Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

JOINT COMMITTEE ON ARTS, SPORT, TOURISM, COMMUNITY, RURAL AND GAELTACHT AFFAIRS díospóireacht -
Wednesday, 10 Mar 2010

Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Plé.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh na heagraíochtaí go léir atá anseo. Sula dtosaíonn muid, ba mhaith liom a n-aird a dhíriú ar an bpointe seo, go bhfuil pribhléid iomlán ag comhaltaí an choiste, ach nach bhfuil an phribhléid sin ag na finnéithe a labhraíonn os comhair an choiste. Cuirtear i gcuimhne do chomhaltaí go bhfuil cleachtas parlaiminte sean-bhunaithe ann, is é sin, nár cóir do chomhaltaí tuairim a nochtadh faoi dhuine lasmuigh den Teach, nó aon oifigeach nó duine a cháineadh nó líomhaintí a dhéanamh ina choinne nó ina coinne, faoi a ainm nó a hainm féin nó ar shlí a n-aithneofaí é nó í. Iarraim oraibh gach fón póca a bheith múchta le linn an cruinnithe.

Mar is eol dúinn go léir, tá seachtain na Gaeilge ar siúl faoi láthair. Is príomh bunús ár gcultúr í an Ghaeilge agus ba chóir dúinn a bheith bródúil aisti. Léiríonn sí don domhain, ach níos tábhachtaí dúinn féin, ár bhféiniúlacht ar leith agus ár neamhspleáchas. Mar sin, tá dualgas orainn í a chosaint, a neartú agus a choimeád beo i mbéal na ndaoine. Tá na heagraíochtaí atá linn inniu ag obair go dian agus go díograiseach chun an aidhm sin a chinntiú. Ba mhaith liom tacaíocht an choiste seo a thairiscint dóibh i ngach slí gur féidir linn. Táim ag súil leis an dréacht-straitéis 20 bliain don Ghaeilge a phlé leo inniu. Tosnóimid anois le Fiontar agus an Dochtúir Nic Pháidín.

Dr. Caoilfhionn Nic Pháidín

Dia dhaoibh. Tá mé féin agus mo chomhghleacaí anseo thar ceann Fiontar. Tá sé beartaithe againn go ndéanfaidh an Dr. Peadar Ó Flatharta an t-aitheasc a chur i láthair thar ár gceann.

Dr. Peadar Ó Flatharta

A Chathaoirligh, a Theachtaí Dála agus a Sheanadóirí, is mian le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, buíochas a ghlacadh leis an gcomhchoiste as ucht cuireadh a thabhairt dúinn teacht in bhur láthair leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a phlé. Is dóigh linn go bhfuil deis ann an straitéis a bheith ar an ngníomh is tábhachtaí ó thaobh an Stáit ar leas na Gaeilge le fada an lá. Tá an comhchoiste le moladh as an spéis agus an tábhacht atá sé a léiriú i leith na straitéise agus as an bpáirt atá sé a ghlacadh ina beachtú.

Aonad trasdisciplíneach is ea Fiontar, a bunaíodh i 1993 chun an Ghaeilge a nascadh le saincheisteanna comhaimseartha a bhaineann le sochaí agus teanga. Tá an-fhás tagtha ar Fiontar ó shin i leith. Tá páirt lárnach ag Fiontar ag soláthar oideachas tríú leibheal trí mheán na Gaeilge. Cuirimid dhá bhunchéim — BA Gnó agus Gaeilge agus BA Gaeilge agus Iriseoireacht — agus dhá iarchéim — MSc i nGnó agus Teicneolaíocht an Eolais agus MA Gaeilge agus Sochaí — ar fáil.

Tá obair cheannródaíoch ar siúl ag Fiontar sna daonnachtaí digiteacha ag soláthar acmhainní leictreonacha don Ghaeilge, go háirithe sa téarmaíocht agus sna logainmeacha. Cuireann an tionscadal LEX téarmaíocht ar fáil don Aontas Eorpach. Cuireann logainm.ie ár n-oidhreacht logainmeacha ar fáil tríd an Idirlíon. Tá focal.ie mar fhoinse téarmaíochta ag mic léinn, tuismitheoirí, múinteoirí, scríbhneoirí agus scoláirí ar fud an domhain. Úsáidtear go forleathan é. Rinneadh 726,861 cuardach ar focal.ie i mí Feabhra 2010.

Nuair a lorg an Rialtas iarratais ar chonradh chun cabhrú leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta chun dréachtstraitéis 20 bliain don Gaeilge a chur ar fáil, chuir Fiontar grúpa saineolaithe le chéile agus rinneamar iarratas tríd an bpróiseas poiblí. Seo a leanas leagan amach an ghrúpa taighde a chuireamar le chéile — mé fhéin agus an Dr. Nic Pháidín; an tOllamh Colin Williams as Ollscoil Caerdydd sa Bhreatain Bheag; an tOllamh Francois Grin as Ollscoil na Ginéive; agus an tOllamh Joseph Lo Bianco as Ollscoil Melbourne. Bhí Adelaide Nic Chárthaigh i mbun taighde agus bainistiú togra. Ní raibh deis againn cuireadh a thabhairt do na saineolaithe idirnáisiúnta mar gheall go bhfuaireamar an fógra chomh gairid le chruinniú an lae inniu.

Tar éis an conradh a bhuachaint, chuaigh an grúpa i mbun oibre láithreach. Mar chuid dár bpróiseas oibre, lorg muid tuairimí an phobail agus na ngeallsealbhóirí uílig. Scrúdaíomar an deachleachtas idirnáisiúnta sna réimsí cuí. Shocraigh an tAire, an Teachta Éamon Ó Cuív, gurb é sprioc na straitéise 250,000 cainteoir Gaeilge a bheith ar fáil faoi cheann 20 bliain. Is ar an sprioc sin a dhíríomar ár gcuid moltaí sa straitéis.

Comhthreomhar lenár gcuid oibre, bhí coiste an Rialtais ag scrúdú na tuarascála, Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a chuir an Dr. Conchúr Ó Giollagáin agus an tUasal Seosamh Mac Donncha ón acadamh, atá i láthair anseo inniu, le chéile. Ó tharla go raibh an Rialtas ag breithniú moltaí na tuarascála sin, shocraíomar gan aon mholtaí breise sonracha a bhain go díreach leis an nGaeltacht a dhéanamh. Mar sin, níor shíl an fhoireann go mbeadh sé oiriúnach go ndíreofaí go heisiach ar cheisteanna a bhaineann leis an nGaeltacht. Aithníodar go bhféadfaí agus gur chóir iliomad tionscnamh a mholtar anseo a chur chun feidhme i réigiúin Ghaeltachta chomh maith céanna.

Ócáid le ceiliúradh is ea fógairt straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Ionas go mbeadh toradh ar an straitéis, níor mhór go mbeadh coinníollacha áirithe i bhfeidhm. Áirimid ina measc sin toil pholaitiúil, an riarachán poiblí agus an phobail a bheith ar a cúl; céimeanna agus spriocanna cinnte a bheith sainithe; struchtúr a bheith socraithe lena feidhmiú; dóthain acmhainní, idir mhaoiniú agus acmhainní daonna, a bheith ar fáil; córas le measúnú neamhspleách a dhéanamh ar an bhfeidhmiú; próiseas athbhreithnithe cinnte a bheith aontaithe; agus, ar ndóigh, an straitéis féin a bheith dearfach, céimnithe, nualaíoch, cruthaíoch agus uileghabhálach. Is ar na prionsabail sin a bhunaíomar ár gcuid moltaí.

Táimid breá sásta ár moltaí, agus na tuiscintí ar a bhunaíomar na moltaí sin, a phlé leis an Chathaoirleach agus le comhaltaí an choiste. Tá cáipéisí de chuid Fiontar ar fáil ar shuíomh Idirlíon na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Gabhaim buíochas leis an Dr. Ó Flatharta as ucht a ráiteas. Glaoim ar an Dr. Conchúr Ó Giollagáin as Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Dr. Conchúr Ó Giollagáin

Mar ionadaithe Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag an gcruinniú seo, tá mé féin agus mo chomhghleacaí, Mr. Seosamh Mac Donncha, thar a bheith buíoch don choiste as an cuireadh an ábhar tábhachtach seo a phlé inniu.

Ba í foireann an acadamh, in éineacht le foireann taighde ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, a chuir an tuarascáil, Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, ar fáil. Ba é an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch an phríomh-cháipéis tacaíochta a bhí ar fáil ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir le gné na Gaeltachta den straitéis 20 bliain don Ghaeilge.

Baineadh leas sa staidéar as trí fhoinse staitistiúla go príomha chun críche an taighde — na daonáirimh as na blianta 1911 go 2002; scéim labhairt na Gaeilge de chuid na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta; agus suirbhé cainníochtúil ar dhearcadh, chumas agus iompar teanga daoine óga Gaeltachta a reáchtáladh mar chuid den staidéar seo. Díríodh go speisialta ar iniúchadh a dhéanadh ar fhaisnéis a bhaineann leis an tréimhse reatha, ar mhaithe le patrúin ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht faoi láthair a léiriú. Breathnaíodh ar fhaisnéis scéim labhairt na Gaeilge ó 1993 i leith, go háirithe an tsraith faisnéise a bhaineann leis an tréimhse 2003-04.

Chun tuiscint a fháil ar phatrúin úsáid na Gaeilge i measc daoine óga, bheartaigh an fhoireann taighde suirbhé faoi leith a dhéanamh ar dhaoine óga san aoisghrúpa idir 16 agus 18 bliana d'aois. Ghlac 965 dalta dara leibhéal páirt sa suirbhé. Chuimsigh an staidéar nithe ar nós taighde cáilíochtúil i measc tuismitheoirí Gaeltachta; taighde ar na hiarratais phleanála sna ceantair Ghaeltachta le cúig bliana anuas; sraith grúpaí fócais ar théamaí éagsúla sna ceantair Ghaeltachta is láidre; sraith cruinnithe poiblí sna ceantair ar léirigh a gcuid sonraí san anailís fhaisnéisiúil go raibh siad níos leochailí ó thaobh úsáid na Gaeilge de; taighde cartlainne ar na buntuiscintí a bhí laistiar de bhunú Roinn na Gaeltachta i 1956; na cúiseanna ar a leagadh síos na teorainneacha mar a rinneadh; agus ar an míniú reachtúil atá ar an bhfocal "Gaeltacht".

