Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

JOINT COMMITTEE ON THE ENVIRONMENT, TRANSPORT, CULTURE AND THE GAELTACHT díospóireacht -
Wednesday, 8 Feb 2012

Seachtain na Gaeilge agus Oifig an Choimisinéara Teanga: Plé

Cuirim fáilte roimh na finnéithe, Julian de Spáinn Uasal, ard-rúnaí Chonradh na Gaeilge; Éamonn Mac Niallais Uasal, Urlabhraí Ghuth na Gaeltachta; Lorcán Mac Gabhann Uasal, ceannasaí Ghlór na nGael; agus Feargal Ó Cuilinn Uasal, stiúrthóir Chomhluadar. I welcome them to this morning's meeting. Iarraim ar an gcléireach an fógra foirmiúil a léamh faoi imeachtaí agus rialacháin d'fhinnéithe a thagann os comhair coiste Oireachtais. The clerk to the committee will now read out the formal proceedings and regulations for witnesses presenting before the committee.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste d'fhinné, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i dtaca le ní áirithe, agus má leanann an finné á tabhairt, níl sé i dteideal tar éis sin ach pribhléid chailithe i leith na bhfianaise. Ordaítear d'fhinnéithe nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh nó líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom finnéithe a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach, ina ainm nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Mr. Julian de Spáinn

Gabhaim buíochas leis an choiste as ucht deis labhartha a thabhairt dúinn inniu. I will give my speech in Irish but there are copies available in English for members. We will be more than willing to answer questions in Irish, English and I have some German and Éamonn speaks some French.

Táimid an-bhuíoch as an deis seo a fháil chun labhairt leis an choiste inniu. Is cinnte go bhfuil dul chun cinn déanta le roinnt blianta anuas le pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge agus bhí ról nach mór ag an gcomhchoiste seo mar dhlúthchuid den obair sin. Tá súil againn inniu go mbeidh an coiste sásta leanúint leis an ról gníomhach, dearfach sin agus tacaíocht a chur ar fáil don dá iarratas atá againn.

Táimid ag lorg thacaíocht an Chomhchoiste um Chomhshaol, lompar, Cultúr agus Gaeltacht le hiarraidh ar an Chomhairle Aireachta Thuaidh agus Theas na scéimeanna iomaíocha molta ag Foras na Gaeilge sa tsamhail nua mhaoinithe, nach dtógann obair Sheachtain na Gaeilge nó obair aon eagraíocht Ghaeilge eile san áireamh a chur ar leataobh agus samhail chomhpháirtíochta a aontú leo.

Chomh maith leis sin, táimid ag lorg thacaíocht an Chomhchoiste um Chomhshaol, lompar, Cultúr agus Gaeltacht le hOifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil mar oifig reachtúil neamhspleách. Cloisfidh an coiste inniu ó Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta, cén fáth go bhfuilimid aontaithe go huile is go hiomlán i gcoinne an chinnidh Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a cuid feidhmeanna a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman.

Ba mhaith liom labhairt faoinár gcéad iarratas ach sula ndéanaim sin, iarradh orm labhairt beagáinín faoi Sheachtain na Gaeilge 2012. Beidh Seachtain na Gaeilge linn arís ón 5-17 Márta le himeachtaí ag dul ar aghaidh ón Astráil go dtí Corcaigh, ón Bheilg go dtí Contae an Dúin. Táimid ag súil leis an tseachtain is mó a riamh a bheith againn. Is cinnte go bhfuil suim dhochreidte sa phobal don tseachtain. Is deis iontach í dúinn le dul i bhfeidhm ar an bpobal agus iad a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid, ach go háirithe ar na daoine nach bhfaigheann deis an Ghaeilge a úsáid go minic.

Le linn Sheachtain na Gaeilge 2012, beidh na céadta míle duine páirteach ar fud na tíre, scoileanna na tíre san áireamh, agus mar sin is deis iontach í an Ghaeilge a chur chun cinn. Beidh 250 grúpa pobail páirteach, beidh na meáin chumarsáide spreagtha chun páirt a ghlacadh, idir raidió agus nuachtáin áitiúla. Beidh cláir theilifíse speisialta ar RTÉ, beidh an Irish Daily Star ag cur amach irisleabhar, “Sult”, le clár cuimsitheach de na himeachtaí ar fad agus eolas dírithe ar dhaoine óga go háirithe. Beidh Rith 2012 ag dul ar aghaidh, ina mbeidh 20,000 duine ag rith ó Ghaoth Dobhair go dtí an Tuaisceart, go dtí Muineachán, Contae na Mí, Baile Átha Cliath, Cill Dara, Ceatharlach, Tiobraid Árann, Luimneach, Gaillimh, ag déanamh iarrachta an Ghaeilge a thabhairt amach sa phobal i rith na seachtaine. Ar ndóigh, agus rud suntasach do Theachtaí Dála, beidh lá Gaeilge i dTithe an Oireachtais an 7 Márta. Lá iontach speisialta a bheidh ann mar beidh deis obair an lae a dhéanamh trí Ghaeilge. Seans go mbeidh an comhchoiste seo ag eagrú imeachtaí do scoileanna an lá sin. Táimid ag súil go mbeidh Raidió na Gaeltachta agus TG4 i láthair ar an lá speisialta sin agus go mbeidh siad in ann tráchtaireacht a dhéanamh ar na rudaí ar fad a bheidh ag dul ar aghaidh sna Tithe. Is iontach an deis í seo chun gur féidir linn taispeáint nach gá dúinn labhairt faoin nGaeilge amháin as Gaeilge ach gur féidir ceisteanna don Taoiseach a dhéanamh trí Ghaeilge.

Tá baol ann d'obair Sheachtain na Gaeilge, áfach, mar go bhfuil seans ann nach mbeidh aon mhaoiniú ag an bhféile le feidhmiú amach anseo agus ba mhaith liom díriú ar an scéal sin anois.

Cén athrú atá le teacht ar mhaoiníú na n-eagraíochtaí Gaeilge? Tá Foras na Gaeilge ag iarraidh deireadh a chur le bunmhaoiniú a fhaigheann 19 d'eagraíochtaí Gaeilge agus samhail mhaoinithe iomaíoch a chur ina áit. San áireamh sna heagraíochtaí go mbeidh deireadh curtha lena mbunmhaoiniú, tá Seachtain na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Comhluadar, Cumann na bhFiann, agus eile.

Cén fáth go bhfuil fadhb ann leis an tsamhail nua mhaoinithe molta ag Foras na Gaeilge? Tá infreastruchtúr agus saineolas forbartha ag na heagraíochtaí Gaeilge le breis is 100 bliain anuas. Tá neamhaird iomlán déanta de sin sa tsamhail nua mhaoinithe agus, níos measa ná sin, faoin gcóras nua molta ag Foras na Gaeilge beidh ar na heagraíochtaí seo ar fad dul in iomaíocht lena chéile in ionad a bheith ag comhoibriú lena chéile le maoiniú a bhaint amach ó Fhoras na Gaeilge sa todhchaí.

Ní bheidh na heagraíochtaí go n-éiríonn leo scéim a bhaint amach faoin tsamhail nua mhaoinithe in ann freagairt do mhianta an phobail; beidh orthu gníomhú ar spriocanna Fhoras na Gaeilge amháin. Caillfear na hoibrithe deonacha mura féidir leo a gcuid mianta a chur chun cinn a thuilleadh. Beidh cailliúint de na milliúin euro i gceist leis seo, ó thaobh ama agus oibre deonaí nach mbeidh déanta a thuilleadh de. Chuirfeadh seo deireadh, i ndáiríre, le gluaiseacht na Gaeilge treoraithe ag an bpobal. Beidh ar na heagraíochtaí ar fad scaoileadh lena bhfoireann agus iomarcaíocht a íoc leo. Cuirfidh seo deireadh le cuid de na heagraíochtaí mar nach mbeidh an t-airgead acu le híoc as an iomarcaíocht.

Beidh ar na heagraíochtaí go n-éiríonn leo scéim a bhaint amach faoin tsamhail nua mhaoinithe gach post a cheadófar a fhógairt agus beidh ar an bhfoireann, is cuma cé mhéad bliain nó cén saineolas atá acu, cur isteach ar na poist seo agus dul faoi agallamh, má éiríonn leo agallamh a fháil fiú. Don chuid is mó, beidh na téarmaí agus coinníollacha oibre níos measa ná mar atá faoi láthair. Déanann an tsamhail nua mhaoinithe neamhaird ar an airgead a bhailíonn na heagraíochtaí Gaeilge ó fhoinsí eile gach bliain d'obair na Gaeilge. Mar shampla, i gcás Aontas Phobal na Gaeilge, idir Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Comhluadar, Seachtain na Gaeilge agus Comhaltas Uladh, tá beagnach €800,000 sa bhliain le cailliúint faoin tsamhail nua agus gach seans go bhfuil cúpla milliún euro i gceist idir an 19 eagraíocht ar fad.

Céard atáimid ag moladh in áit na samhla nua mhaoinithe? Céard é ár bplean B? Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe sa Dáil "we can bring about radical change while protecting front line services". Ag glacadh leis an treoir sin, is mian leis na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge gníomhú mar ionstraim aontaithe darbh ainm Aontas Phobal na Gaeilge, le forbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-Éireann agus go hidirnáisiúnta. Céim radacach agus fadradharcach atá glactha ag na heagraíochtaí seo le tabhairt faoi na cúinsí eacnamaíochta reatha agus riachtanais fhadtéarmacha phobal na Gaeilge. Go bunúsach, is é an rud atá i gceist ag Aontas Phobal na Gaeilge ná aon fhoireann amháin; aon iarratas amháin ar Fhoras na Gaeilge; aon phlean straitéiseach amháin; agus aon stop amháin don phobal ionas go mbeidh a fhios acu gur féidir leo dul chuig duine amháin chun seirbhísí na n-eagraíochtaí sin ar fad a fháil.

In áit na samhla iomaíocha molta ag Foras na Gaeilge, táimidne ag moladh samhail chomhpháirtíochta. Táimid cinnte de go mbeidh na heagraíochtaí Gaeilge bunmhaoinithe eile in ann struchtúir éagsúla comhpháirtíochta a aontú má thugtar deis dóibh.

Cén obair ar chóir dúinn ar fad tabhairt faoin tsamhail nua seo? Creideann Aontas Phobal na Gaeilge gur chóir go ndréachtófar comhstraitéis ghníomhach uile-Éireann don Ghaeilge, a chuimseoidh an straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010-2030 ó Dheas, straitéis lena dtacaíonn na páirtithe ar fad in Éirinn agus ar a bhfuil seilbh ag an bpobal, chomh maith le straitéis na Gaeilge ó Thuaidh - tá comhairliúchán le tosú air seo go luath - agus aon samhail nua mhaoinithe a bheidh ag Foras na Gaeilge, go gcuirfear iad siúd ar fad le chéile mar chomhstraitéis ghníomhach uile-Éireann. Is cóir dúinn gníomhú i gcomhpháirtíocht le chéile chun iad a chur i bhfeidhm más iad sin na straitéisí oifigiúla stáit, agus más rud é go bhfuil an buntáiste acu go bhfuil seilbh ag an bpobal agus ag na húdaráis orthu.

Céard atáimid ag iarraidh ar an choiste a dhéanamh? Táimid ag lorg thacaíocht an Chomhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht le hiarraidh ar an gComhairle Aireachta Thuaidh agus Theas chun na scéimeanna iomaíocha molta ag Foras na Gaeilge sa tsamhail nua mhaoinithe, nach dtógann obair Sheachtain na Gaeilge nó obair aon eagraíocht Ghaeilge eile san áireamh, a chur ar leataobh agus samhail chomhpháirtíochta a aontú leo.

Mr. Éamonn Mac Niallais

Gabhaim buíochas leis an choiste as an chuireadh a thabhairt dom labhairt leis inniu faoi Oifig an Choimisinéara Teanga agus an ísliú stádais atá beartaithe di ar na mallaibh.

D'fhógair an tAire Stáit go raibh tús á chur le hathbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ar an 3 Samhain 2011. Nílimid in aghaidh an athbhreithnithe sin, ghlac muid páirt iomlán mar eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta san athbhreithniú sin agus ghríosaigh muid daoine eile le páirt a ghlacadh ann. Fuair an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta 1,400 suirbhé líonta agus 240 aighneacht ar an cheist seo, cuid mhór acu de bharr na hoibre a rinne muid ó thaobh daoine a ghríosú le haighneachtaí a dhéanamh. Creidimid gur chóir athbhreithniú a dhéanamh ar chuile Acht anois agus arís, ach táimid ag caint inniu faoin dóigh a d'fhógair an Rialtas ar an 17 Samhain 2011 go bhfuil sé i gceist aige Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a cuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid dá phlean athchóirithe don earnáil phoiblí. Is é an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a d'fhógair seo mar chuid den phlean athchóirithe don earnáil phoiblí ach tá mionstaidéar déanta againn agus ag eagraíochta Gaeilge agus Gaeltachta eile air seo agus de réir mar fheicimid, níl aon chiall eacnamaíoch, teanga nó polaitiúil leis an chinneadh seo. Ní fheicimid cén fáth go bhfuil aon bhuntáiste faoi leith leis an gcinneadh seo.

Cén fáth go bhfuil an cinneadh seo mícheart? D'admhaigh an tAire Stáit féin sa Dáil ar an 24 Samhain go bhfuil an baol ann ní hamháin nach bhfuil aon choigiltí airgid i gceist leis an gcinneadh seo, ach go gcosnóidh an cinneadh airgead ar an Stát. Má táimid ag caint faoi phlean athchóirithe a chosnóidh airgead don Stát, cad é an chiall leis sin? Níor tógadh san áireamh nuair a rinneadh an cinneadh go bhfuil conradh ag an gCoimisinéir Teanga ó anuraidh, agus gur ghlac an Dáil leis sin le tacaíocht 100% ó chuile pháirtí, mar ghlac siad go raibh jab an-éifeachtach déanta aige ina chéad thréimhse. Tá conradh aige anois, ar a bhfuil séala an Uachtaráin, le bheith mar choimisinéir neamhspleách go dtí 2016. Má théann an Rialtas ar aghaidh leis an chónascadh seo atá beartaithe, beidh an Stát oscailte do chásanna dlí.

