Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

JOINT COMMITTEE ON ARTS, SPORT, TOURISM, COMMUNITY, RURAL AND GAELTACHT AFFAIRS díospóireacht -
Wednesday, 20 Jan 2010

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Cur i Láthair.

Tá córam againn idir Teachtaí agus Seanadóirí. Leanfaimid ar aghaidh leis an cruinniú tábhachtach seo. Is that agreed? Agreed. Tá leithscéalta faighte againn ós na Teachtaí John Cregan, Michael P. Kitt, Olivia Mitchell agus Jack Wall. Táimid chun an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a phlé leis na hionadaithe éagsúla atá os ár gcomhair. Cuirim fáilte roimh comhaltaí an chomhchoiste, ionadaithe na heagrais agus iad siúd atá ag féachaint ar na himeachtaí seo beo ar TG4. Tá mé cinnte go bhfuil a lán le rá acu. Tá Pádraig Mac Fhearghusa, uachtarán, Julian de Spáinn, ard-rúnaí, agus Síne Nic an Ailí, anseo ó Chonradh na Gaeilge. Tá Esther Göbl Uí Nualláin, cathaoirleach, agus Feargal Ó Cuilinn, stiúrthóir, anseo ó Chomhluadar. Tá Pól Ó Gallchóir, ardstiúrthóir, agus Pádhraic Ó Ciardha, leas-ceannasaí, anseo ó TG4. Tá Liam Ó Maolmhichíl, cathaoirleach, Eoghan Mac Cormaic, leas-chathaoirleach, agus Ferdie Mac an Fhailigh, príomhfheidhmeannach, anseo ó Fhoras na Gaeilge. Tá Janet Muller, príomhfheidhmeannach, agus Pádraig Mac Fhearraigh, ball choiste, anseo ó POBAL. Tá Pádraig Mac Criostail, stiúrthóir, P.T. Mac Ruairí, agus Kevin de Barra anseo ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Faoi dheireadh, tá Donncha Ó hÉallaithe as Contae na Gaillimhe anseo mar saineolaí agus gníomhaíoch ar son na Gaeilge.

Sula dtosaímid ba mhaith liom bhur n-aird a dhíriú ar an bpointe seo, go bhfuil pribhléid iomlán ag comhaltaí an choiste, ach níl an phribhléid sin ag na finnéithe a labhrann os comhair an choiste. Caithfidh mé é sin a rá. Is seisiún an-thábhachtach den chomhchoiste é seo. Mar is eol díobh, tá taighde ar bun ag an Rialtas le tamall anois chun straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chur le chéile. D'oibrigh meitheal oibre Rialtais agus saineolaithe go dian agus d'fhoilsigh siad dréachtstraitéis i mí na Samhna 2009. Sílim go bhfuil moladh tuillte ag an Rialtas agus ag an Aire as ucht an deis seo a thabhairt don chomhchoiste an straitéis a phlé agus tuairimí a fháil ó eagrais a bhfuil baint acu leis an teanga. Is í aidhm an seisiún seo ná tuairimí a fháil ó ionadaithe pobal na Gaeilge maidir leis na rudaí atá leagtha amach sa straitéis. B'fhéidir go gcloisfimid freisin mar gheall ar rudaí nach bhfuil sa straitéis. Os rud é go mbeidh tábhacht mór ag an straitéis don Ghaeilge, is ceart agus is cóir go mbeadh deis ag an gcomhchoiste a dtuairimí a nochtú. Beimid ag éisteacht go cúramach le gach rud a deirtear linn inniu. Cé go bhfuil an straitéis go maith, tuigimid go gcaithfimid a chinntiú go gcuirfí i bhfeidhm í. Cuirfimid suim ar leith sa mhéid a bheidh le rá ag na finnéithe faoi sin.

Faoi mar atá mínithe agam, tá rialacháin áirithe ag baint le gach seisiún den chomhchoiste. Iarraim oraibh iad a chomhlíonadh. Tá an t-amchlár dian go leor. Dá bhrí sin iarraim ar comhaltaí agus cuairteoirí bheith gearr gonta ina chuid cainte. Beidh orm súil ghéar a choinneáil ar an gclog ionas go gheobhaidh gach dream cothrom na féinne agus go gcríochnóidh an seisiún seo ag 4.30 i.n. Beidh seacht nóiméad ag gach cainteoir sula rachfaimid díreach ar aghaidh go dtí an chéad chainteoir eile. Gabhaim buíochas le TG4 as ucht na himeachtaí seo a chraoladh beo agus deis a thabhairt don phobal ar fud na tíre agus an domhain an díospóireacht seo a leanúint. Is cuid tábhachtach don daonlathas é seo. Molaim TG4 as a sheirbhís phoiblí. Cuirfidh mé tús leis an seisiún. Beidh deis ag gach eagras cur i láthair gearr — seacht nóiméad — a dhéanamh. Beidh seisiún ceist agus freagra againn ina dhiaidh sin. Glaoim ar P.T. Mac Ruairí ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge chun an díospóireacht a thosú.

Mr. P.T. Mac Ruairí

Thar ceann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus thar ceann na 24 eagraíocht a thagann faoin ár scáth, mar uachtarán na comhdhála gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht an deis seo a thabhairt dúinn. Mar a dúirt an Cathaoirleach, tá ábhar an-thábhachtach le plé againn inniu. Is mian liom aitheantas a thabhairt don Rialtas agus go háirithe don Aire, an Teachta Ó Cuív, as cáipéis chomh cuimsitheach maidir le todhchaí na Gaeilge a ullmhú. Tá an cáipéis bunaithe ar na cuspóirí a leagadh amach i 2006, i ráiteas polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge. Tá sé mar aidhm ag an gcomhdháil a chinntiú go bhfuil na struchtúir Stáit le haghaidh cur chun cinn na Gaeilge ann, agus á gcur i bhfeidhm. Mar sin, fáiltímid roimh fhoilsiú dréachtstraitéis 20 bliain an Rialtais don Ghaeilge, roimh fhoilsiú anailís na gcomhairleoirí, Fiontar DCU, atá mar bhunús den dréachtstraitéis sin, agus roimh an phlé agus an díospóireacht phoiblí seo ar ábhar na straitéise.

Cuirfimid trí phríomhréimse os comhair an choiste inniu. Déanfaimid trí chomparáid agus trí chodarsnacht idir dhréachtstraitéis an Rialtais agus anailís na gcomhairleoirí. Ina dhiadh sin, díreoimid ar ról an earnál dheonach agus pobal na Gaeilge i bhfeidhmiú na straitéise. Tá sé riachtanach go mbeadh plean gníomhaíochta maidir le feidhmiú na straitéise, le spriocanna soiléire agus le hamscalaí cuí, mar dhlúthchuid den saothar. Is gá dóibh seo bheith leagtha síos ag tús an phróisis. Mhol comhairleoirí an Rialtais go dtabharfaí faoin straitéis ar bhonn céimeanna imeasctha, ach roimhe sin go mbeadh céim phleanála oibríochta bliana ann. Moladh an cur chuige sin ionas go mbeadh na heilimintí uile le feidhmiú — athbhreithniú, luacháil agus monatóireacht — socraithe sula dtosófar go hiomlán ar an straitéis. Gan an chéad chéim seo, bheadh baol láidir ann go gcuirfí blianta tosaigh na straitéise amú toisc easpa soiléireachta maidir leis na dualgaisí éagsúla a bheith roinnte i gceart.

Maidir le struchtúr ceannais na straitéise, leag na comhairleoirí amach ceithre fhéidearthacht maidir leis na struchtúir Stát a d'fhéadfadh a bheith ann d'fheidhmiú na straitéise. Ní mhór don chomhchoiste na féidearthachtaí uile sin a mheas. Moltar i ndréachtstraitéis an Rialtais go ndeanfaí "údarás na Gaeilge" as Údarás na Gaeltachta, agus an t-údarás nua a bheith freagrach as an bpleanáil teanga sna 26 contae, idir Ghaeltacht agus Ghalltacht. Chun é seo a bhaint amach, beidh gá le soiléiriú ar fheidhmeanna reatha Údarás na Gaeltachta maidir leis an bhfiontraíocht sa Ghaeltacht, rud atá fíor-riachtanach, agus soiléiriú ar an idirdhealú feidhmeanna idir údaras na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Maidir le freagracht fheidhmithe, mhonatóireachta agus mheasúnaithe ar bhonn neamhspleách na straitéise, mhol na comhairleoirí go mbeadh oifig comhordaithe clár, laistigh de Roinn an Taoisigh agus le runaí cúnta, freagrach as feidhmiú na straitéise. De réir dréachtstraitéis an Rialtais, bunofaí aonad straitéise laistigh den Roinn Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chuige seo. Is é tuairim mheáite na comhdhála ná gur chóir go mbeadh freagracht as feidhmiú na straitéise dílsithe sa leibhéal is sinsearaí den Státchóras. Ba chóir go mbeadh an t-údaras, an chumhacht agus na hacmhainní a bheidh riachtanach don chúram ag an oifig sin. Gan amhras, is gá go mbeadh meicníocht láidir, neamhspleách agus trédhearcach ann le monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú na straitéise.

Ba mhaith liom labhairt anois faoi ról an earnál dheonach agus phobal na Gaeilge i bhfeidhmiú na straitéise. Aontaímid le hanailís na gcomhairleoirí ar ról criticiúil na hearnála teanga deonaí, ina mholtar go ndeanfaí í a chumhachtú chun leanúint lena ról tábhachtach uathúil i réimsí chosaint agus chur chun cinn na teanga. Is féidir leis an Státchóras mórán a dhéanamh ach tá teorainn le héifeacht an Stáit i measc an phobail, áit ina bhfuil tábhacht agus feidhm na hearnála deonaí agus pobail le fáil. Tá neart taithí ag an earnáil dheonach sna réimsí pleanáil ceantair, pleanáil cathrach agus tionscadail éagsula. Ní mór an fhíric sin a aithint trí chomhphleanáil éifeachtach, rud a éilíonn earnáil dheonach na Gaeilge, d'fhonn a saineolas, a chur chun leas na straitéise ar mhodh a chinnteodh breis misnigh agus dóchais i measc an phobail. De réir na dréachtstraitéise, is iad údaráis de chuid an Stáit, Údaras na Gaeilge ina measc, atá luaite lena cur i bhfeidhm. Ach tá an straitéis seo pobalbhunaithe agus is ceart mar sin ról lárnach a thabhairt dóibh siúd le taithí i gcur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail.

Ta an-chuid ag brath ar chineál an choibhnis agus ar na modhanna comhoibrithe idir thaobh an Stáit agus taobh an deonachais, agus ar a sainróil chomhlántacha. D'fhonn pleanáil chomhtháite a chur chun cinn, tá gá le coiste comhordaithe faoin straitéis atá éifeachtach, neamheaglach agus neamhleithleasach. Tabharfaidh comhphleanáil cumhacht bhreise don earnáil chun torthaí inmhianaithe a bhaint amach. Más breis úsaide Gaeilge an bunchritéar, is féidir in aon cheantar ar leith leas a bhaint as cur chuige an dréimire. Is é sin, lucht dea-thola go dtí cumas agus lucht cumais go dtí úsaid, ar bhonn "ón gcliabhán go dtí seanaois". Sa chaoi seo, tiocfar ar mhodh comhaontaithe chun atheagar a chur ar earnáil na Gaeilge a bheidh chun leasa na teanga gan dochar do na hacmhainní agus don infrastruchtúr reatha.

Fáiltímid roimh mholtaí na straitéise i leith an ghaeloideachais agus neartú an chórais ó thaobh oiliúint mhúinteoirí, soláthair acmhainní agus forbairt an tsoláthair ag an iarbhunleibhéal. Fáiltímid freisin roimh an mholadh faoi pháirt-tumadh i scoileanna arb é an Béarla an meán teagaisc. Éilíonn an chomhdháil go gcuirfear curaclam comhtháite d'fhoghlaim na Gaeilge on réamhscolaíocht go dtí an triú leibhéal i bhfeidhm tríd an straitéis; go neartófar ról na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaiochta, COGG, i gcur chun cinn na Gaeilge trid an gcóras gaeloideachais; agus go bhforbrófar polasaí earcaíochta don Státchóras a chuimsíonn clár dearfach gníomhaíochta. Tá sé mar thosaíocht ag earnáil dheonach na Gaeilge go mbeidh cur chuige uile-oileánda do chur chun cinn na Gaeilge i bhfeidhm, ach ní thugtar sonraí sa dhréachtstraitéis ar conas cur chuige mar sin a chomhlíonadh. Éilímid go dtabharfaí faoin taighde atá riachtanach le straitéis don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann a fhorbairt agus a fheidhmiú.

Is faoin gcomhchoiste gniomhú lena chinntiú go mbeidh straitéis fhadradharcach, fhadtréimhseach, uaillmhianach agus solúbtha arm don Ghaeilge trí pholasaithe tomhaiste, comhordaithe agus comhaontaithe a fheidhmiú tríd an straitéis 20 bliain. Tá luach leis an teanga nach furasta costasú a dhéanamh air agus tá infheistíocht fhadtéarmach le déanamh ag an Stát i dtodhchaí na teanga tríd an straitéis. Níor mhór díriú ar na tosaíochtaí gearr, meán agus fadtéarma chun go mbainfear amach na torthaí molta sa dréachtstraitéis ar bhealach a chinntíonn an luach is fearr ar airgead. Molaimid go láidir go dtabharfadh an comhchoiste cuireadh do na comhairleoirí faoi stiúir Fiontar, DCU cur i láthair a dhéanamh daoibh ar an anailís atá déanta acu.

Gabhaimid buíochas arís as an deis seo chun labhairt libh agus guímid gach rath ar obair an chomhchoiste.

Sula nglaofaidh mé ar Chonradh na Gaeilge, tá rud amháin le rá agam. Tá a lán eagras náisiúnta anseo inniu ach tá súil agam go mbeidh cruinniú eile againn chun an straitéis a phlé leis na heagrais agus na daoine a bhfuil cúram acu an Ghaeilge a chosaint agus a neartú sna Gaeltachtaí ar fud na tíre, i gCiarraí, Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Maigh Eo, an Mhí agus Port Láirge. Ba cheart dúinn cruinniú a bheith againn leis na daoine sin. Beimid ag plé na ceiste sin i seisiún príobháideach i ndiaidh an seisiúin seo. Tá súil agam go n-aontaíonn sibh leis an rún sin.

Mr. Pádraig Mac Fhearghusa

Ba mhaith liom fáiltiú roimh an dréachtstraitéis 20 bliain don Ghaeilge atá faoinár mbráid. Is mór linne i gConradh na Gaeilge an tsuim atá á chur ag Dáil Éireann sa teanga agus an cúram atá á dhéanamh di.

Tuigimid gur próiseas atá ar siúl againn, próiseas leanúnach, agus nach bhfuilimid ach ag tús céime anseo ag an gcomhchoiste. Táimid ar fad aontaithe ar an mbunphrionsabal, an teanga Ghaeilge a choimeád á labhairt, á leamh, á scriobh, agus á chraoladh in Éirinn. Má tá difríochtaí béime eadrainn, baineann siad le mionsonraí an chur chuige, ceisteanna a shoiléireofar agus a shárófar de réir mar a théimid chun cinn. Is próiseas comhairliúcháin atá ar siúl, agus ar deireadh is cinneadh Rialtais a bheidh ann i leith a ndéanfar. Ach, ba mhaith linne i gConradh na Gaeilge gur cinneadh Dála a bheadh ann, cinneadh traspháirtí, chun leanúnachas na straitéise a chinntiú sa ghlúin romhainn.

Is maith linn an bhéim sa straitéis — úsáid agus eolas ar an nGaeilge mar theanga phobail a mhéadú ar bhonn céimniúil ar fud an Stáit agus na tíre. Tugann sé sin go lár faidhbe sin, conas Gaeilgeoirí fulangacha, nach labhraínn an teanga go laethúil, a iompú ina gcainteoirí gníomhacha agus conas nósmhaireachtaí soisialta a bhaineann le labhairt na Gaeilge le breis mhaith agus céad bliain a fheabhsú. Is ábhar taighde ar leith é sin. Is maith gur gníomhaireacht náisiúnta Gaeilge atá i gceist mar phríomhghníomhaireacht fheidhmithe na straitéise, mar ní féidir an Ghaeilge a bhuanú sa Ghaeltacht sa bhfadtréimhse más neamh-shuim leis an bpobal mór í agus má dhiúltaíonn an Státchóras i gcoitinne di.

Ba mhaith liom díriú ar roinnt pointí a bhaineann le hoideachas, Gaeltacht, timpeallacht, agus an Státseirbhís. Géar-riachtanas is ea é go múinfí an Ghaeilge go héifeachtach ó thús go deireadh an chórais. Táimid ag brath, ar ndóigh, ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, nach bhfuil ach 3% den bhfoireann ann in ann seirbhís a chur ar fáil as Gaeilge, chun feidhm a thabhairt do na moltaí fíormhaithe i leith oideachais agus Gaeilge atá le fáil sa straitéis. Tá fochoiste oideachais ag Conradh na Gaeilge, fochoiste a bhfuil anailís á dhéanamh aige ar na bearta in aghaidh na Gaeilge sa chóras oideachais le 30 bliain anuas. Ach, dá gcuirfeá na moltaí sa straitéis seo i bhfeidhm, d'fhéadfaimisne éirí as sin, agus féachaint romhainn ar a bhfuil le cur i gcrích. Comhartha maith is ea é, de réir mar a cloisimid, go bhfuil ciorclán 44, a chur cosc leis an luath thumoideachas iomlán, á tharraingt siar. Ach, tá gá le hathrú meoin agus cultúir sa Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Roinn a raibh ar bhoird bainistíochta agus ar bhunaitheoirí gaelscoileanna dlí a bhagairt air chun dea-chleachtas aitheanta idirnaisiúnta an luath thumoideachas a chosaint le fírinne. Is mór an chabhair ina leith sin go bhfuil sibhse anseo i dTeach Laighean ag plé na cúrsaí seo as Gaeilge — go bhfuil sibh ag plé na Gaeilge as Gaeilge — mar seo lárionad na cumhachta.

