Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Joint Committee on Public Service Oversight and Petitions díospóireacht -
Wednesday, 14 Jan 2015

Ról agus Cúram: An Choimisinéara Teanga

Táimid réidh chun tosnú. Ba mhaith liom meabhrú do na baill agus iad siúd atá i láthair na fóin phóca a mhúchadh. I wish to remind people who are present, members, members of the media and the people in the Visitors Gallery that mobile phones and Blackberrys must be turned off completely or switched to flight mode because they interfere with the system here, especially since we will be depending on translating services. People should take the opportunity now to switch them off if they have not done so already.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an gCoimisinéir as ucht teacht os comhair an choiste. Tá súil agam go mbeidh lá mhaith againn agus díospóireacht mhaith. Táimid ar fad sásta fáilte a chur roimhe agus táimid chun iarraidh air ráiteas a dhéanamh ar an ról agus an remit atá aige mar Choimisinéir Teanga agus na dúshláin atá roimhe agus a eagras amach anseo.

Nuair a chuirfidh mé glaoch ar an gcoimisinéir, beidh pribhléidí parliminte i gceist. Before I commence and before I ask the commissioner to commence, by virtue of section 17(2)(l) of the Defamation Act, he is protected by absolute privilege in respect of the evidence he is about to give to this committee. If he is directed by the committee to cease giving evidence in relation to a particular matter and he continues to do so, he is entitled thereafter only to a qualified privilege in respect of his evidence. He is directed that only evidence connected with the subject matter of these proceedings is to be given and he is asked to respect the parliament practice to the effect that where possible he should not criticise nor make charges against any person or persons or entity by name or in such a manner as to make him, her or it identifiable.

Meabhraím do na daoine atá anseo gur fad is atá an choimisinéir ag labhairt os comhair an choiste as Ghaeilge, the translation unit will be providing simultaneous interpretation and there are headphones attached to each desk. Cuirim fáilte roimh an tUasal Colm Ó Coisdealbha, stiúrthóir Oifig an Coimisinéara Teanga, chomh maith. Ag an bpointe seo, cuirim fáilte roimh an gCoimisinéir Teanga agus iarraim air a ráiteas a thabhairt dúinn. Ina dhiaidh sin, beidh ceisteanna ó na baill atá anseo.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an gcomhchoiste as cuireadh a thabhairt dom teacht ina láthair inniu agus labhairt leo maidir le ról m'oifig i gcomhthéacs ról oifigí Ombudsman go ginearálta. Tá Oifig an Choimisinéara Teanga ar an bhfód anois le breis agus 10 mbliana agus faoi réir Acht na dTeangacha Oifigiúla tá ceithre phríomhchúram leagtha ag an Oireachtas ormsa mar Choimisinéir Teanga. Is iad sin déileáil le gearáin a dhéanann baill den phobal maidir le heaspa seirbhísí trí Ghaeilge a bhíonn ar fáil ó chomhlachtaí poiblí, monatóireacht nó faireacháin a dhéanamh ar an mbealach a chuireann comhlachtaí poiblí a gcuid dualgais i bhfeidhm faoin Acht, comhairle a chur ar an bpobal maidir le cearta teanga agus comhairle a chur ar chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais faoin Acht.

Sa tréimhse 10 mbliana go dtí deireadh na bliana 2013 bhí sa bhreis agus 6,000 gearán faighte ag m'oifig, 96 imscrúdú oifigiúil seolta againn agus 213 léirmheas nó iniúchtaí déanta ar chur i bhfeidhm scéimeanna teanga chomh maith le monatóireacht déanta ar ghnéithe eile den Acht. Ba cheart dom a rá ón tús gur oifig bheag í m'oifigse le sé státsheirbhísí atá ar iasacht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus is soláthar de €567,000 a bhí ceadaithe do m'oifig don bhliain 2014 agus ba mhaith liom fáiltiú roimh an ardú go €670,000 atá ceadaithe don oifig don bhliain 2015. Fiú leis an ardú atá tagtha ar sholáthar airgid na hoifige fágtar fós go bhfuil sí ar cheann de na hoifigí stáit is lú sa tír.

Tá sé fíor thábhachtach go mbeadh oifig neamhspléach ann le cumhachtaí faoi mar atá ag aon oifig Ombudsman eile chun déileáil le réimse cearta teanga. Roimh theacht ar an bhfód d'Acht na dTeangacha Oifigiúla bhí ar shaoránaigh go mba chás leo easpa seirbhísí trí Ghaeilge ón státchóras dul i muinín na gcúirteanna chun sásamh a fháil ar údar a ngearáin. Is cur chuige costasach agus anróiteach, ó thaobh an tsaoránaigh agus an Stáit, a bhí ag baint le cás bunreachtúil a thionscnaimh chun faoiseamh a fháil. Ó tharla cearta teanga an tsaoránaigh a bheith ag eascairt ó stádas na Gaeilge sa Bhunreacht ba iad na cúirteanna an t-aon bhealach a bhí ar fáil chun na cearta sin a chosaint.

Leagan an tAcht amach creat inár féidir leis an saoránach a chuid cearta a éileamh ar bhealach atá níos éasca ó thaobh an riaracháin agus an chostais de. Léiríonn líon na ngearáin a fhaigheann m'oifig go bhfuil muinín ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta as ár gcumas dul i ngleic le gearáin a bhaineann le heaspa seirbhísí trí Ghaeilge a bheith ar fáil ón státchóras. Teastaíonn oifig neamhspléach mar go bhfuil sé léirithe cheana féin gurbh é seo an t-aon bhealach ar féidir leis an bpobal a bheith muiníneach go mbeidh tuiscint ar chúrsaí cearta teanga agus cumhachtaí cuí ar fáil chun dul i ngleic leis na deacrachtaí a thagann chun cinn.

Tá iarrtha ag an gcomhchoiste orm mo chuid tuairimí a roinnt libh maidir le ról, feidhm agus éifeacht na gcórais ina n-oibríonn oifigí Ombudsman fúthu. Déanfaidh mé sin i gcomhthéacs m'oifig féin.

Tosóidh mé leis an Acht féin mar is é sin an bunchloch ar a bhfuil cearta reachtúil teanga an tsaoránaigh agus mo chumhachtaigh mar Choimisinéara chun na cearta sin a chosaint leagtha amach. Múnlaíodh an tAcht ar dhá chóras a bhí in úsáid i ndlínsí eile - córas an Choimisinéara Teanga a bhí bunaithe i gCeanada agus córas na scéimeanna teanga a bhí in úsáid sa Bhreatain Bheag. Déileálann an tAcht leis na cearta teanga a bhaineann le húsáid na dteangacha oifigiúla i dTithe an Oireachtais, in Achtanna an Oireachtais, sna cúirteanna, i measc comhlachtaí poiblí agus úsáid na logainmneacha oifigiúla. Go príomha is iad comhlíonadh na ndualgais atá leagtha ar chomhlachtaí poiblí faoin Acht is mó a bhíonn m'oifig ag déileáil leo. Ní miste liom a shoiléiriú gur líon teoranta dualgais dhíreacha a leagtar ar gach comhlacht poiblí a thagann faoi scáth na reachtaíochta.

Baineann na dualgais sin le húsáid na dteangacha oifigiúla ar stáiseanóireacht, comharthaíocht, fógairtí taifeadta béil agus cumarsáid scríofa áirithe. Chomh maith leis sin tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí líon teoranta doiciméid a fhoilsiú sa dá theanga oifigiúil. Ina dhiaidh sin tá na dualgais atá ar chomhlachtaí poiblí ag brath ar an méid a bhíonn daingnithe ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta in aon scéim teanga leis an gcomhlacht poiblí. Ní gá dom a thabhairt le fios in athuair an t-imní atá léirithe agam roimhe seo maidir le feidhmiú chóras na scéimeanna teanga.

