Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Joint Committee on the Implementation of the Good Friday Agreement díospóireacht -
Thursday, 4 May 2017

Acht na Gaeilge: Engagement with Conradh na Gaeilge

Tá fáilte roimh na finnéithe go léir. I apologise that that is probably the extent of my Gaeilge. The witnesses are very welcome and we are really glad that they are here with us today. I know that we have at least one Gaeilgeoir on the committee and possibly others with better Irish than I have myself. I give a very sincere welcome to Mr. Ciarán Mac Giolla Bhéin, bainisteoir abhcóideachta, Mr. Julian de Spáinn, ard-rúnaí, and Mr. Pádraig Ó Tiarnaigh, feidhmeannach cumarsáide, from Conradh na Gaeilge to our joint committee meeting today. I invite the witnesses to give their opening statement. This will be followed by questions from the committee.

Mr. Julian de Spáinn

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis an gcoiste as an deis labhairt inniu. Mar eolas don choiste, tá mise chun an caint a dhéanamh chun an rud ginearálta a thabhairt don choiste. Ansin, tá Mr. Ciarán Mac Giolla Bhéin chun beagáinín cúlra a thabhairt don choiste ar an moladh do Acht atá againn atá sna cáipéisí atá ag na baill. Tá leagan Béarla ann. There is an English version of the caint, má tá sé ag teastáil ó aon duine, sna cáipéisí a chuireamar thart freisin.

Táim féin agus Conradh na Gaeilge an-bhuíoch as an deis seo teacht os comhair an choiste inniu le ceist na Gaeilge ó Thuaidh a phlé. Ba mhaith linn buíochas faoi leith a ghabháil leis an gCathaoirleach agus le cléireach an chomhchoiste as an seisiúin seo a eagrú. Aithnítear dúinn cé chomh tábhachtach is atá Comhaontú Aoine an Chéasta do na pobail ar fad ar an oileán seo, pobal na Gaeilge ach go háirithe, agus aithnítear dúinn fosta an tábhacht a bhaineann leis an gcomhchoiste seo agus muid ar fad ag iarraidh an comhaontú stairiúil sin a chosaint agus a fhorbairt. Tá súil againn inniu go mbeidh muid ábalta cur leis an obair fhiúntach a bhíonn ar bun ag na baill go laethúil anseo.

Ar dtús báire, ba mhaith liom roinnt eolais a thabhairt daoibh maidir le Conradh na Gaeilge, agus go háirithe faoin obair a dhéanann muid ó Thuaidh. Mar is eol don choiste, is fóram daonlathach í Conradh na Gaeilge. Tá breis is 200 craobh againn in Éirinn agus ar fud an domhain agus tá thart ar an ceathrú cuid de sin lonnaithe ó Thuaidh. Táimid an-bhródúil go ndéanann craobhacha agus baill na heagraíochta clár oibre na heagraíochta a stiúradh agus go bhfuil gréasán láidir de dhíograiseoirí deonacha atá ag obair go dian dícheallach don teanga ar bhonn leanúnach. Chomh maith leis sin, is ceann na de na sé cheanneagraíochtaí muid roghnaithe ag Foras na Gaeilge, agus dualgais againn dírithe ar chosaint teanga agus ardú feasachta na teanga.

Bíonn Conradh na Gaeilge ag plé le réimse leathan tionscadail, tograí agus feachtais leis an nGaeilge a chosaint agus a spreagadh ó Thuaidh. Ina measc, tá feachtas chun cearta teanga a bhaint amach do phobal na Gaeilge, agus beidh mé ag teacht ar ais chuige sin níos déanaí. Is clár é Ár dTeanga Roinnte atá ar siúl againn sna scoileanna ó Thuaidh, ach go háirithe scoileanna nach bhfuil aon eolas acu faoin nGaeilge, le heolas a thabhairt dóibh faoin teanga. Díríonn muid ar pholasaithe Gaeilge a fhorbairt sna comhairlí ó Thuaidh. Bíonn muid ag plé leis an nGaeilge agus cúrsaí oideachais sna scoileanna nach bhfeidhmíonn trí mheán na Gaeilge agus sna Gaeilscoileanna dar ndóigh chomh maith. I gcúrsaí craoltóireachta, tá an-chuid nascanna déanta againn le mionteangacha eile ar fud an domhain, bíodh siad sa Bhreatain Bheag nó san Albain. Táimid mar bhall de chomhghuallaíocht darbh ainm ELEN san Eoraip agus foghlaimíonn muid go leor as sin. Bíonn scéim scoláireachtaí againn ó Thuaidh chomh maith. Le déanaí, gach seans go raibh cuid de na baill páirteach i Seachtain na Gaeilge, ina raibh 750,000 duine páirteach ann.

Leis sin ráite, ba mhaith liom anois aird a thabhairt ar an gcéad rud a luaigh mé, agus an fáth a bhfuil muid anseo inniu, is é sin, Acht Gaeilge ó Thuaidh mar thosaíocht agus mar riachtanas le muinín i gComhaontú Aoine an Cheasta, Comhaontú Chill Rímhinn agus socruithe aontaithe i ndiaidh sin a chothú sa phobal Gaeilge. Is cinnte go bhfuil dul chun cinn ann ó Thuaidh ó thaobh na Gaeilge de ó síníodh Comhaontú Aoine an Cheasta. Tá borradh tagtha ar líon na gcainteoirí, tá fás mór tagtha ar an nGaeloideachas agus tá gréasán láidir de ghrúpaí pobal-bhunaithe ag feidhmiú trí Ghaeilge, mar shampla. Ach feictear dúinn agus d'ár mbaill go bhfuil bagairtí móra ann don Ghaeilge ó Thuaidh chomh maith. Is minic a dhéantar ionsaithe ar phobal na teanga agus is minic a chuirtear bac ar fhás na teanga, go díreach agus go hindíreach. Bheadh pobal na Gaeilge den bharúil go bhfuil go leor den dul chun cinn a luaigh mé ina thoradh ar a dhíogras féin agus gur tharla sé in ainneoin an Stáit, seachas mar gheall uirthi. Fosta, nuair atá tacaíocht ar fáil ón Stát, go minic bíonn sé ag brath go mór ar cé acu páirtí lena mbaineann an tAire nó cé atá sa chomhairle agus an bhfuil sé nó sí féin báúil don teanga. Cuirtear in aghaidh moltaí dearfacha teanga, agus sa chás go n-éiríonn leis na moltaí sin, is minic a mbíonn iarrachtaí ann iad a tharraingt óna chéile arís i ndiaidh achar beag ama.

Tá ocht bhforáil a dhéanann tagairt don Ghaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta. Ina measc tá bearta a bhaineann leis an nGaeilge a chur chun cinn; le húsáid na teanga a éascú sa chaint agus i scríbhneoireacht; le hiarracht a dhéanamh chun deireadh a chur le srianta ar fhorbairt na teanga; le hidirchaidreamh le pobal na Gaeilge a thógáil; le dualgas reachtúil a chur ar an Roinn Oideachais agus Scileanna chun oideachas trí mheán na Gaeilge a spreagadh; agus roinnt forálacha tábhachtacha eile bainte le cúrsaí craolacháin.

Tá muid ag teacht leis na forálacha sin uilig. Ar an drochuair, áfach, agus muid 16 bliana ó aontaíodh Comhaontú Aoine an Chéasta, feictear dúinn agus do phobal na Gaeilge i gcoitinne nach guirtear go leor de na forálacha sin i bhfeidhm sa spiorad nó sa chaoi go meastar ag an am agus go bhfuil níos mó ná fóralacha teipe de dhíth. Mar a bhí á rá agam, go minic níl forálacha an chomhaontaithe á chur i bhfeidhm, agus nuair atá, bíonn iarrachtaí láidre ann le haisghairm a dhéanamh orthu. Bíonn ar phobal na Gaeilge i bhfad bharraíocht ama a chaitheamh ag iarraidh iad féin agus an teanga a chosaint, seachas a bheith ag obair ar shaothair dhearfacha chun an teanga a chur chun cinn. Bheadh muid sásta samplaí den cur i gcoinne agus de na hionsaithe sin a thabhairt, ach déanfaidh muid aird an choiste a tharraingt i dtreo an chiorrú a rinneadh ar an scéim sparántachta líofa.

