Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

JOINT COMMITTEE ON THE ENVIRONMENT, TRANSPORT, CULTURE AND THE GAELTACHT díospóireacht -
Tuesday, 28 Feb 2012

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: Plé

Cuirim fáilte roimh na finnéithe ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge: Pádraig Mac Criostail, Uasal; Kevin De Barra, Uasal; agus Niamh Ní Shúilleabháin, Uasal. Gabhaim buíochas leo as ucht bheith i láthair. Iarraim ar an gcléireach an gnáth-fhógra a léamh.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don gcoiste seo. Má ordaíonn an coiste d’fhinné, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, agus má leanann an finné á tabhairt, níl sé i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise. Ordaítear d’fhinnéithe nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh nó liomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom finnéithe a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an chleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe ná le hoifigeach ina ainm nó ina hainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Glaoim anois ar an Uasal Mac Criostail le labhairt. I invite Mr. Mac Criostail to make his opening statement.

Mr. Pádraig Mac Criostail

Thar ceann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gcoiste as an deis labhartha a thabhairt don chomhdháil inniu. Tá a fhios ag comhaltaí an choiste cheana gurb í Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge lár-chomhairle phobal na Gaeilge. Oibríonn muid chun bá agus tacaíocht don Ghaeilge mar bheotheanga agus cumas inti a neartú agus a bhuanú i ngach gné de shaol mhuintir na hÉireann. Bunaíodh an chomhdháil i 1943 agus ó shin i leith, tá muid ag feidhmiú mar scáth eagraíocht ar na heagrais dheonacha Gaeilge agus thar cheann phobal na Gaeilge ar mhaith leis an gcuspóir náisiúnta, an Ghaeilge a athbheocan. Faoi láthair, tá 24 balleagraíocht sa chomhdháíl ó mhór réimsí uile na hearnála. Tá nóta eolais a dhéanann cur síos ar aidhm agus feidhm na comhdhála sa phacáiste eolais atá scaipthe cheana ar bhaill an chomhchoiste. Maidir le ról an chomhchoiste seo i leith na Gaeilge, is cinnte go bhfuil go leor bainte amach le cúpla bliain anuas maidir le pleanáil straitéise don Ghaeilge agus tá buíochas ollmhór ag dul don gcoiste seo agus don Chomhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a tháining roimhe as a saothar ar an gceist áirithe sin. Táimid buíoch don gcoiste as sin agus as an spéis leanúnach atá á léiriú ag an gcoiste i leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.

We welcome the opportunity to address the joint committee today on three important issues that will impact directly the future of the Irish language, Oifig an Choimisinéara Teanga, athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus maoiniú na n-eagraíochtaí Gaeilge. My colleague, Kevin De Barra, will give a presentation on behalf of an Chomhdháil shortly. His presentation will be in Irish and both an English and Irish version have been made available to members. We will be happy to answer any questions in either Irish or English. Cuirfidh an tUasal De Barra pointí tábhachtacha os bhur gcomhair inniu i dtaca leis an trí ní éagsúil atá luaite agam cheana agus i dtaca leis na himpleachtaí ag eascairt as sin don Ghaeilge. Iarrann muid tacaíocht an choiste ina dtaobh.

Mr. Kevin De Barra

Cuirfidh mise roinnt pointí os bhur gcomhair i dtaca leis an trí ní éagsúil agus iarrtar tacaíocht an choiste ina dtaobh sin. An chéad ceann acu ná Oifig an Choimisinéara Teanga.

Bronnadh gradam Ghlór na nGael ar Oifig an Choimisinéara Teanga Dé Sathairn seo caite, 25 Feabhra 2012. Is léiriú cruinn é seo ar éifeacht na hoifige i gcomhlíonadh a feidhmeanna agus an oifig ag feidhmiú mar oifig neamhspleách. Ag Tóstal na Gaeilge 2012, a thionól Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mí Eanáir, bhí saineolaithe pleanála teanga náisiúnta agus idirnáisiúnta ar aon intinn go bhfuil sé ríthábhachtach do chur i bhfeidhm rathúil an Achta Teanga, go gcoimeádfaí Oifig an Choimisinéara Teanga neamhspleách ó aon rannóg nó aon áisíneacht Stáit eile. Tuigtear don Chomhdháil gur léiríodh tacaíocht láidir ón bpobal do neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga i bhformhór na n-aighneachtaí agus na suirbhéanna a cuireadh faoi bhráid na Roinne Ealaion, Oidhreachta agus Gaeltachta mar chuid den phróiseas comhairliúcháin le déanaí.

Ghlac an coiste seo cinneadh tacaíocht a léiriú do neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga i ndiaidh do roinnt dár mballeagraíochtaí agus eagraíochtaí Gaeilge eile cur i láthair a dhéanamh anseo coicís ó shin. Léiríodh seasamh an choiste i litir fhoirmiúil on gcoiste chuig an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. larraimid inniu ar an gcoiste céim níos faide ná sin a ghlacadh agus rún tacaíochta foirmiúil a rith de réir na dtéarmaí seo leanas:

Tacaíonn an Coiste um Chomhshaol, lompar, Cultúr agus Gaeltacht le coinneáil Oifig an Choimisinéara Teanga mar oifig reachtúil neamhspleách. larrann an coiste dá reir, go ndéanfaidh an Rialtas an cinneadh feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman a tharraingt siar agus an cinneadh sin a fhógairt a luaithe is féidir.

Bogfaidh mé ar aghaidh anois go dtí an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Chuir an chomhdháil aighneacht chuimsitheach ar fáil mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. San aighneacht seo, moladh go mbeadh leasuithe ar an Acht bunaithe ar chearta teanga in áit a bheith bunaithe ar ghealltanas na gcomhlachtaí poiblí. Moladh chomh maith go ndéanfaí aicmiú ar chomhlachtaí poiblí de réir an bhaint atá acu le seirbhísí líne tosaigh a chur ar fáil don bpobal. I measc na bpríomh mholtaí eile in aighneacht Chomhdháíl Náisiúnta na Gaeilge atá bunaithe ar mholtaí na saineolaithe teanga náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhí rannpháirteach i dTóstal na Gaeilge 2012, tá na moltaí a leanas.

Moltar go dtitfeadh dualgais an Achta ar gach Comhlacht Poiblí nuabhunaithe, nó nua-ainmnithe, go huathoibríoch ag am a bhunaithe trí fhoráil dhíreach faoin Acht, agus go gcuirfí forálacha leis an Acht, ionas go mbeadh dualgais i dtaobh an Achta ar aon fhochonraitheoirí a earcaíonn comhlachtaí poibli chun seirbhísí a chur ar fáil don bpobal. Moltar go láidir polasaí earcaíochta don tseirbhí phoiblí a chur ar bun faoi bhun rialachán reachtúla a chinnteodh go mbeadh céatadán áirithe d'fhoirne na gcomhlachtaí poiblí dátheangach agus inniúil seirbhís a sholáthar ar ardchaighdeán sa dá theanga oifigiúil. Ba cheart róil áirithe a aithint mar róil a bhfuil cumas sa Ghaeilge nó cumas dhátheangach riachtanach dóibh, agus níor cheart daoine nach bhfuil cumas acu sa dá theanga oifigiúil a cheapadh sna róil sin. Moltar gur cheart do chomhlachtaí poiblí sna reimsí céanna, mar shampla comhairlí contae, seirbhísí trí Ghaeilge ar chomhleibhéil a sholáthar timpeall na tíre, agus mar sin go mbeadh sé soiléir don chainteoir Gaeilge céard iad na seirbhísí atá ar fáil dó.

Ag teacht leis an gcur chuige seo, molaimid go mbunófaí córas náisiúnta caighdeánach maidir le cúrsaí foilseacháin, le leaganacha oifigiúla comónta d'fhoilseacháin dhátheangacha ionas go seachnófaí aon dúbailt i dtaobh aistriúchán ar fhoilseacháin. Moltar gur gá tabhairt faoi fheachtas feasachta teanga, agus feachtas feasachta cearta, chun lucht labhartha na Gaeilge, agus an saol níos leithne a chur ar an eolas faoina gcearta teanga. Moladh go mbeadh seirbhísí uile an Stáit ar fáil sna ceantair Ghaeltachta i nGaeilge. Moltar go gceapfaí athbhreithneoir neamhspleách ar an gcomhairliúchán poiblí mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Moltar gur saineolaí teanga idirnáisiúnta a cheapfar don ról sin.

Tá cóipeanna d'achoimre ar aighneacht na comhdhála scaipthe ar an gcoiste inniu agus beidh muid breá sásta ceisteanna a fhreagairt má tá aon eolas breise ag teastáil i dtaobh aon chuid de sin.

Tá mianta an phobail maidir leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 léirithe go soiléir trí na haighneachtaí agus na suirbhéanna a cuireadh faoi bhráid na Roinne Ealaion, Oidhreachta agus Gaeltachta mar chuid den bpróiseas comhairliúcháin. Tá súil ag an gcomhdháil go mbeidh ciall agus brí leis an bpróiseas comhairliúcháin agus go dtabharfaidh an Rialtas aird go cuí ar mhianta an phobail mar a cuireadh in iúl iad tríd an bpróiseas comhairliúcháin. Éilíonn an chomhdháil ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta achoimre na moltaí ón bpobal a ullmhú le cúnamh gairmiúil agus iad sin a fhoilsiú gan mhoill ar mhaithe le trédhearcacht, oscailteacht, agus iontaofacht an athbhreithnithe maraon le cothrom-na-féinne a chinntiú. Éilímid go dtabharfar feidhm iomlán do na moltaí a chuirfidh le baint amach priomhaidhm an Achta Teanga, le freastal an Achta Teanga ar stádas na Gaeilge faoin mBunreacht, agus a bheidh chun leas na Gaeilge i gcoitinne in aon leasuithe reachtúla atá le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla amach anseo.

Éilímid go mbogfar próiseas an athbhreithnithe chun cinn agus go dtabharfar an próiseas chun críche gan mhoill. Molaimid go gcomhlíonfaidh an coiste seo, ról lárnach i mbreithniú na moltaí atá déanta mar chuid den bpróiseas comhairliúcháin, agus é sin i gcomhar le hionadaithe na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tá súil againn go dtacóidh an coiste seo leis na héilimh agus an moladh sin agus go mbeidh sé sásta rún foirmiúil a rith sna téarmaí seo leanas:

Molann an Comhchoiste um Chomhshaol, lompar, Cultúr agus Gaeltacht an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta as tabhairt faoin athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Molann an comchoiste go dtabharfar feidhm go cuí do mhianta an phobail curtha in iúl trid an bpróiseas comhairliúcháin mar chuid den athbhreithniú sin in aon leasuithe reachtúla ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Bogfaidh mé ar aghaidh anois go dtí maoiniú na n-eagraíochtaí Gaeilge. Is ábhar mór buartha é do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus dár mballeagraíochtaí an mhodheolaíocht a bhain leis an gcur chuige i dtreo atheagrú na hearnála seo ó chuir Foras na Gaeilge tús leis an bpróiseas siar i mí Aibreán 2008. Fiú agus muid anois sa cheathrú bliain den atheagrú sin, ní léir don chomhdháil go bhfuil aon anailís tionchair nó aon anailís riosca maidir leis an gcinneadh, deireadh a chur le bunmhaoiniú tríd an tsamhail nua mhaoinithe curtha i gcrích ag an bhforas, rud atá riachtanach lena chinntiú gur chun leas chur chun cinn na Gaeilge atá an cinneadh sin.

In Irish Examiner an lae inniu, tá litir ó sheisear shaineolaithe pleanála teanga náisiúnta agus idirnáisiúnta, amhail an tOllamh Colin Williams ó Ollscoil Cardiff, an tOllamh Dónall Ó Baoill ó Ollscoil na Ríona, an tOllamh Muiris Ó Laoire ó Ollscoil Auckland agus an Dochtúir Wilson McLeod ó Ollscoil Dhún Éadainn, gach duine acu siúd aitheanta go hidirnáisiúnta mar shaineolaí agus mar cheannródaí sa réimse pleanála teanga, agus iad ar fad ag cáineadh go láidir an bhunphrionsabail atá taobh thiar den tsamhail nua mhaoinithe seo.

Tar éis don lucht acadúil seo staidéar a dhéanamh ar an tsamhail nua mhaoinithe, deir na saineolaithe seo nach bhfuil aon taighde déanta ag Foras na Gaeilge ar éifeachtacht nó ar éifeachtúlacht na n-eagras Gaeilge agus go dtagann na moltaí atá sa tsamhail go hiomlán i gcoinne bhunphrionsabail na pleanála teanga. Leagann siad amach go lom go gcreideann siad go bhfuil an tsamhail nua mhaoinithe atá beartaithe ag Foras na Gaeilge lochtach go smior, agus go mbeidh mar thoradh air go ndéanfar dochar aimhleasach d'fhorbairt agus do cur chun cinn na Gaeilge ar fud na tíre.

Tá Foras na Gaeilge ag cur i leith na n-eagraíochtaí go bhfuil trasnaíl nó dúbláil san obair, ach níl aon taighde nó measúnú déanta acu riamh ar obair na n-eagras, nó ar luach na hoibre sin. Léiríonn an tsamhail nua mhaoinithe easpa tuisceana iomlán ar obair na n-eagras, ar shainréimsí na n-eagras agus ar obair na hearnála deonaí.

In áit na n-eagraíochtaí seo a chur ag obair le chéile, le breis comhoibrithe eatarthu agus iad ag obair i dtreo spriocanna straitéiseacha fadtéarmacha, beidh na heagrais á chur in iomaíocht lena chéile, agus cuirfear na seirbhísí a cuirtear ar fáil don bpobal i mbaol.

Mar scátheagraíocht, déanann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge comhordú ar obair na n-eagras, trí na heagraíochtaí sin a chur i mbun comhphlé rialta lena chéile. I réimse na hearnála deonaí, teastaíonn scátheagraíocht chun pleanáil straitéiseach a chur ar fáil agus chun buntáistí a aimsiú i dtaobh chomhroinnt acmhainní, comhroinnt eolais agus comhordú ar chláir oibre na n-eagraíochtaí, rud a chiallófar go seachnófar aon dúbláil agus go mbeidh eagraíochtaí ag obair as lámh a chéile.

Ar cheann de na hacmhainní is mó atá ag na heagraíochtaí tá an fhoireann atá ag obair dóibh. Faoi réir mholadh an fhorais, áfach, bheadh ar gach eagraíocht scaoileadh leis na fostaithe acu a bhfuil a bpoist á maoiniú ag Foras na Gaeilge. Thar oíche, chaillfí saibhreas na mblianta de dhúthracht agus de thaithí. Ní fhéadfadh riamh go mbeadh an saineolas ná an taithí céanna ag oibrithe ar chonradh.

Aithnímid an gá atá le forbairt agus le cuíchóiriú ar mhaithe leis na torthaí is fearr a bhaint amach, ar an luach airgid is fearr. Nílimid in aghaidh athruithe, go deimhin tá na heagraíochtaí Gaeilge flosc chun athruithe. Nílimid ag troid ar son an status quo a chosaint. Táimid céad faoin gcéad tiomnaithe do bheith ag saothrú ar mhaithe le struchtúir a mbeidh breis éifeachta agus breis éifeachtúlachta ag baint leo.

Táimid ag plé na samhla lochtach seo le blianta beaga anuas. Tá an próiseas a bhfuilimid tagtha tríd sa cheithre bliana sin, iomlán lochtach. Le maoiniú gearrthréimhseach, mar thréimhsi sé mhí, bhí bac á chur ar na heagrais pleanáil straitéiseach fadtéarmach a dhéanamh le blianta beaga anuas. Tá aighneachtaí agus tuilleadh aighneachtaí curtha againn chuig Foras na Gaeilge maidir leis an tsamhail nua mhaoinithe seo, ach níor imir na moltaí seo aon tionchar ar chinntí an fhorais. D'aithin na hAirí, ó Thuaidh agus ó Dheas, é seo ag cruinniu na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas i mí Dheireadh Fómhair seo caite nuair a thug siad treoir do Fhoras na Gaeilge dul i gcomhairle leis na heagrais agus próiseas comhairliúcháin úr a thosú.

Cé go bhfuil na 19 eagras bunmhaoinithe glan in aghaidh choincheap na samhla, cé go bhfuil saineolaithe pleanála teanga glan in aghaidh choincheap na samhla, agus cé go bhfuiltear siúd atá ag obair sa ghort, ag cur seirbhísí líne tosaigh ar fáil don bpobal glan in aghaidh na samhla, fós féin tá Foras na Gaeilge ag treabhadh leis, ag brú ar aghaidh le samhail mhaoinithe atá lochtach go smior agus a scriosfaidh earnáil dheonach na Gaeilge agus na seirbhísí a chuireann an earnáil sin ar fáil don bpobal.

Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge den tuairim láidir, bunaithe ar na pointi atá leagtha amach agam don gcoiste, go bhfuil an tsamhail nua mhaoinithe lochtach go smior, agus nár chóir tuilleadh ama nó acmhainní an Stáit a chaitheamh ag brú ar aghaidh leis, nuair is léir gurb éard a bheidh mar thoradh air ná dochar aimhleasach don Ghaeilge ar fud na tíre.

Beidh Foras na Gaeilge ag teacht i láthair an choiste inár ndiaidh. Iarraim ar Theachtaí agus ar Sheanadóirí soiléiriú a lorg uathu maidir leis na nithe seo a leanas. Cá bhfuil an taighde ar a bhfuil an tsamhail nua mhaoinithe bunaithe? Cén bhunús pleanála teanga atá faoin tsamhail a chuirfidh leanúnachas sna seirbhísí líne tosaigh i mbaol? Cén anailís costas tairbhe nó costas éifeachtach atá déanta ag Foras na Gaeilge lena chinntiú go mbeidh luach ar airgead níos fearr mar thoradh ar dheireadh a chur le bunmhaoiniu na hearnála agus samhail nua mhaoinithe a fheidhmiú ina háit?

Tá saineolaithe idirnáisiúnta sa phleanáil teanga ag moladh go ndéanfaí coincheap na samhla a chaitheamh i dtraipisí de bharr go ndéanfadh sí dochar aimhleasach don teanga. Cén fáth a bhfuil Foras na Gaeilge fós ag brú ar aghaidh léi agus ag déanamh neamhaird den chomhairle sin? Cén cruthúnas atá ag Foras na Gaeilge go mbeidh na hathruithe molta seo chun leas na Gaeilge?

Tá buiséad de €21 milliún ag Foras na Gaeilge. Caitheadh €7.2 milliún de sin ar na heagrais bunmhaoinithe. Cén athbhreithniú atá a dhéanamh ar an €13.8 milliún de sin atá a chaitheamh ag an bhforas féin?