Aithnítear go forleathan go bhfuil an Coimisinéir Teanga mar choimisinéir thar a bheith éifeachtach agus dinimiciúil. Tá tíortha eile, cosúil le Ceanada, an Bhreatain Bheag, tíortha atá go mór chun cinn sna cúrsaí seo. Tá siad ag breathnú ar an leagan amach atá againn, leis an choimisinéir agus an tAcht, mar go bhfeiceann siad gnó-éifeacht le hobair an choimisinéara le cúig nó sé bliana anuas. Nuair atá caighdeán ard bainte amach againn go hidirnáisiúnta, cén fáth go bhfuilimid ag iarraidh ísliú stádais a thabhairt don chaighdeán sin anois agus céim ar chúl ar thabhairt don oifig?

Tá go leor oibre eile déanta ag an choimisinéir, ní hamháin ag baint le gearáin ón phobal, tá sé réamhghníomhach i gcur chun cinn an dea-chleachtais teanga. Mar shampla, le déanaí d'fhorbair a oifig modúl ar chearta teanga go ginearálta le húsáid san idirbhliain inár scoileanna dara leibhéal. Tuigfidh daoine óga mar thoradh air sin tábhacht an ilteangachais sa chultúr. Ní duine é atá ina shuí san oifig ag déanamh an jab díreach amháin, tá sé ag déanamh níos mó agus níos mó an t-am ar fad chun na haidhmeanna a bhaint amach.

Tógadh an cinneadh faoi Oifig an Choimisinéara Teanga, atá croí-lárnach i gcur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, gan an próiseas comhairliúcháin phoiblí a thógáil san áireamh. Tá go dtí 31 Eanáir 2012 ag an bpobal aighneachtaí a chur chuig Roinn na Gaeltachta ach glacadh an chéad chinneadh ar an 17 Samhain. Níl aon chiall le próiseas phoiblí comhairliúcháin a fhógairt agus ansin cinneadh a ghlacadh díreach ina dhiaidh sin. Mar eagraíochtaí agus mar phobal, bhí an-díomá orainn faoi sin agus bhí amhras orainn ar chóir dúinn páirt a ghlacadh sa phróiseas sin. Má tá cinntí á ghlacadh fiú gan an próiseas comhairliúcháin bheith críochnaithe, cén mhaith dúinn a bheith ag déanamh moltaí? Bhí cruinniú poiblí againn i nGaillimh leis na coistí pobail agus na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta le chéile roimh an Nollaig agus ghlac muid cinneadh go nglacfaimid páirt iomlán sa chomhairliúchán poiblí ach níor chóir aon athrú a dhéanamh ar stádas an Choimisinéara Teanga gan na haighneachtaí agus suirbhéanna sin a thabhairt san áireamh. Sin toil an phobail agus is oifig de chuid an phobail í Oifig an Choimisinéara Teanga agus ba chóir mar sin an toil sin a thabhairt san áireamh.

Ó thaobh na réasúnachta a thug an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, gur ó thaobh an oifig a dhéanamh níos éifeachtaí é, fiú nuair a rinne an Bord Snip measúnú ar Oifig an Choimisinéara in 2009, ní fhaca sé go raibh aon bhuntáiste ó thaobh na hoifige a chónascadh le haon oifig eile. D'fhág sé an oifig mar a bhí sí, cé gur mhol sé go gcónascfaí oifigí eile le hOifig an Ombudsman.

Tá ceist i ndiaidh ceiste curtha againn sa Dáil agus sa Seanad faoin ábhar seo agus níl an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i ndiaidh fiú sampla amháin nó buntáiste amháin a chur in iúl dúinn leis an chónascadh seo. Is deacair a fheiceáil aon bhuntáiste mar, fiú dá mbeadh a feidhmeanna faoi Oifig an Ombudsman mar tá ar an Ombudsman feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge agus feidhmíonn Oifig an Ombudsman trí Bhéarla. Ní théann an dá rud le chéile. Ní fhéadfaidís aon seirbhísí a roinnt eatarthu.

D'aontaigh gach Teachta agus Seanadóir ó gach páirtí polaitiúil tacaíocht a léiriú don straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus mar phobal agus mar eagraíochtaí Gaeilge, thug muidne tacaíocht don scéim. Den chéad uair riamh i stair an Stáit, tá straitéis againn don Ghaeilge a bhfuil chuile duine beagnach aontaithe uirthi. Tuigimid go léir go bhfuil deacrachtaí ann ó thaobh maoiniú, nach bhfuil airgead mór againn le caitheamh ar aghaidh na straitéise ach cén fáth go bhfuilimid ag baint na cosa amach as faoin straitéis gan sinn fiú tosaithe chun an straitéise a chur i bhfeidhm, ag déanamh cónascadh ar Oifig an Choimisinéara Teanga gan aon choigiltí airgid nó buntáistí? Ag tabhairt isliú meanma do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta atá ann gan aon chúis mar níl aon sábháiltí airgid i gceist. Táimid ag moladh gan dul ar aghaidh leis an chinneadh seo.

Má dhéantar feidhmeanna na hoifige seo a chónascadh le hOifig an Ombudsman, aon duine a cheapfar mar Ombudsman as seo amach, bheadh Gaeilge líofa mar phríomhriachtanas don phost? Ní fheicim gur féidir le duine bheith freagrach as rud cosúil le cearta teanga do Ghaeilgeoirí na tíre gan líofacht Ghaeilge aige.

I ndiaidh breathnú air seo arís agus arís eile, ní fheicimid aon bhuntáiste. Ní hamháin go bhfuil, áfach, costas ann, tá seans ann go mbeidh cásanna dlí mar gheall air.

Céard atá uainn mar eagraíochtaí agus mar phobal? Ba chóir don Rialtas na hargóintí geilleagracha seo, chomh maith le mianta agus tuairim láidir phobal na Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, a thógáil san áireamh. Tá siad le feiceáil go soiléir sna suirbhéanna agus na haighneachtaí a líonadh amach, agus ba chóir tacaíocht a chur ar fáil d'Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá cuid mhór oifigí Stáit sa tir nach bhfuil muinín an phobail iontu ach tá muinín an phobail in Oifig an Choimisinéara Teanga.

Ba mhaith linn tacaíocht an chomhchoiste le brú a chur ar an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ar an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta leis an gcinneadh a athrú go práinneach in ionad moill a chur leis. Is dócha gur cinneadh a glacadh go tapaidh nuair a bhí an plean athchóirithe poiblí á chur le chéile nach raibh meá mar is ceart déanta maidir leis an dochar a dhéanfaidh sé. Mura bhfuil aon airgead le sábháilt agus aon bhuntáiste ann ó thaobh éifeachtúlachta de, cén fáth go nglacfaí an cinneadh seo?

Tá sé tábhachtach go dtiocfaidh gach eagraíocht le chéile chun comhoibriú mar tá a lán ciorruithe ag teacht. Aontaím leis an toscaireacht go bhfuil sin ag cur isteach ar an obair atá na heagraíochtaí ag déanamh.

Le blianta anuas anois, bhí Seachtain na Gaeilge an-tábhachtach ar fad don Ghaeltacht agus don ghnáthdhuine ar an talamh. Aon straitéis a chuirfidh isteach air sin, caithfimid troid ina coinne. Tá Sinn Féin ag tacú le lá Gaeilge sa Dáil, nuair a dhéanfar an gnó ar fad trí Ghaeilge. Níl a fhios agam an mbeimid in ann sin a dhéanamh ach táimid ag tacú leis. B'fhéidir go mbeidh lá caife ann freisin agus Gaeilge in úsáid ansin.

Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil an Rialtas ag cur isteach ar an mhaoiniú. Tá a lán rudaí i mo cheantar féin le dul chun cinn suntasach maidir leis an Ghaeilge. Tá naíonra ann le seacht mbliana anuas agus tá sin ag fás ó bhliain go bliain. I mBaile Munna tá Gaelscoil ann agus tá sin ag fás faoi láthair. In Sinn Féin, táimid i bhfabhar na rudaí a dúirt na finnéithe faoi theacht le chéile agus obair a dhéanamh le chéile.

Mr. Lorcán Mac Gabhann

Tá pacáistiú déanta ag Foras na Gaeilge maidir leis an phróiseas seo. Tá sé ag rá go bhfuil sé ag déanamh athbhreithniú ar na heagraíochtaí Gaeilge ach ní athbhreithniú é seo ar obair na n-eagraíochtaí, athbhreithniú ar ghá le hairgead atá ann. Táim fostaithe le Glór na nGael le 11 bliain anuas agus ní raibh cruinniú amháin i rith na tréimhse agam le Foras na Gaeilge faoi spriocanna oibre Ghlór na nGael, faoi chur chuige Ghlór na nGael nó faoi obair Ghlór na nGael. Ní hamháin nach athbhreithniú é seo, ní dhearnadh athbhreithniú riamh ar obair Ghlór na nGael nó obair na n-eagraíochtaí trí cheile.

Tá fadhbanna móra ann faoi mholadh Fhoras na Gaeilge: cuireann sé i gcoinne comhpháirtíochta. Má táimid chun an Ghaeilge a shábháil, is gá sin a dhéanamh ar bhonn comhpháirtaíochta agus go mbeidh na heagraíochtaí Gaeilge, idir deonach agus Stát, ag comhoibriú lena chéile agus ag obair as lámh a chéile. Tá an tsamhail nua mhaoinithe seo ag cur deiridh le hobair chomhpháirtíochta agus ag cur daoine in éadan a chéile. Is é an pointe deiridh atá agam ná nach bhfuil aon phlean straitéiseach ag Foras na Gaeilge. Tá Foras na Gaeilge ar bun le 11 nó 12 bhliain anois. Níl aon phlean ag an bhforas don Ghaeilge sa tír seo. Níl aon straitéis ag an bhforas don Ghaeilge sna 32 contae. Tá Foras na Gaeilge ag iarraidh thart ar €6 mhilliún a dháileadh idir na heagraíochtaí Gaeilge gan aon phlean a bheith acu. Táimid ag iarraidh ar Fhoras na Gaeilge plean náisiúnta don Ghaeilge, a thógann straitéis an Rialtais sa Deisceart agus an straitéis nua sa Tuaisceart san áireamh, a chur le chéile. Ba chóir go mbeadh an t-airgead roinnte ar bhonn páirtnéireachta agus ar bhonn an dá straitéis. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach.

Mr. Éamonn Mac Niallais

Rinneadh pointe tábhachtach ó thaobh oibriú le chéile. Is é sin an láidreacht atá ag na heagraíochtaí Gaeilge. Tá mé ag déanamh obair ar son Guth na Gaeltachta, eagraíocht deonach nach ndéanann aon airgead. Tá mé anseo inniu ar bhunús deonach. Tá obair á dhéanamh agam ar an talamh sa Ghaeltacht. Ní bheinn in ann feidhmiú gan an tacaíocht a chuireann na heagraíochtaí seo ar fáil dúinn. Níl an t-eolas agus an taithí atá acu ar na ceisteanna seo ar fáil san earnáil Stáit nó in aon áit eile. Tá an t-eolas seo ag na daoine atá ag obair ar an talamh sna heagraíochtaí le fada. Má táimid chun dul ar aghaidh le próiséas iomaíoch, an mbeidh an comhoibriú sin ann? An mbeidh an tacaíocht sin ar fáil ar an talamh sa Ghaeltacht? Is ceist mhaith í sin.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe atá os ár gcomhair. Tréaslaím leis na heagrais Gaeilge atá ag saothrú ar son na Gaeilge agus an chultúr Gaelach le blianta fada anuas. Téann cuid d'ár gcuairteoirí siar i bhfad. Tá Conradh na Gaeilge, atá ag feidhmiú le breis agus 100 bliain, lárnach i stair agus saoirse na hÉireann. Is trua é go gcaithfidh na finnéithe teacht isteach chun iad féin agus an obair ata déanta acu a chosaint. Le tamall anuas, tá sé soiléir go bhfuil dul chun cinn mór déanta ag na heagrais ag comhoibriú le chéile. Tá dea-thoil maidir leis an Ghaeilge le tabhairt faoi deara. Tá sé thar a bheith tábhachtach, toisc go bhfuil straitéis 20 bliain don Ghaeilge againn, go mbeadh maoiniú ar fáil do na heagrais a bheidh lárnach sa straitéis. Is dócha gur tharla an díospoireacht is doimhne ó thaobh na straitéise ag an gcoiste seo. Nuair a chuaigh an coiste go dtí Conamara, tháinig breis is 40 eagras os ár gcomhair. Thug siad cabhair iontach dúinn chun an straitéis a chur le chéile.

Tuigim go mbeadh sé thar a bheith deacair do na heagrais an córas iomaíochta atá molta a chothú iad féin. Ní bheadh aon chinnteacht ann ó thaobh foirne de, maidir leis an obair atá déanta go dtí seo nó i dtaca leis an struchtúr. Cé mhéad airgead a chosnaíonn sé chun seachtain na Gaeilge, mar shampla, a chur ar an mbóthar? Is léir gurb é coicís na Gaeilge, seachas seachtain na Gaeilge, atá againn anois. Baineann samhlaíocht mór le seachtain na Gaeilge. Tá an aos óg lárnach san obair sin. Cé mhéad a chosnaíonn sé? Má dhéanaimid comparáid idir costas seachtain na Gaeilge agus na billiúin a bhíonn á phlé againn na laethanta seo, ní dóigh liom go mbeidh mórán i gceist. B'fhéidir go mbeadh na finnéithe in ann freagra a thabhairt dom sa chomhthéacs sin.

Ba mhaith liom ceist a chur faoin bplean B atá i gceist ag na heagrais. Tá samhlaíocht ag baint leis sin. Dúirt cainteoir éigin rud an-tábhachtach nuair a dúirt sé nár tháinig na heagrais isteach anseo chun cáineadh a dhéanamh. Tháinig siad isteach chun cabhair a thabhairt maidir leis an Ghaeilge. B'fhéidir gur féidir leo níos mó eolais a thabhairt dúinn maidir leis an bplean sin. An bhfuil oifig nó foireann i gceist sa chomhpháirtíocht? B'fhéidir go mbeadh suim ag an Aire Stáit ina leithéid.

I do not want to curtail the Senator, but I have to bring many other speakers in.