Mar is eol don choiste, tá ceannteidil an bhille leasaithe d'Acht na dTeangacha Oifigiúla foilsithe anois le roinnt míonna. Roimhe sin d'fhoilsigh m'oifig tráchtas ar fheidhmiú an Achta inár leagadh amach moltaí ar bhealaí ina bhféadfaí cearta teanga an tsaoránaigh a chosaint ar bhealach níos éifeachtaí. Ar aon léamh idir an dá cháipéis sin is léir go bhfuil bearnaí suntasacha eatarthu. Baineann na bearnaí sin go príomha leis na cearta teanga a chóir a bheith ar fáil do phobail ina bhfuil an Ghaeilge fós in uachtar iontu mar theanga labhartha laethúil agus ról na scéimeanna teanga sa chreat cearta teanga. Baineann cearta teanga le gach saoránach, cearta atá cosanta ní amháin i reachtaíocht féin ach freisin i mBunreacht na tíre. San Acht leasaithe tá sé ríthábhachtach go leagfaí amach cur chuige soiléir a fhreastalóidh ar na riachtanais a eascraíonn óna cearta sin.

Tuigim nach scrúdú ar na ceannteidil atá mar ábhar do sheisiún an lae inniu agus dá bhrí sin níl sé i gceist agam déileáil go mion leis an ábhar seo. Ba mhaith liom mar sin féin an pointe a dhéanamh go bhfuil mo chumas cosaint a dhéanamh ar chearta teanga an tsaoránaigh ag brath ní h-amháin ar na cumhachtaí atá ar fáil dom ach freisin ar an reachtaíocht atá mar bhonn agus mar thaca do na cearta sin. Ar an ábhar sin tá sé spéisiúil gur bhain 28% de na himscrúduithe a rinneadh go dtí seo le fórálacha teanga a bhí déanta i reachtaíocht seachas Acht na dTeangacha Oifigiúla - reachtaíocht ar nós an tAcht Oideachais, Acht an Gharda Síochána agus an tAcht lompair i measc cinn eile.

Ní miste liom a lua freisin nach dtagann gach comhlacht poiblí faoi scáth na reachtaíochta. Is iad na comhlachtaí poiblí sin amháin atá ainmnithe faoi sceideal an Achta a thagann faoi scáth na reachtaíochta. Is don Aire nuashonrú a dhéanamh ar an sceideal sin, gníomh nár rinneadh ach an t-aon uair amháin agus é sin sa bhliain 2006. Fáiltím mar sin roimh an moladh atá déanta sna ceannteidil go dtabharfaí comhlachtaí poiblí faoi scáth na reachtaíochta go huathoibríoch agus tá sé tábhachtach go ndéanfaí an méid sin.

Tá sé ar cheann d'fhorálacha an Achta gur oifig neamhspleách í Oifig an Choimisinéara Teanga. Is féidir liom a dhearbhú go bhfeidhmíonn m'oifig ar an mbunús sin. An méid sin ráite tá an soláthar airgid agus acmhainní daonna atá ar fáil do m'oifig ag brath ar thoil an Aire. Mar atá ráite agam roimhe seo, is oifig an-bheag í m'oifig agus cosúil le heagraíochtaí eile beidh éifeacht agus tionchar ár gcuid oibre ag brath ar dóthain foirne a bheith ar fáil dúinn chun ár gcuid dualgais a chomhlíonadh. Cé nach raibh aon tionchar aige ar m'oifig go dtí seo is éasca an ceangal a dhéanamh gur féidir tionchar a imirt ar éifeacht eagraíocht nuair atáthar ag brath ar sholáthar airgid agus foirne an mháthair eagraíocht. Tacaím mar sin leis an dearcadh a léiríodh roimhe seo gur cheart an múnla atá in úsáid do mhaoiniú a dhéanamh ar sheirbhísí Ombudsman a scrúdú.

Mar Choimisinéir Teanga tá sé de chumhacht agam imscrúdú a dhéanamh le fáil amach ar bhféadfadh gur sháraigh comhlacht poiblí forálacha an Achta nó forálacha aon achtacháin eile a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúil. Is féidir liom é seo a dhéanamh de thoradh gearán, ar mo thionscnamh féin nó ar iarraidh ón Aire. Feidhmíonn m'oifig córas neamhfhoirmiúil ina réitítear formhór mhór na ngearáin a thagann faoi mo bhráid. I gcásanna ina ndéanaim imscrúdú reachtúil agus a n-eisítear tuarascáil le fionnachtain agus moltaí, is féidir le haon pháirtí nó duine ina bhféadfadh an méid sin difear a dhéanamh dó nó di, achomharc a dhéanamh chun an Ard Chúirt ar phonc dlí i gcoinne an chinnidh.

Más amhlaidh nach gcuireann comhlacht poiblí moltaí a bhíonn déanta i dtuarascáil imscrúduithe i bhfeidhm tar éis tréimhse réasúnach ama a bheith caite, is féidir liom an méid sin a thuairisciú chuig Tithe an Oireachtais. Go dtí seo tá sé thuarascáil leagtha againn faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

I bhformhór na gcásanna a chuir m'oifig faoi bhráid Thithe an Oireachtais go dtí seo níor shéan na comhlachtaí poiblí na fionnachtain a bhí déanta sna tuarascálacha imscrúdaithe. Is é gur mhaígh siad nach raibh dóthain acmhainní acu chun na seirbhísí ábhartha a bhí á gcur ar fáil i mBéarla a chur ar fáil i nGaeilge chomh maith. Tá ról tábhachtach ag an gcoiste seo mínithe a lorg ó chomhlachtaí poiblí ar na cúiseanna a roghnaíonn siad gan moltaí a bhíonn déanta i dtuarascáil reachtúil a chur i bhfeidhm i gcásanna den chineál seo. Is é ár dtaithí go bhfuil tionchar éifeachtach ag an bhforáil seo sa chinneadh a dhéanann comhlacht poiblí maidir le moltaí reachtúla a chur i bhfeidhm.

Má bhíonn an comhlacht poiblí den tuairim áfach go raibh na fionnachtain a rinneadh sa chéad dul síos lochtach tá an rogha ar fáil dóibh dúshlán an chinneadh sin a thógáil sna cúirteanna, áit gur féidir léirmhíniú dlíthiúil a fháil. Feicim mar sin féin go bhféadfadh comhlachtaí poiblí a easaontaíonn le cinntí imscrúduithe, ar bhonn léirmhínithe, a bheith ag roghnú gan dúshlán cúirte a thógáil i gcoinne na gcinntí sin ach ina ionad sin teacht i láthair Coiste Oireachtais chun a gcás a chur os a gcomhair. D'fhéadfadh gur iarracht a bheadh anseo an dá thrá a fhreastal.

Cé go ndírítear aird phoiblí ar thuarascálacha a chuirim faoi bhráid Thithe an Oireachtais ag tráth a bhfoilsithe níl aon chlár lárnach poiblí ann a thugann le fios go héasca agus go leanúnach cé hiad na comhlachtaí poiblí atá neamhghéilliúil do reachtaíocht teanga nó go deimhin do reachtaíocht eile. D'fheicfinn go bhféadfadh ról a bheith ag a leithéid de chlár mar shlí le cur ina luí ar chomhlachtaí poiblí cloí le moltaí a bhíonn déanta in imscrúduithe reachtúil. D'fheicfinn go bhféadfadh ról a bheith ag coiste Oireachtais comhlachtaí poiblí a chlárú nó a bhaint den taifead, tar éis an cás a mheas. Ba ionann a leithéid de thaifead agus aitheantas an Oireachtais go raibh an sárú suntasach a dhóthain le bheith aitheanta.

