Tá leagan Béarla den méid atá le rá agam ar leathnach 9. I dtús báire, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gcomhchoiste as an chuireadh a thabhairt do Ghaelscoileanna teacht chun cainte leis ar maidin. Is mór an onóir dúinn an seans a fháil labhairt as Gaeilge agus achmainní aistriúcháin a bheith ar fáil dúinn. Níor iarramar sin ach táimíd an-bhuíoch dá bharr sin.
Is mise Colm Ó Dúlacháin, príomhfheidhmeannach nua-cheaptha ar Ghaelscoileanna. Bhíos mar eagraí náisiúnta leis an eagraíocht ó 1981 go dtí 1987. In éineacht liom ar maidin tá Fionnuala Uí Chíosóig, feidhmeannach na heagraíochta, agus Donal Ó hAiniféin, atá ina Uachtarán ar Ghaelscoileanna, ina phríomhoide ar Ghaelscoil Sáirséal, Luimneach agus mar bhall den Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Tá beirt eile fostaithe linn. Is iad siúd Nora Ní Loingsigh, leas-phríomhfheidhmeannach agus oifigeach oideachais na heagraíochta agus Helmi Saidléar, ar a bhfuil cúram na hoifige. Beidh oifigeach forbartha ag tosú linn ag tús na míosa seo chugainn. An príomh-fhreagracht a bheidh ar an oifigeach seo ná pleanáil straitéiseach a dhéanamh ar bhunú agus ar bhuanú bunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ar fud na tire. Beidh siad ag obair in éineacht leis na comhairlí chontae, na bóird forbartha chontae agus dreamanna áitiúla chun an phlean is éifeachtaí a bhaint amach.
Ag comhdháil bhliantúil Ghaelscoileanna 2003 an deireadh seachtaine seo caite, rinneamar ceiliúradh ar an 30ú bliain den eagraíocht a bheith ag feidhmiú go h-oifigiúil. Bhí múinteoirí agus tuismitheoirí ann ós na Gaeltachtaí uilig agus ó Thuaisceart Éireann agus iad na dúshláin coiteann i measc múinteoirí, tuismitheoirí agus bóird bainistíochta á phlé acu. Chuir an Seanadóir Máire Uí Ruairc, Ceannaire an tSeanaid, fáilte roimh chách chuig a baile dúchais agus a teach dúchais ar a sheasann anois Óstan Bá Hodson. Sheol sí iris 30 bliain na heagraíochta, atá anois os comhair an choiste. D'oscail an tAire Gnóthaí Phobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, an comhdháil bliantúil go hoifigiúil.
Nuair a bunaíodh Gaelscoileanna i 1973, ní raibh ach 13 bhunscoil agus cúig iarbhunscoil ag múineadh trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Anois, tá 149 mbunscoil agus 33 iarbhunscoil ag freastal ar os cionn 30,000 dalta sna 32 chontae lasmuigh den Ghaeltacht. Áit a bhfuil 109 mbunscoil lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht, tá 123 taobh amuigh de. Thárla formhór an fháis seo a bhuíochas le bunú na heagraíochta i 1973 agus le fís na mbunaitheoirí. Thug Bord na Gaeilge - anois Foras na Gaeilge - maoiniú agus seirbhisí oifige dúinn ó 1979 ar aghaidh. Murab an tacaíocht seo on Stát, ní bheadh ar ár gcumas leath den méid atá bainte amach againn a bhaint amach agus táimíd an-bhuíoch as san.
Freastalaíonn ár scoileanna ar dhaltaí ó gach sórt cúlra sóisialta agus eacnamaíochta agus o chúlraí eagsúla creidimh. D'fhéadfaí teacht ar Ghaelscoil ó Chill Rois go dtií an Cnoc Theas i Luimneach agus go ceantair meán-aicmeach i gCorcaigh, Gaillimh no Baile Átha Cliath. Is faoi phatrúnacht an Easpaig atá roinnt de na scoileanna agus faoin Aire Oideachais agus Eolaíochta cuid eile. Tá scoileanna eile faoin bhForas Patrúnachta agus cinn eile fós faoi chuideachtaí príobháideacha, ar nós scoileanna leanaí, Coláiste an Phiarsaigh agus a leithéid. Is iad na tuismitheoirí a roghnaíonn sainmheoin creidimh na scoileanna, pé acu Caitliceach, idirchreidmheach nó ilchreidmeach.
