Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Friday, 22 Jan 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste

Tá sé i gceist agam an Chathaoir a fhágáil go rialta le linn an chruinnithe seo toisc go bhfuil a lán de na leasuithe curtha chun cinn agam. Tabharfaidh mé deis don Leas-Chathaoirleach suí isteach muna bhfuil sé gafa le roinnt de na leasuithe atá aige féin. Cuirfimid tús leis seo. Tá an chéad leasú atá ann i m'ainm féin. Fágfaidh mé an Chathaoir i gceann nóiméid.

Mar is eol don choiste, is Bille an-tábhachtach é seo. Feicfear é sin sa mhéid leasuithe atá curtha faoinár mbráid. Is am an-tábhachtach é seo freisin. Dhá lá ó shin, comóradh an Chéad Dáil, a tháinig le chéile ar an 21 Eanáir 1919. Reáchtáladh an Chéad Dáil go huile is go hiomlán tríd an nGaeilge, seachas na nótaí a léadh amach i bhFraincis agus, ina dhiaidh sin, i mBéarla. Níor tharla sé sin ó shin. Is léir ón méid-----

Gabh mo leithscéal ach bhí suí speisialta den Dáil in 1969 a sheachain an Béarla agus a bhí go hiomlán tríd an Ghaeilge.

Ach ní raibh an Fhraincis ann.

Tharla rud níos fearr ó shin.

Is sampla é seo den tslí inar chóir go mbeimid ag dul. Is é sin an fáth go bhfuil sé chomh tromchúiseach dúinn agus chomh tábhachtach dúinn déileáil le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Agus an méid sin ráite agam, iarrfaidh mé ar an Aire Stáit cúpla focal a rá, más mian leis.

Is cúis áthais dom tús a chur leis an bplé ar Chéim an Choiste agus díospóireacht a oscailt ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 anseo inniu. Cuirim fáilte ó chroí roimh an díospóireacht agus roimh mholtaí na mball maidir leis an mBille.

Cé gur fáiltíodh roimh an Bhille nuair a foilsíodh é, bhí roinnt mhaith ag maíomh gur theastaigh Bille níos láidre, an Coimisinéir Teanga agus Conradh na Gaeilge ina measc. Bhí sé seo aitheanta ag an Rialtas agus ghealladh sa chlár Rialtais go dtabharfaí Bille níos láidre chun cinn. Tá tacaíocht an Rialtais faighte agam féin agus ag an Aire, an Teachta Catherine Martin, roinnt leasuithe a mholadh chuige sin agus ba mhaith liom iad sin a chur i láthair an choiste inniu.

Ba é an cáineadh is mó a rinneadh ar an mBille mar a bhí ná go raibh easpa spriocdhátaí luaite le cuid de na beartais. Tá iarracht déanta dul i ngleic leis sin anois agus na leasuithe seo á moladh: an coiste comhairleach reachtúil um sheirbhísí le bunú tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an Bhille a bheith achtaithe; an plean náisiúnta ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú le bheith ullmhaithe agus curtha faoi bhráid an Aire tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis a bhunaithe; agus 20% d’earcaigh nua do chomhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge tráth nach déanaí ná 2030.

Chomh maith leis seo, teastaíonn ón Rialtas cumhacht bhreise a thabhairt don Choimisinéir Teanga chun faireachán a dhéanamh ar fhorálacha in achtacháin eile a bhaineann le húsáid nó le stádas teanga oifigiúil agus tráchtaireachtaí a sholáthar ina leith. Faoi láthair, tá an chumhacht seo ag an gcoimisinéir maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 amháin, cé go bhfuil sé in ann imscrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh achtacháin eile nuair a fhaigheann sé gearán ón bpobal. Is dul chun cinn a bheadh anseo agus chuideodh sé go mór le comhlachtaí poiblí a gcuid dualgais ó thaobh na teanga de a chomhlíonadh.

Agus muid i lár na paindéime Covid-19, tá cleachtadh ag formhór againn bheith ag cianoibriú ón mbaile agus ag baint leasa as aipeanna éagsúla le haghaidh cruinnithe. Tá teicneolaíocht againn sa lá atá inniu ann nach raibh ar fáil sa bhliain 2003 nuair a tugadh isteach Acht na dTeangacha Oifigiúla agus d'fhéadfadh comhlachtaí poiblí roinnt seirbhísí a chur ar fáil go fíorúil nó ar líne dá bharr. Taispeánann Covid-19 linn go bhfuil comhlachtaí poiblí in ann roinnt seirbhísí a chur ar fáil ar bhealach difriúil agus na hathruithe chuige sin a dhéanamh go sciobtha. Feiceann muid anseo inniu go bhfuil muid féin ag baint úsáide as an teicneolaíocht chun an cruinniú seo a chur ar bun. Creidim go láidir go mbeidh na comhlachtaí poiblí in ann glacadh leis na dualgais bhreise a bhaineann leis an mBille seo agus iad a chur i bhfeidhm ar bhonn éifeachtach.

Rinneadh an-obair ar an mBille seo agus ar na leasuithe faoinár mbráid inniu – cinn an Rialtais agus cinn an Fhreasúra araon. Fuair mo Roinn ionchur ó réimse leathan de gheallsealbhóirí agus táim cinnte go ndearna Teachtaí an Fhreasúra an rud céanna. Aithním an obair agus an taighde atá déanta ag Teachtaí chun a gcuid leasuithe a thabhairt chun cinn. Léiríonn sé seo go bhfuil spéis ar leith acu san ábhar. Tar éis dom grinnstaidéar a dhéanamh orthu uilig, beidh mé sásta breathnú níos géire ar roinnt acu agus féachaint an mbeidh muid in ann foclaíocht a aontú sa chaoi is go mbeifear in ann iad a thabhairt ar ais le bheith faofa ar Chéim na Tuarascála.

Aontóidh an coiste liom nuair a deirim go bhfuil achtú an Bhille seo ríthábhachtach don Ghaeilge mar cuideoidh sé leis na hiarrachtaí atá ar bun ag an Stát agus ag an bpobal an Ghaeilge a láidriú agus a neartú don chéad ghlúin eile. Má chuirtear i bhfeidhm i gceart an reachtaíocht seo, táim muiníneach go mbeidh seirbhísí Gaeilge d'ardchaighdeáin ar fáil do phobal na Gaeilge. Ní tharlóidh sé seo thar oíche, dár ndóigh, ach cuireann an Bille seo bunsraith reachtúil faoi struchtúir nua sa Státchóras le dul i ngleic leis na laigí atá ann faoi láthair. Don chéad uair riamh, beidh mo Roinn féin - an Roinn a bhfuil forbairt na Gaeilge ag croílár a cuid feidhmeanna – i lár an aonaigh mar a bhaineann sé le hearcaíocht don tseirbhís phoiblí. Táim ag caint, dár ndóigh, faoin gcoiste náisiúnta reachtúil a bheidh le bunú nuair a achtófar an reachtaíocht seo agus ag caint chomh maith faoin bplean náisiúnta a bheidh le foilsiú agus le cur i bhfeidhm ag an gcoiste náisiúnta, rud a thabharfaidh leibhéil trédhearcachta nach raibh ann riamh do na hiarrachtaí a bheidh ar bun cur leis an líon daoine le Gaeilge sa tseirbhís phoiblí. Táim ag caint freisin faoin tuairisciú a bheidh le déanamh chuig an Rialtas agus chuig an Oireachtas maidir le cur i bhfeidhm an phlean náisiúnta.

Tagann an Bille seo sna sála ar chur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta, 2012, reachtaíocht a chuir bunsraith faoin bpróiseas pleanála teanga sna limistéir phleanála teanga Gaeltachta, sna bailte seirbhíse Ghaeltachta agus sna líonraí Gaeilge. Tá an próiseas sin faoi bhláth anois agus cuirfidh achtú an Bhille atá faoinár mbráid píosa eile de bhunsraith na pleanála teanga in áit – an chuid sin a bhaineann le seirbhísí poiblí d’ardchaighdeán i nGaeilge a chur ar fáil do na pobail sin. Is le dóchas atáim ag caint leis an gcoiste inniu mar sílim go bhfuilimid ag cur na struchtúr cuí, struchtúir láidir teanga, in áit le dul i ngleic leis na deacrachtaí atá againn agus go bhfeicfimid feabhas ag teacht ar chúrsaí thar thréimhse ama dá bharr. Sílim gurb é seo an bealach stuama le tabhairt faoi. Níl aon réiteach sciobtha ann, i mo thuairim, agus sílim go bhfuil dul amú ar aon duine a deir go bhfuil a leithéid ann.

Gabhaim buíochas leis na baill as ucht an obair atá déanta acu agus na leasuithe atá molta acu. Tá mé ag súil leis an bplé agus tá súil agam go mbeidh muid ar fad in ann tacú le Bille láidir a chur chun cinn agus a achtú chomh luath in Éirinn agus is féidir. Gabhaim buíochas leis an gcoiste.

An bhfuil aon duine eile ag iarraidh labhairt?

An bhfuil cóip den óráid sin ar fáil?

An mbeidh cóip den mhéid atá ráite ag an Aire Stáit ar fáil?

Beidh. An bhfuil éinne ag iarraidh focail oscailte a rá sula dtosaímid leis na leasuithe?

Gabh mo leithscéal go raibh mé déanach. Bhí mé san fhoirgneamh eile. An ndúirt an Cathaoirleach cúpla focal faoin leagan amach inniu?

Go dtí seo, ní dhearnamar ach déileáil leis an méid a bhí sa chomhfhreagras ó Eoghan Finn agus an Teachta Daly. Chinn muid nóta nó litir a chur chuig an gCeann Comhairle ag lorg soiléiriú roimh dheireadh na Staide seo faoin bpróiseas faoina bhfuil leasuithe ceadaithe nó dícheadaithe. Níl muid ach díreach tosaithe. Ba é an tAire Stáit an chéad duine a labhair air seo.

Tá deis ag gach duine cúpla focal a rá ag an bpointe seo, an bhfuil?

Táim ag tabhairt an tseans sin go daoine. An bhfuil aon duine ag iarraidh aon rud a rá sula dtéimid isteach ar an chéad leasú?

An seasfaidh mé suas?

Is cuma.

Bhí mé ag iarraidh cloí leis na rialacha. Bím i gcónaí ag gearán nuair a sháraítear na rialacha.

Níl aon riail ann ina thaobh sin. Is féidir leis an Teachta suí nó seasamh.

Suífidh mé mar sin. I dtús báire, ba mhaith liom a rá gur beannaithe i measc na bhfear mé anseo. Is fir iad na Teachtaí uilig atá láthair. Ní féidir gan focal a rá faoi sin. Is mise an bhean atá sa chomhrá ach bhí mé ag caint faoi na fir. Léiríonn sé sin rud éigin.

Is é seo an Bille is tábhachtaí. Tá tuarascáil agam anseo a foilsíodh i mBealtaine 2018, mar is eol don Chathaoirleach. Beidh sé foilsithe le trí bliana i mBealtaine na bliana seo. Níl a fhios agam an bhfuil sé léite ag an Aire Stáit. B'fhéidir go bhfuil agus b'fhéidir nach bhfuil. Tá a fhios agam go bhfuil muid go léir thar a bheith gnóthach agus tá sé deacair ach, ar a laghad, ba chóir dó, do na státseirbhísigh agus don Aire sinsearach an tuarascáil a léamh. Bhíomar i dtrioblóid nach raibh muid radacach go léir. Bhí daoine ag gearán fúmsa nach raibh muid radacach go leor. Rinneamar ár ndícheall dul i ngleic le moltaí. Cuirfimid 16 cinn le chéile. Ba mholtaí iad ar cheap muid go raibh siad réasúnta agus gur féidir linn obair as lámh a chéile chun iad a chur i gcrích, seachas iad a chur chun cinn.

Ní mór dom a rá go bhfuil díomá orm leis an mBille seo. Fáiltím roimh chuid de na leasuithe a dhéanann iarracht scála ama a chur isteach ach tá neamhaird déanta ar mholtaí na tuarascála. Ní mór dom a rá freisin gur choiste tras-pháirtí a bhí i gceist. Bhí Teachtaí Neamhspleách agus Teachtaí ó Fhianna Fáil, ó Fhine Gael agus ó Shinn Féin taobh thiar de na moltaí seo. Níor easaontaigh aon duine leis na moltaí sin. Bhí mise ag súil, agus b'fhéidir go bhfuil mé beagáinín soineanta ach táim ag súil, go mbeadh óráid an Aire Stáit ag díriú isteach ar na moltaí agus go ndéarfadh sé cén moltaí ar ghlac an Rialtas leo agus cé hiad na moltaí nár fhéidir leis glacadh leo. Tá sé sin tuillte ag an gcoiste agus, níos tábhachtaí fós, tá sé tuillte ag na daoine. Thaisteal muid ar fud na tíre. Don chéad uair riamh, thaisteal an coiste. Níl a fhios agam an bhfuil m'am srianta.

Tá seacht nóiméad ag an Teachta.

Thaisteal muid ar fud na tíre agus d'éist muid. Arís, bhíomar i dtrioblóid mar bhí daoine ag rá go raibh muid ag éisteacht ach nach raibh tada á dhéanamh againn. Dúramar leo go raibh muid ag éisteacht don chéad uair. Bhíomar ag éisteacht go géar chun tuarascáil a chur le chéile agus tuairimí na ndaoine agus na fadhbanna ar an talamh a chur isteach ann go neamhbhalbh. I ndiaidh sin, bhíomar chun brú a chur ar cibé Rialtas a bheadh ann chun na moltaí sin a chur chun críche. Níl na moltaí ná an tuarascáil luaite beag nó mór.

Is é an rud a léim amach i ngach cruinniú a bhí againn i dTír Chonaill, i gCiarraí, i gcroílár na tíre, i nGaillimh agus ar Oileáin Árann ná go bhfuil obair na gcapall á déanamh ag na daoine ar an talamh, mar atá ráite agam go minic agam. Tá siad ag streachailt chun a gcuid clann a thógáil trí Ghaeilge gan píosa tacaíochta ón Stát. Tá siad fós ag leanúint ar aghaidh leis an obair agus leis an bhfís chun an teanga a choinneáil beo. Dhírigh siad aird ar chúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht agus ar an easpa fostaíochta atá ann in ainneoin na hoibre maith atá á déanamh ag Údarás na Gaeltachta. Tá dúshlán ollmhór fós ann ó thaobh fostaíocht a chothú. Is bunchéim é sin chun an pobal a choinneáil beo agus fostaithe. Tá sé sin go léir sa tuarascáil.

Dúirt mé, agus is fiú é a athrá, nach raibh muid róradacach. Bhí daoine - a raibh an ceart acu - ag cur brú orainn a bheith i bhfad níos radacaí ná mar a bhíomar. Fiú níor ghlac an Rialtas leis an tuarascáil seo. Is duine mé atá ag streachailt leis an teanga le fada agus a bhfuil súil agam go dtugaim spreagadh do dhaoine eile leanúint ar aghaidh beag beann ar na botúin, agus is é an bhearna is mó a fheicim ná nach n-aithníonn an Rialtas seo, agus nár aithin an Rialtas cheana, go bhfuil géarchéim i gceist ó thaobh na Gaeltachtaí agus ó thaobh na Gaeilge de. Tá géarchéim ann agus is gá aitheantas a thabhairt dó seo, díreach mar a aithníodh an ghéarchéim Covid. Bhí orainn aitheantas á thabhairt dó sin. Bhí orainn an víreas a ainmniú. Theip orainn agus theip ar an Rialtas an fhadhb seo a aithint. Is bearna ollmhór é sin. Tá gá le birt phráinneacha chun dul i ngleic leis an ngéarchéim atá ann ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachtaí uilig ar fud na tíre. Tá sé sin ráite go soiléir againn ar leathanach 3 den tuarascáil, "Is cur chuige fadtéarmach amháin atá léirithe sna dréachtchinn." Faraor, is é sin an scéal fós inniu. Dúradh sa tuarascáil:

Is cur chuige iomlán easnamhach é seo, i gcomhthéacs na géarchéime sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht faoi láthair agus nuair a chuirtear an cheist an mbeidh nó nach mbeidh an Ghaeilge beo don chéad ghlúin eile nó an mbeidh nó nach mbeidh an Ghaeltacht ann i gceann tríocha bliain.

Leantar ar aghaidh mar seo. Rinneamar ár ndícheall chun a bheith dearfach agus chun a bheith réasúnta ach léim sé amach. Bhíomar ar ár mbealach ar feadh bliana roimh fhoilsiú na tuarascála sin i mBealtaine 2018. Tá an ghéarchéim anois i bhfad níos tromchúisí agus i bhfad níos géire ach tá an Rialtas ag caint faoi Bhille atá fadtéarmach agus nach bhfuil aitheantas ar bith tugtha don ghéarchéim atá ann faoi láthair ann.

An bhfuil aon duine eile ag iarraidh focal oscailte a rá? Déanfaidh mé féin é nuair atáim ag déileáil leis an gcéad leasú. An féidir leis an Teachta Calleary suí isteach sa Chathaoir ag an am seo?

An féidir liom a bheith i gceannas ón suíochán seo? An bhfuil aon ghá le bogadh? Táim ag smaoineamh ar chúrsaí sláinte.

Má tá an coiste sásta mé a fhágáil sa suíochán seo, fanfaidh mé.

Bheadh sé níos fearr dá mbeadh an Teachta Calleary sa Chathaoir. Is cruinniú thar a bheith tábhachtach é.

Ghlac an Teachta Calleary an Chathaoir.

Vice Chairman

Is é sin an chéad uair a bhí mé sa suíochán seo. Is radharc deas é.

ALT 1

Tairgim leasú Uimh. 1:

I leathanach 7, idir línte 8 agus 9, an méid seo a leanas a chur isteach:

“tá le “Coimisinéir” an bhrí a shanntar dó le halt 2(1) den Phríomh-Acht, eadhon, Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a bhunaítear le halt 20 den Acht sin nó sealbhóir na hoifige sin de thuras na huaire.”.