Maidir le múineadh na Gaeilge i gcoitinne, leagaim béim ar seo. Maidir le múineadh na Gaeilge sna scoileanna i gcoitinne, ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc, tá géarghá le cúrsa ceart comhtháite céimnithe Gaeilge — cúrsa agus ní curaclam atá i gceist — ón mbunleibhéal go dtí an ardteist, mar ábhar práinne. Chun acmhainní oideachais ina leith seo a chur ar fáil, tá géarghá le tacaíocht do COGG, An Chomhairle Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaiochta, go leanúnach, i leith mar shampla, cúrsa mar Séidean Sí a chur in oiriúint do scoileanna náisiúnta i gcoitinne agus bunscoileanna Gaeltachta. Maidir le oiliúint mhúinteoirí, tá géarghá le feabhsú caighdeán Gaeilge agus oiliúint i leith mhúineadh na Gaeilge na n-ábhar múinteoirí sna colaistí oiliúna. Ní leor an cur chuige ar a dtugtar Gaeilge ghairmiúil sna colaistí oideachais. Ní miste ábhar trí Ghaeilge a dhéanamh sna colaistí agus is fiú na trí seachtainí sa Ghaeltacht a shocrú dóibh ag tús a gcúrsa oiliúna chun nós labhartha na Gaeilge a chothú ina measc ón tús.

Maidir leis an Ghaeltacht féin, tá an Ghaeltacht i dteideal aitheantas ar leith ar bhonn teanga agus cultúir, agus is gá go mbeadh institiúid a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge ag plé leis an nGaeltacht agus ar son na Gaeltachta. Is é is tábhachtaí go mbeadh achmhainní agus struchtúr cuí ar fáil. Tá daoine sa Ghaeltacht buartha ámh gur isliú stádais dóibh é mura luaitear "Gaeltacht" go sonrach in ainm pé institiúid a bheidh i gceist ar ball. Nótáilimid go gcuireann an túdaras postanna Gaeltachta ar fáil trí mheán na Gaeilge chomh maith, agus ar chostas reasúnta in aghaidh an phoist. Is gá chomh maith tacaíocht leanúnach a thabhairt do scéimeanna tábhachtacha reatha Gaeilge, mar shampla, scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge. Is gá freisin tacaíochtaí ar leith a chur ar fáil do Ghaeltachtaí laga. Ná teiptear ar chainteoirí dílse Gaeilge, fiú más mionlach iad. Is gá tacaíochtaí réamhscolaíochta agus eolas agus oideachas a sholáthar go leanúnach ar bhuntaistí an dátheangachais.

Maidir le timpeallacht agus comharthaíocht, tuigimid ar fad go bhfuil acmhainní gann agus go mbeidh go ceann tréimhse, ach fós féin tá nithe is féidir a dhéanamh chun so-fheiceacht na Gaeilge a chothú agus caidreamh an phobail leis an teanga a mhéadú. Ba chóir an stádas céanna a bheith ag an nGaeilge ar chomharthaí bóthair dátheangacha na hÉireann is a bheidh ar ghnáthchomharthaí in oifigí Rialtais de bharr alt 9 de na rialacháin a rinneadh i 2006 faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is féidir é seo a chur i gcrich de réir a chéile, na comharthaí bóthair nua a dhearadh mar is cóir agus na seanchomharthaí a chur ina gceart de réir mar a athrófar iad sna blianta romhainn. Dar ndóigh, baineann buntáistí sábháilteachta le seo freisin.

Is í Éireann an t-aon Stát san Eoraip nach bhfuil an phríomhtheanga oifigiúil riachtanach don Státseirbhis. Mar a luaigh an Coimisinéir Teanga, tá gá le gníomh cothromúcháin earcaíochta chun a chinntiú go bhfuil go leor foirne sa tseirbhís phoiblí atá inniúil ar an nGaeilge a labhairt agus a scríobh. Is gá scéim earcaíochta a cheapadh chun daoine inniúla dátheangacha a fháil isteach sa tseirbhís. Sna blianta romhainn, dá bharr seo, sábhálfar airgead ar an Stát. Beifear in ann, mar shampla, cáipéisí a chur ar fáil go hinmheánach laistigh den chóras níos minicí.

Is daoine príobháideacha sinne i gConradh na Gaeilge. Táimid ag iarraidh a oiread dár saol agus is féidir a chaitheamh trí Ghaeilge i bpáirt lenár gcomhshaoránaigh. Níl sa straitéis 20 bliain ach iarracht mhacánta an Ghaeilge — an ghné is luachmhaire ar fad dár n-oidhreacht — a bhuanú agus a roinnt ar an bpobal i gcoitinne. Is é an Rialtas atá i gceannas sa chás seo. Táimid an-sásta comhoibriú le gach dream chun cumas Gaeilge, deis usáide agus dearcadh dearfach i leith na teanga, mar a luaitear sa straitéis, a chothú i measc an phobail.

Nuair a tháinig roinnt inimirceach chugam, bhíodar an-sásta go bhfuil "leanaí inimirceach" luaite sa straitéis. Is daoine luachmhara iad mar nach bhfuil aon bacanna siceolaíochta orthu mar gheall ar cursaí teangan. Níl siad luaite sa straitéis mar daoine fásta, áfach, agus ba mhaith leo go mbeidís.

Táim buíoch leis na hionadaithe as a chomhoibriú maidir leis an clog. Tá a lán le rá ag gach éinne atá anseo.

Ms Esther Göbl Uí Nualláin

Is mian liom mórbhuíochas a ghabháil leis an Chathaoirleach agus baill an choiste as an gcuireadh teacht anseo inniu chun an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a phlé agus chun ár dtuairimí agus ár moltaí ina leith a chur faoi bhur mbráid. Cuireann Comhluadar fáilte mór roimh an straitéis agus roimh an aitheantas atá tugtha don tábhacht a bhaineann leis an aistriú teanga ó ghlúin go glúin, toisc gurb é an baile an suíomh is nádúrtha do shealbhú teanga agus toisc go bhfuil leanúnachas agus todhchaí na Gaeilge ag brath ar sin. Is cáipéis chuimsitheach í agus ba mhian le Comhluadar cúpla gné di a ardú agus soiléireacht a fháil ar na gnéithe seo atá mar bhuairt aige. Ó 1993, tá tacaíocht agus treoir á thabhairt ag Comhluadar do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge agus do theaghlaigh nua ó bhliain go bliain atá ag iarraidh an teanga sa bhaile a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge. Tá teaghlaigh ó gach cearn d'oileán Éireann cláraithe linn, teaghlaigh a chónaíonn laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Faoi láthair, tá 600 teaghlach cláraithe linn agus 30 grúpa ag feidhmiú ó cheann ceann na tíre agus iad ag baint úsáide as seirbhísí Chomhluadair. Tá an-fhás ann. Go deimhin, tá nasc láidir againn le pobal na Gaeltachta, nasc a chuireann le saibhreas obair na heagraíochta, nasc atá ina eiseamláir ag teaghlaigh Chomhluadair agus iad ag cur na teanga ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile. Is minic a deirtear linn go músclaíonn diongbháilteacht ár dteaghlaigh spiorad agus díograis i bpobal na Gaeltachta.

Tá sé ráite sa straitéis gur "cloch choirnéil" é an t-aistriú teanga sa teaghlach, ach tá buairt ar Chomhluadar ó thaobh sin. Conas a bheidh an tacaíocht chuí curtha ar fáil do theaghlaigh Gaelacha? Leis na blianta, ó bunaíodh an eagraíocht, tá teaghlaigh ag tógáil clainne le Gaeilge le fíorbheagán tacaíochta agus easpa aitheantais ón Stát. Fiú nuair a bhí scéim labhairt na Gaeilge i bhfeidhm, ní raibh an tacaíocht sin ar fáil do theaghlaigh lasmuigh den Ghaeltacht. Tá cinnteacht á lorg ag Comhluadar go mbeidh tacaíocht agus freastal ceart déanta ar na teaghlaigh, agus go dtabharfaí eolas faoin mbealach ina bheidh an tacaíocht seo curtha i bhfeidhm. Beidh na teaghlaigh Gaelacha seo ina seolbhealach éifeachtach nádúrtha agus muid uilig ag cinntiú go bhfuil pobal labhartha na Gaeilge á mhéadú, á neartú agus á bhuanú sna 20 bliain atá amach romhainn.

Moltar sa straitéis go mbeidh údarás nua, "údarás na Gaeilge", ina ghníomhaire Gaeilge don Stát ina iomláine. Ba mhian le Comhluadar soiléireacht a fháil ar an gcur chuige a bheidh ag údarás na Gaeilge i leith theaghlaigh Gaelacha a chónaíonn lasmuigh den Ghaeltacht. Conas a bheidh soláthar déanta ar riachtanais na dteaghlaigh sin? Tá cosúlachtaí agus deacrachtaí comónta idir teaghlaigh a chónaíonn lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht ó thaobh an aistriú teanga ó ghlúin go glúin agus ó thaobh na mianta doimhne atá acu maidir lena bpáistí a bheith ag sealbhú na Gaeilge, in ionad a bheith ag foghlaim na Gaeilge. Níl na riachtanais go léir atá ag an dá shaghas teaghlach díreach cosúil lena chéile. Tá Comhluadar ag súil go mbeidh údarás na Gaeilge, agus limistéir níos leithne faoina chúram, ag freastal ar na riachtanais uilig agus ag cur na n-acmhainní atá uathu ar fáil dóibh. Táimid fiosrach ar conas atá an t-údarás nua seo chun freastal a dhéanamh ar phobal na tíre. Deirtear sa straitéis go mbeidh na coistí condae cúram leanaí faoi chúram údarás na Gaeilge. Aithníonn Comhluadar gur deis iontach í seo chun scileanna teanga na bpáistí a fhorbairt agus tuismitheoirí a spreagadh chun a bpáistí a thógáil le Gaeilge agus sa bhealach sin, líon cainteoirí laethúla na Gaeilge a mhéadú. Níl sé soiléir an cur chuige a bheidh i gceist maidir le cúram leanaí éifeachtach trí Ghaeilge a chur ar fáil. Má tá an scéim ag feidhmiú ar fud na tíre agus freastal á dhéanamh aige ar an bpobal uilig, beidh riachtanais éagsúla i gceist arís. Caithfear a aithint go bhfuil riachtanais éagsúla ag pháistí a bhfuil an Ghaeilge acu mar mháthair teanga, agus riachtanais eile ag páistí a bhfuil an Béarla acu mar an gcéad teanga.

Feidhmíonn Comhluadar ar bhonn uile-oileánda mar an phríomheagraíocht a chuireann an t-aistriú teanga ó ghlúin go glúin chun cinn. Tá teaghlaigh cláraithe linn agus grúpaí ag feidhmiú i dTuaisceart Éirinn. Tá agus beidh cúram tras-Teorann ag Foras na Gaeilge. Má tá údarás na Gaeilge le bheith ag feidhmiú sna Fiche-Sé Chontae amháin, an gciallaíonn sin go mbeidh na teaghlaigh seo scartha amach uainn? Ní bheadh sé sin oiriúnach i gcás Chomhluadair agus muid ag tacú agus ag comhoibriú lena chéile ar bhonn leanúnach.

Luaitear sa straitéis an gréasán Gaeltachta atá cruthaithe sa Ghaeltacht. Is gréasán Gaeltachta iad freisin teaghlaigh Chomhluadair. Tá Comhluadar tar éis pobal Gaeltachta a fhorbairt agus gréasan a chruthú lasmuigh de na ceantair Gaeltachta. Fásann fíorchairdeas idir na teaghlaigh. Tugann siad tacaíocht dá chéile. Tugann an gréasán deiseanna breise dóibh a saol a chaitheamh go nádúrtha trí mheán na Gaeilge. Leis an dá ghréasán nasctha le chéile, cruthaítear Gaeltacht níos láidre agus níos leithne fós. Is le pobal na hÉireann an Ghaeilge. Caithfidh dea-mhéin, tacaíocht agus rannpháirtíocht an phobail a bheith i gceist má tá an straitéis chun a sprioc a bhaint amach. Má táimid chun Gaeltacht iomlán a dhéanamh den tír, tá sé riachtanach go mbeidh na seirbhísí céanna trí Ghaeilge ar fáil do chách, agus na seirbhísí céanna trí Ghaeilge ar fáil i ngach ceantar ar fud na tíre. Níl sé soiléir an bhfuil freastal ceart déanta ar cúrsaí sláinte, mar shampla, sa straitéis. Ní féidir clann a thógáil le Gaeilge muna bhfuil na seirbhísí sláinte ar fáil trí mheán na Gaeilge, seirbhísí scoile san áireamh.

Tacaíonn Comhluadar go láidir leis an togra go mbeidh lárionaid Ghaeilge ar fáil don phobal – láthair oidhreachta agus chultúrtha a chabhróidh agus a spreagfaidh an pobal chun an Ghaeilge a labhairt, agus a chabhróidh le féiniúlacht na nGael a dhaingniú ina dteanga dhúchais. Caithfidh siad a bheith bunaithe i bpríomhbhailte na tíre mar thús. Beidh siad ríthábhachtach má táimid chun an cultúr Gaelach a fhorbairt, a chothú agus a neartú ó cheann ceann na tíre. Cuireann Comhluadar fáilte roimh agus tacaíonn sé don mhír maidir le hábhair chlóite i nGaeilge a bheith ar fáil go héasca. Tá Comhluadar ag tnúth go mór leis an gcur chuige atá luaite sa straitéis agus ag súil go mbeidh ábhair chlóite ar fáil agus go feiceálach i ngach siopa leabhar sa tír. Tá an córas oideachais mar thaca ríthábhachtach agus forbairt na Gaeilge mar theanga bheo an phobail i gceist. Tá sé riachtanach stadás na Gaeilge a chaomhnú agus a neartú i ngach cineál scoile agus ag gach leibhéal ar fud na tíre. Caithfidh na seirbhísí sláinte, sóisialta agus teanga i scoileanna lán-Ghaeilge a bheith ar fáil trí Ghaeilge. Is scéal dearfach é go mbeidh méadú déanta ar dheiseanna labhartha na Gaeilge do dhaltaí i mbunscoileanna agus ábhair bhreise le dhéanamh acu trí mheán na Gaeilge. I measc na riachtanaisí teangeolaíochta éagsúla atá acu siúd le Gaeilge ón gcliabhán, caithfidh curaclam do scoláirí ag gach leibhéal a bheith curtha i bhfeidhm agus é oiriúnach do mheán teagaisc na scoile.

I ráiteas an Rialtais 2006, bhí an cuspóir ann go gcuirfí oideachas i nGaeilge ar fáil do chách, ach níl sé luaite sa dréachtstraitéis conas an cuspóir a chur ag feidhmiú. Tá sé de cheart ag gach saoránach teacht ar oideachas lán-Ghaeilge, más mian leis. Mar sin, ní mór a rá go bhfuil buairt orainn faoin easnamh seo. Ba mhaith linn an plean feidhmeach a fheiceáil sa straitéis agus na sonraí faoin gcaoi a cuirtear i bhfeidhm é — conas an cuspóir a bhaint amach, conas an cuspóir a chur ag feidhmiú, clár ama chun é seo a chur i gcrích agus straitéis chun an oideachas lánGhaeilge a chur ar fáil céim ar chéim, ar bhonn cúigí no contaetha agus ó thaobh bunleibhéíl, meánleibhéil, triú leibhéil de agus araile.

Tá Comhluadar ag cur na Gaeilge chun cinn mar theanga an teallaigh agus ag eascair as sin tá na teallaigh seo ag caomhnú na Gaeilge mar theanga an phobail. Má táimid dáiríre faoi phobal labhartha na Gaeilge a mhéadú agus a mhúineadh, molann Comhluadar go mbeidh láidir leagtha ar riachtanais teallach Gaelacha agus ar riachtanais an phobail ionas go mbeidh sé ar a chumas ag pobal na tíre a shaol a chaitheamh go nádúrtha trí mheán na Gaeilge.

Tabharfaidh mé am anois do Donncha Ó hÉallaithe agus ansin Pobal. I ndiaidh sin beidh ceisteanna againn agus ansin rachfaimid chuig TG4 agus Foras na Gaeilge.

