Tá ceathrar comhalta i láthair, mar is gá, Teachtaí Dála agus Seanadóir amháin san áireamh. Mar sin, is féidir linn an cruinniú a thosú. Níl aon leithscéal faighte agam ó éinne ar chor ar bith. Comhairlím do chomhaltaí a ngutháin phóca a mhúchadh ionas nach gcuireann siad isteach ar an gcóras fuaime agus ar chraolachán an chruinnithe. Beidh sos againn anois ar feadh cúpla nóiméad.