Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

JOINT COMMITTEE ON COMMUNICATIONS, MARINE AND NATURAL RESOURCES díospóireacht -
Thursday, 11 Jan 2007

Safeguards and Guarantees Regarding the Irish Language.

The second session deals with the safeguards and guarantees for the Irish language, as well as the independence and remit of TG4. Members of the committee were surprised at the number of observations received regarding the status of the Irish language and culture. The strength of our culture and language is important in how we legislate for both and broadcasting must reflect this aspect.

Some of our guests may wish to speak in Irish and I have asked a couple of Deputies to lead the way.

I want to begin in English. I have a background in sport and I am aware of the tremendous contribution that RTE, TG4, Radio na Gaeltachta and local radio stations have made to the growth of the GAA. Names like Brian Carthy and Micháel Ó Hehir are known throughout Ireland and beyond. I have also been impressed with the work of RTE in competing with the BBC, as this State has a population of about 4 million, while the BBC has a market of 55 million people. The GAA and minority sports have depended on RTE and other broadcasters for their growth. The language also depends on them.

Táim chun tagairt spesialta a dhéanamh do chuid a dó, cabadail 24: aidhmeanna éagsúla an údaráis. Tá sé an-tábhachtach go mbeidh teangacha éagsúla aitheanta sa Bhille craolacháin, agus is iontach an rud é go bhfuil líon mór teangacha sa tír seo, toisc an staid eacnamaíochta atá againn. Tá muintir an domhain ag teacht go h-Éirinn anois. Fadó, bhíomar ag dul as an tír, ach anois tá siad ag teacht. Tá sé tábhachtach go mbeidh teangacha éagsúla aitheanta.

An bhfuil gá chur leis an gcabadail seo, ionas go mbeidh stádas speisialta ag ár dteanga Gaeilge? Sin mo cheist. Táimid tar éis bheith ag coimhlint agus troid ionas go mbeidh stádas speisialta ag an Ghaeilge san Eoraip. Beidh sé aitheanta ag Údarás Craolacháin na hÉireann.

Tá ceist ghairid eile agam. Ar cheart go mbeadh sé mar aidhm ag an údarás nua coimirce faoi leith a thabhairt don Ghaeilge ionas is go mbeidh fás agus forbairt ag an teanga sa tslí chéanna is go raibh muintir spóirt ag brath ar na húdaráis éagsúla a bhí againn? Aontaíonn beagnach gach éinne go bhfuil sé riachtanach go mbeidh fás agus forbairt ag an teanga, ach an bhfuil sé riachtanach é a leagadh síos sa Bhille seo go mbeidh sé mar aidhm aige coimirce speisialta a thabhairt don Ghaeilge?

An gá tagairt speisialta a chur isteach sa Bhille do Raidió na Gaeltachta? Bíonn neart cainteoirí agus daoine nach cainteoirí iad ach a bhfuil suim acu sa Ghaeilge ag brath ar Raidió na Gaeltachta. Bíonn an-chuid daoine ag brath ar Raidió na Gaeltachta do chraolacháin agus cluichí éagsúla spóirt. An gá stádas speisialta a thabhairt do Raidió na Gaeltachta sa Bhille seo?

Is é an cheist dheireannach atá agam ná an bhfuil sé riachtanach é a bheith mar aidhm ag na craoltóirí éagsúla ar fud na tíre cuid dá n-obair a bheith as Gaeilge? Chabhródh sé sin go mór le stádas na Gaeilge, ach éistim leis na craoltóirí éagsúla go minic, agus is fíorbheagán a bhíonn ar siúl as Gaeilge. Sin iad na ceisteanna atá agam.

Will we start with Mr. Mac Póilin? Perhaps he might like to answer some of those queries.

Mr. Aodán Mac Póilin

I may not be able to answer them all. Ar cheart domh Gaeilge nó Béarla a labhairt? Is é an chéad cheist ná stádas na Gaeilge sa tír go ginearálta agus na himpleachtaí atá leis sin do chúrsaí craolacháin. Is é an chéad fhreagra a bheadh agam air sin ná gurb í an chéad teanga náisiúnta í. Bheadh sé aisteach gan é sin a bheith aitheanta trí reachtaíocht ar bith a bhaineann le craolachán.

Is é an darna ceist ná an bhfuil an Ghaeilge á cur i gcomparáid leis na mionteangacha úra atá ag teacht isteach sa tír ar na mallaibh - agus tá níos mó acu ag teacht isteach i rith an ama? Ar leibhéal domhanda, tá oidhreacht ar leith sa tír agus sa teanga seo nach bhfuil áit ar bith eile. Tá sé de dhualgas againn í a chaomhnú nó, má chaillfear í, beidh sí caillte ag an domhan. Is seoid náisiúnta agus dhomhanda í. Tá mé ag teacht leis an Teachta go huile is go hiomlán ar an cheist dheireannach sin mar gheall ar na craoltóirí eile. Ba chóir go mbeadh próifíl ag an Ghaeilge agus dualgas ar achan uile chraoltóir talaimh a fheidhmíonn sa tír seo. Ba chóir go mbeadh forálacha agus cosaint ar leith ann do Raidió na Gaeltachta fosta.