Is é bun agus barr an Achta ná go mbeadh cearta teanga ar fáil do shaoránaigh na tíre seo gur mian leo a úsáid a bhaint as an chéad teanga oifigiúil ina gcuid gnóthaí oifigiúla leis an Stát. Is é mo ról ná cosaint a thabhairt do na cearta sin. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an gCoiste as an deis labhairt leis inniu agus d'fháilteoinn roimh aon cheisteanna atá ag na baill.

Tá a lán ins an méid a dúirt an Coimisinéir. Feicim cheana féin go bhfuil an Seanadóir Ó Clochartaigh ar bís teacht isteach agus an Teachta Mícheál Ó Ceit chomh maith. Tá cúpla ceist agam féin maidir leis an méid a bhí ráite ag an gCoimisinéir freisin. Iarraim ar dtús ar an Teachta Ó Ceit a cheisteanna a chur.

Fáiltím roimh an gCoimisinéir. Bhí sé ag caint mar gheall ar dhaoine atá ag iarraidh a gnó a dhéanamh trí Ghaeilge agus daoine ag cur ceist mar gheall ar an dteanga oifigiúil. An bhfuil sé ag caint ansin faoi chomhlachtaí cosúil le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, nó comhairlí contae? Bhí an iar-Choimisinéir ag caint faoi fadhbanna a bhí ag daoine ag plé le comhairlí contae éagsúla. An bhfuil sé sin ag leanacht ar aghaidh? Maidir leis na Ranna, an bhfuil aon tábla ag an gCoimisinéir a léiríonn cén Ranna atá níos fearr nó níos measa ná a chéile? Sin an cheist simplí ar dtús.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tá briseadh síos againn. Táimid ag cur le chéile an tuarascáil bhliantúil don bhliain seo caite i láthair na huaire agus tá briseadh síos déanta ann ar cé as atá na gearráin ag teacht, céard leis a bhaineann na gearráin sin, cé hiad na comhlachtaí a dhéantar gearrán fúthu agus mar sin de. Tá líon na ngearrán a fritheadh anuraidh beagán níos airde ná an bhliain roimhe sin agus tháinig ardú beag chomh maith ar líon na ngearrán a tháinig isteach ag an oifig. Baineann formhór na ngearrán a dhéantar leis an oifig le forálacha maidir le scéimeanna teanga, a leithéid de chártaí aitheantais, shuíomhanna gréasáin, fhoirmeacha agus mar sin de. Baineann thart ar ceann as chuile thrí gearráin a thagann isteach san oifig leis sin. Ina theannta sin, baineann 25% le heaspa Gaeilge ar chomharthaíocht agus stáiseanóireacht, 10% nó mar sin le fadhb le hainm nó seoladh i nGaeilge agus thart ar 9% le freagraí i mBéarla i gcumarsáid Gaeilge. Tá sé leagtha síos mar rialachán san Acht, dar ndóigh, go bhfuil duine a scríobhann chuig comhlacht poiblí i nGaeilge i dteideal freagra a fháil i nGaeilge chomh maith. Fuair muid roinnt mhaith gearráin faoi sin chomh maith.

Chuir an Teachta ceist chomh maith faoi bhriseadh síos ar údaráis áitiúla agus Ranna Rialtais agus mar sin de. Dar leis na figiúirí atá againn go dtí seo, baineann an céatadán is airde le húdaráis áitiúla. Tá ceann as trí ghearrán beagnach bainteach le húdaráis áitiúla, baineann 17% nó mar sin le Ranna Stáit agus le hoifigí Rialtais agus baineann thart ar 8% le húdaráis sláinte. Den chuid is mó, feictear dom go leanann na gearráin, na casaoidí agus na deacrachtaí ag daoine ar aghaidh. Bíonn deacrachtaí ag daoine maidir le cúrsaí comhfhreagrais i nGaeilge agus maidir le foirmeachaí a fháil i nGaeilge go bhfuil siad ina dteideal i gcónaí. I bhformhór na gcásanna a bhíonn muid ag déileáil leo, éiríonn linn réiteach neamh-fhoirmiúil a fháil ar na gearráin sin agus cuirtear cúrsaí ina ceart. Ina theannta sin go minic cuirtear córas i bhfeidhm chun cinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís ach i gcásanna áirithe bíonn orainn dul chuig imscrúduithe chomh maith.

Dúirt an Coimisinéir go bhfuil foireann beag san oifig. An bhfuil aon phlean ann chun foireann níos mó a bheith aige? Chomh maith leis sin, bhí an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an Teachta Brendan Howlin, ag caint mar gheall ar níos mó daoine a bhfuil Gaeilge acu a chur isteach sna Ranna éagsúla. An bhfuil aon dul chun cinn déanta ar an dá rud sin?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Maidir le cursaí na h-oifige, tá seisear ag obair san oifig i láthair na huaire agus tá athrú tagtha ar struchtúr foirne na hoifige ó thosaigh mise i mbun oibre mí Márta na bliana seo caite. Tá stiúrthóir oifige ceapaithe den chéad uair le dhá bhliain go leith - is é sin Colm Ó Coisdealbha, atá in aice liom anseo. Níl mé ag rá nár mhaith liom go mbeadh breis foirne againn amach anseo chun cur leis an méid foirne atá againn agus cur leis an méid oibre a bheadh muid in ann baint amach. Bheinn ag tnúth b'fhéidir sa todhchaí, nuair atá breis earcaíochta ar siúl, go bhféadfainn féachaint ar sin san am atá le teacht. Rinneadh staidéar neamhspleách ar obair na hoifige sna blianta atá caite, 2008, agus dúradh an uair sin go mba cheart go mbeadh ochtar ann ar a laghad chun tabhairt faoin obair seo. B'fhéidir go dtiocfadh athrú ar sin san am atá le teacht. D'fháilteoinn roimhe dá dtarlódh a leithéid ach cuirim fáilte chomh maith roimh an athrú atá tagtha ar an struchtúr foirne cheana féin.

Luaitear chomh maith cúrsaí earcaíochta sa tseirbhís phoiblí. Níl aon dabht ach go bhfuil cumas an Stáit seirbhísí sásúil a chur ar fáil go lucht na Gaeilge ag brath go mór ar líon dóthain stáitseirbhisigh a bheith ar fáil do dhaoine chun na seirbhísí sin a chur ar fáil. Tá an 6% seo ag teacht i bhfeidhm agus tá próiseas earcaíochta ar bun cheana féin chun oifigí feidhmiúcháin a thabhairt isteach sa tseirbhís phoiblí. Feictear domsa, agus tá sé seo ráite agam cheana, go mba cheart go mbeadh sé sin níos airde ach chomh maith leis sin go mba cheart féachaint sa gcéad dul síos go sonrach agus go sciobtha cén áit go bhfuil na daoine seo ag teastáil agus ina dhiaidh sin féachaint cé mhéad daoine atá le n-earcú agus é sin a dhéanamh chun cearta an tsaoránaigh a chosaint.

Fáiltím roimh an gCoimisinéir agus an tUasal Ó Coisdealbha. Fáiltím freisin roimh cheapúcháin an tUasal Ó Coisdealbha. Ceapaim gurb í seo an chéad uair go bhfuil Colm ag dul os comhair choiste sa ról seo.