Fáiltímid roimh bhreithniú an choiste i dtaca le rún foirmiúil maidir le hábhar sna téarmaí molta seo leanas:

Oibreoidh an Comhchoiste um Chomhshaol, lompar, Cultúr agus Gaeltacht chun a chinntiú go mbeidh pé struchtúir mhaoinithe a chuirfear i bhfeidhm ar earnáil dheonach na Gaeilge ag freastal ar riachtanais an phobail agus ar riachtanais na hearnála, go mbeadh sé ag teacht le bunphrionsabail na pleanála teanga agus go mbeadh sé bunaithe ar phleanáil straitéiseach, le spriocanna fadtéarmacha.

Gabhaim buíochas le baill an choiste as ucht a gcuid ama agus táimid lánsásta aon cheist atá acu i dtaobh na n-ábhar seo a fhreagairt.

I dtosach, is mian liom fáilte a chur roimh Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Tréaslaím leis an gcomhdháil de bharr na hoibre atá déanta aici le blianta fada anuas, ag saothrú na Gaeilge. Bheadh aon náisiún bródúil as daoine óga cosúil le lucht na comhdhála atá inár láthair inniu. Tá siad chomh dáiríre agus chomh proifisiúnta sin ó thaobh na Gaeilge agus is léir go bhfuil siad buartha, faoi mar atá cúrsaí i láthair na huaire.

Tá trí codanna ins an léiriú atá ar siúl anseo inniu. Maidir leis an gCoimisinéir Teanga bhí díospóireacht an-mhaith againn an lá faoi dheireadh agus bhí sé soiléir freisin go raibh tacaíocht an-mhór ag an mholadh go gcothófar neamhspleáchas an choimisinéara. Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge tar éis cur go láidir leis sin.

Maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, caithfimid smaoineamh gur ritheadh an t-Acht sin ag an am d'aon ghuth. Is é sin le rá nach raibh aon pholaitíocht i gceist. Bhí gach éinne ar son an Achta ag an am. An bunphointe atá ag an gcomhdháil ná gur chóir go mbeadh cearta teanga i lár chroí aon aithbhreithniú ar an Acht. B'fhéidir go bhféadfaí cur leis sin arís, mar is pointe an-tábhachtach é.

Maidir le maoiniú na n-eagras, tar éis machnamh a dhéanamh ar an díospóireacht a bhí againn anseo an lá faoi dheireadh, tá mé den tuairim gur chabhraigh an díospóireacht go mór chun tuiscint a thabhairt dúinn ar struchtúir na n-eagras, ar an obair atá ar siúl acu agus ar an tábhacht a bhaineann leis an obair sin. Tá mé ag ceapadh anois go bhfuil sé in am deireadh a chur leis an díospóireacht sin. Tá mé den tuairim nach gcabhróidh sé le stádas na Gaeilge má leanann sé ar aghaidh. B'fhéidir go smaoineodh an Cathaoirleach ar seo. Is é mo thuairim go bhfuil sé in am bheith ag caint anois faoi plean B. Tá gá freisin le hidirghabhálaí, éascaitheoir, ag an am seo chun teacht ar an bplean B sin. Bheadh sé an-mhaith dá mbeadh an coiste seo in ann obair áirithe a dhéanamh. If this committee could act as an honest broker, it would do a great deal of good for the Irish language and help all the organisations. I make that point with the best intentions. Perhaps the committee could establish a small sub-committee to act as a facilitator. I do not believe it will be possible to go ahead with the plan as it stands. It has to be revisited. Perhaps the witnesses could express their views on that.

Nuair a tháinig ionadaithe ó Aontas Phobal na Gaeilge os ár gcomhair ag an gcruinniú deireanach, chuaigh an plean B a leag siad amach, i bhfeidhm go mór orm. Mar a dúirt an tUasal De Barra, níl na finnéithe i gcoinne athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí mar atá said faoi láthair. Tuigeann siad go maith go bhfuil gá le hathruithe ó am go chéile. Sa bhunphointe atá á dhéanamh acu, tá siad dearfach faoin rud seo. Is léir go gcaithfimid céim ar chúl a thógáil anois, i dtreo is nach mbeidh dochar déanta don Ghaeilge. Ní hamháin go bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 againn, ach tá an straitéis 20 bliain againn freisin. Deirim arís gur cheart go mbeadh an coiste in ann deireadh a chur leis an díospóireacht seo nuair a thagann Foras na Gaeilge isteach, trí struchtúr éigin a chur in áit i dtreo is go mbeadh idirghabhálaí ar fáil chun críoch a chur leis. Ba bhreá liom tuairimí na bhfinnéithe faoi sin a chloisteáil.

Mr. Kevin De Barra

Ba mhaith liom freagra a thabhairt ar an gceist maidir le cearta teanga ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Bíonn na seirbhísí a chuirtear ar fáil ag comhlachtaí poiblí bunaithe ar scéimeanna teanga atá aontaithe idir comhlachtaí poiblí agus Roinn na Gaeltachta. Ba mhaith linn go mbeidís bunaithe ar chearta - go mbeadh a fhios ag daoine céard iad na cearta teanga atá acu i dtaobh príomhtheanga náisiúnta na tíre seo agus go dtuigfidís gur chóir, nuair a théann siad isteach in aon cheann de chomhlachtaí poiblí na tíre seo, go mbeadh sé soiléir do chainteoirí Gaeilge céard ar féidir leo bheith ag súil leis. Go deimhin, má théann duine isteach i gcomhairle contae amháin nó comhairle contae eile, tá na cearta atá aige nó aici faoin Acht 2003 éagsúil. Is é sin an pointe gur mhaith linn a dhéanamh sa chomhthéacs sin.

Mr. Pádraig Mac Criostail

Ba mhaith liom cur leis an méid sin. Is léir go bhfuil codanna áirithe den Acht 2003 ag feidhmiú go han-éifeachtach - na codanna a dhaingníonn cearta teanga faoi bhonn reachtúil nó faoin reachtaíocht féin. Is gá a aithint go bhfuil aitheantas áirithe tugtha tríd an bpróiseas athbhreithnithe atá ar bun go bhfuil ag teip ar chodanna áirithe den Acht, áfach. Is dócha gurb é an léiriú is soiléire ar sin ná an easpa dul chun cinn atá déanta maidir le daingniú scéimeanna teanga. Tá mé ag cur leis an bpointe atá á dhéanamh ag an tUasal De Barra. Ba mhaith linn a fheiceáil go mbeadh cearta áirithe daingnithe faoin reachtaíocht agus go mbeadh bonn reachtúil faoi na cearta sin ionas go mbeadh sé soiléir don bpobal cén leibhéal seirbhíse gur féidir leo bheith ag súil leis faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus nach mbeidís ag brath ar dea-thoil nó ar cur i bhfeidhm scéimeanna nach bhfuil sé soiléir céard go díreach nó cad atá i gceist leo.

Mr. Kevin De Barra

Labhair an Senadóir Ó Murchú mar gheall ar plean B. Aontaím leis, go gcaithfimid deireadh a chur leis an díospóireacht ar an tsamhail nua mhaoinithe ag pointe éigin. Tá sé ag leanúint ar aghaidh ar feadh ceithre bliana ag an tráth seo. Táimid ag dul timpeall i gciorcail, i ndáiríre. Níl mórán dul chun cinn á dhéanamh laistigh den earnáil de bharr go bhfuilimid ag díriú isteach ar spriocanna straitéiseacha gearrthréimhseacha, in áit a bheith ag breathnú ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge, an straitéis ó Thuaidh agus rudaí i bhfad níos fadtéarmaí. Aontaím go hiomlán leis an Seanadóir go gcaithfear teacht ar mheicníocht idirbheartaíochta idir na heagrais agus Foras na Gaeilge, ionas go mbeimid in ann teacht aníos leis an bplean B seo. Táimid ag moladh go láidir go dtosnódh an plean le hiniúchadh a dhéanamh ar obair na n-eagrais agus measúnú iomlán a dhéanamh ar luach na hoibre sin.

Is é an argóint a dhéanann Foras na Gaeilge i taobh na samhla ná go bhfuil iomarca airgid á chur ar fáil do heagraíochtaí, agus go háirithe maidir le tuarastal. Ba mhaith liom Raidió na Life, seirbhís atá ar fáil i mBaile Átha Cliath, a lua mar shampla. Tá 3.5 duine fostaithe ag Raidió na Life, ach tá 150 duine ag obair go deonach leis an stáisiún freisin. In aon mheasúnú ar luach na hearnála agus ar obair na n-eagras, is gá a chinntiú go mbreathnófar ar an obair dheonach seo agus go gcuirfí luach leis an obair sin. Is é ceann de na lochtanna is mó atá ar an tsamhail seo ná nach tuigtear sa tsamhail go bhfuil luach leis an obair dheonach seo. Cé go bhfuil siad ag maíomh go bhfuil céatadán áirithe ag dul ar thuarastal i ndáiríre, teastaíonn an 3.5 duine sin chun an 150 oibrithe deonacha a tharraingt isteach. Tá sé tábhachtach go dtabharfar an t-aitheantas sin.

Aontaím go hiomlán leis an bpointe a rinne an Seanadóir Ó Murchú maidir le hidirghabhálaí nó éascathóir idir Foras na Gaeilge agus na heagrais. D'ardaigh an chomhdháil agus fóram na n-eagraíochtaí bunmhaoinithe, atá ag ionadaíocht thar ceann 19 de na heagraíochtaí bunmhaoinithe, an pointe sin cheana féin. Tá an moladh sin diúltaithe ag an bhforas go dtí seo. D'iarr an fóram ar Foras na Gaeilge go gcuirfí airgead ar fáil ionas go mbeadh bainisteoir tionscadal in ann teacht i láthair an 15 eagraíocht atá faoin bhfóram, agus go mbeadh comhphlé eatarthu ag baint feidhme as áisitheoir. Cheap fóram na n-eagraíochtaí bunmhaoinithe gur cheart go mbeadh duine éigin neamhspleách sa seomra agus go mbeimid in ann oibriú le chéile chun teacht ar phlean B. Diúltaíodh don iarratas sin.

Senator Ó Murchú proposed that the committee should move into some sort of mediation position. That is not going to happen. The Senator knows it would be beyond the functionality of this committee. However, it would be within the functionality of the committee to make clear recommendations, having considered the matter. As I see it, there are two issues on the table. First, there is the issue with regard to the commissioner. The committee expressed an opinion on the argument with regard to separation when these matters were discussed at a previous meeting. Second, there is the broader issue of how funding structures will operate in the future. There is broad agreement within the committee not only that those structures deliver efficiencies but also that they maintain the integrity of what is actually in place at the moment.

As somebody who worked in the voluntary sector for over 20 years and who studied it extensively at an academic level, I am aware that the critical thing underpinning the voluntary sector is what is described as the "voluntary contract" that volunteers have with their organisations. I am concerned that the voluntary contract that volunteers have with the witnesses' organisations and other Gaeilgeoir organisations throughout the country might be undermined if they see that the structures of their organisations are changing. All volunteer motivation is developed through a relationship with the organisation the volunteer is working with. If the structure of that organisation changes, the psychological contract of volunteers - as opposed to a paid contract - will change as a result. If the witnesses have some thoughts on the concern I am flagging, I would like to hear them. If the measures that have been presented are implemented, how do the organisations envisage that the potential concerns they have raised with regard to Foras na Gaeilge will have an impact on the psychological contract of their volunteers?

Mr. Pádraig Mac Criostail

I will answer that question very directly. Part of the difficulty we have with the process is that there has been no planning or management of the change that would be involved. That creates a grave risk for the ongoing input of volunteers throughout the community, which has always been vital in underpinning the advances we have made in relation to the Irish language. The point we are making about the lack of a risk or impact analysis throughout this process in general has repeatedly been missed by Foras na Gaeilge. I think the Chairman summed it up very well when he suggested that the obvious knock-on effect of this approach will be that a grave risk will be posed to the ongoing input of volunteers within the Irish language field around the country.

Mr. Kevin De Barra

I would like to add to what an tUasal Mac Criostail is saying. I welcome the Chairman's understanding of the voluntary sector. If adequate assessment of the nature of the voluntary sector and the benefits of the actual volunteers is not done, there will be far-reaching consequences. I mentioned earlier that Raidió na Life's 3.5 paid employees encourage 150 volunteers. That example is emulated across all 19 organisations. For example, for every euro Coláiste na bhFiann gets from Foras na Gaeilge, it ploughs in funds from its summer colleges into a structure through which it takes people in their early teens and trains them up to a level where they can teach Irish at the summer colleges. It has a complete training system in Drumree in County Meath and it works across the entire country. The Chairman also asked about psychological consequences. These people have bought into Coláiste na bhFiann and it is very much part of who they are as a person. That is important in terms of the grass roots, particularly when talking about promoting Irish language at community level. It is very important that people feel Irish is part of their identity and that the connection they have to an Irish language organisation is an important part of that. I am glad the Chairman alluded to the psychological consequences, becase that aspect is very important. However, in the new funding model it is completely forgotten.

I wish to make one more point. I accept the Chairman's ruling with regard to this committee acting as a facilitator. However, perhaps when we have had our meeting with Foras na Gaeilge, we can look at the possibility of this committee recommending that a facilitator is considered because, while we have had two great sessions which have been exceptionally helpful, we do not appear to be coming together sufficiently. It would be helpful and a step in the right direction - I appreciate the positive response to my suggestion - if the committee could endorse the idea of a facilitator. I know this would be a matter for Foras na Gaeilge and the organisations, but it would be a pity to leave this session without something solid coming from it.

I will propose at the end of this process that the committee form a cross-party sub-committee that will make clear recommendations in terms of a statement, the centres and the proposal this afternoon with regard to facilitation or some mediation process to be put in place. Cognisance will be taken of that when we put the sub-committee in place.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as sin. Cosúil leis an Seanadóir Ó Murchú, tá eagla orm go bhfuil Foras na Gaeilge ag cur na heagraíochtaí i gcoinne a chéile. Tá sé soiléir go mbeidh gach eagraíocht ag troid ar a son féin le haghaidh airgid. Ní rud maith é sin. Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil an rud seo ag tarlú mar is dóigh liom go ndéanann na heagraíochtaí obair mhaith astu féin. Tá impleachtaí ag baint leis an athrú seo. Cuirfear daoine as a bpoist b'fhéidir agus beidh daoine iomarcach mar gheall ar na hathruithe atá á dhéanamh ag Foras na Gaeilge.

Maidir leis na Gaeltachtaí iad féin, sílim go bhfuil tuairim agus 40,000 duine fostaithe san iomlán sna Gaeltachtaí. Tá impleachtaí ann dóibh, go háirithe má chaileann duine a phost. Beidh sé le feiceáil go bhfuil riail nua ann agus go gcaithfidh duine tosú ón tús ar scála pá an-íseal ar fad. Mar sin, nílim sásta leis na hathruithe. Tá sé deacair domsa tuiscint cén fáth go bhfuil seo ag tarlú. B'fhéidir go bhfuil Foras na Gaeilge ag iarraidh airgid a shábháíl agus ag gearradh siar mar sin ar an airgead atá ar fáil do na heagraíochtaí eile. I mo thuairim, sin an fáth go bhfuil an rud seo ag tarlú.

Mr. Pádraig Mac Criostail

Is féidir a rá go soiléir nach staid neamhghnách í go bhfuil maoinitheoir agus eagraíocht a fhaigheann maoiniú ón mhaoinitheoir sin in adharca a chéíle. Anybody who has worked in the voluntary sector will appreciate that, at times, there is bound to be a disagreement. Unfortunately, tá muidne ag treabhadh linn chun leasa na Gaeilge. Nílimid ann chun leasa eagraíochtúil nó chun leasa éinne go pearsanta, táimid ann chun leasa na Gaeilge agus teastaíonn uainn teacht ar réiteach ar an gceist seo a bhogfaidh ceist na Gaeilge chun cinn. Ní fheictear dúinn go mbeidh sin mar thoradh ar an bpróiseas reatha.

Tá sibhse ag rá go bhfuil eagraíocht amháin ann, Aontas Phobal na Gaeilge. An bhfuil Foras na Gailge toilteanach caint libhse mar gheall ar sin nó an é an foras an t-aon ghrúpa a bheidh i gceannas?

There will be just a few minutes now as there is a vote in the Seanad.

Mr. Pádraig Mac Criostail

Measaim go bhfuil an-chreidiúnt ar an dtaifead go hoifigiúil maidir leis an obair iontach atá á dhéanamh ag Aontas Phobal na Gaeilge agus as an dul chun cinn atá déanta aige leis an moladh faoi obair na n-eagraíochtaí sin a tharraingt le chéile. Tharla sé sin i bhfolús iomlán tacaíochta gan cúnamh ó Fhoras na Gaeilge. Faraoir, a mhalairt ar fad a bhí ag tarlú. Is cur i gcoinne agus deacraíochtaí a bhí á chruthú ag Foras na Gaeilge trí forbairt na samhla atá ann don chur chun cinn atá bainte amach ag Aontas Phobal na Gaeilge. Léiríonn seo go soiléir an flosc chun athruithe atá ann san earnáil. Léiríonn sé go soiléir gur féidir linn agus go bhfuil muid ag iarraidh leasa na Gaeilge a bhrú chun tosaigh, go bhfuil muid ag iarraidh athraithe sa chur chuige a chinntiú, agus go bhfuil muid ag iarraidh éifeachtúlachta níos fearr don Ghaeilge agus don chaiteachas ar an Ghaeilge. Tá súil againn go mbeidh mar thoradh ar an bpróiseas seo agus ar an bplé leis an gcoiste seo agus ar an bplé leis an bpobal i gcoitinne go mbreathnófar ar an gceist seo i gceart.

Mr. Kevin De Barra

Luaigh an Teachta Ellis an dífhostaíocht agus scálaí pá agus rudaí mar sin. Tá an cheist sin ann agus is gá aird a thabhairt ar cheist na dífhostaíochta, ach tá an cheist i bhfad níos mó ná sin. Baineann sí leis an dochar a dhéanfadh an tsamhail seo don Ghaeilge agus do thodhchaí na Gaeilge. I ndáiríre, tá seo níos mó ná an fhostaíocht. Ach tá an ceart ag an Teachta, leis an scéim seo, bheadh an fhoireann reatha san earnáil á scaoileadh. Bheadh daoine ansin á earcú ar scéimeanna ar feadh trí bliana agus ag deireadh na scéime, dá mba rud é go raibh an eagraíocht sin sásúil dul chuig Foras na Gaeilge chun maoiniú a fháil in athuair, bheadh ar na daoine sin filleadh arís go dtí pointe a haon den scála. Millfeadh sin an earnáil i gcoitinne, mar nach mbeadh aon duine óg, nua ag iarraidh teacht isteach san earnáil amach anseo.