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gcoiste as cuireadh a thabhairt dom labhairt anseo. Rinne mé teagmháil leis an gcoiste nuair a foilsíodh an straitéis ag iarraidh go mbeadh éisteachtaí mar seo ann agus tá mé an-bhuíoch an cuireadh a fháíl. Tá mé anseo mar duine a dhéanann taighde go neamhspleách faoi staid na Gaeilge agus na hathruithe atá ag teacht. B'fhéidir go mbím ag scanradh daoine ó am go ham faoi sin. An uair deireanach a raibh mé os comhair coiste Oireachtais, píosa fada ó shin i 1988, bhí an Teachta McGinley ann freisin. Ag an am sin bhíomar ag stocaireacht ar son stáisiún teilifíse trí Ghaeilge a chur ar bun. Bhí toradh an-mhaith ar sin — tá ionadaithe ó TG4 os mo chomhair amach anseo. Tá súil agam go mbeidh toradh maith ar an gcruinniú seo freisin.

Fáiltím roimh an dréachtstraitéis atá thar a bheith tábhachtach. Tá sí bunaithe ar dhá staidéar cuimsitheacha a ndearnadh ar chúrsaí Gaeltachta — An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, curtha le chéile ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus a foilsíodh i 2007 agus an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a d'ullmhaigh Fiontar agus a d'úsáid saineolaithe idirnáisiúnta le go mbeadh sé mar threoir don Rialtas agus é ag ullmhú na dreachtstraitéise seo. Ba mhaith liom go ndéanfadh an coiste smaoineamh ar cuireadh a thabhairt don dá eagraíocht sin — is iad sin Fiontar a chuir an doiciméad treoir ar fáil don Rialtas, ina bhfuil moltaí an-mhaith ar fad, agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a d'ullmhaigh an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar an Ghaeltacht. Ceapaim go mbeadh tuairimí agus moltaí acu a bheadh mar cúnamh an-mhór don choiste seo.

An rud is mó atá ag déanamh buartha domsa, agus tá seo luaite ag daoine eile, ná an t-athrú atá i gceist ó thaobh Údarás na Gaeltachta a athrú isteach ina ghníomhaireacht teanga náisiúnta. Faoi láthair, séard atá in Údarás na Gaeltachta ná údarás forbartha don Ghaeltacht inar féidir plé le cúrsaí fostaíochta, infrastruchtúir, sóisialta, teanga agus fiontraíochta. Má smaoinítear siar ar an mbealach a raibh an Ghaeltacht 50 bliain ó shin, caithfear a admháil go bhfuil dul chun cinn aisteach déanta ag Gaeltarra Éireann agus ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh cultúr fiontraíochta a mhúscailt agus a ghríosadh sa Ghaeltacht. Ba thrua é go ndéanfaí aon lagú ar sin leis an athrú atá molta. Ba cheart don chomhchoiste athbhreithniú a iarradh ar an moladh áirithe sin. Ní raibh sé molta ag Fiontar go ndéanfaí a leithéid — go ndéanfaí Údarás na Gaeltachta a athrú isteach ina údarás na Gaeilge. Má dhéantar é sin, tá contúirt ann go ndéanfar dochar millteanach don Ghaeltacht amach anseo.

Tá géarchéim teanga san ceantracha Gaeltachta agus is ar sin is mó a dhéanaim taighde nuair a thagann na figiúirí ón daonáireamh isteach. Bhí rud scanrúil sa staidéar cuimsitheach a rinne Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Fuair an staidéar sin amach faoi na ceantracha is láidre Gaeltachta — na fíor Gaeltachtaí atá fágtha againn — nach bhfuil ach an ceathrú cuid, 24%, de na daoine óga in aois na hárdteiste ag baint úsáide as an Ghaeilge mar teanga cumarsáide eatarthu féin, cé go bhfuil Gaeilge líofa ag 95% acu agus go labhraíonn siad Gaeilge sa mbaile agus leis na comharsain don chuid is mó. Ach, nuair a labraíonn siad lena aoisgrúpa féin, ní hí an Ghaeilge an teanga cumarsáide atá eatarthu. Seo an áit ina bhfuil an poll sa phíopa má táimid ag smaoineamh ar teanga a bheith á sheacadadh ó ghlúin go glúíin. Caithfimid déileáil leis an fhadhb sin, mar is í sin an fhadhb a cuireann faitíos orainn uilig — nach mbeidh an Ghaeilge i bhfad eile á úsáid mar theanga cumarsáide sna ceantracha Gaeltachta.

Nuair a labhraímid faoi na ceantracha Gaeltachta, táimid ag caint ar ceantracha ina bhfuil 95,000 duine. Ach i ndáiríre, níl Gaeilge á úsáid sna ceantracha sin uilig. Leagadh síos agus moladh critéir áirithe sa staidéar cuimsitheach. Nuair a chuir mise na critéir sin i bhfeidhm ar na ceantracha Gaeltachta éagsúla, 152 díobh atá sa Ghaeltacht, fuair mé amach go mbeadh thart ar 44,000 fágtha sa Ghaeltacht, idir Gaeltachtaí láidre, Gaeltachtaí measartha agus Gaeltachtaí laga. Da mba rud é go raibh toghchán do Údarás na Gaeltachta ann i mbliana, rud ar ceart a bheith ach is cosúil go gcuirfear ar athló é go dtí go mbeidh na hathruithe seo curtha i bhfeidhm, bheadh níos mó vótaí i gCathair na Gaillimhe ná mar a bheadh i nGaeltacht Chonamara. Sin chomh mór agus atá teorannacha na Gaeltachta as riocht. Caithfear é sin a chur ina ceart. Níl aon mhaith le bheith ag iarraidh straitéise a chur i bhfeidhm nuair atá cur i gcéill mar sin ar bun.

Is ceist chonspóideach í an cheist seo agus is ceist í nár mhaith le aon polaiteoir a thabhairt fúithi, go speisialta polaiteoir a bhfuil ceantar mór Gaeltachta ina dháilcheantar féin. Ar an bhfáth sin, molaim go ndéanfaí an obair sin a thabhairt, leis na critéir atá socraithe agus molta ag an staidéar cuimsitheach, do choimisinéirí neamhspleácha a bhfuil saineolas acu sa chineál ruda seo. D'fhéadfadh siadsan teacht aníos le teorannacha Gaeltachta agus iadsan a chur os comhair an Rialtais. Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaí é sin, sa chaoi agus go mbeadh muid in ann cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a riaradh leis an Ghaeilge a chothú agus a chaomhnú mar theanga phobail. Sin, go bunúsach, an difríocht idir an Ghaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh de. Ar fud na tíre, tá daoine ag úsáid na Gaeilge. Tá siad á úsáid mar daoine aonaránacha nó sna heagraíochtaí. Ach sa Ghaeltacht, tá daoine ag úsáid na Gaeilge mar timpist tíreolaíochta ar an gcuid is mó, mar gheall ar gur rugadh agus gur tógadh sa Ghaeltacht iad, mar gheall ar go ndeachaigh siad ar scoil sa Ghaeltacht agus gur í an Ghaeilge an teanga a úsáidtear ar an pháirc peile agus iománaíochta agus sa chlub óige, ní de bharr éinne ag iarraidh na Gaeilge a chur chun cinn, ach de bharr gur í an teanga pobail í, an teanga a tháinig aníos leis na glúnta. Tá sé tábhachtach go mbeadh áiteacha mar sin againn sa tír agus tábhachtach go mbeadh a fhios againn cá bhfuil siad.

Tá cúpla rud i doiciméad Fiontair nach bhfuil sa straitéis. Ceann de na rudaí ná go mbeadh próiseas luachála curtha isteach sa straitéis. Tá sin fágtha ar lár. Ní oibríonn aon straitéis mura bhfuil dream éigin neamhspleách ag déanamh evaluation uirthi go rialta. Tá a fhios agam go bhfuil airgead gann agus mar sin de agus níor mhaith liom go mbeadh aon costas mór ar an Rialtas faoi seo, ach mholfainn, díreach mar a mhol Fiontar, go bhfágfaí faoi Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla an luacháil nó an meastóireacht sin a dhéanamh. Tá na scileanna ag an oifig sin cheana féin le meastóireacht a dhéanamh ar chéard atá ag tarlú ó thaobh feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla. Ceapaim nach mbeadh mórán oibre breise ann dóibh iarradh orthu ó am go ham luacháil nó meastóireachta a dhéanamh ar cur i bhfeidhm na straitéise.

Tabharfaidh mé nóiméad amháin eile don Uasal Ó hÉallaithe.

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Ba mhaith liom rud amháin eile a lua atá i moltaí Fiontair nach bhfuil sa straitéis. Seo í an fhadhb mhór atá ag daoine le Gaeilge atá ag iarraidh í a úsáid i mbun gnó leis an Státcóras. Admhaím go bhfuil cuid den Státseirbhís níos fearr ná a chéile. Mar shampla, má ghlaonn duine ar an oifig cánach le cáin a íoc, iarrtar an bhfuil an duine ag iarraidh a chuid gnó a dhéanamh i nGaeilge nó i mBéarla. Má dhéanann an duine a chuid gnó i nGaeilge, feidhmíonn an córas iontach maith. Tá easpa daoine sa chuid is mó den Státseirbhís atá in ann seirbhís den chineál sin a chur ar fáil. Tá moladh déanta ag Fiontar maidir leis an phróiseas earcaíochta — nuair atá oifigigh nua á lorg ag an Státchóras, ba cheart go mbeidís ag iarraidh dóthain daoine atá inniúil ar an nGaeilge a earcú, ar feadh píosa ama ar aon nós. Níl mé ag caint ar daoine a fuair pas san ardteist — tá mé ag rá ba chóir go mbeadh státseirbhísigh in ann an Ghaeilge a úsáid chomh éifeachtach céanna leis an mBéarla, sa chaoi is go mbeidís in ann oibriú sa dá theanga. Shábháladh sé seo airgead ar an Stát. Faoi láthair, má thagann litir i nGaeilge go dtí an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, mar shampla, caithfidh siad í a chur amach go dtí oifig eile chun í a aistriú. Nuair a thagann an litir ar ais arís, tá sí aistruithe. Caithfidh an Roinn an freagra ar an litir a dhéanamh amach i mBéarla agus an rud céanna a dhéanamh arís chun í a aistriú. Chosnaíonn sé sin an t-uafás airgid. Dá mbeadh daoine sa Roinn sin agus na Ranna eile in ann an obair seo a dhéanamh, mar chuid dá gcuid oibre ó 9 a.m. go 5 p.m., shábháladh sé airgead ar an Rialtas agus bheadh seirbhís níos fearr le fáil ag an bpobal.

Ms Janet Muller

Thar ceann POBAL — scátheagras phobal na Gaeilge i dTuaisceart na hÉireann — gabhaim buíochas leis an chomhchoiste as ucht cuireadh a thabhairt dúinn teacht anseo chun labhairt. Tugann POBAL treoir straitéiseach dos na dreamanna ar fad ó Thuaidh a chruth tionscadal sóisialta, cultúrtha, ealaíonta agus eacnamaíochta, srl., do phobal na Gaeilge thar na blianta. Díreoimid ar fhorbairt na Gaeilge faoi cúinsí ar leith an Tuaisceart agus i gcomhthéacs na hÉireann ar fad. Tosnóidh mé le cur síos a dhéanamh ar ceann de na tograí uile-oileánda atá ar bun againn faoi láthair. Tá togra againn a dhíríonn ar taighde agus soláthar, i gcomhthéacs riachtanais treanála agus tacaíochta na múinteoirí gaelscoileanna ó Thuaidh, ó Theas agus sa Ghaeltacht. Tá maoiniú den togra sin ag teacht chugainn ón Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Ba mhaith linn ár dtacaíocht agus ár mbuíochas a ghabháil don eagraíocht sin ag an ócáid seo.

Fáiltíonn POBAL roimh fhoilsiú dréachtphlean 20 bliain don Ghaeilge. Is comhartha é ar cé chomh dáiríre is atá an t-Oireachtas maidir le cur chun cinn na Gaeilge sa Stát seo. Aithnítear go forleathan go gcaithfidh polasaí agus pleanáil teanga a bheith bunaithe ar fianaise; agus go gcaithfidh siad eascairt as dúshraith an taighde phroifisiúnta agus an dea-chleachtais áitiúil agus idirnáisiúnta. Leis an éifeacht is fearr a bhaint as straitéisí, ar ndóigh, caithfidh reachtaíocht, rialú agus polasaithe rialtasacha tacú leo. Is amhlaidh atá sa dréachtphlean seo, i dtaca le Deisceart na hÉireann de. Cás eile ar fad atá ann, áfach, maidir le cúinsí ar leith na teanga ó Thuaidh.

Tá ceithre moladh le déanamh ag POBAL inniu. Labhróidh mé beagáinín fúthu le linn an cur i láthair seo. Tá tacaíocht an chomhchoiste don obair forbartha straitéise cuí ó Thuaidh, i gcomhthéacs cur chuige uile-oileánda, á lorg againn. Ba chóir go ndéanfaí anailís chuimsitheach ar chomhthéacs polaitiúil, sóisialta agus teangeolaíoch an Tuaiscirt. Ba cheart go mbeadh forbairt polasaí don teanga sa dlínse Thuaisceartach bunaithe ar ionchur ó shaineolaithe i bpleanáil teanga agus ar idirphlé leis na heagrais Ghaeilge agus pobal na Gaeilge ó Thuaidh. Táimid ag iarraidh ar an chomhchoiste infrastruchtúr na Gaeilge ó Thuaidh a chosaint agus gan atheagrú a dhéanamh go dtí go mbeidh straitéis chuimsitheach shaineolach ullmhuithe, le bunús eolaíochtúil a chruthú d'aon athruithe inmhianta. larraimid ar an chomhchoiste feoil a chur ar an tagairt sa dréachtphlean d'Acht na Gaeilge Tuaisceart Éireann, ionas go gcomhlíonfaí reachtaíocht chuimsitheach agus cheart-bhunaithe taobh istigh d'achar aontaithe ama. Molaimid freisin go ndéanfaí maoiniú na Gaeilge ó Thuaidh agus ó Theas tríd an mheicníocht uile-oileánda a dhaingniú agus a fhorbairt.

Mar is eol daoibh, cé nach bhfuil an comhthéacs chomh fabhrach don Ghaeilge ó Thuaidh is atá ó Dheas, tá eolas ar an Ghaeilge ag 10.4% den mhórphobal. Tá 80 scoil agus pobal breá bríomhar óg ann. Níl infrastruchtúr forbartha ann ó Thuaidh mar atá ó Dheas. Ar ndóigh, sa Tuaisceart níl maoiniú Stáit ar fáil don Ghaeilge ach le deich mbliana anuas, agus formhór an mhaoinithe sin ag teacht on institiúid uile-oileánda, Foras na Gaeilge. Níl dúbláil i rólanna ná in obair na n-eagras ó Thuaidh agus ní ionann an caidreamh atá ag na heagrais Ghaeilge ó Thuaidh agus ó Dheas leis an dá Stát. Moltar leasú a chur sa dhréachtphlean gan atheagrú a dhéanamh ar infrastruchtúr na Gaeilge ó Thuaidh go dtí go mbeidh straitéis chuimsitheach shaineolach ullmhaithe, le bunús a chruthú d'aon athrú inmhianta.

Dar le Gaeil sa dlínse ó Thuaidh, ní mór próiseas cuimsitheach taighde agus pleanála, cosúil leis an phróiseas atá curtha i gcrích ag Rialtas na hÉireann, a fhorbairt ó Thuaidh. Ní mór freisin straitéis na Gaeilge a ullmhú a chuirfeadh tosca sainiúla na Gaeilge ó Thuaidh san áireamh i gcomhthéacs uile-oileánda agus i gcomhthéacs an dréachtphlean seo. Tá POBAL sásta tógáil ar an obair atá curtha isteach againn le blianta beaga anuas le straitéis a chomhaontú leis na páirtithe leasmhara. larrtar ar an chomhchoiste seo cuidiú linn san obair thábhachtach seo agus glacadh lenár moladh go ndéanfaí straitéis ar leith a fhorbairt, i gcomhar linn, leis an Ghaeilge a chur chun cinn i gcúinsí ar leith an Tuaiscirt. Chuirfeadh a leithéid seo le cumas phobal na Gaeilge ar fad na tíre leas a bhaint as moltaí an dréachtplean, rud nach féidir a dhéanamh go hiomlán nó go héifeachtach faoi láthair de bhrí nach bhfuil mionstaidéar déanta ar riachtanais na teanga ó Thuaidh.

Deir leathanach 2 den cháipéis, "is é an bonn atá faoin Straitéis 20 Bliain seo ná an stádas atá ag an teanga sa Bhunreacht agus tógtar ar Rialtas na hÉireann — Ráiteas i leith na Gaeilge 2006 a foilsíodh i mí na Nollag 2006”. Níl an stádas céanna ag an Ghaeilge ó Thuaidh, agus ní bhaineann ráiteas i leith na Gaeilge ach leis an dlínse ó Dheas. Luaitear sa cháipeis chomh maith Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, reachtaíocht phleanála agus oideachais agus reachtaíocht eile nach bhfuil i bhfeidhm ó Thuaidh. Deir an dréachtphlean freisin, “is Stát dátheangach í Éire inarb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil de réir Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann”. Faraor géar, ní mar seo atá sé ó Thuaidh. Mar sin, as 13 cuspóir atá leagtha síos ag tús an dréachtphlean, níorbh fhéidir, faoi láthair, an leathchuid díobh a chur i gcrích sa dlínse ó Thuaidh, de cheal creatlach reachtaíochta agus polaitíochta. Dar leis an dréachtphlean, “beidh deathionchar ag Straitéis an Rialtais ar lucht labhartha na Gaeilge i dTuaisceart Éireann”, agus fáiltítear roimh an ráiteas seo. Tá sé suntasach, áfach, nach bhfuil aon mholadh nua sa dréachtphlean a bhaineann le cúinsí ar leith an Tuaiscirt. Níl cur síos déanta ar mheicníochtaí comhoibrithe idir Ranna Rialtais, comhairlí áitiúla na solathraithe seirbhisí ar bhonn uile-oileánda. Níl stiúir nó freagracht ar chur i gcrích an phlean ó Thuaidh luaite sa dréachtcháipéis. Cé a bheidh freagrach — an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, nó oifig an Chead-Aire agus an Leas Chead-Aire? Cad atá beartaithe maidir le comhaontú a bhaint amach ag leibhéal oifigiúil sa dá dhlínse?