Tá an leasú sin simplí go leor. Níl a fhios agam an botún é nach raibh an míniú seo curtha isteach sa reachtaíocht ó thús báire. Is é an rud atá i gceist ná go mbeidh sé soiléir sa reachtaíocht cén coimisinéir atá i gceist. Moltar an méid seo a leanas a chur isteach:

tá le “Coimisinéir” an bhrí a shanntar dó le halt 2(1) den Phríomh-Acht, eadhon, Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a bhunaítear le halt 20 den Acht sin nó sealbhóir na hoifige sin de thuras na huaire.

Sin an leasú. Níl ann, mar a dúirt mé, ach soiléiriú. Déanann an Bille seo, agus na hAchtanna a leasaíonn sé, tagairt do roinnt coimisiúin agus coimisinéirí éagsúla, mar shampla, an Coimisiún Logainmneacha, lena mbeimid ag fáil réidh má théann an Bille tríd, na Coimisinéirí Ioncaim agus a leithéid. Is soiléiriú é an leasú seo. De ghnáth in aon Bhille bíonn liosta mínithe ag a thús faoi na téarmaí difriúla sa chaoi nach gá iad a athrá tríd an mBille ar fad. Sa Bhille seo táimid ag déanamh iarracht go mbeidh tuilleadh cumhachtaí agus tuilleadh oibre ag an gCoimisinéir Teanga. Nuair a tháinig an Coimisinéir Teanga os comhair an choiste níos luaithe i mbliana, ba mhaith an rud é gur leag sé amach cad gur chóir tarlú agus na héilimh a bhí aige. Dúirt sé, cosúil le a lán daoine, go raibh fáilte roimh Bhille nua agus sin atáimid ag déileáil leis. Dúirt a lán dóibh siúd a tháinig ag an gcoiste ó bhí mise mar Chathaoirleach, agus a tháinig ag an gcoiste a bhí an Teachta Connolly ina Cathaoirleach air, go bhfuil dúshlán mór romhainn. Tá sé sin soiléir sa tuarascáil a bhí an Teachta ag plé cúpla nóiméad ó shin freisin. Is gá dúinn cinntiú go bhfuil cumhachtaí breise acu siúd atá ag cosaint na Gaeilge agus á cur chun cinn. Tá dúshláin mhóra ann ach tá dualgas ag an Stát é sin a dhéanamh.

Ní rud róchasta atá sa leasú seo so ní déarfaidh mé mórán eile faoi ach is é an Coimisinéir Teanga ceann de na hoifigigh is tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge anois. Cé go bhfuilimid ag déileáil leis an leasú seo tá leasuithe eile molta agam maidir leis an gcoimisinéir ach tá roinnt acu dícheadaithe. Tá roinnt leasuithe ag an Aire Stáit atá mé chun tacú leo. Níor chóir dúinn a bheith coimeádach agus muid ag déileáil leis an sórt reachtaíocht seo. Níor chóir go mbeadh muid srianta leis an gcur chuige atá ag an státchóras i gcoitinne. Ní hiad na daoine atá sa Roinn thar na blianta atá i gceist ach iad siúd sa státchóras a bhíonn mall ag cur dualgais bhreise orthu féin agus mall ag cur ualach breise airgeadais orthu féin nó ar an gcóras i gcoitinne. Sin an fáth go bhfuilimid sa phonc ina bhfuil muid, toisc nach raibh muid tapa go leor, nach raibh an córas tapa go leor agus nach raibh an córas polaitiúla tapa go leor chun an Ghaeilge a chosaint. Ansin nuair a bhí an ghéarchéim aitheanta i dtús báire, ní raibh siad radacach go leor chun na céimeanna cuí a ghlacadh. Sin an fáth leis an leasú seo.

Tiocfaimid ar ais ag roinnt de na leasuithe ar an liosta atá dícheadaithe. Impím ar an Aire Stáit, a chomhairleoirí agus aon duine eile atá ag féachaint isteach féachaint ar na leasuithe ó gach uile bhall atá tar éis leasuithe a chur chun cinn maidir leis an mBille seo, ach go háirithe iad siúd atá dícheadaithe. Tá roinnt acu dícheadaithe toisc go bhfuil riail sa Teach seo a choisceann muidne sa Fhreasúra ó aon leasú a chur chun cinn a bheadh costas air. Déanann sé sin é thar a bheith deacair dúinn leasuithe a chur chun cinn. Tuigim an fáth go bhfuil sé sa Bhunreacht, mar nár chóir go mbeadh an Freasúra nó fiú backbenchers in ann ualach airgid a chur ar an Rialtas. Tuigim é sin, ach má táimid ag iarraidh a bheith praiticiúil agus rudaí forásacha a chur chun cinn, ní chóir go mbeadh muid go hiomlán srianta. Ar a laghad ba chóir go mbeadh an tAire Stáit ag féachaint ar na leasuithe sin mar ní mise amháin atá ag smaoineamh ar cad is féidir liom a chaitheamh isteach sa Bhille agus ag caitheamh ama á dhréachtú atá iontu. Seo tuairimí Gaeilgeoirí agus muintir na Gaeltachta. Seo na rudaí atá siadsan ag iarraidh go ndéanfaidh muidne chun an teanga agus an Ghaeltacht a chosaint. Síleann siad gurb iad seo na rudaí, ar a laghad, atá ag teastáil chun go mbeadh cosaint tugtha dóibh. In ainneoin gur leasú beag simplí é seo i slí amháin, tá sé ceangailte le a lán rudaí eile atá curtha faoi bhráid an Aire Stáit.

Tá ceist ginearálta agam agus b’fhéidir go bhféadfadh an tAire Stáit soiléiriú a thabhairt dom mar tiocfaidh sí aníos arís agus arís eile. De bharr gur Bille leasaithe é seo ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, an bhfuil an ceart agam go bhfuil an sainmhíniú ceannann céanna le focail ar nós "coimisinéir" agus atá leo sa bhun-Acht mura leasaítear sa Bhille seo iad? Mar sin, ní gá dúinn a bheith ag tabhairt sainmhíniú ar rud ar bith atá sainmhínithe sa chéad Acht má táimid sásta leis an sainmhíniú sin. D’fhéadfadh an rud seo agus an t-amhras seo teacht aníos arís agus arís tríd an mBille seo. Sin an tuiscint a bhí agamsa i gcónaí ar Bhillí leasaithe agus aon sainmhíniú iontu. Bhí mé ag breathnú ar chúpla Acht maidir leis na bóithre local improvement scheme, LIS, agus is an rud céanna a bhí ann agus na sainmhínithe ag dul siar go hAchtanna eile a bhí luaite. Mar sin, an féidir linn glacadh leis, má tá sainmhíniú san Acht 2003, go seasann an sainmhíniú sin sa Bhille seo mura ndeirtear a mhalairt go sonrach?

Tá an ceart ag an Teachta Ó Cuív maidir le leasú Uimh. 1. Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Snodaigh as ucht an leasú seo ach creidim nach bhfuil gá leis sa Bhille seo de bharr go bhfuil sé sonraithe sa phríomh-Acht. Ar an mbonn sin, ní féidir liom glacadh leis an leasú.

Tuigim é sin agus nuair a chuir mé isteach é bhí an tuairim chéanna agam agus atá ag an Teachta Ó Cuív. Bhí mé ag déanamh cinnte de nach raibh aon mhíthuiscint orm. Sin an fáth gur chuir mé isteach é agus tá brón orm faoin moill a cuireadh ar rudaí agus faoin obair bhreise d'Oifig na mBillí. Má ghlacaimid leis go bhfuil an sainmhíniú céanna i gceist le gach rud agus a bhí sa chéad Bhille in 2002, téann sé sin siar go dtí an méid a bhí sa chomhfhreagras ó Eoghan Finn i m’oifig féin agus an Teachta Pa Daly. Ceann de na fadhbanna a bhí againn ag tús an chruinnithe seo ná Teideal an chéad Acht ó 2003 mar is "Acht chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn chun críoch oifigiúil sa Stát" an chéad chuid den mhíniú sa Teideal sin. Má ghlacaimid leis na rudaí atá sa bhun-Acht nach ndéanfar leasú orthu, ach amháin de réir mar a leasaíonn an tAire Stáit iad, caithfimid glacadh leis go bhfuil sé críochnúil gur sin atá ann. Tá a lán de mo leasuithe as ord agus dícheadaithe toisc nach bhfuil siad ag cloí leis sin. Ní hé gur chóir athrá a dhéanamh ar na rudaí seo sa Bhille. Ní chóir go mbeadh muid ag cur an Teideal iomlán isteach arís sa Bhille seo, ach ba chóir go mbeadh an tuiscint chéanna ann. Tuigim cad a dúirt an tAire Stáit agus an Teachta Ó Cuív ach tá fadhb ann. Ní féidir linn glacadh le haon rud mura féidir linn glacadh le Teideal an bhun-Acht agus aon rud eile atá ann. Sin an fáth go raibh mé ag déanamh cinnte go bhfuil an rud ceannann céanna i gceist le "coimisinéir" agus a bhí sa bhun-Acht. Tiocfaimid ar ais ag ceist an choimisinéara agus ceist an Teidil thar tréimhse na díospóireachta seo.

Fáiltím roimh an bhfreagra ón Aire Stáit go bhfuil na cumhachtaí agus an míniú céanna ag "an Coimisinéir Teanga". I ndáiríre, b’fhéidir nach raibh gá leis an leasú sin.

Ach bhí gá leis an leasú sin chun soiléiriú a fháil, mar ón gcomhfhreagras atá léite agam ó Oifig na mBillí, tá a lán leasuithe curtha as an áireamh ní hamháin maidir le costas. Ní ghlacaim leis sin ach tuigim an loighic atá taobh thiar de. Nuair a chloisim agus a léim rud mar seo, níl baint aige le forálacha an Bhille. Tá sé deacair é sin a thuiscint nuair atá scóip an Bhille nó an Achta a bhí ann ón tús agus atá fós ann ó 2003. Nuair a léitear an teideal sin is léir go bhfuil sé fairsing. Tá sé deacair a rá ansin nach gcloíonn athruithe le forálacha an Bhille. B’fhéidir go bhfuil sé tábhachtach ag an bpointe seo an píosa sin ón mbunreachtaíocht a léamh:

Acht chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn chun críoch oifigiúil sa Stát; chun socrú a dhéanamh maidir le dhá theanga oifigiúla an Stáit a úsáid [Is é sin: socruithe a dhéanamh] in imeachtaí Parlaiminte; in Achtanna an Oireachtais [Níl sé sin tarlaithe fós]; i riaradh an cheartais [níl sé sin tarlaithe]; le linn cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal nó seirbhísí a sholáthar don phobal agus le linn obair comhlachtaí poiblí a dhéanamh; chun dualgais comhlachtaí den sórt sin i leith Theanga-acha Oifigiúla [Tá dhá theanga i gceist an t-am uilig] an Stáit a leagan amach; agus chun na gcríocha sin, chun socrú a dhéanamh maidir le bunú Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla [agus araile].

Maidir leis an gCoimisinéir Teanga, cuireadh tús leis an jab sin in 2003. Arís, tháinig sé go minic os comhair ár gcoiste maidir le tuarascálacha éagsúla, tuarascálacha bliantúla agus tuarascálacha faoi leith, mar a bhfuil a fhios ag an gCathaoirleach a bhí anseo go minic freisin. Chuir sé in iúl dom go raibh teipthe go huile is go hiomlán maidir leis na scéimeanna Gaeilge. Bhí siad anseo, cosúil leis an páipéar atá os mo chomhair, ach ní raibh aon fheidhm maidir leis na páipéir sin. Chuir sé in iúl dúinn go soiléir go raibh tuilleadh cumhachta ag teastáil uaidh. Is dócha gurbh é sin an rud a bhí mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, dírithe isteach air, is é sin go bhfuil tuilleadh cumhachtaí ag teastáil go géar ag an gCoimisinéir Teanga.

Ag an bpointe seo is maith an rud go bhfuil sé soiléirithe nach bhfuil aon difríocht ann ón mbunreachtaíocht. Tiocfaimid ar ais go dtí na cumhachtaí atá ag teastáil ag an oifig sin, má táimid i ndáiríre faoin nGaeilge a chur chun cinn, i gcomhthéacs dhá theanga oifigiúla an Stáit a chur chun cinn mar bhuncheart. Tá sé sin tuillte againn go léir. Fáiltím roimh an soiléiriú. Gabhaim buíochas.

Bhí mise ag déanamh pointe níos teoranta mar gur in alt 2 den Acht bunaidh go ndeirtear ann go gciallaíonn “Coimisinéir”, “achtachán” rudaí áirithe, agus mar sin de, agus tá sainmhínithe ann. Rinne mé an pointe go seasann na sainmhínithe sin, agus sin amháin, mura socraímid a mhalairt. Má tá sainmhíniú ann agus má táimid sásta leis ní gá é a chur síos arís. Is é sin an méid den phointe sin agus ní dúirt mé aon rud eile ar an mBille ina iomláine.

Más rud é gur ag féachaint ar an Acht go hiomlán atáimid, is é an tuiscint atá agam ná aon rud atá san Acht faoi láthair, mura leasaítear é, seasann sé, mar gur Bille leasaithe é seo. Ba cheart dúinn soiléiriú beacht a fháil ar an gceist seo mar is éard atá ann ná go bhfuil an tAcht 2003 ann agus slán, agus nuair a thiocfaidh an Bille seo tríd ina Acht, go seasfaidh Acht 2003, seachas na leasuithe a dhéanfaimid, a chuirfear nó a bhainfear d’Acht 2003. Seasfaidh Acht 2003, áfach, nó aon rud atá ann mura mbeidh sé leasaithe. Ba mhaith liom soiléiriú a fháil air sin, otherwise, táimid-----

Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Cuív. Beidh ról an Choimisinéir Teanga níos láidre nuair a bheidh an Bille seo achtaithe agus beidh an sainmhíniú ann mar a dúirt an Teachta. Ní bheidh aon difríocht maidir leis an sainmhíniú atá sa Bhille.

Vice Chairman

An bhfuil Teachta Ó Snodaigh lena leasú a bhrú?

Níl mé, ag an bpointe seo. Déanfaidh mé caint faoin gceist i gcoitinne. Tá an ceart ag an Teachta Ó Cuív, is é sin má tá an bhrí cheannann céanna leis an sainmhíniú seo ba chóir go mbeadh an bhrí cheannann céanna le gach uile sainmhíniú agus gach foráil atá san Acht bunaidh agus níl, i mo thuairim féin. Tá sé sin fíor agus léireoidh mé é sin i leasuithe eile ach ní chuirfidh mé moill leis an leasú seo a bhrú. Tarraingeoidh mé siar é agus is féidir linn bogadh ar aghaidh.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.
Tairgeadh an cheist: "Go bhfanfaidh alt 1 mar chuid den Bhille".

Níor chuir mise an leasú seo chun cinn ach dúirt mé gur ghlac mé leis an soiléiriú a thug an tAire Stáit. Táim ag súil níos déanaí sa díospóireacht seo agus sna seachtainí amach romhainn nach mbeidh ionadaithe an Rialtais ag teacht ar ais agus a rá nach féidir é sin a dhéanamh de bharr shainmhíniú 2003, nuair a bheimid ag cur ár gcuid leasuithe chun cinn ó thaobh tuilleadh cumhachtaí a thabhairt don Choimisinéir Teanga. An dtuigeann an tAire Stáit mo cheist?

Tá breis cumhachtaí á dtabhairt.

Tuigim go bhfuil breis cumhachtaí á dtabhairt ach níl na cumhachtaí atá ag teastáil á dtabhairt. Gabh mo leithscéal, a Leas-Chathaoirligh ach tá leasuithe agam féin agus ag Teachtaí Dála eile chun tuilleadh cumhachtaí a thabhairt don Choimisinéir Teanga, go háirithe chun breathnú ar Achtanna eile, ar straitéis eile agus ar phleananna eile an Rialtais. Táim ag súil nach mbeidh an Rialtas ag teacht ar ais chun a rá nach féidir iad sin a ghlacadh de bharr na bunbhrí atá leagtha amach do Choimisinéir Teanga in 2003 agus nach féidir, mar sin, tuilleadh cumhachtaí a thabhairt sa bhealach a bhfuilimid ag iarraidh.

Vice Chairman

Ar mhaith leis an Aire Stáit freagra a thabhairt air sin?

Níl aon cheann agam.

Vice Chairman

An aontaitear go bhfanfaidh alt 1 mar chuid den Bhille?

Ba mhaith liom soiléiriú roimh é sin a dhéanamh mar níl mé chun aontú leis sin gan soiléiriú a fháil.

Ní bheidh an Rialtas ag cur bac ar an leasú eile mar gheall air seo.

Caithfimid an cúlra seo a phlé maidir leis an méid a deirtear mar ní dheirtear tada sa sainmhíniú, ach deir sé: “ciallaíonn “Coimisinéir”, de réir mar a éilíonn an comhthéacs, Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a bhunaítear le halt 20”. Má dhéantar leasú ar alt 20, ansin beidh leasú ar a chumhacht. Is é sin an tuiscint atá agam air. Caithfimid a bheith soiléir mar ní maith liom go mbeadh aon rud sa Bhille a chuirfeadh cosc orainn cur le cumhachtaí an choimisinéara. De réir mar a thuig mé ón méid a bhí á rá againn nuair thugaimid “coimisinéir” air sa Bhille seo gurb ionann é sin agus Coimisinéir “na dTeangacha Oifigiúla a bhunaítear faoi alt...” whatever, agus má leasaítear an t-alt sin go bhfuil an t-alt sin i bhfeidhm freisin. Murab amhlaidh sin, ba cheart dúinn soiléiriú a fhail air sin anois.

Vice Chairman

An seasann-----

Gabh mo leithscéal ach tá an Teachta Ó Cuív ag iarraidh tuilleadh soiléirithe agus tá an ceart sin aige. Aontaím leis, ar bhealach. Tá an reachtaíocht bunaidh ann agus is féidir linn é sin a leasú.