Mhol an staidéar go gcuirfí leasuithe sontasacha i bhfeidhm ar straitéis an Stáit, le dul i ngleic leis an ngéarchéim teanga a tugadh chun solais sa taighde. Ba é tátal lom an staidéar nach mbeadh an Ghaeilge in uachtar mar theanga teaghlaigh agus pobail in aon cheantar Ghaeltachta faoi cheann scór blianta muna mbeifear in ann teacht roimh an gclaonadh láidir idir úsáid an Bhéarla i measc na n-aoisghrúpaí éagsúla. Moladh go bhfeidhmeofaí as seo amach critéir phleanála teanga mar bhunús leis an stádas Gaeltachta a bheadh ag pobal; go ndéanfaí idirdhealú idir cineálacha éagsúla pobail, agus go gcuirfí plean teanga i gcrích a bhainfidh leis an stad teangeolaíoch i ngach ceantar.

Is iad príomhdúshláin na Gaeltachta comhaimseartha ná cúngú an phobal traidisiúnta Gaeilge; greim ceannasach an Bhéarla ar iompar teanga na ndaoine óga; na dúshláin atá le sárú ag eagraíochtaí pobail agus Stáit má tá siad le dul i ngleic leis an mbrú sóisialta agus déimeagrafach atá ag cur úsáid na Gaeilge i mbaol, fiú sna pobail is láidre atá fágtha; agus an tionchar atá ag briseadh an cheangal teanga idir an teaghlach, an córas oideachais agus an pobal ar chumas an phobail glúin eile cainteoirí Gaeilge a chruthú agus a chothú.

Mr. Liam Ó Cuinneagáin

Cosúil le gach eagraíocht eile, fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an dréacht-straitéis seo. Mar adúirt an t-Acadamh, léirigh torthaí agus anailís an staidéir teangeolaíochta, a rinneadh ar an Ghaeltacht sa bhliain 2007, cé chomh lag agus chomh leochaileach agus atá staid na Gaeilge mar theanga phobail agus teaghlaigh sna ceantair Ghaeltachta. Léirigh sé freisin an géarghá atá ann le céimeanna radacacha a thógáil leis an gcreimeadh teanga a stopadh agus bonn athfháis a chur fúithi. Is de thoradh an ghnímh sin a bhunaigh an Rialtas an coiste comhaireachta faoi chathaoirleacht an Taoisigh féin agus gur fostaíodh grúpa saineolaithe teanga leis an straitéis a leagan amach.

I dtuairim an údaráis, ba de riachtanas é go dtabharfadh an straitéis aghaidh ar chúig ghné a bheadh criticiúil maidir le frámaíocht tacaíochta a sholáthar don Ghaeltacht agus don Ghaeilge ar bhonn náisiúnta. Is iad sin: (a) gníomhaireacht láidir Ghaeltachta a bheadh mar eagraíocht chosanta agus mar fheithicil tacaíochta do phobal na Gaeltachta ó thaobh forbartha fiontair, teanga, sóisialta, agus pobail — sin Údarás na Gaeltachta athstruchtúraithe; (b) Aire agus Roinn ar leith a bheith ann a bheadh freagrach as polasaí Gaeilge agus Gaeltachta mar chuid dílis den chóras Rialtais agus go mbeadh ról ceannasach acu sin i dtreorú, stiúrú agus feidhmiú na straitéise; (c) go mbeadh próiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht a mbeadh páirt ghníomhach ag na heagrais phobail ann agus córas a leagfadh amach modh imeachta do phobail laga Gaeltachta i dtaca le cinntí a dhéanamh faoina dtodhchaí mar cheantair Ghaeltachta agus gníomhphleananna a fheidhmiú lena stádas Gaeltachta a threisiú; (d) tionscnaimh sa réimse oideachais a thabharfadh aghaidh ar na heasnaimh san earnáil sin ó thaobh oiliúint ábhar oidí trí Ghaeilge, barrfheabhas a chur ar theagasc na Gaeilge agus an teagasc trí Ghaeilge, aonad nó coláiste ar leith gairmiúil oiliúna múinteoirí ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge ag cumasú múinteoirí agus ag cuidiú le múinteoirí atá istigh sa chóras cheana féin lena gcúraimí a chomhlíonadh go críochnúil trí Ghaeilge, soláthar go leor acmhainní teagaisc, an réamhscolaíocht trí Ghaeilge a threisiú, polasaí réamhghníomhach agus maoiniú don ollscolaíocht trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus ar bhonn náisiúnta, béim níos mó ar an labhairt na Gaeilge sa churaclam agus freastal ar riachtanais ar leith na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta trí thacaíocht struchtúrtha agus acmhainní cuí; (e) naisc a chothú le pobal na Gaeilge go náisiúnta sa mhéid go dtuigfidh muid go bhfuil an méid a bhfuil i ndán don Ghaeilge sa Ghaeltacht fite fuaite le gníomhaíochtaí, gréasáin teagmhála teangabhunaithe agus tacaíocht phobal na Gaeilge trí cheile ar bhonn náisiúnta.

Tá Údarás na Gaeltachta sásta go bhfreagraíonn an dréacht-straitéis do na príomh-mholtaí a chuireamar féin os comhair na gcomhairleoirí sa mhéid: (a) go mbeidh cúraimí agus feidhmeanna nua atá le leagan ar an Údarás soiléir ón straitéis agus ó shoiléirithe poiblí ón Aire, go mbeidh a bheag nó a mhór na feidhmeanna agus cumhachtaí céanna ag an Údarás athstruchtúraithe agus atá aige faoi láthair agus nach bhfuil sé i gceist aon chumhachtaí ná feidhmeanna atá ag an Údarás faoi láthair a aistriú go heagras a bith eile; (b) go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil na moltaí maidir maidir leis an nGaeilge sa réimse oideachais ag croílár na straitéise — mar a dúramar inár n-aighneacht féin; (c) go bhfuil Aire agus Roinn ar leith ag teastáil leis an jab a dhéanamh; (d) go bhfuil ról nua leathnaithe teanga le bheith ag an údarás ar bhonn náisiúnta; agus (e) deis mhaith le bheith ag pobail laga Gaeltachta a dtiomantas do stádas Gaeltachta a chur chun tosaigh.

Iarrfaidh mé anois ar an phríomh fheidhmeannach na leasuith atá muid ag moladh a chur os bhur gcomhair.

Mr. Pádraig Ó hAoláin

Ní thógfaidh sé ach cúpla nóiméad orm dul tríd na moltaí agus iomlánú a dhéanamh ar a bhfuil ráite ag an gcathaoirleach. Aontaím leis an méid a dúirt an Dr. Ó Flatharta níos luaithe, gur údar ceiliúrtha é go bhfuil an straitéis seo ar fáil. Le fada, tá pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag fanacht nó go mbeadh straitéis chuimsitheach den chineál seo ar fáil a léireodh an mapa bóthair do atá romhainn. Glacann muid leis go bhfuil iomlánú le déanamh ar an straitéis agus táimid den tuairim go bhfuil ról an-tábhachtach ag an gcomhchoiste seo, sa mhéid go bhfuil ionadaíocht tras-pháirtí aige, rud a bheidh an-tábhachtach le cur i bhfeidhm na straitéise a chinntiú. Táimid ag súil gurb shin é an toradh a bheidh ar an phróiseas atá ar siúl ag éirí as na moltaí a chuirfidh an comhchoiste ar aghaidh chuig an Aire. Taimid ag súil, ní hamháin go mbeidh straitéis rialta ann, ach go mbeidh straitéis a mbeidh tacaíocht uile-pháirtí i dTithe an Oireachtais ag baint léi, mar go bhfuil sí le maireachtáil agus le cur i bhfeidh thar tréimse 20 bliain.

Tá cúlra agus dúshraith an-saineolaíoch taobh thiar den straitéis, sa mhéid go raibh Fiontar DCU agus an grúpa saineolach teanga, teangeolaíochta, sochtheangeolaíochta agus araile mar thacaíocht don chomhchoiste aireachta a chuir an straitéis le chéile. Lena chois sin, tá an staidéar is cuimsithí agus is tábhachtaí a ndearnadh riamh ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a rinne Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Chomh fada agus a bhaineann leis an údarás, táimid sásta go mbeidh ról lárnach ag an údarás i gcur i bhfeidhm na straitéise sa tréimse atá amach romhainn. Táimid sásta chomh maith go bfhuil leathnú ar bhunús náisiúnta le déanamh ar ghnéanna Ghaeilge de na feidhmeanna nua breise a bheidh ag an údarás athstruchtúraithe. Ag an am céanna, glacann muid leis go bfhuil gá le beachtú agus le soiléiriú a dhéanamh ar na feidhmeanna sin. Tá gá le beachtú agus soiléiriú a dhéanamh chomh maith ar an ról a bheidh ag an earnáil dheonach Ghaeilge, a bhfuil cuid mhór di ag feidhmiú faoi scáth Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Tá na róil sin le beachtú agus táimid ag súil go dtiocfaidh sin as an bpróiseas seo.

Ceann de na pointí tábhachtacha gur mhaith liom a lua leis an gcomhchoiste ná go mbeidh dhá dheis ag an gcomhchoiste le dul i bhfeidhm ar an straitéis seo le pé bearnaí nó easnaimh atá inti a líonadh trí mholtaí a bhaineann leis an straitéis a chur chun cinn ag éirí as an bpróiseas chomhairliúcháin agus bhur bplé féin. Chomh maith le sin, tá leasú bunúsach le déanamh ar an tAcht Um Údarás na Gaeltachta. Beidh deis, tríd na leasuithe sin, treisiú breise fós a dhéanamh ar chumhachtaí an údaráis, go háirithe na gnéithe sin a bhaineann le tacú le pobal na Gaeilge sa Ghaeltacht. Beidh an dara deis ann trí leasuithe a dhéanamh ar an Acht.

I mbeagán focail, na leasuithe atá á moladh againn ná: go dtabharfaí "Údarás na Gaeltachta agus na Gaeilge" mar ainm oifigiúil ar an ngíomhaireachta nua a thiocfaidh chun cinn as an bpróiseas chomhairliúcháin, seachas Údarás na Gaeilge. Molann muid go bhféachfaí ar struchtúr oideachais Gaeltachta. An moladh atá againn ná go mbeadh cumhachtaí agus feidhmeanna maidir le hoideachas Gaeltachta ag bord athstruchtúraithe an údaráis. Is é an moladh bunúsach atá againn ná go bhféachfaí ar struchtúr oideachais Gaeltachta a thabhairt chun cinn mar gheall ar na dúshláin ar leith a bhaineann leis an oideachas trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Lena cois sin, tá gá le soiléiriú a dhéanamh ar pholasaí an Rialtais maidir leis an oideachas trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Tá doiléireacht agus éiginnteacht ann i láthair na huaire agus ba mhór an tacaíocht don straitéis fhéin é soiléiriú a bheith ar an pholasaí maidir leis an oideachas Gaeltachta.