Sa tslí chéanna, tá struchtúir éagsúla bainistíochta ag na hiarbhunscoileanna. Cé go bhfuil cuid mhaith acu faoi na hóird rialta, tá roinnt mhaith acu anois ag teacht faoi scáth na gCoisti Gairmoideachais. Bunaíodh aonaid lán-Ghaeilge in áiteanna nach raibh dóthain daltaí ann chun scoileanna neamhspleácha dara leibhéal a bhunú.
Ta sprioc faoi leith ag Gaelscoileanna leasuithe a chur i bhfeidhm i réimse an oideachais. Bheimís buíoch seans eile d'fháil amach anseo labhairt leis an gcoiste maidir leis an ngéarchéim soláthar oideachais ag an dara leibhéal agus an ngéirchéim cóiríochta ag an mbunleibhéal go speisialta.
Ba mhaith linn diriú inniu ar dhá réimse ata práinneach ó thaobh na Gaelscolaíochta de. Muna dtugtar aghaidh ar na réimsí seo, d'fhéadfai an-dhochar a dhéanamh do ghluaiseacht Ghaelscoileanna. Baineann siad, go príomhda, leis na critéir aitheantais atá de dhíth chun scoileanna nua a bhunú.
Faoin teidal "scoileanna i mbaol a dúnta", ar an 31 Márta seo caite, tháinig litreacha ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta chuig patrúin agus cathaoirligh i sé Ghaelscoil. D'fhógair an tAire gur chóir an t-aitheantas a tharraingt siar ó na scoileanna seo, de réir mir 11 den Acht Oideachais 1998. An bunús a bhi aige leis seo ná na critéir aitheantais reatha - se sin gur gá 17 naionáin shóisir a bheith rollaithe sa scoil gach blian don chéad tri bliana agus go gcaithfear 51 pháiste a bheith ann faoin am go mbíonn an triú blian bainte amach. Tháinig na critéir aitheantais seo leis na moltaí a bhí déanta ag an gCoimisiún um Chóiríocht Scoileanna anuraidh maidir le aitheantas do scoileanna nua.
Bhí na scoileanna go léir seo bunaithe, áfach, sular cuireadh an córas nua i bhfeidhm. Ní bhfuair formhór na scoileanna seo aitheantas, fiú amháin, go dti cúpla lá roimh tús na scoilbliana ina raibh siad le bunú. De réir mír 11(2) den Acht tá sé de cheart ag na scoileanna aighneacht a dhéanamh laistigh de trí mhí o dáta fógartha an aitheantais a tharraingt siar. I gcás trí chinn de na scoileanna, ghlac an tAire leis an achomharc, ach chinn sé ar trí chinn eile a dhúnadh. Cuirfear an cinneadh seo i bhfeidhm ón lá deireanach den scoilbhliain seo, sé sin, 30 Meitheamh 2004. In ainneoin na litreacha seo ón Aire, tugadh cuireadh do na scoileanna aighneacht bhreise a dhéanamh chuig an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
D'fhreastal mise, in éineacht le teachtaí ó na scoileanna agus ionadaí an phatrúin ar chruinnithe leis an Roinn Oideachais agus Eolaiochta cúpla seachtain ó shin. Tá súil againn gur féidir teacht ar réiteach, fiú amháin ag an stáid seo, chun na scoileanna a choimead ar oscailt. Fiú más rud é go gcuirtear cinneadh an Aire i bhfeidhm agus go ndúntar na scoileanna, ní bheidh aon dul as againn ach cás cúirte a thógáil in aghaidh na Roinne, mar go gcreidimid nach bhfuil an cinneadh ag teacht de réir Achta. Bhí orainn feachtais a reachtáil cheana chun aitheantas d'fháil do scoileanna ar nós South Hill, Parklands agus Mahon. D'éirigh linn leis na feachtais sin agus déanfhaimíd arís é, más gá.