Bhí roinnt de na finnéithe i láthair sa Seanad nuair a bhí an t-ábhar seo á phlé againn. Chuala siad an méid a bhí le rá ag an Aire Stáit maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin. Is dóigh liom gur chóir go mbeadh na heagrais páirteach sa phróiseas. B'fhéidir gur féidir leis na finnéithe rud éigin a rá faoi sin. Baineann an cheist eile atá agam le Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá sé an-suimiúil nár dúirt an bord snip nua aon rud diúltach faoin oifig nó faoi chomh éifeachtach atá sí. An dóigh leis na finnéithe go mbeidh an straitéis i mbaol muna bhfuil oifig neamhspleách reachtúil ann don choimisinéir?

Mr. Julian de Spáinn

Freagróidh mé na ceisteanna maidir le costais seachtain na Gaeilge. Tá laghdú tagtha ar bhuiséad seachtain na Gaeilge le bliain anuas. Tá thart ar €120,000 ar fáil le haghaidh seachtain na Gaeilge i mbliana. Thosaigh an phleanáil i mí Aibreáin na bliana seo caite agus críochnóidh sé i mí an Mhárta seo chugainn. Is beag an méid é sin, dar ndóigh, nuair a smaoinítear ar i gcomhthéacs na milliúin a chaitear ar fhéilte agus rudaí éagsúla eile. Tá sé an-tábhachtach breathnú ar an luach ar airgead a thagann ó sheachtain na Gaeilge. Mar a dúirt mé, cuirtear €120,000 ar fáil chun seachtain na Gaeilge a eagrú. Ón airgead sin, spreagtar na mílte scoileanna agus na céadta grúpaí pobail le rudaí a eagrú. Más féidir linn a rá go gcaitheann gach grúpa €100 le linn seachtain na Gaeilge - caitheann go leor grúpaí i bhfad níos mó ná sin - is léir go bhfuil thart ar €500,000 - níos mó, b'fhéidir - á chaitheamh ar sheachtain na Gaeilge ar fud na tíre ag na grúpaí deonacha agus na grúpaí eile. Tá obair dheonach ar siúl freisin, dar ndóigh. Fágadh an obair dheonach amach as an tsamhail nua mhaoinithe. Tá daoine sásta tráth na gceist, ciorcal comhrá nó céilí a eagrú faoin chomhordú a chuirtear ar fáil trí sheachtain na Gaeilge nó na heagraíochtaí pobail. Tá baol ann nach mbeidh an €120,000 sin ar fáil do sheachtain na Gaeilge sa todhchaí.

Mr. Éamonn Mac Nialais

Cuireadh ceist maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga. Iarradh orainn an gceapaimid go bhfuil an straitéis féin i mbaol. Is é sin an pointe a bhí á dhéanamh agam go bunúsach. Níl cuid mhór airgid againn faoi láthair chun na rudaí atá molta sa straitéis a chur i gcrích. Cén fáth a bhfuilimid ag dul ar gcúl leis na rudaí atá againn, mar shampla, Oifig an Choimisinéara Teanga? Cén fáth a bhfuil dhá céim ar chúl á ghlacadh againn nuair is féidir na rudaí seo a fhágáil mar atá siad agus airgead a shábháil don Stát? Is í an mhórcheist faoin straitéis - the elephant in the room - ná an bhfuil airgid ann chun í a chur i bhfeidhm. Ní dóigh liom go bhfuil go leor airgead ar fáil chun é sin a dhéanamh. Is féidir linn codanna éagsúla den straitéis a chur i bhfeidhm, áfach, ar chostas íseal nó neodrach. Mar shampla, is féidir linn Oifig an Choimisinéara Teanga a fhágáil mar atá sí. Má tá ciorruithe de 3% nó 5% in aghaidh na bliana le déanamh ar hoifigí eile, is féidir neamhspleáchas an oifig seo fós a chosaint. Má táimid chun céimeanna ar chúl a ghlacadh agus muid ag tosú amach ar an straitéis, caillfidh an pobal muinín sa straitéis.

Mr. Feargal Ó Cuilinn

B'fhiú lua gur thosaigh an chónascadh seo i rith samhradh 2009. Is grúpaí pobal-bunaithe muid go léir, nach mór. Bíonn na grúpaí ag comhoibriú ar fheachtais éagsúla. Bhíomar lárnach in eagrú Rith 2010, mar shampla. Tá súil agam go nglacfaidh roinnt de Bhaill an Oireachtais páirt i Rith 2012, atá ag teacht i mbliana. Bhunaíomar an fheachtas aitheantas a bhris an bac a bhí curtha ar bunú gaelscoileanna. Osclaíodh Gaelscoil Ráth Tó dhá bhliain ó shin. Mar is eol don choiste, tá an scoil aitheanta agus ag feidhmiú anois. Tá scoileanna lán-Ghaeilge á chur san áireamh ag an Roinn Oideachais agus Scileanna mar chuid dá phleananna. Tá foireann reatha de 120 duine idir na heagraíochtaí go léir i láthair na huaire. Is gá dúinn a chinntiú nach ndéanfaimid dearmad go bhfuil na mílte daoine ag obair go deonach, gan pingin a fháil. Ta mé ag caint faoi siúd a scríobhann litreacha thar ceann Conradh na Gaeilge, a eagraíonn coistí deonacha le Glór na nGael, a oibríonn i nGuth na Gaeltachta agus a ghlacann páirt i seachtain na Gaeilge. Tugann múinteoirí, daltaí agus daoine óga a chuid ama saor in aisce. Tá sé deacair a rá cé mhéad daoine atá ann. Tá an-chuid daoine ann. Tá foireann reatha de 21 duine againn faoi láthair. Tá ball foirne á roinnt againn, bunaithe ar an taithí atá againn le cúpla bliain anuas. Mar shampla, táimid tar éis oifig caidreamh poiblí Conradh na Gaeilge a úsáid. Níl na hacmhainní sin againn. Táimid ábalta i bhfad níos mó cosa a chur ar an talamh i measc an phobail sna cheantaír éagsúla. Táimid ag scaoileadh daoine ó chúraimí oifige nó cúraimí riaracháin. Is é sin ceann de na luachanna breise atá ag teacht ón gcónascadh seo.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht an aithisc a thugadar. Cuirim fáilte rompu. Ta cúpla ceist agam ar bhonn fealsúnach seachas ar aon bhonn eile. Ní mian liom na ceisteanna a d'iarr an Seanadóir Ó Murchú a athchur. Aontaím lena dhearcadh. Is minic a chloistear an criticism ag pobal na Gaeilge go bhfuil iomarca eagraíochtaí Gaeilge sa tír. Tugann Foras na Gaeilge urraíocht nó maoiniú do 19 eagraíocht. Is féidir a rá go bhfuil achoimriú áirithe á dhéanamh ag cuid acu ar chuid eile. Bhí mé ag plé agus ag obair le an-chuid acu nuair a bhí mé ar bhord Gael Linn. Feictear domsa go mbíonn achoimriú áirithe ag eagraíocht amháin ar eagraíocht eile.

Dúirt Mr. Mac Gabhann nach bhfuil aon straitéis ag Foras na Gaeilge. Tá sé soiléir gur gá straitéis nó próiseas comhairliúcháin a thosú, lena n-áirítear pobal na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta, ar conas ar féidir athbreithniú a dhéanamh ar na heagraíochtaí seo ar fad, agus b'fhéidir iad a láidriú. An bhfuil macasamhail in aon earnáil pobail eile sa tír seo, nó sa sochaí seo, nó in aon cheantar eile, gur féidir linn breathnú air? Ba mhaith an rud é dá mbeimid in ann foghlaim as coincheapanna in earnáil pobail eile - agus iad a neartú - nó iad a chur faoi bhráid pobal na Gaeilge, an choiste seo, nó Foras na Gaeilge.

Cé go mbaineann buntáistí leis an bplean B atá ag na heagraíochtaí, ní dóigh liom go bhfuil sé fadradharcach go leor. Tá géarchéim eacnamaíochta sa tír seo. Feicim é i measc an phobail ealaíon. Caithfimid bheith i bhfad níos réabhlóidí. Deireann daoine áirithe go bhfuil na heagraíochtaí ar fad ag saothrú chun a bpinginí féin a chosaint. An féidir leo cúpla sampla eile a thabhairt dúinn ó thaobh conas atá siad ag teacht le chéile agus a gcuid airgid agus foinsí, maidir le cúrsaí na Gaeilge, a roinnt?

B'fhéidir go mbaineann an dara ceist atá agam le Cathaoirleach an choiste. Os rud é gur Seanadóir nua mé, níl na rialacha ar fad ar eolas agam. Cad is féidir linn a dhéanamh ó thaobh stádas Oifig an Choimisinéara Teanga de? An féidir linn ráiteas a chur amach a léiríonn go simplí go bhfuil tacaíocht á thabhairt againn don Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta? Dúirt an tAire Stáit sa Dáil nach bhfuil aon sábháil airgid i gceist. Luaigh an Seanadóir Ó Murchú nár dúirt an bord snip nua aon rud i gcoinne obair agus feidhmiúlacht Oifig an Choimisinéara Teanga. An féidir linn ráiteas simplí a chur faoi bhráid an Oireachtais, a deireann go bhfuilimid i bhfábhar an oifig a chosiant ar bhonn airgeadais agus feidhmíochta? Ba chóir go ndéarfadh an ráiteas, in aon abairt soiléir agus simplí amháin, go bhfuil an tOireachtas i bhfábhar na hoifige seo, atá chomh maith agus éifeachtach ina cuid oibre.

Mr. Julian de Spáinn

Luaigh an Seanadóir an 19 eagraíocht agus d'iarr sé an bhfuil iomarca eagraíochtaí ann. Caithfear a thógáil san áireamh gur tháinig na heagraíochtaí ar fad ar an saol mar go raibh riachtanas ann dóibh. Ní cheapaimid go bhfuil an riachtanas sin imithe i gcás aon cheann de na heagraíochtaí sin. Agus é sin ráite, táimid an-oscailte don smaoineamh gur féidir feidhmiú i slí eile sa todhchaí. Is é sin an rud a bhíomar ag iarraidh a chur trasna inniu. Is rud radacach é go bhfuil na heagraíochtaí atá ag caint faoi teacht le chéile sásta a gcuid foirne ar fad a lonnú in aon aonad amháin agus feidhmiú amach ansin. Ní dóigh liom go bhfuil a mhacasamhail ann in Éirinn faoi láthair. Ní dhearna aon ghrúpa eile iarracht a leithéid a dhéanamh. Tá na grúpaí seo chomh seanbhunaithe. Tá Conradh na Gaeilge ar bun le níos mó ná 100 bliain agus tá Glór na nGael níos mó ná 50 bliain d'aois. Táimid ag caint faoi aon fhoireann amháin agus aon phlean straitéiseach amháin. Beimid ag feidhmiú sa phobal. Beidh sé i bhfad níos éasca don phobal fios a bheith acu céard atá ar fáil dóibh amach anseo. Tá sé sin radacach agus fadradharcach. Freagraíonn sé an riachtanas atá ann faoi láthair feidhmiú i slí éagsúil amach anseo.

D'iarr an Seanadóir an bhfuil macasamhail den athrú seo in aon earnáil eile. Tá sé an-deacair teacht ar aon sampla den tsórt seo in Éirinn, ach is féidir linn breathnú ar an Astráil. Níos mó ná deich mbliana ó shin, d'aithrigh na húdaráis sa tír sin an tslí inar cuireadh ar fáil na seirbhísí leasa shóisialaigh a chabhraigh le seandaoine agus páistí le míchumas, srl. Bhíodh na seirbhísí sin eagartha ag eagraíochtaí deonacha, sa chuid is mó. Thóg na húdaráis seilbh orthu trí chóras iomaíochta a chur i bhfeidhm san Astráil. Tá a fhios againn gur thit an chóras deonach sa tír sin as a chéile. Chomh luath is nach bhfuil an dream deonach i gceannas ar a dtodhchaí, níl spéis acu bheith páirteach. Tá sé éasca é sin a thuiscint. De réir tuairisc a scríobhadh san Astráil deich mbliana níos déanaí, "community organisations have thus become sellers, or ‘vendors', of services, and in many cases are required to ‘compete' with each other for a share of the ‘market'."

A mobile phone is causing disruption. I ask that it be turned off.

Mr. Julian de Spáinn

Glacann roinnt de na hoibrithe deonacha leis sin, "while for others such ideas are viewed as alien, disempowering and antagonistic to the spirit of community and collective interest which energises their organisations". Silim go bhfuil deis againn é sin a sheachaint in Éirinn agus ba chóir é sin a dhéanamh.

Luadh an t-airgead agus an méid daoine atá ag obair go deonach. An bhfuil uimhir agaibh ar cé mhéad oibrithe deonacha atá ag tabhairt tacaíochta do na heagraíochtaí ar fad? Bheadh sé sin tábhachtach dúinn mar choiste.

Mr. Julian de Spáinn

Níl figiúr cruinn curtha le chéile againn ó thaobh an méid daoine deonacha atá ag feidhmiú. Nuair atá gach eagraíocht, gach craobh agus gach grúpa ar an talamh tógtha san áireamh, táimid ag caint faoi na mílte daoine. Tá an gréasán atá ag obair go deonach ar son na Gaeilge dochreidte agus an-láidir.

D'iarr an Seanadóir an bhfuil samplaí againn den obair a dhéanann na heagraíochtaí nuair a thagann siad le chéile chun gníomhú níos fearr le chéile. Chuireamar roadshow ar bun bliain go leith ó shin, gan aon tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge. Ní raibh an foras sásta tacú leis. Tá duine amháin fostaithe ag na grúpaí ar fad a théann isteach go dtí na scoileanna, na coláistí samhraidh agus na coláistí tríú leibheál. Faoi mí Bealtaine na bliana seo, beidh an t-oifigeach sin tar éis labhairt le nach mór 10,000 duine óg in aon bhliain amháin, thar 130 scoil agus thart ar 20 coláiste tríú leibhéal. Eagraíonn sé céardlanna chun daoine a chumasú agus a spreagadh ó thaobh úsáid na Gaeilge de. Ligeann sé do na daltaí a gcuid freagraí féin a fháil ar cén fáth gur fiú an Ghaeilge a húsáid. Nílimid ag teacht salach ar rá leo cén fáth gur chóir an teanga a húsáid, ach b'fhearr go dtiocfadh an spreagadh uathu. Is é sin an rud atá ar siúl idir na grúpaí ar fad. Nuair atá an t-oifigeach seo sa seomra leis na daltaí, bíonn sé in ann labhairt faoi chomórtas Glór na nGael don dara nó tríú leibhéal. Bíonn sé in ann labhairt leis na páistí scoile faoi thógáil páistí trí Ghaeilge. B'fhéidir go bhfuil sé luath bheith ag labhairt faoin ábhar sin nuair atá siad ar scoil, ach is fiú an síol a chur. Is dócha nach bhfuil an focal "síol" oiriúnach. Is fearr a rá gur ardú feasachta ata i gceist. Is sampla é sin den chomhoibriú gur féidir a bhaint amach nuair a thagann na grúpaí seo le chéile.