Molann an dréachtphlean normalú na teanga, pleanáil áitiúil agus aitheantas a thabhairt do ghréasain de Ghaeltachtaí, srl. Luaitear go dtabharfar reachtaíocht nua isteach ó Dheas chun é seo a éascu. Gan an t-infrastruchtúr agus an reachtaíocht seo a bheith i bhfeidhm ó Thuaidh, ní bheidh cur i gcrích an dréachtphlean déanta ach ar bhonn deonach agus ad hoc. Ní mar gheall ar easpa tola a tharlóidh sé sin, ach mar gheall ar chomhthéacs na teanga ó Thuaidh. Ní mór an comhthéacs seo a athrú sula dtig plean atá bunaithe ar chúinsí eile a chur i gcrích. Tá sainstraitéis de dhíth ar an teanga ó Thuaidh. Mar sin féin, fáiltíonn POBAL roimh na tagairtí atá sa dréachtphlean don Ghaeilge ó Thuaidh. Go háirithe, fáiltítear roimh dhiongbháilteacht Dháil Éireann maidir le comhlíonadh ghealltanas rialtas na Breataine i dtaca le hAcht na Gaeilge de. Tá POBAL i dtús cadhnaíochta sa cheist seo ó 2004. Ar ndóigh, i gcomhairliúchán oifigiúil ó Thuaidh ar an Acht in 2007, léirigh 93% de na freagraí a fuarthas tacaíocht do mholtaí POBAL ar an reachtaíocht seo. Moltar leasú a chur sa dréachtphlean agus, mar chuspóir ar leith, spriocdháta a aimsiú le haghaidh reachtú Acht na Gaeilge cuimsitheach, ceart-bhunaithe ag Rialtas na Breataine do Tuaiseart Éireann.

Dar leis an dréachtphlean, beidh freagracht ar an áisíneacht nua, údarás na Gaeilge, "maidir le cursaí Gaeilge ar fud an Stáit". Mar sin, ní bheidh ról uile-oileánda ag an údarás. Tá soiléiriú de dhíth, mar sin, ar rólanna an údaráis agus ar ról Fhoras na Gaeilge chun nach mbeidh dúbláil agus doiléire ann. Más amhlaidh gurb é ról an údaráis cur i gcríoch an phlean a mhaoiniú, an mbeidh sé in ann maoiniú a chur ar fáil ó Dheas d'aon gníomhartha eile nó d'aon tograí Gaeilge eile atá taobh amuigh den phlean? Mura mbeidh gníomhartha no tograí ann taobh amuigh den phlean, cad a dhéanfaidh Foras na Gaeilge ó Dheas? Cad é mar a dhéanfar cinnte de go mbeidh an mheicníocht le maoiniú a fháil don Ghaeilge ó Thuaidh ó Rialtas na Breataine faoi chosaint agus faoi fhorbairt? Moltar leasú mionsionrach a chur sa dréachtphlean a dhéanfaidh sainmhíniú ar na forbairtí atá faoi chaibidil chun méid an mhaoinithe atá ar fáil ar bhonn uile-oileánda a fheabhsú, mar aon le rochtain ar an mhaoiniú sin a fheabhsú.

Gabhaim buíochas le gach éinne a labhair go dtí seo. Anois tógfaidh mé ceisteanna ó chomhaltaí an choiste. Bheinn buíoch do chomhaltaí agus finnéithe labhairt tríd an gCathaoir agus gan labhairt trasna an úrláir, mar tá dream mór daoine anseo. Beidh sé i bhfad níos éasca an cruinniú a stiúradh má chloíonn gach duine le sin.

Ba mhaith liom cur leis an bhfáilte atá curtha ag an gCathaoir roimh na finnéithe anseo inniu. Is dóigh gur cruinniú stairiúil é mar go bhfuil eagraíochtaí na Gaeilge go náisiúnta ó cheann, ceann na tíre i láthair — b'fhéidir don chéad uair faoin díon amháin — anseo san Oireachtas. Is rud mór tábhachtach é sin agus ní dhéanfaidh muid dearmad ar an lá seo. Mar atá ráite ag an gCathaoirleach, sula gcuirim na ceisteanna, ní óráidí atá ag teastáil ó na finnéithe uainn, ach ceisteanna. Rinne an Chathaoirleach pointe áirithe agus cuirim go mór leis. Cé go bhfuil fáilte mór roimh na hionadaithe anseo inniu atá ag gníomhú go deonach ar son na Gaeilge le blianta fada anuas, tá sé tábhachtach go mbeidh deis lá éigin eile ag eagraíochtaí atá bunaithe, lonnaithe agus fréamhaithe sna Gaeltachtaí teacht isteach chugainn agus cur i láthair a dhéanamh chomh maith, mar go mbeidh tionchar mór ag an straitéis atá á phlé againn inniu ar mhuintir na Gaeltachta, ar an teanga agus ar an chultúr agus todhchaí na teanga sna blianta amach romhainn. Beidh muid ag plé sin nuair a bheidh an seisiún poiblí seo thart agus cuirim fáilte roimhe sin.

Tá cúig cur i láthair déanta agus cuireann muid fáilte mór roimh an anailís atá déanta acu ar an straitéis seo, bunaithe ar an tionchar, an taithí agus an t-eolas atá ag na heagraíochtaí éagsúla ar chúrsaí agus imeachtaí na teanga, ní hamháin sa Ghaeltacht ach taobh amuigh den Ghaeltacht. Cuirfidh muid béim mhór ar an mhéid a bhí le rá ag na finnéithe. Níl muid anseo inniu ach chun éisteacht leo agus ceisteanna a chur orthu. Sa deireadh thiar thall, is ag an Aire agus an Rialtas a bheidh an cinneadh glacadh leis na moltaí nó cur in éadan na moltaí, ach déanfaimid uile ár ndícheall mar is moltaí maithe iad. Cuireadh béim i gcur i láthair Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar an ghá atá le idirdhealú a dhéanamh idir feidhmeanna Údarás na Gaeltachta mar Údaras na Gaeltachta agus na Gaeilge agus Foras na Gaeilge. Aontaím go gcaithfear idirdhealú a dhéanamh. An féidir leis an gcomhdháil míniú níos mó a thabhairt ar an idirdhealú a bhféadfaí a dhéanamh ansin? Cad iad na freagrachtaí a bheadh ag an údarás agus cad iad na freagrachtaí a bheadh ar Fhoras na Gaeilge atá tras-Teorann agus uile ghabhálach?

Rinne gach eagraíocht tagairt don chóras oideachais, maidir leis an gcuraclam comhtháite oideachais ó bhun go barr, ón réamhscolaíocht go dtí an triú leibhéal, an gceapann siad go bhfuil an córas ag déanamh freastail cheart chuimsitheach ar theagasc na Gaeilge agus cur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di? Mar shampla, an bhfuil ábhair ceart againn trí Ghaeilge, an bhfuil ábhair leathan go leor againn, mar shample téacsleabhair, fá choinne ceart a thabhairt don teanga? Níos tábhachtaí, an measann na heagraíochtaí go bhfuil cumas ag ár gcuid múinteoirí i láthair na huaire? An bhfuil cumas ag ár gcuid teagascóirí an teanga a mhúineadh go héifeachtach agus mar ba cheart? Chuaigh mise tríd an córas oideachais, suas go dtí an tríú leibhéal. An síleann na heagraíochtaí go gcaithfidh muid rud éigin a dhéanamh ionas go mbeidh coláistí oiliúna do mhúinteoirí Gaeilge? Tá ceann againn atá dhátheangach. Is dóigh go bhfuil eolas ag na heagraíochtaí go léir faoin alt a bhí san The Irish Times cúpla seachtain ó shin ag Ó Giollagáin agus Ó Curnáin. Nuair a bhíonn muid ag déileáil le suíomh dhátheangach, tá a fhios ag na finnéithe go léir cén deireadh a bhíonn le sin. Mar sin, an bhfuil na heagraíochtaí sásta go mbeadh coláistí oiliúna Gaeilge ann agus an mbeadh siad sásta sin a mholadh?

Tá Billí teanga againn agus tá an Ghaeilge aitheanta san Eoraip. Tá cuimhne agam ar an tUasal Ó hÉallaithe ó 1988 agus tá sé go deas go bhfuil TG4 anseo os ár gcomhair de thairbhe an fheachtais a bhí ann an uair sin. Labhair an tUasal Ó hÉallaithe ar theorannacha na Gaeltachta agus is cinnte gur ceist chonspóideach pholaitíochta atá ansin. Aontaímid go léir leis. Thagair sé don mhéid a bhí le rá sa straitéis faoi seo, thug an straitéis catagóirí éagsúla don teanga bunaithe ar theorainn contae rud atá ar neamhthoil ar cheantair Gaeltachta áirithe. Tá mo cheantar féin, Rann na Feirste, a bhfuil clú agus cáil air ó thaobh na Gaeilge, i gcatagóir B agus tá a fhios ag an saol mór nach bhfuil sin ceart ná cruinn na cóir. An mbeadh na finnéithe sásta go mbeadh na catagóirí bunaithe ar ceanntracha scoile a thabharfadh pictiúr níos cruinne ar labhairt na teanga sa cheantar ná ar teorainn ceantar ionas gur féidir le Gaeltachtaí beaga, móra, láidre agus laga a bheith taobh le taobh? B'fhéidir gurbh fhiú leasú a dhéanamh ansin.

Táim ag teacht chun deiridh mar tá a fhios agam go bhfuil gach duine ag iarraidh teacht isteach. Sílim go bhféadfadh scéim labhairt na Gaeilge a bheith fiúntach. An aontódh na finnéithe dá mbeadh níos mó airgid le fáil don scéim sin agus é á thabhairt amach ar bhunús Ghaeilge an teaghlaigh do chainteoirí dúchais, go meallfadh sin iad leis an Ghaeilge a bheith acu ón tinteán. Mar atá ráite san alt san The Irish Times, tá difir idir na cainteoirí dúchais agus lucht foghlama. Tá creidiúnt agus aitheantas mhór ag dul do lucht foghlama, ach sílim ag an am céanna go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh tobar de fhíor chainteoirí ann agus go mbeadh níos mó daoine ag iarraidh an chaighdeáin sin a bhaint amach.

Maidir leis an méid a bhí le rá ag Ms Muller faoi Tuaisceart na h Eireann agus na deacrachtaí speisialta atá acu ansin, chuir sí cúpla moltaí chun tosaí agus dúirt sí go mbeadh sé go deas dá mbeadh an straitéis seo ag baint leis an tír ar fad. Cad é go díreach gur féidir linne a dhéanamh ag an phointe seo fá choinne cuidiú leo an teanga a chur chun cinn sa Tuaisceart. Beidh finnéithe ó Fhoras na Gaeilge ag labhairt díreach i ndiaidh na ceisteanna seo. Sin iad mo cheisteanna. Is lá mór é. Tá anailís ar dóigh déanta ag na heagraíochtaí a bheidh ina chuidiú mór dúinne. Níl a fhios agam cé a rinne pointe i dtaobh an cur i bhfeidhm, ach tá an cur i bhfeidhm iontach tábhachtach. Tá sé cosúil leis an seomra ranga. Is féidir leis an ceacht a thabairt amach, ach caithfear é a chur i bhfeidhm agus caithfidh sé bheith céimnithe. Bhí lúcháir orm go ndúirt duine éigin faoin cur i bhfeidhm, nach amháin go mbeadh sé fágtha faoin Rialtas ach go mbeadh sé fágtha faoin Oireachtas, an Dáil agus an Seanad, agus go mbeadh ról againne le scrúdú a dhéanamh ar an dul chun cinn ó bhliain go bliain. Straitéis 20 bliain atá ann. Tá uair na cinniúna ann. Mar dhuine as an Ghaeltacht, muna n-éiríonn leis an straitéis seo, is beag dóchas atá agam go mbeidh an Ghaeltacht ann faoi cheann glúin nó dhó eile.

Cuirim fáilte roimh na grúpaí atá anseo inniu. Mise a mhol an teacht le chéile seo ag an gcoiste mar cheap mé más rud é go bhfuil todhchaí don straitéis, caithfidh gach éinne bheith ag comhoibriú agus tá sé níos tábhachtaí go mbeadh an díospóireacht ann anois ná níos déanaí. Tá mé den tuairim freisin nach cóir críochnú le cruinniú amháin, is ceart teacht ar ais cúpla uair leis na grúpaí céanna agus féachaint cad díreach atá ag teacht chun tosaigh as na moltaí a bhí curtha ós ár gcomhair inniu. Mar sin, tá mé ag moladh freisin go dtiocfaidh caipéis ilghabhálach ag teacht as an gcruinniú seo leis na moltaí ar fad curtha le chéile, go mbeadh seans ag na grúpaí agus againn féin staidéar a dhéanamh ar na moltaí sin agus go dtiocfaidh na grúpaí ar ais arís. Toisc go bhfuil an rud chomh cuimsitheach seo, ní leor labhairt faoi uair amháin.

Mar a dúradh cheana féin, cruinniú stairiúil é seo. Tá inneall na gluaiseachta sa seomra seo agus tá sin thar a bheith tábhachtach. Táimid go mór faoi comaoin ag TG4 toisc go bhfuil an cruinniú seo á chraoladh beo. Beidh éad ar an coistí eile nach bhfuil an scéal amhlaidh leo. Cothaíonn sin an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge, go bhfuil tús áite againn maidir leis seo. Ba bhreá liom smaointe a fháil ó na grúpaí faoi sin, go mbeidh teacht le chéile nó dhó eile againn chun an t-ábhar seo a phlé.

Ní raibh riamh aon ábhar a bhfuil suim chomh mór sin ann agus atá inniu. Níl agam sa charn seo i mo lámh ach leath de na caipéisí atá tar éis teacht isteach. Táim cinnte go bhfuil gach grúpa tar éis an-chuid ama a chaitheamh air seo. Ba chóir go mbeadh an tAire agus an Rialtas sásta go bhfuil an réamh-ullmhúchán sin déanta. Tá sé tábhachtach dúinne aird a thabhairt ar an obair sin más rud é go bhfuil muid dáiríre faoi seo.

Tá sé deacair tabhairt faoi gach tuairim. Tá súil agam go mbeidh seans agam féachaint ar na moltaí agus freagraí a thabhairt dóibh. Caithfimid smaoineamh go bhfuil an-chuid páirtnéirí i gceist ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge. Dé ghnáth bímid ag díriú ar an Stát agus tá sin tábhachtach, leis an córas oideachais agus mar sin. Tá na meáin chumarsáide thar a bheith tábhachtach. Tá sé dochreidte go bhfuil nuachtáin laethúla gach lá gan focal amháin Gaeilge iontu. Ag an am céanna, cuid de na nuachtáin chéanna, agus níl mé ag caitheamh anuas air seo, in ann colún a chur ar fáil do dhreamanna atá tar éis teacht isteach sa tír ina dteanga féin. Tá na meáin, seachas The Irish Times, a mbíonn colún rialta ann, agus tá an-áthas orm go bhfuil Foinse ar an saol. Tá áthas orm freisin go bhfuil sin á scaipeadh mar atá leis an Irish Independent már tá seans againn go léir sin a fháil. Caithfimid labhairt leis na méain chumarsáide i gcoitinne. Mura mbíonn na meáin chumarsáide taobh thiar den obair atá ar siúl, ní bheidh aon dul chun cinn ann. Chruthaigh Raidió na Gaeltachta agus TG4 an tábhacht a bhaineann leis na meáin chumarsáide. Mar a dúirt an tUasal Ó hÉallaithe nuair a tháinig sé isteach den chéad uair ag caint faoi Teilifís na Gaeilge, bhí a lán ag caitheamh anuas air agus ag rá nach raibh sin indéanta. Ní ámhain go raibh sé indéanta, spreagtar sinn go léir anois, daoine a rá nach bhfuil stáisiún teilifíse níos fearr anois ná TG4. Tá sin á rá ag an-chuid daoine, daoine atá ar bheagán Gaeilge ina measc. Nach iontach an rud go bhfuil an scéal amhlaidh?

Caithfimid aird a thabhairt ar na heagrais dheonacha. Mar iar-thimire le Conradh na Gaeilge, ag saothrú le Tomás Mac Ruairí, ag gabháil timpeall na tíre, thuig mé an tábhacht a bhí le gluaiseacht a bhí préamhaithe i measc an phobail. Na heagrais atá ag saothrú na Gaeilge le blianta fada anuas, tá siad fós ag teastáil. Tá áthas orm go bhfuil sé luaite sa straitéis go bhfuil sé i gceist ag an Rialtas an tacaíocht atá á tabhairt aige do na heagraíochta sin a neartú. Tá súil agam go dtarlóidh sin.