Tá ceisteanna i réimsí éagsúla a bhaineann leis an méid atá dhá phlé, mar táimid ag plé seo i gcomhthéacs plé atá muid ag déanamh leis na hombudsmen éagsúla agus a rólanna éagsúla. Bhí Bill Prasifka, an fear atá ag plé le cúrsaí airgeadais, os ár gcomhair tamall ó shin. Ceann de na rudaí a luaigh seisean ná, cé go raibh cumhachtaí aige le fada pionós a chur ar dhaoine a bhí neamh-ghéilliúil, is é an slat nó an bata is mó a d'oibrigh dó ná an córas "name and shame" a bhí sé in ann a úsáid, leis na comhlachtaí airgeadais, go háirithe nuair nach raibh siadsan ag déanamh mar a bhí seisean ag treorú. Bhíodar breá sásta na pionóis a íoc ach níor thaithnigh sé leo nuair a bhí sé in ann a n-ainmneacha a chur sa bpáipéar ag rá nach raibh siad ag imirt sa cluiche de réir na rialacha. Feicim go bhfuil sé luaite ag an tUasal Ó Domhnaill, ar bhealach áirithe, go m'bhféidir go mba mhaith an rud é breathnú ar chóras den cineál sin - go mbeadh deis aige ainmniú a dhéanamh ar na comhlachtaí nó na Ranna neamh-ghéilliúil nó ar na coirpigh is measa. An bhféadfadh sé tuilleadh a rá linn faoi sin?
Ar an dtaobh eile den scéal, labhair sé faoi chúrsaí maoinithe agus tá sé ag tagairt faoi seo ó thaobh bliana amháin agus neamhspleáchais de. Deir sé go bhfuil sé neamhspleách go pointe áirithe, ach go bhfuil sé ag brath ar an Rialtas do mhaoiniú na hoifige. Cá stopann an neamhspleáchas mar sin? Bhí Bill Prasifka ag rá go bhfuil córas ag an oifig aige siúd, go bhfuil levy ar siúl ó thaobh na gcomhlachtaí airgeadais agus gur sin an chaoi a ndéantar maoiniú ar an oifig sin. Chuir muid ceisteanna ar faoi sin ag fiafrú ar bhrath sé go raibh siad faoi scáth na gcomhlachtaí airgeadais dá bhrí sin, ach dúirt sé nach raibh mar go raibh an líon a bhí le fáil ar ais uathu leagtha síos i reachtaíocht agus go gcaithidís é a íoc ar nós cáin. Tuigim go gceapann daoine áirithe gur cóir go mbeadh pionóis airgid ar chuid de na Ranna agus go m'bfhéidir go mbeadh géilliúlacht níos fearr ann dá mbeadh orthu airgead a íoc don oifig. B'fhéidir gur bealach maoinithe é sin chomh maith don oifig. An dtabharfaidh an tUasal Ó Domhnaill a thuairim dúinn faoi sin?
Bhí Coimisinéir Teanga na Breataine Bige os comhair fochoiste eile anseo roimh an Nollaig. Ceann de na rudaí a luaigh sé ná go bhfuil siadsan ag imeacht ó na scéimeanna teanga, mar ceapann siad nach bhfeileann an córas sin níos mó. Deireann an tUasal Ó Domhnaill linn gur bunaíodh a oifig ar an múnla a bhí sa Bhreatain Bheag. An féidir leis níos mó a rá linn faoi na scéimeanna teanga? An bhfuil lá na scéimeanna teanga imithe agus an bhfuil sé in am againn dul i dtreo reachtaíochta níos cruinne a cuirfidh dualgais níos fearr i bhfeidhm? Rud eile a luaigh coimisinéir na Breataine Bige, agus thagair an tUasal Ó Domhnaill dó seo, ná ar chóir breathnú ar an Acht a leathnú amach chuig comhlachtaí neamhbhrabúla, eagraíochtaí dheonacha agus pobail agus comhlachtaí príobháideacha. Nuair a luaigh sé é seo, bhí sé ag rá go bhfuil sé ábalta oibriú le leithéid Tesco, mar go dtagann siadsan faoi reachtaíocht sa Bhreatain Bheag. De réir mar a thuig mé uaidh, níl and dlí prescriptive dóibh sin ach tá oifig an choimisinéara ansin in ann dul amach agus labhair le leithéid Tesco agus iad a mhealladh i dtreo níos mó Bhreatnaise a úsáid agus mar sin de.
An féidir freagra a thabhairt ar an mhéid seo ar dtús agus ba mhaith liom teacht ar ais ansin le tuilleadh ceisteanna?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tá roinnt ceisteanna curtha ag an Seanadóir ansin. Bhain an chéad ceann leis an gclár poiblí a luaigh mé i m'óráid. Sílim go mbeadh tairbhe faoi leith ann dá mbeadh áit go bhféadfadh muid dul le comhlachtaí atá neamh-ghéilliúil agus nach bhfuil ag glacadh le torthaí na moltaí imscrúdaithe. Faoi láthair, cuireann muid an tuarascáil sin faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus i gcásanna áirithe glaotar isteach na cathaoirligh agus na príomh oifigigh sna comhlachtaí sin chun a gcuid tuairimí a chur in iúl. Sílim go mbeadh tairbhe ag baint le clár a bheith ar fáil go poiblí ina luaitear go sonrach na comhlachtaí atá neamh-ghéilliúil, na hiarrachtaí atá ar bun acu na dualgais atá orthu a chomhlíonadh agus má tá sin ag tarlú. D'fhéadfaí iad a bhaint ón gclár poiblí ina dhiaidh sin, má tá a dualgais á gcomhlíonadh acu agus murar bhfuil, ba chóir iad a fhágáil ar an gclár poiblí. Is rud substainteach é sin ann féin do chomhlacht poiblí, go mbeadh sé luaite mar bheith neamh-ghéilliúil i dtuarascáil ó Thithe an Oireachtais. Ó mo thaithí a bheith ag déileáil le comhlachtaí poiblí ó thosaigh mé, ní theastaíonn uathu a bheith luaite, mar shampla sa tuarascáil bhliaintiúil atá faoi láthair i gcás na n-imscrúduithe. Sin ceann de na cúiseanna go mbíonn fonn orthu socrú neamhfhoirmiúil a dhéanamh. Sílim go mbeadh tairbhe faoi leith ag baint le leithéid an gcláir agus go mbeadh ról faoi leith ag an gcoiste maidir le sin chomh maith.

Maidir leis an gceist maoinithe agus mar sin de, bheinn den bharúil go mba ceart féachaint ar bhealaí go bhféadfadh oifigí ombudsman a mhaoiniú seachas ón máthair Roinn féin nó ó Ranna Rialtais éagsúla agus go mbainfeadh tairbhe le sin. Luaigh an t-iar Ombudsman Leanaí, Emily Logan, é seo freisin, ag tús na bliana seo caite. Dúirt sí go bhféadfadh ról a bheith ag coiste Oireachtais in obair mar sin, chun maoiniú oifigí ombudsman a shocrú agus a íoc ar chéim mhaoinithe a bheadh sásúil agus gur ceart don oifig sin a fháil. Cabhródh sin chun bearna eile a dhéanamh idir Ranna Rialtais agus oifigí neamhspleácha ar nós m'oifig, Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá m'oifig ag feidhmiú go hiomlán neamhspleách ar aon nós.