Táimid ag moladh freisin go leasófaí an moladh faoi mhaoiniú don earnáil oideachais triú leibhéal in Éirinn. Fáiltíonn muid roimh an moladh insan straitéis go mbeidh athrú ar an bpolasaí atá ag Udarás Um Ardoideachais i láthair na huaire agus go mbeidh gné pholasaí ar leith ag baint leis an earnáil oideachas trí Ghaeilge ag an triú leibhéal. Táimid ag moladh go luafaí go sonrach an ollscolaíocht trí Ghaeilge sa Ghaeltacht mar chuid den pholasaí iomlán cuimsitheach sin. Ní hé go bhfuilimid ag moladh go ndéanfaí aon idirdhealú idir an dá réimse, ach go dtabharfaí aitheantas ar leith don ollscolaíocht trí Ghaeilge atá ag tarlú ar an bhfód i láthair na huaire sa Ghaeltacht, ach nach bhfuil aitheanta faoin gcóras atá ag an Údarás Um Ardoideachais i láthair na huaire. Táimid ag moladh freisin, chomh fada agus a bhaineann sé le chúrsaí oideachais, go gcuirfí san áireamh feidhmiú Alt 9 den Acht Oideachais, nár cuireadh i bhfeidhm i gcás aon scoil Gaeltachta go fóill. De réir Alt 9 den Acht, tá scoileanna Gaeltachta freagrach as cur chun cinn na Gaeilge i gcomharsanacht na scoile. Níl sé ag tarlú i gcás scoil ar bith sa Ghaeltacht. Seans maith gurb é an fáth atá le sin ná nár cuireadh aon phlean le chéile, nár fheidhmigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta an gné sin den Acht agus nár chuireadh aon acmhainní ar fáil lena dhéanamh. Gan dul thar fóir leis, dá gcuirfí an mhír sin in acht, an buntáiste a bhaineadh leis ná gur tharraingeodh sé le chéile an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, coistí bainistíochta agus foirne na scoileanna agus na heagrais phobail i gcomharsanacht na scoile atá aitheanta ag an Stát. Tá cuid mhór dóibh a maoiniú ag an Stát i láthair na huaire. Tá ról pobail ag Údarás na Gaeltachta freisin. Thabharfadh sé deis na himreoirí go léir a thabhairt le chéile i gcás gach scoil Gaeltachta. Bheadh an-tionchar go deo, inár dtuaraim, ar staid agus stádas na Gaeilge i gcomharsanacht gach scoile.

Táimid ag moladh freisin go mbeadh ionadaíocht ag Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge araon san aonad straitéise atá le bunú, agus a bheidh freagrach as pleanáil agus feidhmiú na straitéise. Sílimid go bhfuil sé an-tábhachtach, ó thaobh an chomhchoiste agus ó thaobh an Aire de, go gcuirfí plean gníomhaíochta leis an straitéis a léireódh na rólanna a bheidh ag na ngeallsealbhóirí agus na himreoirí éagsúla. Beidh tábhacht an-mhór ag baint lena dtacaíocht agus lena bpáirtíocht i gcur i bhfeidhm na straitéise. Tá gá le plean gníomhaíochta comhthreomhar leis an straitéis féin. Táimid an-sásta an deis seo a bheith againn cur i láthair a dhéanamh. Aithnímid an ról tábhachtach atá ag an gcomhchoiste sa phróiseas atá ar bun chun an straitéis a thabhairt chun críche, a thabhairt chun foirfeachta agus a thabhairt ar ais go dtí an staid ina mbeidh beannacht an Rialtais ar fáil.

Go raibh maith agaibh go léir. Aontaím leis an méid a dúirt an tUasal Ó hAoláin faoi tábhacht obair an chomhchoiste ar bhunús ilpháirteach. Táimid i ndáiríre maidir leis an obair sin. Bhuaileamar le cuid agaibh in Indreabhán. Ceapaim go rinneamar obair fiúntach ansin. Tá deis ag baill an chomhchoiste anois a gcuid tuairimí a nochtú agus ceisteanna a chur.

Ba mhaith liom cur leis an fáilte a bhronn an Chathaoirleach ar na finnéithe. Mar a dúirt sé, i gConamara an tseachtain seo caite bhí deis againn éisteacht le tuairimí muintir na Gaeltachta maidir leis an straitéis. Sílm go bhaineamar go léir tairbhe as an méid a bhí le rá acu. Is dócha go bhfuilimid ag éisteacht le saineolaithe na straitéise inniu. Bhí baint beag nó mór acu uilig leis an straitéis. Labhair an Dr. Ó Flatharta mar gheall ar Fiontar. Rinne an tUasal Ó Giollagáin cur síos ar an staidéar teanga ar a bhfuil an straitéis bunaithe. Is cinnte go bhfuil saineolas acu ar na cúrsaí atá á phlé againn.

Ba mhaith liom cúpla ceist a chur faoi gné den staidéar teanga a tháinig aníos i nGaillimh. Sílim go bhfuil sé riachtanach idirdhealú a dhéanamh idir na ceantair Ghaeltachta. Tá sé sin déanta sa straitéis, a áiríonn na catagóirí A, B agus C. Ní jab ró-fhurasta a bhí ansin. Is cinnte gur obair mhór a bhí ann. Is minic gur féidir leis a bheith iontach achrannach. Is dócha go bhfuil cuid againn ar an taobh seo buíoch gurb iad na hoifigigh — agus nach muidne — a rinne é. B'fhéidir go bhfuil leisce ar dhaoine ar an taobh seo dul níos faide leis na moltaí.

Is mór an trua go bhfuil na catagóirí bunaithe ar cheantracha móra leathana. Ní bhaineann an fhadhb seo le cheantar Gaeltachta amháin, ach le cúpla ceantar Gaeltachta. Ba chóir go mbeadh na catagóirí bunaithe ar abhantracht scoile. Tá sé sin soiléir i gContae Mhaigh Eo, agus i Rann na Feirste i gContae Dhún na nGall. Ag an phointe seo, an féidir leis na toscairí insint dúinn cén fáth nach bhfuil na catagóir bunaithe ar abhantracht scoile? Is slat tomhais cruinn é an líon deontais faoi scéim labhartha na Gaeilge, chomh fada agus a bhaineann sé le scoileanna Gaeltachta. Níl a fhios agam cén meáchan a chuir na taighdeoirí ar an slat tomhais sin, nó cén aird a thugadar uirthi. Ar a laghad, tá sé againn.

Tá a fhios againn go léir go bhfuil scoileanna Gaeltachta atá ag déanamh a chuid oibre go léir trí Ghaeilge, ach tá cuid eile atá ag déanamh a chuid oibre go léir trí Bhéarla. Tá meascán modhanna i gceist. Sílim gur cheart do na saineolaithe aghaidh a thabhairt ar an meascán sin. Níl sé réitithe i gceart go fóill. Níl a fhios agam an bhfuil réiteach ceart air. Sula gcuirfimid ár gcuid tuairimí in iúl sa phríomhstraitéis, ba mhaith linn tuairimí na finnéithe a fháil ar an ábhar sin.

Tá Údarás na Gaeltachta ag obair le fada. Ar aon le gach éinne eile, molaim an údarás i gcónaí. Tá a fhios againn an méid a dhéanann an údarás don Ghaeltacht. Tá forbairt eacnamaíochta agus fostaíochta iontach tábhachtach sa Ghaeltacht. Tháinig sé sin aníos in Indreabhán Chonamara an lá deireanach. Caithfimid fostaíocht a chuir ar fáil sa Ghaeltacht sa dóigh is gur féidir leis an phobail fanacht ansin agus an teanga a labhairt.

Ba mhaith liom ceist a chur ar an údarás. Is cinnte gur chabhraigh forbairt fostaíochta na Gaeltachta go mór le cúrsaí eacnamaíochta na Gaeltachta — d'ardaigh sé caighdeán maireachtála na daoine. An aontaíonn na hoifigigh ón údarás gur tháinig íslú ar an chaighdeán teanga, ag an am céanna, go speisialta ó thaobh labhairt na Gaeilge de? An bhfuil ceangal ansin? Ar chuir an fhorbairt eacnamaíochta isteach ar an fhorbairt teanga? Cén ceangal atá eatarthu?

Nuair a tháinig na tionscadal isteach, is dócha nach raibh sé ar ár gcumas sa Ghaeltacht bainistíocht a dhéanamh, ach tá sé anois ó tháinig athrú mór ar chúrsaí. Cé gur cuireadh fáilte mór roimh na bainisteoirí a tháinig isteach ar dtús, bhí an deacracht sin ann. An bhfuil nasc idir forbairt eacnamaíochta agus fostaíochta, agus an teanga í fhéin?

Táimid ag plé leis an straitéis anois. Is dócha go léiríonn sé an ngéarchéim ina bhfuil an teanga sa Ghaeltacht. Táimid ag brath go huile is go hiomlán ar an straitéis. An éireoidh leis, nó nach éireoidh? Is í mo bharúil ná go bhfuil an straitéis iontach mall. B'fhéidir gur fearr go mall ná go brách.

Gabhaim buíochas lenár gcuairteoirí as an obair atá curtha isteach acu. Tá a gcuid oibre déanta acu. Is dócha go bhfuil an straitéis ag brath ar an chaoi ina gcuirtear i bhfeidhm é. Tá gá le céimeanna ó bhliain go bliain, nó ó cúig bliana go cúig bliana. Mar atá ráite, muna n-éiríonn leis an straitéis, b'fhéidir nach mbeidh an Ghaeilge againn faoi cheann 25 bliain.

Is í aidhm na straitéise ná 250,000 cainteoir Gaeilge a bheith sa tír taobh istigh de 20 bliain. An bhfuil sé sin indéanta? Cad ar a bhfuil an aidhm sin bunaithe? Cad iad na fírící eolaíochta nó teangeolaíochta ar a bhfuil sé bunaithe, gur féidir linn líon na gcainteoirí a ardú ón leibhéal ar a bhfuil sé anois go dtí 250,000 faoi cheann 20 bliain?

Tú lúcháir orm go bhfuil na hoifigigh anseo linn. Aontaím go bhfuil go leor déanta acu. Nílimid ach ag tús an phróiseas.

Tógfaidh mé cúpla ceist eile sula dtabharfaidh mé seans do na finnéithe iad a fhreagairt.