Má fheictear siar ar na 1970í agus 1980í, bhí an-chuid daoine beagáinín amhrasach faoin Ghaeilge agus bhí daoine eile a bhí frith-Ghaeilge go hoscailte. Bhí eagras ag an am a tháinig amach i gcoinne na Gaeilge. Tá athrú ar an saol sin anois agus tá dea-thoil ann don Ghaeilge. Is féidir linn rud cinnte a dhéanamh faoi sin ach gan na heagrais dheonacha, ní bheadh stádas oifigiúil ag an Ghaeilge sa AE i láthair na huaire. Na heagrais dheonanch a thóg an obair sin orthu féin. Bhí 30 nó 40 bliain againn nuair nach raibh an stádas sin ann ach tá sé ann anois.

Is iontach an obair atá déanta ag na Gaelscoileanna. Caithfimid bheith cinnte ó thaobh cúrsaí oideachais go bhfuil seasamh faoi leith ag na Gaelscoileanna. Bhí díoma orm go raibh coimhlint ann maidir le Gaeilge amháin a bheith sna Gaeilscoileanna agus go raibh Béarla le bheith á bhrú nuair nach raibh aon staidéar déanta le cruthú go raibh gá leis sin. Bhí díoma agam go raibh neamhaird déanta ar an obair iontach a bhí déanta ag na Gaelscoileanna agus nach raibh comhchaint ar siúl idir an Roinn agus na Gaelscoileanna níos mó ná mar a bhí. Gan na heagrais a bhí taobh thiar de na Gaelscoileanna, ní bheadh aon chabhar acu.

Tá rud tábhachtach tar éis tarlú o thaobh stair na Gaeilge — Foras na Gaeilge. Toisc go bhfuil foras ann don oileán ar fad, tugann sin stádas faoi leith don Ghaeilge. Deirtear anois go bhfuil an obair is fearr ó thaobh na Gaeilge de ag tarlú sa Tuaisceart. Molaim Foras na Gaeilge toisc an obair atá déanta aige. Bhí sé i gcónaí ar fáil do no heagrais, do dhaoine pearsanta, chun labhairt leo agus chuir sé urraíocht ar fáil nuair a bhí géarghá leis sin. Bhí sé sásta bheith neamhspleách nuair a bhí gá leis sin más rud é go raibh cúrsaí á bple maidir leis an Stát. Tá súil agam le Foras na Gaeilge go mbeimid in ann sin a néartú ar fud an oileáin ar fad. Is daoine atá ansin san fhoras ag bhí ag saothrú chultúr na Gaeilge iad fein agus is maith an rud go bhfuil an cinnireacht sin ann. Tuigeann Foras na Gaeilge na rudaí atá ag teastáil ó ghluaiseacht na Gaeilge agus obair na Gaeilge.

Is í an Ghaeltacht an rud is tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge de. Má thagann meath ar an Ghaeltacht, beidh an cath caillte ar shlí. Ní hionann sin agus a rá nach bhfuil sé tábhachtach go bhfuil an Ghaeilge á húsáid go forleathan ach má theipeann ar an Ghaeltacht, nó má tá laghdú uirthi, ní bheidh in ann a thaispeáint gur féidir saol iomlán a chothú tríd an Ghaeilge. Tá súil agam sa straitéis nach bhfuil sé i gceist Údarás na Gaeltachta a laghdú, go mbeidh níos mó plé maidir leis sin. Níl me ag rá nach cóir don údarás bheith ag plé leis an Ghaeilge i gcoitinne, ach fós tá súil agam go mbeidh foras cosúil le hÚdarás na Gaeltachta in ann aire a thabhairt don Ghaeltacht.

Tá áthas orm go bhfuil fáilte réasúnta leathan curtha roimh an straitéis. Tús maith é sin. Is féidir linn roinnt athruithe a dhéanamh ar an straitéis agus feabhas a chur leis. Tá muid ag tosnú ar an mbonn gur féidir linn glacach leis mar an chéad chéim. Ansin is féidir leanúint ar aghaidh.

Tá súil agam go mbeidh an Cathaoirleach in ann smaoineamh ar theacht le chéile eile nó dhó nuair a bheidh seans againn na moltaí atá os ár gcomhair a plé le féachaint an tslí is fearr iad a shnaidhmeadh leis an dreacht atá ann faoi láthair.

Beidh cruinniú eile ag an gcoiste chun bualadh leis na heagraíochtaí atá lonnaithe sna Gaeltachtaí éagsúla. Is ceart dúinn smaoineamh faoi cén ionadaithe an choiste a bhualfaidh leis na heagraíochtaí sin ar a bhfód féin, thíos i gConamara is féidir, ach pléifimid sin ag an gcruinniú príobháideach.

Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom fáilte a chur romhaibh go léir as ucht teacht anseo chun an cheist thábhachtacht seo a phlé. Fáiltím freisin roimh fhoilsiú na dréachtstraitéise. Mar ábhar oibre, tá an straitéis cruinn agus tá na cuspóirí soiléir. Ta lochtanna ann chomh maith ach táim cinnte go gcuideoidh an próiseas seo le hullmhú na straitéise féin.

Mar Sheanadóir agus pholaiteoir, bíonn dualgais ormsa polasaithe a phlé, díospóireacht a dhéanamh futhu agus go minic iad a dhiúltú nó a ghlacadh. Ní mór dom á ra go bhfuil deis againn anseo buille a tabhairt ar son thodhchaí ár dteanga.

An locht is mó atá ar an dreachstraitéis, go hairaithe i gcomhthéacs na géarchéime eacnamaíochta atá againn faoi láthair ná nach bhfuil aon chostais luaite le haghaidh chur i bhfeidhm an phleain seo, fiú amháin do na blianta beaga atá romhainn. Chomh fada is a bhaineann sé liomsa, tá cuma ar an scéal nach bhfuil toil ag an Rialtas seo infheistíocht a chur sa teanga. Tá fianaise de seo le feiceáil sa bhuiséad don Roinn Gnothaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta. Cosnóidh sé na milliúin chun an straitéis seo a chur i bhfeidhm ina iomlán agus mura dtiocfaidh athrú mór ar dhearcadh an Rialtais i dtaobh na Gaeilge de, nílim dóchasach go tharlóidh aon dul chun chinn in aon chor.

Tá an-chuid luaite ar maidin maidir le feidhmiú Údaras na Gaeilge mar atá sé leagtha amach sa dreachtstraitéis. Aontaím leis an méid a luaigh an tUasal Mac Ruairí sa chás seo. Tá muintir na Gaeltachta go háirithe buartha go mbeidh tionchar diúltach ar chúrsaí fostaíochta ina gceantair féin má chaillfidh an t-údarás freagracht ar chúrsaí fiontraíochta. Bheadh sé deacair a samhlú an IDA nó Enterprise Ireland ag gníomhú ar son áiteanna in iarthar Chiarraí nó tuaisceart Thír Chonaill. De réir mar atá cloiste agam inniu is léir go bhfuil comhaontú ar an ábhar seo.

I dtaobh an oideachais de, ta moltaí réasúnta ciallmhara luaite. Dár ndóigh beidh costais ag baint leis na moltaí sin. Tá dearcadh an Rialtais sa chás seo feicthe i mBaile an Bhuirne, leis an easpa dul chun chin ar an ionad oideachais náisiúnta atá geallta le hocht mblian anuas. Más siombail é an suíomh sin ar an thoil atá ag an Rialtas seo i dtaobh fhorbairt na teanga, is olc an scéal é agus ní treoir mhaith í don straitéis seo. Bheadh suim agam tuairimí na ngrupaí uilig atá anseo inniu ar an ábhar seo a cloisteáil.

Glacaim go mbeidh deiseanna eile againn ar an gcoiste an t-ábhar seo a phlé agus gabhaim buíochas leis na toscaireachtaí go léir as ucht na moltaí atá curtha i láthair acu inniu.

Cuirim fáilte roimh gach éinne. Cuirfidh mé cúpla ceist as Gaeilge agus cúpla eile as Béarla.

Bhí Gaeilge cuíosach maith agam tráth. Bhí mé i meánscoil ina raibh gach ábhar as Gaeilge, including Latin. D'fhreastal mé ar Choláiste na hOllscoile i nGaillimh ina raibh na hábhair a rinne mé, fisic agus ceimic, trí Ghaeilge. Tá cuid mhór den Ghaeilge caillte agam mar ní raibh seans agam cleachtadh leis na blianta. What can be done to encourage people like me to retain Irish as a medium for communication, friendly conversation and everyday exchanges? Tá trua mór orm go bhfuil mo chuid Ghaeilge caillte agam thar na blianta.

The key point mentioned relates to education and the bringing forward of Irish started in the bunscoileanna through the meánscoileanna. Pointe amháin a rinne Conradh na Gaeilge faoi teacher training, go bhfuil an caighdeán ansin an-tábhachtach. Cad is féidir a dhéanamh chun sin a ardú agus cén tacaíocht ar mhaith leis na finnéithe a fheiceáil?

Dúirt Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil géarchéim theanga sna ceantair is láidre Gaeltachta le formhór an aoisghrúpa idir 16 agus 18 bliain d'aois ar cainteoirí dúchais iad iompaithe ar an mBéarla mar theanga cumarsáide eatarthu féin. Cad is féidir a dhéanamh faoi sin?

Tá brón orm nach bhfuil mo Ghaeilge chomh maith sin chun ceisteanna a chur trid an Ghaeilge. Tá mé ag foghlaim i dTeach Laighean gach seachtain le Máire Breathnach. Beidh mé líofa lá éigin.

I welcome the delegates. I have a great interest in the Irish language. I had an indifferent education in learning Irish in primary school. If one does not build the foundations in primary school, it is much more difficult to pick up the pieces in secondary school. The strategy is aimed at people like me who want to study. Chaith mé coicís sa samhradh ansin i mBaile an Fheirtéaraigh ag foghlaim na Gaeilge. Tá suim agam sa teanga; therefore, it is people like me who want to be able to speak fluently in Irish, engage socially and do our work in the Houses through Gaeilge.

The strategy is good but there are some areas on which I would like to hear the opinions of the delegates. As a businesswoman I am worried that the emphasis in Údarás na Gaeltachta on developing jobs might shift if a new údarás na Gaeilge was used simply to push the strategy. We do not need to lose the emphasis on job creation, particularly in Gaeltacht areas.

The strategy is ambitious in terms of the numbers who speak Irish. From where do the figures come? Are they over the top or are they realistic numbers that the strategy proposes to achieve? An independent evaluation of the strategy is necessary. What are the views of the delegates in that regard? Perhaps the Official Language Commissioner might undertake such an evaluation.

If I telephone the Revenue Commissioners, it is nice to have a choice of conversing in Irish or English. There is no automatic flood of Irish; there is a very nice question asking if the person would like to speak in Irish or English when looking for his or her P60 or P45, there is a choice. Perhaps other Departments should follow suit in order that it does not intimidate those of us struggling to get back using the language. Such support is important.

I congratulate Fiontar from DCU on its work. We should invite its representatives to the committee to get their views.

Cuirim fáilte roimh ár gcairde uilig as na heagraíochtaí difriúla Gaeilge ar fud na tíre. Cuirim fáilte fosta roimh na daoine a chuir caipéisí chugainn, grúpaí Gaeilge agus oideachais, agus a chuir a gcuid tuairimí faoin straitéis 20 bliana, cuid acu ag teacht as mo cheantar féin, grúpaí pobail dheonacha agus a leithéid. Tá sin mar thacaíocht mhór dúinn agus sinn ag plé na ceiste seo tráthnóna.

Cuirim féin fáilte roimh an straitéis seo. Seo an fhís cheart. Tá fadhbanna agam ó thaobh na straitéise de agus ó thaobh an próisis toisc nach bhfuil a fhios againn go díreach cad é an próiseas a bheidh ann leis an straitéis a chur i bhfeidhm. Cuirim fáilte roimh an méid a dúirt an Cathaoirleach maidir leis na grúpaí Gaeltachta, tá sé an-tábhachtach go mbeidh deis againn sin a phlé.

Cé go bhfuil an tAire ag rá nach ligfidh sé do sheal fada díospóireachta agus go bhfuil sé ag iarraidh brú chun tosaigh leis seo, tá sé tábhachtach go nglacfaimid ár n-am agus go bhfaighimid ceart é. Tá an tAire ag plé na gceisteanna seo le 10 mbliain. Tá go leor coimisiúin agus tuairiscí agus a leithéid ann ach níl a dhath déanta. Anois tá an straitéis againn i ndubh agus bán agus ba cheart go mbeidh seo mar dheis againn agus ag na grúpaí eile an plé ceart agus an staidéar cuimsitheach atá de dhíth ar straitéis seo a dhéanamh.

Aontaím gur ceist Rialtais é seo ach beidh muid ag dul an dóigh chontráilte má ghlacfaimid leis an dóigh atá an Rialtas ag smaoineamh faoi seo. Caithfidh gur ceist don phobal agus ceist do no páirtithe uilig é. Má tá straitéis ann le haghaidh 20 bliain, seo an cheist is tábhachtaí a bhfuil an Rialtas ag baint leis ag an phointe seo. Tiocfaidh feabhas ar chúrsaí eacnamaithe sa tír ach mura ndíreoimid isteach ar cheist na Gaeilge anois láithreach, beidh sé i bhfad níos deacra i gcúig bliana rudaí a chur i gceart. Caithfimid bheith cinnte, cibé Rialtas a bheidh i bhfeidhm i 10 mbliain, go bhfuil sé dáiríre ó thaobh na straitéise seo. Caithfidh aontú a bheith ann idir na páirtithe, na páirtnéirí agus na grúpaí pobail. Beidh orainn am a ghlacadh chun sin a chur i bhfeidhm.

Maidir leis an structúr atá leagtha síos sa phlean ó thaobh an chláir ama, feictear i gcéim 2 go bhfuil sé sa cheathrú bliain. Cuid mhór de na rudaí atá beartaithe, ní bheidh siad déanta go dtí 2013. Má amharcaimid ar an staidéar teangeolaíochta ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, cuireadh an staidéar sin faoi bhráid an Rialtais dhá bhliain ó shin agus dúradh ann nach raibh fágtha ag an Ghaeltacht is láidre ach 15 bliana mura gcuirfear i bhfeidhm na moltaí sa straitéis sin. Ag amharc ar an chlár ama atá leagtha síos anseo, ní chuirfear i bhfeidhm cuid de na moltaí seo sa Ghaeltacht go dtí 2013. Táimid ag cailleadh an ama sin. Cuid de na moltaí, ní chuirfear i bhfeidhm iad go dtí 2015. An fhadbh atá agam ná gur féidir cuid de na rudaí seo a dhéanamh i mbliana agus nach bhfuil se beartaithe sa phlean sin a dhéanamh.

Ceann de na samplaí anseo na luath-thumoideachas, rud a bhfuil mé go mór i bhfábhar. Cuirim fáilte roimh cinneadh an Aire inniu le tarraingt siar ón chosaint a bhí an Stát a thabhairt sa chás cúirte a ghlac gníomhairí teanga in éadan an Stáit cionn is go raibh sé ag iarraidh deireadh a chur ar luath-thumoideachas. Má amharcaimid ar cad é atá beartaithe sa phlean ó thaobh páirt-thumoideachas, cén fáth go bhfuil sé sa phlean gurbh é an sprioc ná i gcéim 3, 2025 ar aghaidh, go mbeidh an dara ábhar á theagasc trí mheán na Gaeilge do gach dalta? Is am iontach fada é sin leis sin a bhaint amach. Má táimid dáiríre agus ag iarraidh ábhar amháin eile sna bunscoileanna, agus caithfimid admháil go bhfuil níos mó ná 9,000 dalta ag an phointe seo á dteagasc gan dara ábhar fríd an Ghaeilge. Nílimid ag toiseacht ó áit nach bhfuil sé ag tarlú ar chor ar bith. Tá sin ag tarlú agus mar sin cén fáth go bhfuilimid ag rá go mbeimid in ann sin a bhaint amach do gach dalta i gceann 15 bliain? Tá na spriocanna ama ró-fhada mar tá géarchéim ann ag an phointe seo.

Ó thaobh na Gaeltachta de, tá neamart á dhéanamh ar an Ghaeltacht nuair atá ceist Údarás na Gaeltachta agus údarás na Gaeilge le réiteach. Ní thabharfainn tacaíocht leis an mholadh atá ann faoi sin. Má dhéanaimíd sin, támuid ag laghdú stádas na Gaeltachta agus an tacaíocht a bhaineann léi. Caithfimid a admháil i measc seo uilig gur ceann de na rudaí is tábhachtaí maidir le hÚdarás na Gaeltachta ná go bhfuil sé ag cruthú post agus ag ligean do dhaoine postanna a fháil agus fanacht sa Ghaeltacht. Má amharcaimid ar cad é atá ag tarlú le cúpla bliain le hÚdarás na Gaeltachta agus an Rialtas seo, tá an Rialtas ag tachtú an údaráis agus tá polasaí ann, is é mo thuairim, deireadh a chur leis agus nach mbeidh na cúraimí fiontraíochta ag an údarás. Má amharcaimid ar an airgead atá aige i mbliain, bhí an-chuid den airgead sin ceadaithe anuraidh. An bhfuil gá le húdarás faoi choinne na Gaeltachta fein? Tá agus tá bord eile de dhíth faoi choinne na Gaeilge agus faoi choinne cúraimí atá sa phlean seo a chur i bhfeidhm ar fud an oileáin ar fad.