Ní raibh aon ghá leis an leasú seo ach, mar a dúirt mé, nuair a léigh mé an comhfhreagras ó Oifig na mBillí bhí dabht nó amhras i mo cheann mar tá tuiscint an-srianta ag a cuid oifigigh ó thaobh scóip an Bhille. Is é sin an fáth go bhfuil mé ag seasamh suas arís agus arís eile. Tá sé ráite go soiléir, agus tá nóta tugtha agam faoi, nach mbeidh an Rialtas ag teacht ar ais ag rá nach féidir tuilleadh cumhachtaí a thabhairt don Choimisinéir Teanga. Tá sé sin anseo agam agus táim sásta leis sa chomhthéacs sin.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.
AILT NUA

Vice Chairman

Tá an chéad leasú eile, Uimh. 2, dícheadaithe ach, i gcomhthéacs an comhrá a bhí againn ag tús an chruinnithe, tabharfaidh mé seans don Teachta Ó Snodaigh caint faoin leasú.

Déantar iarracht sna trí leasú seo as a chéile, leasuithe Uimh. 1 go 3 a huile, leasú a dhéanamh ar Theideal Fada an Phríomhachta. Bhí sé deacair ar oifigigh Oifig na mBillí féachaint air seo mar níor chuimhin leo athrú dá leithéid cheana. Tá sé beagáinín ceangailte leis an méid a bhí á rá againn i dtaobh leasú Uimh. 1. Is féidir an bun-Acht agus a bunfheidhm a athrú nó is féidir soiléiriú a thabhairt ar an mbunfheidhm sin, agus is é sin atá á lorg agam tríd leasú Uimh. 2. Déileálfaidh mé le leasú Uimh. 3, atá dícheadaithe freisin, chomh maith agus ansin déileálfaimid le leasú Uimh. 4, atá in ord.

Is iarracht é seo breithiúnas a rinne an Príomh-Bhreitheamh, an Breitheamh Onórach Hugh Kennedy, an chéad Ard-Aighne agus polaiteoir de chuid Chumann na nGael, in 1934 a chódú i reachtaíocht. Thug sé an breithiúnas sin i gcás Ó Foghludha v. McClean. Dúirt sé, ós í an Ghaeilge an phríomhtheanga oifigiúil, tá sé de dhualgas ar an Stát gach a dhéanamh laistigh dá raon gníomhaíochta chun í a bhuanú agus a chaomhnú ina stádas mar theanga náisiúnta agus í a aithint mar theanga áisiúil chun gach críoch oifigiúil. Ba é an rud a bhí i gceist agam ná "gach" a chur isteach seachas "críche oifigiúla" amháin chun nach mbeidh Rialtas ná Aire ábalta a roghnú cén críocha oifigiúla a bheadh i gceist. Toisc nach bhfuil sé sa Teideal, ba mhaith liom a chur isteach go bhfuil gach uile cheann i gceist agus go mbeadh an Teideal ina chur síos ar bhunphrionsabail an Achta. Ní bheimid in ann a rá go mbeidh tionchar mór ag an leasú seo ach glactar leis faoi láthair, faoin Teideal mar atá, go bhfuil dualgais shoiléire san Acht úsáid na Gaeilge a chur chun cinn chun críche oifigiúla sa Stát. Aontaímid leis sin, dar ndóigh, ach táimid ag iarraidh dul chun tosaigh air sin.

Ina leabhar, Acht na Gaeilge – Acht ar Strae: Léirmheas ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2003, a foilsíodh i ndiaidh Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, míníonn an Dr. Pádraig Breandán Ó Laighin go mbeadh gach críoch oifigiúil i gceist, is é sin le rá, nár chóir go mbeadh aon phrionsabal de chuid den Stát riamh ag cur i gcoinne cur chun cinn úsáid na Gaeilge. Ní cóir go mbeadh úsáid na Gaeilge srianta go críoch amháin, mar sin, ní bheadh sé i gceist sa tsochaí go ginearálta dá dtacódh an Stát leis an nGaeilge an méid is a thacaíonn sé le húsáid an Bhéarla. Léiríonn an fhoclaíocht seo an fhealsúnacht atá sa dlí cheana féin de réir an bhreithiúnais chúirte sin agus meon an roghchoiste seo de réir Bunreacht na hÉireann, ina gcuireann Airteagal 8 an Ghaeilge chun cinn mar phríomhtheanga oifigiúil. Gan an focal "gach" a bheith istigh ann, tá an cuma ar an scéal go bhfuil cead ag an Stát polasaithe a leanúint ina mbeadh céim siar ar úsáid na Gaeilge molta, nó ina gcuirtear faoi bhrú í mar thoradh. Ní cóir go mbeadh cead ag an Stát é sin a dhéanamh, go háirithe agus an Ghaeilge i mbaol faoi láthair.

Mar a dúirt Pádraig Mac Fheargusa ina aighneacht, a leagadh amach ar leathanach 124 de tuarascáil na bliana 2018, "Má tá straitéis i leith an Ghaeilge agus an Ghaeltacht á cothú ag an stát, níor cóir go gcealódh ná go lagódh aon reachtaíocht nua an stratéis sin, de thaisme nó d'aonturas." Is é sin atá i gceist. Is cinntiú atá i gceist seachas aon rud eile. Táimid ag déanamh cinnte go bhfuil gach uile ghné den Stát gafa le cur chun cinn na Gaeilge agus nach dtógfaidh siad aon chéim siar.

Tá leasú Uimh. 2 as ord de bharr costais nó ioncaim agus tá leasú Uimh. 3 as ord toisc nach luíonn sé le forálacha an Bhille féin, rud atá ait agus muid ag caint faoin nGaeilge a chosaint sa státchóras agus cur chuige níos fearr a bheith ann ó thaobh an státchórais agus ceart. Dúradh sna leasuithe "CHUN COMHIONANNAS CEART AGUS PRIBHLÉIDÍ COMHIONANNA A CHOTHÚ MAIDIR LE hÚSÁID TEANGACHA OIFIGIÚLA, GO hÁIRITHE MAIDIR LENA nÚSÁID IN IMEACHTAÍ PARLAIMINTE". Tiocfaimid ar ais chuig an gceist a éiríonn as sin. Sa Dáil, níl sé de cheart agam, nó ní féidir liom, an Ghaeilge a úsáid i ngach uile ghné de mo ghnó parlaiminte. Tá an cás seo iontach - foilsíodh an Bille i nGaeilge agus bhí mé in ann leasuithe a chur isteach i nGaeilge. Foilsíodh gach Bille eile i mBéarla amháin agus níl cead agam leasuithe a chur isteach i nGaeilge. Mar sin, ní féidir liom an Ghaeilge a úsáid. Níl na nótaí míniúcháin ná an reachtaíocht foilsithe i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna. Fiú agus muid ag cur isteach leasuithe - agus is léiriú é seo - bhí orainn roinnt leasuithe a chur isteach i mBéarla toisc nach raibh an bunreachtaíocht ar fáil i nGaeilge fós, mar shampla Acht maidir leis an nGarda Síochána. Bhí orm casadh ar an mBéarla, cé nach bhfuil sé i gceist agam é sin a dhéanamh, chun go mbeadh sé soiléir cad a bhí i gceist agam sa reachtaíocht sin.

Tharla sé seo dom cheana. Bhí mé ag iarraidh leasú a mholadh d'Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú), 2006 nuair a bhí athrú á dhéanamh ar an choinníoll Gaeilge ná an dualgas ó thaobh na Gaeilge ach ní raibh cead agam é sin a dhéanamh toisc go raibh sé i mBéarla. Bhí mé ag iarraidh a bheith réasúnta. In argóintí le hAirí difriúla thar na blianta mhol mé go bhfoilseodh, ar a laghad, na meamraim míniúcháin as Gaeilge. Níl aon stádas dlíthiúil acu agus, mar sin, ní gá ach aistriúchán a dhéanamh orthu. Bheadh siad mar áis dom agus d'aon Teachta eile mar bheadh an fhoclaíocht againn ó thaobh cad atá i gceist sa reachtaíocht. Thug an t-iarAire, Joan Burton, geallúint dom go dtarlódh sé sin nuair a bhí mé ag tógáil raic maidir le reachtaíocht nach raibh ar fáil i nGaeilge agus í ag iarraidh í a thógáil isteach níos tapa ná ba chóir toisc nach mbeadh sé aistrithe in am. Thuig mé a cás mar bhain an reachtaíocht leis an minimum wage. Ní raibh mé chun moill a chur ar ardú sa minimum wage ach bhí prionsabal eile taobh thiar de. Bhí an Rialtas ag rá go raibh sé ceart go leor moill a chur le haistriúchán an Bhille in ainneoin na geallúna a thug sé.

Tá éacht á dhéanamh ag an dream a dhéanann aistriúcháin sna Tithe agus a aistríonn Achtanna. Is léir ón bhfadhb a bhí againn maidir leis na leasuithe a moladh don Bhille seo gur jab mór agus jab tábhachtach é.

Dúradh go dtógfadh sé cúig bliana roimh a bheidh gach uile phíosa reachtaíochta atá againn aistrithe go Gaeilge. Tá fadhb dhlíthiúil ansin. Bhí mé ar chlár Raidió na Gaeltachta inné agus bhí abhcóide ar an gclár ag rá go bhfuil sé scanrúil go bhféadfadh roinnt de na cásanna atá os comhair na gcúirteanna faoi láthair a bheith caite as an gcúirt toisc nach bhfuil an bunreachtaíocht ar fáil i nGaeilge, de réir bhreithiúnas a thug an Breitheamh Adrian Hardiman. Measaim gur in 2004 a rinne sé an cinneadh sin agus dúirt sé dá dtiocfadh aon rud mar sin os a chomhair go gcaithfeadh sé amach láithreach é. Tá fadhb ansin mura bhfuil an reachtaíocht aistrithe agus an bealach is éasca déileáil leis ná i mbealaí eile. Sin atá i gceist le comhionannas san obair parlaiminte atá á dhéanamh againn.

Is féidir liom samplaí eile a thabhairt d’áiteanna gur sórt afterthought a bhíonn sa Ghaeilge go minic sa chomhrá a bhíonn againn ó thaobh na parlaiminte de agus ó thaobh cleachtais pharlaiminte agus a leithéid. Ní hé go bhfuil naimhdeas ann nó go bhfuil daoine á gcur ina coinne, ach go ndéanann siad dearmad uirthi. Má tá na rudaí seo leagtha síos go beacht agus go dlíthiúil, b’fhéidir go n-úsáidfaidh roinnt den chóras i gcoitinne í. Sin a bhí i gceist leis na leasuithe a dícheadaíodh. Tuigim nach bhfuil nóta ag an Aire Stáit fúthu. Mar a dúirt mé níos luaithe, impím ar na daoine sa Roinn agus ar an Aire Stáit féachaint ar cad atá i gceist leo. Más féidir leo in aon chor, iarraim orthu féachaint ar an bhfoclaíocht agus a leasú féin a chur isteach ar Chéim na Tuarascála nó sa Seanad chun déileáil leis na bearnaí atá sa reachtaíocht go dtí seo agus na bearnaí sa chosaint do Ghaeilgeoirí mar níl sé maith go leor ag an bpointe seo. Chuideodh sé linne dá gcuirfeadh an tAire Stáit leasú isteach mar is féidir leis é sin a dhéanamh nuair atá ceist airgeadais i gceist ach ní féidir liomsa. Sin ceann de na fadhbanna atá ann agus tá sé go maith sa chás seo go bhfuil an Leas-Chathaoirleach sásta deis chainte a thabhairt dúinn ar na leasuithe atá dícheadaithe.

Vice Chairman

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tá leasú Uimh. 2 as ord mar gheall ar an ioncam agus tá leasú Uimh. 3 as ord mar nach bhfuil baint aige le forálacha an Bhille.

An mbeidh deis ag an Aire Stáit teacht isteach?

Vice Chairman

An rud a bhímid ag caint faoi roimh a tháinig an Teachta isteach ná go mb’fhéidir go scríobhfaidh an tAire Stáit chuig na Teachtaí roimh Céim na Tuarascála. Má tá aon rud le rá aige anois, is féidir leis.

Aithním an obair atá curtha isteach sna leasuithe seo ag na Teachtaí. Mar is eol dóibh, ní raibh aon ról agamsa mar Aire Stáit sa chinneadh iad a chur as an áireamh. Níl mé chun aon rud a rá fúthu go dtí go mbeidh soiléiriú faighte ag an gcoiste ina leith.

Vice Chairman

Tá an Cathaoirleach chun scríobh díreach go dtí an Ceann Comhairle agus Cléireach na Dála faoi na cúiseanna go raibh na leasuithe curtha as ord.

Gabhaim buíochas leis an Leas-Chathaoirleach. Is maith an rud é go bhfuil an coiste chun litir a sheoladh chuig an gCeann Comhairle. Ní thuigim, go háirithe, an cúis go bhfuil leasú Uimh. 3 as ord. Dúradh nach bhfuil baint aige le forálacha an Bhille. Tá sé sin dochreidte mar táimid ag caint faoi na cearta céanna a thabhairt don dá theanga oifigiúla.

Gabhaim buíochas le hOifig na mBillí. Bhí siad faoi bhrú. Tá a fhios agam go bhfuil an Roinn faoi bhrú freisin agus tá mo bhuíochas agus buíochas gach Teachta Dála tuillte acu. Bhí náire orm i ndáiríre nuair a chuir mé féin mo leasuithe isteach. Bhí mé faoi bhrú an tseachtain sin agus bhí náire orm agus trua agam don oifig. Ní mór dom é sin a rá go poiblí. Tá éacht déanta acu ag streachailt leis an dá theanga. Nach gcuireann sé sin an fhadhb in iúl? Bíonn daoine i gcónaí ag streachailt leis an teanga, easpa foirne agus anois Covid freisin.

Is croílár na faidhbe ná go bhfuiltear ag rá nach bhfuil baint ar bith ag an leasú seo le forálacha an Bhille. Tá an leasú ag iarraidh réiteach dearfach a thabhairt agus an dá theanga a chur ar an leibhéal céanna mar tá dualgas bunreachtúil orainn é sin a dhéanamh. Ní thuigim é sin. Tá sé deacair é a thuiscint. B’fhéidir go bhfuil míthuiscint áit éigin. Níl a fhios agam. Beidh deis againn teacht ar ais aige seo nuair a bheidh soiléiriú againn.

Vice Chairman

Beidh agus mar a dúirt mé, beimid ag scríobh ag an gCeann Comhairle agus ag an gCléireach agus úsáidfimid an sampla seo.

Níor tairgeadh leasuithe 2 agus 3.

Vice Chairman

Bogfaimid ar aghaidh go leasú Uimh 4. Tá baint aige seo le leasú Uimh. 308 agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 4:

I leathanach 7, idir línte 8 agus 9, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar theideal fada an Phríomh-Achta

2. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad a theidil fhada:

“ACHT CHUN ÚSÁID NA GAEILGE A CHUR CHUN CINN CHUN CRÍOCH OIFIGIÚIL SA STÁT; CHUN SOCRÚ A DHÉANAMH MAIDIR LE DHÁ THEANGA OIFIGIÚLA AN STÁIT A ÚSÁID IN IMEACHTAÍ PARLAIMINTE, IN ACHTANNA AN OIREACHTAIS, I RIARADH AN CHEARTAIS, LE LINN CUMARSÁID A DHÉANAMH LEIS AN bPOBAL NÓ SEIRBHÍSÍ A SHOLÁTHAR DON PHOBAL AGUS LE LINN OBAIR COMHLACHTAÍ POIBLÍ A DHÉANAMH; CHUN DUALGAIS COMHLACHTAÍ DEN SÓRT SIN I LEITH THEANGACHA OIFIGIÚLA AN STÁIT A LEAGAN AMACH; AGUS CHUN NA gCRÍOCH SIN, CHUN SOCRÚ A DHÉANAMH MAIDIR LE BUNÚ OIFIG CHOIMISINÉIR NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA AGUS CHUN A FEIDHMEANNA A MHÍNIÚ; CHUN SOCRÚ A DHÉANAMH MAIDIR LEIS AN gCOIMISINÉIR D’FHOILSIÚ FAISNÉIS ÁIRITHE A BHAINEANN LE CRÍOCHA AN ACHTA SEO; AGUS CHUN SOCRÚ A DHÉANAMH I dTAOBH NITHE GAOLMHARA AGUS FORÁLACHA LGHNÉITHEACHA.”.”

Is rudaí simplí atá i gceist anseo. Arís, is an Teideal fada den phríomh-Acht atá i gceist. Chuirfeadh an leasú seo leis na dualgais eile atá an Bille seo ag leagan amach, ag cur "agus forálacha ilghnéitheacha" ag an deireadh. Is gnáthrud é seo i reachtaíocht agus ba chóir go mbeadh sé ann sa chás seo toisc nach díreach leagan amach ar stádas na Gaeilge atá i gceist agus níl sé díreach faoi bheith ag dhéanamh cinnte de go bhfuil cur chun cinn na Gaeilge mar chríoch oifigiúil sa státchóras i gcoitinne. Mar a deir an leasú, baineann sé le himeachtaí parlaiminte, Achtanna an Oireachtais, cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal, seirbhísí a soláthar don phobal, obair comhlachtaí poiblí a dhéanamh agus níos mó. Tá liosta fada sa Teideal fada den bhun-Acht 2003. Mo bhuíochas dóibh siúd a chur an bun-Acht le chéile mar bhí sé i gceist acu go mbeadh sé ilghnéitheach agus sin atá i gceist agamsa anseo. Chuideodh sé linn dá mbeadh sé sin curtha ar a bhonn chomh maith agus déileálfadh sé le roinnt de na leasuithe atá curtha isteach againn.

Má ghlactar leis an leasú seo thabharfadh sé an deis dúinn na leasuithe atá as ord toisc nach mbaineann siad leis an mBille - in ainneoin nach n-aontaím leis go minic áit atá sé sin leagtha síos - a phlé. Bheadh siad inghlactha toisc go mbeadh "forálacha ilghnéitheacha" i gceist sa Teideal. Arís, seo argóint faoi scóip an Bhille. Má tá dabht ann in aon chor faoi scóip an bhun-Achta, tá sé níos deacra dúinn scóip an Bhille seo a leathnú. Seo an argóint atá ann agus an fáth go bhfuilimid ag lorg soiléiriú ar cad go díreach é scóip an Bhille, sa chaoi nach mbeadh aon dabht faoi anois nó amach anseo. Beimid ag teacht ar ais chuig Acht na dTeangacha Oifigiúla chomh tapa in Éirinn agus is féidir mar níl an Bille seo láidir go leor. Is céim chun tosaigh é. Aithním é sin agus d’aithin mé é sin ó thús báire, ach níl sé fada go leor nó láidir go leor agus níl go leor cumhachtaí ann. Tabharfaidh sé seo an deis dúinn ar an gCéim seo na leasuithe atá os ár gcomhair a bheith inghlactha agus teacht ar ais chuige ar aon Chéim eile chun na bearnaí a líonadh arís más gá.