Fáiltím roimh an toscaireacht. Is mór an cabhair í an fhianaise a chuir na heagraíochtaí éagsúla ar fáil dúinn. Tá fianaise eile faighte againn as 40 grúpa go hiomlán. D'fhreastal seacht grúpa ar chruinnithe an choiste roimhe seo. Bhuaileamar le 30 grúpa sa Ghaeltacht. Tá trí cinn i láthair inniu. Ó thús, is é a bhí i gceist ag an gcomhchoiste ná go mbeadh seans ag gach dream atá ag saothrú ar son na Gaeilge, agus go bhfuil eolas faoi leith acu, inchur a bheith acu sa straitéis. Tá ag éirí go han-mhaith leis an bpróiseas sin. Tá an-chuid oibre le déanamh, áfach. Is rud amháin an fhianaise a bhailiú, ach is rud eile ar fad struchtúr comhordaithe a chur air. Caithfimid a chinntiú go bhfuil sé ar ár chumas dul i bhfeidhm ar an Aire níos déanaí. D'fhógair an Cathaoirleach inniu go bhfuil fochoiste bunaithe anois chun an fhianaise a bhreith le céile agus struchtúr a chur uirthi agus ár moltaí a chur ar aghaidh. Thug mé faoi deara, go mórmhór ag na cruinnithe a bhí againn sa Ghaeltacht, go raibh roinnt mhaith tuairimí comónta ag gach grúpa. Sin cabhair an-mhór. Más féidir a aithint go bhfuil 20 tuairimí mar a gcéanna ag teacht ar aghaidh, is ionann é sin agus a rá gur cóir aird faoi leith a thabhairt ar na tuairimí sin. Sin mar a bheidh sé. Maidir le Údarás na Gaeltachta, tá sé suimiúil go bhfuil sé go mór i mbéal an phobail maidir leis an straitéis. B'fhéidir gurb í an cúis atá le sin ná go bhfuil níos mó ná tuiscint amháin ar cad díreach atá sa dréacht-straitéis.

Bhí an tAire sa Seanad inniu le haghaidh ráitis i leith na Gaeilge. Labhair roinnt de na cainteoirí i dtaobh Údarás na Gaeltachta agus céard atá i gceist a dhéanamh leis. Glacaim ón méid atá ráite ag an údaras san aighneacht atá curtha os ár gcomhair, go dtuigeann an údarás go leanfar leis na dualgaisí atá ag an údarás cheana féin. Sin an tuiscint pearsanta a bhí agamsa, agus de réir mar a thuigim tá an tuiscint céanna ag an Aire féin, ach go mbeidh breis á chur le sin. Sin an cúis go bhfuil "An Ghaeilge" á chur leis an teideal. B'fhéidir go dtarlóidh sé gur Údarás na Gaeltachta agus Údarás na Gaeilge a bheidh ag teacht ar aghaidh, ach is cuma faoin teideal an fhad agus atá tuiscint ann.

Rud a tháinig amach as cuid de na aighneachtaí — a bhí thar a bheith tábhachtach dúinn — ná gur rud amháin é straitéis chuimsitheach a bheith ann agus gach éinne ar thaobh na straitéise sin, ach is rud eile struchtúr a chur uirthi trí pleananna céimiúla, mar shampla, maidir le feidhmeannaigh agus mar sin de. Muna bhfuil sin ag dul leis an straitéis, seans go mbeidh díomá ar dhaoine. Ba bhreá liom bhur dtuairimí a chlos faoi sin. Cad a cheapann sibh gur cóir a bheith ag tarlú maidir leis an struchtúr an fhad agus atá plé á dhéanamh ar an straitéis? Tá a fhios againn go léir go raibh pleananna againn cheana maidir leis an Ghaeilge. B'fhéidir gur cuireadh cuid de na pleananna sin i gcrích, ach bhí roinnt mhaith eile nár cuireadh i gcrích toisc nach raibh maoiniú de shaghas éigin déanta. Ba bhreá linn bhur dtuairimí a chlos faoi sin. Ba mhaith liom freisin bhur dtuairimí a chlos faoin gcóras oideachais. Is iontach an rud é go bhfuil Fiontar ann chun taighde a dhéanamh. Ní dóigh liom gur féidir linn brath ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun an taighde sin a dhéanamh — nílim ag iarraidh a bheith diúltach leis an ráiteas seo. Muna thagann an taighde, na moltaí, an struchtúr agus an obair atá ar siúl ó dhaoine proifisiúnta go bhfuil an tuiscint acu, ní dóigh liom go dtarlóidh aon rud. Tá súil agam go dtabharfaí aitheantas faoi leith d'aon dream a bhfuil baint aige le seo. Caithfear a thuiscint go bhfuil áit lárnach acu maidir leis an straitéis agus í a chur i gcrích. Ní ceart iad a fhágáil lasmuign den lúb. Má tá tuairimí ag na toscairí maidir le sin, b'fhiú iad a chur in iúl inniu. Ba mhaith an rud é dá mbeadh na tuairimí sin sa tuarascáil a thiocfaidh ón fhochoiste.

Mar adúirt an tUasal Ó hAoláin, tá tábhacht an-mhór leis an comhchoiste seo toisc gur comhchoiste tras-pháirtí é. Ceann de na rudaí is fearr faoin Ghaeilge i láthair na huaire ná nach n-úsáidtear mar political football í níos mó, buíochas le Dia. Is féidir linn glacadh go bhfuil gach páirtí san Oireachtas i bhfábhar na Gaeilge anois. Os rud é go bhfuil comhchoiste againn agus ionadaíocht ag gach páirtí air, tá súil agam go mbeidh páirt lárnach ag an bhfochoiste san obair nuair a bheidh an straitéis críochnaithe agus go mbeidh seans ag na grúpaí teacht ar ais agus plé a dhéanamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh. An gceapann siad gur smaoineamh maith é go mbeadh cruinnithe rialta againn leo, mar is í an Ghaeilge ceann de phríomh cúraimí an fhochoiste?

Tá daoine buartha i dtaobh an athstruchtúrú atá i gceist don ollscolaíocht sa tír, mar ceapann siad go mbeidh an Ghaeilge thíos mar gheall ar sin. Bheadh sé go maith dá bhféadfadh muid bhur dtuairimí faoi sin a chlos, mar shampla, ar athstruchtúrú, athrú teidil nó aon rud mar sin. An féidir linn a bheith cinnte nach í an Ghaeilge a bheidh thíos má tharlaíonn a leithéid? Ní fiú straitéis a bheith ann más rud é go bhfuil truailliú agus laghdú á dhéanamh ar an rud a bhí ann go dtí seo. Caithfimid bheith cinnte gur neartú seachas laghdú a bheidh á dhéanamh.

Maidir leis na staitisticí, tá ionadh ar dhaoine go bhfuil sprioc leagtha amach 250,000 cainteoirí Gaeilge a bheith ann taobh istigh de 20 bliain. Tá sé intuigthe go mbeadh ionadh orthu go bhféadfaí sin a bheith againn. Séard atá i gceist ná go mbeidh plean céimiúil ann i dtreo is gur féidir linn spriocanna a leagan amach diaidh ar ndiaidh, go dtí go mbeidh an líon sin scroichte againn i gceann 20 bliain. I mo thuairim, braithfidh seo go mór ar an dóchas atá againn as an Ghaeilge, an maoiniú agus an chabhair a bheidh ar fáil, an struchtúr agus mar sin de. Léiríodh sa daonáireamh deireanach go raibh 42% sásta a admháil go raibh cumas Gaeilge áirithe acu. Sin breis agus 1.5 milliún duine. Is grúpa an-mhór é sin. Mar sin, tá bunchloch de shaghas éigin ann le tógáil air. Figiúr eile atá thar a bheith suimiúil ná go bhfuil breis agus 90% i bhfabhar na Gaeilge. Ní raibh an scéal amhlaidh sna 1960í ná sna 1970í. Bhí naimhdeas go minic le mothú. Níl sin ann a thuilleadh. Tá atmaisféar nua ann.

Ní ró-fhada ó shin é gur chuala mise daoine ag rá nach n-éireodh linn riamh stádas oibre oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Tá sin bainte amach againn. Tugaim an-chreidiúint do na daoine óga a bhí i mbun an fheachtais sin. Nílim chun dul tríd na rudaí atá tar éis tarlú chomh maith, ach amháin Acht na dTeangacha Oifigiúla a lua. Tá sin thar a bheith tábhachtach, mar tá breis agus 600 comhlachtaí poiblí luaite ann a bheidh in ann amach anseo seirbhís dhátheangach a sholáthar. Tá an-chuid rudaí mar sin ann. Cad a cheapann na toscairí faoi seo? An féidir linn forbairt a dhéanamh ar na rudaí sin i dtreo agus go mbeidh seans againn an sprioc 250,000 a bhaint amach?

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh ár gcuairteoirí agus gabhaim buíochas leo as ucht na fianaise a thug siad dúinn. Dúirt an Dr. Ó Flatharta linn nach mór go mbeadh coinníollacha áirithe i bhfeidhm le go mbeadh toradh ar an straitéis seo. An chéad choinníoll a mholann sé ná toil pholaitiúil an riaracháin phoiblí agus an pobal ag tácu leis. Go dtí seo ní raibh aon díospóireacht cheart i measc an phobail ná n-údarás áitiúil. Mura mbíonn díospóireacht ann don phobal ar fad agus go dtí go nglacfaidh an pobal úinéireacht ar an Ghaeilge, táim amhrasach gur féidir linn aon dul chun cinn a dhéanamh. Tá an toil ann, i measc an phobail agus i measc polaiteoirí náisiúnta agus áitiúla, ach toil bhog atá inti. Tá níos mó ag teastáil chun an straitéis seo a thiomáint. Ba cheart dúinn céimeanna agus spriocanna cinnte a shainaithint. Tá an struchtúr thar a bheith tábhachtach. Goilleann sé orm nach bhfuil go leor de chomhordú i gceist nuair a chuireann rannóga éagsúla stáit seirbhísí Gaeilge ar fáil. Tá mé ag caint, mar shampla, faoin Roinn Oideachais agus Eolaíochta, an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha agus an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Cá háit gur cheart go mbeadh an chomhordú sin ann? Ceapaim gur cheart go mbeadh sé i Roinn an Taoisigh. Mar shampla, tá Tuaisceart Éireann mar chuid de chúram an Taoisigh. Freagraíonn sé ceisteanna sa Dáil go minic ina thaobh. Is rud amháin é straitéis a chur le chéile, ach is rud eile é plean gníomh, le haidhmeanna cinnte, a chur in áit. Mar a dúirt an Dr. Ó Flatharta, caithfimid measúnú a dhéanamh.

Ba mhaith liom go mbeadh díospóireacht san Oireachtas ag tús gach bliana. Ba chóir go ndéanfaí cur síos ar aidhmeanna na bliana le teacht, ar aon le scrúdú ar aidhmeanna na bliana roimhe. Ar cuireadh in áit iad? An bhfuil rudaí ag dul ar aghaidh i gceart? Ní theastaíonn uaim bheith ró-leadránach faoin ábhar seo.

