Ar son Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge Teoranta, gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as ucht an chuiridh seo a thabhairt dúinn don chur i láthair seo a dhéanamh.
Faoi láthair, tá mé ag feidhmiú mar chathaoirleach ar an Fhoras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge, an patrún is mó fáis, le 12 bliain anuas. Bunaíodh an foras pátrúnachta i 1993 le feidhmiú mar phatrún ar Ghaelscoil an Ghoirt Álainn i gCorcaigh, an chéad Ghaelscoil ilchreidmheach sa tír, ó shin i leith. Tá fás agus forbairt tagtha ar an bhforas sa tslí go bhfuil 46 bhunscoil anois faoinár bpatrúntacht agus meánscoil amháin — Gaelcholáiste Chill Dara — ó 2003. Le seacht scoil nua beartaithe do 2006, beidh 52 scoil faoinár gcúram taobh istigh de thréimhse 13 bliana.
Tá dualgas ar an phatrún a chinntiú go bhfuil spiorad sainiúil na scoileanna á chosaint agus á fhorbairt ina scoileanna. Don fhoras patrúnachta, baineann seo le étos na Gaeilge agus éthos chreidimh. Labharfaidh an tUas Breandán Mac Cormaic ar cheist na Gaeilge níos déanaí.
Ó thaobh chreidimh de, is gné suntasach de scoileanna an forais ná an iolrachas a bhaineann leo ó thaobh spiorad sainiúil chreidimh de. Tá scoileanna lán-Ghaeilge Caitliceacha againn, scoileanna lán-Ghaeilge idirchreidmheacha agus scoileanna lán-Ghaeilge ilchreidmheacha faoinár gcúram. Léirítear inár gcuid scoileanna an éagsúlacht ó thaobh rogha de atáá lorg ag tuistí na tíre seo anois.
Inniu, tá muid ag plé na mbord bainistíochta agus cosúil le gach múinteoir, tá ceist agam — cad chuige na boird seo? Dar leis an fhoras patrúnachta, tá na boird ann leis an oideachas is fearr a chur ar fáil i dtimpeallacht atá slán agus saor ó bhagairt. I gcás scoileanna an fhorais, is é an Gaeloideachas atá ar fáil ina scoileanna agus a chaithfidh an patrún a chinntiú. É sin ráite, is trua nach bhfuil focus na mbord don chuid is mó dírithe ar chaighdeán an oideachais ach ar riarachán agus gnéithe reachtúla.
Is grúpa de dhaoine deonacha gach bord bainistíochta bunoideachais na tíre seo, ag brath go huile ar iarrachtaí deonacha agus ar dhea-thoil bhaill na mbord. Ag an am céanna, éilíonn an Stát seirbhís gairmiúil proifisiúnta óna daoine deonacha seo. Sa 21ú aois níl seo sásúil a thuilleadh. Leis an tseirbhís ghairmiúil seo a chinntiú caithfidh an Stát caitheamh go gairmiúil le baill na mbord. Is féidir seo a dhéanamh i roinnt bealaí.
Tháinig ré nua in oideachas na tíre seo leis an Acht Oideachais 1998. Dul chun cinn iontach atá ann don chuid is mó. Lena chois, tháinig fás agus forbairt ar ról na mbord bainistíochta. Anois tá cúram reachtúla ar na boird i leith na ndaltaí, i leith na dtuistí agus i leith na foirne scoile. Chomh maith leis sin, tá dualgas ar na patrúin i leith na mbord ina gcuid scoileanna.
Tá na boird freagrach as an Acht Oideachais féin, an Acht um Leasa Oideachais agus as an Acht um Oideachais do Dhaoine le Riachtanais Speisialta agus roinnt eile. Tá na boird faoi bhrú suntasach óna hualaí reachtúla atá orthu i leith na scoileanna beag beann ar na cúramaí reatha atá orthu i leith na scoileanna.
An rud is mó buairt dúinn mar phatrún ná nár chuir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta oiread is uair a chloig traenála ar fáil agus taobh amuigh dos na ciorcaláin a eisíodh, agus na foilseacháin a seoladh amach, ní raibh fiú seisiún amháin eolais ar fáil dóibh ar na hábhair seo.
Cé gur dea-rud é an Acht Oideachais, tá baol an-mhór ann go dtitfidh an rud ar fad as a chéile má leanann an Roinn ag braith ar bhaill dheonacha na mbord le cinntiú go gcuirtear forálacha na nAchtanna éagsúla i bhfeidhm i gceart sna scoileanna. Tá an lá tagtha go gcaithfidh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta a aithint gur gá le duine amháin a cheapadh i ngach bunscoil sa tír le cinntiú go bhfuil dualgais na nAchtanna éagsúla á gcomhlíonadh.
Faoi láthair, titeann tromlach na ndualgas seo ar na cathaoirligh agus le scéal olc a dhéanamh níos measa, tá siad ag braith ar threoir óna príomhoidí.