Tá súil agam go mbeimid ag teacht ar ais i bhfad Éireann níos tapúla ná mar a thángamar ar ais ón uair a tháinig an chéad Acht na dTeangacha Oifigiúla i réim in 2003 agus a luaithe is féidir linn fáil réidh leis an Rialtas seo agus Rialtas ceart a chur ann a dhéileálfaidh leis na ceisteanna móra seo. Is é an rud ceannann céanna atá i gceist leis an leasú Uimh. 308 ag an deireadh, is é sin nuair a bheimid ag déileáil leis an Teideal Fada mar go gcaithfear é a athrá ansin chomh maith.

Gabhaim buíochas leis an Teachta agus tá súil agam go mbeidh an Bille níos láidre de bharr an phróisis seo. Maidir le leasuithe Uimhreacha 4 agus 308, is mian liom buíochas a ghabháil as ucht na leasuithe seo. Táim den tuairim go gclúdaíonn an Teideal as Acht 2003 agus Teideal an Bhille na príomhspriocanna atá le baint amach. Tar éis imscrúdú a dhéanamh agam ar na leasuithe seo, táim sásta nach bhfuil aon ghá leo. Chomh maith leis sin, níl se de nós againn Teideal an Phríomh-Achta a athrú sa chaoi seo mar gur athrú bunúsach a bheadh ann ar scóip an Achta. Ní hé sin a bhí á bheartú ag an Rialtas sa Bhille seo. Ar an mbonn sin, ní féidir liom glacadh leis an leasú seo agus seasfaidh Teideal an Phríomh-Achta mar atá sé faoi láthair.

Luaigh mé níos luaithe nach nós é na ceannteidil nó na Teidil Fhada a athrú. Ní fíor é sin go hiomlán. Déantar athrú ar Achtanna bunaidh maidir le neart de na hAchtanna agus na Billí a thagann os comhair na Dála mar go mbíonn míniú níos difriúla nó níos leithne nó mar go bhfuil aithint tar éis tréimhse ama go raibh fadhb bhunúsach leis an Acht ar an gcéad dul síos agus nach raibh sé láidir go leor.

Tuigim é sin agus ní bheadh gá leis seo dá mbeadh an tuiscint chéanna ag an Aire Stáit agus ag an státchóras is atá agam faoi bhunscóip an Achta sa chéad dul síos agus muid á leasú mar go mbeadh níos mó tacaíochta, mínithe nó tuisceana againn ar an méid atá sa chéad chuid den Teideal Fada, áit a deir “Acht chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn chun críoch oifigiúil sa Stát”, agus déantar liostú san Acht ansin ar dhualgais eile.

Tá sé difriúil agus cuibheasach soiléir i mBéarla chomh maith céanna más féidir liom teacht air dóibh siúd atá ag éisteacht linn. Tá na leasuithe seo beagáinín casta toisc nach bhfuil an reachtaíocht os ár gcomhair. Deir an leagan Béarla den Acht ”An Act to promote the use of the Irish language for official purposes in the State". Tá sé sin an-soiléir. Is é sin an rud atá i gceist againn leis an leasú seo ná “and miscellaneous provisions” a chur leis sin. Bíonn an fhoráil seo i mórán Billí. Is é an téarma Gaeilge atá air sin ná “forálacha ilghnéitheacha”. Tugann sé sin an deis dúinn a dhéanamh cinnte de go bhfuil de chumhacht ag an Stát, ní hamháin sa Bhille seo atá ag déanamh leasú ar an Acht bunaidh, treoir a thabhairt nó rialú a dhéanamh ní hamháin ar an státchóras ach ar ghnéithe eile atá bainteach leis an nGaeilge. Bhí leasuithe leagtha síos agam ní hamháin faoi chomhlachtaí poiblí ach faoi chinn mhóra eile freisin atá lasmuigh den earnáil sin, is é sin comhlachtaí móra príobháideacha a bheadh ag obair i gceantair Ghaeltachta. Toisc nach bhfuil na “forálacha ilghnéitheacha” seo ann, déanann sé an obair seo níos deacra dúinn, mar níl sé leagtha amach chomh soiléir má ghlactar leis an míniú coimeádach atá anois ann faoi scóip an Bhille. Má tá scóip an Bhille chomh hoscailte is a léim é sa chéad chuid den Teideal Fada, is féidir linn an míniú sin atá sna leasuithe seo a dhéanamh.

Táim ag impí ar an Aire Stáit féachaint i gceart air seo mar tabharfaidh sé sin an deis dúinn, ní hamháin sa Bhille seo ach amach anseo, leasuithe gasta a dhéanamh chun déileáil le ceisteanna eile maidir leis an nGaeilge faoin mBille seo, seachas gur gá Bille mór téagartha a chur le cheile gach uile uair chun déileáil le bearnaí nó a leithéid a thiocfaidh chun cinn amach anseo. Bheadh ar an státchóras déileáil am éigin leis na gnéithe seo a thagann chun cinn faoi na forálacha ilghnéitheacha seo.

Is cúis díomá dom nach bhfuil an tAire Stáit sásta glacadh leis an leasú seo mar is ceann bunúsach thar a bheith ginearálta é. Bhain mé úsáid as an bhfrása “croílár na faidhbe” agus tá sé ráite ag an Aire Stáit nach bhfuil an Rialtas sásta breathnú ar an Teideal agus nach bhfuil sé de nós ag an Rialtas nó ag aon Rialtas an Teideal a athrú ón reachtaíocht bhunaidh. Ba í 2003 bliain na reachtaíochta bunaidh agus is í 2021 an bhliain atá anois againn agus tá géarchéim i gceist. Tá a fhios ag an Aire Stáit é sin. Thriaileamar roimhe seo - ní raibh mise ann - ach bhí ceannteideal eile i gceist in 2014 a bhí go hiomlán lochtach. Buíochas le Dia fágadh i dtraipisí nó ar thaobh an bhóthair iad agus leanamar ar aghaidh chun socrú eile a fháil. Is socrú é sin.

Mura n-aithníonn an Rialtas go bhfuil géarchéim ann, táimid ag dul sa treo mícheart. Tá gá leis an rud a athrú chun a chur in iúl go bhfuilimid i ndáiríre faoin nGaeilge agus go bhfuil bealaí éagsúla, taobh amuigh d’airgead breise, chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Mura nglacann an Rialtas leis sin, tá sé deacair dul ar aghaidh leis an bpróiseas seo mar, in ainneoin na hoibre uilig atá déanta ag an Roinn, agus tá a fhios agam go bhfuil an t-uafás oibre curtha isteach aici, is cur i gcéill é i ndáiríre. Táimid ag leanúint ar aghaidh arís leis an gcur i gcéill céanna mar níl aitheantas ar bith ar na fadhbanna ar an talamh agus go bhfuil teipthe orainn. Ba mhaith liom a bheith dearfach mar tá mo chroí sáite sa Ghaeilge agus leanfaidh mé ar aghaidh beag beann ar aon rud eile leis an rud a chuirfidh an Ghaeilge chun cinn, ach is é seo an deis atá againn mar Theachtaí Dála. Déanaim tagairt arís don tuarascáil. Bhí comhaltaí de pháirtí an Aire Stáit ar an gcoiste. Bhí Fine Gael, Sinn Féin agus gach páirtí beagnach ar an gcoiste sin agus bhí deis ag aon Teachta eile teacht isteach. Ní raibh aon easaontú i gceist. Ghlacamar le chéile go raibh fadhb in 2018 agus dúramar leis an Rialtas gurb iad seo na moltaí réasúnta agus níor ghlac an Rialtas leo.

Fiú amháin anois leis an Teideal, tá gá an reachtaíocht seo a chur i gcomhthéacs agus go bhfuil teipthe againn ó 2003 an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá a fhios againn ón daonáireamh sa Ghaeltacht i gConamara go bhfuil laghdú tromchúiseach ar an daonra. Mar a dúirt mé ó na turais ar fud na tíre, feictear dom chomh domhain is atá an fhadhb. Tá gá le haitheantas in óráid an Aire Stáit agus sa díospóireacht agus stop a chur leis an gcur i gcéill. Níl i gceist anseo ach an frása beag “chun socrú a dhéanamh i dtaobh nithe gaolmhara” a chur isteach. Cad í an fhadhb leis an bhfrása agus leis an leasú beag sin má tá an Rialtas i ndáiríre faoin nGaeilge a chur chun cinn agus comhionannas a thabhairt don dá theanga? Mínigh an méid sin dom, más é toil an Aire Stáit é, mar níl leid agam. D’éist mé go cúramach agus níl leid dá laghad agam cén fáth nach bhfuil an Rialtas in ann glacadh leis an bhfrása beag sin.

Tuigim go bhfuil dúshlán sa Ghaeltacht. Bhí mé i gContae na Gaillimhe cúpla mí ó shin agus bhí mé ag labhairt le daoine ann. Mar Aire Stáit, tá mé ag iarraidh mo Ghaeilge a úsáid agus a fheabhsú ar an talamh. Táimid anseo sa choiste chun Bille níos láidre a achtú. Tá plean naisiúnta ann, beidh coiste comhairliúcháin ann agus táimid ag iarraidh níos mó deiseanna a chruthú ar fud na tíre. Beidh níos mó daoine fostaithe sa státchóras toisc an Bille seo. Mar sin, táimid ag iarraidh níos mó polasaithe a chur chun cinn chun an Ghaeilge a fheabhsú ar fud na tíre.

Ní féidir liom glacadh leis an leasú seo mar níl i gceist ag an Rialtas forálacha ilghnéitheacha a chur faoi bhráid an Bhille. Tá go leor gur féidir a dhéanamh sa Bhille mar atá sé. Tá cur chuige nua ann d'earcaíocht sa státchóras. Táimid ag bogadh ó scéimeanna go caighdeán ach níl aon rud ilghnéitheach ann. Beidh mé oscailte chun leasuithe eile a phlé agus táim ag iarraidh leasuithe eile a chur chun cinn. Éisteoidh mé le páirtithe eile agus le Neamhspleáigh sa Dáil. Ní féidir liom an leasú seo a ghlacadh, áfach.

Dúirt an tAire Stáit nach nós an Teideal an athrú. Tá mise ag iarraidh a dhéanamh cinnte de gur féidir linn an méid atá san Acht cheana féin a bhaint amach, chomh leis an méid atá i mBillí eile agus spriocanna eile a bhaint amach sa todhchaí. Cur síos níos cruinne a bheadh ar an mbun-Acht dá mbeadh an leasú seo curtha isteach mar bhí an bun-Acht ag déileáil le ceisteanna eile nach raibh go huile is go hiomlán sa Teideal Fada. Mar shampla, bhí an tAcht ag déileáil le Coimisiún na Logainmneacha, nach bhfuil luaite sa Teideal Fada, agus bhí sé ag déileáil le ról an Ombudsman. Chomh maith leis sin, beidh muidne ag déileáil le ceisteanna eile anois toisc an Bille seo. Mar sin, trí glacadh le forálacha ilghnéitheacha, níl an Rialtas ach ag déanamh an gnáthchleachtas parlaiminte ó thaobh reachtaíochta de. Nuair atá Acht ag déileáil le ceisteanna taobh amuigh den bhunchuspóir atá aige, cuirtear isteach "agus forálacha ilghnéitheacha" nó "and miscellaneous provisions". Léiríonn na téarmaí sin go bhfuil ceisteanna eile ann a thagann faoin Acht, toisc an bunchuspóir don chinneadh atá sa Teideal. Sin an méid atá i gceist.

Sa deireadh thiar thall, níl sé seo chun réabhlóid a chothú mar is faoin Aire agus faoin Dáil na cinntí a dhéanamh cén leasuithe a bheadh ag teacht faoi réir an Achta nó an Bhille amach anseo. Ní hé go ndéanfadh sé mórán difríocht in aon chor ach chuirfeadh sé deis ar fáil agus tabharfadh sé míniú níos cruinne ar cad atá i gceist agus cad a bhí i gceist sa bhun-Acht. Tríd é a leasú, táimid ag cur leis an méid atá sa bhun-Acht mar tá moladh ag an Aire Stáit sa Bhille athruithe substaintiúil a dhéanamh ar an tslí a chaithfidh an státchóras leis an nGaeilge amach anseo.

Roimhe seo, bhí scéimeanna teanga agus a leithéid agus tá an tAire Stáit ag caint faoi chaighdeánú, rangú nó pé focal a aontóidh muid nuair a táimid críochnaite leis an díospóireacht seo. Tá sin go hiomlán difriúil. Is féidir athruithe bunúsacha a dhéanamh laistigh den bhunchuspóir a bhí ag an Acht nuair a rinneamar an plé chomh fada siar i 2002 agus 2003. Bhí mise anseo agus ceann de na céad Billí a rinne mise déileáil leis nuair a toghadh mé ar dtús ná Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. B'fhéidir go bhfuil mé anseo go ró-fhada agus tuigim roinnt den chleachtas.

Ní chuireann sé isteach ná amach ormsa má ghlactar nó muna ghlactar leis an leasú seo ach bheadh sé níos fearr ó thaobh cruinneas de agus bheadh sé níos fearr ó thaobh cur chuige de amach anseo go mbeadh muid in ann plé le aon athruithe ó thaobh an Stáit agus ó thaobh an Stáit ag gabháil leis an nGaeilge faoin reachtaíocht seo. Más gá, áfach, is féidir linn reachtaíocht eile a thabhairt chun tosaigh amach anseo chun déileáil leis na bearnaí a bheidh fágtha ina dhiaidh seo. Bíonn bearnaí ann i gcónaí le reachtaíocht. Aithním é sin. Sa chás seo, tá a lán bearnaí ann agus d'fhéadfaimis dul i bhfad Éireann níos faide ná mar atá i gceist ag an Aire Stáit. Tá sé ag dul beagáinín chun tosaigh ar cad a bhí i gceist ar dtús báire agus molaim sin ach níl an tAire Stáit ag dul fada go leor.

Tuigim go bhfuil a lán oibre déanta ag an Aire Stáit, ach an rud atá in easnamh ná aitheantas don ghéarchéim, mar atá ráite go mion minic, agus aitheantas gur scéim dearfach atá anseo. Is buntáiste ollmhór é dhá theanga a bheith ag duine, a bheith i dhá domhan agus a bheith in ann dhá domhan a fheiceáil. Is domhain difriúla iad domhan na Gaeilge agus domhan an Bhéarla. Is buntáiste agus is rud dearfach amach is amach é sin.

Tá gá leis seo chun bunús reachtúil a thabhairt dúinne go léir sa tír a bhfuil ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid chomh maith leis an mBéarla. Sin an rud atá i gceist anseo: scéim dearfach. Tá súil agam go mbeidh Sinn Féin ag leanúint ar aghaidh leis an bhfrása sin mar tá sé tábhachtach. Ní féidir liomsa i m'aonar leanúint ar aghaidh leis. Tá gá leis, tá sé ansin agus ní thuigim freagra an Aire Stáit. Tá sé ag rá go bhfuil rudaí maithe sa Bhille agus tá gan dabht. Ní leor é, áfach, agus cuireann sé seo in iúl nach bhfuil an Rialtas i ndáiríre ach amháin go fadtéarmach. Tá an Rialtas thar a bheith dáiríre maidir leis an bhfadtréimhse ach beidh sé ró-dhéanach gan an t-aitheantas sin agus gan an scéal eile a chur trasna, go bhfuil sé seo iomlán dearfach, go bhfuil gá leis agus go dtugann sé buntáiste dúinn mar Éireannaigh go bhfuil dhá theanga againn.

Tá gá anois le bunús reachtúil ag cur leis sin i mbealach atá éifeachtach. Níl an Rialtas chun glacadh leis an bhfrása: "i dtaobh nithe gaolmhara" agus níl an tAire Stáit chun míniú a thabhairt dúinn. Dá mba rud é go ndúirt an tAire Stáit go bhfuil sé ró-ghinearálta nó go bhfuil fadhb leis ó thaobh an dlí de, ghlacfainn leis sin ach ní hé sin an rud atá á rá ag an Aire Stáit.

Vice Chairman

An bhfuil an Teachta Ó Snodaigh chun an leasú a bhrú?

Vice Chairman

Caithfimid an vóta a chur siar go dtí an chéad seisiún eile mar gheall nach bhfuil go leor ama againn sa seisiún seo. Caithfimid a bheith críochnaithe faoi meán lae. Mar sin beimid ar ais ar 3.30 p.m.

Cuireadh an suí ar fionraí ar 11.50 a.m. agus cuireadh tús leis arís ar 3.30 p.m.

Vice Chairman

Nuair a stop muid, bhí mé ar an bpointe leasú Uimh. 4 a chur chun vóta. Leanfaimid ar aghaidh leis sin.

Amendment put:
The Committee divided: Tá, 3; Níl, 6.

  • Connolly, Catherine.
  • Daly, Pa.
  • Ó Snodaigh, Aengus.

Níl

  • Calleary, Dara.
  • Chambers, Jack.
  • McHugh, Joe.
  • Moynihan, Aindrias.
  • O'Dowd, Fergus.
  • Ó Cathasaigh, Marc.
Amendment declared lost.

Vice Chairman

Tá baint ag leasuithe Uimh. 5 agus Uimh. 306 le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 5:

I leathanach 7, idir línte 8 agus 9, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht

2. Leasaítear alt 1 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lá tar éis an tAcht seo a rith agus, maidir leis na forálacha sonracha den Acht seo, a bhfuil lá socraithe faoin Acht seo chun iad do theacht i ngníomh, tiocfaidh siad i ngníomh an lá sin, mar a bheidh socraithe do gach ceann de na forálacha sin faoin Acht seo.”."