An féidir liom tuilleadh eolais a fháil faoi choinníoll eile a luaigh an Dr. Ó Flatharta? Dúirt sé gur cheart go mbeadh "dóthain acmhainní, idir mhaoiniú agus acmhainní daonna, a bheith ar fáil". An bhfuil aon mheastachán déanta ar céard go díreach atá i gceist ó thaobh acmhainní agus maoinithe de? Molaim go ndéanfaidh an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta nó Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla, nó an dá eagras, staidéir ar an mhaoiniú atá á chaitheamh ag an Stáit — na húdaráis áitiúla, srl. — ar an Ghaeilge. An bhfuil an t-airgead sin á chaitheamh ar an mbonn ceart chun na torthaí is fearr a fháil? An bhfuil na spriocanna sofheicthe? An féidir iad a thuiscint? Ba cheart dúinn féachaint ar an méid airgid atá á chaitheamh. Cén fáth go bhfuil sé á chaitheamh? An bhfuil ná spriocanna éagsúla á bhaint amach?

An ndéanfadh sé aon mhaitheas don Ghaeilge dá mbeadh an dátheangachas againn ar fud na tíre? Is dócha go bhfuil eolas ar an ábhar seo ag cuid de na finnéithe. Má chuirtear an dátheangachas i bhfeidhm sa Ghaeltacht, an lagóidh sé an Ghaeilge amach anseo? Cad é an tslí is fearr chun an Ghaeilge a chosaint sa Ghaeltacht, an t-aon áit ina bhfuil an teanga ag fás go horgánach?

Ag féachaint ar an Ghaeilge, is é an rud is tábhachtaí ná go spreagaimid daoine óga chun an teanga a labhairt. Bíonn fadhbanna ag scoláirí leis an teanga nuair atá siad á foghlaim. Tá sé thar a bheith deacair déileáil leis na briathra neamhrialta, an tuiseal ginideach agus na foirmeacha éagsúla de na hainmfhocail. An bhfuil sé san am dúinn féachaint ar an ngramadach? An féidir an gramadach a dhéanamh níos éascaí, ionas gur féidir le páistí an Ghaeilge a labhairt? Leagaim béim ar labhairt na teanga go luath. Ba chóir go mbeadh fonn níos mó orthu an Ghaeilge a úsáid go forleathan.

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom mo chomhghairdeas a ghabháil leis an tUasal Ó hAoláin, a bhuaigh duais ag dinnéar alumni NUI i nGaillimh Dé Satharn seo caite. Ba mhór an onóir é. Cuirim fáilte roimh an tUasal Ó hAoláin agus na toscairí eile.

Bhí suim agam sa mhéid a dúradh faoin oideachas. Is maith an rud é go bhfuil díospóireacht ar siúl faoi ghnéithe éagsúla den ábhar. Cloisim, mar shampla, go bhfuil an eaglais ag tarraingt siar ón oideachas. Tá daoine ag rá go mbeidh na coistí gairmoideachais, nó b'fhéidir na comhairlí contae, ag plé leis an oideachas. Is díospóireacht mór é sin. Is féidir linn í a phlé ag cruinniú eile.

The point I am making is that we have had a great debate in recent times about education, particularly the whole question of the universities. There was a time when compulsory Irish was a requirement for those applying for positions in NUI Galway. My understanding is that where compulsory Irish was deemed to be an impediment, it was dropped. In return, it was agreed to focus on the promotion of the Irish language in the university. The acadamh should be very involved in that, obviously, but I do not know if that is the case. To ensure the best and the brightest get to work in the university, it was decided to withdraw the compulsory Irish requirement when filling positions.

Tá cúpla ceist eile agam faoi dhúshláin na Gaeltachta. Bíonn fadhbanna ag daoine nuair atá cead pleanála á lorg acu chun teach a thógáil. Tá ceist na fostaíochta an-tábhachtach. Tá an t-údarás ag déanamh iarracht a chinntiú go bhfuil jabanna ar fáil sa Ghaeltacht, mar is ceart agus is cóir. Ní bheadh daoine in ann maireachtáil sa Ghaeltacht gan na poist sin. Níor chuala mé focal go dtí seo faoi chúrsaí turasóireachta, atá an-tábhachtach freisin. Tá mórchuid oibre déanta ag an Aire, an Teachta Ó Cuív, faoi na bóithre, ach go háirithe. Tá fadhbanna eile ag baint le taisteal go dtí na hoileáin agus idir na hoileáin. Níor chuala mé aon rud faoi chultúr na Gaeltachta ach oiread. Nuair a bhí mé i mo mhúinteoir, cuireadh an-bhéim ar cheol agus ar dhamhsa agus bhíodh comórtais scoraíochta ar siúl sna Gaeltachtaí. Caithfimid nithe den sórt sin a chur chun cinn. Téann scoláirí go dtí an Ghaeltacht ní hamháin chun an teanga a fhoghlaim, ach freisin chun páirt a ghlacadh sa chultúr a bhaineann leis an teanga. Nuair a labhraímid faoin oideachas, caithfear cuimhne a bheith againn air sin. Tá súil agam go dtabharfaidh ár gcuairteoirí freagraí ar chuid de na ceisteanna atá curtha agam.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe go léir. Tá mé sásta go bhfuil an dréachtstraitéis againn. Is é an cuspóir atá againn go léir ná an Ghaeilge a choimeád beo i measc an méid is mó daoine.

Aontaím leis an Uasal Ó Cuinneagáin, a mhol gur cheart go mbeadh níos mó béime ar an Ghaeilge labhartha sa churaclam. Faoi láthair, níl an scrúdú labhartha éigeanteach sa teastas sóisearach. Cad a cheapann an tUasal Ó Cuinneagáin faoi sin? An mbeadh buntáiste i gceist, dá mbeadh an scrúdú labhartha éigeantach sa chomhthéacs sin?

Labhair an Dr. Ó Flatharta faoi bheannacht an Rialtais. Má chailltear an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, mar a moltar sa McCarthy report, cén tionchar a bheidh ag an gcinneadh sin ar an Ghaeilge?

I rith na bliana, bíonn béim nádúrtha ar an Ghaeilge sna scoileanna. I mo thuairim agus i mo thaithí féin, ní bhíonn an bhéim chéanna ar úsáid na Gaeilge i measc an phobail, go mórmhór sa Ghalltacht taobh amuigh de na Gaelscoileanna. Cén athruithe a dhéanfaidh an straitéis chun an Ghaeilge a choimeád beo mar theanga an phobail, sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht?

Glaoim anois ar an Seanadóir Mary White.

Gabh mo leithscéal, a Chathaoirligh. Tá sé sin go huafásach ar fad.

B'fhéidir gur chóir dom an teideal "Aire Stáit" a thabhairt duit, a Theachta.

An bhfuil eolas éigin ag an Chathaoirleach?

Cuirim fáilte roimh na cuairteoirí go léir. There is no doubt that the strategy is aimed at people like me. I am surrounded by people who speak wonderful Gaeilge líofa agus flúirseach. I am studying Irish again in the Oireachtas and I spend some time in the Gaeltacht each summer. Beidh mé líofa lá éigin, i gceann cúpla mí, go bhfóire Dia orainn.

Tá trí cheist agam. Do the representatives of the various groups think the strategy is aimed at people like me, who slipped through the net? Is its intention to ensure people maintain their love of the language, as I do, and to ensure people in the Gaeltacht continue to speak Irish? Do the delegates think the strategy should be peer-reviewed?

The most important thing is to get the public behind the strategy. We need to get the people to buy into the blueprint, the strategy and all the documentation. I am worried that people will not buy into it until the language is on the brink. When it is gone, everybody will want to learn it. I am passionate about the Irish language. I want to ensure everybody gets behind this long-term strategy. We might get there if we adopt a multidisciplinary approach, to use the modern buzzword, in respect of all strata of society.

It is good for me to be having a little tumoideachas, or total immersion, today. For many of my constituents in Carlow-Kilkenny, the Gaelscoileanna and the Gaelcholáiste are at the root of their efforts to promote the Irish language. Are we building such schools quickly enough to tap into the needs and interests of those parents who are encouraging their children to speak the national language, or mother tongue? It is important that we should do so.

Is this a question of resources? Will we get the resources? As a Government Deputy, I should ensure the resources are available. The strategy should not be allowed to collect dust on a shelf. It should be implemented and well-resourced. I hope the Irish people get behind it. Go raibh maith agaibh go léir.

Cuirim leis an fháilte a thug na cainteoirí eile roimh na toscairí. Tá deis thábhachtach ag Baill an Oireachtais éisteacht leis na cur i láthair éagsúla atá déanta ag na heagraíochtaí agus scansáil ar na doiciméid a chuireadar ar fáil i dtaca leis an straitéis nua. Ba mhaith liom labhairt mar gheall ar an sprioc atá leagtha amach sa straitéis — go mbeidh 250,000 duine ag labhairt Gaeilge go laethúil faoi cheann 20 bliain. Tá sé tábhachtach é sin a chur i gcomhthéacs torthaí dhaonáireamh 2006, nuair a bhí sé ar chumas 42% de dhaonra na hÉireann os cionn trí bliana, nó 1.6 milliún duine, an Ghaeilge a labhairt. Cé go raibh an cumas sin acu, ní rabhadar go léir in ann an Ghaeilge a labhairt go laethúil. Is é an sprioc atá leagtha amach ag an Aire ná go mbeidh 250,000 duine in ann an teanga a labhairt go laethúil.

Bhí an ceart ag an Teachta White nuair a dúirt sí go gcaithfidh "buy-in" a bheith anseo. Caithfidh an pobal go ginearálta ar bhonn uile-oileánda — sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht — ceannach isteach sa straitéis seo. Caithfidh siad an Ghaeilge a fheiceáil mar páirt thábhachtach de todhchaí na tíre agus de chur chun cinn ár n-oidhreacht, ár dteanga agus ár gcultúr. Níl aon dabht ná go bhfuil obair le déanamh ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ó thaobh na dréacht straitéise, atá foilsithe agus glactha ag Tithe an Oireachtais. Tá súil agam go mbeidh Aire fós againn ag leibhéal an Rialtais nuair atá an straitéis iomlán foilsithe. Tá dualgas orainn an straitéis a dhíol i measc an phobail.