Dúirt an Teachta freisin nach dtuigeann sé cad as a dtagann seo. Aontaím leis go hiomlán, mar ní thuigeann muid ach oiread cén bunús atá leis an tsamhail nua mhaoinithe seo. Níor dhearnadh aon anailís nó aon mheasúnú ariamh ar obair na n-eagras agus is í an bhun-cheist ná cén fáth? Beidh Foras na Gaeilge istigh anseo ar ball agus luafaidh sé tuairisc de chuid Mazars a chuireadh le chéile thart ar cheithre bliana ó shin. Bhain an tuairisc sin le cúrsaí bainistíochta agus cúrsaí rialachais, agus níor phlé muid riamh obair na n-eagras. Níor phlé an foras riamh cláracha oibre na n-eagras leis na heagrais. Tá lochtanna ar an gcóras reatha. Tá muid ag iarraidh athraithe agus breis éifeachta agus éifeachtúlachta, ach caithfidh sé sin dul tríd na céimeanna cearta. Tacaím go láidir leis an rud a dúirt an Cathaoirleach, go gcuirfeadh sé fo-choiste le chéile agus go mbreathnófar ar na ceisteanna seo go mion agus go mbreathnófar ar áisitheoir a chur ar fáil a bheadh neamhspleách idir na heagrais agus Foras na Gaeilge chun dul chun cinn a dhéanamh.

There is a vote in the Seanad, but I can bring in Senator Keane.

Táimid péireáilte, mar tá an cruinniú seo an-tábhachtach. Tá réiteach déanta againn.

Senator Keane should go ahead so.

Cuirim fáilte roimh an toscaireacht anseo agus gabhaim comhghairdeas leo ar an obair atá déanta acu. Níl mo Ghaeilge chomh flúirseach agus a bhí sí, ach táim ag déanamh iarrachta. Ceapaim go bhfuil gach éinne anseo ar aon intinn maidir le neamhspleáchas an Choimisinéara Teanga. Everybody is of one mind that he must be independent. Is ceart freisin go mbeadh neart Gaeilge ag aon duine a bheidh ag obair in Oifig an Choimisinéara agus i mbun oibre ar son na teanga. Aontaíonn muid go léir leis sin.

Maidir le cad as a dtáinig an togra seo, dúradh sa ráiteas: ar an 2 Nollaig 2009, thug an Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas treoir - instructive directive - do Fhoras na Gaeilge athrúcháin a dhéanamh ar an earnáil bunmhaoinithe - to restructure the core funding - ach níor thug sé aon treoir samhail iomachais a thabhairt isteach. Go pearsanta, ní aontaím leis an tsamhail iomachais sin ar chor ar bith, mar bhí mise i mo mhúinteoir tráth agus tuigim cad a tharlaíonn nuair a cuirtear duine in aghaidh duine. Ní sin an treo ná an bóthar ceart le tógáil. Mar sin, ní mholfainn treo na samhla iomachais. Chuir an Foras féin an tsamhail sin os comhair na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas.

Dúradh freisin go raibh Foras na Gaeilge ag iarraidh cinnidh an dá Rialtas a chur i bhfeidhm - it wishes to implement the wishes of both Governments. As far as I am aware, the Irish Government has not made a decision yet. Therefore, the wishes of the two Governments cannot be put in place if the Irish Government has not made a decision. It is up to this committee to make a recommendation to the Government on what should be in place. Therefore, the statement in the Foras presentation that it is putting the wishes of the two Governments i bhfeidhm or in action is incorrect. It is the wish of Foras na Gaeilge itself for competitiveness it is putting in action. I feel there is a question to answer in that regard.

Is there any other State body that uses iomaíocht or a competitives model for funding? Have we any other similar model that gets Government funding? Maidir leis na scéimeanna atá i bhfeidhm faoi láthair, an bhfuil aon iniúchadh déanta ag an bhForas ar na scéimeanna sin agus an obair atá ar siúl acu? Granted, tá a lán cutbacks déanta i ngach rud anois, ach tá obair ar siúl fós. Tá baint agam le cúpla grúpa agus tá a fhios agam go bhfuil obair ag dul ar aghaidh. The money has been cut back, but the work is still happening. Foras has said there have been cutbacks and work is not being done, but has it any evidence that work on the ground is not being done?

Mr. Kevin De Barra

An féidir liom teacht isteach nóiméad amháin? Cuirim fáilte roimh na ceisteanna ar fad, ach ceapaim go bhfuil an Seanadóir ag díriú na ceisteanna ar Fhoras na Gaeilge. Ní muide Foras na Gaeilge. Beidh siadsan ag teacht inár ndiaidh.

Mr. Kevin De Barra

Cuirim fáilte roimh na ceisteanna, mar is ceisteanna iontacha iad.

Tá na ceisteanna céanna agam agus atá ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus táimid ar aon intinn maidir leo. Maidir leis na rudaí atá molta ag Foras na Gaeilge, an dóigh le Comhdháíl Náisiunta na Gaeilge go bhfuil an ceart ag an bhforas?

Mr. Kevin De Barra

I dtuairim na comhdhála, tá moltaí an fhorais i dtaobh na samhla nua mhaoinithe lochtach go smior. Ní aontaíonn muid leis an gcóras iomaíochais agus ní fheiceann muid go mba ceart sin a dhéanamh ar chor ar bith, tá sé iomlán mícheart. Ní aontaíonn muid go mba ceart go mbeadh eagraíochtaí ag obair in aghaidh a chéile le haghaidh maoinithe in áit a bheith ag comhoibriú agus ag cur leis an obair atá ar siúl sa phobal. Mar sin, aontaím go hiomlán leis na ceisteanna atá ag an Seanadóir agus beidh mé ag éisteacht go cruinn nuair a chuireann sí ar Fhoras na Gaeilge iad.

Go raibh maith agat. Maidir leis an méid a dúirt an Seanadóir Ó Murchú i dtaobh working in partnership together, an bhfuil aon mholadh ag an gcomhdháil faoi sin?

Mr. Kevin De Barra

Tá. Cheana féin, táimid tar éis leabhar a chur le chéíle - treoir phrionsabail - le haghaidh earnáíl dheonach na Gaeilge. Tá sin curtha le chéile ag an 19 eagraíocht ó mhí Feabhra 2010, dhá bhliain ó shin. Sin cur le chéíle a bhaineann le bun phrionsabail. The core principles that should exist between Foras na Gaeilge and the 19 organisations are set out in that booklet and copies are freely available. The booklet has been published since February 2010, so we have been considering these for two years. We have asked Foras na Gaeilge to employ a facilitator to work between it and the organisations as an independent overseer of the process. We want an independent structure so that we will have a facilitator to manage the change. As I pointed out earlier, we are not against change, nor are we trying to defend the status quo. However, we are trying to find a way forward for the 19 organisations.

Foras na Gaeilge has simply said that 19 organisations is too many organisations. If it looked at any similar sectors, it would realise that is not necessarily the case. In the youth sector, for example, there are 3,000 publicly funded youth bodies. Therefore, to say we will have only one for Irish is ridiculous or to suggest that instead of 19 organisations we will just have eight, which will compete with each other, and that if the other organisations are alive in three years time, they may put in for the scheme then. We find this plan fundamentally flawed. Our plan B was to start from the beginning and look first of all at a full assessment of the work of the organisations, because that has never been done. The new funding model does not take into account the work of the organisations, the voluntary aspect of that work, the fact that 3.5 employees in one of the organisations work with 150 volunteers. Many of the points Senator Keane has raised are the points we too raise.

Cuirim fáilte roimh na toscairí agus roimh an cur i láthair agus tréaslaím leo as an obair atá á dhéanamh acu ar son earnála na Gaeilge. Tá roinnt ceisteanna gur bhreá liom a ardú leis na toscairí agus b'fhéídir go dtabharfaidh na ceisteanna sin deis dóibh soiléiriú a dhéanamh ar chuid de na hábhair atá ag déanamh tinnis dóibh.

Is dóigh go gcuirfí i leith na n-eagraíochtaí Gaeilge, dá mbeadh muid ag éisteacht le Foras na Gaeilge - ní maith liom focail a chur ina mbéal - nár chomhoibrigh na heagrais Gaeilge leis an bpróiseas seo ag an tús agus gur bhain cuid den "stand-off" leis sin, mar bhí Foras ag cur moltaí chun cinn agus bhraith cuid den earnáil Gaeilge nach raibh siad ag iarraidh a bheith páirteach sa phróiseas mar níor aontaigh siad leis. Ar mhaith leis na toscairí cur síos beag a dhéanamh ar sin agus ar an gcaighdeán cumarsáide idir an chomhdháil agus an foras. Braithim ó bheith ag éisteacht leis na heagrais eile an lá faoi dheireadh, go bhféadfaí go leor a rá faoin gcaighdeán cumarsáide a bhí idir an chomhdháil agus an foras. An féidir soiléiriú a thabhairt faoi sin? Ag an am céanna, braithim ó na toscairí go n-aontaíonn siad go bhfuil gá le atheagrú. Ach céard a chuirfeadh siadsan i bhfeidhm? Cén chaoi an ndéanfadh siadsan an t-atheagrú sin dá mbeadh sin le cur i bhfeidhm? Cá bhfeiceann an chomhdháil go bhfuil sábháil le déanamh? Is léir go bhfuiltear ag iarraidh airgid a shábháil nó an t-airgead a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí.

Sa chomhthéacs seo, nuair a bheidh muid thar an phróiseas seo agus bogtha ar aghaidh ó thaobh na Gaeilge a chur chun cinn agus ó thaobh cúrsaí teanga de, cén ról a fheiceann an chomhdháil don fhoras? Cén ról is cóir a bheith ag an bhforas sa phróiseas seo ar fad? Cá seasann an chomhdháil i gcomhthéacs an róil atá ag an bhforas i bhfianaise Comhaontú Aoine an Chéasta go bhfuil ról uile-Éireannach agus mar sin de aige? Céard a bheadh difriúil idir an rud a dhéanfadh an foras agus an rud atá an chomhdháil ag iarraidh a chur i bhfeidhm agus cén chaoi a ndéanfaí sin?

Aontaím leis an gcomhdháil i dtaobh Oifig an Choimisinéara Teanga agus cuirim fáilte roimh an méid atá ráite ag an Seanadóir Keane i dtaobh sin. Sílim go bhfuil lucht na Gaeilge ar fad aontaithe go hiomlán go bhuil an oifig ag oibriú go han-mhaith ar fad agus gur cóir í a fhágáil mar atá sí faoi láthair. Mhol an chomhdháil, ó thaobh athbhreithniú ar Acht na dTeangacha oifigiúla, go dtabharfaí cúnamh gairmiúil isteach don athbhreithniú sin. Bheadh daoine ag rá go bhfuil neart stát seirbhísigh fostaithe sa Roinn le haghaidh an t-athbhreithniú a phróiseáil. Cén fáth, mar sin, an bhfuil an chomhdháil ag moladh go dtabharfaí daoine neamhspleácha isteach leis an t-athbhreithniú sin a láimhseáil?

Le críochnú, cuirtear i leith na n-eagrais go bhfuil dúbláil ar siúl. An rud atá cloiste agamsa ná go bhfuil dúbláil ar siúl idir obair an fhorais agus obair na n-eagras. An bhfeiceann an chomhdháil go bhfuil dúbláil ar siúl leis an méid atá an foras ag déanamh? An bhfuil siadsan, dar le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ag treasnaíl ar an obair a bhfuil an chomhdháil in ainm is a bheith ag cur i gcrích? An gcomhairleodh an chomhdháil don fhoras a bheith ag díriú ar rudaí eile, nó fanacht amach as garraí na comhdhála, más féidir liom é a chur ar an gcaoi sin? An bhfuil aon chuid den dúbláil sin ann? Tá mé ag súil go mór le taobh an fhorais den scéal a chloisteáil. Bheadh sé go maith freagraí a bheith faighte ar chuid des na hábhair seo sula dtiocfaidh ionadaithe an fhorais isteach.

Mr. Pádraig Mac Criostail

Más féidir liomsa plé leis an gceist a chuir an Seanadóir Ó Clochartaigh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus faoin mholadh comhairleoir gairmiúil a chur i mbun oibre chun an próiséas a athbhreithniú. Tháinig an moladh sin chun cinn ag Tóstal na Gaeilge. An t-Ollamh Colin Williams a thairg an moladh i dtosach báire. Pléadh an moladh go leathan ar an lá agus aontaíodh go mbeadh sé thar a bheith tábhachtach, chun iontaobhas iomlán an phróisis athbhreithnithe a dheimhniú, nach dtitfeadh an dualgas iomlán ar státseirbhísigh an gnó seo a phróiseáil ach go mbeadh an deis ag comhairleoir gairmiúil, leis an saineolas agus an seasamh idirnáisiúnta cuí, tabhairt faoin bpróiseas. Mholamar inár gcur i láthair go gceapfaí an té sin.

Táimid ag moladh go bhfoilseofaí, go luath, tuairisc ar na moltaí mar achoimre ar na moltaí a rinne an pobal tríd an bpróiseas comhairliúcháin, agus go mbeadh deis ag an gcomhairleoir gairmiúil breithniú a dhéanamh ar na moltaí sin agus ar na himpleachtaí, ar an éifeacht agus ar an tionchar a bheadh ar chur chun cinn na Gaeilge nó ar bhaint amach príomh aidhm an Achta dá gcuirfí na moltaí sin i bhfeidhm. Measaimíd go láidir go mbeadh sin chun leas an phróisis go hiomlán agus go gcuirfeadh sé go mór leis na leasaithe a bheidh le déanamh ar an Acht chun cur le stádas na Gaeilge agus le baint amach príomh aidhm an Achta. Sin an fáth go bhfuilimid á mholadh.

Ba mhór againn tacaíocht an choiste don mholadh sin, go mbreathnódh an coiste air agus go mbfhéidir go mbeadh deis ag an gcoiste cuireadh a thabhairt don Roinnn teacht agus na moltaí a phlé leis agus go ndéanfadh an coiste cuid den iniúchadh ar na moltaí, le feiceáil céard iad na himpleachtaí a d'eascródh astu. Níl an gnó sin pléite mar go bhfuilimíd ag díriú go huile agus go hiomlán ar cheist shamhail nua mhaoinithe an fhorais. Mar sin féin, ba mhaith liom an pointe sin a ath-dheimhniú agus fáiltím roimh an deis, tré cheist an tSeanadóra, sin a dhéanamh.

B'fhéidir gur leor é sin. Má tá an Seanadóir sásta leis an bhfreagra sin iarrfaidh mé ar Kevin-----

Mr. Kevin De Barra

Na ceisteanna deacra eile a fhreagairt.

I am conscious of time. We have to complete a second module this afternoon. I ask members to avoid commentary and to make direct questions. I will composite them.

Cuirim fáilte roimh na cuairteoirí. Aontaím leis an méid atá ráite faoin gCoimisinéir Teanga. Bhí díospóireacht againn faoi sin cheana.

Deputy Kitt, if you could put a question.

Tá seo an-tábhachtach agus ba mhaith liom cuidiú leis an méid adúirt tú féin, a Chathaoirligh, ag an gcruinniú roimhe seo.

Maidir le toghcháin Údarás na Gaeltachta, níor fógraíodh Bille nó leasú ar Bhille chun na toghcháin sin a chur ar ceal. Cén smaoineamh atá ag an gcomhdháil mar gheall ar an údarás agus ar an obair atá déanta aige?

Chuir mé ceist faoi chostas riaracháin Fhoras na Gaeilge. Cad iad costais riaracháin Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, go háirithe costais foirne agus pá, cíos oifige, árachas agus rudaí mar sin?

Ba mhaith liom an méid oibre atá déanta ag an gcomhdháil a mholadh. Is mór an trua go bhfuil difríochtaí idir an chomhdháil agus an fhoras, agus b'fhéidir idir an gcoiste seo agus an fhoras? Beidh seans againn na ceisteanna seo a chur ar an bhforas níos déanaí.

I apologise that I am not capable of speaking to the witnesses in Irish. The witnesses spoke about the need for an assessment. Has Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge done an assessment and put a value on the amount of time worked by volunteers, or are they waiting for the process to develop further?

With regard to the competitive model, how many of the 19 organisations would survive that kind of process? Has comhdháil looked at the points made about cost reductions? Is there a viable way to consolidate some of the organisations?

Is there an issue with regard to people being made redundant and re-employed on the other side? Is this really a cost saving measure? That is the point I am trying to get at.

I have two questions. Bhí díospóireacht an-suimiúil againn an tréimhse seo caite le cuid des na daoine a fheicim anseo. Maidir le dúbláil, tá an fhadhb seo á phlé i ngach aon earnáil phoiblí, m'earnáil féin - is é sin cúrsaí ealaíona - san áireamh. Le bheith fírinneach, an bhfuil dúbláil ann? An bhféadfadh na haíonna pé líomhaintí atá ann faoi dhúbláil a chur faoi bhráid an choiste.

Ar thug Foras na Gaeilge cuireadh don gcomhdháil bualadh leis? Ar bhuail an chomhdháil leis an bhforas chun an scéim nua mhaoinithe seo a phlé? Má bhuail, cad a d'eascair as an chruinniú sin?

Mr. Kevin De Barra

Tá roinnt mhaith ceisteanna curtha agus déanfaidh mé iarracht díriú isteach orthu agus athchoimriú a dhéanamh orthu i mo chuid freagraí.

Luaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh an focal "stand-off". Is aisteach gur úsáid sé an focal sin agus é ag cur ceiste maidir le caighdeán cumarsáide idir muid féin agus Foras na Gaeilge. Is léir go bhfuil deacrachtaí cumarsáide san earnáil le Foras na Gaeilge. Tabharfaidh mé sampla. Tá an próiseas comhairliúcháin reatha, a bhfuilimid ina lár i láthair na huaire, iarrtha mar gheall go bhfaca na hAirí sa Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas nach raibh aon dul i gcomhairle, nó meaningful engagement, idir na heagraíochtaí agus Foras na Gaeilge maidir leis na ceisteanna seo. Bhí próiseas comhairliúcháin cheana féin againn ach nuair a tháinig sé chun deireadh, thart ar sé mhí ó shin, an toradh a d'fhógair Foras na Gaeilge ná nach bhfuair siad aighneachtaí ó na heagraíochtaí bun mhaoinithe. B'éigean dúinn dul chomh fada leis an gcruinniú Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas agus na haighneachtaí sin a chuireamar faoi bhráid Fhoras na Gaeilge a bhronnadh ar na hAirí. Gach rud a chuireamar chuig an fhoras, chuireamar an rud céana cóipeáilte chuig na hAirí. Tá na rudaí sin ag teacht amach ón bpróisaas comhairliúcháin.