D’fhág sé seo blas searbh i mbéal an phobail. Is féidir linn dul tríd é sin beagánín eile níos déanaí, más mian leis an gcoiste.

Mar a luaigh mé, tá Conradh na Gaeilge i mbun stocaireachta agus feachtasaíochta le hAcht na Gaeilge a bhaint amach ó Thuaidh le roinnt mhaith de bhlianta anois. Ón taithí atá againn ó a shíníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, creideann muid go láidir go bhfuil géarghá le reachtaíocht leis an nGaeilge agus pobal na Gaeilge a chosaint agus a chothú agus go bhfuil géarghá leis le dul i ngleic leis na fadhbanna atá mé i ndiaidh a lua. Tá an t-éileamh seo bunaithe ar ár dtaithí féin agus ar shaineolas idirnáisiúnta nó sin a bhfuil molta ag na Náisiúin Aontaithe agus ag Comhairle na hEorpa. Níos suntasaí arís agus de bharr stocaireacht díreach agus leanúnach an Chonartha, is rud é go bhfuil móramh na mball sa Tionól anois ar a son den chéad uair riamh - 50 ball as 90 ball. Táimid an-sásta go bhfuil an dul chun cinn sin déanta.

Pléifidh mé na fáthanna a rachfadh Acht Gaeilge i ngleic le go leor de na constaicí atá luaite agam go luath ach ar dtús ba mhaith liom fadhb amháin eile a thógáil leis an gcoiste. Ceist mhór eile a chuireann imní orainn, agus tá a fhios agam gur ceist í seo ata faoi chaibidil ag an gcoiste le roinnt míonna anois, ná ceist na Breatimeachta. Beidh impleachtaí móra ann do phobail agus eagraíochtaí Gaeilge an oileáin mar gheall ar an mBreatimeacht. I measc na n-impleachtaí sin, má dhíríonn muid ar cheist reachtaíochta, gan aon reachtaíocht cosanta intíre, is í an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh an cosaint is mó atá ann don Ghaeilge ó Thuaidh. Tá laigí, dár ndóigh, ag baint le cur i bhfeidhm na cairte, mar atá ráite go leanúnach ag Comhairle na hEorpa, ach is creatlach ceart-bhunaithe idirnaisiúnta gur féidir a úsáid le tomhas a dhéanamh ar chosaint na Gaeilge ó Thuaidh. Cé go mbaineann an chairt le Comhairle na hEorpa agus ní go díreach leis an Aontas Eorpach, tá buaireamh mór ann go mbeidh níos mó spáis ag an stát tarraingt siar a dhéanamh ó threoracha an chairt mar thoradh ar an mBreatimeacht. Ar ndóigh, tá go leor ceisteanna eile ann i dtaca leis na ceanneagraíochtaí, na pobail Ghaeilge ar an Teorann, na heagraíochtaí agus an obair trasTeorainn, an t-infreastruchtúr uile-Éireann a d’eascair ó Chomhaontú Aoine an Céasta, stadás na Gaeilge san Aontas Eorpach agus eile.

Tá mé ag iarraidh patrún a shoiléiriú don choiste inniu agus sin go bhfuil pé dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas ó thaobh na Gaeilge de i mbaol leanúnach. Tá an fhéidearthacht ann i gcónaí go ndéanfar scrios ar an bhforbairt, rud a tharlaíonn go rialta agus go minic i gcaochadh na súl. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfear reachtaíocht inmheánach i bhfeidhm le pobal na Gaeilge a chosaint; le forbairt na teanga a chosaint; le cinntiú nach mbeidh tionchar cinniúnach ag Airí aonaracha nó Státseirbhís aineolach nó, i gcásanna áirithe, naimhdeach ar thodhchaí na teanga; agus le cinntiú go dtig le pobal na Gaeilge aird a tharraingt ar an obair a ba mhaith leo a dhéanamh.

Chuige sin, d’fhoilsigh muid plécháipéis i mí an Mhárta ag déanamh briseadh síos ar cad é a bheadh i gceist le hAcht Gaeilge ó Thuaidh agus an costas a bheadh leis. Rinneadh an-iarracht a bheith airdeallach ar an gcomtheács polaitiúil ó Thuaidh, ach go mbeadh an cáipéis ag freastal ar mhianta an phobail agus ag tógáil ar an saineolas ar fad atá bailithe thar na blianta. Déanfaidh an tUasal Mac Giolla Bhéin cur síos air sin agus, mar sin, ní dhéarfaidh mé mórán eile faoi.

Tá deis ar leith againn sa tréimhse seo cinneadh stairiúil dearfach a bhaint amach don teanga. Creideann muid go daingean go gcabhródh seo le cosaint a thabhairt don teanga roimh pé rud a thiteann amach faoin mBreatimeacht agus fosta go gcuideodh sé go mór le maolú a dhéanamh ar roinnt den achrann a bhaineann leis an nGaeilge ó Thuaidh agus, dar ndóigh, go gcuirfidh sé le rathúlacht Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Bhí muid ag iarraidh dhá rud a bhaint amach ón seisiúin seo inniu. Ar dtús, bhí muid ag iarraidh an deis a bheith againn roinnt ceisteanna a bhaineann le moltaí atá againn d’Acht Gaeilge ó Thuaidh a phlé leis an gcoiste. Síleann muid go bhfuil sé sin fíorthábhachtach. Chomh maith leis sin, ba bhreá linn agus bheadh muid an bhuíoch den choiste dá mbeadh an coiste sásta rún a rith ag tacú leis na moltaí atá muid ag cur chun tosaigh agus go mbeadh an coiste in ann iad a chur os comhair an Taoisigh agus an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Mr. Ciarán Mac Giolla Bhéin

Gabhaim mo bhuíochas as an deis seo a bheith os comhair an choiste inniu. Tá mé ag iarraidh cineál achoimre gasta a thabhairt don choiste ar mholtaí seo againne i dtaobh Acht na Gaeilge. Mar phointe beag ag an tús, bhí mise 16 bliana d'aois nuair a síníodh Comhaontú an Aoine Chéasta. Ag an am sin, gealladh ré úr don Ghaeilge. Bhí an Ghaeilge ar an imeall ar fad ón stát ó Thuaidh leis na blianta ar fad roimhe sin. Le Comhaontú Aoine an Chéasta, bhí ré úr geallta. Gealladh go mbeadh gníomh láidir deimhnithe déanta ar son na Gaeilge. In ainneoin na forbairtí atá déanta, go háirithe ó thaobh chúrsaí oideachais de agus ó thaobh an infreastruchtúr uile-oileánda de, tá an spiorad sin caillte. Fiche bliain beagnach i ndiaidh gur síníodh an comhaontú sin, is léir go bhfuilimid go fóill ag fanacht ar na buncheartanna sin agus ar an spiorad den chomhaontú sin a bheith curtha i bhfeidhm. Tháinig an t-éileamh le haghaidh Acht Gaeilge ina dhiaidh an chomhaontaithe. Cuireadh an deimhniú seo i gcomhaontú eile idirnáisiúnta - Comhaontú Chill Rímhinn - in 2006 agus arís eile táimid go fóill ag fanacht air sin a bheith curtha i bhfeidhm.