Ní féidir linne mar pháirtnéirí i bpróiseas an oideachais ar gcloigeann a choimeád sa ghaineamh a thuilleadh, ag súil go mbeidh gach rud go breá — ní bheidh, go háirithe má leanfaimid ar aghaidh gan daoine gairmiúla ar fáil. Ón méid a dúradh anseo ar an 7 Iúil agus atá á rá inniu,tuigeann agus glacann na páirtnéirí uile ar fad leis seo. Tá sé in am don Roinn an bearna agus an easpa seo sa tseirbhís a aithint agus a admháil agus na céimeanna fóirsteanacha a tógáil le freastal ar an easnamh seo.
Go bunúsach, tá trí ról taobh istigh gach bord gur gá féachaint orthu: ról an chathaoirligh, ról an chisteora agus ról an phríomhoide. Pléifidh IPPN na gnéithe a bhaineann go speisialta leis an bpríomhoide so mar sin féachfaimid anois ar an dá ról eile.
Cé go bhfuil dualgas ar gach bord feidhmiú mar aonad, titeann an t-uafás oibre ar an gcathaoirleach. Tá idir trí agus cúig uair an chloig in aghaidh na seachtaine thar na bliana ar fad ag titim ar chathaoirligh i gcás scoileanna nua agus scoileanna atá ag fás díreach i gcás scoileanna atá ag tabhairt faoina gcúramaí reachtúla go gairmiúil. Is ionann sin agus 23 lá oibre in aghaidh na bliana. Is mór an méid é sin. I gcás scoileanna an fhorais, nach bhfuil ach cóiríocht sealadach ag 95% dóibh, méadaítear an obair seo thar chuimse agus iarrachtaí ar bun chun foirgnimh buan a cheadú, a airgeadú agus a thógáil. Sa chóras faoi láthair níl oiread is buntáiste amháin ann dóibh siúd a ghlacann le dualgais an chathaoirligh — a mhalairt atá fíor don chuid is mó.
Tá obair an chisteora ag méadú bliain i ndiaidh bliana. Cé go bhfuil cúram ar an mbord ina iomlán buiséad na bliana a aontú, go praiticiúil, sé an chisteoir, i dteannta an chathaoirligh agus an phríomhoide, a chuireann an buiséad le chéile.
Le líon na ndaoine atá fostaithe anois go páirtaimsire agus go lánaimsire sna scoileanna, caithfidh na boird clárú mar fhostóir. Arís, is ar an gcisteoir a thiteann cúram tuarastal a íoc, cáin a bhaint agus a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim, árachas agus pinsean a eagrú dóibh, APS a oibriú amach, a bhaint agus a íoc agus tuarastal saoire a eagrú. Téann an liosta seo ar aghaidh. Tarlaíonn seo i ngach scoil i gcás na nglantóirí, an rúnaí, cúntóirí riachtanais speisialta agus oiread is uair an chloig traenála curtha ar fáil don chisteoir ach amháin an méid a dhéanann a phatrún féin.
Anuas ar sin, fuair scoileanna amach go bhfuil catagóir nua mhúinteora ann — an múinteoir sealadach lán-aimsire. Bhíodh múinteoirí páirtaimsire againn, múinteoirí lánaimsire againn agus múinteoirí sealadacha againn. Anois, tá cineál eile, an múinteoir sealadach lánaimsire. Ina theannta sin, tá múinteoirí páirtaimsire. Tháinig siad ar an saol de bharr athraithe atá curtha i bhfeidhm ag an Roinn sa chóras oideachais speisialta gan fiú ciorcalán uaidh á mhíniú.
Tá na patrúin éagsúla ag déanamh a ndícheall comhairle agus treoir a chur ar fáil dá gcuid boird. Ní féidir leis an Roinn a lámha a ní ar an gceist. Caithfidh sí traenáil a chur ar fáil láithreach do chisteoirí boird agus munar féidir léi nó muna bhfuil sé d'acmhainn aici seo a dhéanamh, caithfear deontas suntasach a chur ar fáil dos na patrúin éagsúla leis an saineolas atá de dhíth a cheannach isteach.
Is gné eile de chúramaí an bhoird a chinntiú go bhfuil na coinníollacha atá ann a chinnteoidh go bhfuil an t-oideachas is fearr ar fáil ina scoil. Ceann dos na príomhriachtanais ná deá-mhúinteoirí. Tá deá-mhúinteoirí atá eolach agus sciliúil ag teastáil le cinntiú go bhfuil an t-oideachas is fearr ar fáil sna scoileanna. Is múinteoir mé a ceapadh mar phríomhoide deich mbliain ó shin agus is ceart a rá go bhfuil scileanna ar leith ag gach éinne agus riachtanais ar leith ag gach éinne, is cuma cén gairm lena mbaineann siad, ach cosúil le haon ghairm eile atá proifisiúnta agus gairmiúil, is gá a aithint go bhfuil sár-mhúinteoirí ann, deá-mhúinteoirí ann agus múinteoirí nach bhfuil ábalta ná oiriúnach don obair atá le déanamh acu, sa tslí céanna is go bhfuil deá-dhochtúirí agus droch-dhochtúirí agus deá-pholaiteoirí agus droch-pholaiteoirí ann. Nuair a bhíonn fadhb le droch-mhúinteoir i scoil, tá próiseas in ainm is a bheith ann le dhul i ngleic leis. Don chuid is mó, áfach, críochnaíonn an fhadhb ar chlár cruinnithe an bhoird. Cad is féidir le bord a dhéanamh i gcás mar sin? Tá a fhios ag an domhan gur beag an méid gur féidir le bord a dhéanamh nuair a bhuaileann sé le cumhacht agus gairmiúlacht na gceardchumann. Ach, tá riail 162 i rialacha an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ina bhfuil cumhacht agus ról ag na cigirí i gcásanna mar seo. Ó mo thaithí féin mar mhúinteoir, mar phríomhoide, mar bhall boird agus mar phatrún, is fíor-annamh a úsáidtear forálacha an riail seo.