Ba mhaith liom cúpla ceist a chur. Thug mé faoi deara sa chur i láthair a rinne an t-acadamh go bhfuil sé molta go gcuirfí méid breise leis an bhuiséad atá aige faoi láthair, ó timpeall €10 milliún i mbliana go dtí €25 milliún sna deich mbliana amach romhainn. Obviously tá ceist ansin i dtaca le maoiniú a chur ar fáil don sprioc sin. Glacaim leis go bhfuil an sprioc sin lárnach sa straitéis. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go mbeidh airgead ar fáil don obair atá i gceist ag an acadamh sna blianta atá amach romhainn. Faoi láthair, tá beagnach €2 milliún ag dul ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go dtí an t-acadamh. Dé réir an eolais a chuir an t-acadamh ar fáil, tá €1.9 milliún ag teacht ón údarás i mbliana le haghaidh obair an acadaimh, ar nós na cúrsaí atá ar bun aige.

Measaim go bhfuil obair an acadaimh iontach tábhachtach. I gContae Dhún na nGall, mar shampla, tá aithne agam ar dhaoine a rinne cúrsa teilifíse an acadaimh i nGaoth Dobhair. Tá siad in ann fostaíocht a fháil sa bhaile. Tá sé dochreidte. Tá buntáiste an-mhór ag baint leis an obair atá ar siúl san acadaimh sa Ghaeltacht. Measaim go bhfuil ról ag an acadamh an rud seo a thiomáint, ní hamháin sa Ghaeltacht. Ba cheart dúinn deis a thabhairt do scoláirí triú leibhéal teacht go dtí an Ghaeltacht agus oideachas a fháil ann. Measaim gur buntáiste mór a bheadh ann, gan bheith ag déanamh neamhaird ar an obair mhaith atá ar siúl ag Fiontar. Níl a fhios agam an bhfuil aon chomhráití ar siúl le hÚdarás na Gaeltachta maidir le hardoideachas. Measaim go bhfuil ról ag an húdarás. Caithfidh sé teacht go dtí an bord. B'fhéidir gur ceist é sin don Chomhchoiste um Oideachas agus Eolaíocht níos mó ná an chomhchoiste seo. An bhfuil freagra ar sin ag na finnéithe?

Rinne ionadaithe Údarás na Gaeltachta — an príomhfheidhmeannach, an tUasal Ó hAoláin, agus an tUasal Ó Cuinneagáin — cur i láthair i dtaca le cúpla gné d'obair an údaráis, go háirithe an éiginnteacht a bhí ann i dtaca le cúraimí fiontraíochta an údaráis. Tuigim go bhfuil soiléireacht tugtha ag an Aire go mbeidh cúraimí fiontraíochta an údaráis ag fanacht leis an údarás don todhchaí. Measaim gur rud maith agus feiliúnach atá ansin. Tá go leor oibre déanta ag Údarás na Gaeltachta, agus Gaeltarra Éireann roimhe sin, chun fostaíocht a chruthú sna ceantair Ghaeltachta. I gcomhthéacs na hoibre atá ar siúl ag an acadamh, measaim go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh na cúraimí sin ag an údarás agus go mbeidh comhoibriú idir an dá eagras. Tá a fhios agam go bhfuil an comhoibriú ansin, ach tá súil agam go leanfaidh sé ar aghaidh céim i ndiaidh céime.

Cén dearcadh a bheidh ag Údarás na Gaeltachta mura mbeidh na cúraimí fiontraíochta aige? Labhair an Teachta McGinley ar an ábhar seo ó thaobh shaol eacnamaíochta na Gaeltachta. Tá na cúraimí sin ag an údarás ón Acht 1979 ach mura raibh, cá háit ina mbeadh na daoine atá ag obair sna monarchana anois? An mbeidís sa Ghaeltacht, nó an mbeidís taobh amuigh den Ghaeltacht? Cad iad na himpleachtaí a bheadh ag an mholadh sa straitéis go ndéanfaí athainmniú ar an údarás go dtí "údarás na Gaeilge"? Measaim gur buntáiste mhór a bheadh ann. Má tá an sprioc atá leagtha amach sa straitéis le baint amach, caithfidh Foras na Gaeilge cuidiú agus tacaíocht a fháil. Is é sin an rud atá i gceist leis an mholadh seo. An féidir leis an údarás na cúraimí sin a chomhlíonadh leis an bhuiséad atá aige faoi láthair?

Aontaím leis an phríomhfheidhmeannach go bhfuil cinneadh mór le déanamh ag Tithe an Oireachtais amach anseo — b'fhéidir am éigin i mbliana — i dtaca le reachtaíocht nua faoi Údarás na Gaeilge nó údarás na Gaeilge. Aontaím gur chóir an fócas a choinneáil, go gcoinneofaí ainm an údaráis, mar a mhol an príomhfheidhmeannach agus an cathaoirleach, mar Údarás na Gaeltachta/Gaeilge. Ba thábhachtach do phobal na Gaeltachta go mbeadh an teideal Údarás na Gaeltachta fós ann. Beidh sin le plé nuair a bheidh an Bille sin ag teacht os comhair Thithe an Oireachtais. Bille tábhachtach ansin do thodhchaí an údaráis. Chan amháin go bhfuil deis againn anois cuid de na moltaí seo a chur chun cinn inniu ach beidh deis againn ansin moltaí a chur os comhair na dTithe nuair a bheidh an Bille sin á phlé againn. Tá súil agam go mbeidh deis ag toscaireacht ón údarás teacht isteach go dtí an coiste seo am éigin sula gcuirfear an Bille sin os comhair na dTithe.

Mar fhocal scoir uaimse, bhí cruinniú againn in Indreabhán san ionad teanga ansin agus is áit an-speisialta ar fad í. Tá sé tábhachtach go mbeidh córas leanúnach ón naíonra go dtí an ollscoil ar fáil do theaghlaigh Ghaeltachta agus do theaghlaigh Ghaeilge ionas go mbeidh daoine óga in ann dul tríd an chóras oideachais ar sruth Gaelach ó thús go deireadh.

Rud eile a ba mhaith liom a fheiceáil ná déagóirí arbh fhéidir leo Gaeilge a úsáid sa bhaile, ar scoil agus ar an bpáirc spóirt nó sa saol sóisialta. Ba cheart go mbeadh an cumas agus na deiseanna ann chun an Ghaeilge a úsáid chomh minic agus ar mhaith leo.

Mr. Liam Ó Cuinneagáin

Ba mhaith liom an cheist a d'ardaigh an Teachta Mac Fhionnlaoich faoi fhostaíocht sa Ghaeltacht agus cá mbeimis mura mbeadh sin againn a fhreagairt. Cuireann sin i gcuimhne dom an cheist faoi "nature versus nature", cá mbeimis mura mbeadh rud áirithe déanta? Níl aon cheist ar domhan faoi seo. Mura bhfuil pobal Gaeltachta againn ag obair go nádúrtha cosúil le gach pobal eile, ní bheadh an Ghaeilge ann mar atá anois. Cé go bhfuil sí lag i gceantair áirithe ina raibh infheistíocht déanta, níl ann ach léiriú ar chomh deacair agus atá sé an Ghaeilge a choinneáil i gceantar ar leith. Níl aon cheist faoi ach mura mbeadh na cúraimí sin ag eagraíocht go raibh fócas teanga Gaeltachta uirthi, ní bheimis san áit ina bhfuilimid anois. Tá sé an-tábhachtach sin a choinneáil.

Luaigh an Seanadóir Ó Murchú na spriocanna atá againn. Má ghlacaimid leis go bhfuil 90,000 ag labhairt Gaeilge go laethúil, agus an sprioc atá againn ná 250,000 daoine — rinneadh tagairt don phobal amuigh ansin, 1.5 milliún daoine go bhfuil Gaeilge acu, leithéid an tSeanadóra White agus go leor daoine eile — caithfear díriú ar an phobal sin. Bheinn ag amharc ar bhealach gnó. Caithfidh an straitéis seo a fhorbairt go céimiúil ar bhealach gnó. Gach cúpla bliain, bheadh ról ag an chomhchoiste seo ag breathnú ar an dul chun cinn atá a dhéanamh, go mbeimis ag amharc air go céimiúil agus go mbeadh iarrachtaí ar leith déanta leis an phobal mhór bháúil positive atá amuigh ansin don Ghaeilge a thabhairt ar bord. Níl shroichfimid an sprioc mura ndéanfar sin.

Chuir Seanadóir Healy Eames ceist faoi labhairt na Gaeilge agus sin an rud is bunúsaí, níl amhras faoi sin ach ní féidir dearmad a dhéanamh den ról láidir atá ag na coláistí samhraidh sa réimse seo. Tá suas le 26,000 mic léinn ag dul go dtí an Ghaeltacht gach bliain. Sin tionscal Gaeltachta ar shlí amháin ach tionscal ina bhfuil buntáiste ollmhór ann do na páistí atá ag freastal ar na scoileanna lasmuigh den Ghaeltacht. Is fiú leanúint leis an tacaíocht fhlaithiúil atá á tabhairt agus sin a láidriú más féidir mar sin slí amháin gur féidir linn cinntiú go bhfuil cumas labhartha teanga ag na mic léinn.

Ag dul ar ais go dtí na briathra neamhrialta a luaigh an Teachta O'Shea, ní dóigh liom go gcuideodh sé le héinne dá mba rud é go ndéanfaí an Ghaeilge a róshimpliú. Tá an Ghaeilge ar cheann de na teangacha is lú briathra neamhrialta, níl ach 11 againn. Sa tSeapáinis, tá suas le trí scór. Cuireann sé i gcuimhne dom an scéal nuair a bhí máthair ag an check out san ollmhargadh agus bhí a páiste ag labhairt Gaeilge. Dúirt duine "God is she not wonderful speaking Irish?" Labhraíonn daoine agus sealbhaíonn daoine an Ghaeilge chomh nádúrtha céanna, bíodh sé deacair nó simplí, agus a dhéanann daoine i ngach teanga eile. Ní bheinn ar aon-tuairim leis an Teachta faoi sin.

Mr. Pádraig Ó hAoláin

Táimid ag céim an-tábhachtach sa phróiseas seo idir an comhchoiste, an tAire agus na dreamanna go léir a tháinig os comhair an choiste. Caithfimid anois na lachain a chur i líne díreach, an straitéis a iomlánú agus an struchtúr frámaíochta a bheith againn mar chuspóirí leis na spriocanna seo a bhaint amach thar an tréimhse 20 bliain. Táimid ag rá go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfí plean gníomhaíochta leis a leagfaidh amach ról na n-imreoirí éagsúla.

Tá gné eile atá an-tábhachtach agus atá ag teacht le rud a dúirt an Dr. Ó Flatharta. Baineann sé le feachtas feasachta le tacaíocht ón bpobal, an awareness campaign. Is fiú ar a laghad bliain a chaitheamh, agus go mbeidh ról ag na himreoirí éagsúla, an t-údarás, an foras, earnáil dheonach na Gaeilge agus mar sin, nuair a ghlacfar leis an straitéis réamhullmhúchán a dhéanamh chun na rothaí a chur ag gluaiseacht le toil agus tacaíocht an phobail a fháil, pobal na Gaeilge agus an pobal mór eile sin nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu ach go bhfuil i bhfolach istigh iontu méid áirithe Gaeilge. Mar a dúirt an Dr. Ó Flatharta, toil pholaitíochta, toil an riaracháin phoiblí agus toil an phobail na trí cinn a dteastaíonn a dtacaíocht agus a bpáirtíocht ghníomhach leis an rud a chur i bhfeidhm.