D'iarr an Seanadóir Mac Chongail céard atáimid ag lorg ón gcoiste seo inniu. Cad is féidir leis an gcoiste a dhéanamh go soiléir dúinn? Mhol an Seanadóir go molfar rún a iarradh ar Bhaill an Oireachtais neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga a chosaint, ar na fáthanna a luaigh an Seanadóir agus daoine eile. Bheadh sé an-chabhrach dá gcuirfí an rún sin os comhair an Aire Stáit agus na hAirí éagsúla. Ar an lámh eile, tá próiseas comhairliúcháin ag dul ar aghaidh faoi láthair maidir leis an tsamhail nua mhaoinithe. Má ghlacann an coiste leis an mholadh gur chóir go mbeadh córas chomhpháirtíochta ann, in ionad córas iomaíoch, agus an méid sin a chur ar aghaidh go dtí Foras na Gaeilge, cabhródh sé sin go mór linn.

Mr. Lorcán Mac Gabhann

Níl aon eagla ar na heagrais Gaeilge faoi athbhreithniú ar a gcuid oibre. Is é an pointe atá á dhéanamh againn ná nach bhfuil an t-athbhreithniú sin á dhéanamh agus ní raibh sé déanta riamh. Táimid réidh chun ár bpáirt a ghlacadh sna hiarrachtaí atá á dhéanamh an ghéarchéim airgeadais a réiteach. Ní chóir go mbeadh na hiarrachtaí sin bunaithe ar samhail nua mhaoinithe nach bhfuil tried nó tested, nó atá bunaithe ar faic. Is gá go mbeadh aon samhail nua mhaoinithe bunaithe ar phlean, ach níl aon phlean in áit don Ghaeilge sa tír seo, lasmuigh den straitéis 20 bliain. Sílim bach bhfuil aon phlean ag Foras na Gaeilge ach oiread.

Tá leisce orm caint faoi athbhreithniú, ach b'fhéidir gur cheart d'Fhoras na Gaeilge céim siar amháin a thógáil agus breathnú a dhéanamh ar straitéis agus athbhreithniú na heagraíochtaí ar fad i gcomhpháirtíocht leo, mar a dhéanann earnáil phobail eile. Tá suim agam sa rud a bhfuil siad ag déanamh iarracht a chur le chéile. Muna bhfuil an t-athbhreithniú déanta ar na heagraíochtaí - muna bhfuil láidreachtaí agus laigí na heagraíochtaí pléite go hoscailte agus go fírinneach - ní fiú dul ar aghaidh leis. B'fhéidir gur cheart d'Fhoras na Gaeilge an chéim sin a thógáil i dtús báire.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Ba mhaith liom labhairt faoin mholadh a rinne an Teachta Ellis chun Lá Gaeilge a eagrú sa Dáil. Bhí Lá Gaeilge againn sa Seanad le déanaí, nuair a bhí díospóireacht iomlán faoi Bhille éigin as Gaeilge. Labhair an Seanadóir Ó Clochartaigh agus Seanadóirí eile i nGaeilge. B'fhéidir go mbeidh lá eile den tsórt sin againn go luath. Ba é an Aire Stáit, an Teachta O'Dowd, seachas an Aire Stáit, an Teachta McGinley, a bhí i láthair an lá sin. Molaim go bhfuil neart Gaeilge ag an t-Aire Stáit, an Teachta McGinley. Ba cheart go mbeadh.

I mo thuairim, ní cheart an cumhacht seo a thabhairt don Ombudsman. Dúirt mé é sin nuair a bhí mé ag caint sa Seanad. Tá go leor le déanamh ag an Ombudsman. Má rinneadh an t-athrú seo, ní bheadh an súil nó an fócas ar an Ghaeilge, atá mar cheann de na teangacha is sine ar domhain. Ba cheart dúinn ár gcultúr a choiméad agus a bhorradh. Ba chóir go mbeadh fócas díreach ar an teanga ag oifigeach éigin, a chuireadh na moltaí éagsúla chun cinn. Tá súil agam go dtiocfaidh moladh ón gcoiste seo.

Nuair a chuala mé gurb í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas a chuir an moladh seo chun cinn, ba nuacht é domsa. Ba cheart dúinn an moladh sin a athrú. Is dóigh liom gur chóir don choiste seo moladh a sheoladh go dtí an chomhairle, agus freisin an cheist seo a chur ar chlár Tionól Parlaiminteach na Breataine agus na hÉireann le haghaidh díospóireachta. Tá mé agus daoine eile ata i láthair inniu mar bhaill den tionól. Molaim go mbeadh an t-ábhar seo ar an gclár.

Tá go leor scríofa faoi na grúpaí atá páirteach i seachtain na Gaeilge. Ní raibh na húdaráis áitiúla ar an liosta, áfach. Ba cheart aitheantas a thabhairt do na rudaí a dhéanann gach údarás áitiúil ar fud na tíre le linn seachtain na Gaeilge.

Deireann gach éinne gur cheart go mbeadh "one stop shop" i ngach áit. Ní aontaím leis sin i gcomhthéacs na teanga, áfach. Tá a lán daoine ag déanamh a lán oibre i ngach sféar. Ní dóigh liom go n-oibreodh "one stop shop" sa chás seo. Agus é sin ráite, b'fhéidir gur cheart dúinn smaoineamh ar streamlining a dhéanamh ar an 19 eagraíocht a luadh níos luaithe, nó rud éigin a dhéanamh leo. Níl aon mholadh anseo a léiríonn céard ba mhian leis na heagraíochtaí. Níl sé leagtha amach dúinn.

Labhair Mr. de Spáinn faoi slite éagsúla. Céard iad na slite éagsúla inar féidir linn é seo a dhéanamh níos fearr? An féidir leis moladh a chur os ár gcomhair a chabhródh linn slí níos fearr a chur chun cinn? Mar focal scoir, ba mhaith liom a rá nach féidir costas a chur ar an obair dheonach ata á dhéanamh.

Mr. Julian de Spáinn

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as ucht an méid a bhí le rá aici. Go bunúsach, táimid ag moladh go mbeadh an coiste sásta dul i dteagmháil leis an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas agus a rá gur chóir go mbeadh córas chomhpháirtíochta, in ionad córas iomaíoch, in aon samhail mhaoinithe nua nó aon bhealach maoinithe nua a bheidh ann do na heagraíochtaí. Má théann muid síos an bóthar le córas iomaíoch, tá baol ann go gcaillfimid na daoine deonacha. Mar a dúirt an Seanadóir Keane, ní féidir luach a chur ar an méid oibre a dhéanann siad. Beimid ar fad ag feidhmiú ar mhianta na n-údarás, in ionad mianta an phobail. Is é sin an moladh is mó gur féidir linn a dhéanamh.

Ba mhaith an rud é dá sheolfadh an choiste seo moladh go dtí an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas, b'fhéidir tríd an chomhairliúcháin atá ar siúl ag Foras na Gaeilge faoi láthair, ag dul i gcoinne an chórais iomaíoch agus ag moladh an chórais chomhpháirtíochta. Tá moladh amháin againn a bhaineann le conas córas chomhpháirtíochta a fhorbairt. Táimid ag rá gur féidir leis na heagraíochtaí a thagann faoi scáth Aontas Phobal na Gaeilge teacht le chéile agus feidhmiú mar aon aonad amháin. Creidimid gur féidir leis na grúpaí eile amuigh ansin a leithéid a dhéanamh freisin. Caithfear deis agus am a thabhairt dóibh é sin a dhéanamh. Níl sé éasca ar aon ghrúpa smaoineamh thar oíche faoin mbealach inar féidir teacht le chéile nó gníomhú níos fearr le grúpaí eile. Sílimid gur chóir an tréimhse sin a chur ar fáil.

Mhol an Seanadóir go bhféadfaí an tábhar seo a chur os comhair Tionól Parlaiminteach na Breataine agus na hÉireann. B'fhéidir go gcabhródh sé dá mbeadh duine éigin in ann an cheist seo a ardú ag an bhfóram sin.

Labhair an Seanadóir faoi ról na húdaráis áitiúla i seachtain na Gaeilge. Tá brón orm nár luaigh mé iad leis an liosta. Bíonn imeachtaí ag dul ar aghaidh leis na húdaráis áitiúla. Tá sé deacair cur síos a dhéanamh ar sheachtain na Gaeilge, mar bíonn an oiread sin rudaí ag dul ar aghaidh. Tá sé deacair na rudaí a bhíonn ar siúl ag KPMG, ag ceoltóirí na hÉireann agus ag an oiread sin daoine éagsúla go bhfuil sé deacair iad a chur ar aon liosta amháin. Tá brón orm nár rinne mé tagairt orthu. Tá na rudaí sin ag dul ar aghaidh freisin.

Tá súil agam go mbeidh Lá Gaeilge i dTithe an Oireachtais ar 7 Márta seo chugainn. Bheadh sé iontach dá ndéanfaí gach uile rud gur féidir a dhéanamh trí Ghaeilge ar an lá. Ba mhaith an rud dá mbeadh an pobal agus na meáin chumarsáide Gaeilge, srl., in ann páirt a ghlacadh in imeachtaí an lae.

I encourage members to focus their comments and questions on the two fundamental issues that have arisen this morning. We are not discussing the overall question of the Irish language. Two specific issues are before us. That makes our job much easier. It would be great if other groups coming before this committee would take the approach that has been taken today, which involved saying "this is what the problem is, this is a possible solution and this is what we want". I thank the delegation for its approach. Senator Mac Conghail responded to that in his contribution.

The committee can examine the issue with regard to the commissioner immediately. In the case of the issue with regard to the funding model, however, we will have to allow the alternative group to make its case before the committee. It would not be appropriate for us to say this morning that we will take action on that. We have to get both sides of the argument and a broader examination of what is going on.

I will take on board what Senator Mac Conghail said. I think it is a big issue. The McCarthy report, which is often referred to as the report of an bord snip nua, is an accountancy examination rather than a strategy document. As we have seen, that applies across all sectors. That was the case under the previous Government as well. Everybody recognises that the McCarthy report is an accountancy exercise. It looks at the bottom dollar and does not look at the strategy or consequential actions or difficulties that may arise. While the delegates may have won that argument, the broader issue is to decide where it goes from here.

The option seems to lie between competing schemes and alternative funding models. Could delegates give us some explanation as to how the opposing view and their view see funding structures operating in the future? That might help us understand better what the two operating positions will be.

I gather from what the Chairman said that we are reaching a cul-de-sac. Would it be possible, as part of the ongoing consultancy programme, to invite Foras na Gaeilge and the Minister of State, Deputy Dinny McGinley, to the committee. He spoke exceptionally well in the Seanad and shed significant light on the issues. In fairness to the delegates, it would be important to hear his response to the discussion we have had today.

We will deal with the Foras na Gaeilge presentation first and then see where we should go with the Minister of State. Rather than ask the Minister of State for his view, this committee should form an opinion on the issue and we should send it to him.

We are now getting to the nub of the issue, namely, whether we need a strategic approach to the question that has been raised here. We are better informed now to interrogate Foras na Gaeilge when it comes in and we should wait till then to see before deciding how to progress the matter.

May I make a suggestion. There are two members left to speak on this. As somebody who was intimately involved in the early stages -----

I will not move on further yet because there are other speakers to come in before Deputy Ó Cuív. If the Deputy's point is on the same issue, I will take it.

If all elected members are permitted to make their contribution first, we can see where the debate needs to go from there, because I, for example, have some information that is very relevant to this and I am sure Senator Ó Clochartaigh has similar information. I suggest that those on the Chairman's list should be allowed speak first and we could then go beyond that.

Could delegates give us some information with regard to how the funding structures operate currently, how they perceive them to operate and the threats there are to the funding structures.

Mr. Julian de Spáinn

Essentially, what Foras na Gaeilge proposes with regard to the funding structure is a competitive funding model. Therefore, each Irish language organisation would be in competition with every other Irish language organisation for funding. They would be in competition for funding for specific goals for Foras na Gaeilge. Instead of the current system, where there is funding available for the Irish language organisations responding to the needs of the public, we would move to a system where we would compete for funding to operate and implement the aims and objectives of Foras na Gaeilge. Therefore, we would go from the top down, rather than from the bottom up, which is the system we would promote. We suggest -----

Would that be target based, delivery based funding or what?

Mr. Feargal Ó Cuilinn

The intention is that there would be a limited number of schemes and that Foras na Gaeilge would decide in what areas of work those schemes would invest. Funding would be provided for three years. There would only be nine schemes and the intention is that there would be one winner for each scheme. Foras na Gaeilge will lay down the work of the schemes, the management structure, the number of employees, the rates of pay and all that. However, it makes no sense, from a language planning and social-linguistic point of view, to have a language promotion scheme that will start and finish within a three-year period. The first year will be busy, the second year will involve drawing up the plan and the third year the organisation will be living in hope that it might win the next competition. There will be no dul chun cinn ar chor ar bith. We will go backwards.

Cuirim fáilte roimh an cur i láthair seo. Tá an-chaidreamh againn féin leis na finnéithe thar na blianta faoi na ceisteanna seo. Ba mhaith liom roinnt ceisteanna sonracha a chur agus ba mhaith liom a lua go bhfuil iarratas déanta againn sa Seanad go mbeadh lá Gaeilge againn i rith seachtain na Gaeilge chun go ndéanfaidh muid ár gcuid don Ghaeilge chomh maith.