Nuair a chuireann daoine ceist - is fiú é seo a rá - faoi cén fáth ar chóir go mbeadh Acht Gaeilge ann, is féidir linn tagairt a dhéanamh do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus Comhaontú Chill Rímhinn, na conarthaí idirnáisiúnta atá sínithe, an tacaíocht forleathan atá ann nó an tacaíocht atá ann anois ó thaobh móramh na mball tofa sa Tionól ó Thuaidh. An pointe is tabhachtaí domsa ná go bhfuil Acht Gaeilge de dhíth ceann is go bhfuil pobal Gaeilge beo bríomhar ó Thuaidh. Tá pobal beo ann atá ag caitheamh a saol trí mheán na Gaeilge, atá ag foghaim faoin domhan trí mheán na Gaeilge agus atá ag tógáil páistí, ag fáil oideachais agus ag baint úsáid as seirbhísí pobalbhunaithe uilig trí mheán na Gaeilge. Tá an pobal sin ann. Níl sé ag dul áit ar bith, ach táimid ag fanacht ar an staid agus ar an aitheantas atá tuillte againn a chur i bhfeidhm trí mheán reachtaíocht ceartbhunaithe.

Luadh an tUasal de Spáinn cúpla pointe tábhachtach ansin chomh maith i dtaca le cúrsaí Breatimeachta agus leis an infreastruchtúr uile-oileánda. B'fhéidir go mbeidh deis againn pilleadh air sin ar ball.

I dtaca le moltaí seo againne ó thaobh na hAchta de, rinneamar iarracht, ar dtús báire, a bheith airdeallach ar na cinntí polaitiúla ar leith atá ann. Aithnímid nach bhfuil tacaíocht forleathan polaitiúil ann. Cé nach leithscéal sin gan na geallúintí a chur i bhfeidhm, tuigimid go bhfuil sé seo measartha casta. Mar sin de, chuirimid pacáiste le chéile a dhéanann, dar linn, ar an chéad dul síos agus an rud is tábhachtaí, freastal ar mhianta an phobail an méid gur féidir Acht a dhéanamh agus, ar an dara dul síos, atá indéanta ar bhonn polaitiúil agus ar bhonn eacnamaíochta de. Mar sin de, choinnimid na costais íseal agus rinneamar iarracht rudaí a bheith ann do leas an phobail. Is fiú a rá nach bhfuil an tAcht ag dul an teanga a chur ar bheola aon duine óg, ach chinnteodh sé go bhfuil creatlach reachtúil ann don stát ó thaobh na dualgais atá air agus narudaí a chaithfidh an stát a dhéanamh. Mar is léir ón taithí, agus luaigh an tUasal de Spáinn cuid de seo cheana féin, sin rud atá géarghá ann dó ó Thuaidh.

Ó thaobh ár moltaí de, ag dul tríothu go gasta anseo, táimid ag caint go mbeadh stádas oifigiúil ann don Ghaeilge ó Thuaidh. Tá an tAcht ar fad bunaithe air sin. Murach an stádas oifigiúil, ní fiú na míreanna eile atá luaite againn anseo. Is é an stádas oifigiúil a thugann cearta don phobal agus tá sé sin i gcroílár achan rud a dhéanaimid. Beimid ag moladh go mbeadh aonad lárnach aistriúchán a bheadh in ann tacaíocht a chur ar fáil le comhlachtaí poiblí. Amharcaimid air seo mar an rud is sábhálaí ar an chostas go fadtéarmach. 'Sé sin, go mbeadh aonad ann a bheadh in ann an tacaíocht sin a chur ar fáil agus a bheadh in ann tacaíocht a chur ar fáil don Tionól chomh maith. Tá an Ghaeilge sa Tionól luaite againn. Molaimid go mbeadh deis ag comhghleacaithe an choiste sa Tionól ó Thuaidh nuair atá siad ag caint ar choistí, díreach mar atáimid ag déanamh anseo anois, é sin a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Buncheart é agus rud atá ar fáil ní hamháin anseo ach in Albain agus sa Bhreatain Bheag chomh maith.

I dtaca le comhlachtaí poiblí, molaimid go mbeadh teacht ar sheirbhísí tríd na comhlachtaí poiblí. Tá cúpla pointe iontach gasta agus tábhachtach faoi seo. Ar an chéad dul síos, táimid ag moladh go mbeadh iniúchadh déanta ar fhoireann reatha na comhlachtaí poiblí seo. Tá aithne againn ar roinnt daoine atá ag obair sna comhlachtaí a bhfuil Gaeilge acu. Faoi láthair, níl an deis acu a gcuid scileanna teanga a úsáid chun leas an phobail. An chéad chéim leis sin a dhéanamh ná iniúchadh a dhéanamh. Ar mhaithe sin, an rud atáimid ag déanamh ná ag moladh go mbeadh caighdeánú nó rangú déanta ar na comhlachtaí poiblí. 'Sé sin, molaimid go mbeadh níos mó dualgais ar na comhlachtaí a bhfuil an méid is mó plé acu leis an phobal ná mar a bheadh ag comhlachtaí eile nach bhfuil mórán teagmhála acu, abair, leis an phobal. Táimid ag tógáil an múnla seo ón Bhreatain Bheag, áit a bhfuil caighdeán ann seachas scéimeanna teanga. Is léir dúinn ón luath-taighde air sin go bhfuil i bhfad níos mó feidhm agus tairbhe ag baint leis an chur chuige sin.

Chomh maith leis sin, molaimid go mbeadh rialtas áitiúil ann a bhfuil mar buanrialtas, más maith linn, ó Thuaidh. Bíonn go leor leor teagmhála ag saoránaigh an Tuaiscirt leis ar bhonn rialta. Molaimid go mbeadh polasaí láidir Gaeilge ag achan comhairle. Rud atá iontach soiléir ó thaobh mholtaí Chomhairle na hEorpa i leith pholasaí teanga de ná go mbeadh oifigigh Gaeilge ann agus go gcuirfeadh siad bunchreatlach seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge. Molaimid go mbeadh cead againn Gaeilge a úsáid sna cúirteanna. De réir reachtaíocht ársa - iarsma ón stair - tá cosc ar an Ghaeilge sna cúirteanna ó Thuaidh. Tá sé thar am deireadh a chur leis an Acht sin agus go mbeadh cead againn an Ghaeilge a úsáid.

Molaimid go mbeadh líonraí Gaeilge aitheanta ón Fheidhmeannas. Tá cúig líonra ar bhonn uile-oileánda ann. Tá trí cinn acu ó Dheas agus dhá cheann ó Thuaidh. Faoi láthair níl aon stádas reachtúil ag an dhá cheann ó Thuaidh in ainneoin go bhfuil ag an trí líonra ó Dheas. Táimid ag iarraidh é sin a athrú le go mbeadh an pleanáil teanga agus forbairt na teanga ag tarlú ar chomhchéim fud fad an oileáin, Thuaidh agus Theas.

I dtaca le logainmneacha, tá cúpla rud tábhachtach anseo. Molaimid go mbeadh comharthaíocht dhátheangach ar na príomhbóithre agus go mbeadh comharthaíocht dhátheangach ag leibhéal rialtais áitiúil agus ag na comhlachtaí poiblí.

Molaimid go mbeadh athrú agus córas leanúnach ann le haghaidh ainmneacha sráide ó Thuaidh bunaithe ar tromlach na ndaoine atá ag caitheamh vótaí ar na sráideanna seo a bheith báúil do chomharthaíocht dátheangach. Tá sé sin iontach tábhachtach dúinn ar chúpla chúis, ó thaobh feiceálacht na Gaeilge de. Tá sé aitheanta go hidirnáisiúnta go bhfuil feiceálacht mhionteanga rí-thábhachtach ó thaobh shealbhú teanga agus cur chun cinn teanga de. Chomh maith le sin, aithníonn muid go bhfuil sciar maith d'ár bpobal ó Thuaidh atá ar bheagán eolais faoin nGaeilge. Aithnímid fosta ón obair atá déanta againn tríd ár dteanga a roinnt agus roinnt scéimeanna eile gurb iad logainmneacha agus fios ar logainmneacha na bealaí is fusa nó is éifeachtaí le dul i bhfeidhm ar dhaoine chun suim agus meas a chothú sa teanga.