Le leasú Uimh. 5, déanfar cinnte go dtiocfaidh an tAcht seo - má ghlacaimid go rithfear é - i bhfeidhm chomh láithreach agus is féidir agus go dtiocfaidh forálacha de i ngníomh ar an bpointe boise nó ag spriocdháta atá luaite cheana féin san Acht ionas nach mbeidh aon mhoill ann. Thar na blianta chonaiceamar moill i gcur i bhfeidhm roinnt Achtanna a bhí rite ag an Teach seo, mar shampla, an tAcht maidir leis an duine atá i gceannas ar charthanachtaí, the Charities Regulator. Tógann sé tamall de bhlianta le rudaí a bheith curtha in eagar. Níl muidne sásta leis sin toisc an ghéarchéim atá ann. Tá a fhios agam go ndéarfaidh an tAire dom go bhfuil sé ag tabhairt geallúna dom go dtarlóidh seo, siúd agus uile. Níl muid ag iarraidh go mbeidh an t-amchlár faoina dtiocfaidh na forálacha seo i bhfeidhm ag brath air nó ar aon Aire eile amach anseo ach go dtarlóidh sé go huathoibríoch. Más gá spriocdhátaí a chur isteach sa Bhille anois chun go dtiocfaidh siad i bhfeidhm, ba chóir go ndéanfaimid é sin.

San Acht mar atá sé, ligtear trí bliana de mhaolú ar theacht i bhfeidhm forálacha an Achta, fiú má tá dáta leagtha síos san Acht féin. Agus muid ag plé an bhunAchta in 2002, thacaigh Teachta O'Dowd agus mé féin le leasú a mhol Pháirtí an Lucht Oibre a bhí i gcoinne na tréimhse trí bliana a bhí ann san Acht toisc go raibh sé rófhada. Leis an leasú seo, táimid ag triail a dhéanamh cinnte de go dtiocfaidh gach uile fhoráil i bhfeidhm chomh láithreach agus is féidir. Tuigfimid go mbíonn gá le tréimhse i ndiaidh achtú reachtaíochta chun a dhéanamh cinnte go bhfuil gach rud i gceart agus go mbíonn gá le ham chun coiste comhairliúcháin a reáchtáil uaireanta agus, mar sin, nach féidir le forálacha teacht i bhfeidhm láithreach ach tá dáta leagtha síos do gach uile chéim inár leasuithe. Tá dátaí leagtha síos maidir leis an rangú atá i gceist ó thaobh na gcaighdeán atá an tAire Stáit chun a thabhairt isteach. Ní hé go dtiocfaidh siad sin i bhfeidhm láithreach ach tá spriocdhátaí leagtha síos againn.

Fágfaidh mé ansin é. Tá leasú an Teachta Connolly beagáinín mar an gcéanna, cé go bhfuil sé dírithe ar áit dhifriúil san Acht. B'fhéidir go bhfuil sise ag iarraidh rud éigin a rá faoi.

Tá an leasú atá i m'ainm féin, Uimh. 306, nasctha leis an leasú seo. Táim sásta leis sin. Tá an Teachta Ó Snodaigh tar éis a chur in iúl cad atá i gceist leis. Tá práinn leis an reachtaíocht, beag beann ar cé chomh láidir is atá sé. Is é sin an fáth go bhfuil muid anseo i lár na paindéime; tuigimid go léir go bhfuil práinn leis an mBille. Is dócha go bhfuil an mhéar fhada fite fuaite isteach sa Bhille, áfach. Ní féidir easaontú leis sin. Tá gach rud curtha ar an méar fhada. Ní raibh aon dáta ann don choiste comhairliúcháin ná don phlean ach tá anois. Fiú agus é sin déanta, áfach, beidh cibé Aire a bheidh i gceist ag an am in ann é a chur siar.

Táim ag iarraidh an rud ceannann céanna a dhéanamh le hUimh. 306. Deirtear ann: "Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lá tar éis an tAcht seo a rith, agus maidir leis na forálacha sonracha den Acht seo, a bhfuil lá socraithe faoin Acht seo chun na forálacha sin a chur i ngníomh, tiocfaidh siad i ngníomh an lá sin, mar a bheidh socraithe do gach ceann de na forálacha sin faoin Acht seo." Tá sé neamhbhalbh agus soiléir. Cuireann sé in iúl nach bhfuil muid chun glacadh le haon mhoill eile. Ní dóigh liom gur chóir d'aon Teachta Dála glacadh le haon mhoill níos mó leis an rud seo. Tá gá leis é a chur i bhfeidhm. Tá gá le beart.

Tá tosach feidhme na forálacha clúdaithe in alt 13(3) den Acht agus ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú dá bharr. Táim ag iarraidh go mbeidh an Bille achtaithe chomh luath agus is féidir le go mbeimid in ann tús a chur leis an obair thábhachtach ó thaobh na gcaighdeán, an coiste comhairleach a bhunú agus an plean náisiúnta a dhréachtú. Chuige sin, tá spriocdhátaí á moladh agam le cuid de mo leasuithe. Sílim go dtugann sé seo cruthúnas ar mo mhianta agus ar mhianta an Rialtais chun an Bille seo, agus na forálacha atá ann, a bhrú chun cinn.

Baineann leasú Uimh. 306 leis an ábhar céanna ach tá sé dírithe ar alt 13 den Bhille. Tar éis féachaint ar an leasú seo, táim muiníneach go bhfuil an fhoclaíocht mar atá sé sásúil chun an bhrí atá i gceist a chur trasna. Dá bhrí sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú.

Táim ag féachaint ar na leasuithe go léir. Bhí mé ag caint le duine éigin an bhliain seo caite agus dúirt sé liom go ndúirt duine leis, nuair a chuaigh sé go Sasana sna 1960idí, gur chóir dó iarraidh ar "start". Ní raibh aon Bhéarla aige áfach agus, dá bharr sin, nuair a chuaigh sé go dtí an site, ní raibh a fhios aige an raibh an start aige nuair a iarr sé air agus chuaigh sé amach ón site. Tá a fhios agam go bhfuil na laethanta sin thart ach, mar a dúirt Breanndán Ó Beaglaíoch a bhí anseo cúpla seachtain ó shin, tá na Gaeltachtaí i mbaol. Caithfimid a bheith níos réabhlóidí. Tá díomá orm go bhfuil a lán de na leasuithe seo dícheadaithe. Tá mearathail orm - mar a deirtear in iarthar Chiarraí - go bhfuil cuid de na leasuithe as ord. Nílim in ann na hargóintí maidir leis an gcostas nó leis an scóip. Beidh mé ag caint mar gheall ar leasú Uimh. 42. Bhí mé ag caint leis an Aire Stáit cheana féin mar gheall air seo. Ceapaim go bhfuil sé laistigh de scóip an Bhille agus ní dóigh liom go bhfuil aon chostas leis. Má táimid i ndáiríre faoi chur chun cinn na Gaeilge agus má tá sí le bheith chomhionann leis an mBéarla, caithfimid a bheith níos réabhlóidí ná na freagraí atá ar fáil inniu.

Is trua liom an meon atá ann maidir leis an leasú seo. Tá an rud céanna ann in alt 13 den Bhille is a bhíonn ina lán Billí.

Tá an ceart ag an Aire Stáit gur sin an gnáthchleachtadh, ach tagann fadhbanna leis. Deir an Bille:

Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Tuigim nach féidir linn a rá go dtosóidh an Bille go huile agus go hiomlán ar lá áirithe, ach ba chóir go mbeadh a fhios againn an dáta a thosóidh sé agus an dáta ar a bhfuil an Bille achtaithe. Nuair atá an tUachtarán tar éis é a shíniú, glacfaidh an gnáthphobal leis go bhfuil sé i bhfeidhm ón lá sin, ach ní bheidh sé i bhfeidhm agus sin an áit a dtosaíonn an fhadhb. Tá sé intuigthe má tá spriocdháta curtha istigh sa reachtaíocht, má deir sé go dtiocfaidh rud éigin i bhfeidhm sé mhí tar éis a sínítear é nó go ndéanfaidh an tAire an cinneadh seo nó an cinneadh siúd laistigh de bhliain. Tuigfidh daoine ansin go bhfuil an Bille achtaithe agus go mbeidh coiste comhairleach ann bliain níos déanaí agus go mbeidh sé ag déanamh pé rud atá le déanamh aige sa tréimhse sin. Beidh cinntí maidir le stáiseanóireacht, foirmeacha oifigiúla nó earcaíocht le déanamh. Má tá spriocdháta ann, sin an spriocdháta, ach níl spriocdhátaí leagtha síos do a lán de na forálacha seo, so níl a fhios againn go díreach cén uair a bheidh feidhm leis an reachtaíocht. In ainneoin gur fhan muid 17 nó 18 bliain ón Acht deireanach agus go bhfuilimid ag dul tríd seo anois, d’fhéadfadh roinnt den Bhille seo teacht i bhfeidhm in dhá bhliain, trí bliana nó ceithre bliana.

Sin an rud a bhí muidne ag iarraidh a dhéanamh anseo. B’fhéidir go bhfuil sé déanta beagáinín ciotrúnta againn ach ní mise a tháinig ar na focail. Is i dtuairisc an choiste a tháinig mé air seo. Is Conradh na Gaeilge a chur chun cinn é agus é ag tabhairt aighneachta don choiste. Sa tuairisc ar scéim ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017, mar a bhí ann ag an am, dúirt sé gur chóir dó teacht i bhfeidhm chomh gasta agus is féidir. Luadh an rud ceannann céanna in aighneacht an abhcóide Dáithí Mac Cárthaigh. Dúirt sé gur chóir go mbeadh sé ann chomh maith. Ní hé gur mise amháin agus liom féin go huaigneach atá i gceist anseo ach an gnáth easpa muiníne atá ag muintir saol na Gaeilge ar chinntí maidir leis an Ghaeilge. Tá siad ag iarraidh go dtiocfaidh na forálacha sa Bhille i bhfeidhm láithreach más féidir. Sin ó thaobh an chuid den phríomh-Acht nach bhfuil go hiomlán achtaithe nó ag obair, na hathruithe dó atá ag teacht de réir an Bhille seo agus gach rud atá sa Bhille féin.

B’fhéidir gur féidir linn féachaint ar seo. Tá mé den tuairim gur chóir go bhfanfadh sé, ach mura bhfuil an tAire Stáit sásta leis an leasú seo, bheadh orm dul ar ais ag an mBille agus féachaint ar gach uile fhoráil atá istigh ann agus spriocdháta a chur síos dóibh chun cinntiú go bhfuil spriocdhátaí ann. Tá a lán acu curtha síos ar aon chaoi sna leasuithe a chur mé chun cinn go dtí seo ach tá roinnt acu siúd dícheadaithe. Féachfaidh mé arís air. Ba chóir go mbeadh sé seo mar chuid den Bhille.

Arís, tá an tAire Stáit ag rá nach rud neamhghnách é seo agus go dtarlaíonn sé le gach Bille, ach is am neamhghnách é seo maidir le Covid agus maidir leis an Ghaeilge. Tá géarchéim ann. Níl a fhios agam cé mhéad am atá an focal sin úsáidte agam inniu. Is dóigh go bhfuil mé beagáinín leadránach ag rá an rud ceannann céanna. Bhí mé ag iarraidh dul abhaile, i ndáiríre, mar tá mé bréan agus traochta den chur i gcéil seo. Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, tá sé ráite sa Bhille go dtiocfaidh sé i bhfeidhm ar cibé dáta a cheapann cibé Aire a bheidh ann ag an am. Sin an fhadhb. Níl muinín agamsa ansin, ach níos tábhachtaí fós, níl muinín ag muintir na nGaeltachtaí agus na Gaeilge. Luaigh an tAire Stáit alt a 13. Arís, úsáidtear an focal "féadfar" ann agus an méid solúbthacht atá i gceist leis sin. Deir sé:

(1) Féadfar Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2019 a ghairm d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá [sin na focail mhillteanach] nó laethanta a cheapfaidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Ní féidir glacadh leis sin má tá an Rialtas i ndáiríre.

Tuigim go bhfuil deacrachtaí ann. Tuigim ó mo thaithí féin go mbíonn deacrachtaí uaireanta le hAchtanna, ach nuair a bhreathnaím siar ar m’am anseo, cuimhním ar an reachtaíocht maidir le wards of court. Níl na focail agam don reachtaíocht sin agus b’fhéidir go mbeidh duine éigin in ann cabhair a thabhairt dom maidir leis an Ghaeilge ar wards of court. Tá teipthe orm faoi láthair na focail a fháil. Tá an reachtaíocht sin ann ó 2015 agus níor cuireadh formhór de i bhfeidhm fós. Níl píosa reachtaíochta chomh tábhachtach sin curtha i bhfeidhm. Iarraim ar an Aire Stáit breathnú ar sin agus breathnú ar an mBille seo agus chomh tábhachtach agus chomh práinneach atá sé. Táimid ag rá sa Bhille go ligfimid d’aon Aire sa todhchaí é a chur a bhfeidhm nuair a fheileann sé dó nó di. Ní féidir glacadh leis seo. Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, b’fhéidir go bhfuil na focail beagáinín awkward ach an rud atáimid ag iarraidh a chur in iúl arís agus arís ná go gá dúinn Bille láidir a chur i bhfeidhm chomh sciobtha agus is féidir. Níl mise sásta ligean d’aon Rialtas nó aon Aire é sin a dhéanamh, fiú más mé féin a bhí i gceist. Ní féidir liom muinín a bheith agam as an gcóras. Sin mo thaithí, go háirithe ó thaobh cúrsaí sláinte, gan trácht ar chúrsaí Gaeilge. Tá gá le dáta faoi leith, aitheantas go bhfuil gá leis agus gan an tsolúbthacht seo a bheith ann d’aon Aire nó d’aon Rialtas.

Mar a dúirt mé, tá spriocdhátaí á mholadh agam le cuid de mo leasuithe agus sílim go dtugann sé seo cruthúnas ar mo mhianta agus mianta an Rialtais chun an Bille seo agus na forálacha ann a bhrú chun cinn. Tá an Rialtas tiomanta do neartú agus do chur chun cinn na Gaeilge. Tá na Teachtaí beagáinín diúltach leis na leasuithe seo mar táimid ag iarraidh an Ghaeilge a fheabhsú agus táimid ag déanamh ár ndícheall. Sin an fáth go bhfuilimid anseo inniu. Táimid ag déanamh ár ndícheall chun na leasuithe seo a chur chun cinn agus chun an Ghaeilge a fheabhsú. Ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Níl aon dabht go bhfuil an Rialtas ag déanamh a dhícheall. Is trua liom má chreideann an tAire Stáit gur sin an méid is féidir leis a dhéanamh nó gurb é sin a dhícheall. Tá sé ag coimeád an barra an-íseal. Ba chóir go mbeadh an Rialtas i gcónaí ag iarraidh barra níos airde a bheith aige agus á sroich agus á shíneadh amach ó thaobh polasaí na Gaeilge de.

Is argóint í sin do lá eile. Admhaím agus glacaim leis go bhfuil an Rialtas ag déanamh beart de réir a bhriathar. Ní chreidim go bhfuil sé tapa nó fairsing go leor, nó go bhfuil an fhís mór go leor ag an Rialtas. Tuigim na constaicí. Níl mé dall ar na fadhbanna ó thaobh an státchórais nó ar an slí a dhéantar reachtaíocht a chur le chéile nó ar an bhfoclaíocht. Nuair a aithnítear fadhb déantar iarracht i gcónaí teacht timpeall uirthi agus iarracht a dhéanamh go mbeidh an reachtaíocht níos fearr. Is é sin a bhí i gceist leis an gcomhchoiste agus i gceann de na moltaí a rinne sé. Ní raibh mé féin ar an gcomhchoiste ag an am agus ní raibh aon bhaint agam leis an bhfoclaíocht sin. Bhí baint ag an bhfoclaíocht a d'úsáid mé leis an gceann a cuireadh chun cinn ó gach uile pháirtí agus ní ó pháirtí amháin nó ó Theachtaí neamhspleácha a d'eascair sé. Tá sé ar fáil ar leathanach 28 de thuarascáil an chomhchoiste.

Is léir nach bhfuilimid chun aontú air seo ach is é an rud a lorgóidh mé ón Aire Stáit ná féachaint an athuair ar an mBille, agus áit nach bhfuil spriocdhátaí ann go gcuirfear spriocdhátaí isteach seachas an fhoráil seo. Mura fheicimid ag Céim na Tuarascála go bhfuil an tAire Stáit ag bogadh sa treo sin agus ag cur leagan amach ar an mbealach a thiocfaidh sé seo i bhfeidhm i ngach uile cheann de na forálacha, tá an seans ann - ní ag labhairt faoin Aire Stáit féin go sonrach atá mé anseo - go mbeidh moill curtha air seo. D'fhéadfadh go mbeadh toghchán ann agus go mbeadh Aire ann amach anseo nach mbeidh spéis san obair atá acu agus go mbeadh moill i gceist dá bharr. Níl a fhios againn faoi sin. B'fhéidir go mbeadh Aire ann a mbeadh an-spéis aige nó aici ann agus go mbeadh sé nó sí ag obair díreach mar an bheadh an tAire Stáit reatha á dhéanamh agus a chuirfeadh i bhfeidhm é chomh luath agus is féidir. Má chuirtear sprioc síos, ámh, i reachtaíocht, bogann an Státseirbhís, is é sin an córas, i bhfad Éireann níos tapúla mar caithfidh siad cloí leis an dlí, nó is é sin mar ba chóir dóibh a dhéanamh. Tugann sé sin an deis don phobal, mura bhfuil sí curtha i bhfeidhm, déileáil leis an státchóras agus más gá dul go dtí na cúirteanna. Is i sin an eagla is mó atá ar an maorlathas go dtarraingeofaí os comhair na gcúirteanna é toisc nach ndearna sé an rud a chur i bhfeidhm. Coimircithe cúirte an téarma bhí i gceist ag an Teachta Connolly.

Táim fós den tuairim gur cóir go nglacfar leis an leasú seo ach níl mé chun moill bhreise a chur ar an gcuid seo den díospóireacht.

Is é sin an próiseas chun cosaint a sholáthar do dhaoine le míchumas ná coimircíocht a thabhairt dóibh agus tá sé thar a bheith tábhachtach. Níl sé curtha i bhfeidhm. Is é sin ach sampla amháin de dhlí nach bhfuil curtha i bhfeidhm.