Maidir le fíneáil a ghearradh ar chomhlachtaí poiblí, faoi láthair, go minic is leor an chontúirt dóibh go nainmneofaí iad go poiblí i dtuarascáil bhliaintiúil. Sílim dá mbeadh clár poiblí ann, go mbeadh tionchar an-mhór aige sin orthu, ar nós mar a luaigh ombudsman na seirbhísís airgid, Bill Prasifka. Sílim go mbeadh tionchar níos mó ag sin. Ceann de na deacrachtaí a bhaineann le fíneáil a ghearradh ar chomhlachtaí poiblí ná go mbeadh cuid amháin den Stát ag gearradh fínéala ar chuid eile den Stát agus go bh'féadfadh gurb é an cáiníocóir a bheadh ag íoc an bhille ag deireadh an lae. B'fhéidir go bhféadfaí féachaint ar chlár poiblí sa gcéad dul síos agus féachaint cén tionchar a bheadh ag sin ar chúrsaí.

Táim sásta gur chuir an Seanadóir an cheist faoi scéimeanna teanga agus faoi cheist na Breataine Bige mar seo rud atá tugtha faoi deara go sonrach agam ó thosaigh mé sa phost seo mar An Coimisinéir Teanga. Tá an Bhreatain Bheag ag imeacht anois ó chóras na scéimeanna teanga. An moladh atá agam do Bhille na dTeangacha Oifigiúla ná go mbeadh ról níos mó ag rialacháin san Acht - go mbeadh níos mó rialachán maidir le dualgais a chur ar chomhlachtaí poiblí, seachas ar scéimeanna teanga. Ba chóir dom a lua go bhfuil níos mó scéimeanna teanga á aontú ná mar a bhí roimhe seo agus gur aontaíodh níos mó scéimeanna teanga anuraidh, thart ar 20 nó 21 scéimeanna. Táim in amhras faoi cén éifeacht atá ag scéimeanna teanga go ginearálta i gcásanna.

Is féidir cúpla sampla a thabhairt. Mar shampla, i measc na scéimeanna a aontaíodh anuraidh, 2014, bhí scéim teanga údarás aerfort na Sionainne. Deirtear ag an tús gur ceann de na modhanna cumarsáide is mó atá acu le déileáil leis an bpobal é an suíomh idirlíon atá acu, ach nuair a théann duine tríd an scéim teanga deirtear maidir leis an suíomh idirlíon go bhfoilseoidh siad tuarascáileacha corpáideacha bliaintiúil agus mar sin de ar an suíomh - agus sin é. Tá an dualgas sin orthu ar aon nós. Go bunúsach, séard atá á rá acu ná seachas foilseacháin corporáideach an tuarascála bhliaintiúil agus mar sin de, nach mbeidh aon rud eile i nGaeilge ar an suíomh idirlíon. Tá seo ag tarlú tar éis os cionn deich mbliana den Acht Teanga a bheith againn. Tá an comhlacht seo ag rá nach mbeidh an suíomh idirlíon ar fáil i nGaeilge, tar éis a admháil gur sin an modh cumarsáide atá acu leis an bpobal.

Sampla eile in ar chuir mé suntas mór, mar gur iar-iriseoir mé, ná scéim teanga na Roinne Airgeadais. Deirtear sa scéim a aontaíodh anuraidh go méadófaí líon na bpreasráiteas a bheidh á eisiúint acu, ó 20% go 25%. Aontaím gur ardú é sin, ach deirtear chomh maith mura ndéantar é ag an am céanna, go ndéanfar é taobh istigh de 24 uair. Samhlaigh a bheith mar iriseoir agus d'eagarthóir nuachta ag rá leat go bhfuil sé ag iarraidh an scéil sin a chur amach agus go ndeireann tusa go gcaithfidh tú fanacht 24 uair go bhfaighidh to an preasráiteas mar nach bhfuil sé ar fáil fós. Tá seo ag tarlú tar éis deich mbliana de reachtaíocht teanga. An moladh a bheadh agam ná go mbeadh dualgais soiléara leagtha síos sa reachtaíocht i bhfoirm rialacháin a leagfadh dualgais áirithe ar chomhlachtaí poiblí, seachas a bheith ag brath go hiomlán ar scéimeanna teanga, le go mbeadh bealach eile, bealach níos éifeachtaí, le dul i bhfeidm ar chomhlachtaí poiblí.

Luaigh an Seanadóir comhlachtaí príobháideacha chomh maith. Sampla amháin a fheicim i m'áit fhéin i nGaillimh, áit a bhfuil leithéid "Gaillimh le Gaeilge" ann a dhéanann go leor oibre maidir le Gaeilge a chur chun cinn san earnáil phríobháideach agus i measc lucht gnó. Go minic, braitheann sé le cur ina luí ar chomhlachtaí phríobháideacha na buntáistí a bhaineann le Gaeilge a bheith ag daoine atá ag obair leo agus nithe a bheith ar fáil i gGaeilge agus go gcuidíonn sé sin leo go rialta, ach tá go leor ar ár bpláta cheana féin le comhlachtaí poiblí gan díriú ar sin go sonrach.

Baineann an dara réimse ceisteanna leis an gcomhoibriú a fhaigheann an coimisinéir ó na comhlachtaí atá cláraithe cheana agus na Ranna Stáit. Leagadh imscrúdú áirithe ón gcoimisinéir os comhair an chomhchoiste seo agus bhí éisteachtaí againn, go háirithe leis an Roinn Coimirce Sóisialaí.

Bhraith mé go raibh drogall an-láidir go deo orthu gan géilleadh do na moltaí a bhí déanta. Bhí an-díoma orm leis an gcur chuige a bhí acu. Is léir nach raibh siad ag glacadh leis na moltaí a bhí déanta. Tá Bille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla i gcuid A den chlár reachtaíochta a d'fhoilsigh an Rialtas inniu. Dá bhrí sin, glacaim leis go mbeidh an Bille sin ag teacht chugainn go luath.

Ó thaobh na haighneachtaí, bhí próiseas ar bun ag an Roinn maidir le moltaí a fháil ó thaobh an reachtaíocht nua. De réir an léamh atá agam air, bhí cuid mhaith de na moltaí ón bpobal ag iarraidh Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú. Is ábhar díomá é gur tháinig an t-aon dhá aighneacht a bhí ag iarraidh an tAcht a lagú ó Ranna Stáit. Níl a fhios agam an mbeadh sé feiliúnach go ndéarfadh an coimisinéir aon rud faoi na moltaí agus na haighneachtaí a tháinig ón bpobal i rith an phróisis comhairliúcháin. Ar tháinig aon rudaí breise ón bpobal, sa bhreis ar an méid a bhí molta ag Oifig an Choimisinéara Teanga, gur bhraith an coimisinéir gur fiú iad a scrúdú agus a thógáil san áireamh?

Luaigh an coimisinéir bearnaí i gcinn an Bhille. Tá sé molta aige gur cheart roinnt reachtaíocht a thógáil san áireamh ionas go dtiocfadh sé faoina scáth. Glacaim leis nach bhfuil sa mhéid atá luaite aige sa ráiteas ach cód, ar bhealach. Tá an coimisinéir ag rá linn gur mhaith an rud é na hAchtanna sin - mar shampla, an tAcht Oideachais 1998, Acht an Gharda Síochána, 1924 agus an tAcht Iompair, 1950 - a chlúdach in aon reachtaíocht nua a bheadh i gceist. Glacaim leis go bhfuil deis ann go mbeidh an coiste in ann tacú leis an moladh sin.

Dúirt an coimisinéir freisin gur mhaith an rud a bheadh ann dá mbeadh córas uathoibríoch i gceist amach anseo nuair a bhunaítear comhlacht poiblí. Mhol sé go dtiocfadh a leithéid de chomhlacht go huathoibríoch faoin reachtaíocht nua. An bhfuil deacracht idir an dá linn leis na comhlachtaí eile nach bhfuil daingnithe nó ainmnithe ag an Aire go fóill, agus comhlachtaí poiblí eile a bunaíodh ó cuireadh na bunliostaí le chéile? An bhfuil gá le meicníocht éigin chun na heagrais nua Stáit a bunaíodh ó cuireadh an chéad liosta le chéile, agus nach bhfuil san áireamh go fóill, a thógáil san áireamh?