Is é an sprioc atá ag an phlean ná líon na gcainteoirí laethúla a ardú go dtí 250,000. Níl sprioc faoi leith leagtha síos faoi líon na gcainteoirí sa Ghaeltacht a ardú agus ba cheart go mbeadh sin ann. Cé mhéad acu sin a bheidh sa 250,000 atá mar sprioc sa phlean?

Tá sé beartaithe go mbeidh ról níos lárnaí ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta i scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge. Cuirim fáilte roimhe seo toisc go bhfuil go leor airgid á chaitheamh ar an scéim sin agus gur comhlachtaí príobháideacha an-chuid acu agus go bhfuil caighdeáin éagsúla idir na coláistí ar fud na tíre. Cad é atá déanta ag an Roinn Oideachas agus Eolaíochta anuraidh? Chonaic muid gur laghdaíodh an t-airgead a thug sí do na coláistí. An rachadh an Roinn in éadan na scéime féin? Tá muid ag cluinstin inniu go bhfuil níos mó coinníollacha á gcur ar mhná tí agus go gcaithfidh siad níos mó costais a íoc mar tá an tAire ag rá go mbeidh ciorruithe do thacaíocht na mban tí. An bhfuil an Roinn Oideachais agus Eolaíochta báúil don Ghaeilge? An gcuireann sí níos mó bac sa chóras seo ná tacaíocht?

Labhair cúpla duine faoi mhaoirseacht agus an plean atá ann go mbeadh maoirseacht á dhéanamh ag coiste Rialtais leis an Taoiseach mar chathaoirleach. Ní cinneadh maith sin mar tá an staidéar teangeolaíochta ar úsáid na Gaeilge ag an choiste sin le dhá bhliain agus is é an Taoiseach cathaoirleach an choiste sin. Chosnaigh sin €500,000. Caithfidh gach páirtí a bheith mar pháirt de seo. Seo an coiste a ba cheart maoirseacht a dhéanamh go mbeadh sé sofheicthe ag an phobal caidé a bheadh ag tarlú. Bheimis in ann ceisteanna deacra a chur agus, dá mbeadh moladh ann, sin a chur os comhair an phobail fosta, agus bheimis ábalta grúpaí a thabhairt isteach.

Níl móran béime sa phlean seo maidir leis an tacaíocht is féidir leis an Stát seo a thabhairt ó thaobh na Gaeilge de ó Thuaidh. Tá go leor áiteanna arbh fhéidir níos mó chomhoibrithe a bheith ann, go háirithe sna scoileanna agus sna Gaelscoileanna. Is féidir leo comhoibriú a dhéanamh ar chaighdeán na Gaeilge do na múinteoirí agus rudaí eile mar sin. Má táimid chun moltaí a chur i bhfeidhm sna Fiche-Sé Chontae, ar nós an moladh chun caighdeán na múinteoirí a ardú, ba cheart dúinn a chinntiú go bhfuil na moltaí céanna mar pháirt don phlean sna Sé Chontae freisin. Ba chóir go mbeadh comhráití ó Thuaidh agus ó Dheas maidir le plean faoi leith a chur i bhfeidhm ionas go mbeidh na moltaí atá anseo curtha i ngníomh ar bhonn uile-oileánda.

I welcome the members of the various delegations. I am glad the Chairman said that other groups which are not represented today will be invited to address the committee. It would be wrong to exclude any group that wants to make its views known to the committee and to the Minister.

I welcome the announcement of the strategy. It was promised in 2006 and we are now in 2010. Is the Government committed to finishing the process and making the strategy work? We have to learn from the past. We should not pretend that all is well, because all is not well. I am aware from my experience of the educational system that the approach taken in the past did not work. They tried to beat Irish into me, but it did not work. We need to consider different ways of educating and teaching. We have to teach those who are teaching the teachers. We should consider different ways of teaching the Irish language.

Although I do not speak Irish, I want to support the language and those who love it. Every one of the delegates in attendance has a love of the language. I agree with two of the points made by Mr. Ó hÉallaithe. The biggest single mistake the Minister could make would be to take responsibility for employment creation from the údarás. If there is no employment in Gaeltacht regions, people will not live and speak Irish there. If the Minister wants to establish another board to support the Irish language, that is fine. I would welcome that. However, he should not demolish what is already there. Enterprise Ireland and IDA Ireland have already failed rural Ireland and the bigger towns. It will certainly not be a priority for them to bring employment to Gaeltacht areas. I have complained about certain faults with the údarás. I want it to do the job it has been asked to do, which is to ensure that people can find employment and education in Gaeltacht areas.

As a representative of a county that has three Gaeltachtaí, I assure Mr. Ó hÉallaithe that I am a little worried about some parts of the Gaeltacht. If the Irish-speaking test that was mentioned were to be carried out, I think Ceathrú Thaidhg is the only one that would remain as a Gaeltacht. That would be a big mistake. There are many very good Irish speakers in places like Acaill and Eachléim. We should work from the base that exists, for example by asking such people to teach Irish and encourage people to use the language.

As regards gaelscoileanna, I hope we avoid the failures of the past. I am in favour of gaelscoileanna. I am working to try to get a new gaelscoil in Westport. I understand that the contract will be signed in the next few days. When a child is sent to a gaelscoil, the family unit needs to be helped and supported at home. Some parents who want their children to be taught through the medium of Irish are very good Irish speakers but others are weak enough. If we do not strengthen the Irish language ability of the latter group, we will have problems.

I would like to speak about TG4 and Raidió na Gaeltachta. Since its establishment, TG4 has done more for the Irish language than any other body. I watch TG4 programmes like "Ros na Rún" on a regular basis although, to be honest, I use the subtitles. I used to love "CU Burn", which was about an undertaker. It was my favourite programme. I used to go home especially to watch it. I do not know why I liked it so much. TG4 is a little like the local radio stations in the sense that it provides a local television service in a national way. I compliment those involved in the station and will support them in any way I can. I agree with the proposal in the strategy that TG4 should get some funding from the television licence fee. It should be supported and strengthened. It is doing a good job.

There was a time when I did not listen to Raidió na Gaeltachta very often, but I listen to it more now that it has started playing music in English, with requests in Irish, which was a good decision. If one is to get young people to listen to the radio, one will have to play pop songs. If they listen to such music on Raidió na Gaeltachta, they will hear the presenters talking Irish and will be encouraged to do likewise.

There is no point pretending that the efforts of the last 75 years have worked. If they had worked, we would not be here today to talk about the strategy for the future of the Irish language. I ask those appearing before the committee to promote the language, for example by fighting to make sure the Minister, Deputy Ó Cuív, and the Government as a whole do not take as long to adopt the strategy as they did to produce it. The strategy was first promised in 2006. While I accept it will take time for people to make their views known, I would like a timeframe for Government action to be set out so that we are not still here in ten years' time saying that the Gaeltacht areas and the Irish language are dying. I do not want that to happen. The gaelscoileanna are making the Irish language stronger. If one targets young people through the education system, it will work.

I wish the representatives of the various organisations well. There is a great deal of goodwill for their efforts, which has not always been the case. If one tries to do something compulsorily, it will not work. The people of Ireland tend to resist anything that is compulsory. The British spent 50 years telling us how to run our own country, although we might not have been making a great job of it. One has to encourage people. When people were compelled to learn Irish in school, they reneged on it. We have learned from that. We have to move forward.

Deputy McGinley and I deal with some of the agencies that are represented here today. I compliment the Deputy, who has been pursuing this matter for a long time. Nobody can deny that he is strongly committed to the Gaeltacht, the Irish language and to the various agencies. He has kept me and other people in line, in relation to the Irish language. I compliment him on the job he has done.

I wish the witnesses well. I hope this strategy works. It is important that we have a strong Irish language. I would love to be able to speak it. I am sure TG4 and Raidió na Gaeltachta would also love if I could speak it because I would be able to appear on those stations more often.

Go raibh maith agat. Fuaireamar straight talking ón Teachta, mar is gnách. Táimid faoi bhrú maidir leis an am. Le cead an choiste, tógfaimid ráitis ó TG4 agus Foras na Gaeilge i gceann nóiméid. An bhfuil sé sin aontaithe? Aontaithe. Gheobhaimid na freagraí le chéile. Tar éis dom éisteacht leis na Teachtaí agus na Seanadóirí, ba mhaith liom dhá phointe a dhéanamh. Ar nós na Teachtaí Upton agus White, níl an Ghaeilge agam ón gcliabhán. Nuair a théim go dtí Conamara, Inis Oírr nó Inis Mór, tagann na focail a bhí agam i m'óige thar n-ais chugam. Is ceist thábhachtach í sin. Tá atmaisféar deas i gConamara. Bíonn daoine ag cabhrú liom. Ceapaim go bhfuil dualgas ar dhaoine ar nós mé féin agus na Teachtaí Upton agus White an teanga a roinnt leo siúd nach bhfuil líofa agus cabhrú leo í a labhairt. Tá sé an-tábhachtach go gcuirfear fáilte roimh daoine atá ag déanamh iarrachta. Dúirt mé cheana go gcaithfimid béim a chur ar an straitéis a chur i bhfeidhm. Cad a cheapann na gcomhaltaí maidir le ról an Taoisigh sa chomhthéacs sin? Ceapaim go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh ról láidir ag Roinn an Taoisigh chun an straitéis a chur chun cinn.

Mr. Pól Ó Gallchóir

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an choiste as an chuireadh bheith anseo inniu. Tá TG4 sásta tacaíocht iomlán a thabhairt don straitéis. Tá ceithre ghné den straitéis fite fuaite le TG4. Tá sé mar aidhm ag an straitéis go mbeidh pobal, tír agus oiléan dátheangach againn; go mbeidh an Ghaeilge níos feiceálaí i measc saol an phobail; go mbeidh tábhacht ag baint le cúrsaí oideachais; agus go mbeidh tacaíocht an Rialtais ar fáil. Tá na haidhmeanna agus na spriocanna sin fite fuaite leis an bhfís atá ag TG4. Is mian linn ár dteanga agus ár gcultúr a chur chun cinn trí mheán na teilifíse agus ar an Idirlíon, ionas go mbeidh áit lárnach ag an Ghaeilge agus an chultúr i saol phobal an oileán seo agus ar fud an domhain go hiomlán.

An bealach gur féidir le TG4 na haidhmeanna sin a bhaint amach ná seirbhís teilifíse a cur ar fáil atá tarraingteach, nuálach agus a bhfuil caighdeán ard ar na cláracha. Bheadh na cláracha agus an obair sin ag ceiliúradh ár gcultúir, ár spóirt, ár gcuid amhrán agus mar sin de. Sílim gur féidir, trí chláracha mar sin, an pobal a mhealladh agus siamsaíocht agus oideachas a chur ar fáil ag an am céanna. Is é ár sprioc go mbeidh oileán dátheangach againn agus caithfidh TG4 iarracht a dhéanamh deis a thabhairt do ghach pobal agus duine teacht ar an teanga sin — daoine nach bhfuil aon Ghaeilge acu, daoine atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim, daoine atá ar bheagán focal agus daoine atá líofa. Is féidir linn teacht ar bhealaí éagsúla — fotheidil, ceol, spórt agus mar sin de — chun iarracht a dhéanamh an pobal is mó a aimsiú agus a mhealladh isteach i dtreo na teanga. An ról is tábhachtaí atá againne ná a cinntiú go bhfuil an Ghaeilge níos feiceálaí agus i lár an mhargaidh. Caithfimid a bheith féaráilte le gach duine, óg agus sean, ar fud an oileáin seo, ó Thuaidh agus ó Dheas, agus seirbhís a chur ar fáil atá ar chomhchéim agus chomh caighdeán, nó níos fearr ná cainéil agus stáisiúin eile.

Tá cuid mhór ráite faoi cúrsaí oideachais. Tá an t-oideachas fíor thábhachtach, oideachas foirmeálta agus neamhfhoirmeálta. Tá ról neamhfhoirmeálta againne agus is féidir linn an pobal sin a mhealladh, chomh maith le teallaigh agus daoine óga istigh i seomraí suite. Cuirimid fáilte roimh thacaíocht an Rialtais go mbeidh na hacmhainní agus na buiséid ar fáil ionas gur féidir linn na mianta agus na spriocanna sin a bhaint amach.

Mr. Pádhraic Ó Ciardha

Ba mhaith liomsa díriú ar feadh nóiméad nó dhó ar dhá phointe tábhachtacha bunúsacha. Luaigh an ard-stiúrthóir an chéad cheann cheana, an gá atá le comhthéacs siamsúil a chur ar fáil don Ghaeilge. Baineann an dara ceann le struchtúr maoirsithe — an struchtúr a bheidh ann leis an straitéis seo a mhaoirsiú.

Tosóidh mé leis an chomhthéacs siamsaíochta. Tá go leor cainte déanta sa straitéis agus go leor cainte déanta anseo inniu faoi thábhacht an oideachais agus tá saineolaithe ar fáil — cuid acu sa seomra seo — le labhairt leis an gcoiste agus leis an Rialtas faoi sin. An cheist a bheadh agamsa ná nuair a bheidh na hacmhainní sin ar fad curtha ar fáil sa chóras oideachas agus nuair a bheidh an Ghaeilge curtha isteach i gcloigne agus i mbéil na mac léinn, céard a dhéanfaidh siad léi don chuid eile dá saol? Tá sé an-tábhachtach go mbeidh sí istigh ina gcloigne agus iad ag fágáil na scoile nó na hollscoile, ach tá sé tábhachtach freisin go gcuirfimis comhthéacs ar fáil dóibh don teanga atá siamsúil ar feadh an chuid eile dá saol. Nuair a bhí muid ag déanamh aighneachta don phróiseas seo, luaigh muid cúig bheartas a d'fhéadfaí a dhéanamh le comhthéacs siamsaíochta a chur ar fáil don teanga. Ceal ama, ní rachfaidh mé isteach ach i dtrí cinn acu anois.

An chéad cheann ná go mbeadh suíomh nua gréasáin Gaeilge domhanda ann mar phointe fócais don Ghaeilge — one-stop shop mar a deirtear i mBéarla — a bheadh ar chomhchaighdeán leis an suíomh gréasáin is fearr sa domhain. Sin an áit ina bhfuil na daoine óga anois agus is ansin atá siad ag fáil a gcuid eolais agus ag idirghníomhú le chéile. An dara ceann ná go mbeadh seirbhís dhigiteach teilifíse trí Ghaeilge do pháistí, cainéal agus seirbhís iomlán. Tá sin thar a bheith tábhachtach. An triú ceann ná go mbeadh teacht ag craoltóirí na Gaeilge ar na mór-imeachtaí spóirt ar fad ina bhfuil foirne ón tír páirteach iontu. Dá gcuirfeá an trí rud sin i bhfeidhm, cruthódh sin comhthéacs siamsiúil don Ghaeilge a dhéanfadh comhtháthú agus comhiomlánú ar an straitéis oideachais atá luaite.

Luaigh roinnt cainteoirí romham an dara pointe atá agam cheana, ach cuirfidh mise ar an mbealach seo é. Nuair a bunaíodh an t-eagras againne mar eintiteas neamhspleách, bhí go leor pleanála le déanamh, go leor straitéisí le leagan amach agus go leor beartais le comhlíonadh. Rinneadh é sin agus d'éirigh linn an rud a dhéanamh. Ach ní tharlaíonn straitéis gan duine éigin sinsearach, lán-aimseartha a bheith freagrach aisti agus an chumhacht agus an t-údarás ag an duine sin aon easnamh a thabhairt faoi deara agua a chur i bhfeidhm. An smaoineamh pearsanta atá agam air seo ná, gur gá clár bhainisteoir i Roinn an Taoisigh ag a bhfuil an cumas agus an t-údarás glaoch ar aon eagras Stáit, aon eagras poiblí nó ar aon Roinn Stáit agus aon easnamh nó aon leithcheal atá tugtha faoi deara a chur ina cheart. Dar linn, is maith na coistí, comhchoistí agus is deas iad na focail atá ráite faoi TG4 anseo a cloisteáil, agus meabhróimid daoibh iad lá is faide anonn, ach tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an t-údaras ag duine sinseareach, lán-aimseartha an plean seo a chur i bhfeidhm

Mr. Liam Ó Maolmhichíl

Chomh maith liom féin, tá Eoghan Mac Cormaic, leas-chathaoirleach agus Ferdie Mac an Fhailigh, príomhfheidhmeannach, anseo ar son Fhoras na Gaeilge. Ar dtús, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gcomhchoiste as an chuireadh labhairt faoin straitéis 20 bliain. Is é Foras na Gaeilge an foras tras-Teorann atá freagrach as cur chun cinn na teanga ar bhonn uile-oileánda. Tá an foras freagrach don Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Fáiltímid roimh fhoilsiú na straitéise seo. Eascraíonn an straitéis as ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge a foilsíodh i 2006. B'shin an chéad uair le blianta gur cuireadh meon an Rialtais i leith na Gaeilge síos ar phár. Níl aon dabht ach go bhfuil pobal na Gaeilge — idir phobal na Gaeltachta agus an phobal mór lasmuigh den Ghaeltacht, Theas agus Thuaidh, ag súil go mór le feidhmiú na straitéise seo.