Má tá an Rialtas seo agus an ceann cheana mar sin ní féidir linn muinín a bheith againn as. Ní bean dhiúltach mé. Dá mba rud é gur bean dhiúltach a bhí ionam bheinn imithe as cúrsaí polaitíochta agus imithe abhaile níos luaithe inniu. Is cur i gcéill atá i gceist. Ní chuirim an líomhain sin in aghaidh na Roinne. Tá a fhios agam go bhfuil an t-uafás oibre déanta aici agus an ag Aire Stáit freisin i dtamall gearr. Is cur i gcéill ó bhun go barr, nó ó bharr go bun, áfach, atá ar siúl anseo. Tá a fhios againn gur theip go huile is go hiomlán leis an Acht seo. Réabhlóid a bhí i gceist leis, gan amhras. Tar éis am gearr bhí a fhios againn nach raibh sé cuí don fheidhm a bhí aige, nach raibh cumhachtaí ag an gCoimisinéir Teanga agus go raibh na scéimeanna teanga ar na seilfeanna ar fud na tíre. Tá a fhios againn an méid sin. Tá sé beagnach 20 bliain ina dhiaidh é sin anois agus táimid fós ag streachailt agus an Rialtas fós ag rá go mbeidh Gaeilge ag 20% de na daoine atá ag obair san fhoirgnimh seo agus sa sna comhlachtaí poiblí uair éigin amach sa todhchaí. Ní bheidh aon phobal Gaeilge fágtha nuair a bheidh an sprioc sin sroichte againn. Ní bheidh pobal beo sna Gaeltachtaí fágtha. Is í sin an bhearna is mó.

Nílim ag iarraidh díriú isteach ar rud chun strus nó tuilleadh oibre a chur oraibh ach chun a chur in iúl go bhfuil gá le spriocanna ama agus le deireadh a chur leis an gcur i gcéill agus a rá go bhfuil géarchéim anseo. Níl anseo ach píosa den réiteach. Tá céimeanna eile le tógáil againn go léir ar son na Gaeilge ach is é ról an Stáit ar a laghad ná an rud is bunúsaí a chur ar fáil chomh sciobtha agus is féidir chun dul i ngleic leis an ngéarchéim agus leis na fadhbanna ar an talamh. Má ligimid an mhír seo a sheasamh, nílimid ag comhlíonadh ár gcuid dualgas féin chun brú a chur ar an Rialtas beart a dhéanamh de réir a bhriathair. Níl mé chun ghlacadh leis seo.

B’fhéidir go bhfuil na focail mhícheart agus cuirfidh mé mo lámha suas. Tá sé deacair dom agus do gach Teachta Dála agus do na daoine atá ag obair sa státchóras, go háirithe maidir leis an Covid-19, ach ag an am céanna táimid anseo inniu agus tá an Rialtas ag rá go ndéanfar é seo am éigin sa todhchaí. Tá an méar fhada i gceist arís ach anois tá an méar fhada scríofa sa Bhille, seachas a rá go bhfuil gá le rud eile a dhéanamh agus fís eile a bheith againne. Mura bhfuilimid in ann a rá cén lá a thiocfaidh an Bille i bhfeidhm agus é ina Acht, táimid thíos. Cén chaoi is féidir linn dul ar aghaidh leis sin? Beimid ar ais anseo ag streachailt agus ag argóint seachas a bheith ag mealladh daoine, ag spreagadh daoine agus ag cur gach rud ar fáil chun daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a úsáid.

Níl ach rud bunúsach i gceist anseo mar a dúirt mé. Níl mórán sa Bhille seo agus is mór an trua é sin ach, fiú amháin, bhí mé sásta dul leis an mBille srianta ach amháin go gcuirfear na moltaí san áireamh a chuir an comhchoiste os comhair an Rialtais nuair a bhí mé i mo Chathaoirleach ar an gcoiste. Ní raibh mé sásta go hiomlán liom féin agus bhí mé i dtrioblóid go minic le daoine a cheap nach raibh mé radacach go leor. Anois táimid anseo le Bille atá ag rá, mar a dúirt mé, "am éigin, lá éigin". Tá dearmad déanta agam ar an bhfear ón nGaillimh a dúirt mar gheall ar bhó, go mbéarfaidh sí lao lá éigin am éigin. "The cow will have a calf some time in the future" agus tá sé an nath cainte go hálainn i nGaeilge. Táim tuirseach inniu agus tá dearmad déanta agam ar na focail ach is é sin an rud atá á dhéanamh ag an Rialtas anseo. Táim chun an leasú seo a bhrú. Níl mé chun vóta a ghairm ach táim ag rá go poiblí nach bhfuil mé ag glacadh leis seo agus go mbeidh mé ag teacht ar ais air seo. Níl a fhios agam an rud foirmiúil a dhéanfaidh mé ach tá mé ag cur in iúl go bhfuil mé ag brú na míre nó an leasaithe seo.

Vice Chairman

Táimid ag déileáil le leasú Uimh. 5 faoi láthair.

Gabh mo leithscéal go raibh mé in easnamh don chéad chuid den phlé ach tuigim go bhfuil an coiste ag caint ar an Ordú Tosach Feidhme, is é sin an uair a thiocfaidh an Bille i bhfeidhm. An bhféadfaidh an tAire Stáit é sin a shoiléiriú?

Sa chéad Acht a tugadh isteach in 2003, tháinig gach rud i bhfeidhm tar éis trí bliana mura raibh sé tagtha i bhfeidhm roimhe sin. Bhí dáta sonrach do chuile shórt mura raibh sé tagtha i bhfeidhm roimhe sin nó mura raibh dáta sonrach níos deireanaí luaite sa Bhille. B'fhéidir go bhféadfadh an tAire Stáit a rá linn, cé is moite de na forálacha a bhfuil dáta luaite leo nó go luaitear próiseas faoina shocrófar dáta, cén uair a thiocfaidh an chuid eile den Bhille seo i bhfeidhm má achtaítear é, is é sin na míreanna ar fad nach bhfuil dáta bainteach leo.

Tá spriocdháta agam maidir le mo chuid leasuithe.

Beimid ag dul tríd an bpróiseas do na leasuithe eile. Sílim go dtugann sé cruthúnas ar mo mhianta agus ar mhianta an Rialtais i leith an Bhille seo agus i leith na bhforálacha atá ann. Maidir leis an Acht ó 2003, ní fheicim aon fhadhb anseo. Cuireadh roinnt mhaith orduithe tosaithe i bhfeidhm thar an dá bhliain tar éis achtú an phríomhAchta in 2003. D'oibrigh sé go maith. Tá sé i gceist an rud céanna a dhéanamh arís. Mar Aire Stáit, táim chun spriocdhátaí eile a leagan síos trí na leasuithe atá á moladh agam i rith an phróisis seo. Táim ag iarraidh na leasuithe sin a chur chun cinn. Ní bheimid ag déileáil leis na leasuithe eile inniu mar ní bheidh an t-am againn ach, mar a dúirt mé, beidh deis againn iad a phlé an tseachtain seo chugainn nó an tseachtain ina dhiaidh sin.

Níl mise soiléir faoi seo ach tá seans ann gur ormsa atá an locht. Beidh dátaí á bplé do mhíreanna áirithe. Má tá dátaí á bplé do mhíreanna áirithe, glacaim leis sin. An bhfuil an tAire Stáit ag rá go bhfuil dáta nó próiseas luaite le gach rud? Dúirt sé gur tugadh orduithe isteach laistigh de thrí bliana tar éis an Achta dheireanaigh. Níl aon amhras faoi sin. Bhí mé féin mar Aire agus is cuimhin liom é sin a dhéanamh. Bhí faitíos orm go gcuirfí ar an méar fhada é. Tá a fhios ag chuile dhuine a bhíonn mar Aire go mb'fhéidir nach mbeidh sé nó sí i bhfad mar Aire. Bhí muid ag iarraidh a chinntiú, dá dtiocfadh sé sa saol go raibh rudaí ag dul ar an méar fhada, go mbeadh orduithe tosach feidhme do chuile shórt ann tar éis trí bliana, cé gur féidir é a dhéanamh níos túisce. An bhfuil soláthar ann sa Bhille go dtiocfaidh na forálacha i bhfeidhm go huathoibríoch sa chás nach mbíonn na horduithe tosach feidhme déanta ceann ar cheann? Muna bhfuil, tá laige sa Bhille.

Tá an ceart ag na daoine sa bhFreasúra. Is cuma cén dea-thoil atá ag an Aire Stáit ná ag a pháirtí toisc b'fhéidir nach mbeidh sé ná a pháirtí i gcumhacht nuair a thiocfaidh an t-am. Is dóigh liom go gcaithfimid a bheith soiléir go bhfeidhmeofar é seo. Bhí ceist pharlaiminte agam an tseachtain seo faoi rud a bhí ina dheifir sa Dáil cúpla bliain ó shin ach nach bhfuil an tAire atá i gceist sásta é a fheidhmiú anois. Is rud é a shábhálfadh go leor beatha. Tarlaíonn sé go mbíonn an-fhuadar fúinn, go dtugtar geallúintí agus go mbíonn Airí ag rá go bhfuil rud fíorthábhachtach agus go gcaithfear é a dhéanamh chomh sciobtha agus is féidir cé nach féidir é a dhéanamh inniu ach, blianta ina dhiaidh, bíonn daoine ag cur síos ceisteanna parlaiminte faoi cén uair a fheidhmeofar é. Ní mór dúinn a bheith soiléir ar an gceist seo.

Aontaím leis an Teachta. Táim sásta féachaint ar a argóint agus teacht ar ais le moladh maidir leis an bhfadhb seo ar Chéim na Tuarascála.

Táim ag féachaint ar an méid atá san Acht ó 2003. Nílimid ag iarraidh go mbeadh an tAcht sin i bhfeidhm anois. Bhuel, ar shlí amháin, tá, ach táimid ag iarraidh é a athrú. Is Acht nua a bheidh ann ag an deireadh agus, más Acht nua atá ann tar éis dúinn an Bille seo a rith, an leanann ar aghaidh an fhoráil faoina raibh an Teachta Ó Cuív ag labhairt, is é sin, go mbeadh gach rud i bhfeidhm laistigh de trí bliana? Measaim féin nár chóir é sin agus is é sin an fáth go bhfuil gá ann spriocdhátaí nua a chur síos. Nílimid ach ag leasú an Achta seachas ag déanamh Achta nua. I gcásanna eile, déantar Acht nua a mbíonn ceangailte leis an seanAcht. Sa chás seo, is Acht leasaithe atá i gceist, mar a thaispeántar sa Teideal. Leagtar amach in alt 1(2) den Acht ó 2003, go raibh ar gach rud a bheith críochnaithe laistigh de trí bliana, is é sin, faoi 2006, seachas na píosaí a raibh spriocdhátaí níos déanaí ná sin leagtha síos dóibh. Ba é sin an sean-spriocdháta. Bhí ar gach rud a bheith i bhfeidhm faoin am sin. Mar a dúirt mé, tá roinnt spriocdhátaí san Acht nua, ach tá roinnt forálacha eile ann atá níos oscailte ó thaobh spriocdháta. Is féidir leis an Aire síneadh ama a thabhairt ina leith. Is é sin an sórt ruda nach bhfuil lucht na Gaeilge á lorg. Tá siad ag lorg a fhios a bheith acu cén dáta faoina mbeidh feidhm le forálacha áirithe nó leis an Acht in iomlán. B'fhéidir nach mbeidh siad sásta leis ach ba mhaith leo a bheith ar an eolas faoi. Munar féidir linn é seo a dhéanamh, tá seans ann go mbeidh moill ann, mar a dúirt an Teachta Ó Cuív. Tiocfar ar leithscéal chun síneadh a thabhairt ar fáth éigin. B'fhéidir go dtiocfaidh athrú ar an scéal agus go mbeidh an Rialtas ag iarraidh dul i dtreo eile. Más mian leis an Rialtas an spriocdháta a athrú, ba chóir go mbeidh ar Airí teacht isteach sa Dáil le reachtaíocht agus argóint a bheith againn faoi seachas a bheith ábalta é a dhéanamh as a stuaim eile toisc fáth éigin. Bheadh sé níos fearr dá mbeadh spriocdhátaí san Acht.

Ar a laghad, tá beagáinín dul chun cinn déanta; tá an tAire Stáit sásta dul ar ais agus breathnú air seo. Cuirim fáilte roimhe sin. Is rud amháin é sin. Luaigh an tAire Stáit an tAcht ó 2003 chun a chur in iúl go bhfuil dátaí faoi leith ann chun é a chur i bhfeidhm, ach tá teipthe go huile is go hiomlán ar an Acht sin. Is é seo an pointe atá in easnamh sa chomhthéacs seo. Bhí cumhachtaí agus feidhmeanna ag an gCoimisinéir Teanga. Ba chumhachtaí agus feidhmeanna maithe iad ach bhí siad róshrianta agus bhí easnamh ó thaobh na gcumhachtaí de. Tá a fhios againn é sin ó na tuarascálacha a d'fhoilsigh an oifig sin a chuir in iúl go raibh easpa cumhachtaí i gceist. Ní raibh an coimisinéir in ann rudaí faoi leith a dhéanamh mar nach raibh cumhachtaí aige agus toisc go raibh sé srianta.

Cén fáth a ndeirim é sin? De bharr sin agus ag eascairt as sin, táimid i dtrioblóid. Bhí an reachtaíocht sin go maith ag an am, ach bhí sé rólag. Tá a fhios againn anois, mar shampla, go bhfuil praiseach déanta de chúrsaí earcaíochta. Níor luaigh muid cúrsaí earcaíochta sa Bhille seo. Nuair a rinne an Rialtas deireanach iarracht reachtaíocht nua a thabhairt isteach, bhí sé níos measa ná an Bille seo. Buíochas le Dia, fuair an Rialtas réidh leis na ceannteidil sin. Táimid ar ais anseo. Is é seo an fáth go bhfuil gá leis an teideal a athrú freisin. Cuirfidh sé sin míniú agus comhthéacs leis an mBille. Is Bille é seo a leasaíonn an bunreachtaíocht atá ann ach tá comhthéacs ann agus ba chóir dúinn é sin a oibriú amach. Gan é sin, táimid ag caint i bhfolús.

Cén fáth go bhfuil gá níos práinní anois le dáta faoi leith? Tá gá leis le cinntiú go mbeidh an Bille seo i bhfeidhm mar reachtaíocht. Tá géarchéim ann. Tá easpa daoine le hinniúlacht i nGaeilge agus i mBéarla chun seirbhísí a chur ar fáil mar bhuncheart do na daoine ar an talamh a bhfuil Gaeilge acu. Níl siad in ann páirt a ghlacadh sa chóras daonlathach seo mar níl daoine ann le Gaeilge. Tá samplaí eile ann. Is féidir dul ar aghaidh agus ar aghaidh, ach níl mé chun é sin a dhéanamh.

Tá práinn agus comhthéacs anseo gan a bheith ag caint i bhfolús. Tá rudaí athraithe bunoscionn anois agus ní mór dúinn a rá go bhfuil deireadh leis an méar fhada. Ní féidir leis an Rialtas a rá ar lámh amháin go bhfuil sé i ndáiríre agus ansin chuile rud a chur ar an méar fhada. Sin an rud atá i gceist anseo. Sin an rud atá sé ag rá i gciorcail. Ag an bpointe seo tá an t-uafás oibre curtha isteach ag an Rialtas agus againne ó foilsíodh an tuarascáil sin i mBealtaine 2018 agus táimid ag dul timpeall i gciorcail an t-am uilig chun é a chur in iúl don Rialtas.

Tá a fhios againn ó na saineolaithe, mar na hollúna Ó Giollagáin agus Ó Curnáin a tháinig os ár gcomhair, cé chomh baolach is atá rudaí. D’fhoilsigh siadsan leabhar faoi i 2007. Seo 2021. Ní saineolaí mé ach tá mé in ann éisteacht. D’éist mé go géar nuair a bhí mé mar Chathaoirleach ar an gcoiste agus anois, mar ghnáthbhall den choiste, éistim leis na daoine a thagann os ár gcomhair. Tháinig réimse leathan eagraíochtaí agus saineolaithe os ár gcomhair ag rá nach mór dúinn rud a dhéanamh go sciobtha, anois díreach, chomh maith le pleananna maidir le tréimhse fhadtéarmach a leagan amach. Sin an rud atá i gceist agam agus sin an fáth go bhfuil mé ag seasamh suas arís agus arís, in ainneoin gur mhaith liom a bheith sa bhaile, cosúil leis na baill eile. Tá dualgas orainn. Tá jab le déanamh againn agus seo an t-aon deis atá againn chun difríocht a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de.

Ní aontaím leis an Teachta Connolly nach raibh aon rud le déanamh ag an gcoimisinéir. I ngach Acht ina raibh soláthar don Ghaeilge, bhí cumhacht ag an gcoimisinéir. Caithfear cuimhneamh nach raibh aon choimisinéir ann i 2003, so má bhí gearán ag daoine sa Stát maidir le héagóir a rinneadh orthu, mar shampla dá bhfaighidís freagra i mBéarla ar litir chuig an státchóras i nGaeilge, chaithfidís dul ag an dlí chun é a chur ina cheart, nó b’fhéidir ag an ombudsman. Nuair a tháinig an dlí isteach bhí sé soiléir dá gcuirfeadh duine litir ag an Stát i nGaeilge go gcaithfeadh sé nó sí freagra a fháil i nGaeilge, agus mura raibh daoine sásta ní raibh le déanamh acu ach dul ag an gCoimisinéir Teanga. Tá cumhacht ag an gcoimisinéir.

An fhadhb a bhí leis an Acht deireanach ná nár feidhmíodh i gceart é. Mar shampla, admhaíonn chuile dhuine go bhfeidhmíonn na rialacháin a tugadh isteach maidir le comharthaíocht. Caithfear comharthaí a chur suas i nGaeilge agus i mBéarla agus tá na tomhais agus chuile chineál rud luaite sna rialacháin. An fhadhb a bhí ann ná ina dhiaidh sin, bhí rialacháin á réiteach maidir le fógraíocht ach níor tugadh isteach riamh iad. Bhí go leor cumhachtaí ann nár baineadh úsáid astu agus bhí an rud céanna i gceist leis na scéimeanna. Aon rud a bhí i scéim bhí cumhacht ag an gcoimisinéir air, ach an fhadhb a bhí ann ná gur chaill an Roinn nó na hAirí a bhí ann an toil na scéimeanna a chur i bhfeidhm mar a bhí i gceist.