Sin trí cinn de na ceisteanna, agus chaill mé an nóta ar an cheann deireannach. Ní thig liom í a fhreagairt.

An gá go mbeidh cuid den raidió áitiúil as Gaeilge? Ar cheart dúinn é sin a scríobh isteach sa Bhille?

Mr. MacPóilin

Ba chóir go mbeadh, ar bhonn an phointe a rinne an Teachta. Tugann sé aitheantas, próifíl agus stádas don teanga mar oidhreacht choitianta ar fud na tíre.

Mr. Pádraig Ó Ceithearnaigh

Go raibh maith agaibh as an chuireadh a bheith anseo.

Aontaím go hiomlán. Faoi mar atá head Uimh. 24 leagtha síos faoi láthair, is dóigh linn sa chomhdháil gur gá idirdhealú a dhéanamh idir na teangacha oifigiúla atá againn sa tír, is é sin, an Béarla agus an Ghaeilge, agus na teangacha eile atá tagtha isteach sa tír, ach go háirithe mar gheall ar an inimirce atá ag tarlú le roinnt blianta anuas. Cé go bhfáiltímid roimh na teangacha sin, a chuidíonn go mór lenár dtuiscint ar ár dteanga féin, is gá idirdhealú a dhéanamh sa reachtaíocht seo idir na teangacha oifigiúla atá againn faoin mBunreacht agus na teangacha eile. Is gá, dá bhrí sin, go mbeadh sé sin an-soiléir sa reachtaíocht seo.

Maidir le coimirce faoi leith don Ghaeilge, is dóigh leis an gcomhdháil gur gá gach deis a thapú i ngach reachtaíocht sa tír stádas na Gaeilge a ardú agus a láidriú. Is gá go dtabharfaí feidhm dó sin. Mar shampla, ag dul ar aghaidh go dtí an ceathrú ceist, maidir le craoltóirí ar fud fad na tíre, tá dualgas áirithe orthu ó thaobh na Gaeilge de faoi reachtaíocht na bliana 1988 faoi mar atá sé, cé nach bhfuil sé chomh láidir sin. Caithfear tacú agus cabhrú leo i ngach bealach ar féidir linn, ach gan é a bheith sa reachtaíocht, ní tharlóidh tada. Anois, nuair atá an-chuid den reachtaíocht á cuimsiú agus á tabhairt le chéile, is gá é sin a dhéanamh.

Maidir le Raidió na Gaeltachta de, tá seasamh ar leith aige sa tír seo. Faoi mar a sheasann sé faoi láthair, tá tacaíocht réasúnta maith á tabhairt dó ag RTE. D'fhéadfadh sé sin a athrú ag am ar bith, áfach. I gcomhthéacs an ruda atá ráite, b'fhéidir nár mhiste stádas ar leith a thabhairt do Raidió na Gaeltachta sa reachtaíocht seo, bíodh sé faoi RTE nó ar cibé bealach eile a cheapfaí. I láthair na huaire, is dóigh liom gur maith an rud atá molta ag an Teachta sa chomhthéacs seo.

We will go to Mr. de Spáinn, and then Deputy Ó Snodaigh to take some comments.

Mr. de Spáinn

Is dócha nach bhfuil mórán eile le rá. Aontaíonn Conradh na Gaeilge leis an méid atá ráite ag an mbeirt fhear eile. B'fhéidir go raibh botún déanta roimhe seo le ceadúnas TV3 nach raibh aon choinníollacha cearta ó thaobh na Gaeilge de. Ní fhaca muid ach b'fhéidir nóiméad as Gaeilge ar TV3 ó shin. Seans go bhfuilimid tar éis foghlaim ón mbotún sin agus gur féidir linn é sin a fheiceáil sa reachtaíocht seo. Beidh dualgas ar gach grúpa a fhaigheann ceadúnas ón Stát méid áirithe Gaeilge a úsáid. Spreagfadh sé sin an Ghaeilge ar fud na tíre agus thaispeánfadh sé do dhéagóirí agus gach duine eile nach mbaineann an Ghaeilge le ceantair áirithe ach le gach grúpa. Beidh sé sin fíorthábhachtach amach anseo.

Mr. Ó Ciardha

Ní féidir mórán a chur leis an méid atá ráite ach amháin é seo, a bhaineann le heads Uimh. 24 agus 25, "objectives and functions". Tá sé tábhachtach go luafaí an Ghaeilge iontu. Ba cheart dúinn dualgas a chur ar na craoltóirí ní amháin cosaint a thabhairt don Ghaeilge, mar a dúirt an Teachta Ó Diomasaigh, ach an Ghaeilge a fhorbairt. Is acmhainn chultúrtha í - an ceann is saibhre atá againn, mar a dúirt an tUas. Mac Póilin. Níor mhaith linn gur rud cosantach, diúltach ná coimirceach amháin a bheadh i gceist ach go mbeadh sé mar dhualgas ar an údarás nua - an t-údarás ilíoch atá i mbun pholasaí craolacháin na tíre seo, agus polasaí digiteach amach anseo, b'fhéidir - an Ghaeilge a bheith i gcroí-lár a oibre, ní díreach chun í a chaomhnú ach chun í a fhorbairt agus a neartú.

Barr
Roinn