É sin ráite, táimid ag iarraidh a bheith dearfach. Táimid tar éis a bheith ag cruinnithe le Foras na Gaeilge, ach is cinnte go dteastaíonn meicníocht idirghabhála idir Fhoras na Gaeilge agus an earnáil, mar i láthair na huaire níl ag éirí leo sa chaoi sin. Maidir leis an gcaighdeán cumarsáide, is cinnte go bhféadfadh sé a bheith i bhfad níos fearr.

Thagair an Seanadóir Ó Clochartaigh do ról an fhorais. Is áisíneacht Stáit í Foras na Gaeilge. Mar áisíneacht Stáit tá sí ann chun gníomh an Rialtais a chur i bhfeidhm. Níl an foras pobal-bhunaithe ar bhealach ar bith, mar atá na heagrais. Tá na heagrais freagrach agus ionadaíoch thar ceann phobal labhartha na Gaeilge agus phobal na tíre. Ó thaobh ról an fhorais, is cinnte go bhfeicfimid go bhfuil treasnaíl ansin. Tá an foras ann mar áisíneacht Stáit agus táimíd ionadaíoch thar ceann phobal na hÉireann. Tá difríochtaí ansin agus caithfear aird a thabhairt ar na difríochtaí sin. Mar áisíneacht Stáit ní féidir leis an bhforas a bheith ionadaíoch thar ceann na ndaoine i gceart. Is ón mbonn aníos atá muide ag feidhmiú.

Cuireadh ceist faoi dhúbláil cúpla uair. Is léir go bhfuil dúbláil san earnáil agus tabharfaidh mé sampla amháin don gcoiste. Ceann des na tograí is mó a bhíonn ar siúl ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge is ea gaelport.com, agus tá eagarthóir gaelport.com, Niamh Ní Shúilleabháin, linn anseo. Tá an suíomh idirlín sin tar éis Irish Web Award, gradam idirlín na hÉireann, a bhuachain dhá bhliain as a chéile, agus tá sé tar éis gradam a fháil ag na Digital Media Awards. Is príomh shuíomh eolais na Gaeilge é, mar sin. Is é an suíomh a úsaideann dhá mhilliún duine timpeall na cruinne ar bhonn laethúil. Tá dubláil ann. Tá suíomh eile ann, gaeilge.ie, atá á maoiniú ag Foras na Gaeilge mar phríomh shuíomh eolais na Gaeilge. Má cuirtear ceist, cé chomh minic a déantar uasdátú ar sin nó cé mhéad airgid a caitear air, feictear gur uafásach an méid airgid é agus nach ndéantar uasdátú air ach b'fhéidir uair in aghaidh na míosa. Dúbláil atá ansin idir obair na n-eagraíochtaí agus obair an fhorais. Tá muide ann thar ceann an phobail agus chun freastal ar riachtanais an phobail. Maidir le dúbláladh, sin sampla iontach go bhfuil dúbláil san earnáil idir obair na n-eagras agus obair an fhorais ach is iad na heagrais atá tar éis na gradaim a bhuachain, líon na síntiúsóirí a mhéadú agus gach uile sórt eile. Is léir go bhfuil dúbláil ann, ach mar gheall gur eagraíochtaí deonacha muid agus go bhfuilimid in ann oibriú i gcomhar leis na heagraíochtaí eile táimid in ann rudaí níos fearr a chur ar fáil ná mar atá an Stát í féin.

Deputy Catherine Murphy asked if any assessment has been undertaken. The only assessment was undertaken four years ago by Mazars. That report was commissioned by Foras na Gaeilge. It dealt mainly with the management structures within the organisations, and they came out very well from that assessment. The report made no reference to duplication. One of the options it set out was to maintain the status quo.

The report that members will hear about later does not try to assess the work of the Irish language organisations. That is an important point. Nor, as we alluded to earlier, does it take into account the voluntary aspect of the work and the amount of extra voluntary work done by employees of the organisations.

Deputy Murphy also asked about the effects of redundancies and how many of the organiations will still be standing. Because the model is a competitive one, it allows for only eight Irish language organisations to be funded by Foras na Gaeilge. It is as simple as that. Those organisations will be funded for three years and for short-term goals. One of the schemes, which relates to youth, only allows for the organisation to disseminate information. That scheme is not at all community based. The youth scheme only spreads information. If the organisations are not there there will not be any services and no information to disseminate. Deputy Murphy asked how many organisations will be still standing. The scheme allows for a maximum of eight. With regard to redundancies, if the model is put into effect, the staff, who are financed by Foras na Gaeilge, will have to be let go. The schemes clearly set out that after three years each employee is made redundant and if rehired will start on point 1 of the salary scale.

Mr. Pádraig Mac Criostail

There was a question about consolidation in a viable way. The committee had a presentation from Aontas Phobal na Gaeilge, which I have mentioned. That is one example of a possible way forward. Aontas Phobal na Gaeilge was developed without support from Foras na Gaeilge. In fact, difficulties and barriers to it were put up by foras. Foras na Gaeilge has not provided us with the information we need to make counter proposals that would be viable, not only from the point of view of the organisations but also of the language in the long term. That is what we want to develop. It is what is required for the future of the language. There are plenty of strong ideas and plenty of discussion going on but this is not being carried forward or acted upon by Foras na Gaeilge. In answer to an cheist ón Seanadóir Fiach Mac Conghail, tá caidreamh an-mhaith. We have plenty of opportunities to make presentations and submissions to Foras na Gaeilge. Unfortunately, those submissions, like many made to public or semi-State bodies, are gathering dust on a shelf while Foras na Gaeilge is ploughing ahead with its own ideas.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Pádraig Mac Criostail, le Kevin de Barra agus le Niamh Ní Shúilleabháin as ucht cabhrú linn. You are welcome to witness the remainder of this evening's proceedings.

The sitting will now suspend while representatives of Foras na Gaeilge take their seats.

Sitting suspended at 4.05 p.m. and resumed at 4.08 p.m.

We are back in public session. I call on the clerk to read the etiquette for the meeting.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom a chur ar a n-aird, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don gcoiste seo. Má ordaíonn an coiste d'fhinné, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, agus má leantar á tabhairt, níl sé i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise. Ordaítear d'fhinnéithe nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh nó liomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom finnéithe a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach, ina ainm nó ina hainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Go raibh maith agat.

Mr. Liam Ó Maolmhichíl

Go raibh maith ag an gcoiste agus agat, a Chathaoirligh, as ucht an deis a thabhairt dúinn cur i láthair a dhéanamh faoi Fhoras na Gaeilge, faoin ár gcuid oibre agus faoin tsamhail nua mhaoinithe. Ar dtús tabharfaidh mé cúlra agus stair Fhoras na Gaeilge. Ansin labhróidh mé faoin ár gcuid oibre faoin tsamhail nua mhaoinithe. I mo chuideachta tá Ferdia Mac an Fhailigh, príomh fheidhmeannach an fhorais, Seán Ó Coinn, leas-phríomh fheidhmeannach, agus Éamonn Ó hArgain, an stiúrthóir seirbhísí forbartha.

Is eagraiocht uile-oileánda í Foras na Gaeilge a d'eascair as Comhaontú Aoine an Chéasta. Tá Foras na Gaeilge freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann faoin reachtaíocht bhunaidh. Bunaíodh Foras na Gaeilge ar an dara la de mhí na Nollag 1999. Tá Bord de 16 eagraíocht ag Foras na Gaeilge agus is é an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas a cheapann na comhaltaí boird.

Faoi réir Chomhaontú Aoine an Chéasta bunaíodh An Foras Teanga, sin comhlacht forfheidhmithe Thuaidh-Theas, chun an Ghaeilge agus an Ultais a chur chun cinn. Faoi choimirce an chomhlachta sin, déanann Foras na Gaeilge na freagrachtaí go léir i dtaca leis an Ghaeilge a chur i gcrích. I measc na bhfreagrachtaí sin tá labhairt agus scríobh na Gaeilge sa saol poiblí agus sa saol príobháideach sa Deisceart. Tá an fhreagracht chéanna ann i leith an Tuaiscirt, sa chás go mbíonn an t-éileamh cuí ann agus i gcomhthéacs chuid III den Chairt Eorpach um Theangacha Reigiúnacha nó Mionlaigh.

Aistríodh foirne Bhord na Gaeilge, an Ghúim agus an Choiste Tearmaíochta, agus a ngniomhaíochtaí ar fad go dtí Foras na Gaeilge. Ó shin aistríodh cúram Bhord na Leabhar Gaeilge (Clár na Leabhar Gaeilge anois) chuig Foras na Gaeilge, le héifeacht ó 1 Eanáir 2008 agus aistríodh cúram Cholmcille chuig Foras na Gaeilge agus Bord na Gaidhlig, le héifeacht ó 1 Aibreáin 2008.

Tá ról ag Foras na Gaeilge i dtaca le comhairle a chur ar lucht Rialtais, Thuaidh agus Theas, ar chomhlachtaí poiblí agus ar ghrúpai eile sna hearnálacha príobháideacha agus deonacha i ngach gnó a bhaineann leis an Ghaeilge. Ina theannta sin, cuireann siad tionscadail thacaíochta ar bun agus tugann siad cúnamh deontais do chomhlachtaí agus do ghrúpaí ar fud oileán na hÉireann.

Tá Foras na Gaeilge freagrach don Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas agus tuairiscíonn an foras don Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Sin Airí na Ranna Urraíochta - An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó Dheas agus an Roinn Cultúr, Ealaíon agus Fóillíochta ó Thuaidh.

Faoin reachtaíocht bhunaidh is iad na cúraimí atá ar Fhoras na Gaeilge ná: an Ghaeilge a chur chun cinn agus úsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh sa chaint agus sa scríbhneoireacht, sa saol poiblí agus sa saol príobháideach, sa Deisceart agus, i gcomhthéacs Chuid III den Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, i dTuaisceart Éireann mar a mbeidh éileamh cuí ann; comhairle a thabhairt don dá lucht riaracháin, do chomhlachtaí poiblí agus do ghrúpaí eile san earnáil phríobháideach agus dheonach; tionscadail thacaíochta a ghabháil de láimh, agus cúnamh deontais a thabhairt do chomhlachtaí agus do ghrúpai de réir mar a mheasfar is gá; taighde, feachtais tionscnaimh, agus caidreamh poiblí agus caidreamh leis na meáin, a ghabháil de láimh; téarmaíocht agus foclóiri a fhorbairt; agus tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge.

De réir na reachtaíochta tá ocht gcinn d'eagraíochta a chuireann Foras na Gaeilge bunmhaoiniú ar fáil dóibh. Cuirimid bunmhaoiniú ar fáil do 11 eagraíocht eile lena chois sin, a bhfuil 12 acu lonnaithe ó dheas agus seacht gcinn acu lonnaithe ó thuaidh.

Chomh maith le maoiniú a chur ar fáil do na 19 eagraíocht bunmhaoinithe, seo sampla, agus ní liosta iomlán cuimsitheach, den obair a dhéanann Foras na Gaeilge leis na cúraimí seo a chomhlíonadh agus leis an teanga a chur chun tosaigh. Tá foclóir nua Béarla-Gaeilge á fhorbairt agus beidh leagan leictreonach den fhoclóir ar fáil faoi dheireadh mhí na Nollag i mbliana 2012 a chlúdóidh thart ar 90% de na cuartaí bunaithe ar thaithí idirnáisiúnta foclóireachta. Tá forbairt leanúnach á dhéanamh ar focal.ie, an bunachar náisiúnta téarmaiochta ar le Foras na Gaeilge é. Faoin Scéim Phobail Gaeilge 2011-2013 tá maoiniú á chur ar fáil do 19 oifigeach forbartha atá ag obair le plean aontaithe trí bliana a chur i bhfeidhm ina gceantair féin. Tá Scéim na gCampaí Samhraidh agus Scéim na n-lmeachtai Óige ann le deis a thabhairt do dhaoine óga - os cionn 5,000 duine idir an dá sceim - an teanga a úsaid ag imeachtaí spraíúla taobh amuigh den seomra ranga. Tá Scéim na gComplachtaí Drámaíochta ann le deis a thabhairt do lucht dramaíochta, léirithe i nGaeilge a chur ar fáil. Tá úirlisí aistriúcháin agus traenáil maraon le séala d'aistritheoirí agus eagarthóirí forbartha agus i bhfeidhm ag Foras na Gaeilge. Cuireann an Gúm téacsleabhair agus áiseanna foghlama agus teagaisc ar fáil d'earnáil na gaelscolaíochta. Trí Chlár na Leabhar Gaeilge cuirtear tacaíocht ar fáil d'fhoilsitheoirí na Gaeilge. Déanann Áis leabhair Ghaeilge a dháileadh.

Faoi láthair tá oifigí ag Foras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste, i Rath Chairn a fuair muid nuair a aistríodh Bord na Leabhar Gaeilge chuig an fhoras, agus i nGaoth Dobhair a osclaíodh i mí Mhéan Fómhair 2010 faoin gClár Díláraithe.

Nuair a bunaíodh Foras na Gaeilge i 1999 aistríodh cúram na n-eagras Gaeilge a bhí ag fáil maoiniú ón Stát sa dá dhlínse chuig Foras na Gaeilge. Ciallaíonn sin gur fágadh 18 de na 19 eagras bhunmahaoinithe atá ann ag Foras na Gaeilge le huacht. Bhí na 18 eagras seo maoinithe ag an am sin ag áisínteacht Stáit i gceann amháin den da dhlínse. An t-aon eagras úr ná Raidió Fáilte, a chuireann seirbhís raidió pobail ar fáil do Ghaeil Bhéal Feirste. Cuireadh gach ceann eile de na 18 eagras faoi chúram Fhoras na Gaeilge nuair a bunaíodh an eagraíocht.

Siar sa bhliain 2008 bhí plé ann faoi chúrsaí airgeadais agus an chuma a bhí ag teacht ar chúrsaí eacnamaíochta, agus in Aibreán 2008 mhol Foras na Gaeilge do na heagrais choiste comhoibrithe a bhunú thart ar na tosaíochtaí maoinithe ag Foras na Gaeilge. B'iad stádas, cumas agus úsáid. An moladh a bhí ann ná amharc ar bhealaí ina bhféadfaí an obair a dhéanamh ar bhealaí níos éifeachtaí sna mór-réimsi seo.

Ar 2 Nollaig 2009 thug an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas treoir d'Fhoras na Gaeilge athstruchtúrú a dhéanamh ar an earnáil bhunmhaoinithe. Ó shin i leith agus roimhe, tá iarrachtaí leanúnacha déanta le moltaí na hearnála a fháil faoin dóigh is fearr leis an chuíchóiriú a chur i bhfeidhm. Scríobhadh chuig na heagrais faoi dhó le linn 2009. Bhí cruinniú leis na heagrais ar fad ar 12 Feabhra 2010 agus arís i Márta agus Meithearnh 2011. Rinneadh comhairliúchán gairid ar an athrú i Meán Fómhair 2010 agus rinneadh comhairliúchán deich seachtaine ar an chur chuige molta, sin an t-athrú ó bhunmhaoiniú go dtí cur chuige scéim-bhunaithe idir Márta agus Meithearnh 2011. Tá próiseas comhairliúcháin ar siúl anois ar an phunann dréachtscéimeanna mar a iarradh ag an gComhairle Aireachta.

Tá aighneachtaí faighte ó eagrais éagsúla le linn an phróisis ar fad agus bhí cruinnithe le heagrais ag amanna éagsúla chomh maith. Rinneadh iarrachtaí leanúnacha ionchur na n-eagras a chur san áireamh. Mar shampla d'fhreastail ionadaithe ó na grúpaí ar an gcoiste forbartha, ar chuireadh, agus tá teagmhail leanúnach leis na heagrais. Mar chuid den phróiseas reatha comhairliúcháin tá cruinnithe i ndiaidh bheith againn le deich gcinn de na heagrais, leis an dá scáthghrúpa, An Fóram agus Aontas Phobal na Gaeilge, agus tá cuireadh curtha ar na heagrais uilig bualadh linn.

Tá plé leanúnach déanta, agus aighneachtaí faighte ó na heagrais maidir leis an todhchaí agus an bhealach chun tosaigh. I mí na Bealtaine 2010 mhol Foras na Gaeilge don Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas gur scéimeanna iomaíochta an bealach is fearr chun tosaigh. Ghlac an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas leis an mholadh sin agus dúirt go raibh sé ag teacht leis an gcinneadh a rinneadh i mí na Nollag 2009. Agus Foras na Gaeilge ag iarraidh cinneadh an dá Rialtas tríd an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas a chur i bhfeidhm, táimid ag iarraidh dul i ngleic le roinnt deacrachtaí leis an chur chuige reatha maoinithe. Luafaidh mé cuid acu. Tá barraíocht d'olldeontas Fhoras na Gaeilge ceangailte le bunmhaoiniú. Sa bhliain 2011 chaith Foras na Gaeilge 40% dá bhuiséad ar bhunmhaoiniú. Táimid ag iarraidh costais riaracháin agus reachtála na hearnála a laghdú. Níl an córas reatha inmharthana. Tá 19 eagras ann agus oifig ag beagnach gach ceann acu. Ciallaíonn sin go bhfuil cíos le híoc ag beagnach gach ceann acu. Tá ceannasaí, fáilteoir, foireann, foireann riaracháin agus mar sin de acu agus i rith an ama tá buiséad Fhoras na Gaeilge ag cúngú. Ó 2008, tá buiséad an fhorais i ndiaidh titim thart ar 16%. Dá mbeadh an córas reatha le leanúint ar aghaidh chaithfeadh deireadh teacht le scéimeanna eile, mar shampla scéimeanna campaí samhraidh, imeachtai óige, scéim phobal Gaeilge nó a leithéid.

Tá laigí sa choras reatha, agus luafaidh mé cúpla ceann acu. Tá scálaí agus leibhéil tuarastail sna heagraíochtai eagsúla neamhchothrom agus tá difríocht shuntasach idir tuarastail in eagraíochtaí éagsúla ar son phost chomhchosúil. I gcásanna áirithe ní léiríonn tuarastail go cuí na leibhéil freagrachta nó an bhuiséid mhaoinithe sna heagraíochtaí. Tá na seirbhísí á soláthar faoi láthair ar bhonn tireolaíoch atá míchothrom. Tá an chuid is mó acu lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste. Tá an-mhorán dublála i mease na n-eagraíochtaí. Leiríonn taighde a rinne Mazars dúinn go bhfuil cúig eagraíocht atá ag déanamh abhcóideachta thar ceann na teanga, sé eagraíocht bainteach leis an oideachas agus seacht n-eagraíocht bainteach le gníomhaíochtaí tacaíochta do dhaltaí agus do mhúinteoirí. Oibríonn an dúbláil sin agus struchtúir eagraíochtúil sa tsamhail reatha in aghaidh línte soiléire freagrachta agus cuntasachta. Cé atá freagrach as abhcóideacht, mar shampla? An féidir an tacaíocht uile le haghaidh múinteoiri, bíodh siad in earnáil na gaelscolaíochta nó ag teagasc Gaeilge in earnáil an Bhéarla, a sholáthar tríd aon eagraíocht amháin?