Tugann sin ar ais mé chuig ceist ag an Teachta Mac Fhionnlaoich, nuair a d'iarr sé faoin tionchar a bhí ag an bhforbairt tionsclaíoch ar an teanga sa Ghaeltacht. Níl aon amhras in aon chor ach go raibh tionchar, agus tionchar diúltach áirithe, ag an bhforbairt tionsclaíoch ar staid agus ar stádas na teanga sa Ghaeltacht. Ar an taobh eile den scéal, is fiú coinneáil i gcuimhne rud a tháinig abhaile ar bhealach an-láidir chugainn nuair a d'fhéach muid féin ar an gceist chéanna timpeall seacht mbliain ó shin, go raibh breis agus 20 eagras Stáit agus codanna den Státchóras ag feidhmiú sa Ghaeltacht agus ní raibh ach trí cinn acu ag feidhmiú trí Ghaeilge. Tá an Státchóras trí chéile ag feidhmiú trí Bhéarla sa Ghaeltacht le 20 bliain anuas. Cé acu is mó a chuaigh i bhfeidhm ar chúlú agus ar lagú na Gaeilge sa Ghaeltacht? An Státchóras féin nach raibh ag tabhairt aird ar bith ar pholasaí teanga an Stáit nó an próiseas forbartha tionsclaíochta? Bhí an dá rud ag creimeadh faoi bhunús agus faoi dhúshraith na teanga an t-am uilig.

Ar an taobh eile den scéal, is ábhar misnigh an méid seo. Deich mbliain ó shin bhí timpeall 70% de bhainistíocht na gcomhlachtaí Gaeltachtaí nach raibh in ann feidhmiú trí Ghaeilge, cuid mhór acu tagtha isteach ón taobh amuigh ach méid áirithe tagtha ón nGaeltacht féin. Cúig bliana ó shin, tá timpeall 60% acu ag leibhéal na meánbhainistíochta agus sciar áirithe acu ag leibhéal ardbhainistíochta a bhí in ann feidhmiú trí Ghaeilge agus a bhí ag feidhmiú trí Ghaeilge. Oiread agus is féidir leo, ag tógáil san áireamh na foirne atá ag obair dóibh, tá meascán acu idir daoine a bhfuil Gaeilge acu agus daoine nach bhfuil Gaeilge acu. Is féidir linn tógáil ar an meascán dubh agus bán atá ann. Tá tús curtha le scéim nua do chomhlachtaí sa Ghaeltacht. Creidim go mbeidh toradh maith air san fhadtéarma. Beidh toradh na scéime níos fearr fós má tá sé mar chuid dílis de straitéis níos iomláine agus phróiseas pleanála teanga.

D'iarr an Seanadóir Healy-Eames ceist faoin toradh a bheadh ar mholtaí tuarascáil McCarthy — an bord snip nua, mar a tugadh air — dá gcuirfí i bhfeidhm iad. Is é an toradh a bheadh orthu ná an toradh céanna a bhí ar Háítí nuair a bhí an crith talún ann le déanaí. Scriosfadh na moltaí an struchtúr tacaíochta don Ghaeilge atá á thógáil le hacmhainní an Stáit ó bunaíodh an Stát. Is é sin an toradh simplí a bheadh ar mholtaí McCarthy dá gcuirfí i bhfeidhm iad. Glacaim leis go bhfuilimid bogtha ar aghaidh uathu.

Cibé eagraíochtaí a bheidh againn, is léir dúinn go mbeidh an straitéis mar bhunús againn agus muid ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin mhóra a bhaineann le neartú agus treisiú na Gaeilge — sa Ghaeltacht agus ar bhunús náisiúnta — don scór bliain seo romhainn. Deirim arís gurbh fhiú dúinn bliain iomlán ullmhúcháin a bheith againn. Ba cheart go mbeadh ár ról sa bhliain sin na cur in iul don phobal — sa Ghaeltacht agus ar bhunús níos leithne — an dúshlán atá ann agus an deis atá ann bheith páirteach sa deis is fearr a fuaireamar ó bunaíodh an Stát le dul chun cinn céimiúil a dhéanamh, seachas bheith ag cúlú an t-am go léir. Creidim go bhfuil an dúshraith atá ann láidir go leor gur féidir tógáil uirthi. Is féidir í a threisiú agus a neartú, ionas go mbeidh na lachain i líne díreach.

Tá sé an-tábhachtach go bhfuilimid ag obair le chéile chun an Ghaeilge a neartú. Is próiseas an-tábhachtach é seo. Gabhaim buíochas leis an Uasal Ó hAoláin as an ráiteas a thug sé.

Mr. Seosamh Mac Donncha

B'fhéidir go bhfreagróidh mé cúpla ceist go sciopaí, agus mé ag caitheamh mo hata mar ionadaí ón acadamh seachas mar thaighdeoir. Ba mhaith liom rud éigin a rá mar fhreagra ar na ceisteanna a cuireadh faoin ollscolaíocht. Tá mé cinnte go mbeidh ról an-tábhachtach ag an córas ollscolaíochta trí Ghaeilge i gcur i bhfeidhm na straitéise, ó thaobh na réimsí oiliúna gur féidir linn a fhorbairt trí Ghaeilge do dhaoine a bheidh ag obair i ngnéithe éagsúla d'fheidhmiú na straitéise. D'fhéadfadh an t-acadamh agus Fiontar go leor eile a dhéanamh le tacú leis an straitéis. Ionas go dtarlóidh sé sin, caithfidh an Stát infheistíocht a bhaineann le ollscolaíocht trí Ghaeilge a dhéanamh ar bhealach structúrtha agus céimnithe sna deich nó 15 bliana atá amach romhainn. Tá sé an-tábhachtach go mbeidh straitéis ag an Stáit agus ag na hollscoileanna le haghaidh fhorbairt na ollscolaíochta Gaeilge.

Baineann an dara phointe gur mhaith liom a dhéanamh le foghlaim na Gaeilge sa chóras oideachais. Tuigim na hargóintí atá ann gur chóir foghlaim na Gaeilge a dhéanamh níos éasca d'fhoghlaimeoirí. Deirtear gur chóir níos mó béime a chur ar an teanga labhartha, nó an Ghaeilge a shimpliú. Freastalaíonn sé sin ar an aidhm ginearálta atá againn — go mbeadh cumas éigin Gaeilge ag an oiread daoine agus is féidir. Má théimid síos an bóthar sin, déanfaimid dearmad go bhfuil riachtanas eile ann — go bhfuil sé fíor-riachtanach go gcuirfidh an córas oideachais amach daoine le hardchumas sa Ghaeilge, a bheidh ag obair amach anseo mar mhúinteoirí, mar chraoltóirí agus mar léachtóirí san acadamh, i Fiontar agus i pé áit eile. Sna hiarrachtaí a dhéanfaimid foghlaim na Gaeilge a dhéanamh níos éasca do dhaoine áirithe, tá sé fíor-thábhachtach nach ndéanfaimid dearmad gur gá dúinn freastal ar an riachtanas sin freisin. Déantar an dearmad sin go minic maidir leis an chóras oideachais Gaeltachta. Sa chultúr láidir atá againn, tá córas náisiúnta oideachais amháin againn. Ceaptar gur féidir freastal ar chuile chineál scoile agus ar chuile chineál dalta laistigh den chóras sin. Is í fírinne an scéil, ón taithí atá againn thar beagnach 100 bliain, nach féidir é sin a dhéanamh. Go háirithe, ní féidir freastal ar dhalta Gaeltachta agus ar phobal Gaeltachta laistigh de chóras náisiúnta amháin. Dá réir sin, tá sé fíor-thábhachtach go n-aithneofaí go bhfuil gá le polasaí oideachais faoi leith a chur ar fáil don Ghaeltacht agus struchtúr oideachais faoi leith a bheith ann le breathnú ar chur i bhfeidhm an pholasaí sin sa Ghaeltacht.

Cuireadh ceist faoin riachtanas atá ann go gceannódh an pobal isteach sa straitéis seo. Ar ndóigh, tá sé sin fíor. Caithfidh mé a rá gurb í an taithí atá agam nach bhfuil sé chomh deacair an pobal a spreagadh chun ceannach isteach i bpolasaí Gaeilge an Rialtais. Níl aon fhianaise feicthe agam go dtí seo go bhfuil aon resistance mór i measc an phobail do mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais. Is léir ón taighde a rinneadh sna 1980í agus na 1990í go bhfuil éileamh i bhfad níos mó ar oideachais trí Ghaeilge ná mar atá de sholáthar oideachais trí Ghaeilge. Tá bearna mór faoi láthair idir líon na ndaltaí atá ag freastal ar an gcóras Gaelscolaíochta agus an éileamh a deir an taighde linn atá ann. Seachas bheith ag cur béime ar an deacracht atá i gceist agus muid ag iarraidh "ceannach isteach" i straitéis den chineál seo a fháil ón phobal, b'fhéidir gur chóir dúinn breathnú ar cheist eile. Nuair a cheannaíonn an pobal isteach i straitéis den chineál seo, tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaimid freastal ar ionchais agus riachtanais an phobail — that we would meet their expectations nuair a cheannaíonn siad isteach sa pholasaí atá an Stáit ag cur os a gcomhair.

Tá timpeall deich nóiméad fágtha againn.

Dr. Conchúr Ó Giollagáin

Tógfaidh mé cuid de na ceisteanna mar bhloc. D'iarr an Teachta McGinley faoi na toghranna a d'úsáideamar mar bhunús na hanailíse a rinneamar sa staidéar Gaeltachta. Tuigim an pointe a rinne sé faoi na habhantraí scoile sa chomhthéacs sin. An trioblóid a bhaineann leo ná go bhfuil siad fíor-dheacair a shainmhíniú. Cá bhfuil said? Cé mhéid bailte fearainn atá iontu? Conas is féidir linn faisnéis a fháil ón daonáireamh bunaithe ar na habhantraí scoile? An leas a bhaineann leis an anailís socheolaíochta ná go mbíonn sí bunaithe ar thoghranna. Ní cheadaíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh láimhseáil a dhéanamh leis an bhfaisnéis daonáireamh ar bhonn atá níos lú ná na toghranna. Cinnte, tá seans againn é a dhéanamh. Dá mbeadh an modh oibre sin againn, bheimis fós ag plé leis an taighde céanna. Bhí orainn cloí leis na téarmaí tagartha, ina measc a bheith réidh leis an taighde taobh istigh de thrí bliana.