Feicim go bhfuil fadhb chumarsáide idir na heagrais agus Foras na Gaeilge. An bhféadfadh na finnéithe soiléiriú a dhéanamh ar sin? Cén chaoi an bhfuil an caidreamh cumarsáide idir iadsan agus an foras? Luaigh siad an ról straitéiseach a d'fheicfeadh siad go mba chóir a bheith ag an bhforas agus dúirt siad nach n-airíonn siad go bhfuil sin ann faoi láthair. An mbeadh siad in ann treor ach a thabhairt ar sin. Faoi Chomhaontú Aoine and Chéasta, sílim gur samhlaíodh gur sin an ról a bheadh ag Foras na Gaeilge ar fud an oileáin, is é sin, go mbeadh ról straitéiseach aige ag leagan amach straitéis agus fís do chur chun cinn na Gaeilge ar fud an oileáin seo. Braithim ó bheith ag caint leis na finnéithe nach bhfuil sin ag tarlú agus bheadh sé tábhachtach dúinn léargas a fháil ón a dtaobh de ar sin.

Tá muid teoranta ó thaobh buiséid de agus caithfear athruithe a dhéanamh. Tá an ciste iomlán nó an méid airgid iomlán atá ar fáil ó thaobh na Gaeilge de, buiséad Foras na Gaeilge san áireamh, teoranta. Cén chaoi an dtiocfaidh muid chun cinn agus céard a mholadh na finnéithe ó thaobh an bhuiséid iomlán atá ar fáil, idir Foras agus iad féin, a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí le feidhmeanna na Gaeilge a chur chun cinn?

Luaigh an tUasal Mac Nialais go bhféadfadh cásanna dlí a theacht as an gcinneadh maidir leis an Coimisinéir Teanga. Aontaíonn muide go huile agus go hiomlán leis nach bhfuil ciall ná réasún tugtha dúinn maidir le fáil réidh le Oifig an Choimisinéara. Go deimhin, tá an coimisinéir mar sórt póilín maidir le cur i bhfeidhm na scéimeanna - ról an-suntasach. Rud gur féidir linne a ardú mar choiste ná go bhfuil iachall ar eagraíochtaí scéimeanna a aontú faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá sé spéisiúil go bhfuil trí eagraíocht faoi leith nach bhfuil scéim ar bith aontaithe acu - Tithe an Oireachtais, Oifig an Ombudsman agus Roinn na Gaeltachta atá in ainm agus a bheith ag daingniú na scéimeanna. Sin rud eile gur cóir don choiste seo a dhéanamh - iarratas a dhéanamh ar an trí eagraíocht sin na scéimeanna sin a dhaingniú i dtosach báire, le gur féidir leis an gcoimisinéir na scéimeanna sin a chur chun cinn.

Céard iad na cásanna dlí a shamhlódh an tUasal Mac Nialais maidir leis an gcinneadh seo faoin gcoimisinéir a d'fhéadfadh teacht chun cinn? Maidir leis an straitéis, tá an straitéis aontaithe ag na páirtithe ar fad sa Teach seo. Táim féin amhrasach maidir le cur i bhfeidhm na straitéise mar sílim go bhfuil tábhacht faoi leith na straitéise ina iomlán á chur i bhfeidhm, ach tá sé ráite linn go dtí seo gur codanna den straitéis atá le cur i bhfeidhm. Cén barúil atá ag na finnéithe maidir le cur i bhfeidhm na straitéise go dtí seo? An mbeidh sí éifeachtach maidir leis na spriocanna atá inti líon na gcainteoirí Gaeilge sa tír seo a mhéadú a bhaint amach?

Mr. Julian de Spáinn

Tógfaidh mise an cheist faoi chúrsaí airgid agus b'fhéidir go dtiocfaidh an tUasal Mac Gabhann isteach ansin ar chumarsáid agus an tUasal Mac Nialais maidir leis an gcoimisinéir agus is dóigh go mbeidh cúpla focal le rá ag daoine faoin straitéis.

Maidir leis an mbuiséad, faigheann Foras na Gaeilge thart ar €21 milliún sa bhliain. As sin, téann thart ar €5.5 milliún ar thuarastail agus riaracháchain do Foras na Gaeilge amháin. Is méid mhór í sin, go háirithe nuair a thógtar san áireamh nach dtéann ach €7 milliún go dtí na heagraíochtaí Gaeilge. Fágann sin €8.5 milliún sa bhuiséad, ach mar adúirt an tUasal Mac Gabhann, ní bhíonn an oiread sin oibre le déanamh ag an bhforas leis na heagraíochtaí - ní dhearna sé measúnú orainn ariamh. Nuair a thógtar sin san áireamh, tá €14 milliún ag an bhforas. Mar sin, tá 40% de bhuiséad Fhoras na Gaeilge ag dul ar thuarastail agus cúrsaí riaracháin, sin 40 cent as gach €1 ag dul ar chúrsaí riaracháin.

Caitear amach an argóint go bhfuil dúbailt idir na heagraíochtaí, ach beidh muid ag breathnú ar an bhealach a fheidhmóidh Foras na Gaeilge. Is gá breathnú ar an rud ina iomlán. Má tá muid ag caint faoi mhaoiniú, caithfidh muid breathnú ar an maoiniú ina iomlán agus ar an €21 milliún ina iomlán. Níl sé féaráilte díriú ar an €7 milliún a théann go dtí na heagraíochtaí. Caithfear breathnú ar an maoiniu ina iomlán. Mar sin, maidir le caint faoi dhúbailt mar shampla, tá comórtas curtha ar bun ag Foras na Gaeilge le cúpla bliain anuas darbh ainm Gleo. Go bunúsach, is comórtas do na scoileanna é le múinteoirí a spreagadh Gaeilge a úsáid agus a chothú sna scoileanna. Is maith an rud é go mbeadh a leithéid de chomórtas ann, ach nach fearr i bhfad dul leis an smaoineamh seo, nuair a tháinig sé chun cinn, go dtí an grúpa atá ag plé le comórtais leis na blianta - Glór na nGael. Tá siadsan ag plé le comórtais le 50 bliain, bíodh sé sna scoileanna, sa raidió áitiúil nó sa phobal. Sin dúbailt atá ag dul ar aghaidh. Mar sin, nuair atá muid ag caint faoi an gceist seo, caithfidh muid breathnú ar an rud ina iomlán.

Tá sábháil le déanamh agus mar a luaigh an tUasal Mac Gabhann níos luaithe, níl aon fhadhb againn breathnú ar chonas feidhmiú níos fearr agus níos éifeachtaí amach anseo.

Tá iarracht déanta againn le Aontas Phobal na Gaeilge mar shampla. Anois, nuair atá na timirí nó na hoifigigh atá ag Glór na nGael ag dul timpeall na tíre ag bualadh isteach chuig na coistí áitiúla chun iad a spreagadh faoi rudaí éagsúla, rachaidh siad isteach chuig gach coiste áitiúil le labhairt faoi rudaí éagsúla. Labhróidh siad faoi thacaíocht teaghlaigh ar son Chomhluadar, faoin obair atá ar siúl ag an gConradh ó thaobh abhcóideacht de, faoi Chomórtas Glór na nGael, faoi phleanáil agus faoi sheachtain na Gaeilge. Má tá siad sa Tuaisceart, beidh siad ag plé le Comhaltas Uladh freisin. An rud atá i gceist againn ná gur féidir linn, na foirne atá againn faoi láthair a chur ag obair ar obair na n-eagraíochtaí ar fad. Sa bhealach sin, beidh sábháil dochreidte ann ó thaobh an méid gur féidir linn a dhéanamh sa phobal. Tagann seo ar fad ar ais chuig an bhuncheist faoi cén seirbhís agus tacaíocht atá á chur ar fáil againn don phobal. An moladh atá againne ná gur cóir an obair a dhéanamh i gcomhpháirt lena céile. Ansin, tig linn breathnú ar an airgead ina iomlán agus teacht ar an slí is fearr chun dul ar aghaidh.

Mr. Lorcán Mac Gabhann

Maidir le cumarsáid, suffice to say, tá an cheist sin tricky. Táimid anois sa tríú phróiseas comharliúcháin faoi stiuradh Fhoras na Gaeilge ach ní dóigh liom go mbeadh aon argóint ag éinne nuair a deireann muid nár éist Foras na Gaeilge le oiread agus aighneacht amháin le linn an dá phróiseas deireanach. Fós, tá mé dóchasach anois faoin triú phróiseas, mar tá sé i bhfad níos poiblí. Táimid ag déileáil le foras Stáit nó foras tras-Teorann anseo atá ag rá linn go poiblí agus go príobháideach go bhfuil sé chun deireadh a chur le 61 post i gceann bliana. Beidh costais redundancy i gceist leis sin, cúpla milliún euro. Beidh ar na heagrais sin fáil réidh leis an fhoireann agus cur isteach ar shamhail nua mhaoinithe. Má éiríonn leo bua a fháil, beidh orthu na poist a bhí acu a athfhógairt agus na daoine a fhostú ag bun an scála. Ansin, tiocfaidh deireadh leis na scéimeanna sin trí bliana ina dhiaidh sin agus de réir an fhorais beidh orthu fáil réidh leis an fhoireann agus cur isteach ar scéim nua. Má bhuann siad an scéim nua, beidh orthu na poist a athfhógairt arís, daoine a chur faoi agallamh agus iad a athfhostú ag bun an scála. Mar sin, tá cúrsaí cumarsáide idir muid agus an foras thar a bheith tricky.

Maidir le Aontas Phobal na Gaeilge, ba mhaith liom a dhéanamh soiléir go bhfuil Glór na nGael, Conradh na Gaeilge agus Comhluadar ag rá go bhfuil siad sásta deireadh a chur leis an fhoireann atá acu. Mar sin, ní bheidh aon fhoireann ag Glór na nGael a thuilleadh, ná ag Comhluadar ná Conradh na Gaeilge. Tá siad ag bronnadh na foirne agus an t-airgead a thagann leo go dtí entity nua. Dúirt an Seanadóir Mac Conghaíl nach raibh sin réabhlóideach. Tá sé fíor réabhlóideach. Tá Conradh na Gaeilge, atá breis agus 100 bliain d'aois, ag géilleadh na foirne atá aici do entity nua. Tá Glór na nGael ag géilleadh breis agus €500,000 do entity nua. Níor tharla sin riamh cheana in aon earnáil eile Stáit nó in aon earnáil dheonach sa tír. An fhadhb atá againn ná nach bhfuil an Foras ag glacadh leis sin.

I see a difficulty with the argument being made. I worked in the voluntary sector for approximately 20 years and understand the reason for the three-year funding. It came about because the community organisations were complaining about one-year funding, because at the end of every October or November, they had to seek funding again for the next year. The solution was to introduce three-year funding. In focusing on the three-year funding aspect, the witness is undermining the real argument he is trying to make. It is not so much to do with the three-year cycle, but with where the organisation stands at the end of the three-year cycle. It is about the mission statement of the Irish language programme, its strategy and about those in control of the funding determining the strategy centrally without stakeholders being on board. Therefore, I would encourage the witnesses to move away from the three-year argument in order to develop their argument. The focus should be on who will control the situation.

Mr. Lorcán Mac Gabhann

We are in the middle of a process of consensus building, but there is no consensus building faoi láthair. Táimid i lár próisis chomharliúcháin agus ní hionann próiseas comharliúcháin agus próiseas consensus building.

Mr. Éamonn Mac Niallais

Maidir leis an cheist faoi chúrsaí dlí, ní saineolaí dlí mé. Táim ag dul de réir an t-eolas atá saineolaithe dlí ag tabhairt dom. Mar shampla, ag Tóstal na Gaeilge agus ag siompóisiam a reachtáil muid anseo i gColáiste na Trionóide ar cheist an Choimisinéara teanga, dúirt an coimisinéir féin nach bhféadfadh sé aon rud a rá ar an ábhar mar gur sin an chomhairle dlí a bhí aige. Fágfaidh mé sin ag an gcoiste le léamh idir na línte.

Tá ceisteanna ann ó thaobh gur oifig neamhspleách atá in Oifig an Choimisinéara agus gur bhronn an tUachtarán séala na hoifige ar an gcoimisinéir. Tá an séala sin i bhfeidhm go dtí 2016. Má thagann an tOireachtas isteach agus má dhéanann sé athrú ar sin, cén áit a bhfágann sin an séala sin. Mar adúirt mé, ní saineolaí dlí mé, ach is cinnte go bhfuil ceisteanna casta dlí i gceist nuair atá muid ag déileáil le oifig neamhspleách.

Mr. Julian de Spáinn

Maidir leis an straitéis, ceann de na rudaí ar a bhfuil muid ag caint le tamall fada - síleann muid go mbaineann sé go hábharach leis na ceisteanna seo ar fad - ná an ról a bheidh ag an bpobal i gcur i bhfeidhm na straitéise. Ó foilsíodh an straitéis, an rud is mó a chuireann díomá orainn maidir léi ná an ról a bheidh ag an bpobal agus na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta i gcur i bhfeidhm na straitéíse. Rud iontach faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ná go bhfuil sealbh ag an bpobal, ag polaiteoirí, ag na húdaráis, ag an Rialtas agus againn ar fad ar an straitéis. Má tá muid chun í a chur i bhfeidhm i gceart, caithfidh muid ar fad a bheith páirteach sa chur i bhfeidhm. Sin an fáth go bhfuil muid ag moladh, mar shampla, go mbeidh comhstraitéis uilegabhálach uile-Éireann ann. Ba chóir freisin, mar chuid de sin, go mbeadh grúpa cur i bhfeidhm i gceist agus go mbeadh an pobal ionadaíoch ar an ghrúpa sin, chomh maith le na húdaráis agus le saineolaithe ar an bpleanáíl teanga. Dá mbeadh a leithéid ann agus dá mbeadh an pobal taobh thiar de agus páirteach sa chur i bhfeidhm, éireodh linn. Gan sin, beidh disconnect ann. Nuair a thosnóidh an disconnect, ní éireoidh linn dul i bhfeidhm ar an bpobal.

Mr. Éamonn Mac Niallais

Déanfaidh mé iarracht sampla a thabhairt den disconnect sin. Tá fochoiste curtha le chéile ag Roinn na Gaeltachta agus ag an Roinn Oideachais agus Scileanna le na taobhanna oideachais den straitéis a chur i bhfeidhm. Ceann de na príomh moltaí atá sa straitéis ná go mbeidh ar ábhar oidí, daoine atá ag dul ar aghaidh le bheith ina múinteoirí, níos mó ama a chaitheamh sa Ghaeltacht. Tá an fochoiste ina shuí ó am éigin anuraidh ach díreach roimh an Nollaig, d'fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an Teachta Brendan Howlin, go mbeadh deireadh leis an deontas sin d'ábhar oidí. Tá an fochoiste ina shuí ag pleanáil cén chaoi ar féidir le hábhar oidí níos mó ama a chaitheamh sa Ghaeltacht, agus tá An Chomhairle Múinteoireachta agus na coláistí oiliúna aontaithe ar sin agus tá an straitéis ag moladh sin, ach ag an am céanna, tá na cinntí eile seo á ghlacadh. Tá muidne ag breathnú ar an straitéis agus an cheist atá againn ná an bhfuil an straitéis chun dul chun tosaigh nó chun chúil anois. Tá an straitéis ann ar pháipéar, ach níl sí ag tarlú ar an dtalamh.