Dearadh na scéimeanna molta bunaithe ar na tosaíochtaí straitéiseacha ag Foras na Gaeilge (stádas, cumas agus úsáid) agus ar na tosaíochtaí molta faoi mhúnlaí aitheanta den phleanáil teanga, agus tá siad ag teacht leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Faoin tsamhail, tá ocht scéim molta. Tá a bhfuil molta de réir na scéimeanna bunaithe cuid mhór ar na réimsí éagsúla oibre atá idir lámha ag na heagraíochtaí faoi láthair, agus iarracht déanta bearnaí sa soláthar reatha a líonadh. Is iad: Scéim Abhcóideachta; Scéim Áiseanna Foghlama; Scéim na nEalaíon; Scéim Óige; Scéim Raidió Pobail; Scéim Tacaíochta Oideachais; Scéim Réamhscolaíochta; agus Scéim Tacaíochta Pobail

Is í is aidhm leis an tionscadal seo ar fad ná seirbhísí a sholáthar ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla don bpobal agus luach ar airgead a chinntiú, leas na Gaeilge agus leas an cháiníocóra. Ní bhaineann seo le Foras na Gaeilge ná leis na heagrais. Baineann seo le seirbhísí don bpobal agus le leas na Gaeilge.

Oibríonn dúbláil agus struchtúr eagraíochtúla sa tsamhail reatha in aghaidh línte soiléire freagrachta agus cuntasachta. De bharr dholúbthacht na samhla reatha, is é a bhíonn mar thoradh dhosheachanta ar chiorruithe i maoiniú do na heagrais bhunmhaoinithe, a chuireann Foras na Gaeilge ar aghaidh de thoradh laghduithe i mbuiséad iomlán Fhoras na Gaeilge féin, ná níos lú caiteachais ar chláir agus níos mó ar fhoireann, i dtéarmaí céatadáin.

Nuair a dearadh na scéimeanna bhí dhá chruinniú ag Foras na Gaeilge leis na heagrais leis an tsamhail agus na critéir a phlé. Ag na cruinnithe, mhol na heagraíochtai bogadh ó mhaoiniú bliana go dti maoiniú trí bliana le deis a thabhairt do ghrúpaí pleanáil agus torthaí a bhaint amach. Mhol na heagraíochtaí an scéim faoi oideachas fadsaoil a nascadh leis an scéim abhcóideachta. Ghlac Foras na Gaeilge leis na moltaí sin agus tá siad i bhfeidhm sa tsamhail nua mhaoinithe.

Cinnteoidh an tsamhail nua mhaoinithe go mbeidh Foras na Gaeilge in ann maoirseacht níos éifeachtaí a dhéanamh ar chistí poiblí agus athchóiriú a dhéanamh chun éifeachta, línte soiléire freagrachta i gcomhair réimsí gníomhaíochta, cuntasacht ar chistí caiteachais agus leibhéil íslithe dúblála. Beidh athstruchtúrú againn a bheidh straitéiseach, struchtúrtha agus pleanáilte, seachas athstruchtúrú a bheidh mall, ad hoc agus neamhphleanáilte agus a bheidh tiománta ag ciorruithe caiteachais ar dhóigh neamhphleanáilte. Nuair atá an tsamhail nua tiomanta ag torthaí, beimíd in ann eagraíochtaí a choimeád cuntasach agus freagrach agus beimíd in ann socruithe maoinithe a athrú le freagairt ar riachtanas agus le maoiniú a chur ar fáil de réir thorthaí. Beimid in ann tosaíochtaí maoinithe a athrú bunaithe ar thosaíochtaí Rialtais sa dá dhlínse, mar shampla Straitéis Gaeilge ó Thuaidh. Beidh luach níos fearr ar airgead, caighdeáin níos airde seirbhíse, torthaí níos mó agus cuntasacht níos fearr. Beidh oifigigh lonnaithe tríd an oileán ar fad, ag plé le grúpaí áitiúla agus ag comhordú na hoibre atá ar siúl go deonach ag grúpai ar fud an oileáin. Chomh maith leis sin, ligfidh an tsamhail nua d’eagraíochtaí nua agus do dhaoine nua bheith páirteach i scéimeanna agus deis a thabhairt d’fhuil agus d’fhuinneamh úr teacht isteach i ngluaiseacht na Gaeilge. Tabharfaidh an tsamhail nua scálaí tuarastail in eagraíochtaí chun go mbeidh siad ag teacht le scálaí reatha sa tseirbhis phoiblí agus níos mó rialaithe maidir le méaduithe tuarastail. Léireoidh tuarastail leibhéil freagrachta, agus cuntasachta. Bainfear tuarastail ró-ard as an earnáil. De thoradh téarma seasta de thrí bliana ar a laghad a bheith ag an tsamhail beidh deiseanna solúbthachta ann i maoiniú agus i gcur ar fáil seirbhísí.

Is é tuairim Fhoras na Gaeilge gurb é seo an bealach is fearr le hathstruchtúrú a dhéanamh ar an earnáil bhunmhaoinithe ach táimíd ag iarraidh go mór moltaí ar bith a fháil atá le leas na Gaeilge go gearrthéarmach agus go fadtéarmach, a chuirfidh an t-athstruchtúrú i gcrích go héifeachtach agus a chinnteoidh bunaidhm an athraithe. Is é sin, seirbhísí a sholáthar ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla don bpobal agus luach ar airgead a chinntiu.

Ba mhór an onóir dúinn cuireadh a fháil labhairt leis an gcomhchoiste. Go raibh míle maith agaibh.

I will ask one question before I invite questions from members of the committee. Mr. Ó Maolmhichíl, you say your own funding has been reduced by 16% since 2008. What rationalisations have been carried out in the administrative costs, staffing structures and operational base of Foras na Gaeilge? Your presentation is detailed with regard to the areas you cover and how efficiencies can be achieved in other areas. The committee would welcome the opportunity to hear what efficiencies you have made in your own organisation since 2008?

Mr. Liam Ó Maolmhichíl

Iarrfaidh mé ar ár bpríomh fheidhmeannach an cheist sin a fhreagairt.

Mr. Ferdie Mac an Fhailigh

Since 2008, our budget has been reduced by 16%. In that time we have been recruiting more staff. However, there is a very good reason for that. When the organisation was set up a staff complement of 65 was approved in principle. It was also agreed that a review would be carried out of An Gúm, the publishing house, Áis, the distribution service, and An Coiste Téarmaíochta, the terminology committee. That review proposed 13 new members of staff. Currently, with the staff transferred to us from Colmcille and Bord na Leabhar Gaeilge, we have a staff of 60. We also opened an office in Gaoth Dobhair in September 2010, which was part of the decentralisation programme and agreed by the North-South Ministerial Programme in 2006.

We have been carrying out efficiency savings in our own operations internally and in how we carry out the work we do. Given that our staff numbers have risen, it has been difficult to make savings in those terms.

By how much has your staff increased since 2006, in percentage terms?

Mr. Ferdie Mac an Fhailigh

Off the top of my head, by about 7%.

Has funding been reduced or increased in that period?

Mr. Ferdie Mac an Fhailigh

Our funding has reduced by approximately 16% since 2008.

Déanaim comhghairdeas leis an toscaireacht as ucht an méid atá déanta aici. Bhí an tUasal Ó Maolmhichíl ag labhairt ansin faoi phlé le grúpaí áitiúla agus an obair atá ar siúl go deonach ar fud an oileáin. Cén chaoi is féidir leis sin a dhéanamh? Tá cúig oifig ag an bhforas, le dhá oifig acu anseo i mBaile Átha Cliath. An bhfuil foireann nua de dhíth?

Mr. Ferdie Mac an Fhailigh

An rud a bhí i gceist ag an Chathaoirleach ná faoi na moltaí faoi na dreach scéimeanna. Tá molta go mbeidh scéim tacaíochta pobal ann agus mar chuid de sin, beidh oifigigh réigiúnacha fostaithe ag cibé grúpa a bhainfeadh an scéim sin agus go mbeadh na hoifigigh sin fostaithe ag an ngrúpa chun comhordú a dhéanamh ar na hiarrachtaí atá ar siúl sa sainréigiún aige féin.

Rud eile atá ar siúl a luaigh an Cathaoirleach ná Scéim Phobail Gaeilge 2011-2013. Scéim sin faoina bhfuil oifigeach ag 19 coiste ar fud an oileáin leis an teanga a chur chun cinn de réir plean teanga chomhaontaithe le Foras na Gaeilge sa cheantar acu féin. Sin an dá rud atá i gceist maidir le feidhmiú go háitiúil. Ní Foras na Gaeilge a bheadh á dhéanamh ach grúpaí eile, grúpaí atá nó a bheadh maoinithe ag Foras na Gaeilge.

Mr. Éamonn Ó hArgáin

Scéim trí bliana atá i gceist i Scéim Phobail Gaeilge 2011-2013, a fógraíodh go poiblí sna nuachtáin Thuaidh agus Theas agus bunaithe ar mheasúnú ar na hiarratais a tháinig isteach chuig Foras na Gaeilge. Tá an foras anois ag maoiniú, mar a dúirt an príomhfheidhmeannach, 19 oifigeach i gceantair dhifriúla ó Thuaidh agus ó Dheas chomh maith. Beidh deireadh leis an scéim sin ag deireadh 2013.

Is léir go bhfuil briseadh síos idir Foras na Gaeilge agus na heagraíochtaí eile. Is mór an trua go bhfuil na heagraíochta míshásta leis na rudaí atá an foras ag déanamh mar gheall ar airgead agus ar mhaoiniú le haghaidh na n-eagraíochtaí. An bhfuil Foras na Gaeilge ag gearradh siar mar bhí gearradh siar sa bhuiséad atá aige féin? Bhí duine ag rá go bhfuil cuid de na heagraíochtaí ag dúbailt oibre. Tá a lán rudaí ar siúl ag na heagraíochtaí agus bíonn siad trína chéile. Ní gá cur isteach orthu mar tá dúbailt ann. Tá sé tábhachtach go bhfuil na heagraíochtaí sin neamhspleách. An bhfuil sé de rún ag Foras na Gaeilge suí síos leis na heagraíochtaí chun na hábhair seo a phlé?

Dúirt na heagraíochtaí freisin go bhfuil gach fostaí nua ag tosú ag bun an scála, is cuma cén taithí atá acu.

Mr. Seán Ó Coinn

Tá deacrachtaí cumarsáide ann, cinnte, níl amhras ar bith faoi sin. B'fhéidir go bhfuil sin le tuiscint mar tá mór-athrú ar siúl i láthair na huaire, b'fhéidir an t-athrú is mó sa chóras maoinithe agus eagraithe ó thaobh ghluaiseacht na Gaeilge le blianta blianta fada. Níl aon amhras ach go mbeadh teannas ann. Táimid ag déanamh ár ndíchill ag iarraidh bheith cinnte go bhfuilimid ag dul i dtreo cumarsáide dearfaí idir an foras agus na heagraíochtí, oiread agus is féidir linn. Sin an bhrí ar bhealach atá leis an phróiseas reatha comhairliúcháin, le gur féidir linn sa trí mhí gach deis a thabhairt do na heagraíochtí teacht chugainn agus bualadh linn ar bhealaí éagsúla, b'fhéidir ag bualadh leo ina n-aonar, agus táimid ag iarraidh bualadh le ceannasaithe na n-eagraíochtaí le chéile agus cathaoirligh na gceannasaithe. Táimid ag iarraidh bualadh, agus tá buailte againn cheana leis na scáth-eagraíochtaí, Aontas Phobal na Gaeilge agus an fóram.

Aithnímid go bhfuil deacrachtaí cumarsáide ann agus táimid ag déanamh ár ndíchill ag iarraidh na deacrachtaí sin a bhriseadh anuas agus a bheith ag éisteacht go géar leis na tuairimí atá ag na heagraíochtaí. Tá sé tábhachtach a rá nach bhfuil duine ar bith againn i bhForas na Gaeilge nó sna heagraíochtaí ag iarraidh aimhleas na teanga a dhéanamh, táimid ag iarraidh leas na teanga a dhéanamh. Tá éagsúlacht tuairimí ann i láthair na huaire. Tá anailís déanta ag Foras na Gaeilge ar an bhealach chun cinn agus tá anailís déanta ag na heagraíochtaí agus ní hionann an dá anailís sin. Tá sé tábhachtach, áfach, go mbeimis sásta éisteacht leis na heagraíochtaí le fáil amach conas mar is féidir linn na deacrachtaí éagsúla atá luaite sa chur i láthair a shárú, go háirithe maidir le luach airgid a chinntiú, cuntasacht, freagracht agus na seirbhísí is fearr a fháil de chostais ar na cáiníocóirí. Tá sé tábhachtach gur féidir linn mar eagraíocht atá freagrach don Stát agus do na Tithe seo gur féidir linne sin a chur ar fáil ar lámh amháin agus ar an lámh eile a bheith ag teacht leis na tuairimí atá ag na heagraíochtaí. Beidh orainn teacht le chéile air sin agus táimid ag déanamh ár ndíchill chun sin a dhéanamh i láthair na huaire.

I dtaca le dúbailt, agus nílimid ag rá nach bhfuil na heagraíochtaí ag déanamh scoth na hoibre i láthair na huaire. Tá siad ag déanamh an-mhórán oibre agus tá siad an-éifeachtach ach dar linn d'fhéadfadh rudaí a bheith níos fearr dá mbeidís eagraithe níos fearr, go mbeadh eagraíocht amháin freagrach as réimse amháin oibre agus go mbeimís ag gearradh anuas ar an riarachán a bhainfeadh leis na heagraíochtaí agus na costais seasta atá acu. Cuir i gcás, má ghlacaimid ceist na habhchóideachta, cé a bheadh ag déanamh abhchóideachta leis an bpobal ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá níos mó ná eagraíocht amháin ag déanamh sin, san am atá i láthair agus tá muidne ag maoiniú na n-eagraíochtaí sinn. Mura mbeadh an obair sin á déanamh go héifeachtach, agus mar a tharlaíonn tá sí á déanamh, ach mura mbeadh ba mhaith linn bheith ábalta dul chuig eagraíocht agus sin a chur i láthair agus dá leanfadh sí le bheith ag dul ar aghaidh go mí-éifeachtach, go mbeadh bealach ann, airgead a bhaint den eagraíocht sin agus a thabhairt d'eagraíocht eile a bheadh níos éifeachtaí. Luadh neamhspleáchas agus aontaím go bhfuil sé an-tábhachtach do na heagraíochtaí den chineál seo bunmhaoinithe atá againn. Bheadh eagraíochtaí neamhspleácha ann faoin chóras atáimid á mholadh. Bheadh níos lú eagraíochtaí ann ach na heagraíochtaí a bheadh ann, bheidís níos mó ach bheidís neamhspleách agus ag obair i gcomhpháirt linn san fhoras.

Cuireadh ceist fáoi chúrsaí tuarastail ag bun an scála. I láthair na huaire, sin múnla atá ag teacht chugainn ón Rialtas. Post ar bith a fhógraíonn Foras na Gaeilge i láthair na huaire, caithfimid an post sin a fhógairt ag bun an scála, beag beann ar líon na mblianta taithí atá ag an duine atá ag líonadh an phoist. Mar sin féin, má tá na heagraíochtaí a rá linn i dtaca le cúrsaí saineolais agus taithí de, le linn na tréimhse comhairliúcháin, gur locht sin sa chóras atáimid ag moladh, táimid sásta éisteacht leis sin. Sin an fáth go bhfuil tréimhse comhairliúcháin ann, le deis a thabhairt do na heagraíochtaí teacht chugainn leis na moltaí sin agus ba chóir go mbeimís sásta éisteacht leis na tuairimí sin.

Gabhaim buíochas don toscaireacht as an gcur i láthair. Tá na baill eile i ndiaidh an chuid is mó de na ceisteanna a bhí agam a chur. Ceann de na líomhaintí a chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i gcoinne Fhoras na Gaeilge ná nach bhfuil go leor taighde déanta ag an fhoras ar éifeachteacht na n-eagras féin. Luadh mór-scoláirí agus saineolaithe pleanála teanga leis seo. An féidir cur in iúl don gcoiste cad é an taighde atá déanta ag an fhoras a chuir ar bhóthar na samhla nua seo é?

Cuirim an cheist faoi dhúbailt ar gach dream. Táim ag plé le saol na Gaeilge ar bhealach amháin nó ar bhealach eile agus tá dúbailt ann, seo an eilifint sa seomra. D'fhéadfadh an comhchoiste seo, b'fhéidir, teacht ar thuairimíocht aontaithe tochailt níos doimhne a dhéanamh ar an cheist sin.

An bhfuil spriocdháta ann don gcomhairliúchán seo? An ndúirt an Chomhairle Aireacht Thuaidh-Theas go gcaithfidh an foras é seo ar fad a dhéanamh ag am amháin? Cuirim an cheist sin toisc an easpa iontaoibhe atá ann idir na hearnálacha deonacha agus an earnáil Stáit; tá briseadh síos ann. Tá comórtas PR caillte ar shlí amháin ag Foras na Gaeilge ach ar bhealach eile ba mhaith liom a fháil amach cén brú a chuir an córas Stáit ar Fhoras na Gaeilge an tsamhail mhaoinithe nua seo a chur faoi bhráid na n-eagraíochtaí.

Mr. Ferdie Mac an Fhailigh

Maidir leis an cheist faoi chúrsaí pleanála teanga, chonaic mé an litir a scríobh na saineolaithe ar an phleanáil teanga agus tá i gceist againn teagmháil a dhéanamh leo agus iarracht a dhéanamh bualadh leo le fáil amach céard é an dearcadh atá acu agus conas nach luíonn an rud atáimid ag iarraidh a dhéanamh le prionsabal pleanála teanga. Tá gach ceann de na scéimeanna mar a sheasann siad bainte leis na tosaíochtaí maoinithe atá ag Foras na Gaeilge atá bunaithe ar thrí phrionsabal a bhaineann leis an phleanáil teanga - stádas na teanga, cumas sa teanga agus úsáid na teanga. Tá sin ag luí isteach le hobair eile atá ar siúl ag Foras na Gaeilge maidir le forbairt corpais: an foclóir nua Béarla-Gaeilge a luaigh an Cathaoirleach agus obair an Choiste Téarmaíochta. Chomh maith leis sin, tá na scéimeanna mar atá siad molta bunaithe, a bheag nó a mhór, ar an obair atá ar siúl ag na heagrais faoi láthair. An ionann sin is a rá nach bhfuil an obair atá ar siúl faoi láthair ag teacht le prionsabal na pleanála teanga chomh maith? Is ionann, dar liom.