Táimid ag moladh go mbeadh oifigeach coimisinéara teanga ann a dhéanfadh riar ar chur i bhfeidhm na hAchta agus a dhéanfadh moltaí agus scagadh ar Bhillí Rialtais agus eile. Maidir leis na meáin de, tá leithcheal déanta faoi láthair. Tá leatrom ann ó thaobh an mhaoiniú atá á chur ar fáil ag an BBC do Albain agus don Bhreatain Bheag i gcomparáid le pobail na Gaeilge ó Thuaidh. An rud atá tábhachtach faoi sin, de réir an daonáirimh, ná go bhfuil níos mó Gaeilgeoirí ó Thuaidh ann ná mar atá lucht labhartha na Gaidhlige in Albain. Mar sin féin, caithfidh Rialtas na Breataine cúig oiread níos mó airgid a chaitheamh ar Ghaidhlig na hAlban ná mar atá. Tá BBC Alba ann ach níl a mhacasamhail ann ó Thuaidh. Táimid ag iarraidh go ndéanfar comh-imeacht le TG4 agus go mbeadh seirbhís agus infheistíocht ceart déanta i gcúrsaí craoltóireachta ó Thuaidh, mar atá tuillte againn.

Ar deireadh, i dtaca le cúrsaí oideachais de, is é bunchloch nó cuisle na hathbheochana ó Thuaidh an córas Gaeloideachas. Caithfear sainmhíniú dleathach a dhéanamh i leith an dualgais reachtúil. Caithfidh an Gaeloideachas a bheith ar chomhchéim leis an oideachas trí mheán an Bhéarla. Caithfidh teacht éigin laistigh den chóras Béarla a bheith ag daoine ar ranganna Gaeilge. Caithfear cinnte a dhéanamh go mbeidh an obair óige Gaeilge ar chomhchéim leis an obair óige Béarla chomh maith. Is í sin mo chuid.

I will open it up to questions. I call Deputy Breathnach.

I dtús báire, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil agus fáilte a chur roimh na finnéithe anseo inniu. Nuair a tháinig mé isteach sa Teach seo, thug mé geallúint an Ghaeilge a spreagadh agus go ndéanfainn mo dhícheall caint i nGaeilge, scríobh i nGaeilge agus comhrá a dhéanamh trí Ghaeilge, cé nach bhfuil mé chomh líofa is atá na finnéithe. Tá an seanfhocal ráite cheana: tír gan teanga, tír gan anam. Ba mhaith liom Conradh na Gaeilge a mholadh as ucht an obair atá déanta aige ar gach taobh den tír seo. Ba chóir go mbeadh Acht na Gaeilge ann ó Thuaidh. Chuala mé Mr. Julian de Spáinn ag iarraidh orainn go rachadh an rún a mhol sé níos faide ná an coiste seo. Ba mhaith liom é sin a mholadh freisin. Tá súil agam go ndéanfaidh baill eile an rún sin a mholadh freisin.

Tá sé sofheicthe go bhfuil an scéim teanga sa Bhreatain ag obair, go háirithe leis na logainmneacha. Sílim go chóir go mbeadh an teanga ar an leibhéal céanna sa Bhreatain is atá sé ar an taobh seo den tír. Ceapaim gur thug na finnéithe an-mholadh anseo inniu. Tá an-suim agam sna rudaí seo. Ba chóir iad a chur os comhair níos mó daoine chun go bhfeicfidh siad nach bhfuil na finnéithe ag iarraidh an teanga a chur síos scornach dhaoine nach bhfuil suim acu ann.

Tá cúpla ceist agam. Cad é tuairim na bhfinnéithe faoi na figiúirí a thug an CSO dúinn le déanaí a dheireann go bhfuil an teanga ag dul i laghad ar an taobh seo den tír? Cad eile gur féidir leis an gcoiste seo a dhéanamh ar bharr an rún a mholadh?

Gabhaim buíochas le na finnéithe agus tá fáilte rompu anseo. Is cuimhin liom an cruinniú a bhí ag an Seanadóir le déagóirí ó Bhéal Feirste cúpla mí ó shin. Bhí an grá a bhí ag na déagóirí sin don teanga an-shoiléir. Bhí sé go han-mhaith ar fad. Cinnte, níl go leor á dhéanamh againn anseo nó taobh ó Thuaidh maidir leis an teanga. Maidir leis an bplé-cháipéis, ceapaim go bhfuil sé ar fheabhas ar fad agus sár-mhaith. Tá sé an-shoiléir faoi cad ba cheart a dhéanamh. Nílimid ag caint faoi mórán airgid. Tá sé sin go han-mhaith ar fad. I mo thuairim, ceapaim gurb iad an dá rud is tábhachtaí go tobann ná an coimisinéir agus lár-ionad aistriúcháin. Is é sin mo thuairim agus ba mhaith liom éisteacht leis an méid a cheapann na finnéithe faoi sin. Maidir le na scoileanna, cé mhéad Gaelscoileanna - bunscoileanna agus meánscoileanna - atá ann ó Thuaidh agus cén caighdeán Gaeilge atá ag na múinteoirí ann?

Gabhaim buíochas le na finnéithe as a bheith linn agus don chur i láthair thar a bheith cuimsitheach. Sílim go bhfuil sé tábhachtach cur leis an méid atá ráite ag an Teachta Breathnach cheana féin ó thaobh obair Chonradh na Gaeilge, atá sáite i bpobal bríomhar agus fuinneamhach atá ag fás an t-am ar fad, ní hamháin ó Thuaidh ach ar fud na tíre ina iomlán. Dar ndóigh tá feachtasaíocht ag dul ar aghaidh ó Thuaidh ó thaobh Acht cuimsitheach atá de dhíth in Acht na Gaeilge agus i gcearta na nGaeilgeoirí ó Thuaidh. Tá sár-obair déanta ag an gConradh ó thaobh an fheachtais sin, fiú go dtí ar na mallaibh agus an Conradh ag déanamh idirghníomh nach samhlódh muid tamaillín ó shin le páirtithe agus grúpaí eile. Tá a fhios agam go bhfuil a lán oibre déanta ag an gConradh go ciúin sa chúlra le grúpaí agus pobail ar leith nach mbeadh an seal acu an idirghníomh sin a dhéanamh leis an nGaeilge go minic.

Ba mhaith liom féin tacú leis an méid atá ráite ag Teachtaí O'Sullivan agus Breathnach cheana maidir leis an bplé-cháipéis agus na moltaí atá ann. Sílim gur cheart don choiste seo glór s'againne a ardú agus a bheith páirteach sa bhfeachtas sin atá ag dul ar aghaidh taobh amuigh. Má tá an tAire, Teachta Charlie Flanagan, ábalta teacht isteach os comhair an tSeanaid agus os comhair na Dála le rá go dtacaíonn sé le cur i bhfeidhm Acht na Gaeilge, ba cheart go mbeadh struchtúir agus baill na Tithe seo á rá sin chomh maith. Is é sin an méid a bhí mé ag iarraidh a rá.

Ó thaobh ceisteanna de, maidir leis an méid a dúirt mé ní ba luaithe faoin gcinéal freasaitheacht atá amuigh ansin in éadan chur i bhfeidhm Acht na Gaeilge, deirtear agus deireann daoine go bhféadfadh an Acht a bheith ina rud scoilteach. Tá a lán ráite ag na finnéithe agus sa doiciméid a léiríonn costais agus tá sé sin thar a bheith tábhachtach. Maidir leis an taithí atá ag Mr. Ciarán Mac Giolla Bhéin, an dtiocfadh leis labhairt faoi cén fáth nach mbeadh an Acht ag dul i bhfeidhm go dearfach ar dhuine ar bith nó faoi conas nach gcuireann sé isteach ar dhuine ar bith? Nach é sin cuspóir an Achta do phobal na Gaeilge fosta?