Is é an ráiteas misin atá ag Foras na Gaeilge ná: Úsáid na Gaeilge sa saol laethúil a mhéadú. Sin an aidhm atá ag an straitéís féin. Creidimid i bhForas na Gaeilge gur seoid náisiúnta í an Ghaeilge a léiríonn féiniúlacht na nGael agus a thugann dearcadh eile dúinn ar an saol trínár dteanga, ár gcultúr agus ár gceol.

Anois, iarrfaidh mé ar an bpríomhfheidhmeannach leanúint leis an gcur i láthair.

Mr. Ferdie Mac an Fhailigh

Mar atá ráite ag an chathaoirleach, fáiltíonn Foras na Gaeilge roimh fhoilsiú na straitéise agus roimh na ráitéísí dhearfacha atá sa cháipéis faoin fhoras. Is iad na haidhmeanna straitéiseacha atá ag Foras na Gaeilge ná: stádas na Gaeilge a ardú — is é sin an dearcardh atá ag an phobal ar an teanga agus an reachtaíocht, náisiúnta agus idirnáisiúnta, a thugann brí don dearcadh sin; cumas sa Ghaeilge a láidriú — an t-inmhe atá ag daoine a labhairt agus an caighdeán ag a labharaítear í; agus úsáid na Gaeilge a mhéadú — gur seo an ceann is tábhachtaí — cé chomh minic is a úsáidtear an teanga — labhairt, scríobh, éisteacht agus léamh — eadrainn féin agus sna meáin.

Díríonn an straitéis 20 bliain ar na haidhmeanna straitéiseacha céanna ar bhealaí éagsúla. Is straitéis dhúshlánach, uaillmhianach í an straitéis 20 bliain agus glacfaidh sé comhoibriú agus comhtháthú lena cur i bhfeidhm. Leis an chomhoibriú seo, sa bhliain 2030 beidh céim chun tosaigh ollmhór tógtha ag an teanga agus beidh moladh tuillte ag gach duine a chuidigh lena fheidhmiú. Sin gach duine sa tír mar glacfaidh sé tiomantas agus dua ó gach earnáil, idir earnáil an Stáit, an earnáíl státurraithe, an earnáil dheonach agus, ar ndóigh, an pobal féin, idir phobal na Gaeilge agus an phobal atá báúil leis an teanga. Tá Foras na Gaeilge réidh a chion féin a dhéanamh i bhfeidhmiú na straitéise. Táimid ag dúil go mór le comhoibriú leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus le gach páirtí an Fhreasúra leis an straitéis a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go héifeachtúil.

Maidir leis na cinnteidil agus an obair shonrach atá luaite sa dréachtstraitéis, is fiú a nótáil go bhfuil réimse leathan imeachtaí á maoiniú ag Foras na Gaeilge cheana féin a thacaíonn leis na haidhmeanna. Luann an straitéis naisc le húsáid na teanga lasmuigh den scoil. Tá Foras na Gaeilge ag maoiniú sceim na gcampaí samhraidh, faoina maoinítear 26 campa. Sin an líon a bhí ann taobh amuigh den Ghaeltacht i 2009. Tá scéim óige ag an fhoras faoina maoinítear imeachtaí don óige taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá 25 grúpa ar fud an oileáin a chuireann imeachtaí leanúnacha ar fáil leis an mhaoiniú sin. Maidir le naíonáin agus páirt-tumadh, cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil d'Altram agus do Forbairt Naíonraí Teoranta, maoiniú breis agus €1.2 milliún sa bhliain agus bíonn suas le 300 seisiún do pháistí réamhscoile sa tseachtain. Tá straitéis tumoideachais uile-oileánda forbartha i gcomhar leis na páirtithe leasmhara Thuaidh agus Theas don chéad uair riamh. Is é teagasc na Gaeilge buncloch fhoghlaim na teanga agus tá Foras na Gaeilge ag ullmhú Séideán Sí, scéim litearthachta don ghaelscolaíocht agus scoileanna Gaeltachta.

Luadh oideachas múinteoirí. Tá scéimeanna scoláireachtaí ag Foras na Gaeilge le roinnt coláistí oiliúna le caighdeán Ghaeilge na micléinn a ardú. Tá fás tagtha ar an ghaelscoilaíocht agus tá scéim ag Foras na Gaeilge le dhá choláiste oiliúna le modúil ar an ghaelscolaíocht a chur ar fáil. Don chéad uair riamh tá maoiniú ó Fhoras na Gaeilge ag dul do shiollabas aontaithe Gaeilge sna hinstitiúidí triú leibhéal. Tá cúrsa comhtháite aontaithe don chéad bhliain ullmhaithe ag An Mheitheal um Theagasc na Gaeilge ag an Tríú Leibhéal. Tá an siollabas sin don chéad bhliain in úsáid agus tá siollabas bliain 2 á ullmhú. Chuir muid maoiniú ar fáil do Chomhluadar leis sin mar go gcreidimid go láidir i dtábhacht úsáid na teanga sa teaghlach le spreagadh, cuidiú agus tacaíocht a chur ar fáil do naíonraí ar fud an oileáin.

Tá riaracháin, seirbhísí agus pobal luaite sa straitéis chomh maith. Tá séala creidiúnaithe againn agus cuimhní aistriúcháin ullmhaithe againn. Tuigimid tábhacht na meáin. Tá ceithre shuíomh Idirlín a fhaigheann 1 milliún hit sa bhliain maoinithe againn. Tá dhá nuachtán ann, tá tuar-théacs, nó predictive texting agus tá dhá stáisiún raidió. Tá foclóirí riachtanach do thodhchaí na teanga agus táimid bródúil as an obair atá ar siúl againn ar an fhoclóir nua Béarla go Gaeilge agus an obair áta ag an Choiste Téarmaíochta.

Tá an saol eacnamaíochta thar a bheith tábhachtach agus tá an Ghaeilge thar a bheith tábhachtach sa réimse sin chomh maith. Chuige sin, tá sraith de scéimeanna gnó le húsáid na Gaeilge i measc lucht ghnó á mhaoiniú againn.

Sin sámpla den réimse leathan oibre atá ar siúl ag an fhoras. Le deich mbliain anuas, tá tuiscint dhomhain, taithí forleathan agus mioneolas cruinn bailithe againn maidir le fás agus dul chun cinn na Gaeilge. Táimid ag dúil anois leis an taithí seo, mar aon lenár dtiomántas, a infheistiú i bhfeidhmiú na straitéise. Thar aon rud eile, táimid ag súil le straitéis amháin chomhaontaithe ionas gur féidir an comhoibriú a luaigh mé níos luaithe a chur sa tsiúil le go mbainfear amach an fuís agus na spriocanna atá leagtha amach sa straitéis.

Tá lúcháir orm go bhfuil TG4 agus Foras na Gaeilge anseo, dhá eagraíocht a bhfuil cúramaí agus freagrachtaí náisiúnta agus reachtúla orthu. Tá éirithe le TG4 an teanga a thabhairt amach as an seomra ranga agus a thabhairt isteach sa seomra suite agus sa chistin, rud atá an-tábhachtach ar fad. Cad iad na hacmhainní a bheidh de dhíth ar TG4 sa todhchaí amach romhainn faoi choinne a chuid aidhmeanna agus a chuid chuspóirí a chur i bhfeidhm? Dúirt an leasphríomh fheidheamannach go gcaithfidh go mbeidh bainisteoir cláir i Roinn an Taoisigh ag déanamh cinnte go bhfuil an straitéis seo, nuair a bheidh sé críochnaithe, curtha i bhfeidhm. Cad é mar a fheiceann sé an duine sin ag gníomhú?

Cuirim fáilte roimh Fhoras na Gaeilge fosta. Tá cúraimí ó Thuaidh agus ó Dheas air. Cad é mar atá cumarsáid idir an Foras agus Údarás na Gaeltachta? De réir na straitéise, beidh curaimí Gaeilge ar an dhá eagraíocht. Tá sé tábhachtach go mbeidh ábhar leitheoireachta ag lucht na Gaeilge. Tá Foinse ar ais ar an saol, mar a dúirt an Seanadóir Ó Murchú. An bhfuil sé ar intinn go mbeidh nuachtán ar fáil ó Thuaidh agus ó Dheas le cuidiú agus tacaíocht mar a bhí le fáil ag Foinse?

Bhí mé déanach don chruinniú, bhí cruinniú eile agam le baill chomhairlí contae ar Chomhchoiste um Iompar.

An raibh an tAire ann?

Bhí sé ann agus bhí bainisteoirí na gcomhairlí ann freisin agus bhí ceisteanna agam dóibh.

Níl mo Ghaeilge chomh flúirseach agus atá sí ag an Uasal McGinley. Aontaím leis an straitéis. Tá súil agam go mbeidh an Ghaeilge beo i rith an 20 bliain atá ag teacht agus is cóir do na daoine anseo iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a chur ar aghaidh.

Tá na Gaelscoileanna an-mhaith. Tá cúig Ghaelscoil i mo cheantar, Baile Átha Cliath thuaidh. Is é sin an future chun an Ghaeilge a chur i measc na ndaoine óga.

Déanann Foras na Gaeilge agus TG4 obair sár-mhaith. Tá an teanga, cúrsaí spóirt agus cúrsaí cúltúir ceangailte le chéile. Níl Gaeilge ag Michael Ring ach is féidir leis féachaint ar TG4 agus is rud maith é sin. Tá cúrsaí spóirt go sár-mhaith ag TG4.

Cuirim fáilte roimh gach duine anseo agus mo bhrón nach raibh mé anseo don chruinniú go léir. Tá meas don Ghaeilge ag gach duine anseo agus má dhéanaimid an iarracht chun an Ghaeilge a fheabhsú, beidh sí níos fearr i gceann cúpla bliain.

Cuirim fáilte roimh na heagrais agus an obair ar dóigh a dhéanann siad. An pointe sin a d'ardaíodh ó thaobh clár speisialta do dhaoine óga, is cóir sin a bheith a ann, tá siad i measc na rudaí is fearr ag TG4, mar aon leis na spóirt agus na documentaries. Mar athair do bheirt pháiste óga, baineann siad buntáiste mór as na cláir sin.

Tá an Bille Craolacháin ag dul tríd an Dáil, tá cainéil nua digiteacha ag teacht, le cainéil Oireachtais agus scannáin, ach ní bheidh cainéal faoi choinne páistí i nGaeilge. An bhfuil sé molta ag na finnéithe go mbeadh TG4 mar stáisiún úr go huile is go hiomlán?

Tá sé tábhachtach moltaí mar sin a chur roimh an Aire agus leasuithe a dhéanamh don phlean. Mura bhfuilimid in ann sin a dhéanamh, níl anseo ach próiseas comhairleoireachta agus ní bheimid in ann athrú ar bith a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh an deis sin againn, moltaí agus leasuithe a dhéanamh.

Mr. Pádraig Mac Fhearraigh

Tá sé admhaithe ag an Athair Mag Greill, fear a bhfuil an chuid is mó dá shaol caite ag plé cheist na Gaeilge, go bhfuil an Ghaeilge níos láidre in oirthear na tíre anois ná mar atá sí in iarthar na tíre. Mholfainn don chomhchoiste an fhíric sin a phlé go mionn agus na himpleachtaí a éiríonn as sin.

Ag caint anois mar dhuine a rugadh i mBéal Feirste agus a chaith 25 bliain de mo shaol sa Gaeltacht, agus ag teagasc inti, an dóigh is fearr le haois óg na Gaeilge agus na Gaeltachta a mhealladh chun bheith dilís don Ghaeilge ná fostaíocht a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Má tá duine óg in ann a bheatha a shaothrú trí mheán na Gaeilge, fanfaidh sé dílis don Ghaeilge. Tá sé sin cruthaithe againn i mBéal Feirste. Tá go leor daoine óga agus déagóirí ag labhairt Gaeilge ó mhaidin go hóiche, siocair go bhfuil siad ag obair le chéile. Níor chuala mé focal ar bith inniu faoi oiliúnt thionsclaíoch, rud atá de dhíth go mór le haghaidh fostaíochta. Ba chóir don ábhar sin a bheith clúdaithe sa straitéis seo. An bhfuil dualgas ar FÁS oiliúnt thionsclaíoch trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil d'aos óg na Gaeilge sa tír seo?

Mr. Julian de Spáinn

Tá sé thar a bheith soiléir go bhfuil gach éinne anseo taobh thiar den straitéis. Is dócha go bhfuil rud nó dhó ag cur as dúinn, áfach. D'fhéadfainn a rá go bhfuil go leor lúb ar lár sa straitéis. Tá rudaí áirithe le déanamh chun an straitéis a fheabhsú, ionas go mbeidh sé i gceart don chéad 20 bliain eile. D'iarr cúpla duine ceisteanna mar gheall ar an oideachas, mar shampla. Le fada an lá, tá Conradh na Gaeilge ag brú go bhféachfaimid air i mbealach comhtháite. Má athraímid an chaoi ina bhfuil na múinteoirí oilte, cabhróidh sé sin leis an dara ábhar sa bhunscoil. Má táimid ag iarraidh bogadh ar aghaidh go dtí an dara leibhéal, caithfimid dhá chúrsa a dhéanamh don ardteist. Tá rudaí áirithe luaite cheana féin nach bhfuil sa straitéis. Ba mhaith linn go mbeadh leasuithe déanta ar an straitéis.

Caithfimid béim a chur freisin ar úsáid na Gaeilge nuair a théann na daltaí ar aghaidh sa saol mór. Labhair An tUas. Mac Fhearraigh mar gheall ar chursaí sóisialta agus fostaíochta. Tá lúb ar lár eile sa straitéis sa chomhthéacs seo — níl earcaíocht luaite i gceart inti. Ba chóir don earnáil phoiblí daoine le Gaeilge a earcú. Nuair a thagann na daltaí amach os na scoileanna gach lá, breathnaíonn siad timpeall orthu. Feiceann siad nach bhfuil Gaeilge cheart ar na comharthaí bóthair. Níl an stádas oiriúnach i gceist.

Cé go bhfuil neart rudaí sa straitéis nach bhfuil i gceart, is féidir linn iad a leasú go héasca ionas go mbeidh cáipéis inghlactha againn ag an deireadh. Tá súil agam go mbeidh an chomhchoiste in ann na moltaí ar fad atá againn a scrúdú. Glacaim go bhfuilimid ag tús an phróiseas. Labhróimid leis na comhaltaí sa chéad cúpla mí eile, chun go dtuigfidh siad go mion na leasuithe ar fad atáimid ag moladh. Tá an-chuid sa straitéis atá go maith. Tá roinnt lúb ar lár inti, ach is féidir linn iad ar fad a chur i gceart.

Mr. Pól Ó Gallchóir

Caithfimid na daoine a mhealladh i dtreo na teangan agus an chultúir ar bhealaí éagsúla. Ba cheart dúinn tacaiocht a thabhairt do sheirbhísí ar nós teilifíse, oideachais, fostaíochta. Sílim go bhfuil bá ag an phobal don teanga. Bhreathnaigh 3 milliún duine ar TG4 an Nollag seo caite. Mheall na cláracha iad. Tá tacaíocht ag teastáil uainn chun cláracha den scoth, cosúil le "Rásaí na Gaillimhe", "Aifric" agus "Na Cloigne", atá le craoladh anocht, a dhéanamh. Má chuirtear na hacmhainní ar fáil, is féidir linn an caighdeán is fearr a bhaint amach agus a bheith ar chomhchaighdeán leis an saol Béarla agus an iomlán taobh amuigh dúinn.

Mr. Pádraig Mac Criostail

Tacaím leis an méid a bhí le rá ag an Uas. de Spáinn. Tá roinnt sa straitéis atá an-mhaith, ach tá roinnt in anailís na gcomhairleoirí atá níos fearr fós. Tá moladh an-láidir tagtha chun cinn inniu go dtabharfaidh an choiste cuireadh do chomhairleoirí an Rialtais — Fiontar DCU — teacht isteach agus míniú a thabhairt ar bhunús na moltaí a bhí sa leagan a d'fhoilsigh sé i mí Feabhra 2009. B'fhéidir nár mhiste chomh maith breathnú ar an comhairliúcháin a leathnú agus a thabhairt don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. B'fhéidir go mbeadh na hoifigigh ansin in ann míniú níos cuimsí a thabhairt ar céard a tharla ó mí Feabhra 2009 go dtí deireadh mí na Samhna 2009, nuair a d'fhoilsigh an roinn an straitéis. Mar a dúirt an tUas. de Spáinn, tá go leor ceisteanna ag eascairt as dréachtstraitéis an Rialtais.

Luaigh an Teachta McGinley go raibh roinnt mhaith ceisteanna aige faoi idirdhealú na bhfeidhmeanna idir údarás na Gaeilge — mar a bheidh sé, má tá sé le bheith ann — agus Foras na Gaeilge, atá ag feidhmiú faoi láthair sa réimse seo. Tá ceithre fhéidearthacht leagtha amach in anailís na gcomhairleoirí. Tá sé ríthábhachtach go bhfaighidh an coiste an deis an ceithre rogha sin a fhiosrú, le fáil amach an é an rogha atá molta i ndréachtstraitéis an Rialtais an rogha is fearr do chur chun cinn na Gaeilge amach anseo. Fágfaidh mé an phointe sin mar atá sé faoi láthair.