Mar sin, tá muid mar phatrún ag iarraidh ar chigireacht na Roinne a bheith níos gníomhaí i leith na mbord. Ní leor go gcuireann siad a ladhar isteach ag aimsir measúnú scoile amháin. Mar chleachtas, molaimid go mbuailfeadh gach cigire le bord na scoileanna atá faoina chúram aige ar a laghad uair amháin in aghaidh tréimhse gach bord. Ní féidir glacadh leis go bhfuil sé gairmiúil go ndéanfadh an cigireacht léirmheas ar éifeacht obair na mbord gan fiú bualadh leis.
Gealladh athbhreithniú ar struchtúr na mbord roinnt mhaith blianta ó shin ach níor tharla sé. Leis an Acht Oideachais agus cur i bhfeidhm an churaclam athbhreithnithe tá sé níos práinní ná riamh go dtarlódh sé gan mhoill. Caithfidh an Roinn, i dteannta na bpáirtnéirí, féachaint ar agus meastóireacht a dhéanamh ar na cúramaí nua atá curtha aici ar bhoird agus an easpa tacaíochta atá ar fáil ón Roinn leis na dualgais seo a iniúchadh.
Gnéithe d'fheidhmiú na mbord bainistíochta faoi láthair agus sa todhchaí atá faoi chaibidil ag an gcomhchoiste seo. Tá súil agam gur léiríodh do bhaill an chomhchoiste gnéithe áirithe d'fheidhmiú na mbord inár nGaelscoileanna. Is mian liom ár moltaí i leith roinnt gnéithe a chur i láthair an choiste.
Seo seirbhís bainistíochta agus gnéithe deonacha ag baint leis. Ba cheart go n-aithneodh an Stát an iarracht a dhéanann na baill boird ar son oideachais na tír seo. Tá mé ag moladh go n-íocfaí na baill as freastal ar chruinnithe agus inseirbhís ag ráta atá réalaíoch sa lá atá inniu ann.
Caithfidh inseirbhís agus seisiúin eolais a chur ar fáil dos na boird go práinneach go mbeadh tuiscint níos iomláinne acu ar na dualgais atá orthu de bharr na hAchtanna éagsúla. Molann an foras patrúnachta go ndéanfadh an Roinn féin é agus sa chás nach féidir léi nó nach bhfuil sé d'acmhainn aici, go gcuirfeadh sí buiséad suntasach ar fáil dos na patrúin éagsúla go ndéanfaí é.
Caithfidh traenáil oiriúnach a chur ar fáil dóibh siúd a chomhlíonann dualgais an chisteora agus an chathaoirligh agus liúntas ar leith a íoc leo siúd i bhfoirm liúntas bliantúil nó briseadh canach ar leith. Tugadh briseadh cánach d'ealaíontóirí agus ní thuigim cad chuige nach féidir briseadh cánach a thabhairt dos na daoine seo atá ag obair go deonach.
Caithfidh riarthóir scoile a cheapadh a fhreastalóidh ar chúramaí an bhoird maidir le paipéarachas, deontais, soláthar cóiríochta, tógáil agus rudaí eile. Bheadh sé ciallmhar go mbeadh an riarthóir seo ag comhlíonadh na ndualgas ar leith ar son líon áirithe scoileanna ag braith ar rollacháin na scoileanna.
Molaimid go mbeidh níos mó teagmhála idir na boird agus na cigiríáitiúla. Ba cheart go mbuailfeadh an cigire le bord gach scoile faoina chúram ar a laghad uair amháin i dtéarma gach boird.
Tá roinnt mholtaí eile ag Breandán Mac Cormaic i leith thodhchaí bainistíochta ag an mbunleibhéal. Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as ucht na deise seo a thabhairt don fhoras patrúnachta ár gcuid smaointí a léiriú. Is ar scáth a chéile a mhairimid agus san am atá romhainn, tá súil agam go mbeimid in ann a rá go fírinneach go bhfuil muid ag maireachtáil ar scáth a chéile agus, dá bharr, go bhfuil an t-oideachas is fearr inár gcuid scoileanna do leanaí uile na tíre seo.