B'fhéidir go bhfuil tuairim ag an gcoimisinéir ar cheist shonrach amháin a tháinig chun cinn le cúpla lá anuas. Níl a fhios agam an bhfuil Údarás Craolacháin na hÉireann faoi scáth Oifig an Choimisinéara Teanga, ach tuigtear dom go bhfuil cinneadh déanta ag an údarás sin le tamaillín anuas maidir le gearán a leagadh isteach faoi úsáid na Gaeilge ar chláracha áirithe a bhí á gcraoladh. Tuigim gur aontaigh an t-údarás le leath den ghearáin, agus nár aontaigh an t-údarás leis an leath eile. Níor ghlac an t-údarás leis gur grúpa sainiúil sa tsochaí, a bhféadfaí aird faoi leith a thabhairt orthu, iad Gaeilgeoirí. Níl a fhios agam an bhfuil aon eolas ag an gcoimisinéir faoin ábhar seo. B'fhéidir go mbeidh sé in ann teacht ar ais chugainn faoi. An bhfuil aon tuairimí aige faoin mhéid sin?

Ba mhaith liom labhairt níos déanaí faoi ról an chomhchoiste, ábhar atá an-tábhachtach freisin.

Muna bhfuil ceisteanna ag aon duine eile, iarraim ar an gcoimisinéir freagra a thabhairt ar an méid a bhí le rá ag an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Luaigh an Seanadóir an méid a bhí le rá agam faoi Acht an Gharda Síochána, an tAcht Iompair agus an tAcht Oideachais. Bhí sé i gceist agam go bhfuil cumhachtaí faoi leith sna hAchtanna sin a chuireann dualgaisí ar chomhlachtaí poiblí, agus gur maith ann iad. Bíonn an-tionchar acu ar chúrsaí. Mar shampla, tá sé luaite in Acht an Gharda Síochána, 1924 go gcaithfidh Gaeilge a bheith ag gardaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Is as sin a d'eascair an imscrúdú a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga faoi líon na ngardaí i gceantair Ghaeltachta, agus is as sin a d'eascair an próiseas earcaíochta atá ar bun ag an Garda Síochána chun breis daoine le Gaeilge a earcú. B'fhiú féachaint an bhfuil aon rud le foghlaim ó Achtanna mar sin ó thaobh neart agus brí agus iad a chur faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla chomh maith.

Maidir le comhlachtaí a thabhairt isteach go huathoibríoch, tá sé sin luaite i gcinn an Bhille a fhoilsíodh an bhliain seo caite. Nuair a fhoilsítear an reachtaíocht, tá sé ríthábhachtach go mbeidh sé le feiceáil go dtabharfar isteach aon chomhlacht a bhunaítear amach anseo go huathoibríoch faoin Acht. Ní cheart go mbeimid ag fanacht le ordú ó Aire Rialtas, ón Dáil nó ón Oireachtas chun é sin a dhéanamh. Ba cheart go dtarlódh sé go huathoibríoch. Mar a dúirt mé, níor tharla sé seo ach uair amháin go dtí seo. Chonaic muid samplaí den fhadhb seo i gcás Uisce Éireann. Níor tháinig sé go huathoibríoch faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Da bhrí sin, ní raibh dualgaisí ar an gcomhlacht sin ó thaobh na Gaeilge. Is fiú a lua go ndearna siad roinnt nithe suntasacha agus tábhachtacha ó thaobh na Gaeilge. Bhí deacachtaí fós ann ó thaobh foirmeacha iarratais ar líne.

Fuair Oifig an Choimisinéara Teanga 115 gearán anuraidh ina iomláine nach rabhamar in ann déileáil leo toisc nár tháinig na comhlachtaí sin faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla mar gheall nach raibh sceideal ann a bhí ag feidhmiú go huathoibríoch chun comhlachtaí a thabhairt isteach faoin Acht. Bhain 40 acu sin leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, 17 acu le Uisce Éireann agus trí cinn acu leis an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Gluaisteán, leis an Comhairle Mhúinteoireachta agus leis an tÚdarás Rialála Seirbhísí Maoine. D'éirigh leis na gearánaigh réitigh neamhfhoirmiúla a fháil i gcuid de na cásanna sin in ainneoin nach raibh dualgas reachtúla ar na húdaráis faoi chaibidil. Cuideodh sé go mór dá mbeadh sé ann go dtabharfar comhlachtaí nua isteach go huathoibríoch. Tá mé ag tnúth go gcuirfear é sin ar fáil nuair a fhoilseofar an Bhille nua. Glacaim leis go mbeidh na comhlachtaí ar fad faoi scáth an Achta nuair a bheidh an reachtaíocht nua i bhfeidhm. Tá sé sin go maith, ach céard a tharlóidh nuair a bheidh comhlacht nua á bhunú tar éis foilsiú an Achta? Tá súil agam go mbeidh an dualgas seo ar fáil go huathoibríoch.

An chaoi is fearr go bhféadfainn an cheist a chuir an Seanadóir maidir le tráchtas ar an Acht a fhreagairt ná a rá go bhfuil an chumhacht agam de réir forálacha an Achta labhairt ar fheidhmiú an Achta. Rinne an oifig tráchtas ar fheidhmiú an Achta píosa ó shin. Mar a dúirt mé, tá bearna idir an méid a fheiceann muid atá ag teastáil ón bpobal - ó na gearáin a thagann isteach agus ó bheith ag labhairt leis an bpobal - agus an méid atá foilsithe i gcinn an Bhille. Tá trí mhór-rud atá in easnamh, dar liom. Ar an gcéad dul síos, ba cheart go mbeadh rangú i gcatagóirí déanta ar chomhlachtaí poiblí ag brath ar an méid teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal. Mar shampla, d'fhéadfadh 40 nó 50 comhlacht atá bainteach go príomha leis an bpobal bheith i gcatagóir A, le comhlachtaí eile i gcatagóir B agus comhlachtaí eile i gcatagóir C. Ar an dara dul síos, is dóigh linn gur cheart go mbeadh rialacháin leagtha síos go díreach sa reachtaíocht féin, gan bheith ag brath ar aon scéim teanga, a leagann dualgaisí ar na comhlachtaí sin, ag brath ar cén chatagóir ina bhfuil siad. Bheadh níos mó dualgas ar chomhlacht i gcatagóir A i gcomparáid le comhlacht i gcatagóir B, mar shampla. D'fhéadfadh scéim teanga bheith mar chrann taca dóibh, seachas bheith mar chroílár na ndualgais atá orthu. Ar an tríú dul síos, ba cheart go mbeadh foráil dhíreach sa reachtaíocht féin maidir le seirbhísí a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta - go mbeadh dualgas ar oifigigh Stáit atá lonnaithe sa Ghaeltacht, nó atá ag cur seirbhísí ar fáil sna ceantair aitheanta sin, a leithéid a dhéanamh trí Ghaeilge. Níl na trí rud sin i gcinn an Bhille mar atá siad faoi láthair. Is easnamh atá ansin.

Chuir an Seanadóir ceist orm faoi Údarás Craolacháin na hÉireann. Chuala mé faoin mhéid a tharla ar mo bhealach suas go Baile Átha Cliath ar maidin, ach ní bhfuair mé deis an rialú sin a scrúdú go fóill. Bheadh orm an scrúdú a leámh ina iomláine.

An dtagann an t-údarás faoi scáth an Achta?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tagann sé faoi scáth an Achta.