Fiú ma cheadaítear na scoileanna seo a fhágaint le haitheantas, níl mórán dóchas ann do scoileanna nua as seo amach. Tá Gaelscoileanna ar fáil i 31 chontae as 32. Níl aon Ghaelscoil i gContae Liatroma, cé go bhfuil tuismitheoirí sa cheantar tar éis tosú ar fheachtas le cúpla bliain anuas. Níl ach dhá nó trí oide i roinnt de na scoileanna áitiúla, fiú nuair atá siad lonnaithe i gcathracha móra, pé acu do buachaillí nó cailíní. Chaithfidh Gaelscoil, de réir na critéir aitheantais nua, suas le 17 a chlárú sa scoil gach uile bliain. Ní rogha oideachais a bhéas ar fail sa cheantar a thuilleadh mar go gciallódh sé seo, má ceadaítear Gaelscoil, go dhúnfhar scoileanna eile sa gceantair. Ni thógann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta san áireamh sna critéir aitheantais do scoileanna nua go bhfuil difríocht ollmhór idir cheantair uirbeacha agus tuaithe.
Is scéal eile ar fad atá i dTuaisceart Éireann maidir le critéir aitheantais na scoileanna nua. Chun aitheantais sealadaigh a bhaint amach i gceantair lasmuigh de Dhoire agus Béal Feirste, ní gá ach 12 dhalta a fháil agus ins na cathracha féin, níl ag teastáil ach 15 dhalta ag teacht isteach gach blian. Dá mba rud é gur bhog dhá cheann de na scoileanna go bhfuil sé i gceist ag an Rialtas seo a dhúnadh, dá mbogfadh siad cúpla míle trasna an Teorainn ón áit ina bhfuil siad, beidís sábhálta fé Rialtas na Breataine. Scríobh Foras na Gaeilge chuig an Aire Oideachais agus Eolaíochta ag lorg na critéir aitheantais chéanna sa Deisceart is mar atá ar fáil sa Tuaisceart chun go mbeimid ar an leibhéal céanna sna 32 chontae. Tá Gaelscoileanna ag iarraidh ar an gcomhchoiste tacú le hachainí Foras na Gaeilge.
Ba mhaith liom a mheabhrú go bhfuil an Coimisiún um Chóiríocht Scoileanna beagnach réidh leis na moltaí maidir le critéir aitheantais d'iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge nua agus don soláthar atá ann cheana féin a fhoilsiú. Tá an ghéarcheim chéanna in ann do iarbhunscoileanna. Arís, níl siad chun aon difríochta a athnú idir scoileanna tuaithe agus scoileanna uirbeacha. Má glactar leais na moltaí sin, ní bheidh aon iarbhunscoileanna neamhspleácha ar fáil lasmuigh dos na cathracha móra.
An dara réimse gur mhaith liom a phlé inniu na bunscoileanna nua. Ba mhaith liom díriú isteach ar an bpróiséas nua aitheantais a thosaigh don chéad uair an scoilbhliain seo caite. Bhíomar ag fáiltiú phróiseis a thabharfadh aitheantas do scoil ceithre mhí roimh thosach na bliana, seachas cúpla lá roimh 1 Meán Fómhair, mar a tharlaíonn faoi láthair. Is minic gur osclaítear scoileanna gan fiú amháin príomhoide a bheith ceaptha. Níor oibrigh an córas nua i mbliana, áfach, agus d'oscail scoileanna gan phriomhoidí toisc nach bhféadfaí "activating", mar a thugann an Roinn air, a dhéanamh ar an aitheantas a bhí faighte in Aibreán go dtí Lúnasa. Táimid tar éis an phróiséis agus na fadhbanna a bhain leis i mbliana a phlé leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Táimid ag súil go mbeidh aitheantas ag na scoileanna nua in am an bhliain seo chugainn agus go mbeidh príomhoidí fostaithe roimh thús na scoilbliana.