I will pass over to the witnesses, but I will first ask a question myself. I hope that the witnesses do not mind if I ask it in English. Deputy Breathnach spoke about the language diminishing here in the Twenty-six Counties, yet there seems to be a huge demand for children to go to Gaelscoileanna. In my own constituency and in my own county, there is at least double what the school can take in applying for places every single year. Obviously, the witnesses would see that as a good thing. Do they see that as a positive in terms of the language diminishing while people are sending their kids to Gaelscoileanna? Do they see any sort of connection between the two? What is the demand for Gaelscoileanna in the Six Counties? Is it in any way similar? I do not imagine that the demand is the exact same, but is it increasing?

Mr. Julian de Spáinn

Freagróidh mé ceist nó dhó agus b'fhéidir go dtiocfaidh an dá fhinné eile isteach freisin.

B'fhéidir go dtosóidh mé leis an Teachta Breathnach. Sílim go raibh an ceart aige in go leor den mhéid a bhí le rá aige. D'iarr sé an bhfuil aon rud breise gur féidir leis an gcomhchoiste a dhéanamh. Tiocfaidh an méid a bhí á rá aige faoi na figiúirí daonáirimh chun cinn sa mhéid atá le rá agam mar fhreagra. Táimid ag labhairt leis an gcoiste inniu faoi reachtaíocht atá fíorthábhachtach mar chrann taca don phobal agus muid ag iarraidh daoine a spreagadh an Ghaeilge a úsáid. Ba cheart go mbeadh an tacaíocht sin ar fáil ón Stát nuair atá seirbhísí á sholáthar don phobal.

Ag dul leis an tacaíocht atá riachtanach don phobal, ba cheart freisin go mbeadh tacaíocht ar fáil do ghrúpaí ar nós Foras na Gaeilge le cinntiú gur féidir leo fás agus forbairt. Le tamall de bhlianta, tá laghdú dochreidte tagtha ar bhuiséad an fhorais. Tá 80 eagraíocht Gaeilge agus Gaeltachta ó Thuaidh agus ó Theas tar éis teacht le chéile chun €18 milliún a lorg le haghaidh plean infheistíochta a chruthódh breis agus 1,000 post agus i bhfad níos mó deiseanna an Ghaeilge a úsáid. B'fhéidir go ndéanfaidh an coiste seo scrúdú ar an gceist sin lá éigin. Tá sé dochreidte go bhfuil foras trasTeorann a thagann ó Chomhaontú Aoine an Chéasta chomh srianta is atá sé mar gheall go bhfuil sé faoi dhá Rialtas. Mar shampla, nuair atá laghdú le déanamh sa bhuiséad ó Dheas, déantar laghdú ó Thuaidh freisin. Is cuma má tá airgead ag an Rialtas ó Thuaidh le cur isteach i bhForas na Gaeilge - déantar laghdú sa bhuiséad trasna an bhoird. Tá rud éigin mícheart nó briste sa chóras a chuireann Comhaontú Aoine an Chéasta i bhfeidhm i gcomhthéacs Foras na Gaeilge. Bheadh sé iontach dá mbeadh an coiste seo in ann breathnú ar an bhfadhb sin. Táimid ag lorg cabhair inniu ó thaobh na reachtaíochta de, ach b'fhéidir go mbreathnóidh an coiste ar cheist Fhoras na Gaeilge an chéad lá eile.

Labhair an Teachta O'Sullivan faoi chúrsaí gaelscolaíochta. Is dócha go mbeidh an tUasal Mac Giolla Bhéin agus an tUasal Ó Tiarnaigh in ann dul isteach go mion i líon na nGaelscoileanna ó Thuaidh. Is cinnte go bhfuil spéis ag an bpobal sa Ghaeilge. Dá bhrí sin, caithfimid deiseanna a chur ar fáil dóibh. Is cinnte nach bhfuil an dá Rialtas - ó Thuaidh agus ó Theas - ag freastal ar an éileamh atá ann don Ghaelscolaíocht. D'fhoghlaimíomar ón Roinn Oideachais agus Scileanna inniu nach bhfuil ach Gaelscoil amháin i measc na gceithre scoil nua a tógfar sna blianta atá os ár gcomhair. Is léir go raibh an-éileamh ar an moladh a bhí ann gaelscoileanna a bhunú i mBaile Átha Cliath 2, 4 agus 6 agus i nDún Laoghaire. Is amhlaidh atá an scéal ó Thuaidh. Tá an-éileamh ar ghaelscolaíocht, ach níl an dá stát ag freastal air.

Mr. Ciarán Mac Giolla Bhéin

Gabhaim buíochas leo siúd a chur na ceisteanna. Leag siad a méara ar roinnt pointí tábhachtachta nach raibh an deis againn a chlúdach go dtí seo. Ba mhaith liom pointe ghasta a dhéanamh mar fhreagra ar cheist an Teachta Breathnach ar an méid gur féidir leis an gcoiste a dhéanamh. Ba mhaith linn, i dtéarmaí simplí, go n-úsáidfeadh an choiste aon chumhacht atá aige chun an cheist seo a bhrú chun tosaigh. Is cinnte go gcuideoidh an méid atá ar bun againn inniu. Más féidir le baill an choiste bheith mar abhcóidí ar son Acht na Gaeilge ó Thuaidh in aon teagmháil atá acu leis na meáin nó le polaiteoirí eile, beidh sé sin ina chrann taca ollmhór againne. Measann muid go bhfuil fuinneog ghearr againn anseo. Táimid in áit níos láidre ná má a bhí riamh roimhe seo. Beidh na comhchainteanna a thosaigh i ndiaidh an toghchán ó Thuaidh ag teacht ar ais in am trátha. Don chéad uair riamh, tá móramh i measc na baill nua-thofa i dTionól Thuaisceart Éireann ag teacht leis an Acht. Dá mbeadh guth láidir aontaithe ag teacht ar bhonn traspháirtí ó na páirtithe polaitiúla ó Dheas, creidim go gcruthódh sé sin móiminteam ó thaobh na ceiste seo nár féidir a stopadh. Bheadh sé ina cuidiú mór dá mbeadh baill an choiste seo, ar dhóigh ar bith, in ann an brú ar an ábhar seo a choinneáil ar an Taoiseach, ar an Aire, an Teachta Flanagan, nó fiú ar na polaiteoirí eile Thuaidh agus Theas.

Tá mé ar aon ghuth leis an Teachta O'Sullivan i dtaobh na moltaí atá leagtha amach aici. Bheadh coimisinéir de dhíth chun a lán de na moltaí sin a chur i bhfeidhm. Is dóigh linn gur cheart an coimisinéir a chur ar bun mar cheann de na chéad rudaí atá le déanamh. Tá dualgas sainiúil ag an gCoimisinéir Teanga chun míreanna áirithe, mar shampla, maidir le comhlachtaí poiblí agus maidir le logainmneacha, a reáchtáil amach.

