dTeangacha Oifigiúla agus seasamh an Stáit. Éinne a cheapann nach bhfuil an seasamh oifigiúil atá ag an teanga sa Bhunreacht, sa dlí, sna scoileanna agus san Acht teanga, ar an teilifís agus ar raidió, nach bhfuil an pacáiste iomhlán sin tar éis tionchar dearfach a imirt, ní dhearna sé scrúdú ar staid na hAlban. Bhí muid thall ag Comhairle na Breataine-na hÉireann an tseachtain seo caite agus bhí sin thar a bheith soiléir. Tuigeann muintir na Breataine Bige agus tuigeann muintir na hAlban féin é, tá Acht teanga acu féin anois, mar tuigeann siad gan an tAcht go bhfuil thiar orthu agus tá siad i bhfad níos faide siar ná sinn anois.

Ag an am céanna, ní maith liom rud ar bith a thugann údar dóibh siúd nach maith leo an teanga le rá go bhfuil diomailt ar bun. Mar sin, caithfimid i gcónaí a mhíniú nach bhfuil diomailt ar bun agus caithfimid é a sheachaint agus déanaimid sin. Caithfimid sin a dhéanamh le rudaí a dhéantar i mBéarla amháin fiú.

Mura bhfuil an Ghaeilge ann, áfach, tá sé soiléir dom chuile lá den tseachtain, go nadúrtha in imeachtaí an Stáit, fiú an dream is láidre labhartha Gaeilge, úsáidfidh siad an Béarla. Is fíric an tsaoil sin agus sin an pointe a bhí á dhéanamh ag an gCoimisinéir Teanga. Déarfainn go n-admhódh an Teachta McGinley go bhfuil chuile sheans gur i mBéarla atá gnó na cúirteanna, sa chuid is mó, i nGaoth Dobhair agus i gConamara, os rud é nach mbraitheann daoine ar a suaimhneas. Má théann na daoine ceanann céanna síos go dtí oifigí Roinn na Gaeltachta, labhróidh siad an Ghaeilge. Is é sin an íomha atá acu — an rud a cheapann siad go bhfuil na daoine eile ag súil leis. Tá siad sásta leis sin.

Bheadh spéis agam aischur a fháil ón gcoiste seo, má tá fonn ar na comhaltaí é sin a dhéanamh, bunaithe ar phlé an lae inniu agus tuilleadh staidéir ar an gceist. Creidim go bhfuil ag éirí le Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá trí cheist fós ann — ceist na gcúirteanna, ceist an aistriúcháin agus ceist na gcomharthaí. Tá súil agam go bhfuil míniú tugtha agam ar cheist na gcúirteanna. Tá an ceart ag duine cás cúirte a throid i nGaeilge. Bheadh an-spéis agam aischur a fháil ón gcoiste ar cheist an aistriúcháin agus ar cheist na gcomharthaí.

Ar son an choiste, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire agus a hoifigigh as ucht bheith linn le haghaidh na díospóireachta an-thábhachtach seo. Bhí sé an-suimiúil dúinn go léir. I welcome the Minister's decision to involve the committee in the completion of the straitéis fiche bliain. He has given us some ideas for our work programme for the year ahead. We will consider some of his suggestions such as those relating to Gaeltacht names and the documentation issue when we are working out our programme. The point I made about Conradh na Gaeilge was different from the one made about Gaeltacht names. I totally accept many of the Minister's views on the Gaeltacht names issue. Members will agree that I was talking about Conradh na Gaeilge's specific submission on the size of the writing and type of print used.

That is a matter for the Department of Transport.

We would like the Minister's support. We are supporting Conradh na Gaeilge in this regard. It is an issue for the entire Government.

The only signposts in the State on which the English language is more prominent than the Irish language are those covered by the lámhleabhar used by the Department of Transport. I accept that there are numerous such cases. As a result of the regulations we have passed, every other signpost has to give equal prominence, at least, to the Irish language. That also applies to stationery. We had a big problem in recent years when Irish language phrases, having been in the premier position, started to become smaller and smaller. That matter was also dealt with. That is two out of three. I will convey the committee's strong sentiments to my colleague, the Minister for Transport. I understand Conradh na Gaeilge suggested this should be done on a rolling basis, in other words, we should not rip down all existing signs. It will be done on a marginal cost basis. When a new sign is erected, the Irish language phrases will be of an equal size to those in the English language. I will convey this information to my colleague.

An issue was raised about the Bille fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní 2009. That is purely a matter for the Houses of the Oireachtas Commission. It is purely within the gift of Members of the Oireachtas. If there are issues in relation to the number of staff working in translation services, etc., I have no doubt the Minister for Finance, as the person who deals with the Houses of the Oireachtas on behalf of the Government, will be more than amenable to discussing and dealing with them. The Government recognises that the Houses of the Oireachtas have a constitutional responsibility to produce legislation in Irish and English. The operation of the specific provisions in this regard in the Constitution is totally and utterly a matter for the Houses of the Oireachtas Commission. The only conceivable circumstance in which the Government might get involved would be if the commission stated it was not allowed to recruit translators or did not have the money to recruit them. If such a case is being made, I suggest the commission take up the matter with the Minister for Finance forthwith. Unfortunately, I cannot help the committee further with the matter.

Go raibh maith agat.

The joint committee adjourned at 4.25 p.m sine die.