Bíonn orainn a chinntiú gur ón gceantar a thagann an t-éileamh sula dtéimid i mbun Gaelscoil nua a bhunú. Táimid ag obair, mar shampla, le grúpa in Áth Í chun Gaelscoile a bhunú faoi láthair. Tá formhór na dtuismitheoirí lena bhfuil muid ag obair i mBaile Átha Cliath. Bíonn ar an mbeirt tuismitheoir a bheith ag obair agus nuair a sroicheann siad an baile ag 7.30 a.m. caithfidh siad dul amach i mbun dualgais maidir leis an Ghaelscoil nua a bhunú. Bíonn orthu tuismitheoirí eile cosúil leo féin a aimsiú chun tabhairt faoi fheachtas scoil a bhunú. Bíonn orthu eolas a chur ar fáil, ocáidí poiblíochta a rith, dul ó dhoras go doras sa cheantar chun an líon daltaí atá de dhíth chun Gaelscoile nua a bhunú a fháil agus iarratas a chur ar aghaidh go dtí an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
Níl ansin ach tús lena chuid oibre, áfach, mar caithfidh siad cóiríocht shealadach oiriúnach a aimsiú a thagann leis na caighdeáin atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus leis na comhairlí áitiula. Caithfear mion-thuairiscí a sholáthar ó ailtirí, ó thiarnaí talún agus ó luachálaí cáilithe chun go bhféadfadh an Roinn teacht ar réiteach mar gheall ar an iarratas. Meabhraítear don choiste bunaithe go bhfuil an freagracht orthu, mar bhórd bainistíochta soláthar a dheanamh ar chóiríocht shealadach go dtí go dtógann an Roinn foirgneamh buan don scoil. Tógann sé suas le deich mbliana, ar a laghad, chun freagraíochta sin ar an lánúin óg ó Bhaile Átha Cliath, go mb'fhéidir go bhfuil an chéad teach tógtha acu agus go bhfuil an cúram seo orthu. Má dhiúltaítear don iarratas, ní bhíonn aon aisíoc ar fáil ar na costais seo go léir. Níl aon fhreagracht ag an bpátrun - an Easpag nó an foras pátrúnachta - na billí a bhaineann leis seo a íoc. Measann muid go gcosnaíonn sé suas le €30,000 ar ghrúpa tuismitheoirí, ón gcéad chruinniú go lá oscailte na scoile, feachtas a thabhairt chun críche. Ní bhíonn lánúin atá ag ceannach tí don chéad uair in ann na costais seo a sheasamh.
Roimhe seo, cuireadh i leith na nGaelscoileanna go rabhamar meán-aicmeach agus ardnósach. Ní raibh sé seo fíor, ag tógaint san áireamh go bhfuil scoileanna againn i ngach sórt ceantair den tír. As seo amach, áfach, cuirfear Gaelscolaíocht ar leataobh dóibh siúd nach bhfuil airgead acu muna nglacann an comhchoiste lenár moladh. Ba chóir don rannóg pleanála agus tógála páirt ghníomhach a ghlacadh nuair atá na coistí bunaithe ar thóir chóiríochta shealadacha. Ba chóir go ndíolfadh sé as costais na n-ailtireachta, cead pleanála agus na cáipéisí eile atá á lorg ag an Roinn chun an iarratais ar Ghaelscoil nua a mheas.
Ba mhaith liom labhairt ar Ghaelscoileanna nua i gceantair ata ag forbairt - "greenfield sites". Tar éis 30 bliain de Ghaelscoilíocht a bheith ag fás, tá sé cruthaithe againn go bhfuil éileamh an-mhór ag teacht ón bpobal do sholáthar oideachais lán-Ghaeilge ag gach leibhéal ar fud na tíre. In ainneoin seo, níl an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ná na comhairlí áitiúla ag cur talaimh, nó "landbank", ar leataobh i gceantracha nua do Ghaelscoileanna. Faoin dtaca go bhfuil na pobail socraithe isteach sna ceantair nua seo, ní bhíonn aon foirgnimh nó spáis fágtha chun Gaelscoile nua a bhunú. Iarraimid ar an gcoiste iachall nó moladh a chur ar na gcoistí agus na gcomhairlí chontae talamh a chur ar leataobh don Ghaelscolaíocht agus go rachadh an talamh seo ar ais go dtí na comhairlí muna n-úsáideann na Gaelscoileanna iad laistigh de mhéid áirithe blianta, mar shampla, muna bhfuil an éileamh sin ann.
Tá cuid de na rudaí atá ag déanamh scime dúinn faoi láthair luaite agam. D'fhéadfaimid plé le cursaí eile maidir leis na fadbhanna cóiríochta in 121 de na scoileanna. Tá 13 de na scoileanna a bhunaíodh roimh 1990 fós i ndroch-stad cóiríochta. Tá níos mó ná 200 páistí sna scoileanna áirithe. Is obair do lá eile é sin. B'fhéidir go mbeidh deis eile againn na nithe seo a phlé libh. Tá na rudaí is práinní in ár gcúram luaite agam. Tá trí scoileanna le dúnadh agus ní bheidh aon scolaíocht le fáil lasmuigh de bailte móra feasta. Táimid ag lorg tacaíochta chun go mbeidh Gaelscoileanna in Domhnach Bat, Adamstown agus na h-áiteanna nua ar fad atá ag teacht chun cinn.