Mar shampla eile den disconnect faoi ar labhair an tUasal de Spáinn, moladh sa straitéis maidir leis an coiste oideachais a bheadh ag plé le cur i bhfeidhm na straitéise, go mbeadh ról lárnach ag an gComhairle Um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscoileanna, COGG, ag Údarás na Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge ann agus go mbeadh ionadaíocht acu ar an choiste. Níl aon ionadaíocht acu ar an choiste seo. Níl ann ach rannóga Rialtais ag caint le chéile, mar a bhí ann roimh an straitéis. Níl aon ionadaíocht ag an bpobal nó ag eagraíochtaí Gaeilge nó Gaeltachta air. Sílim go bhfuil disconnect ansin agus ní cheist airgid atá ann. Is ceist cáile an Rialtais atá ann. Níl airgead á shábháil ar chuid de na rudaí seo. An cheist atá ann ná cén chaoi an bhfuil muid ag tabhairt faoi na rudaí seo.

Mar an duine a thosaigh an t-atheagrú ar an chaoi a gcaitear airgead na Gaeilge, níl aon bhaint ag sin le ciorruithe. Bhí baint aige le scéimeanna agus leis an chaoi a raibh cúrsaí eagraíochtaí Gaeilge agus maoiniú eagraíochtaí Gaeilge á reachtáil ag Foras na Gaeilge. Chreid mé ag an am go mb'fhearr i bhfad go mbeadh níos lú eagraíochtaí ann agus go mbeadh siad bunmhaoinithe go maith, seachas go mbeadh an scéim leagtha amach ar slí go mbeadh ar eagraíocht i ndiaidh eagraíochta déanamh éilimh ar an airgead. Má tá éinne ag iarraidh sampla den rud a bhí i gceist agam, is é an rud atá déanta ag Aontas Phobal na Gaeilge - áit a bhfuil Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge ag teacht le chéile le gur féidir seirbhís chuimsitheach a thabhairt don bpobal ar fud na tíre - oileán na hÉireann ar fad. Rinne mé staidéar lá amháin ar cé mhéid eagraíocht a gcaithfeadh daoine ballraíocht a bhaint amach astu dá mbeadh siad ag iarraidh gasúir a thógáil le Gaeilge, idir naíonraí, bunscoileanna, Gaelscoileanna, Glór na nGael agus araile. Bheadh orthu a bheith ag cruinniú d'eagraíocht éigin chuile oíche, iad ar fad ag plé leis an Ghaeilge ach gan aon cheann acu comhtháite le ceann ar bith eile. Séard a theastaíonn ón bpobal ná an tseirbhís atá leagtha amach sa straitéis, is é sin ná go mbeadh seirbhís chomhtháite pobail ann agus go mbunódh muid na gréasáin Ghaeltachta seo sna cathracha. Úsáid airgid, seachas ciorruithe a bhí i gceist ag an am agus, caithfidh mé a rá, ní don chéad uair, chuir Foras na Gaeilge chuile rud bun os cionn.

Mar dhuine a bhí ann nuair a bunaíodh Foras na Gaeilge agus a chuir an reachtaíocht tríd an Dáil, tá díomá an tsaoil orm faoi Fhoras na Gaeilge agus an chaoi ar fheidhmigh an bord ó chuireadh ar bun é. Chonaic mé críochdheighilt láidir á chur i bhfeidhm ag na daoine a bhí ceaptha ar an mbord ó Thuaidh agus ní raibh siad taobhach le rudaí uile-Éireann a dhéanamh ná le heagraíochtaí uile-Éireann ná leagan amach uile-Éireann. Má bhí eagraíocht ó Dheas, nó eagraíocht mar a bhí i gConradh na Gaeilge ó bunaíodh é ag feidhmiú ar fud an domhain áit ar bith a bhfuil Gaeilgeoirí, bhíodar ag iarraidh macasamhail na heagraíochta sin ó Thuaidh. Bhí cuid mhaith den bhrú seo ag teacht ó Gaeil Bhéal Feirste, dream a mhaíonn go bhfuil siad ar son athaontú na tíre ach a bhí ag iarraidh an tiomáint a dhéanamh ar an leagan amach seo go gcaithfear tuilleadh eagraíochtaí a bhunú.

Is dóigh liom go bhfuil muid ag crosbhóthar anseo. Is dóigh liom go bhfuil an rud atá Foras na Gaeilge ag déanamh go hiomlán fealltach agus lochtach. Caithfear stop a chur leis láithreach. Séard a theastaíonn ná go mbeadh eagraíochtaí láidre Gaeilge ann a mbeadh tionchar acu ar an bpobal agus a bhféadfadh réimse seirbhísí leathan a chur ar fáil don bpobal, mar atá molta ag na finnéithe anseo. Molaim an obair atá ar bun ag na heagrais atá anseo, ach tá difríocht idir gníomhaíocht agus eagraíocht. Séard a bhí ag tarlú le 20 bliain anuas ná do chuile gníomhaíocht nua a bhí ar bun, caitheadh eagraíocht a bhunú. Mar an duine a thug an chéad airgead do sheachtain na Gaeilge, thug mé taobh istigh de Chonradh na Gaeilge é. Ní dúirt mé leo go gcaithfeadh siad eagraíocht a bhunú chun go bhfaigheadh siad an t-airgead. Dúirt muid gur an-smaoineamh é ag Conradh na Gaeilge le breis gníomhaíochtaí a chur ar bun agus chuir muid airgead ar fáil dó.

Má bhreathnaíonn muid ar Chomhaltas Uladh, bhí sé mar choiste Cúige ag Conradh na Gaeilge ar dtús agus ansin bunaíodh eagraíocht as agus anois, buíochas le Dia, tá sé tagtha ar ais. Is minic a dúirt mé go mba cheart go mbeadh craobh Chonradh na Gaeilge mar croílár coiste Ghlór na nGael in aon bhaile. B'iad a bhí ann agus b'iad a bhí taobh thiar de Ghaelscoileanna agus araile. An cheist a bhí agam ná cén fáth an raibh orainn eagraíocht a bhunú do ghach gníomhaíocht. Theastaigh uaimse go mbeadh leathnú ar na gníomhaíochtaí, ach go mbeadh comhtháthú ó thaobh eagraíochtaí de, agus sin a bhí i gceist.

Tagann sin le rud a dúirt an Cathaoirleach nach dtagaim leis. Tá súil agam go bhfuil Roinn na Gaeltachta fós ag maoiniú Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Níl sé i gceist dul amach ar an margadh le feiceáil an bhfuil éinne eile atá ag iarraidh chúraim an cheoil Gaelach a ghlacadh i gcomórtas le Comhaltas Ceoltóirí Éireann, agus go ndúiseoidh an Seanadóir Labhrás Ó Murchú lá éigin agus go bhfeicfidh sé go bhfuil an t-airgead ar fad imithe ón chomaltas go eagraíocht nua ceoil éigin. Níl sé i gceist ach oiread gur féidir eagraíocht nua peil Ghaelach nó iománaíochta a bhunú agus go n-athrófar an t-airgead lá éigin anonn ón GAA agus ón Roinn Spóirt chuig an eagraíocht nua. Tá an scéal mar a chéile leis an FAI agus leis an IRFU. Glactar leis go bhfuiltear bunmhaoinithe agus an fhad agus a bheidh maoiniú ann don spórt, go mbeidh na heagraíochtaí seo, mar na heagraíochtaí atá ag plé leis na hábhair seo. Creidim gur sin an chaoi gur ceart dó a bheith agus go mba cheart go mbeadh cinnteacht fad-téarmach acu.

Tá an smaoineamh gur féidir le dream nua teacht isteach, dul san iomaíocht agus bid níos fearr ná an eagraíocht seasta a chur isteach agus go gcaillfear na hoibrithe deonacha ar fad agus go bhfaigheadh an eagraíocht nua bunaithe an t-airgead áiféiseach amach is amach. Ba cheart deireadh a chur leis na smaointe sin.

Is the Deputy finished?

Le cead an Chathaoirligh, níl mé reidh. Tá eolas agam ar an stair -----

There are other people who wish to contribute. I will give the Deputy an equal proportion of the time, but I will not let him run over.

Tá go maith. Maidir leis an gCoimisinéir Teanga, is mise a leag amach an chaoi a n-oibreodh an oifig agus is é an t-Uachtarán a dhéanann an ceapachán ar mholadh an Rialtais. Is moladh náireach é an moladh atá déanta. Níl aon sábháil airgid ann. Chomh maith leis sin, an fáth go bhfuil an moladh seo déanta - rinneadh an moladh nuair a bhí muidne sa Rialtas, ach ní raibh muid chun glacadh leis - ná go bhfuil olc ar na Sir Humphreys istigh sa Stát Seirbhís, mar má chuireann siadsan comhartha seafóideach suas go hanghlonnach nach bhfuil ar thalamh an domhain agus a dtugann siadsan Gaeilge air, go gcaithfidh siad é a cheartú, agus mar a chéile le foirmeacha agus seirbhísí eile. Sin an fáth go bhfuil sé seo á dhéanamh. Tá súil agam go ndéarfaidh an coiste seo leis an Aire tarraingt siar as sin.

Maidir leis na ceisteanna atá agam, an aontódh na finnéithe gur ceart d'eagraíochtaí Gaeilge feidhmiú ar bhonn uile-Éireann? An gceapann siad go mba cheart, mar atá de chumhacht ag an Aire Stáit, an Teachta McGinley, agus ag an Aire Ní Chuilin ó Thuaidh, diúltiú don samhail agus an cóir iallach a chur orthu an leagan amach atá ag na finnéithe a chur i bhfeidhm? Tá buntáiste mór ann i láthair na huaire mar nuair a bhí mise mar Aire, bhí mé ag plé leis an DUP, ach tuigtear dom anois go bhfuil Aire Sinn Féineach ó Thuaidh. Cad iad na comhráití a bhí ag na heagraíochtaí agus na finnéithe le Sinn Féin ó Thuaidh maidir leis an cheist seo? An raibh comhráití acu, mar shampla, le ceannaire Shinn Féin? An bhfuil seisean sásta tionchar a imirt ar a Aire, mar ba cheart don Oireachtas imirt ar an Aire ó Dheas, le rá le Foras na Gaeilge nach bhfuil glactha le seo, mar caithfidh an dá Aire glacadh le seo? Is féidir leis an Aire treoir a thabhairt nach bhfuiltear ag glacadh le seo agus gurb é an tsamhail atá ag na finnéithe an tsamhail a bheidh ann. Ar phlé siad an cheist seo le ceannaire Shinn Féin agus ar thug sé geallúint go gcuirfeadh sé in iúl don Aire ó Thuaidh, atá ina pháirtí, nach bhfuil glactha leis an rud sin agus go gcaithfear é a stopadh?

Maidir leis an cheist i dtaobh an choimisinéara, an raibh aon chás ann go raibh ar an gcoimisinéir imscrúdú a dhéanamh ar an Ombudsman maidir leis an Acht Teanga nó Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm i gceart? An aontódh na finnéithe go bhfuil obair na Gaeilge chomh práinneach sin, go mórmhór i gcomhthéacs na Gaeltachta, nach féidir leis fanacht nó a bheith thíos le aon ghéarchéim airgid, agus go bhfuil sé tábhachtach a dhéanamh cinnte, chomh fada agus is féidir, go gcoinnítear an maoiniú orthu agus go gcuirtear an straitéis 20 bliain i bhfeidhm go hiomlán? Bhí chuile páirtí i bhfábhar na straitéise nuair a tháinig siad ag an gcoiste seo nuair a bhí muide i Rialtas agus an dream atá sa Rialtas anois sa bhFreasúra . D'aontaigh chuile duine leis, d'aontaigh siad leis an práinn, ach is léir anois go bhfuil an Rialtas atá againn ag tarraingt siar uaidh.

Ar deireadh, an aontódh na finnéithe go bhfuil buntáiste mór ann más aon eagraíocht amháin iad seachas ceithre eagraíocht, ó thaobh roinnt eolais ar bhunachar eolais a bheadh acu? Mar shampla, tá a fhios acu na rialacha a bhaineann leis an gcoimisinéir, bunachar eolais, agus an fhadhb atá ann eolas a roinnt. Más aon eagraíocht amháin atá ag na finnéithe, má tá tuismitheoir le gasúr óg atá á dtógáil le Gaeilge ar bhunachar amháin ag na Teaghlaigh Gaelacha, bheadh siad in ann an t-eolas sin a roinnt le ógclubanna agus mar sin de réir mar a bheadh an gasúr seo ag fás. Aon eagraíocht amháin a bheadh ann agus bheadh siad in ann seirbhís i bhfad níos fearr, fiú ó thaobh sin de, a chur ar fáil, mar go mbeadh chuile duine ar aon bhunachar amháin, in aon eagraíocht amháin. Bheadh siad in ann leas an-mhaith a bhaint as sin ó thaobh na Gaeilge de?

Ar deireadh, an aontódh sibh go mba cheart go bhfuil sé riachtanach d'obair na Gaeilge, go mórmhór i gcomhthéacs na Gaeilge a bheith ina teanga phobail sa Ghaeltacht, go gcuirfear an straitéis 20 bliain i bhfeidhm go hiomlán?

Mr. Julian de Spáinn

Tá roinnt mhaith ceisteanna ansin agus tá súil agam go mbeidh mé in ann teacht ar roinnt acu ar aon nós.

Cuireadh ceist arbh fhéidir le heagraíocht feidhmiú ar mhéan uile-Éireann. Is cinnte gur féidir linne é a dhéanamh. Táimid sásta go bhfuilimid ag feidhmiú ar mhéan uile-Éireann agus gur féidir linn sin a dhéanamh. Sílimid gur féidir é a dhéanamh. Sa tslí a bhfuilimid ag tabhairt faoi, táimid dóchasach gur féidir linne é a dhéanamh ar aon nós.