Tá mise i bhfábhar an rud seo a leasú anois agus sin an fáth go bhfuil spriocdhátaí thar a bheith tábhachtach. Ní hé nach raibh na deiseanna ann le go bhféadfadh an tAire, gan dul ar ais ag an Dáil, an t-uafás rudaí a dhéanamh a chuirfeadh iallach ar an Stát seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge, ach ní raibh an toil leis an Rialtas nó na Rialtais a bhí ann idir an dá linn. Sin an fhadhb a d’éirigh. Níl mise ag iarraidh go mbeidh an leithscéal ag cibé cé a bheidh ann go ceann cúig nó deich mbliana an rud céanna a dhéanamh. Mar sin, má tá rudaí sonraithe sa Bhille a chaithfear a dhéanamh, caithfidh dáta a bheith leo. Gan é sin d’fhéadfaí rudaí a dhéanamh faoin Acht atá ann i láthair na huaire mar níl mórán teorann leis an méid a d’fhéadfaí a dhéanamh faoi dá dteastódh sé. An fhadhb a bhí ann ná nach raibh toil le Rialtais é a dhéanamh. Sin an fáth go bhfuil ceist na spriocdhátaí lárnach don Bhille seo.

Ní aontaím leis an Aire Stáit, de bharr na tuisceana atá agamsa. Tá foráil in alt a 1(2) d’Acht 2003. Tá sé as feidhm anois mar tá 2006 caite agus b’fhéidir go bhféadfadh an tAire Stáit é sin a dheimhniú. Nílim ach á thabhairt sin mar shampla go ndúirt muid sa Bhille sin go raibh na forálacha ar fad ag teacht isteach ar dháta nach raibh níos deireanaí ná an dáta sin i 2006. Ní fheicim go bhfuil soláthar mar sin go ginearálta sa Bhille seo agus ní fheicim go bhfuil dáta luaite le gach mír sa Bhille. Ní fheicim ordú tosach feidhme luaite ar chor ar bith. An bhfuiltear ag rá go dtagann an rud ar fad isteach ar an gcéad lá? Tá sé tábhachtach é sin a shoiléiriú.

Tá sé luaite sa Teach seo cúpla uair inniu go bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis. Tá dúshláin ann don Ghaeilge. Mar dhuine atá tar éis mo shaol a chaitheamh ag obair ar son na Gaeilge in eagraíochtaí éagsúla agus i gcomharchumainn Ghaeltachta agus mar sin de, agus a thóg mo chlann le Gaeilge, tuigim na dúshláin agus na bagairtí atá ann don Ghaeilge ach feicim fás in áiteanna eile. Shíl mé go raibh sé spéisiúil gur chuir Michael Darragh MacAuley tweet amach inné i nGaeilge, ní i mBéarla, ag rá go raibh sé ag éirí as an bpeil. Is dóigh go bhfuil an fhírinne idir an dá rud. Tá dúshláin ann ach tá dóchas ann. Chuile uair a deir duine go bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis nó gurb í seo an ghlúin dheireanach, cuireann sé i gcuimhne dom rud a dúradh 170 bliain ó shin:

As to the Irish language, toleration and patronage have come too late. It cannot be saved alive by any human power. It is at present confined to about one-third of the peasantry, and these are the most ignorant and uncivilised. As a spoken language, it can hardly survive the present generation. The fathers and mothers will retain it till their death, but by the children it will be neglected and forgotten. The time for educating them in their native language has gone by for ever. It is not the language of business, of modern civilisation, and it will not enable a man to get on in the world. However we may regret that any language, especially one so primitive, so expressive, so powerful as the Gaelic should cease to live, its doom is inevitable.

Nach mbeadh sé thar cionn dá bhféadfadh muid an duine sin a thabhairt ar ais inniu agus a rá leis gur i nGaeilge atá an díospóireacht seo, go bhfuil TG4 agus Raidió na Gaeltachta againn, go bhfuil Gaelscoileanna ar fud na tíre agus go bhfuil an mheánaicme tite i ngrá leis an Ghaeilge?

Ní dhéanann sé mórán leasa a bheith i gcónaí ag rá go bhfuil sí ag fáil bháis. Is fearr díriú ar na bagairtí. Níl mise dall ar na bagairtí mar tá mé ag cónaí sa Ghaeltacht, ach tá údar dóchais ann. Ag breathnú ar na figiúirí thar 100 bliain, is léir murach iarrachtaí mhuintir Chonradh na Gaeilge agus an obair ar fad a rinneadh, bheadh sí básaithe. Ní raibh an rud a dúradh ag an am mí-réalaíoch. Bhí an Ghaeilge ag dul go Béarla thar dhá ghlúin. Tá obair mhaith déanta ach tá tuilleadh le déanamh. Scríobh údar an leabhair seo abairt díreach i ndiaidh an ráitis sin agus is dóigh liom go bhfuil ciall leis. Dúirt sé, "How often in the last hundred years have these words been re-echoed by those who considered that the survival of the Irish language was not worth an extra effort!" Téann sé ar aghaidh agus deir sé:

Shall it be said of the language of the Goidels, of the Irish missionaries who evangelised Europe in the Middle Ages, of the countless Irishmen who preserved it in spite of hatred, oppression, and conquest, that it died in our time or in our children's time in a free Ireland?

An dúshlán atá romhainne ná a bheith dóchasach agus cinnte a déanamh nach bhfaigheann sí bás, gan géilleadh go bhfaighidh sí bás agus gan géilleadh go bhfuil an cath caillte.

Mar a deirim, bhí go leor daoine ann cheana féin a dúirt go raibh an cath caillte agus tá sí fós beo beathach.

An bhfuilimid ag déileáil le leasú Uimh. 306?

Vice Chairman

Nuair a thagaimid go dtí leasú Uimh. 306-----

An féidir liom teacht ar ais ar an méid atá ráite?

Vice Chairman

Ní féidir ag an am seo ach b'fhéidir níos déanaí.

Dúirt mé go bhfuil mé sásta breathnú ar mholtaí an Teachta Ó Cuív agus na comhaltaí eile idir seo agus Céim na Tuarascála. Is ceist í sin a bheidh na dréachtóirí parlaiminte ag plé léi anois. Tiocfaidh mé ar ais uirthi ar Chéim na Tuarascála.

Tagraím don mhéid atá ráite ag an Teachta Ó Cuív. Ní rómhinic a úsáidim an focal "disingenuous", nó slítheach, ó thaobh an Teachta Ó Cuív ach níor luaigh aon chomhalta na focail a d'úsáid sé maidir le bás na teanga. Dhírigh mé isteach ar an reachtaíocht agus ar an mBille agus dúirt mé níos luaithe sa lá go raibh an Teach seo réabhlóideach ag an am nuair a tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla isteach in 2003. Dúirt mé go soiléir freisin go bhfuil teipthe go huile is go hiomlán na spriocanna atá san Acht a bhaint amach de bharr a lán cúiseanna, ina measc easpa toile ó Rialtais éagsúla; easpa cumhachtaí cuí ag an gCoimisinéir Teanga; agus scéimeanna teanga nach raibh fiú tráithnín iad. Sin í an fhírinne agus sin iad na fíricí. Táimid anseo anois chun aitheantas a thabhairt do sin agus chun Bille níos láidre a chur os comhair na Dála.

Díreoidh mé isteach ar alt amháin ó Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 chun a chur in iúl cad a tharlaíonn nuair a ligtear d'aon Rialtas an méid sin solúbthachta. De réir alt 7, "A luaithe is féidir tar éis aon Acht den Oireachtas a achtú, déanfar an téacs den chéanna a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla." Tagann an frása "A luaithe is féidir" aníos go minic sa Bhille seo freisin. Sin alt ó Acht ó 2003 maidir le reachtaíocht a aistriú go comhuaineach. Tá sé admhaithe roimhe seo nach bhfuil sé sin ag tarlú agus go bhfuil a lán reachtaíocht ann nach bhfuil aistrithe fós agus táimid in 2021. Nuair atá solúbthacht i gceist mar atá leis an téarma: "A luaithe is féidir", is iad sin na torthaí. Is gá dúinn a bheith díreach anseo, na fadhbanna a aithint, réiteach a fháil agus gan a rá go bhfuil scéal á insint againn nach bhfuil ag cur na fíricí chun cinn. Sin mír iontach chun taispeáint cad a tharlaíonn nuair atá an solúbthacht sin ag aon Rialtas.

Maidir leis na hAchtanna a fhoilsiú i nGaeilge, tá foráil sa Bhunreacht a deireann go gcaithfear iad a fhoilsiú i nGaeilge. An fhadhb atá leis sin agus an fhadhb a tháinig mise in aghaidh maidir leis an bhforáil áirithe sin ná gur faoi Thithe an Oireachtais atá sé na hAchtanna a aistriú. Tógadh an cheist le Tithe an Oireachtais agus go deimhin, mar gur shíl muid go raibh an iomarca brú ar Thithe an Oireachtais, bunaíodh aonad aistriúcháin sna Forbacha le breathnú amach do na rialacháin le nach mbeadh ar Thithe an Oireachtais aistriúcháin eile a dhéanamh nach aistriú Achtanna de chuid an Stáit iad. Bhí sé sin bunaithe agus oifigí tógtha thiar sna Forbacha. Nuair a thiocfaidh an tAire Stáit thiar, feicfidh sé go bhfuil roinnt oifigí ann nach bhfuil in úsáid i láthair na huaire. An fáth a bhí leis sin ná go raibh rannóg le bheith ann a dhéanfadh aistriúcháin don Státchóras, scun scan ar obair an Oireachtais, agus a ligeadh do na Tithe seo breith suas le na blianta d'fhaillí. An fhadhb a bhí ann ag an am agus atá fós ann ná go bhfuil liosta mór Achtanna ag dul i bhfad siar nach bhfuil aistrithe fós. B'iontach an rud é dá bhféadfaimid a chur ina luí ar lucht Choimisiún Thithe an Oireachtais na hacmhainní ar fad a lorg le go bhféadfaidís teacht aníos agus na hAchtanna a aistriú. Is faoi cheannas an Tí seo atá sé sin, áfach, ní faoi cheannas an Rialtais mar tá an Teach neamhspleách ar an Rialtas.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.
ALT 2

Vice Chairman

Tá leasú Uimh. 6 as ord mar gheall ar an ioncam. An bhfuil focal gearr le rá ag an Teachta Ó Snodaigh mar gheall air?

Níl agam ach focal gearr mar gheall go bhfuil sé as ord. Tá sé seo beagáinín ciotrúnta ach beimid ag teacht ar ais chuige níos déanaí mar tá ceisteanna faoi chomhlachtaí poiblí le bheith pléite. Tá an leasú seo as ord toisc ar an ioncam ach tá an rud ceannann céanna, beagnach, istigh i Sceideal 1 den Acht ar aon chaoi, seachas an Bille. Is leasú ar an méid atá sa Sceideal sin atá i gceist agus ba mhaith an rud é go mbeadh sé soiléirithe ag staid níos luaithe. Ní dhéantar míniú ceart ar cad is comhlacht poiblí ann ag staid na míniúcháin den Acht. Is ag an Sceideal a dhéantar an míniú sin, rud atá beagáinín ciotrúnta. Tá athruithe ann chomh maith. Féachfaidh mé ar an gceist sin arís agus mar a dúirt mé, beimid ag teacht ar ais chuig ceist na comhlachtaí poiblí agus ardóidh mé an cheist seo ag an bpointe sin.

Níor tairgeadh leasú a 6.

Vice Chairman

Nuair atá an Teachta Ó Snodaigh ar a chosa, leanfaidh muid ar aghaidh go dtí leasú Uimh. 7.

Tairgim leasú Uimh. 7:

I leathanach 7, idir línte 21 agus 22, an méid seo a leanas a chur isteach:

“(c) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar ‘cúirt’:

“ciallaíonn ‘cúirt’ aon bhinse de chuid comhlacht poiblí a gcumhachtaítear dó le dlí cearta agus dliteanais na bpáirtithe atá os a chomhair a chinneadh;”,”.

Tá an leasú seo bainteach leis an méid a bhí sa tuarascáil a d'fhoilsigh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán in 2018 agus tá sé bunaithe ar an méid a bhí le rá ag an Teachta O'Dowd le linn díospóireachta in 2003, chomh maith céanna leis an iar-Theachta Brian O'Shea ó Pháirtí an Lucht Oibre. Bhí siadsan ag léiriú míshástacht go raibh binsí lena bhaineann an alt seo á srianadh san fhoclaíocht.

An rud atá ann ná go mhíneofaí ag staid míniú an Acht cad go díreach is brí le "cúirt". Tá sé ag déanamh cinnte de go bhfuil leathnú air ionas go gclúdaíonn sé binsí "de chuid comhlacht poiblí a gcumhachtaítear dó le dlí cearta agus dliteanais na bpáirtithe atá os a chomhair a chinneadh". Sin an míniú. Tá sé ceangailte leis ná na cearta atá ann do dhaoine an Ghaeilge a labhairt nó a éileamh, ionas go mbeidh na cúirteanna sin as Gaeilge i gceantair Ghaeltachta. Sa chás seo, is ag an staid míniúcháin a bheidh sé. Mar a dúirt mé, ba iad Teachtaí eile seachas mé féin a bhí ag déanamh an pointe seo chomh fada siar leis an gcéad Acht. Luaigh Dáithí Mac Cárthaigh é chomh maith leis an gcoiste san aighneacht a chuir sé faoi bhráid an choiste. Níl mé in ann teacht air anois mar nach bhfuil mé chomh heagraithe agus gur chóir go mbeinn tar éis an fhad a bhfuil mé ag gabháil leis seo. Ar leathanach 101 den tuarascáil, rinneadh an leasú a mholadh mar seo a leanas:

An ceart atá ag dlíthí an teanga oifigiúil is rogha leis nó léi a úsáid os comhair cúirte a shíneadh chuig binsí eile a bhfuil cumhachtaí breithiúnacha acu.

Má tá aon chúirt nó binse ann, ba cheart go mbeadh siad in ann breithiúnas a dhéanamh ar chás. Ní hé na Ceithre Cúirteanna, an Cúirt Dúiche nó a leithéid atá ann i gcónaí.

Tá mórán binsí ann anois a bhfuil an chumhacht sin acu. B’fhéidir nach bhfuil go leor nó mórán díobh sa Ghaeltacht ach tá cinn acu timpeall na tíre agus ba chóir go mbeadh sé ina cheart ag aon saoránach go mbeadh na cúirteanna sin ag déileáil leo sa chéad teanga oifigiúil. Fágfaidh mé ansin é faoi láthair mar, faoi mar a dúirt mé cheana, tá sé i dtuarascáil an chomhchoiste faoin mBille.

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Maidir le leasú Uimh. 7, beimid ag tógáil líon agus leibhéal na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge ar bhonn céim ar chéim trí fheidhmiú an phlean náisiúnta agus trí chóras na gcaighdeán. Caithfimid a bheith airdeallach agus muid ag tabhairt leasuithe isteach ar an reachtaíocht agus an tionchar a d'fhéadfadh siad a imirt ar reachtaíocht eile. Níl sé i gceist agam míniú ar an téarma "court" a fhorbairt faoi láthair. Tá tuiscint fhorleathan ann ar cheard is cúirt ann agus níor mhaith liom é a chur as a riocht. Ar an mbonn sin ní féidir liom glacadh leis an leasú seo.

Ghlac mé leis sin 20 bliain ó shin. Tá rudaí bogtha ar aghaidh agus tá níos mó bealaí difriúla ann chun breithiúnas a dhéanamh ar cheisteanna le fiche bliain anuas. Uaireanta bunaítear binsí fiosrúcháin. Ní hé díreach an Chúirt Dúiche, an Chúirt Coiriúil, an Ard-Chúirt, nó an Chúirt Uachtarach a bhíonn i gcónaí ann. Ní gá go bhfuil an fhoclaíocht i gceart agus má tá fadhb leis an bhfoclaíocht maidir leis an gcoincheap, is féidir linn tabhairt faoi sin, ach an rud atá i gceist ná go gclúdódh sé aon bhinse arbh fhéidir leis breithiúnas a dhéanamh ar dhuine nó ar chás, agus ní bhíonn sin i gcónaí clúdaithe ag na cúirteanna.

Is féidir leis an Dáil anseo a leithéid a chur ar siúl faoi iniúchadh nó inquiries. Mar shampla, bhí muid ag caint anseo an tseachtain seo caite faoi cheisteanna na máithreacha, na bpáistí agus na n-institiúidí sin. Ghlac mé go raibh sé de cheart ag daoine a bhfianaise a thabhairt i nGaeilge, ach an raibh sé de cheart acu, dá mbeadh siad á gceistiú faoin bhfianaise sin, go mbeadh sé sin déanta go huile is go hiomlán trí Ghaeilge?

Mar shampla eile, bíonn cúirt nó binse socraithe nuair a bhíonn bád imithe go tóin poill nó nuair atá rud éigin ó thaobh cúrsaí fostaíochta a théann go dtí an binse Workplace Relations Commission. Níl a fhios agam, agus b’fhéidir go bhfuil breall orm ach measaim nach bhfuil, go bhfuil sé de cheart ag duine ó thús deireadh an cás a bheith cloiste, nó go ndéanfar déileáil leis an duine i nGaeilge ina iomláine. Dá mbeadh cás ag an mbinse fiosrúcháin nó breithiúnais sin faoi chomhlacht atá sa Ghaeltacht, an mbeadh sé de cheart ag na páirtithe é sin a chloisteáil go huile is go hiomlán trí Ghaeilge, nuair is fostóirí agus fostaithe ón nGaeltacht atá i gceist? Ba chóir go mbeadh sé de cheart acu a theanga dhúchais agus teanga an cheantair a úsáid sa chás sin.

Is é sin an fáth go bhfuil mé ag iarraidh é sin a chur chun cinn. An féidir leis an Aire Stáit an méid atá ráite aige a leathnú nó iniúchadh a dhéanamh chun a fháil amach an bhfuil srianta ann maidir le binsí fiosrúcháin nó cúirteanna eile seachas na cinn a ghlacann an gnáthphobal leo?