Maidir leis an gcuracham chomhtháite, tá an leanúnachas ó leibheál go leibhéal ríthábhachtach tríd an gcóras oideachais. Is fearr go mór má tá curaclam níos soiléire nó níos chomhtháite ann chun sin a bhaint amach.

Ba mhaith liom pointe amháin a dhéanamh maidir leis an méid a dúirt an Seanadóir Buttimer mar gheall ar an costas a bhaineann leis an straitéis. Níor mhiste breathnú ar na míreanna atá sa straitéis faoi láthair nach bhfuil agus nach mbeidh costaisí ag baint leo, ach go mbeidh tionchar an-dearfach acu ar chur chun cinn na Gaeilge amach anseo. Is é an sampla is fearr de sin ná an moladh inniu go ndéanfaí athbhreathnú ar pholasaí earcaíochta na Státseirbhíse ionas go mbeidh gníomh nó beartas athchothroime — affirmative action, mar a deirtear sa Bhéarla — do chur chun cinn na Gaeilge. Ní bheadh costas dá laghad i leasú ar pholasaí na Státseirbhíse. Dá gcuirfí é sin i bhfeidhm, bheadh tionchar an-mhaith agus sábháil airgid i gceist amach anseo.

Labhair mé faoin idirdhealú idir feidhmeanna fiontraíochta an údaráis. Tá sé ríthábhachtach go gcoinneodh Údarás na Gaeltachta an obair is tábhachtaí atá idir lámha aige faoi láthair — fostaíocht a chruthú i gceantracha Gaeltachta. Cuireann sé sin go mór le íomhá dearfach na Gaeilge, le húsáid na Gaeilge agus le muinín phobal na Gaeilge as todhchaí láidir dóibh trí Ghaeilge. Tá go leor eile a fhéadfainn a rá, ach tá a fhios agam go bhfuil daoine eile ag iarraidh teacht isteach ar an gceist seo. Fáiltímid i gcónaí roimh an deis teacht go dtí cruinnithe ar an ábhar seo.

Mr. Feargal Ó Cuilinn

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh ar roinnt de na míreanna a d'ardaigh daoine. Bhí an-chuid plé faoi chúrsaí oideachais, ar nós cheist oiliunna na múinteoirí. Mar atá ráite ag ionadaithe TG4, níl mórán maitheas i gceist má tá páistí ag teacht amach as na scoileanna le cumas áirithe labhairt na Gaeilge, ach gan aon rud le déanamh acu leis. Tá na trí mhír a theastaíonn chun mionteangacha a chosaint níos tábhachtaí fós. Is í an chéad mhír tacaíocht ón Stáit, rud atá againn. Is í an dara mír tacaíocht taobh istigh den chóras oideachais. Tá seans ann go bhfuil sí atá lochtach faoi láthair, ach tá moltaí ann chun feabhas a chur ar sin.

Is í an triú mír — go mbeadh daoine ag tógaint a gcuid bpáistí le Ghaeilge sa bhaile — an mhír is tábhachtaí. Muna bhfuil cothromaíocht idir an bhéim atá á dhéanamh againn agus na hacmhainní atá á chur ar fáil againn, beidh daoine taobh istigh agus lasmuigh den Ghaeltacht le cumas breá labhartha Gaeilge nach dtuigfidh gur féidir leo, nó conas gur féidir leo, labhairt lena bpáistí. Ní dóigh liom go bhfuil éinne anseo ag moladh gur ceart dúinn dul isteach go dtí na meánscoileanna agus múineadh do dhéagóirí conas is ceart leo labhairt lena bpáistí óga nuair a phosfaidh siad. Labhair daoine níos luaithe faoi lucht na Gaeltachta. Tá sé tábhachtach go labharóimid le déagóirí na Gaeltachta nuair atá an cinneadh seo á dhéanamh acu.

Is cinneadh é páiste a thógaint le Gaeilge. Ní tharlaíonn sé i bhfolús. Bíonn ar dhaoine suí síos agus machnamh a dhéanamh. De bharr easpa seirbhísí, níl cúram leanaí ar fáil i nGaeilge. Ní féidir teacht ar sheirbhísí sláinte trí Ghaeilge. Ní fheidhmeoidh aon bheartas anseo má tá an rotha eile in easnamh. Titfidh an lug ar an lag. Le blianta fada anuas, i ráitis, tuairiscí agus pleananna an Stáit, bhí an bhéim go léir ar an chóras oideachais agus tríd an chóras oideachais. Tá difríocht mhór idir teanga a fhoglaim agus teanga a shealbhú agus a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile. Glacaim leis go bhfuil daoine sa seomra seo ag a bhfuil trí nó ceithre theanga. Beidh orainn díriú isteach ar an ghné seo den straitéis.

Mr. Donncha Ó hÉallaithe

Bhí an oiread sin ceisteanna ann nach mbeidh am againn iad go léir a fhreagairt. Bhí mé an-tógtha leis an dearcadh a bhí ag na baill faoin moladh údarás na Gaeilge a dhéanamh d'Údarás na Gaeltachta. Is cuma cén dearcadh atá ag duine faoin nGaeilge, caithfear a aithint go bhfuil difríocht bhunúsach idir cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht agus cainteoirí Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Le gairid, tháinig clann as an Liotuáin ina cónaí in aice liomsa. Ní raibh Béarla na Gaeilge acu. Tar éis píosa, thug mé faoi deara — mar tá páistí óga agam — ag geata na bunscoile go raibh na gasúir ag Gaelgóireacht leis an cailín beag ón Liotuáin. Chuir mé ceist ar m'iníon faoi mar shíl mé go raibh sin an-spéisiúil. Tá sise ocht mbliana d'aois agus ní cúis na Gaeilge is cás léi. Dúirt sise liom go han phraiticiúil, "Caithfidh tú Gaeilge a labhairt léi, mar níl aon Bhéarla aici." Insím an scéal sin mar léiríonn sé an difríocht idir Gaeltacht agus áit ar bith eile. Tá daoine ina gcainteoir Gaeilge sa Ghaeltacht, ní mar gheall ar aon rogha atá déanta acu ach mar gheall gur sin í teanga an phobail. Tá an teanga acu go horgánach de bhrí go bhfuil cónaí orthu i gceantar ina bhfuil an teanga sin á húsáid.

Ní féidir le aon straitéis amháin déileáil le daoine a bhfuil an teanga acu go horgánach mar gheall air go bhfuil cónaí orthu i gceantar ina bhfuil an teanga sin á húsáid leis na cianta agus déileáil le daoine a bhfuil rogha déanta acu taobh amuigh den Ghaeltacht. Ní caitheamh anuas é sin ar éinne. Sin an fáth go bhfuil an-fhaitíos orm roimh an moladh seo go gcuirfí an t-iomlán isteach faoi údarás na Gaeilge agus nach mbeadh Údarás na Gaeltachta ann a thuilleadh. Seo an botún is mó atá sa straitéis seo. Níl aon dabht faoi ach go dteastaíonn athruithe in Údarás na Gaeltachta. Teastaíonn níos mó acmhainniú ann. Tá an ceart ag an Seanadóir Doherty go bhfuil an t-údarás á thachtadh faoi láthair ag easpa airgid. Teastaíonn níos mó cumhachta dó agus teastaíonn struchtúr dó. I mo thuairim, tá an struchtúr atá ar Údarás na Gaeltachta craiceáilte. Teastaíonn na hathruithe sin uilig, ach ní theastaíonn go ndéanfaí údarás na Gaeilge de agus go mbeadh sé freagrach as cur chun cinn na Gaeilge ar fud na tíre, an Ghaeltacht san áireamh. Dá mba duine mise a bheadh ag plé le heagraíocht Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, bheinn beagáinín buartha faoi seo. Mar a deirtear i mBéarla, there are horses for courses. Níl a fhios agamsa an é an capall is fearr leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na tíre é Údarás na Gaeltachta.

Tá cúpla rud eile ar mhaith liom a rá, ach ní dhéarfaidh mé ach rud amháin eile. Tháinig go leor ceisteanna aníos faoi chúrsaí oideachais agus faoi chur i bhfeidhm na straitéise agus faoi mhaoirseoireacht, mhonatóireacht agus mar sin de. Tá moltaí den scoth sa tuarascáil a d'ullmhaigh Fiontar. Dá mba rud é go leanfaó na moltaí sin, bheadh stratéis i bhfad níos fearr againn. Thar aon rud eile, mholfainn go láidir don chomhchoiste seo iarradh ar Fiontar teacht agus labhairt faoi na cúiseanna ar mhol sé, mar shampla, go mbeadh programme office in the Department of the Taoiseach chun dul i gceannas ar an rud seo agus cén fáth gur mhol sé go mbeadh independent evaluation á dhéanamh ag Oifig an Choimisinéara Teanga nó ag an ESRI. B'fhearr liom féin go mbeadh sin á dhéanamh ag Oifig an Choimisinéara Teanga mar bheadh sin níos saoire ar an Stát agus tá an oifig ann chean a féin agus ní bheadh orainn rud éigin a bhunú as an nua. Mar a deirtear sa Bhéarla, bheimis in ann a talamh a bhualadh ag rith. Ar na cúiseanna seo, ceapaim go mba ceart don chomhchoiste iarradh ar Fiontar teacht isteach le cuid de na moltaí a bhí déanta aige nach bhfuil sa straitéis a mhíniú don choiste.

Ms Janet Muller

Sílim go bhfuil aon chuspóir amháin ag gach duine anseo agus is é sin an Ghaeilge a chur chun cinn. Leis sin a dhéanamh go héifeachtach, caithfear anailís chruinn a dhéanamh ar na cúinsí ina bhfuil an Ghaeilge beo sa tír. Tá soiléiriú oifigiúil de dhíth faoi an féidir an straitéis seo nó an dréachtphlean seo a chur i gcrích fud, fad na tíre. Muna féidir an dréachtphlean a chur i gcrích ó Thuaidh agus ó Dheas, cá háit an bhfuil an bearna. Cá háit freisin an bhfuil an straitéis ag dul le forbairt na Gaeilge sa Tuaisceart agus cén dóigh an féidir sin a dhéanamh sa dóigh agus go dtig linn dhá straitéis a bheith ann, ach iad comhtháite le chéile agus ag cuidiú le chéile?

Tá contúirt ann má deirimid nach bhfuil ach straitéis amháin ann, go ndéanfaimid an dréachtphlean seo a shíneadh amach go han-tanaí. B'fhéidir go ndéanfadh sin na rudaí atá maith insan dréachphlean seo a lúbadh ar bealach contráilte go dtí an pointe go mbeadh, i ndeireadh na dála, an dréachtphlean briste nó, de bhrí nach mbeadh soláthar ann ná straitéis ann don Tuaisceart, go mbeadh bearna ann agus go mbeadh poill i straitéis a ba chóir a bheith incurtha leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileánda.

Mr. Ferdie Mac an Fhailigh

Chuir an Teachta McGinley ceist faoin nuachtán. Roimh an Cháisc, beidh dhá nuachtán againn. Beidh nuachtán úr á fhoilsiú roimh an Cháisc. Chuaigh muid tríd an phróiseas roimh an Nollaig agus tá an conradh sínithe.

Luadh oiliúint mhúinteoirí agus cúrsaí oideachais go minic agus tá siad thar a bheith tábhachtach. Tá roinnt oibre ar siúl againn, mar shampla, luaigh mé Séideán Sí. Maidir le ról Fhoras na Gaeilge agus an ról atá beartaithe d'údarás na Gaeilge, táimid uilig ag dúil go mór le plé leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta faoi sin. Aon rud a fhoghlaimímid ó chur i bhfeidhm na straitéise seo ó Dheas, ó thaobh Fhoras na Gaeilge de, tógfaimid na rudaí maithe agus cuirfimid i bhfeidhm iad mar chuid den ról uile-oileánda againne.

Mr. Pádhraic Ó Ciardha

Díreach mar fhreagra ar cheist a chuir an Seanadóir Doherty, d'úsáid mé na focail "seirbhís teilifís Gaeilge do pháistí" d'aonturas. Ní gá gur cainéal iomlán nua a bheadh i gceist. Tá na cláracha atá againn á gcraoladh ar chainéal teilifíse ach is féidir iad a chur ar suíomh gréasáin freisin. Maidir leis an méid atá le déanamh i dtaobh teilifíse do pháistí, ní gá go bhfuilimid ag cuartú impleachta nua le ná cainéal nua. Ach sin moladh atá déanta againn agus ní gá aon reachtaíocht nua chun é a dhéanamh.

Mr. Eoghan Mac Cormaic

Tá cuid den mhéid a bhí le rá agam ráite cheana ag an Uas. Mac an Fhailigh. Straitéis atá ann faoi láthair. Tá na céimeanna bunaithe ag teacht romhainn anseo anois agus feicimid go bhfuil ceisteanna le socrú faoi ról an fhorais versus ról an údaráis atá inmholta anseo. Beidh cuid de sin le plé fós sa tréimhse sin. Rud amháin atá cinnte ná go bhfuil reachtaíocht ann d'Fhoras na Gaeilge cheana féin agus tá Foras na Gaeilge ag feidhmiú faoi sin. Tá ról uile-oileánda ag an fhoras agus beidh an foras ag leanúint ar aghaidh leis an ról sin agus ag iarraidh na mórspriocanna atá ann — stádas na Gaeilge, úsáid na Gaeilge agus cumas na Gaeilge — a láidriú agus a leathnú amach i measc an phobail. Sin an ról atá orainn agus táimid réidh leis sin a bheith mar chuid den straitéis seo sna blianta beaga romhainn agus sa tréimhse fad-téarmach chomh maith.

Tá brón orm nach raibh mé anseo níos luaithe, ach ní raibh aon dul as agam. Cad é tuairim na ...

Níl an t-am againn le tuilleadh ceisteanna a chur, ach is féidir go bhfuil tuairim le nochtadh agat. Tá a fhios agam go bhfuil suim mhór ag an Teachta sa Ghaeilge.

Tá dhá thuairim agam. Nuair a chuirfear an straitéis seo i bhfeidhm, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh sé a thiomáint. Maidir le córas an Stáit agus cúrsaí Gaeilge, tá na cúraimí don Ghaeilge scaipthe thar Ranna Stáit éagsúla. Cuirim i gcás, an t-oideachas sa Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Mar sin, tá comhordnú tábhachtach. Tá sé tábhachtach freisin go mbeidh an straitéis á thiomáint ó Oifig an Taoisigh ionas go gcuirfear na rudaí go léir a bhaineann leis le chéile. Dúirt Donncha Ó hÉallaithe gur ceart Fiontar a thabhairt isteach chuig an comhchoiste. Ceapaim gur fiú sin a dhéanamh. Ba cheart dúinn freisin féachaint ar cad atá a dhéanamh faoi láthair. Cá bhfuil an t-airgead á chaitheamh agus an bhfuil an leas is fearr á fháil as? An féidir an t-airgead sin a chaitheamh ar shlíte níos fearr chun an Ghaeilge a fhorbairt?

Aontaím le Donncha Ó hÉallaithe, tá sé tábhachtach go gcaomhnófar agus go neartófar an Ghaeilge sa Ghaetacht. Tá fostaíocht tábhachtach i ngach áit sa tír ach tá tábhacht ar leith ag baint léi sa Ghaeltacht. Ní fhanfaidh daoine sa Ghaeltacht mura mbíonn slí bheatha acu.

Caithfear daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a labhairt. Sin an chéad chéim. Sin mar a fhoghlaimíonn an páiste teanga. Is ceart béim níos troime a chur sa straitéis ar labhairt na Gaeilge go forleathan.

Gabhaim buíochas den Chathaoirleach seans labhartha a thabhairt dom.

Cuirfimid deireadh leis an seisiún seo anois. Cruinniú bríomhar, spreagúil a bhí ann agus tá an comhchoiste thar a bheith buíoch de na daoine agus de na grúpaí ar fad a tháinig anseo chun labhairt linn agus táim buíoch de TG4 bheith linn inniu. Beidh cruinniú eile againn leis na heagraíochtaí atá lonnaithe sna Gaeltachtaí, rud a phléifimid sa seisiún príobháideach. Cuirfimid cúntas faoin seisiún seo le chéile don Aire agus don Taoiseach. Mar a dúirt an Teachta O'Shea, tá ról ag Roinn an Taoisigh agus tá sin an-tábhachtach.

Beidh roinnt rudaí le rá againn féin faoin a bhfuil sa straitéis féin agus faoin mbealach is fearr le cinntiú go mbeidh maoirseacht, leanúnacht agus bainistíocht ar bun chun an straitéis a chur i bhfeidhm. "Beatha teanga í a labhairt" agus tá sin mar aidhm againn ar fad don Ghaeilge. Caithfimid cúram a dhéanamh don Ghaeltacht, tobar na teanga, go speisialta dóibh siúd lasmuigh den Ghaeltacht atá ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge.

Sa saol comhaimseartha, tá tábhacht ag baint leis an teicneolaíocht agus na meáin. Tá go leor déanta ag TG4 agus beimid ag súil le tuilleadh. Geallaim gach tacaíocht ón gcomhchoiste don straitéis.

The joint committee went into private session at 4.25 p.m. and adjourned at 4.50 pm. until2 p.m. on Wednesday, 27 January 2010.
Barr
Roinn