Labhair an Teachta O'Sullivan faoin nGaeloideachas freisin. Chuir an Cathaoirleach ceist maidir leis an ábhar seo. Is í seo an earnáil is mó fáis ó Thuaidh. Nuair atá scoileanna eile ag dúnadh, agus líon na bpáistí atá ag freastal ar scoileanna i gcoitinne ag titim, tá ráta rannpháirtíochta an Ghaeloideachais ag dul in airde. Sílim go bhfuil timpeall 40 naíscoil, 35 bunscoil agus dhá mheánscoil saor-scartha againn faoi láthair. Tá aonad nó sruth i gcúig nó sé meánscoil ó Thuaidh freisin. Tá breis is 6,000 páiste ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge ó Thuaidh. Bunaithe ar chomparáid a rinneamar i mbliana idir na figiúirí iontrála i rang a haon agus na figiúirí fágála i rang a seacht, táimid ag tuar go dtiocfaidh méadú de 50% ar an earnáil seo laistigh de seacht mbliana. Tá an earnáil seo ag fás, ach tagann deacrachtaí leis sin. Tá roinnt de na Gaelscoileanna ó Thuaidh ag feidhmiú i mbotháin agus in aonaid eile nach bhfuil ar bhealach ar bith sásúil faoi láthair. Tá deacrachtaí móra againn maidir le sainriachtanais. Níl deis ag páistí a bhfuil sainriachtanais oideachais acu tacaíocht a fháil trí mheán na Gaeilge. Tá deacrachtaí móra againn maidir le taistil chuig Gaelscoileanna. Is é sin an fáth gur mheas muidne go raibh sé tábhachtach míreanna láidre a chur isteach. Tá an-éileamh ar an nGaelscolaíocht ó Thuaidh. Ar bhonn pearsanta, tá mé mar chathaoirleach ar scoil. Táimid sa bhád céanna. Ní féidir linn freastal ar an éileamh atá ann do spásanna. Tá i bhfad barraíocht daoine ag lorg spásanna sa Ghaelscoil agus ní féidir linn freastal a dhéanamh orthu.

D'iarr an Seanadóir Ó Donnghaile cén fáth a bhfuil an tAcht ag cruthú deacrachtaí. Sílim gurb é an easpa cearta an rud a chruthaíonn deacrachtaí nó scoilteanna maidir leis an nGaeilge ó Thuaidh. Tá an pobal seo ag fás agus ag méadú agus tá a gcuid cearta á n-éileamh acu agus iad ag teacht i dteagmháil leis an stát i réimsí éagsúla go laethúil. Faoi láthair, níl an stát ábalta plé leo. Braitheann sé ar an Aire agus ar an feidhmeannach nó státseirbhíseach a fhreagraíonn an guthán. Go minic, ní fhaigheann tú seirbhís réasúnta nó fiú seirbhís ar chor ar bith. Ar an dóigh céanna, is minic nach bhfaigheann tú scéim tacaíochta a fhreastalaíonn ar na mianta atá agat, nó fiú scéim tacaíochta ar chor ar bith. Is é sin mar atá sé faoi láthair. Cruthaíonn sé sin teannas, aighneas agus coimhlint idir an pobal agus an stát. Is é an bealach is fusa é sin a réiteach ná trí reachtaíocht a chur i bhfeidhm agus an fráma nó an chreatlach reachtúil céanna a leagan amach do gach uile roinn, comhalta nó Aire ó Thuaidh, bíodh siad ó pháirtí amháin nó ó pháirtí eile. Ba cheart go mbeadh na dualgais reachtúil dlíthiúil ceannann céanna orthu ar fad. Is léir ón eispéireas atá againn ar bhonn idirnáisiúnta gurb é sin an múnla is éifeachtaí le dul i ngleic le haon teannas nó scoilt a bhaineann le cur chun cinn cearta mionteangacha de.

Dr. Pádraig Ó Tiarnaigh

Ba mhaith liom pointe breise a dhéanamh maidir leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir Ó Donnghaile ar an bhfreasúracht. Dúirt sé gur cheist tola atá ann, ar bhealach. Ní mór dúinn i gcónaí amharc ar na grúpaí atá ag tacú leis an Acht agus ar an mbealach ar fad atá taobh thiar dúinn. Tá an-tacaíocht faighte ag an Acht, go háirithe le blianta beaga anuas. Mar a luaigh an tUasal de Spáinn, faoi láthair tá 50 as 90 MLA nua-thofa ag tacú le hAcht Gaeilge ó Thuaidh. Dar liom, is é seo an chéad uair go raibh móramh sa Tionól nó san bhFeidhmeannas ó Thuaidh ag tacú lena leithéid. Ar bhonn idirnáisiúnta, tá na Náisiúin Aontaithe agus Comhairle na hEorpa i ndiaidh tacaíocht a thabhairt do sholáthar reachtaíocht ceartbhunaithe cosanta teanga ó Thuaidh fosta. Ar ndóigh, ritheadh rún ag an gComhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán an mhí seo caite le tacaíocht a thabhairt don Acht Teanga. Is dóigh liom go bhfuil an freasúracht ag laghdú de réir a chéile. Thagair an Teachta do roinnt cruinnithe a tharla ar na mallaibh. Dar ndóigh, tá sé ráite acu siúd a bhí bainteach leis an bhfreasúracht a bhí ann roimhe seo go bhfuil siad ag smaoineamh ar sholáthar reachtúil don Ghaeilge. Sílim gur dul chun cinn suntasach é sin, ach tá go leor oibre fós le déanamh. Is fiú a lua gur gealladh straitéis Gaeilge fosta. Bhí a leithéid de straitéis aontaithe i gclár an Rialtais agus - ar nós an Acht Gaeilge - i gComhaontú Chill Rímhinn, ach bhí freasúracht sa Tionól. Tar éis do Chonradh na Gaeilge athbhreithniú breithiúnach a ghlacadh san Ard-Chúirt an bhliain seo caite, tháinig rialú dearfach amach ón Ard-Chúirt i mí an Mhárta na bliana seo a dúirt gur chóir go gcuirfí straitéis 20 bliain don Ghaeilge ó Thuaidh i bhfeidhm. Léiríonn sé sin nár chóir go mbeadh reachtaíocht nó straitéis ag brath ar thoil, ach gur chóir go mbeidís ann faoi mar a ghealladh iad.

B'fhéidir go ndéanfaidh an tUasal Mac Giolla Bhéin trácht ar an comhairliúcháin a rinneadh ó thaobh na straitéise chun comhthéacs a thabhairt dúinn.

Mr. Ciarán Mac Giolla Bhéin

Rinneadh comhairliúcháin leathan faoi straitéis na Gaeilge mar dhlúthchuid de Comhaontú Chill Rímhinn. Rinneadh leasú ar an dlí a chur dualgas reachtúil ar an bhFeidhmeannas. Bhí Airí cultúir éagsúla ann go dtí 2011.

Níor tharla aon rud leis an scéal seo a fhorbairt. Ceapadh Carál Ní Chuilín mar Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i 2011. Beagnach láithreach, thosaigh sí ar chomhairliúchán leis an phobal le hamharc ar mianta an phobail i dtaobh straitéise. Is dhá rud éagsúil straitéis agus Acht. Is fiú sin a mholadh. Bíonn an straitéis níos tábhachtaí ó thaobh acmhainní a chur ar fáil don phobal mar shampla, rud atá iontach tábhachtach dúinn. Rinne comhairliúchán leanúnach agus cuimsitheach leis an phobal. Tháinig é seo amach le linn an chás cúirte a rinne Dr. Ó Tiarnaigh tagairt dó. Rinneadh comhairliúchán leis na hAirí agus Ranna Rialtais ar fad. Bhí deis ag achan uile duine a tuairimí a léiriú i dtaobh straitéise agus an cuma a bheadh air. Foilsíodh dréachtscéim bunaithe ar sin. I ndiadh sin, rinneadh comhairliúchán eile leis an phobal arís. Rinneadh comhairliúchán eile leis na Ranna Rialtais. Is beag moltaí a tháinig tríd ó thaobh na hAirí Rialtais de. Rinne an phobal go leor moltaí ó thaobh na rudaí a bhí uaidh. Ansin, cuireadh é seo faoi bhráid an Fheidhmeannas i mí Márta 2016. In ainneoin an dualgas reachtúil soiléir a bhí orthu é a dhéanamh, níor thacaigh siad leis an straitéis a bhí molta. Bhí an straitéis cuimsitheach agus éachtach ach réasúnta fosta, agus dírithe ar mhianta an phobail. Is fiú sin a rá. Rinne muid comhairliúchán i ndiadh an athbhreithniú agus bhí cinneadh againn laistigh de trí seachtaine ar an athbhreithniú sin. Bhí an breitheamh iontach soiléir. Dúradh leo go raibh orthu an rud seo a dhéanamh agus dhiúltaigh siad é a dhéanamh. Win muid an chás dá réir. Beimid ag obair ar seo a luath agus atá Feidhmeannas againn arís. Beimid ag brú ceisteanna straitéise arís ón tosach.