Maidir leis an taighde atá déanta ag Foras na Gaeilge, rinne Mazars taighde ar ár son in 2010 agus bunaithe ar an taighde sin, cuireadh ceithre rogha faoi bhráid bhord Fhoras na Gaeilge: an status quo a choinneáil-----

Tá ceithre rogha ann. Níor leagadh priority ar cheann amháin acu, cuireadh na ceithre faoi bhráid an bhoird?

Mr. Ferdie Mac an Fhailigh

Níor leagadh. Cuireadh ceithre rogha faoi bhráid Fhoras na Gaeilge. An chéad rogha ná an status quo, an córas reatha, ach níl an status quo inmharthana. Ní bhaineann sin le cúrsaí maoinithe amháin, baineann sé le línte freagrachta agus luach ar airgead don cháiníocóir. Mhol Mazars chomh maith fáil réidh leis an earnáil ar fad agus an rud ar fad a thabhairt isteach inmheánach agus go ndéanfadh Foras na Gaeilge an obair ar fad. Rogha eile ná seirbhísí roinnte ag na heagrais agus an ceann eile ná go leagfadh Foras na Gaeilge síos na tosaíochtaí straitéiseacha agus bunaithe air sin go mbogfaí chun tosaigh. An cinneadh a rinne an bord ná dul leis an rogha sin go leagfadh Foras na Gaeilge síos na tosaíochtaí agus bunaithe air sin go mbeadh obair na Gaeilge á cur chun tosaigh ar an bhonn sin.

Cathain a rinne an bord an cinneadh sin?

Mr. Ferdie Mac an Fhailigh

In 2010.

Mr. Seán Ó Coinn

Luaigh an Seanadóir ceist na dubáilte. Luaigh mé cúpla sampla ó thaobh na hoibre de ach tá sé tábhachtach a lua fosta go mothaímid go bhfuil dúbailt i gceist maidir le cúrsaí riaracháin agus costas seasta na n-eagraíochtaí. Tá 19 eagraíocht ann agus sin 19 rúnaí, 19 ceannasaí, 19 oifig agus mar sin. Dar linn, nílimid ag rá go bhfuil na heagraíochtaí mí-éifeachtach, nílimid á gcáineadh ar an dóigh sin, ach táimid ag rá go bhfuil bealach níos fearr i dtaca le cúrsaí riaracháin, costas seasta agus costas ceannasaíochta sna heagraíochtaí. Dá mbeadh sin sruthlínithe, bheadh luach ar airgead níos fearr san earnáil.

An raibh sin ag eascairt as tuarascáil Mazars chomh maith nó arbh é sin dearcadh an fhorais?

Mr. Seán Ó Coinn

I dtaca le dúbailt, ó thaobh na n-earnálacha oibre de, tá tábla san aighneacht a chuir muid faoi bhráid an choiste a léiríonn cuid de sin. Luíonn sé le ciall má tá 19 eagraíocht ann, tá coigiltí le fáil i dtaca le cúrsaí riaracháin, costas seasta agus costas a bhaineann le ceannasaíocht sna heagraíochtaí. Luíonn sé le ciall fosta ar bhealach má ghlacaimid earnáil an oideachais mar tá roinnt eagraíochtaí ag plé leis an earnáil sin. Go minic is iad na tacair chéana scileanna atá de dhíth le tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí, bíodh siad in earnáil na nGaelscolaíochta, in earnáil na scolaíochta Béarla nó ag plé le daoine fásta. I gcásanna den chineál sin, bheadh coigiltí airgeadais ann dá mbeadh sin uilig le tabhairt le chéile in aon eagraíocht amháin. Sin an réasúnú atá againn.

In my student days, which are not too long ago because I was a mature student when I went to university, my background was organisational management in the community and voluntary sector. While I might not be an expert in the Irish language, I consider myself to have an understanding of the dilemma we are examining this evening. I am concerned about what is happening here because the funding model being developed is a conflictual model. I have seen this play out in the community sector, in women's groups and in domestic violence support programmes. What we will end up with is a whole lot of agencies competing with one another and no longer operating in a healthy environment instead of the cross-synergies expected among agencies operating in an NGO-type environment. In this new environment these agencies will work and operate every day with their focus on the next funding grant, whether on a one-year cycle or a three-year cycle.

Another concern I have with regard to what Foras na Gaeilge is doing is that the three-year cycle it proposes to operate has a beginning, middle and end. In most other sectors, community, women's groups, education, Third World, NGOs or whatever, the three-year cycle of funding is based on continuity and if groups meet their objectives and goals, they get further funding. Therefore it is not a case of the funding coming to an end and moving on to the next project. Foras may not be aware of the outcome of operating on the proposed model. There will be massive client and staff drift. If I was in that arena, I would be getting the hell out of it, because Foras is creating a very distorted, dysfunctional and unpredictable career path. Some people working in the sector see their work as a career and this should be valued as they have been working in the sector for donkey's years. The age profile of those here and of those who have come before the committee over the past couple of weeks is noticeable. I say this as someone not far off 50 myself. This is the future of the Irish language in this country, and these are the people who will be doing the work.

I will pose a number of questions. I have not heard of the competitive scheme proposed by Foras na Gaeilge before so from where did this scheme come? It is not the type of scheme used in the voluntary sector. I am very interested in hearing where Foras na Gaeilge found this model, because it is not a type of scheme with which I am familiar. Regardless of sector, has Foras na Gaeilge given cognisance to the fact that it is critical in organisations operating in the voluntary sector that multi-funding continues to come to them. This allows them have a secretary, an administrator and co-ordinator. I am sure a number of the organisations about which we are talking also have other funding streams, but by withdrawing its funding, Foras na Gaeilge will cause these other funding streams to collapse and destroy the critical synergy of the funding of the organisation. Has Foras na Gaeilge measured what the funding fall-out would be in this area? Has Foras na Gaeilge measured the likely cause of redundancy? Many of the people involved have worked in these organisations for years, but Foras na Gaeilge is talking about bringing them back on a flat rate. If they are paid redundancy and people are brought back in on a flat rate, the pay-off in savings from the flat rate rather than an incremental rate will be lost due to the redundancy payments. It is a flat line and there will be no savings whatsoever. On the issue of duplication, this is not necessarily a bad thing, particularly if something is duplicated in Cork or in Donegal by two different agencies. While agencies may be involved in the same work, the duplication may only occur in different regions. I would like to hear more on this.

It all comes back to organisational culture. Charles Handy, an Irish-based educational management expert is probably one of the top experts in this area in the world. Perhaps Foras na Gaeilge should contact him because it needs to take a partnership approach to the issues. I do not see that happening now. It has come out with a template that is opposed by the organisations and on which it promised to consult. We have not moved towards any recommendations in this regard yet, but I feel there is no consensus or partnership between Foras na Gaeilge and the organisations as yet. I worked with agencies that worked out of NBA flats. We had not got a bob, but we dealt with VECs that engaged with us at a level that acknowledged our work. I am not sure that is happening here. A plan has been made, a structure has been put in place and it seems it is a case of "get on with it".

Mr. Seán Ó Coinn

I will deal with some of the points made by the Chairman. I will begin with the issue of competing agencies. Ideally, we would like to think -----

That is not what I was asking. I asked from where Foras na Gaeilge got the model?

Mr. Seán Ó Coinn

The model is one that, as mentioned, we have used already.

But from where did it come? Is it something that Foras na Gaeilge made up itself? Theoretical frameworks are used by academics and community organisations. Where did Foras na Gaeilge find the theoretical framework for what it is using? Did it invent it or draw it from some other area.

Mr. Seán Ó Coinn

It is a model that is used by the Arts Council for example to fund various organisations. It is used in the private sector quite frequently and is used in the television production sector. It is a quite widely used competitive tendering model.

Yes, but that is in a business environment rather than a community environment. It seems Foras na Gaeilge is mixing up oranges and apples here. Its model is fine, for example, for someone tendering for building a wall. That is a tendering model that works. However, one would use a different tendering model if one wanted to engage the services of a community organisation.

Mr. Seán Ó Coinn

Ideally, we would hope not to have organisations competing with each other. There are eight schemes and what we would like to think will happen - there are already movements towards this - is that like organisations will come together and apply for a particular scheme. They would not necessarily compete with another organisation, which would submit an appliction for another scheme. Once the initial allocation of schemes has been done, we do not envisage the eight resulting organisations or amalgamations competing with each other in the future. We expect that we would have a strong resourced arts organisation, but that this organisation would not compete with a strong, well resourced advocacy organisation.

With regard to what would happen after three years, we envisage that having worked in partnership over the three years, the contract would be renewed for a further three years, unless something was badly wrong with how it was being delivered. We envisage partnership and continuity. We already have indications from within the sector of like groups coming together to consider how they may make an application for various schemes. That is how we see the project going forward. We want to continue to engage with the organisations, particularly the scáth grúpaí, the umbrella organisations to peruse further with them the possibilities. I mentioned already that there are a number of educational organisations. One of these is a fairly large group and another is extremely small. We would like to think that those two groups could amalgamate. This would mean efficiencies, but would also mean improved performance for the smaller group as part of a bigger group and that it would not have to deal with the administration with which a small three-person group often finds it hard to deal, such as preparing accounts and budgets and other corporate governance issues. A bigger organisation can deal with these matters more efficiently, thus leaving those in the smaller organisation more time to concentrate on service delivery.

The Chairman mentioned duplication and I accept the point that duplication can be positive if it is done on a regional basis. Our difficulty with it is that currently it is not being done on a regional basis. Frequently, the duplication happens in the same area. For example, much of the advocacy work done around the Official Languages Act was based in Dublin. The Chairman is correct, it would have been more efficient for some of that to have been done in Letterkenny, some in Mayo and so on. We accept the point on the importance of career paths in the model. This is an issue that has been raised as part of the consultation process and we will want to consider it further, particularly for people who have been in organisations for some time. If people have been delivering a scheme for three years, it does not make good sense or make for an efficient system if they have to go back to the bottom of the scale at the beginning of the next cycle. Nobody envisages that and the point has been made trenchantly to us through the consultation process and where such information comes through to us, we must certainly have a look at it.

I asked about redundancy costs arising in the sector.

Mr. Seán Ó Coinn

Redundancies will probably be an issue for the employer organisations. Irrespective of what model we take to reconfigure the sector, there will be fewer jobs available in the organisations. Some organisations are very small, but as a sector, we cannot afford to have 19 organisation managers, 19 office administrators and so on. Our budget situation, in terms of what we can deliver to the organisations, means there must be some rationalisation. The configuration of jobs as outlined will mean there will be approximately 60 posts available through the schemes. Currently, there are approximately 80 posts in the 19 organisations. Therefore, there will probably be some job losses. There will also be employment opportunities. There may be opportunities for people involved in administration to become involved in delivering language services to the community. The issue of redundancy is a difficult one. It is an issue being faced by many organisations and sectors throughout the country. Neither Department, North or South, appears to be of a mind to make money available to assist organisations with redundancies if they take place.

I may not have covered everything so perhaps my colleagues might like to come in here.

Mr. Éamonn Ó hArgáin

A point I would like to make is that most of the funding provided by Foras na Gaeilge is administered by way of a public tender type of format. We advertise schemes. I mentioned one of these schemes earlier, the scéim phobail Gaeilge, for which €3.6 million has been provided over three years. Other schemes are the scéimeanna féiltí, the scheme for drama societies, the scheme for óige, summer camps and so on. These schemes are all advertised publicly North and South. That advertising informs the public there is a fund of money available from Foras na Gaeilge for a particular purpose. Anybody can apply for that and when the spriocdáta for the applications is met, there is a measúnú or an evaluation done and the grants are awarded. Most of the funding administered by Foras na Gaeilge is done on that basis.

The earnáil na Gaeilge fund was approximately €7.2 million last year. This funding is for the Irish language organisations and is ring-fenced so that nobody else can apply for it. What we are trying to do is to ensure that all the funding that Foras na Gaeilge provides - taxpayers' money - is available to the communities both North and South and to ensure that anybody at all can apply. In that way, the administration of the funding will be more open and triarchical. The three-year scheme I mentioned earlier is working very well. It funds organisations on the ground and provides an Irish language officer for them and so on. At the end of the three-year period an analysis will be done of the scheme and a decision will be made as to whether to continue the scheme for another three years. There is no guarantee there will be another scheme, but we hope there will be if the funding is there.

Mr. Seán Ó Coinn

It is important to point out that there not a plethora of organisations waiting to apply for the schemes. We envisage that the majority of the people in the 19 organisations we currently fund will be available to come together to submit applications for the new schemes.

Cuirim fáilte roimh chách. Ba mhaith liom ceist a chur mar gheall ar an moladh déanta maidir leis An Coimisinéir Teanga. Níor chuala mé céard atá le rá ag Foras na Gaeilge faoi sin, ach b'fhéidir go bhfuil siad ag fanacht ciúin ar sin. An gceapann Foras na Gaeilge go bhfuil an moladh atá déanta ceart nó ar ceart dul siar ar an moladh agus an ceart go mbeadh An Coimisinéir Teanga neamhspleách?

Maidir leis an méid adúirt an Cathaoirleach faoi iomaíochas, tá go leor ráite aige agus nílim chun cur leis sin ach amháín le rá, everybody wants to ensure that the Irish language is promoted. As a former teacher, I feel the competitiveness model is not the way to go. We know the Irish language is not welcomed by everybody on the island and that an effort is not put into promoting it everywhere. However, putting people into competition with one another, particularly where children are concerned, is not the way to go. As the Chairman said, we do not know from where the theory for this model of funding came. The Arts Council was mentioned. I sat on a board that was funded by the Arts Council and never felt the council was in competition. Such boards must put the best foot forward and set out its aims and objectives, but they do not need to look over their shoulders to see who else like them is in competition with them. Therefore, the Arts Council model versus this proposed model does not compare like with like.

I understand that Foras na Gaeilge did not wake up one morning and decide - go raibh sé molta go raibh an rud seo le déanamh - but that the North-South body asked Foras na Gaeilge to produce a restructuring model. That is fine, because everything must be reviewed now and again. I welcome such reviews of everything. The core funding model was what the foras was asked to look at, but it came up with this brainy idea of a competitiveness model. It was Foras na Gaeilge who put it to the North-South body before putting it out to public consultation. Why bother putting it out to public consultation if Foras na Gaeilge had already made up its mind on it and had already made the recommendation? Has Foras na Gaeilge withdrawn the recommendation since putting it out to consultation or is the public consultation just window dressing? What is Foras na Gaeilge going to do following the public consultation? Will it withdraw the recommendation? I presume Foras na Gaeilge will take heed of the public consultation. Therefore I have some hope it will pull back on the recommendation. Is it prepared to do so?

The Chairman has said enough on duplication, but has Foras na Gaeilge conducted any survey on the amount of duplication in the sector? If so, where can we see the results of those surveys? Foras na Gaeilge has said that there are many groups involved in advocacy. There are many theories on how best to promote the Irish language. Therefore, we need more than just one advocacy group. Some groups subscribe to the immersion theory, while others do not believe in it. Who is to say who is right? The jury is out. Therefore, the theory that there should be just one advocacy group is a poor example. One boot does not fit all, particularly in education and with regard to Irish language and culture.

Mention was made of new blood. We all love to see new blood, but there is good in seniority and experience also. I presume all those in Foras na Gaeilge will remain, but they might throw out the baby with the bathwater and throw away much of the experience there is by getting rid of everybody and then recruiting anew. Will people come in on lower salaries? Presumably that is the intention if Foras na Gaeilge is to save money. Has Foras na Gaeilge done an analysis of what it will save - pensions were mentioned in this regard - and of how much it will cost versus what it will spend on taking in new staff? Has it analysed the cost of losing experience. We have see from other sectors, including the public sector, that it is not good to lose all the good experienced people. In the case of the Irish language, it is not everyday that we can find people who are experienced. They are few and far between. Many young people are taking an interest now, but their numbers are still small.

Both the Chairman and I mentioned the audit. Has Foras na Gaeilge drawn up its own strategy for the Irish language in the Thirty-two Counties? If so, I have not seen it. I worked with the county council on the straitéis 20 bliain. Foras na Gaeilge is working with the North-South body. If it has drawn up a strategy, where can I see it? If it has not, why not and when is it assumed that it will do so? I assume Foras na Gaeilge has a strategy given that it is proposing how to implement the competitiveness element of it.

The Chairman mentioned the question of volunteers. I will skip over that and move to the money element of this issue. Does Foras na Gaeilge know how much it will lose? I imagine it is a substantial amount of money. I have read that it could be millions of euro. I do not know what the figure will be. Has Foras na Gaeilge done an analysis of that? It may not have. Money speaks and helps people on the ground. If it loses all of that money, where will it find money to replace it? Foras na Gaeilge will definitely not get replacement funds from the Government. It will be lost.

What are Foras na Gaeilge's recommendations for a partnership model? How does it envisage that such a model would work? Has it made a proposal regarding how many of the 19 organisations that are in place at the moment, 12 of which are in the South and seven of which are in the North, will be left? If Foras na Gaeilge has not made a recommendation on how it envisages that this will play out, will it do so? If just eight bodies will remain, will four of them be in the South and four in the North? What will the numbers be?

When reference was made to the opening of a new office in Gaoth Dobhair, I wondered why that town was chosen given that loads of Irish is spoken there. I would have opened an office in a town like Sligo or somewhere further down the road where not much Irish is spoken and the language needs to be promoted. Why did Foras na Gaeilge open an office in a town where loads of Irish is spoken and loads of people are already in place to promote the language?

I understand that all of Foras na Gaeilge's offices are stand-alone offices. I have been informed that ten organisations are sharing a single office at 6 Harcourt Street. That is value for money. Why would Foras na Gaeilge want to change that? One could come up with many questions. I know every organisation has been subjected to cutbacks. How much of Foras na Gaeilge's money will be spent on the promotion of the Irish language, as opposed to staff or furniture, this year? We all know that cutbacks, streamlining and efficiencies are necessary. I would like efficiencies to be achieved in column A rather than column B.

Mr. Ferdie Mac an Fhailigh

The Senator has asked many questions. The board discussed a submission that was made to the Department on the subject of an Coimisinéir Teanga. The submission, which related to the functioning of Acht na dTeangacha Oifigiúla, was sent to the Department after the last board meeting.

Is Mr. Mac an Fhailigh saying that the board discussed it but did not make a recommendation on it?

Mr. Ferdie Mac an Fhailigh

The board did not discuss the subject of an Coimisinéir Teanga. It discussed the functioning of Acht na dTeangacha Oifigiúla. It made recommendations on that. If we are honest, we will admit that people are not used to asking for services in Irish, regardless of which part of the island of Ireland they are on. By the same token, they are not used to receiving services in Irish. An educational process is needed on the two-way street that should exist. The board recommended that the language plan of any organisation that has such a plan should be published on its website, on the website of an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta and on the website of Oifig an Choimisinéara Teanga at the same time. That would ensure everyone would know exactly what services are available. At the same time, there should be an educational process to let people know what they are entitled to and how they should go about looking for it.