Is dócha gurb é an rud is mó a iarradh orainn ná pictiúr nó léarscáil teangeolaíochta a tharraingt don Ghaeltacht. Ceapaim go ndearna muid é sin — gur thugamar léiriú ar na profílí éagsúla teanga atá sna ceantair Ghaeltachta éagsúla. B'fhéidir go raibh an staidéar cuimsitheach ag iarraidh imeacht ón tuiscint limistéireach ar an Ghaeltacht. Tuiscint theangeolaíoch agus tuiscint chultúrtha ar an Ghaeltacht a bhí uainn. Má tá iomarca béime ar cheist na limistéar, ní thugaimid dóthain airde ar an raison d'être, nó an bhun-aidhm, a bhaineann leis an straitéis Ghaeltachta. Is é an bhun-aidhm atá ann ná go mbeidh pobal cainteoirí againn sa Ghaeltacht.

Ba mhaith liom labhairt faoin phointe is mó a tháinig chun solais sa taighde. Luaigh cúpla duine an polasaí dátheangach. Thugamar léiriú ar dhátheangachas atá fabhtach, ar bhealach. An bhrí a chuirim ar dhátheangachas fabhtach ná de réir mar a théann na cainteoirí óga Gaeilge in aois, téann an taithí atá acu ar úsáid na Gaeilge i laghad. Má tá an straitéis nua le bheith éifeachtach, caithfidh sí dul i ngleic leis an dátheangachas fabhtach. Ta leasú agus ceartú á dhéanamh againn ar an gcineál dátheangachas atá sa tír seo, nach bhfuil ag cuidiú le bhun-aidhm an Stáit agus an phobail — go mbeidh cainteoirí muiníneacha Gaeilge againn. Caithfidh go n-áiríonn siad go bhfuil tacaíocht acu ón bpobal agus ó na forais éagsúla atá ag feidhmiú sa phobal sin.

Dr. Caoilfhionn Nic Pháidín

Teastaíonn uaim díriú ar chúpla ceann de na pointí a thóg daoine éagsúla. Luaigh daoine páirtíocht an phobail sa phróiseas seo agus bhí cúpla próiseas comhchomhairle ann le linn do Fiontar a bheith ag déanamh na hoibre agus go raibh a lán den phobal páirteach sna cruinnithe poiblí agus trí cheistneoirí agus trí na heagrais dheonacha sa phróiseas sin.

Luadh ceann de na moltaí a bhí againn nach bhfuil molta sa straitéis, go mbunófaí aonad i Roinn an Taoisigh. Bhí an grúpa againn go láidir den tuairim gurb shin an bealach abéifeachtaí chun an straitéis a chur chun cinn.

Luaigh an Seanadóir Mary White peer review ar an straitéis seo ó thráth go céile agus bhí sé luaite againn gur chóir go mbeadh athbhreithniú tráthrialta ar an straitéis de réir mar a bheadh sé a fheidhmiú. Chomh maith leis sin, luadh an leas ba chóir a bhaint as an gcóras Gaelscolaíochta atá ann mar lárionaid don phobal. Tá an struchtúr sin ann cheana mar struchtúr pobail agus ba chóir cuid mhaith de na hiarrachtaí a dhíriú tríd an gcóras sin.

Ag tacú le rudaí atá ráite faoi chúrsaí ollscolaíochta agus na struchtúir a d'fhéadfaí a chur i bhfeidhm san am atá le teacht, níor chóir neamhshuim a dhéanamh don mholadh atá déanta maidir le córas NUI agus na himpleachtaí a d'fhéadfadh a bheith ansin d'ionad na Gaeilge sa chóras tríú leibhéal ar bhonn náisiúnta. Tá sé tábhachtach go ndéanfaí an ollscolaíocht trí Ghaeilge a chur ar bhonn ceart éigin. Táimid le blianta ag streachailt leis an gceist seo. Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh an ollscolaíocht sa Ghaeltacht ar fáil trí Ghaeilge agus tá sé chomh tábhachtach céanna go mbeadh ollscolaíocht ar fáil lasmuigh den Ghaeltacht do dhaoine gur mhaith leo dul ar an ollscoil trí Ghaeilge. Ba chóir go mbeadh córas maoinithe ceart ann chun é sin a bhaint amach. Is fada muintir na Gaillimhe agus sinn féin ag streachailt leis an gceist sin. Níl aon réiteach sásúil ar an gceist go dtí seo.

Bhí go leor tagairtí do chúrsaí oideachais ag gach leibhéal ach mhol an grúpa straitéise a bhí ag Fiontar, an grúpa idirnáisiúnta, go mbeadh curaclam leagtha amach ón mbunscoil go dtí deireadh na hollscoile do dhaoine a bheadh ag déanamh céimeanna trí Ghaeilge agus go leagfaí amach na spriocanna foghlamtha agus an sórt curaclaim ba chóir a bheith ann ag gach leibhéal agus go mbeadh sin go comhaontaithe ar fud na tíre chun go mbeadh daoine ag obair go ginearálta sa chreatlach chéanna.

Maidir leis an nGaeilge don ardteist, tá tuairimí éagsúla ag páirtithe éagsúla ar an gceist seo. An chomhairle a fuaireamar agus an moladh a rinneamar ná go mbeadh an Ghaeilge mar ábhar lárnach ag gach céim den chóras bunscolaíochta agus den chóras iarbhunscolaíochta. Rinneamar moladh go bhféadfaí breathnú ar an gceist sin ar bhealaí éagsúla agus rinneamar moladh go mbeadh dhá shiollabas ann don ardteistiméireacht, ceann acu dírithe ar mhic léinn Ghaeltachta agus ar mhic léinn Ghaeilge a bheadh ar ardchumas agus a bheadh oiriúnach amach anseo le dul ag obair in earnáil na Gaeilge. Mholamar chomh maith go mbeadh siollabas ann a bheadh níos oiriúnaí agus níos taitneamhaí don ghnáth-mhac léinn, seachas a bheith ag streachailt leis an tuiseal ginideach agus rudaí mar sin, do mhic léinn nach bhfuil ábalta sin a dhéanamh. D'fhéadfaidís cúrsa i bhfad níos taitneamhaí agus níos oiriúnaí a dhéanamh agus b'fhéidir go dtiocfaidís amach as an gcóras scolaíochta le meon níos dearfaí i leith na Gaeilge ná mar a bhíonn ag cuid acu faoi láthair.

Dr. Peadar Ó Flatharta

Cúpla pointe le treisiú leis an gcuid atá ráite cheana. Ceann de na rudaí a bhí daoine ag rá ag gach cruinniú poiblí ná an bhfuilimid chun é seo a dhéanamh an uair seo agus an bhfuil seo ag dul a tharlú. Sin buncheist don straitéis seo mar tá go leor leor tuairiscí agus cáipéisí breátha agus grafaicí agus mar sin ann cheana féin ach caithfear an rud seo a chur i bhfeidhm nó níl aon chor tosú air ar chor ar bith.

Chaith muid go leor ama ag iarraidh an cheist seo a oibriú amach: cén chaoi go bhféadfaí struchtúr a chur in áit go gcuirfí é seo i bhfeidhm? Ceann de na ceisteanna a bhaineann go sonrach leis nach mbaineann seo le Roinn Stáit amháin. Táimid ag brath ar go leor de na Ranna eile chomh maith leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Tá contúirt ann, má chuirtear ar ghualainn na Roinne sin é go gcuirfear isteach i mbosca beag ansin agus ní bhainfidh sé le haon Roinn eile Stáit. Baineann sé le beagnach gach Roinn Stáit sa chóras. Sin an fáth gur mhol muid go mbeadh an comhordú á dhéanamh ag Roinn an Taoisigh, ag oifig cláir faoi cheannas rúnaí cúnta, duine a mbeadh an chumhacht aige an straitéis seo a bhrú chun cinn agus comhoibriú tras-rannach a chinntiú mar tá an comhoibriú sin luachmhar.

Caithfear ar ndóigh córas éigin chun an straitéis a mheas go rialta a chur ar bun. Mhol muid go ndéanfaí measúnú neamhspleách trí Oifig an Choimisinéir Teanga nó dream éigin neamhspleách a bheadh in ann a rá chuile bhliain go bhfuilimid nó nach bhfuilimid ag déanamh dul chun cinn.

Ansin, tá ceisteanna acmhainní ann. Ní raibh deis againn dul isteach sách-mhinic i gceist na hacmhainne ach an tuairim atá againn ná go bhfuil go leor acmhainní maoine ann faoi láthair. Táimid an-ghann ar acmhainní daonna, daoine taobh istigh den chóras atá in ann an tseirbhís a chur ar fáil agus Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh. Sin an fáth gur mhol muid polasaí cinnte earcaíochta a bheith ann go ceann méid áirithe blianta, le deis a thabhairt do dhaoine dátheangacha teacht isteach sa chóras. Chuideodh sin leis na scoileanna, leis an nGaeltacht agus leis na Gaelscoileanna, go mbeadh deis ag daoine a gcuid Gaeilge a úsáid. Má táimid ag dul i dtreo an 250,000 duine seo a tháinig chugainn ón Aire, ar a laghad is sprioc é agus seo an chéad uair a chuala mise daoine ag caint ar mhéadú ar líon na gcainteoirí Gaeilge. Mura mbeadh de thoradh ar an sprioc seo ach é sin amháin, ba dhul chun cinn mór é.

Caithfimid feabhas a chur ar an dearcadh, feabhas a chur ar chumas agus deiseanna úsáide a thabhairt don teanga.

Gabhaim buíochas do gach duine. Thug muid aird ar gach rud a dúradh agus tá ábhar staidéir ar leith againn anois as bheith ag éisteacht inniu. Tá an próiseas comhairliúcháin ar an straitéis críochnaithe againn agus táimid tar éis fochoiste a bhunú faoi chathaoirleacht an tSeanadóra Uí Mhurchú. Cuirfidh an fochoiste seo le chéile an fhianaise atá bailithe againn. Tá sé socruithe go dtiocfaidh an fochoiste ar ais chugainn le dréacht-thuarascáil roimh an 30 Aibreán. Táimid i ndáiríre faoin obair atá le déanamh againn. Bhímid anseo le lucht chraoltóireachta agus ansin sa Ghaeltacht agus ar ais anseo inniu.

Beimid ar ais anseo ar 24 Márta nuair a bheimid ag plé fitness agus wellbeing though individual community initiatives.

The joint committee adjourned at 4 p.m. until Wednesday, 24 March 2010.
Barr
Roinn