Dr. Pádraig Ó Tiarnaigh

Léiríonn an fhianaise a thug Mr. Mac Giolla Bhéinn i dtaobh cúrsaí comhairliúcháin an freasúra nó an easpa tola nó bá atá ann agus go mbíonn an reachtaíocht sin de dhíth chun beart de réir briathar a éileamh ar na páirtithe agus ar na hAirí a bhí páirteach le sin. I dtaobh comhairliúcháin, agus muid ag caint ar an toil agus tacaíocht atá ann do Ghaeilge ó Thuaidh, tá trí chomairliúchán cuimsitheacha déanta ar an cheist seo ó mhí 2006 ann. Rinneadh an ceann deireanach i 2015. Is fíor go raibh mo dhuine i gConradh na Gaeilge lánpháirteach agus rannpháirteach sa phróiseas comhairliúcháin sin. Bhí breis agus 1,300 freagra faighte ar an chomhairliúchán sin - ceann de na próiseas comhairliúcháin is mó freagra a ritheadh i stair an chomhairle seo ó Thuaidh. Bhí 94.7% de na freagraí ag tacú go soiléir sonrach le hAcht agus le reachtaíocht don Ghaeilge ó Thuaidh. Is pointe iontach tábhachtach é sin. Tá an tacaíocht ann ón phobal, ón Stát sa mhóramh 50 as 90 MLA agus ar bhonn idirnáisiúnta fosta ó na Náisiúin Aontaithe agus ó Chomhairle na hEorpa. B'fhearr liom i gcónaí an bhéim a choinneál ar an tacaíocht in áit an fhreasúra ach tá an freasúra sin ag dul i laghad. Táimid ag dul i ngleic agus ag plé le sin i rith an ama.

Did Senator Ó Donnghaile wish to come back in on that, or was it on something else?

It was something separate, but I will take it at the end.

Rinne mé dearmad ceist a chur ar na finnéithe. Bhí mise mar mhúinteoir scoile ar feadh 35 bliain. Nuair a bhí mise sa bhunscoil agus sa mheánscoil, agus nuair a chuaigh mé go dtí an choláiste, bhí gach canúint difriúil á múineadh do pháistí. Tá sé sin ag tarlú sna scoileanna fós. An bhfuil na finnéithe sásta nach bhfuil na canúintí éagsúla, a bhíonn in úsáid ar an teilifís, ar an raidió agus an nuacht, ag déanamh dochair don suim a bhíonn ag daoine sa teanga? Tá sé deacair dóibh é a thuiscint agus fosta níl siad sásta an Ghaeilge a rá mar tá an iomarca gramadaí ann. Ceapann siad go gcaithfidh an cruinneas sin a bheith acu agus gur chóir dóibh bheith abálta rudaí ar nós "cá bhfuil mo bhicycle phump?" nó rud éigin mar sin a rá. Sílim féin gurb é sin an fáth nach bhfuil mé féin chomh líofa ná ba chóir dom a bheith. An bhfuil aon rud le rá ag na finnéithe faoi sin? Tá fhios agam gur gá le canúintí i ngach teanga, ach chun an teanga a spreagadh nár chóir nach mbeadh an iomarca canúintí ar an nuacht agus na cláir teilifíse ionas go mbreathnaíonn daoine ar na cláir?

Mr. Julian de Spáinn

An rud beag amháin a déarfaidh mé ar sin ná go sílim go bhfuil rudaí ar nós TG4 tar éis cabhrú go mór mór le canúintí agus lena tuiscint freisin. Nuair a d'fhreastal mé ar an gcoláiste ar dtús, bhí mé ag conaí le daoine ó na Gaeltachtaí éagsúla. Bhí aithne agam ar go leor daoine ó Ghaeltachtaí éagsúla. Fuair siadsan deacair é iad féin a thuiscint ar rudaí áirithe, ach ó tháinig TG4 sílim go bhfuil tuiscint níos leithne anois. I gcás daoine a bhfuil suim acu na sobaldramaí agus a breathnaíonn ar Ros na Rún, gheobhaidh sé nó sí blás de na canúintí éagsúla. Beidh tuiscint aige nó aici ar céard atá ag dul ar aghaidh. B'fhéidir go gcaithfimid níos mó deiseanna a thabhairt do dhaoine an teanga a chloisteáil i go leor suíomhanna éagsúla, ní sa seomra ranga amháin. Baineann cuid de sin le TG4. Táimid ag lorg stáisiúin raidió lán-aimseartha do dhaoine óga. Tá deis sna scoileanna. Táimid ag caint ar an páirt-tumoideachais, is é sin go mbeadh ábhair eile múinte trí mheán na Gaeilge. Táimid ag caint faoi níos mó deiseanna a thabhairt chun na canúintí a chloisteáil agus a úsáid. B'fhéidir go gcabhróidh sé sin leis an rud a scaipeadh.

Feicim go bhfuil an raidió áitiúla ag tabhairt scéalta sa dá theanga. Tá sé soiléir go bhfuil daoine ag éisteacht leis na cláir sin a bhíonn dhátheangach. Faightear an scéal, cé nach mbeadh an Ghaeilge chomh líofa ag duine.

Do any other members of the committee wish to add anything?

Tá súil agam gur féidir leis an choiste seo tacú lena moltaí.

Is the Deputy referring to the proposal?

Yes. That we would be able to support the recommendations.

There is no difficulty with that. I would just like to say that I can hear, to a certain extent, the frustration in the witnesses' voices. I can appreciate that. I think it was Mr. de Spáinn who noted it has been nearly 20 years since the Good Friday Agreement. Clearly we are the committee tasked with trying to ensure the Agreement gets fully implemented, so it is no difficulty for us to support his proposals. We genuinely thank the witnesses for coming in and we will stay in contact in respect of progress. There is definitely a need for an Irish language Act and the witnesses definitely have our full support.

Dr. Pádraig Ó Tiarnaigh

Tá rud amháin eile a rinne mé féin dearmad a lua. Tuigim go bhfuilimid ag an phointe ag a bhfuilimid, agus go bhfuil an tAcht Gaeilge chomh láidir agus chomh hard sin ar an chlár pholaitiúil, mar gheall ar an éileamh atá ag teacht ón phobal. Sílim gur luaigh Mr. de Spáinn é mar gheall ar an cheist líofa. Tá cúpla ceist eile. Tá pobal na Gaeilge anois ag rá go bhfuilimid i ndiadh fanacht i bhfad ró-fhada ar an cheist seo. Tá stocaireacht leanúnach i ndiadh dul ar aghaidh le deich mbliana agus 20 bliain ach le sé mhí anuas tá an cheist seo i ndiadh teacht ina ollcheist maidir le cúrsaí polaitíochta ó Thuaidh. Tá pobal na Gaeilge i ndiadh dul chun sráide arís agus arís eile. Sílim go raibh muid ar na sráideanna seacht nó ocht n-uaire ó Thuaidh ó mhí Eanair. Bhí muid i mBeál Féirste. Bhí na céadta daoine ar na sráideanna. Bhí cúpla agóid i nDoire. Bhí muid ag Stormont agus gach rud eile. Leiríonn an t-éileamh ar an tsráid an fearg atá ann i measc daoine. Ní mór go n-aithneofar an fearg sin agus go gcuirfear an reachtaíocht a ghealladh i bhfeidhm faoi dheireadh.