Yes. The question I asked related to sharing the Ombudsman with the Coimisinéir Teanga.

I do not think the witnesses were brought in to discuss the Coimisinéir Teanga. They were brought in to discuss the funding model.

I wanted to get an expert view.

Mr. Ferdie Mac an Fhailigh

In terms of the schemes, it says in the documentation that is available that the board discussed the proposals. They were then sent to the North-South Ministerial Council. That is the process we followed. It says in all the documentation that they are draft schemes. We want to hear proposals on the way forward from as broad a spectrum as possible. We are not saying this is the be-all and end-all. If people have other ideas, we want to hear them. With that in mind, we have had meetings with ten of the organisations and the two umbrella groups, as Mr. Ó Coinn said. We are planning four public events at which we will get people's opinions. A number of focus groups have been piggy-backing on various things that some of the organisations have been running. We want to get as broad a spectrum of opinion as possible. We have to do this and we have to do it right.

We opened the office in Gaoth Dobhair because that is what the North-South Ministerial Council told us to do. It was part of the decentralisation programme that was proposed in budget 2003. It was agreed by the North-South Ministerial Council in 2006. Discussions took place with the unions on vacancies for posts that would be in Gaoth Dobhair which we were not allowed to fill while this project was hanging in the air. We opened an office there in 2010 because we were told to do so by the North-South Ministerial Council. The Senator also asked about Foras na Gaeilge's offices. We inherited some offices when the organisation was established. Gaelscoileanna and Forbairt Naíonraí Teoranta used to be tenants of Foras na Gaeilge at our building in Merrion Square. They had the services provided. They decided to move out. Comhar na Múinteoirí Gaeilge and Raidió na Life are currently in that building with us. Those organisations are based at our head office in Merrion Square. We do not want to throw the baby out with the bath water.

Advocacy is a very specialised area. We all accept that advocacy needs to be done in the case of education. We have said as part of the draft schemes that we expect a great level of co-operation between the various groups. We expect groups to be in regular contact with one another. We expect them to co-operate on various things they are doing. The group that is working in the education area should be discussing with the advocacy group what they both need to do. It should set out what it proposes and ask the other group what it proposes. It should ask how it can help. Similarly, the advocacy group should be talking to the education support or community support groups and asking whether they are aware of certain matters. There should be a greater level of co-operation across the sector. The Irish-language community is small. We need to work in a smarter fashion. If we are to make progress with this, we need to work together.

Mr. Seán Ó Coinn

The Senator's question about whether this is "just window dressing" probably stems from a concern that we are not serious about listening and making changes. I assure those who are concerned that we are serious about wanting to hear how we can make changes to this approach. In the presentation that our chairperson made earlier, we outlined that we need to address some things as the foras Stáit that is responsible for the Irish language and the money the Government provides. If that can be done by means of a model that meets the needs we have to meet and the needs of the sector, we should be open to doing so. I think we are open to that.

We are concerned to ensure we do not lose the voluntary input. As I mentioned previously, we hope the organisations will come together to rationalise and make applications for the various schemes in a way that will ensure they retain their voluntary impact on communities. Some of them have already started to do so. Ultimately, they are the same organisations and people and will have the same voluntary input. We do not expect all of that voluntary input to disappear overnight because one, two or three organisations decide to come together to organise themselves differently and deliver their services together. We would hope that type of partnership model will emerge from this.

With regard to duplication, it would be great if we could have several organisations involved in similar work in terms of promotion of the language, but the budgetary scenario with which we have been presented means that is a luxury we cannot afford. There is a significant amount of work to be done, but there is not enough money in the current budget to do all that needs to be done. What we are trying to do is to rearrange things to be more efficient. We would prefer if our budget had kept step with the Arts Council budget and we had €80 million rather than the €17 million we have now, but that is not the case. Therefore, we have to make decisions we do not like to make in terms of funding, both inside our organisation and with the restructuring. We are in that position because of the way funding has gone.

With regard to the partnership model we envisage, my colleague, Éamonn Ó hArgáin, mentioned an scéim phobail Gaeilge earlier. Some 19 committees have applied for this scheme and we now fund officers in their areas to promote the Irish language. This is a partnership model that works very well between Foras na Gaeilge and the organisations employing those officers. This type of partnership involves regular meetings between us and those organisations to find out what does and does not work for them and in what areas they need support and so on. It is certainly not a case of us giving those organisations money and then meeting them at the end of a three-year period and getting a summary assessment of how they have been. It is an ongoing process where we discuss how they change their plans and so on to ensure they are making an impact on their local communities.

The Senator also asked about the breakdown of services being funded between North and South. In terms of the rationalisation of the way we deliver our services, we feel that many of the services we provide could be provided by a single organisation on both parts of the island, whether it is support for teachers in the Irish medium schools sector, support for teachers in the English medium school sector or whatever else. The same set of skills is required to deliver that, irrespective of the jurisdiction in which one is working. There may be some detail in terms of the legislation on the way on the various rules and regulations relating to education, but it is not beyond the ability of the people working in the organisations to equip themselves in that regard. There is certainly no reason there would not be a spread of officers in the organisations and that some would be based in the North and others in the South or that some would come from either the South or the North to work in those areas of expertise. What we are trying to do is to rationalise services in an efficient and effective way. We feel that this can, for the most part, be done on an all-Ireland basis, rather than having to ensure that for every service delivered in the South, we have a mirror image of that service in the North also.

I have one last question. Has Foras na Gaeilge published the plan -----

I will come back to Senator Keane later, but Deputy Ó Cuív needs to get back to the Chamber as he needs to be there for a Topical Issue debate. I will allow Deputy Ó Cuív in and then the two Senators waiting.

Beidh mé chomh sciobtha agus is féidir liom. Aontaím go bhfuil atheagrú ag teastáil agus go bhfuil dúbailt ann. Tá dúbailt ar dhá bhealach ann, an bealach a léirigh Foras na Gaeilge, mar shampla cúig eagraíocht ag plé le habhcóideacht agus sé eagraíocht ag plé le hoideachas, ach tá dúbailt Thuaidh-Theas ann freisin. Is Poblachtánach láidir mise agus creidim go mba cheart go mbeadh cur chuige uile-Éireann i gceist anseo. Mar is eol do na toscairí, níor thaíthín an chaoi ar fhás sé seo suas liom - le críchdheighilt láidir i gceist, agus tá sin soiléir ó na figiúirí.

Maidir le cúrsaí pá, sa bhfadtéarma aontaím leis sin ach creidim go mba cheart go ndéanfaí an rud a dhéanann na ceardchumainn go minic sa chás ina bhfuil daoine fostaithe cheana, is é sin red-circling a dhéanamh orthu siúd nó ciorcal dearg a chur timpeall orthu. Ní dóigh liom go bhfuil sé féireáilte do dhuine a rá gur cineál cluiche Monopoly é seo agus go gcaithfidh sé tosú ar ais siar ag "Go" arís.

An áit nach n-aontaím le cur chuige an fhorais, ná creidim féin go mór i mbunmhaoiniú. Mar is eol dóibh, nuair a bhí mé ag plé leis an bhforas, is é an smaoineamh a bhí agam ná go mbeadh roinnt bheag eagraíochtaí láidre Gaeilge bunmhaoinithe agus go bhfuil sé tábhachtach go gclúdófar gach gné den saol. Mar shampla, tá gearán déanta liomsa nach bhfuil iar chúram coláistí Gaeilge clúdaithe san ocht scéim atá i gceist ag Foras na Gaeilge. Ba thragóid é mura mbeadh sé sin clúdaithe, mar is as sin a thagann go leor de na Gaeilgeoirí aníos. Ní aontaím ach an oiread le cur chuige conradh trí bliana. Tá an ceart ag an gCathaoirleach, nuair a bhíonn conradh trí bliana i gceist caitear bliain amháin ag tosú, bliain eile ag obair agus bliain eile ag críochnú. Go deimhin, is iar-phríomh fheidhmeannach an GAA é cathaoirleach an fhorais agus déarfainn go mbeadh an-iontas air, nuair a bhí airgead á roinnt ag an Roinn Spóirt, muna mbeadh sé cinnte gurb é an GAA a gheobhadh an t-airgead le haghaidh cluichí Gaelacha. Ní ghlacfadh an GAA go bhféadfadh eagraíocht éigin nua cur isteach ar an airgead don GAA. Teastaíonn buaine ó fhostaithe, agus aontaím leis sin, mar dhuine a d'oibrigh in earnáíl na Gaeilge. Teastaíonn buaine agus deis dul chun cinn ó dhaoine.

Molaim go mór an cur chuige atá ag Aontas Phobal na Gaeilge. Is eiseamláir den rud a bheadh i gceist atá i gceist ansin, go dtiocfadh cuid de na heagraíochtaí atá scaipthe le chéile le gur féidir clúdach uile-oileánda a chur ar fáil. Tá an ceart ag an bhforas, tá an iomarca den fhostaíocht timpeall ar Bhaile Átha Cliath agus Béal Feirste agus níl dóthain dí scaipthe ar fud na tíre. Chomh maith leis sin, ar smaoinigh an foras ar cónascadh a dhéanamh idir, mar shampla, eagraíochtaí Gaeltachta agus eagraíochtaí Gaeilge, chomh maith le heagraíochtaí Thuaidh-Theas a bhaineann le hoideachas trí Ghaeilge, bunscolaíocht nó meánscolaíocht nó na naíonraí? Arís, tá cuid mhaith de na ceisteanna céanna i chuile áit agus má táthar ag caint ar téipeanna nó DVDs agus rudaí mar sin, is mar a chéile iad, Gaeltacht nó Galltacht, beag nó mór.

Teastaíonn an atheagar, ach ní aontaím le cuid mhaith sonraí den chur chuige. Ní aontaím leis an éiginnteacht atá á chruthú le conradh trí bliana agus creidim séard ba cheart a bheadh ann le go dtiocfaidh eagraíochtaí Gaeilge i bhfeidhm sa tír ná dornán beag eagraíochtaí fíor láidir Gaeilge a mbeadh réimse acu ar fud na tíre agus na hacmhainní dá réir agus go mbeadh siad bunmhaoinithe thar tréimhse fada. Creidim gur sin an bealach is fearr. Maidir leis an scéim ag a bhfuil an 19 duine fostaithe faoi, feictear dom go mb'fhearr í sin a oibriú tríd an eagraíocht láidir seo agus in ionad na ndaoine seo a bheith i 19 eagraíocht eile atá neamhspleách ó chuile duine eile, go mbeadh sin fite tríd na heagraíochtaí bunmhaoinithe agus, mar sin, go bhféadfaí an straitéis 20 bliain a chur i bhfeidhm.

Mar achoimre, níl an rud atá ann feiliúnach má tá muid dáiríre faoin straitéis 20 bliain. Níl an rud atá molta ag an bhforas ach oiread feiliúnach má tá muid dáiríre faoin straitéis agus rud a dhéanamh ar bhonn uile-Éire. Tá cur chuige nua ag teastáil as an nua, ach caithfí buaine a bheith ag baint leis ó thaobh na ndaoine atá ag obair san earnáil dheonach.

Thank you. I now invite Senator Ó Clochartaigh to contribute.

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh, agus ag an Aire as ucht an chur i láthair. Tá mé ag éisteacht go cúramach leis na heagrais agus le Foras na Gaeilge. Fáiltím roimh na hurlabhraithe.

An bun rud adúirt cathaoirleach an fhorais ná gurb í príomh aidhm an fhorais, an Ghaeilge a chur chun cinn. Le roinnt laethanta táimid ag cloisteáil gurb í a mhalairt atá ag tarlú. Sin tuairim na n-eagraíochtaí i gcomhthéacs an rud atá ag tarlú. Níl a fhios agam an bhfuil Gaeilge ag an Seanadóir George Mitchell ach má tá, sílim gurb é a leithéid atá ag teastáil, mar tá sé an-suntasach an bhearna oll-mhór atá idir Foras na Gaeilge agus na heagrais. Tá gá le háisitheoireacht de chineál éigin len iad a thabhart ar chomhchéim.

Aisteach go leor, sílim nach bhfuil an dá thaobh éagsúil ar a chéile faoin aidhm atá acu ar deireadh, ach nach bhfuil an cur chuige atá tógtha ag dul i dtreo na haidhme sin. Is é sin, ath-eagair a dhéanamh ar an earnáil. Caithfear éifeacht níos fearr a bhaint as an airgead atá ann. Ciallóidh sé sin go mb'fhéidir go mbeidh gá le méid eile a roinnt dos na poist. Dúirt na heagrais Gaeilge linn go bhfuil siad sásta breathnú air sin agus oibriú ina threo sin, ach go gcaithfidh comhpháirtíocht a bheith ann agus go gcaithfidh an cur chuige páirtíochta sin a bheith ann. Braithim ón dá thaobh nach bhfuil sin ag tarlú agus go bhfuil géar-ghá féachaint air sin.

An bhfuil Foras na Gaeilge sásta, má thagann sé tríd an ath-bhreithniú, go mbeadh cur chuig áisitheoireachta ag teastáil le go mbeadh cineál honest broker sa lár idir an foras agus na heagrais? An mbeadh an foras sásta dul sa treo sin le teacht ar réiteach a bheadh sásúil don dá thaobh?

Caithfear breathnú ar an rud seo i gcomhthéacs an straitéis 20 bliain. As an 65 duine atá i bhfoireann an fhorais, an bhfuil duine fostaithe a bhfuil saineolas pleanála teanga aige nó aici? Tá an straitéis agus an cur chuige uilig bunaithe ar an bpleanáil teanga. An bhfuil pleanálaí teanga ag an bhforas a chuirfeadh comhairle ar an bhforas le linn na tréimhse seo?

Tá caint ar an dúblú. Má tá dúblú ag tarlú an raibh measúnú leanúnach á dhéanamh ar an mhaoiniú a bhí á thabhairt amach go dtí seo? Má bhí an dúblú sin ann, an bhfuil sé ann le fada? An raibh an foras ag dul amach gach bliain ag breathnú ar na cláir oibre a bhí ag na heagrais éagsúla agus á thaispeáint má bhí dúblú ag tarlú idir eagras amháin agus eagras eile? An ndúirt an foras le heagras ar bith nach bhféadfaí cur suas le dúblú a bhí ag tarlú agus go gcaithfeadh an t-eagras dul i ngleis leis?

An nglacann an foras go bhfuil teipthe ar an bpróiseas seo, ó thaobh an rud atá sé ag iarraidh a bhaint amach, agus go gcaillfear cuid mhaith taithí má leanann an foras an bóthar atá sé ag dul? An mbeidh daoine atá ag obair san earnáil le blianta fada imithe, chomh maith leis an taithí agus an saineolas atá bailithe acu, má cuirtear deireadh lena gconarthaí?

Bhí caint faoi na scálaí pá agus go gcaithfear iad a chur i gcomhréir leis an earnáil Stáit. Cad iad na scálaí pá atá i bhfeidhm go dtí seo? An bhfuil siad mar a bhí ins na comhlachtaí forbartha pobal, faoi Phobal. An bhfuil na heagrais ag oibriú i dtreo scálaí pá? An bhfuil na scálaí pá i gcomhréir le scálaí an fhorais féin, mar shampla, nó le scálaí eagras eile? Céard atá ag tarlú ansin?

B'shin iad na bun cheisteanna. Maidir leis an staidéar a rinne Mazars, tá taithí agam ar Mazars ó bheith ag déanamh staidéar in áiteanna eile. Is comhlucht bainistíochta é. Cén taithí atá ag an dream as Mazars a rinne an staidéar, ar shaol na Gaeilge nó ar phobal na Gaeilge? Ar bhreathnaigh siad ar na cláir oibre a bhí ag na heagrais, seachas ar na struchtúir a bhí acu, agus iad ag déanamh a gcuid moltaí?

Ón méid atá cloiste agam, bheinn ag moladh go gcaithfear suí síos agus George Mitchell na Gaeilge a aimsiú in áit éigin, go gcaithfear Foras na Gaeilge agus na heagrais a thabhairt le chéile agus teacht ar réiteach sásúil atá bunaithe ar na constaicí airgid atá ann, ach bunaithe chomh maith ar an taithí agus an leanúnacht atá san earnáil a choinneáil.

Tá fáilte roimh ionadaithe Fhoras na Gaeilge. Tuigim an tábhacht a bhaineann leis an bhforas mar eagraíocht uile oileánda. In an-chuid slí, bhí áthas chroí orainn go raibh an scéal amhlaidh agus go raibh an t-oileán ar fad i gceist. Bhí an Ghaeilge ar cheann des na gníomhaireachtaí a bhí chun tosaigh nuair a bhí ath-struchtúrú á dhéanamh.

Nuair a bhí Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge os comhair an choiste inniu, mholas go gcaithfimid teacht ar réiteach na faidhbe, más fadhb atá ann. Tá mé den tuairim go bhfuil maitheas tar éis teacht as an díospóireacht seo, go mór mhór ó na finnéithe a tháinig isteach os ár gcomhair an lá faoi dheireadh agus arís inniu. Tá tuiscint i bhfad níos fearr againn anois ar an struchtúr agus ar cad atá le déanamh. Tá Foras na Gaeilge tar éis cur leis an tuiscint sin mar mhínigh ionadaithe an fhorais go bhfuil sé freagrach don Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas, rud go mb'fhéidir nar thuigeamar go hiomlán, agus go bhfuair an foras treoir ón Chomhairle Aireachta. De réir mar a thuigim, freagra is ea an scéim atá molta ar an treoir a fuair Foras na Gaeilge.

The Chairman put some interesting questions. He gave me the impression that he had done his homework on this matter. The answers we got were really central to what this is about at present. Some of the information we have today, dá mbeadh sé againn níos luaithe bheadh seans é a mheas agus teacht ar aghaidh le moltaí a bheadh cabhrach.

On the question of advocacy, everyone agrees that huge progress has been made on the language over the years. Here is a list of things that have happened which many people in the 1940s and 1950s would never have foreseen: Raidió na Gaeltachta; TG4; na gaelscoileanna; Acht na dTeangacha Oifigiúla; Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge; agus official recognition for Irish as a working language in the EU. Advocacy by voluntary bodies was central to every one of those developments. I can look back over the years and say Irish would not have official working status in Europe if the issue had not been taken up by the voluntary bodies. This is also true of Teilifís na Gaeilge. I remember those debates. The voluntary bodies were also central to the development of the gaelscoileanna. Caithfimid a bheith beagáinín cúramach nuair atáimid ag caint faoi scéimeanna. Más rud é nach bhfuil ach scéim amháin i gceist, agus gan bunmhaoiniú ann, beidh an abhchóideacht sin imithe. In fact, it was that same advocacy that gave us the strength the language has today.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh don dea-thoil atá ann don Ghaeilge. Those who remember the days of the Language Freedom Movement will remember the turbulent times the language has had in the State. The huge meetings that were held then did not do any good to anyone. It set us back quite a lot. I am a little worried that the díospóireacht we have at present may do damage to that goodwill. I do not think we are in a cul-de-sac but we have reached a stage when we must start thinking of solutions to this.