Maidir le comhráití le Sinn Féin, tá coiste oibre curtha ar bun ag Sinn Féin agus bhuail sé leis na heagraíochtaí le déanaí chun teacht ar pholasaí ar an gceist seo. Lorgaíomar cruinniú le Sinn Féin, mar pháirtí, cheana féin agus d'iarramar go mbeadh ceannaire an pháirtí ann agus eile, mar ba mhaith linn dul i bhfeidhm air. Mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, tá ball de Shinn Féin ina hAire ó thuaidh agus tá sí lárnach san obair seo freisin. Ba mhaith linn na moltaí a bhfuil muidne á gcur chun cinn a chur ar aghaidh ó thuaidh chomh maith. Beimid ag leanúint ar aghaidh leis sin.

Maidir le Foras na Gaeilge, is é an struchtúr atá ann ná go bhfuil ceannas iomlán ag an dá Aire ar an bpróiseas. Mar sin, is féidir leis an dá Aire a rá leis foras, "Ní shin a bhí i gceist; tá sé seo mícheart; seo é an rud atá uainn". Ceapaim gur sin an rud atá Conradh na Gaeilge á mholadh. Is rud ciallmhar é sin, a bheag nó a mhór. Tá a fhios ag an chonradh gurb shin a bhí uainn ó thús. Ba cheart dos na hAirí a rá leis an bhforas, "Seo an rud a ghlac sibh leis; sin deireadh na hargóna; muide atá i gceannas" mar sin an chaoi a déantar an rud ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas. An bhfuil an dá Aire tar éis a chur in iúl go bhfuil siad sásta an rud atá ann a scrios agus é seo a chur ina áit?

Mr. Lorcán Mac Gabhann

Tá cruinniú le bheith ann Dé Céadaoin seo chugainn. An rud a tharlóidh ná go leanfar leis an bpróiseas comhairleachain, beidh torthaí an phróiseis á phlé ag an gComhairle Aireacht Thuaidh-Theas i rith an tsamhraidh agus ag an bpointe sin déanfar cinneadh faoi thodhchaí na maoine. Maidir leis an gcruinniú Dé Céadaoin seo chugainn, ní dóigh liom go gcaithfear an tsamhail nua mhaoinithe amach, mar níl aon samhail nua mhaoinithe ann mar táimid ag dul trí phróiseas comhairleachain.

I will have to let the witness answer.

Tuigim sin, ach chuir daoine eile ceisteanna breise agus níor stopadh iad.

Deputy, your party has already been represented. If you persist in interrupting I will ask you to leave.

Déanfaidh mé sin. Níl aon mhaitheas anseo.

Good man.

Mr. Julian de Spáinn

D'fhiafraigh an Teachta Ó Cuív an gcreidimid gur cóir an straitéis iomlán a chur i bhfeidhm. Cinnte, creidimid gur féidir, gur fiú agus gur cóir an straitéis iomlán a chur i bhfeidhm. An rud atá in easnamh níos mó ná an rud eile, ó thaobh an chur i bhfeidhm de, nach bhfuil na heagraíochtaí agus an pobal gníomhach, páirteach nó lárnach i gcur i bhfeidhm na straitéise. Gan sin, ní éireoidh linn na spriocanna, atá thar a bheith uaillmhianach, a bhaint amach. Baineann sé seo leis an phríomh mholadh atá againn ó thaobh cén bealach a chur chun tosaigh.

Nílimid ag caint faoi aontas phobal na Gaeilge. Ní plean B é sin. Sin rud atá ar siúl againn faoi láthair agus a bhfuilimid aontaithe mar gheall air. An plean B atá againn ná go mbeimid ag díriú isteach ar an straitéis ó dheas agus ar an straitéis ó thuaidh agus an dá cheann a shníomhadh le chéile, go mbeadh na heagraíochtaí in ann teacht isteach mar chuid lárnach den phróiseas agus a bheith in ann a rá cén ról a bheadh againn i gcur i bhfeidhm na straitéise.

Rinne an Teachta Ó Cuív an-phointe nuair a luaigh sé Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Ní labhraítear faoi airgead an chomhaltais a chur ar an mhargadh agus cead a thabhairt do dhream ar bith cur isteach fán a choinne. Mar an gcéanna le Cumann Lúthchleas Gael agus le grúpaí eile atá fad-bhunaithe. Tá stair, infreastruchtúr agus saineolas bailithe againn leis na blianta. Sa chéad dul síos, cailliúint luach na hoibre sin ar fad a rá gur féidir le dream ar bith cur isteach ar an airgead. Sa dara dul síos, mar chuid den phróiseas, bheadh orainn iomarcaíocht a thabhairt dos na daoine atá fostaithe ag na heagraíochtaí sin ar fad agus daoine nua a fhostú, nó na daoine céanna a ath-fhostú ar théarmaí níos lú. Tá mé cinnte nach mbeadh Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Cumann Lúthchleas Gael nó eile sásta glacadh leis sin.

Sin an fáth go bhfuilimid ag iarriadh an rud a tharraingt siar chuig an phointe ina roghnaítear bealach chun tosaigh. Is é an bealach ceart chun tosaigh ná dul i gcomhpháirt le chéile, ní in iomaíocht ach i gcomhpháirt. An rud is tábhachtaí ná go rachaimís ar aghaidh i gcomhpháirt le chéile. Creidimid gur féidir linn é sin a dhéanamh leis na húdaráis. Níl aon fhadhb againn suí síos agus teacht ar an tslí is fearr chun dul ar aghaidh.

Mr. Éamonn Mac Niallais

Bhí pointe amháin eile ag an Teachta Ó Cuív faoi dhéileáil ag Oifig an Ombudsman le hOifig an Choimisinéara Teanga. Rinneadh gearán ag an bpobal nach raibh seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge in Oifig an Ombudsman. Tá ceist anseo faoi choimhlint leasa. Céard a tharlódh, mar shampla, dá dtiocfadh gearán faoi Oifig an Ombudsman, ó thaobh teanga de, go dtí Oifig an Choimisinéara Teanga, agus an Choimisinéir Teanga mar chuid d'Oifig an Ombudsman? Níl aon chiall leis, ar an dtaobh sin de.

Mr. Julian de Spáinn

Maidir le ról an Ombudsman ó thaobh na Gaeilge de amach anseo agus le feidhmeanna a bheith ag an Ombudsman maidir leis an nGaeilge agus maidir le déileáil leis na meáin Ghaeilge agus labhairt le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, tharla rud suimiúil le déanaí. Rinne Aontas na Mac Léinn in Éirinn athbhreithniú ar bhunreacht an aontais agus deineadh athraithe air, go háirithe ó thaobh na hoifigigh a bheidh ag feidhmiú ar son an aontais sa todhchaí. Socraíodh an t-oifigeach Gaeilge a choinneáil mar go mbíonn an t-oifigeach sin ag freastal ar phobal faoi leith agus go gcaithfear a bheith cinnte go bhfuil Gaeilge ag an duine sin chun a bheith in ann freastal ar an bpobal sin. Tá an pointe sin tábhachtach sa gcomhthéacs seo. Tá an Coimisinéir Teanga ag déanamh róil faoi leith nach féidir a bhaint amach tríd na hoifigí eile.

I will call on Deputy Michael Kitt and allow some supplementary questions from Members. I will then ask the witnesses to summarise. I do not want simply to talk this matter out and have unnecessary interruptions when witnesses are trying to give responses.

We are dealing with two issues. The first is the funding issue. This meeting is the first of two discussions on funding because we will meet another group later. There is also the issue of the Commissioner's office. I would like the joint committee to work towards a position on the Office of the Language Commissioner as we conclude this morning.

Tá brón orm nach raibh mé anseo ag tús an chruinnithe. Bhí mé ag déanamh mo dhícheall mar Leas-Cheann Comhairle sa Dáil.

Cuirim fáilte roimh na cuairteoirí. Bhí díospóireacht beag agam leis an Uasal de Spáinn agus le baill de Chonradh na Gaeilge le déanaí. Chuir mé ceist pharlaiminte an tseachtain seo chaite faoin samhail nua mhaoinithe. Ní raibh mé sásta leis an bhfreagra a fuair mé ach cuirfidh mé ceisteanna ar an ábhar céanna arís.

Rinne an Teachta Ó Cuív tagairt dos na heagraíochtaí láidre. Níl a fhios agam ar tugadh freagra dó. Rinneadh tagairt do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, do Chumann Lúthchleas Gael agus do eagraíochtaí eile atá ag déanamh an-obair. Pléadh ceist an Choimisinéara Teanga i rith na Díospóireachta faoi Nithe Tráthúla le déanaí. Thug an tAire freagra fada don Teach ach ní raibh sé sásúil. Is cosúil go bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga le dúnadh agus níl mé sásta leis sin.

Ba mhaith liom go mbeadh sé mar chuspóir ag an gcoiste inniu go mbeadh an oifig sin neamhspleách. Dúirt an tUasal de Spáinn rud an-tábhachtach. Caithfidh go mbeadh Gaeilge ag an Ombudsman má tá sé chun obair an Choimisinéara Teanga a dhéanamh imeasc gach rud eile. Beidh mé ag moladh go ndéanfaí Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil ar oscailt. Níl aon sábháilt airgid i gceist le dúnadh na hoifige. Mar sin, ba mhaith liom é sin a mholadh.

Pléifidh mé ceist na n-eagraíochtaí eile go luath sa Dáil. Cuirfidh mé ceisteanna parlaiminte síos faoin gceist nó árdóidh mé é mar ábhar sa díospóireacht ar Nithe Tráthúla.

Mr. Julian de Spáinn

Maidir leis na heagraíochtaí láidre, bun-phointe atá againn ar fad ná conas gur féidir linn a bheith níos láidre chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil don bpobal. Tá sin fíor-thábhachtach. Tuigim go mbeidh Foras na Gaeilge os comhair an choiste go luath. Beidh sé mar phointe argóna ag an bhforas go bhfuil suas le 59% den airgead a fhaigheann na heagraíochtaí ag dul ar thuarastal agus go bhfuil sin ag méadú. Ba mhaith liom é sin a fhreagairt anois mar ní bheidh deis againn sin a dhéanamh an chéad uair eile. An fáth go bhfuil an céatadán dár gcuid maoinithe a caitear ar thuarastál ag árdú ná go bhfuil an maoiniú iomlán gearrtha siar. Gearradh siar an t-airgead a cuirtear ar fáil dos na himeachtaí atá ar siúl againn. Rinneadh an pointe seo ag príomh-fheidhmeannach an fhorais ar chlár "Seacht Lá" ar TG4 aréir. Dúirt sé go bhfuil gearrtha siar ar an airgead a caitear ar imeachtaí. Ní chiallaíonn sin go bhfuil gearradh siar ar líon na n-imeachtaí nó ar chaighdeán na n-imeachtaí sin. Níl aon mheasúnú déanta ag Foras na Gaeilge ar sin. D'éirigh linn suas le €800,000 breise a chur isteach sa chiste trí bhealaí éagsúla eile. Tá sé fíor-thábhachtach sin a thógáil san áireamh.

Tiocfaidh Foras na Gaeilge isteach le staitisticí agus eile ach ní léireoidh sin an pictiúr ar fad. Nil an pictiúr ar fad ag an bhforas mar nár lorg sé an t-eolas sin ariamh. Sin an fáth go bhfuil sé tábhachtach tarraingt siar ó na hargóintí faoi chúrsaí airgid amháin agus féachaint céard é an rud is fearr ó thaobh seirbhís a chur ar fáil don bpobal. D'fhéadfaimís suí síos agus labhairt faoi chúrsaí thuarastail. Níor iarradh orainn ariamh sin a dhéanamh. Ó thosaigh na gearrtha siar sa Stát Seirbhís, mar shampla, nuair a bhí ar dhaoine glacadh le laghdú pá, níor iarradh orainn-ne an gearradh siar sin a dhéanamh. Rinneamar gearradh siar sa chonradh anuraidh agus chuireamar na tuarastail i dtiúin leis na leibhéil sa Stát Seirbhís agus thógamar gearradh pá. Níor thóg mé féin incrimint i mbliana, a raibh mé i dteideal a fháil, mar go raibh mé ag iarraidh go mbeimís in ann feidhmiú.

Níor iarr Foras na Gaeilge orainn suí síos agus na rudaí seo ar fad a phlé. Ina ionad sin, tá an foras ag rá nach bhfuil sé inbhuainaithe leanúint ar aghaidh sa tslí ina bhfuiltear ag maoiniú na n-eagraíochtaí. D'fhéadfadh sé a bheith amhlaidh dá suífeadh an foras síos linn agus plé a dhéanamh ar conas é sin a dhéanamh, ó thaobh airgid de, tá bealaí ann, agus tiocfaidh Aontas Phobal na Gaeilge ar bhealaí, chun airgead a shábháil. Níor labhair Foras na Gaeilge linn faoi conas é sin a dhéanamh, agus ba bhreá linn an comhrá sin a bheith againn.

Caithfear breathnú ar an mór-phictiúr, agus ar an €21 milliún ar fad. Cén áit a bhfuil na tosaíochtaí sin ó thaobh an airgid sin de. Bítear ag rá i gcónaí nach bhfuiltear ag iarraidh gearradh siar a dhéanamh ar an obair a bhíonn os comhair an phobail, front-line services. Tá 80 duine fostaithe ag na heagraíochtaí Gaeilge ag cur front-line services ar fáil, agus tá na poist sin ar fad i mbaol faoi láthair. Ar an lámh eile, tá 60 duine fostaithe i bhForas na Gaeilge agus tá €5.5 milliún á chaitheamh ar an obair sin ar fad. Sin an-chuid airgid caite ar obair a déantar sa chúlra. Níl mé ag rá nach bhfuil gá leis an obair sin ar fad, ach amháin, go gcaitear breathnú ar gach rud má táimid chun teacht ar an réiteach is fearr ó thaobh airgid phoiblí a chaitheamh agus an bhealach is fearr chun tosú. Tagann gach rud ar ais chuig comhphairtnéireacht in ionad iomaíochta.

I will ask each member of the committee to ask a brief supplementary question. I will take them all together and ask the witnesses to respond to them and to give their concluding comments. I hope to make a number of recommendations at the end of the meeting so that we are sure what to do next.