Mr. Ciarán Mac Giolla Bhéin

Ba mhaith liom pointe beag breise a chur lena bhfuil ráite. Luaigh an Caithaoirleach go bhfuil frustrachas mór ar dhaoine. Tá an oiread sin oibre le déanamh le pobal na Gaeilge a fhorbairt, a thógáil agus a neartú, bíodh seo le cúrsaí Gaeloideachas, cúrsaí óige, cúrsaí phleanáil teanga, cúrsaí pobail nó cibé rud atá ann. Ach arís agus arís eile, táimid ag caitheamh a lán dár gcuid fuinnimh, acmhainní agus ama ag stocaireacht chun na bun-rudaí a chosaint. Cuirim i gcás an scéim Líofa a rinneadh tagairt dó. Baineadh sparánacht £20,000. Tá an rud sin iontach tábhachtach. Mar gheall ar sin b'éigean dúinn ar feadh míosa, i gcomhar le daoine eile sa phobal, díriú ar an scéim sin a chosaint, seachas a bheith ag díriú isteach ar ranganna Gaeilge a chur ar fáíl, nó obair óige a fhorbairt nó cibé rud. Ba chóir dúinn díriú ar an phobal féin a fhorbairt, ach arís agus arís eile táimid ag cosaint bunrudaí atá againn, agus ar chóir a bheadh againn mar teidlíochtaí. Tá sé thar am go mbeadh an Stát ag baint na bacanna agus na constaicí agus ligint don phobal forbairt mar ba chóir.

I concur with what Mr. Mac Giolla Bhéin is saying.

We completely agree and Mr. Mac Ghiolla Bhéin definitely has the support of this committee. In respect of what he has said about some of his work suffering, I think he is doing excellent work. There has been good promotion. I would have loved the opportunity to have attended a Gaelscoil. I have at least had the opportunity to send my sons to a Gaelscoil. Hopefully they will help me to improve my Gaeilge. There is a little more awareness and people are certainly embracing it more than they would have in the past. It is not too long since I was in secondary school, but even since then there is a greater appreciation of the language and an understanding that a person can come to the language at any age and learn and embrace it. The committee fully supports the work of the witnesses and the accepts the call for us to support their recommendations.

Níl ach dhá rud gasta le rá agam. Ní chuimhin cé a luaigh ceist chúrsaí craoltóireachta. Sílim gur luaigh Mr. Mac Ghiolla Bhéin é. Dar ndóigh tá muidne ag plé cúrsaí Chomhaontú Aoine an Chéasta, sin na téarmaí reference atá againn. Beidh cuimhne ag na finnéithe go bhfuil píosa taobh istigh den Chomhaontú ó thaobh craoltóireachta a deireann go mbeadh daoine ó Thuaidh in ann seirbhísí leithéid í TG4 agus RTE a fháil. Tá fadhbanna fós ann leis sin dar ndóigh. An bhfuil eolas ar bith ag na finnéithe, an bhfuil an rud céanna i gceist ó thaobh an BBC ó Thuaidh agus an méid atá curtha ar fáil? Níor smaoinigh mé fiú ar an gceist sin go dtí go ndúirt Mr. Mac Giolla Bhéin go bhfuil 50% níos mó á chaitheamh ar BBC Alba, seirbhís atá------

Dr. Pádraig Ó Tiarnaigh

Cúig oiread níos mó.

Cúig oiread níos mó? Gabh mo leithscéal. Tá sin thar a bheith suntasach, nach bhfuil? Níl fhios agam an bhfuil smaoineamh nó barúil ag na finnéithe ar sin ó thaobh na cearta atá ann faoin Chomhaontú. Bhí mé ag iarraidh tagairt a dhéanamh don lá dearg ar 20 Bealtaine roimh deireadh an chruinniú, muna bhfuil sé déanta ag an finnéithe cheana.

Mr. Ciarán Mac Giolla Bhéin

Ag tagairt do chúrsaí craoltóireachta, go minic nuair a bhí muidne ag tógáil ceist maidir le rudaí atá ar fáil sa Bhreatain Bheag agus cén fáth nach bhfuil siad ar fáil anseo, nó rudaí atá á ndéanamh ag an Rialtas in Albain agus cén fáth nach bhfuil ár Rialtas ag déanamh a leithéid, fuaireamar an freagra i gcónaí go bhfuil Acht na Breatnaise agus Acht Ghaeilge na hAlban ann ach níl Acht Gaeilge ann. De réir sin níl an ceart sin ann. I dtaca le cúrsa craoltóireachta, tá sé sin iomlán éagsúil mar is rud é nach bhfuil scartha. Is rud atá go fóill faoi chúram Westminster. Tá sé go fóill faoi chúram an Roinn Cultúir, na Meáin agus Spórt i Londain. Is leatrom soiléir é, dar linn. Tá cur chuige iomlán éagsúil ag Rialtas na Breataine leis an Bhreatain Bheag agus le hAlbain ná mar atá aige leis an Ghaeilge ó Thuaidh.

Tá sé tábhachtach chomh maith go ndearna muidne an-obair agus stocaireacht maidir leis an chairt atá ag an BBC. Déantar athbhreithniú ar an chairt sin gach deich mbliana. Tá forálacha nó tagairtí suntasacha ann do Ghaeilge na hAlban agus don Bhreatnais. Níl aon tagairt don Ghaeilge sa chairt sin. Chuireamar brú go n-athrófaí sin. De réir cosúlachta, níor athraíodh í. Táimid anois ag plé leis an chomhairliúchán atá ar bun ag Ofcom maidir leis an chomairliúchán a rinne an BBC. Tá sé tábhachtach go mbímid gníomach ar an cheist seo go leanúnach. Tá deacrachtaí go fóill agus bíonn daoine i dteagmháil linne go rialta faoi seo.

Tá go fóill deacrachtaí ag pobal na Gaeilge teacht ar roinnt seirbhísí de chuid TG4 ó Thuaidh. Cuirim i gcás an chartlann atá ag TG4 agus an stuif ar líne. Ní thig leo é a fháil mar gheall go bhfuil an seoladh IP acu ó Thuaidh agus ní ligean an chóras dóibh teacht ar na seirbhísí. In ainneoin an 20 bliain a bhí ann tar éis sin, táimid go fóill ag fanacht. Má táimse i mo shuí i mBéal Féirste maidin Domhnaigh, ní thig liom amharc ar chuid de na cláir ar an ríomhaire agus a bheadh duine trasna an Teorainn in ann amharc orthu. Tá sin ina srian dúinn agus níor chóir go raibh sé ann.

Cuirim buíochas roimh an Sheanadóir as an mórshiúil a chur i gcuimhne dom. Is rud é atáimid ag iarraidh déanamh le seo uilig a tharraingt le chéile agus chun deis a thapú le taispeánt don phobal i gcoitinne gur pobal dearfach, éagsúil, ollscoilte í pobal na Gaeilge. Táimid uilig ag teacht le chéile ar an 20 Bealtaine. Táimid ag déanamh mórshiúil ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich, ceannceathrú spioradáilte na Gaeilge ó Thuaidh, go Halla na Cathrach i mBeál Féirste ar an 20 Bealtaine. Beadh sí an-mhaith, an láidir agus cumhachtach agus ina tacaíocht ollmhór dúinn dá mbeadh baill den choiste féin i láthair linn ar an lá. Tá fearadh mór na fáilte rompu. Is léiriú agus is taispeántas dearfach a bheas ann. Chomh maith le sin, tá éileamh soiléir taobh thiar den rud ar fad, is é sin gur mhaith linn go mbeadh meas ag an Stát orainn agus go mbeadh an meas seo léirithe trí reachtaíocht ceart-bhunaithe a chur ar fáil den phobal ó Thuaidh.

I thank Mr. Mac Giolla Bhéin. I encourage members to attend that on Saturday, 20 May. I thank the witnesses for coming in and for their presentations. We have no problem endorsing the proposal and we are hopeful we will follow up with them in respect of progress, and not in 20 years.

The joint committee adjourned at 4.05 p.m. until 2.15 p.m. on Thursday, 18 May 2017.
Barr
Roinn