An bhfuil scéim acu faoi láthair?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tá scéim teanga acu.

An bhfuil aon duine eile ag iarraidh teacht isteach? An bhfuil cúpla ceist eile ag an Seanadóir Ó Clochartaigh?

Ba mhaith liom ceist a chur a chuir muid ar na hombudsmen éagsúla eile a tháinig isteach. Is dócha gur scrúdú é seo ar cé chomh maith is atáimid ag feidhmiú mar chomhchoiste atá ag obair leis na hombudsmen éagsúla. Luaigh an coimisinéir an ról a bheidh ag an gcomhchoiste ó thaobh comhlachtaí a chlárú nó a díchlárú. B'fhéidir go míneoidh sé an ról sin dúinn arís. Nuair a dúirt an coimisinéir gur cheart dúinn éisteacht le himscrúdaithe, an raibh sé ag caint ar éisteachtaí cosúil leis an rud a rinne muid leis an Roinn Coimirce Sóisialaí? An bhfuil an coimisinéir sásta go bhfuilimid tar éis éisteacht mar is ceart a thabhairt ar na himscrúdaithe go dtí seo? An bhfuil aon cheann dóibh in easnamh?

Luaigh an coimisinéir reachtaíocht eile soicind ó shin. Thóg mé suas mícheart é. Tá 28% de na himscrúdaithe bunaithe ar reachtaíocht eile seachas Acht na dTeangacha Oifigiúla. An bhfuil reachtaíocht eile gur fiú a thógáil faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla? Má tá sé soiléir gur cheart go mbeadh an reachtaíocht sin clúdaithe ag Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá mé cinnte go mbeimid in ann foráil a chur san Acht nua a thógfadh san áireamh ceisteanna teanga i gcomhthéacsanna eile. An bhfuil gearán faighte ag Oifig an Choimisinéara Teanga ó thaobh Achtanna eile? An ndúradh nach féidir imscrúdú áirithe a éisteacht de bharr nach bhfuil foráil teanga sa reachtaíocht áirithe sin?

Nuair a thagann reachtaíocht os ár gcomhair, tá sé mar chleachtadh againn go minic leasuithe a chur ar aghaidh ag iarraidh go dtiocfadh an píosa reachtaíochta sin faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla. Deirtear linn nach gá a leithéid a dhéanamh de bharr go bhfuil sé clúdaithe ag an Acht féin. De réir mar a thuigim, go minic ní mar sin atá. An bhfuil aon reachtaíocht breise ann gur fiú a chur isteach mar sórt aguisín sa reachtaíocht nua atá ag teacht chun cinn chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla? An bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga ag lorg cumhachtaí breise i réimsí eile den tsochaí ina bhfuil an oifig ag fáil gearáin fúthu?

Nuair atá an tUasal Ó Domhnaill tar éis na ceisteanna sin a fhreagairt, tá sé i gceist agam roinnt ceisteanna a chur air.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Cuireadh ceist orm ó thaobh clárú agus rialú, agus iad a bhaint ón gclár poiblí. Is dócha go mbaineann an cheist seo - cén chaoi a n-oibreodh sé sin - leis an gcoiste go sonrach.

An rud is mó a d'fheicfinn go mbeadh tionchar aige air ná dá bhfeicfeadh comhlachtaí poiblí go bhféadfaidís a bheith cláraithe go poiblí ag Tithe an Oireachtais mar gheall go raibh siad neamh-ghéilliúil do reachtaíocht na tíre. Feictear dom go mbeadh tionchar sonrach ag sin - dá bhféadfadh leithéid an coiste seo é sin a fhoilsiú agus a chur ina luí ar na comhlachtaí poiblí sin an bealach gur féidir leo iad féin a bhaint ón liosta sin, trid a bheith géilliúil agus tríd na fionnachtain agus na moltaí atá déanta sna tuarascálacha a chur i bhfeidhm. Ó bheith ag caint le daoine, feictear dom nach dteastaíonn ó chomhlachtaí poiblí a bheith ainmnithe go hoifigiúil ó bheith neamh-ghéilliúil. Tá a bhformhór an-choinsiasach faoi na dualgais atá orthu agus táthar ag iarraidh nach mbeadh sin ag tarlú. Sílim go mbeadh tionchar an-mhór ag seo ar chúrsaí.

Maidir le tuarascálacha atá curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais, tá sé thuarascáil curtha faoi bhráid na dTithe ó bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga - ina measc ceann Chomhairle Contae na hIarmhí, a bhain le scéim teanga. Tá fadhb fós ag baint leis an deacracht a bhí ansin, ó thaobh measín aistriúcháin uathoibríoch a úsáid chun gealltanais maidir leis an suíomh idirlíon a bheith sa dá theanga. Tá na deacrachtaí fós ag tarlú sa gcás sin. Maidir le Oifig na nOibreacha Poiblí, cuireadh an tuarascáil sin faoi bhráid Thithe an Oireachtais chomh maith. Baineann sin le rialacháin maidir le comharthaíocht ó thaobh logo de agus faoi ainm an chomhlachta a bheith mar chuid den logo nó gan a bheith mar chuid den logo.

Baineann tuarascáil eile le hIarnród Éireann. Bhain seo arís le rialacháin maidir le comharthaíocht. Bhí siadsan ag caint faoin gcostas a bhainfeadh le sin agus le haistriúchán a dhéanamh chun go mbeadh an comharthaíocht dhátheangach. Cuireadh imscrúdú maidir le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi bhráid Thithe an Oireachtais freisin, agus ceann a bhain le hArd-Mhúsaem na hÉireann agus ceann eile leis an Roinn Coimirce Sóisialaí chomh maith. Le féachaint ar seo go ginearálta, tagann sé ar ais chuige seo - go mbeadh leithéid den choiste seo nasctha leis na comhlachtaí seo a thabhairt isteach le míniú a thabhairt go poiblí faoi cén fáth nár chuir siad na moltaí agus na himscrúduithe i bhfeidhm agus é sin a nascadh le clár poiblí. D'fhéadfadh an-tionchar a bheith ag sin ar chúrsaí.

Maidir le achtacháin eile, ní ritheann aon rud liom. Arís, tagann seo ar ais don méid a bhí á mholadh agam. Má tá an tAcht láidir, táimid in áit mhaith. Má tá rialacháin leagtha síos go soiléir sa reachtaíocht, gan a bheith ag brath ar scéim teanga, agus má tá sé leagtha amach go soiléir céard iad na dualgais atá ar chomhlachtaí, oibreoidh sin. Sin an taithí atá agam. Maidir le stáiseanóireacht, comharthaíocht agus fógairtí taifeadta béil, tuigeann comhlachtaí poiblí na dualgais atá orthu. Tuigeann an pobal na cearta atá acu agus oibríonn siad sin. Más féidir iad sin a leathnú amach agus níos mó rialachán a chur i bhfeidhm do chomhlachtaí poiblí, bheadh an-tionchar ag sin ar chúrsaí go ginearálta.

Ba mhaith liom cúpla ceist a chur. Tagaim leis an gcoimisinéir maidir leis an méid atá curtha aige os ár gcomhair go dtí seo - moltaí praiticiúla agus simplí. Dá mbeadh an státchóras éisteacht a thabhairt leo, ní bheadh an oiread sin gearán faoi bhráid na hoifige.

Luaigh an coimisinéir easpa foirne agus dúirt sé go mba chóir go mbeadh ochtar san oifig seachas seisear. Dá mbeadh beirt breise san oifig, cén sort togra an mbeadh an oifig in ann tabhairt faoi nó cén obair breise an bhféadfaí a dhéanamh? Cad iad na constaicí faoi láthair toisc nach bhfuil an líon foirne iomlán ag an oifig?