I understand the two Ministers, North and South, will have to agree to this. I have not noticed the Minister of State, Deputy Dinny McGinley, showing hugely strong support for what is on the table. Will it be he or the Minister, Deputy Deenihan, who attends the North-South Ministerial Council meeting? We have reached a problem situation and I ask the representatives of Foras na Gaeilge to think this through. If the Minister does not seem to be coming out strongly on the side of what is being proposed, is an embarrassment awaiting us down the road in the context of the North-South situation? When the Minister of State spoke to the Seanad much of his contribution was along the lines of what we are saying today. I am a little worried that there might be a deeper issue than that of the language bodies, if both Ministers are not onside.

We should agree that Foras na Gaeilge has created a good, and perhaps timely, debate. We should also agree that some great points have come forward. However, I would like to ask a supplementary question. An bhfuil bac ar Fhoras na Gaeilge ón gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas teacht thar n-ais, ath-mhachnamh a dhéanamh agus próiseas eile a thosú? As part of that process, would we be able to take on board all we have learned here and in the debate generally?

The idea of an independent facilitator should be seriously considered, if there are two sides. Perhaps there is only one side? If there are two sides, an independent facilitator should be allowed to get involved. At the end of the day, is í an Ghaeilge an rud is tábhachtaí. Táimid go léir ar an taobh céanna agus ar an bhfoireann chéanna. B'fhéidir go bhfuil seans againn rud an-tábhachtach a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de. We are possibly on the cusp of doing something exceptionally important for the language. It has to be considered on the basis of bunmhaoiniú and scéimeanna, both of which have to be considered. I fear that in the absence of bunmhaoiniú, we will lose experienced and talented people. I am asking for advice from the delegates in that regard. The historic role of many of these organisations, some of which have been in existence for over 100 years, does not seem to be recognised. They have certainly been responsible for much of the progress we have made.

We have to be fair to Foras na Gaeilge. Its lack of finance following the 16% cut that has been mentioned is an exceptionally difficult problem. Foras na Gaeilge has to bring interests from the North and the South together in this regard. D'úsáid an Seanadóir Keane an focal "partnership". The only way to proceed in a way that benefits the Irish language is by means of partnership. We should all take a step back. Is there any difficulty in having such a rethink ó thaobh an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas? I appreciate that the consultation process is continuing. That process should not finish when the consultation is complete. There are always queries about consultation. People question whether it is guided, for example. Perhaps something can be done at the end of the process - even if we lose some months - to facilitate re-engagement. I understand the bunmhaoiniú has been extended into the summer. What would be wrong with extending it into the autumn or even the rest of the year, if that is necessary to get it right?

I was very pleased with the Chairman's questions. Tá súil agam go dtiocfaidh rud tairbheach as an bpróiseas seo. Tá seans ann go dtarlóidh sé sin má táimid go léir sásta obair mar pháirtnéirí sa phróiseas.

After I allow Senator Keane to make a brief supplementary contribution, I will ask the witnesses to respond to Deputies and Senators and make some concluding remarks.

Senator Ó Murchú said it is important that both Ministers sing from the same hymn sheet. My interpretation of it is that they are doing so. Both of them are concerned with value for money and the restructuring of funding. The remit that Foras na Gaeilge was given related to the restructuring of funding. In 2010, it made a recommendation to the North-South Ministerial Council with regard to competitiveness. If that question were put to both Ministers, they would probably look at it as well. I do not think there would be a difference between them on the aspiration behind ensuring we get best value for money. Both Ministers would want that. Foras na Gaeilge came forward with the competitiveness element. There has to be a differentiation in that respect.

The Chairman's intervention was very useful. It focused everybody's minds. The challenge for Foras na Gaeilge, having inherited 18 organisations and added one to make a total of 19, is to deal with the cut of 16% that has been imposed on it. There is a general consensus that gluaiseacht na Gaeilge realises that a reduction in the number of organisations is necessary. That is a fact. The second fact is that there is a need for the provision of these services to be streamlined and duplication to be avoided. While I do not want to put words into the witnesses' mouths, I suggest that Foras na Gaeilge may have been constrained when it tried to come up with a scheme that was as simple and painless as possible. Perhaps the organisation needs to be more straight about that.

Seanadóir Ó Murchú was right when he spoke eloquently about the challenge of streamlining not in any way undermining the legacies of na grúpaí pobail deonacha and the community groups. According to what I am hearing, we are all in agreement that there needs to be streamlining and a reduction in the number of groups from 19. A sense of partnership and a longer period of consultation might be necessary before there is agreement on how that might be achieved. That is why I asked whether the Comhairle Aireachta has imposed a spriocdáta or deadline on Foras na Gaeilge. Having attended these three sessions, I will take away a sense that people are agreed on the need for a reduction in the number of groups. Perhaps the question of whether that should be achieved through this scheme or another scheme might be teased out by Foras na Gaeilge.

Mr. Ferdie Mac an Fhailigh

Mairfidh an próiseas comhairliúcháin seo go dtí 2 Aibreán. Tá duine le ceapadh ag Foras na Gaeilge le hainilís a dhéanamh ar na haighneachtaí uilig a thiocfaidh isteach agus tuairisc a scríobh ar sin. Beidh an tuairisc, in éineacht leis na haighneachtaí, foilsithe ar shuíomh Foras na Gaeilge. An sprioc atá leagtha síos ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas ná go gcuirfimid an phróiseas comhairliúcháin i bhfeidhm faoi 2 Aibreán seo chugainn. Beidh uasdátú le hullmhú agus le tabhairt ar ais chuig chruinniú na comhairle sa samhradh. Léiróidh an tuairisc sin go bhfuilimid fós ag oibriú tríd seo, nó go bhfuil rudaí áirithe ag teacht amach. Mar a dúirt muid roimhe seo, táimid ag lorg sa phróiseas comhairliúcháin oiread inchur agus is féidir a fháil ó phobal na Gaeilge. Teastaíonn uainn na tuairimí agus na moltaí atá acu a fheiceáil, ionas gur féidir linn an phróiseas seo a bhogadh chun tosaigh.

Tá gach aon duine aontaithe go bhfuil gá le hathstruchtúrú. Tá gach aon duine aontaithe go gcaithfidh athrú éigin a bheith ann. Tá athstruchtúrú á dhéanamh againn faoi threoir ón gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Chun an cheist a chuir an Seanadóir Ó Murchú a fhreagairt, má thagann moltaí nár smaoinigh aon duine orthu, mar shampla maidir le chónascadh eagraíochtaí, déanfar scrúdú orthu. Tá gach aon rud ar an tábla anseo. Níl inchinn aon duine déanta suas nó dúnta. Ag deireadh an lae, is é an rud céanna atá uainn uilig. Ní bhaineann sé seo leis na heagrais nó le Foras na Gaeilge. Baineann sé le leas na Gaeilge. Ní bhaineann sé le rud ar bith eile, nó le haon aidhm eile.

Tá mé ag amharc tríd na rudaí uilig a dúradh níos luaithe. Maidir leis na hAirí, is í an tuairim atá curtha in iúl acu dúinn ná go bhfuil próiseas comhairliúcháin ar siúl. Níl siad chun "sea" nó "ní hea" a rá nuair atá an próiseas ag leanúint. An t-aon rud atá á rá acu ná go bhfuil próiseas comhairliúcháin ar siúl agus ba cheart do dhaoine páirt a ghlacadh ann. Bunaithe ar an bpróiseas sin, beidh plé ag bord Fhoras na Gaeilge leis an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas.

Mr. Seán Ó Coinn

Ba mhaith liom cúpla rud a chur leis sin. D'iarr an Seanadóir Ó Clochartaigh orainn an bhfuil teipthe ar an bpróiseas seo. Ní dóigh liom go bhfuil, faoi láthair. Is dóigh liom go bhfuil ag éirí go han-mhaith leis na gcruinnithe atá ar siúl idir muidne agus na heagraíochtaí. Tá cur agus cúiteamh ceart agus dul i ngleic ceart leis na ceisteanna ar siúl. Ba mhaith leanúint leis na gcruinnithe sin, le níos mó eolais agus níos mó grinnstaidéar a dhéanamh ar an méid atá na grúpaí ag rá linn. Tá sé an-tábhachtach go dtuigfeadh daoine go bhfuilimid go huile agus go hiomlán oscailte faoin bpróiseas seo, agus go bhfuilimid sásta athruithe a dhéanamh. Is dréachtscéimeanna atá iontu faoi láthair - baineann tábhacht leis an fhocal "dréacht". Táimid i ndiaidh a rá leis na heagraíochtaí gur mhaith linn, chomh maith le moltaí i leith na ndréachtscéimeanna, aighneachtaí a fháil uathu ar bhealaí eile chun cinn. Táimid ag rá leo teacht chugainn le moltaí eile seachas na scéimeanna, má shíleann siad go bhfuil bealaí eile ann leis na deacrachtaí atá againne, mar a luaigh muid, a réiteach. Is dóigh liom nach bhfuil an bhearna idir muidne agus na heagraíochtaí chomh mór sin uilig. Mar a dúirt mé, tá tús curtha ag cuid de na heagraíochtaí leis an bpróiseas sin teacht le chéile mar eagraíochtaí agus teacht ar ais chugainn le chéile seachas a bheith ag teacht ar ais ina n-aonar. Tá sin an-tábhachtach agus mothaím gur sin ceann de na bealaí is éifeachtaí le dul chun cinn i bpairtíocht.

An nglacfadh sibh le áisitheoir, mar sin an bealach a fheiceann muid gur ceart a thógáil?

Mr. Seán Ó Coinn

I láthair na huaire, táimid i lár phróisis chomhairlithe agus ní dóigh liom go dtig linn rud ar bith a dhéanamh mar sin. Caithfimid ligean don bpróiseas sin a dhul go dtí 2 Aibreán. Ar ndóigh, dá stopfadh na heagraíochtaí ó bheith ag caint linn, caithfeadh muid glacadh ansin nach mbeadh an cur agus an cúiteamh sin ann, ach ní dóigh liom go bhfuil sin ag tarlú. An moladh a bheidh againn nuair a bheidh an próiseas comharliúcháin thart, dá mbeadh gach duine ag diúltú go dubh agus go bán leis sin, ní bheadh muid ábalta dul ar aghaidh leis. Mar a dúirt an Seanadóir Ó Murchú, ní dóigh liom go mbeadh na hAirí sásta glacadh leis ach oiread dá mbeadh gach duine ag easaontú leis. Léiríonn sin an oscailteacht atá sa bhforas a bheith ag iarraidh an múnla atá againn a chur in oiriúint do rud éigin a bheidh le leas na teanga amach anseo. Aithníonn muid go mbeidh moltaí ag teacht agus tá súil againn go leanfaidh na moltaí sin ag teacht ó na heagraíochtaí agus go leanfaidh an cur agus an cúiteamh sin ó na heagraíochtaí agus go bhfaighfidh muid na haighneachtaí sin le go bhfeicfidh muid cad iad na bealaí a bheidh le toil na n-eagraíochtaí agus le toil an phobail agus go mbeidh muid ábalta sin a réiteach leis na deacrachtaí atá againn, mar a luaigh an Seanadóir féin, i dtaca le réasúnú a dhéanamh ar an earnáil.

Bhí ceist againn i dtaobh saineolaí teanga. An bhfuil a leithéid agaibh?

Mr. Seán Ó Coinn

Níl saineolaí pleanála teanga againn. Arís, mothaím go mbaineann an cheist seo níos mó le na ceisteanna a d'ardaigh an Cathaoirleach faoi eagrú earnála agus eagraíochtaí agus sruthlíniú seirbhísí ná bhaineann sé le pleanáil teanga. Tá pleanáil teanga an-tábhachtach agus tá cuid mhór di i ndiaidh dul isteach sa straitéis 20 bliain. Táim ag glacadh leis go mbeidh sin i bhfeidhm sa straitéis a thiocfaidh chun cinn ó Thuaidh. A bhfuil ráite ag na pleanóirí teanga ins na staidéir éagsúla atá déanta ó bhí 2007, tá sin léite againn uilig. Níl muid inár saineolaithe pleanála teanga insan eagraíocht. Tá scileanna eile againn a bhaineann le reachtáil eagraíochta seachas sin.

Mr. Éamonn Ó hArgáin

Ag tús an chruinnithe seo luaigh duine éigin briseadh síos. Níor mhaith liom go gceapfadh éinne go bhfuil briseadh síos idir Foras na Gaeilge agus na heagrais Ghaeilge. Tá tuairimí difriúla againn faoi rudaí áirithe, ach tá sin sláintiúil. Tarlaíonn sin i ngach eagraíocht. Tarlaíonn sé sin sa saol polaitiúil, go mbíonn tuairimí éagsúla ag daoine agus malartú tuairimí agus mar sin de. An jab atá le déanamh againn anois ná na tuairimí sin go léir a chur isteach i mbosca agus féachaint cad a thiocfaidh amach as, fad agus atáimid lán sásta go bhfuil an próiseas chun é sin a bhaint amach. Sin an fáth go bhfuil an próiseas sin ann. Tá gaol an-mhaith ag Foras na Gaeilge leis na heagraíochtaí. Le tamall fada, tá muid ag bualadh leis na heagraíochtaí, le daoine aonaracha, le Aontas Phobal na Gaeilge agus leis an bhFóram agus mar sin de. Leanfaidh muid ar aghaidh leis sin fad agus atá an próiseas seo ar siúl.

Chuir mé ceist faoi athbhreithniú bliantúil ar na pleananna oibre agus faoi scálaí pá. An ndéarfaidh sibh rud éigin fúthu sin. Deireann sibh go raibh caidreamh leanúnach ann. An raibh sé sin ann agus an raibh sibh ag déanamh measúnaithe air?

Mr. Éamonn Ó hArgáin

Tá caidreamh ann. Tá tuairimí difriúla ann, ach níor mhaith liom a rá go bhfuil briseadh síos ann. Tá tuairimí ag Foras na Gaeilge conas an rud seo a chur chun cinn. Tá a mhalairt tuairimí ag eagraíochtaí difriúla, ach tá sin sláintiúil. Tá sé nádúrtha go mbeadh a leithéid ann. Cinnte, beidh agus tá muid ag obair i gcomhair leis na heagraíochtaí.

Go dtí seo, an mbíodh sibh ag déanamh athbhreithnithe bliantúil ar na pleananna oibre? An raibh sin ag tarlú?

Mr. Éamonn Ó hArgáin

Cuireann na heagrais bunmhaoinithe iarratais bhliantúil isteach. Ach le déanaí, tarlaíonn sin thart ar gach sé mhí, mar fuaireadar síneadh ama. Níl sé sin iontach dúinn ná do na heagraíochtaí go mbeadh siad ag teacht ar ais chuig Foras na Gaeilge gach sé mhí. Ní féidir pleanáil ar aghaidh mar sin. Ach ó thaobh pleananna bliantúla, déanann muid measúnú orthu. An é sin atá i gceis ag an Seanadóir? Mar a dúirt an Seanadóir Ó Murchú, tá síneadh ama anois, ní hamháin go dtí an samhradh, ach go dtí samhradh 2013 ar an bhunmhaoiniú. Tógadh an cinneadh sin le déanaí.

An fáth go bhfuil mé á lua ná mar i gcomhthéacs an dúbailt atá gach duine ag rá atá ann, nach gcuirfidh sin leis an dúbailt sin?

Mr. Éamonn Ó hArgáin

Cuirfidh, agus sa bhliain atá thart nuair a chuaigh muid amach chuig na heagraíochtaí ar fad, bhí ceisteanna faoi chomhoibriú agus mar sin de. Deireann muid go mbeidh níos mó comhoibrithe ann agus nach mbeidh dúbailt ann.

Mr. Seán Ó Coinn

Tá sé iontach deacair má tá dhá eagraíocht ann agus más é an sainchúram atá orthu ná cúrsaí oideachais. Tá dúbailt ins na heagraíochtaí atá i gceist ansin. Seachas iarraidh ar eagraíocht oideachasúil dul i mbun oibre ar na healaíona, tá sé an-deacair plé leis an gceist sin. Pointe eíle faoi dhúbailt, baineann cuid mhaith dó le cúrsaí riaracháin, costais seasta agus costais riaradh na noifigí. Tá samplaí ann de dhúbailt ó thaobh cúraimí oibre de, ach go minic, sin raison d'être na n-eagraíochtaí. Má deirtear leo athrú, sin cothrom agus a rá leo deireadh a chur leis an eagraíocht ar bhealach. Tá sin deacair a dhéanamh sa chóras reatha.

Chuir mé ceist níos luaithe mar gheall ar straitéis an fhorais, the umbrella body. An bhfuil plean nó straitéis foilsithe ag Foras na Gaeilge do na 32 contae? Ní bheadh plean do gach éinne ag an bhforas, ach an bhfuil plean foilsithe do na 32 contae fós?

Mr. Ferdie Mac an Fhailigh

Tá plean bliana againn. Tá plean na bliana reatha le plé go fóill agus le haontú ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Tá plean corparáideach trí bliana 2011-2013 againn. Pleanadh sin ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas i lár na míosa seo agus beidh sé foilsithe go luath. Tá muid i ndiaidh tacú go láidir leis an straitéis 20 bliain agus tá straitéis á ullmhú don Ghaeilge ó Thuaidh agus beidh muid ag plé leis an Roinn ó Thuaidh faoi sin. An dearcadh atá againn ná gach rud a dhéanann muid, táimid ag iarraidh é a dhéanamh ar bhonn 32 contae. An t-aon scéim fógraithe againn nach mbaineann le 32 contae ná scéim le haghaidh oifigigh Gaeilge le comhairlí áitiúla ó Thuaidh. An t-aon cúis go bhfuil sin teoranta don Tuaisceart ná, nach bhfuil Acht Teanga againn ó Thuaidh agus mar sin, ní caithfidh na comhairlí áitiúla oifigigh Ghaeilge a bheith acu mar is gá anseo. Le gach scéim eile, baineann sí le 32 contae.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Liam Ó Maolmhichíl, Ferdie Mac an Fhailigh, Seán Ó Coinn agus Éamonn Ó hArgáin as bheith linn.

That concludes this session. The sub-committee will meet and consider how it can progress this and decide on recommendations.

The joint committed adjourned at 6 p.m. until 10 a.m. on Wednesday, 29 February 2012.
Barr
Roinn