Tá sé tábhachtach go gcuirtear sa Tuairisc Oifigiúil an méid a dúirt an Teachta Ó Cuív. Murach an inchur a bhí ag na hAirí, Carál Ní Chuilín MLA agus an Teachta Jimmy Deenihan, ins an bpróiseas seo bheadh an tsamhail nua brúite ar aghaidh cheana féin. Tá sé soiléir go bhfuil inchur déanta agus go bhfuil ceannaire Shinn Féin tar éis coiste a chur ar bun atá tar éis bualadh leis na heagrais i mBéal Feirste agus anseo, agus leanfaimid leis an obair sin.

Tá an pointe deiridh a rinne an tUasal de Spáinn tábhachtach i gcomhthéacs an airgid. Luaigh sé an céatadán a caitear ar thuarastal, bunaithe ar an méid maoiniú a fhaigheann an conradh ó Fhoras na Gaeilge. An bhfuil sé in ann tuairim a thabhairt maidir leis an ghiaráil, nó leverage mar a deirtear i mBéarla? Bunaithe ar an mhaoiniú a fhaigheann na heagrais, cé mhéad airgid bhreise a tharraingíonn siad isteach ó fhoinsí eile? Dúirt an tUasal de Spáinn gur caitheadh 58% de mhaoiniú an fhorais ar thuarastal, ach ní shin an buiséad iomlán atá ag Conradh na Gaeilge. Cé mhéad de mhaoniú iomlán na heagraíochta a caitear ar riarachán? De réir mar a thuigim, tá an conradh ag tarraingt isteach airgid bhreise as go leor foinsí eile. Ba mhaith liom soiléiriú ar sin. Bheadh sé tábhachtach na figiúirí sin a bheith againn má tá an foras ag teacht os comhair an choiste.

Rud atá ag obair, ní gá é a athrú. Tá Oifig an Choimisinéara Teanga ag obair go maith. Nil sé foirfe ach tá sé ag obair. Tá eagla orm go bhfuil an Ombudsman ag teacht isteach chun rudaí a athrú. Mar shampla, tá a lán rudaí ag tarlú. Tá daoine ag rá nach bhfuil gá go mbeadh leagan Gaeilge ar fáil i gcónaí. Mar shampla, níl cartaí na dtiománaithe tacsaí dátheangach. Tá eagla orm go bhfuil stádas na teanga ag laghdú agus gurb shin an aidhm atá ann.

Táimid glan i gcoinne aon athrú i ról an Choimisinéara Teanga. Sin iomlán mo smaointe féin.

Cuirim leis an ceisteanna a chuir an Seanadóir Ó Clochartaigh. Chuir na haíonna cás an-láidir romhainn ach ba bhreá liom níos mó staitisticí a fháil uathu. Tá cúram orainn, mar choiste, breathnú ar cheist iomlán an €21 milliún. Bheadh sé suimiúil níos mó staitisticí a fháil faoin méid duine atá ag obair dos na heagraíochtaí go deonach agus briseadh síos ar a gcuid costais ar fad, agus é sin a bheith againn sula mbuailimid le Foras na Gaeilge.

An téama is mó a tháinig amach as cruinniú na maidne ná ceist an dúbláil. Sin an dúshlán atá againn ar fad, agus i bpobal na n-ealaíon chomh maith. Mar shampla, dúradh go bhfuil Foras na Gaeilge ag reachtáil comórtaisí scoile agus an rud céanna á dhéanamh ag Glór na nGael agus ag Gael-Linn, nach bhfuil anseo inniu. Tá cupla eagras Gaeilge eile ann go mb'fhéidir gur ceart dúinn cuireadh a thabhairt dóibh teacht isteach, mar shampla, Gael-Linn agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Feicim an dearcadh atá ar aghaidh an Chathaoirligh, ach sílim gur fiú é seo a dhéanamh. Níl ann ach €21 milliún agus ní mór an méid airgid é, ach b'fhearr comhairle na n-eagras sin a chur faoi bhráid an Oireachtais lenár gcuid oibre a dhéanamh níos éifeachtaí.

Déarfaidh mé mo phointe deireanach i mBéarla. This committee should come out clearly on the issue of the Coimisinéir Teanga, so that our work this morning has a product at the end of it. It will take a long time for us to gather our evidence and get a sense of the issues surrounding Foras na Gaeilge and the other organisations. However, regarding the Coimisinéir Teanga-----

Táimid go léir i bhfábhar é a choinneáil neamhspleách.

Táimid go léir ar aon tuairim. Ba cheart teachtaireacht láidir a sheoladh faoi sin.

Aontaím leis sin, agus dúirt mé é cheana. Maidir le hiomaíocht idir na scéimeanna, níl sé ceart don teanga Gaeilge agus tá sé fíor-thábhachtach freisin.

Ná déantar dearmad ar chlár an British-Irish Parliamentary Assembly. An rud deiridh, luadh ten point plan, nó 20 point plan. Cén chaoi a gcuirfear sin i bhfeidhm leis na heagraíochtaí ar fad a tharraingt le chéile?

Nach raibh five point plan ag páirtí an tSeanadóra?

Bhí an seisiún seo an-chabhrach. Tá níos mó faisnéise agus tuisceana againn ar na ceisteanna atá le freagairt. The former Minister, Deputy Éamon Ó Cuív, said something symbolic and important regarding the power of the two Ministers and the all-island nature of the language. This has been one of the most active of all the joint committees, under your chairmanship, and I am glad the language forms part of it. Would it not be symbolic and historic if we asked the two Ministers to speak to the committee. We have met both Ministers. I have met the Minister in Northern Ireland and we have also met the Minister, Deputy Deenihan. It would be a breakthrough, and a first for this committee, if the two Ministers came to talk. I see no obstacle to that. The issue is big enough. People have gone to much trouble to prepare their submissions, and I take Senator Mac Conghail's point about other organisations which are all important. It cannot but do good to have both Ministers to talk to the Committee.

With regard to your last comment, Senator Ó Murchú, we need to hear the other side of the argument before we make any recommendations.

There are, obviously, questions that our witnesses would like us to put to the other party when they come before the committee later this month. In your concluding comments, could you give the committee some indication of what areas you would like us to pursue with them?

At the conclusion of this meeting, the joint committee will make a proposal regarding the Office of the Language Commissioner. I will be proposing that it is the joint committee's view that, following our meeting with you this morning, there are concerns with regard to the proposal to incorporate the Office of the Language Commissioner with the Office of the Ombudsman; that there are questions regarding the net savings to be achieved by the incorporation; and that there are probably unintended cost consequences, given that the Ombudsman would have to be fluent in both Irish and English. In particular, I will outline your seven key points which give an explanation of what you are asking the Minister for Public Expenditure and Reform to do. I will ask the Minister to respond to the committee's concerns, and to do so urgently, so that we will have a response before 29 February, when the other groups will come before the committee.

Is that agreed? Agreed.

Cad faoi moladh an tSeanadóra Ó Murchú cuireadh a thabhairt don bheirt Aire teacht go dtí an choiste?

There are two modules to this debate. There could be four or five other suggestions before we conclude. I propose that we hold on that proposal until we conclude the second module. How do you eat an elephant? One bite at a time. We will deal with the question of the Language Commissioner this morning. We will deal with second part at the next meeting.

What kind of elephants to you have in Cork, Chairman.

We have plenty. In Fota, we have Indian and African ones.

Mr. Julian de Spáinn

Go raibh maith ag an gcoiste as éisteacht linn inniu. Mar eolas dos na Seanadóirí Ó Clochartaigh agus Mac Conghail, a chuir an cheist chéanna, tiocfaimid ar ais le níos mó staitisticí agus níos mó eolais. Tá thart fá 63% de bhuiséad na ngrúpaí atá páriteach in Aontas Phobal na Gaeilge ag teacht ó Fhoras na Gaeilge agus tá ag éirí linn teacht ar fhoinsí eile chun íoc as ár gcostais. Is mór an méid é sin. Faigheann na grúpaí atá in Aontas Phobal na Gaeilge thart ar 6% den chiste de €21 milliún. Is beag an méid é sin, nuair a smaoinítear ar na grúpaí deonacha atá páirteach san obair atá ar siúl againn, ach go háirithe.

Is maith an rud go bhfuil rún rite ag an gcoiste agus go gcuirfear ar aghaidh chuig an Aire é. Táimid an-bhuíoch don gcoiste as sin a dhéanamh.

Maidir le hath-bhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, ní hamháin go bhfuilimid ag caint faoi Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil, ach cuireadh moltaí ar aghaidh ar conas an oifig a fheabhsú. Ní cóir dearmad a dhéanamh ar sin. Ba cheart, mar shampla, go mbeadh ról ag an gCoimisinéir breathnú ar dhul chun cinn cur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá sé mí-féarálta go ndéanfadh an Roinn measúnú air féin. Ba cheart go mbeadh dream neamhspleách, ar nós an Choimisinéara, ag cabhrú leis sin. Táimid ag iarraidh, ní hamháin go mbeadh an Coimisinéir ann ach, de réir a cheile, go mbeadh an oifig níos éifeachtaí dá bharr.

Táimid lán sásta breathnú ar aon rud a bhaineann le dúbláil. Maidir le cur grúpaí le chéile, má tá duine ag labhairt le grúpa pobail seo seachtain amháin agus le grúpa eile an chéad seachtain eile, is dúbláil é sin chomh maith. Nach féidir leo labhairt leis an dá ghrúpa ar aon ocáid amháin. Creidimid gur féidir linn a bheith níos éifeachtaí amach anseo. Tagann sé sin ar ais chuig chomhphairtnéireacht arís.

Tá an-mholadh ag dul don Seanadóir Keane maidir leis an British-Irish Parliamentary Assembly. Más féidir rudaí a chur chun cinn, ach go háirithe faoin samhail mhaoiniú nua agus an bealach a tabharfar faoi rudaí sa tsochaí, cabhróidh sé sin go mór. Bheadh saineolas sa Bhreatan Bheag ar ról an Choimisinéara Teanga, mar glacadh le coimisinéir teanga ansin ó shin, bunaithe ar dea-shampla na hÉireann. De ghnáth bímid taobh thiar de mhuintir na Breataine Bige ach bhíomar chun tosaigh an uair seo. Ba chóir dúinn a bheith bróduil as sin.

Maidir leis an five point plan, an ten point plan nó pé rud é, tiocfaimid ar ais le moltaí faoi plean B. Tagann sé seo ar ais go dtí an rud a raibh an Seanadóir Ó Murchú, an Teachta Kitt agus eile ag caint faoi, is é sin, céard gur féidir leis an dá Aire a dhéanamh amach anseo. An moladh atá againn, na scéimeanna sin a chur ar leataobh, ach caithfear rud éigin a chur ina n-áit. Aontaímid leis an gcoincheap go gcathfear rud éigin a chur ina n-áit. Pé rud a thagann ina n-áit, táimid ag moladh go mbeadh rud éigin a bhaineann le comhpháirtíocht amach anseo, agus ag cuimsiú an dá straitéis agus á gcur i bhfeidhm. Luíonn le ciall go mbeidís ar fad ag obair ar na rudaí céanna.

Táimid an-bhuíoch don gcoiste as an tacaíocht agus eile a cuireadh in iúl dúinn maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga. Is cinnte go gcabhróidh sé sin linn. Ní dóigh liom gur socraíodh ar seo mar ghníomh frith-Ghaeilge nó go rabhthas ag iarraidh deireadh a chur le hOifig an Choimisinéara Teanga nó lena fheidhmeanna per se . Sílim go mbeidh torthaí ar an gcinneadh nár cuireadh san áireamh nuair a rinneadh an cinneadh. Bheadh sé ciallmhar anois dul siar agus breathnú ar céard é an rud is tábhachtaí le déanamh agus an cinneadh a athrú.Luaitear é sin san mholadh a rachaidh go dtí an Aire. Tá sin go maith.

Cuirfimid roinnt ceisteanna ar fáil don choiste roimh an chruinniú le Foras na Gaeilge. Mar shampla, cad as a tháinig an tsamhail mhaoinithe nua? An bhfuil sé bunaithe sa phleanáil teanga. An bhfuil straitéis taobh thiar de? Tá go leor ceisteanna. Déanfaimid cuimsiú ar na ceisteanna sin agus cuirfimid ar aghaidh chun an choiste iad.

D'fhéadfaimís rud sa bhreis a dhéanamh. Nuair atá an coiste críochnaithe le Foras na Gaeilge agus má thagann an dá Aire os bhur gcomhair, cuirfimid cáipéisí ar fáil daoibh bunaithe ar ais-eolas a bheadh againn. B'fhéidir go mbeidh breis eolais le cur ag an bpointe sin agus cuirfimid sin chuig an choiste freisin.

An bonn-phointe, go bhfuilimid an-bhuíoch go bhfuaireamar éisteacht an-mhaith inniu agus gur phléamar an dá ábhar. Táimid dóchasach go raibh baill den choiste ag éisteacht linn agus go mbeimid in ann teacht ar ais, go háirithe maidir leis an iarratas ó thaobh an tsamhail mhaoinithe nua. Is iontach an rud é go bhfuil an coiste tar éis glacadh leis an moladh don Aire.

Mr. Éamonn Mac Niallais

Maidir leis an samhail mhaoinithe, tá sé tábhachtach an cheist seo a fháil ceart mar tá an rud céanna ag teacht chun tosaigh san Ghaeltacht. Tá eagraíochtaí pobal maoinithe sa Ghaeltacht a mbeidh orthu plean teanga a ullmhú dos na ceantair faoin straitéis 20 bliain. Tá an cheist seo faoi mhaoiniú ag teacht chun tosaigh. Má táimid in ann an cheist faoi na eagraíochtaí Gaeilge, sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht, a fháil ceart, beimid in ann an creatlach céanna a úsáid sa Ghaeltacht agus nach gcruthóimid na fadhbanna céanna arís agus arís eile agus go mbeidh na rudaí seo uilig pobal-lárnaithe in áit a bheith ag cur pobal in iomaíocht lena chéile.

The correspondence will be sent to the Minister for Public Expenditure and Reform and I propose we send a copy of it to the Minister and Minister of State in the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht, Deputies McGinley and Deenihan, who have responsibilities for the area.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe, Julian de Spáinn, Éamonn Mac Niallais, Lorcán Mac Gabhann agus Feargal Ó Cuilinn, as cabhrú linn inniu. This concludes this morning's meeting and we will resume on St. Valentine's Day, 14 February. Cards can be put in the post.

The joint committee adjourned at 12.55 until 2.15 p.m. on Tuesday, 14 February 2012.
Barr
Roinn