Maidir leis an iar-choimisinéir, mhothaigh sé frustrachas agus mothaíonn muide, comhaltaí a bhíonn ag gabháil le ceisteanna maidir le Gaeilge, frustrachas i dtaobh mheoin an státchórais. An bhfuil aon athrú soiléir le feiceáil maidir le seo sa bhliain ó thoghadh an tUasal Ó Domhnaill mar coimisinéir? An bhfuil bogadh ar bith tar éis tarlú nó an bhfuil an cás mar a shílim fós - go bhfeiceann cuid mhaith de na Ranna gur dualgas breise é seo nár mhaith leo a bheith acu?

Luaigh an coimisinéir Uisce Éireann. Nuair a cuireadh an reachtaíocht faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid, rinne muid moladh go dtiocfadh an comhlacht seo faoi fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, ach rialaíodh an leasú sin as ord, chomh maith le leasuithe eile, toisc nár bhain siad le buntéama na reachtaíochta.

Measaim go mba rud maith é dá mbeadh leithéid Stubbs Gazette againn do comhlachtaí nach gcomhlíonann a ndualgais, ní hamháin maidir le ceist na teanga, ach maidir le ceisteanna ar bith eile atá ag ombudsman ar bith eile. Molaim é sin. An fáth go mbíonn muid ag iarraidh go dtiocfaidh na hombudsmen os ár gcomhair ná le fáil amach cad iad na prionsabail a théann trasna an bpost sin i gcoitinne.

Maidir le maoiniú, conas is féidir le maoiniú a bheith neamhspleách más é an tAire Airgeadais a dheineann an cinneadh? Conas is féidir déileáil le seo? D'fhéadfaí maoiniú a chur i bhfeidhm ar nós mar a dheintear le breithiúna, mar shampla. Is cuimhin linn an raic a bhí ann nuair a bhí daoine ag iarraidh pá na mbreithiúna a ghearradh. An cóir go mbeadh na hombudsmen faoi Oifig an Uachtaráin, b'fhéidir? An bhfuil tuairimí ann nó an bhfuil bealaí ann chun tabhairt faoi seo go simplí gan gá le athruithe móra a dhéanamh?

Gabhaim leithscéil don Teachta Kitt mar bhí air dul i bhfeighil na Dála. Sin an méid faoi láthair.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Maidir le cursaí foirne san oifig, ba cheart dom a rá ar dtús go bhfáiltím roimh an athrú atá tagtha ar chúrsaí foirne san oifig ó thosaigh mé. Tá feabhas tagtha ar chúrsaí sa mhéid agus go bhfuil stiúrthóir agam ag leibhéal phríomh oifigigh sa Stát Seirbhís, don chéad uair le os cionn dhá bhliain go leith. Sin dul chun cinn ó thaobh chúrsaí foirne san oifig. Tá an struchtúr atá ann faoi leibhéal lán eagraíochta agus ba bhreá dá dtarlódh sin san am atá le teacht.

Ceann de na bealaí go bhfeicim go bhféadfadh muid dul chun cinn a dhéanamh dá dtarlódh a leithéid amach anseo ná go sonrach ó thaobh chúrsaí ghéílliúlachta de. Bheadh muid in ann níos mó faireacháin a dhéanamh ar chomhlachtaí poibliú. Tá bainisteoir ghéilliúlachta ann faoi láthair ach dá mbeadh beirt sa ról sin, bheadh deis níos mó ann faireachán níos leithne a dhéanamh ar chomhlachtaí poiblí. Mar a deirtear: "What gets measured gets done." Sin an taithí atá agam ó bheith ag déileáil le comhlachtaí poiblí. An mó cúrsaí géilliúlachta a dheintear, is amhlaidh is fearr é.

Chuir an Teachta ceist faoi an bhfuil cúrsaí ag dul i bhfeabhas nó in olcas go ginearálta le bliain anuas, ó thosaigh mise i Mí an Mhárta. Ó thaobh cúrsaí na hoifige féin, Oifig an Choimisinéara Teanga go sonrach, tá cúrsaí feabhsaithe sa mhéid agus go bhfuil deireadh curtha leis an bplean an oifig a chomhnascadh le hOifig an Ombudsman. Sin ceann de na nithe ba mhó a bhí ag cur as do dhaoine maidir le moltaí a cuireadh faoi bhráid na Roinne maidir leis an Acht leasaithe. Fáiltím go mór roimh an gcinneadh sin. Cinneadh stuama a bhí ann deireadh a chur leis an gcomhnascadh agus cinntíonn an gcinneadh sin go bhfuil muid ag feidhmiú an t-am ar fad mar oifig neamhspleách reachtúil. Tá athrú freisin ar an struchtúr foirne agus tá ardú bhuiséíd againn, ó €567,000 go €670,000, ceadaithe don bhliain seo chugainn chun tacú leis an athrú ar an struchtúr foirne sin. Sin dul chun cinn ó thaobh obair na hoifige.

Ach ansin, tá an cheist ó thaobh cearta teanga an tsaoránaigh - an jab atá agam mar Choimisinéir Teanga. Tá go leor ag brath ar chéard a bheidh san Acht Teanga leasaithe agus an mbeidh dul chun cinn ansin nó nach mbeidh.

An mbeimid ag streachailt leis na fadhbanna céanna atá feicthe againn le blianta anois, ó thaobh éifeacht córas na scéimeanna teangan agus na deacrachtaí atá ag daoine a gcuid cearta a fháil? Níl aon chomóntacht transna na ndualgaisí áirithe atá ar chomhlachtaí éagsúla mar gheall nach bhfuil siad leagtha síos sna rialacháin. Braitheann sé ar céard a bheidh sa Bhille nua agus cén dul chun cinn, nó easpa dul chun cinn, a bheidh le feiceáil sa reachtaíocht sin.

Tá ceist an mhaoinithe atá á dhéanamh na hoifigí ombudsman eile níos leithne ná mo oifig féin - baineann sé leis na hoifigí eile chomh maith. Is dócha gur ceist do Thithe an Oireachtais é cén chaoi gur cheart oifigí reachtúla neamhspleácha ar nós Oifig an Choimisinéara Teanga a mhaoiniú. Sílim gur féidir bealaí eile a úsáid chun é seo a dhéanamh. Luaigh an Teachta Ó Snodaigh Oifig an Uachtaráin mar bhealach amháin. B'fhéidir go mbeadh an Roinn Airgeadais in ann lárchiste a aontú a bheadh le dáileadh ag coiste Oireachtais áirithe idir na hoifigí ombudsman éagsúla. Bheadh na hoifigí éagsúla in ann na cásanna atá acu ó thaobh an maoiniú atá ag teastáil uathu a chur i láthair ag an gcoiste sin. B'fhéidir go mbeadh sé oiriúnach déileáil leis an ábhar seo ar an gcaoi sin.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an tUasal Ó Domhnaill agus an tUasal Ó Coisdealbha as teacht os ár gcomhair inniu agus cuidiú leis an méid atá á dhéanamh againn maidir leis na oifigí ombudsman i gcoitinne, go háirithe ó thaobh an ról agus an remit atá ag Oifig an Choimisinéara Teanga. Guím gach rath ar a gcuid oibre sa bhliain atá romhainn. Tá súil agam go mbeidh an Bille leasaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla foilsithe go luath agus go mbeidh an reachtaíocht ina iomláine i bhfad níos fearr agus níos áisiúla dúinn sna blianta atá romhainn.

The joint committee adjourned at 5.22 p.m. until 4 p.m. on Wednesday, 21 January 2015.
Barr
Roinn