Gabhaim buíochas leis an Teachta agus tuigim a argóint agus, mar a dúirt mé cheana, beidh caighdeáin nua ann. Sa leasú seo níl sé i gceist agam míniú an téarma "court" a fhorbairt faoi láthair mar tá tuiscint fhorleathan faoi cad is cúirt ann agus níor mhaith liom é sin a chur as a riocht. Táim ag iarraidh caighdeáin nua a chur i bhfeidhm freisin agus beidh deis eile ann chun na rudaí eile a phlé, mar a dúirt an Teachta, agus tuigim a argóint faoi seo. Tá an-tábhacht leis an téarma "cúirt" agus níl mé in ann glacadh leis an leasú seo dá bharr.

Vice Chairman

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. An bhfuil an Teachta chun an leasú a bhrú?

Nílim. Tarraingeoidh mé siar é agus cuirfidh mé ar aghaidh arís ar Céim na Tuarascála, nuair a dhéanfaidh mé fiosrú eile an bhfuil an tuiscint cheart agam. Mar a dúirt mé, ní uaimse a thagann an leasú seo. Is an Teachta O'Dowd agus an t-iar-Theachta Ó Sé a d'ardaigh é ar an gcéad dul síos. Chuir abhcóide é seo chun cinn chomh maith. Measaim go mbeadh tuiscint éigin ag an abhcóide sin, Dáithí Mac Cárthaigh, atá gafa de shíor le ceisteanna faoin nGaeilge san Ard-Chúirt, ar na srianta a bhaineann leis an dtéarma "cúirt", míniú na gcúirteanna, binsí fiosrúcháin agus mar sin de. Tiocfaidh mé ar ais chuig an leasú seo ar Céim na Tuarascála.

Is dócha go bhfuil sé sin ciallmhar agus aontaím leis. Tháinig an moladh seo ón gcoiste freisin. Tá sé ar leathanach 7 agus is moladh Uimh. 3 atá ann, "Molann an Comhchoiste leasú a dhéanamh ar alt 2.(1) den Phríomh-Acht, trí na focail seo a leanas...", mar atá leagtha amach sa mholadh, agus ní gá é rá anois arís. Ó mo thaithí féin, tá cuimhneamh maith agam ar an moladh sin agus bhí an-chur agus cúiteamh againn faoi. I ndeireadh na dála ghlacamar leis an moladh agus chuireamar é chun cinn.

Tuigim na deacrachtaí, ach ag an am céanna, níl mé sásta leis an bhfreagra. Nuair a bhreathnaítear ar Acht 2003, cuireann sé leis an míniú atá ar "chúirt". Leathnaíonn an reachtaíocht bhunaidh an bhrí atá ann ar aon nós, mar a deir mír 2 den Acht, "folaíonn “cúirt” binse arna bhunú faoi na hAchtanna um Binsí Fiosrúcháin (Fianaise) 1921 go 2002". Tá leathnú déanta ansin ar an tuiscint maidir le "cúirt" chun binsí fiosrúcháin a chur san áireamh. Is é an moladh atá anseo ná é a leathnú arís chun rudaí eile a chur san áireamh, go háirithe, aon bhinse de chuid comhlachtaí poiblí a bhfuil an chumhacht aige faoin dlí cearta agus dliteanas na bpáirtithe atá os a gcomhair a shocrú. Níl i gceist anseo ach é a leathnú amach. Is fiú breathnú air agus táim sásta, má tá na comhaltaí eile sásta, teacht ar ais arís maidir leis sin.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Vice Chairman

Tá leasú Uimh. 8 ceangailte le leasuithe Uimhreacha 71, 132, 175, 183, agus 260. De bharr go bhfuil na leasuithe seo gaolta lena chéile, is féidir iad a phlé le chéile.

Tairgim leasú Uimh. 8:

I leathanach 7, idir línte 21 agus 22, an méid seo a leanas a chur isteach:

“(c) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar ‘an tAire’:

“ciallaíonn ‘an tAire’ an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán nó cibé Roinn ar a bhfuil freagracht maidir le dualgais i dtaobh na Gaeilge, na Gaeltachta nó phobal labhartha na Gaeilge;”,”.

Is é an rud atá anseo ná, de ghnáth nuair atá Bille ag déanamh leasú ar Acht, athraítear an Roinn má tá athrú tarlaithe di san idirlinn. In 2003, níl a fhios agam pé Roinn a bhí ann agus athraíodh cúpla uair ó shin é. Bogann cúrsaí na Gaeltachta agus na Gaeilge timpeall ó Roinn go Roinn agus uaireanta bíonn cúrsaí "cultúir" agus "oidhreachta" nó rud éigin eile curtha léi.

Is é an rud atáim ag iarraidh a dhéanamh, ní hamháin leis an mBille seo ach le Billí eile a bhfuilim ag déileáil leo, ná a chinntiú go n-athrófaí teideal na Roinne go huathoibríoch gach uair a leasaítear Bille. Sa bhealach sin, beidh sé soiléir cén Roinn ar a bhfuil freagracht as an nGaeilge, an Ghaeltacht agus pobal labhartha na Gaeilge. Tá na leasuithe ar fad sa ghrúpa seo beagnach mar an gcéanna. Is é sin atá i gceist, seachas a bheith ag cur isteach teidil nua. Dá mbeadh toghchán ar maidin, bhogfadh pé Rialtas a bheadh i gcumhacht rudaí timpeall agus, mar sin, bheadh an tAcht as dáta láithreach. Nílim ag caint faoin mBille seo amháin. Ba chóir go mbeadh reachtaíocht curtha le chéile mar sin i ngach cás chun nach mbeadh aon dabht ann riamh. Mar shampla, sa Dáil dheireanach chaill an Roinn mír dá teideal. Ba é an cultúr nó an ealaín. Ní cuimhin liom; tá sé athraithe chomh minic sin. D'imigh sé as teideal na Roinne so ní raibh sé ann. I rith Dála eile, ní raibh an oidhreacht ann. Bhí na dualgais fós ann, áfach. Bhí siad ar an Aire agus sa liosta dualgas a fuair sí, cé nach raibh sé sa teideal.

Ní raibh pobal labhartha na Gaeilge sa teideal riamh. Bhí Aire na Gaeltachta ann ar feadh tréimhse, ach ní raibh Aire na Gaeilge ann. Sa Chéad Dáil bhí Aire sinsearach dar teideal Aire na Gaeilge. Ní raibh a leithéid de theideal ann ó shin. Is é mo thuiscint go bhfuil an dualgas ag bogadh timpeall, is cuma cén Roinn ar a bhfuil sé. Is rud teicniúil é nach ndéanfaidh mórán difríochta i gcás na reachtaíochta seo ach, nuair a fheicim rudaí mar sin, measaim gur chóir iad a leigheas. Bhí sé luaite in aighneachtaí éagsúla gur chóir go n-athrófaí an teideal. Chuaigh mise chun tosaigh ar an méid sin.

Tá sampla agam a thuigfidh an tAire Stáit. Is Aire sóisearach le freagracht as an gcosaint é anois ach is é an teideal atá ar a phost san Acht Cosanta 1954 ná "Rúnaí Parlaiminte an Aire Chosanta". De réir freagra a fuair mé an lá deireanach, níl dualgais an Aire ar an Aire Stáit. Tá siad coimeádta ag an Aire, Teachta Coveney. Sa chás seo, in ainneoin gurb é Teachta Chambers an tAire, tá duine eile i gceannas. Tá an teideal ann toisc gur gá é a bheith ann chun an chomhairle chosanta a bheith bunaithe de réir an Achta sin. Táimse ag rá gur chóir go mbeadh na dualgais san áit chéanna ina bhfuil an fhreagracht. Is é sin an fáth go bhfuilim ag iarraidh fáil réidh leis an iomrascáil focal sin. Ba chóir an cinneadh sin a dhéanamh agus, amach anseo, ní gá dúinn teideal na Roinne a athrú gach uile uair atá Bille nua ann. Is é sin atá i gceist sa leasú.

Gabhaim buíochas le Teachta Ó Snodaigh as ucht a leasuithe. Baineann siad le hainm na Roinne. Cé gur tháinig athrú ar ainm na Roinne ón uair a d'fhoilsíodh an Bille agus ón uair a tháinig an tAcht i bhfeidhm, níl sé de nós uasdatú a dhéanamh ar ainmneacha Ranna sa reachtaíocht. Tá na cumhachtaí ó thaobh na Gaeltachta a dílsíodh roimhe seo sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta dílsithe anois sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Rinneadh é seo nuair a rinneadh an t-ordú chun an Roinn nua a bhunú. Ar an mbonn sin, ní féidir liom glacadh leis an leasú.

Nílim chun moill a chur ar an gcoiste maidir leis seo. Tarraingeoidh mé mo leasuithe siar agus cuirfidh mé arís iad ar Chéim na Tuarascála. B'fhéidir go míneoidh mé níos fearr ag an am sin an fáth gur chóir dúinn an córas i gcoitinne i leith reachtaíochta a dhéanamh níos éasca. Ní gá dúinn a bheith ag déanamh athruithe de shíor díreach toisc gur tháinig athrú ar theidil Ranna.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 9:

I leathanach 7, idir línte 24 agus 25, an méid seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘inniúlacht’ i gcomhthéacs na Gaeilge san Acht seo, agus in aon reachtaíocht eile, líofacht de leibhéal B2 nó níos airde ar an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha;”.

Faoi láthair, ní léir cad is brí le hinniúlacht sa Ghaeilge. Mar sin, tá míniú air de dhíth. Luaigh dreamanna difriúla a tháinig os comhair an choiste thar na blianta gur chóir go mbeadh leibhéal ann. Go bhfios dom, is é an leibhéal lena bhfuil an chuid is mó daoine sásta ná leibhéal B2 ar an gcreat comhchoiteann tagartha Eorpach le haghaidh teangacha. Glacann eagrais Ghaeilge a tháinig os comhair an choiste maidir leis an gceist seo leis sin mar an leibhéal tagartha is oiriúnaí. Bhí daoine ag caint faoi freisin i dtaobh cúrsaí pleanála i gceantair dhifriúla agus i dtaobh nithe a ghabhann le hÚdarás na Gaeltachta thar na blianta. Chomh maith leis sin, luadh é san aighneacht a chuir Ollscoil Mhá Nuad faoi bhráid an choiste díreach roimh an Nollaig. Úsáidtear an creat sin do na scrúduithe Theastas Eorpach na Gaeilge a reáchtálann an ollscoil. Tá sé in úsáid go forleathan agus go hoifigiúil timpeall na hEorpa.

Gan leibhéal sainaitheanta, ní léir go mbeadh aon chaighdeán i gceist a chinnteodh go mbeadh muintir na Gaeltachta in ann cumarsáid a dhéanamh leis an státchóras trí Ghaeilge ar chor ar bith. Muna bhfuil ach caighdeán an fhoghlaimeora tosaigh i gceist, ní cumarsáid atá i gceist. Bítear ag tarraingt fiacla uaireanta toisc nach bhfuil inniúlacht chuí ag daoine agus duine ag déileáil leis an státchóras. Ní ionsaí in aon bhealach é seo orthu siúd atá sna poist sin agus gan Gaeilge acu. Má chuirtear sa phost iad, ba chóir go mbeidís in ann an jab a dhéanamh ach, muna leagtar amach leibhéal inniúlachta sa Ghaeilge i dtaobh poist, ní féidir cloí leis. Toisc go bhfuil freagracht ag an Aire Stáit as an nGaeltacht, ba chóir gur féidir liom glaoch a chur ar a oifig agus teacht ar dhuine gur féidir leis nó léi déileáil liom trí Ghaeilge. Dá nglaofadh duine ar oifig de chuid an HSE i gceantar Gaeltachta, ba chóir go mbeadh an duine a fhreagraíonn an fón in ann déileáil leis an duine sin trí Ghaeilge ag leibhéal cuí. Dar linn, is é an leibhéal cuí ná leibhéal B2 den chreat comhchoiteann tagartha Eorpach le haghaidh teangacha. Leis sin, bheidís in ann feidhmiú trí Ghaeilge. Ní leor go bhfuil duine in ann a rá "Dia duit". Thar na blianta, bhí caighdeáin dhifriúla ann. Bhí caighdeán ann do dhlíodóirí agus bíodh scrúduithe ann dóibh. Ba é an cás céanna i leith múinteoirí. Measaim gur éirigh na scrúduithe seo beagáinín níos éasca mar níl a fhios agam conas gur féidir le cuid dóibh ar éirigh leo sna scrúduithe, fiú sa Gharda Síochána, é sin a dhéanamh. Bhí siad in ann teacht amach agus a rá go bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu cé nach bhfuil flúirse na Gaeilge acu. In ainneoin sin, cuireadh iad in áiteanna inar chóir go mbeadh Gaeilge ag gardaí agus ina raibh siad in ainm a bheith ag déileáil le pobal na Gaeltachta as Gaeilge de shíor.

Ní raibh sé ar a gcumas acu ag an am. Is daoine iontacha iad a lán acu agus dhein siad cur chuige ceart agus d’éirigh go hiontach leo. Roinnt eile acu, ba chuma sa sioc leo mar bhí an post acu agus d’éirigh leo é choimeád. Sin atá i gceist, go leagfaimid caighdeán síos. Ar a laghad beimid in ann díriú ina threo nuair atáimid ag caint faoi cheisteanna pleanála, státseirbhísí nó na seirbhísí poiblí atá ag obair sa Ghaeltacht agus iad siúd atá lasmuigh den Ghaeltacht atá ag déileáil le daoine atá Gaeilge acu.

Tagann sé seo go croílár an Bhille. Féachaimid ar an gcaoi go bhfeidhmítear rudaí agus gur feidhmíodh iad thar na blianta fada nuair a bhí inniúlacht sa Ghaeilge i gceist, i gcúrsaí pleanála nó cúrsaí poist a fháil, nach raibh a fhios ag éinne céard a bhí i gceist. Thug mé cuairt ar Cheanada nuair a bhí an Bille á dhréachtú an uair dheireanach. Bhí trí chaighdeán i gceist acu siúd. Mar shampla, dúirt siad nach mbeadh gá d’fháilteoir a bheith in ann gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, nó trí Fhraincis mar a bhí i gceist ansin, ach bheadh sé tábhachtach go bhféadfaidís beannú a thabhairt do dhaoine agus duine éigin a fháil dóibh. Ar an taobh eile den scéal, dá mbeadh duine ag dul ag déanamh gnó trí Ghaeilge, theastódh cumas an-ard Gaeilge uaidh nó uaithi.

Tarlaíonn sé go bhfuil caighdeán Eorpach ann a aithnítear trasna na hEorpa. Tá an ceart ag an Teachta Ó Snodaigh go gcaithfimid rud éigin a dhéanamh maidir leis an gceist seo, atá ina chnámh spairne ó bunaíodh an Stát. Go minic leagadh síos caighdeán ard ag an tús agus shleamhnaigh sé agus shleamhnaigh sé. Luadh, mar shampla, an scrúdú a chuirtear ar aturnaetha. Cé mhéad aturnae a d’fhéadfadh duine dul chucu agus labhairt leo i nGaeilge? Fós féin, déanann siad scrúdú Gaeilge.

Téann sé seo siar go dtí an cheist a fiafraíodh ar ball maidir le dátaí. Mura mbeidh cinnteacht anseo céard a chiallaíonn muid le duine a bheith inniúlacht? Tá an ceart ag an Teachta Ó Snodaigh. Is iomaí duine a cheaptar i jab agus bhíodar ag dul ag foghlaim na Gaeilge ach níor fhoghlaim siad í agus thiontaigh siad oifigigh a bhí ag feidhmiú sa Ghaeilge, na custaiméirí agus chuile dhuine ar an mBéarla. Éistfidh mé leis an Aire Stáit ach bheadh súil agam go nglacfadh sé leis seo. Caithfimid déileáil leis an gceist seo agus ní féidir linn éalú uaithi. Tá sé seo i bhfad níos tábhachtaí ná go leor rudaí eile a bheidh muid ag plé sa Bhille seo, mar mura réitímid an cheist seo tá a fhios agam céard a tharlóidh. Ceapfar 20% den státseirbhís le Gaeilge ach ní bheidh aon Ghaeilge acu. Dá mbeadh comhlacht ag ceapadh tiománaí le dul ag tiomáint leoraí, ní smaoineodh aon duine sa Stát riamh a rá go bhfuil sé suas don chomhlacht é féin a shásamh go bhfuil an tiománaí in ann tiomáint agus gur breithiúnas de chuid comhlachta nó dream nó eagraíocht éigin ó cheann go ceann a bheadh i gceist. Is éard a tharlaíonn sa chás sin ná go ndeirtear leis an duine go gcaithfidh an ceadúnas cuí a bheith aige nó aici ón dream sin a cheadaíonn tiománaithe agus mura bhfuil sé sin aige nó aici ní féidir an jab a thabhairt dóibh. Deirtear leis nó léi imeacht chuig an NDLS, an cháilíocht a fháil agus a theacht ar ais. Caithfidh sé a bheith mar an gcéanna leis an nGaeilge má táimid dáiríre. Tá go leor forálacha sa Bhille seo a bheadh go breá ach má theipeann orainn ar an bpointe seo bainfear an buan ar fad de na briathra sin, trí gan bheart a dhéanamh de réir ár mbriathar.

Aontaím leis an leasú seo agus táim ag tnúth le freagra ón Aire Stáit maidir leis mar is é seo an rud is bunúsaí. Táimid ag leagan síos caighdeán, is é sin leibhéal B2 nó níos airde. Tá sé sin tábhachtach freisin, go ndeir sé "nó níos airde". Ní scrúdú atá i gceist anseo i ndáiríre ach táimid ag cur in iúl go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil ciall le hinniúlacht agus ciall nó brí le líofacht sa teanga. Tá a fhios agam cé chomh tábhachtach is atá sé a bheith ábalta do chuid tuairimí a chur le chéile agus a chur trasna. Tá sé tuillte ag na daoine a bheidh ag fáil seirbhísí go mbeadh foireann ar an talamh a bhfuil inniúlacht acu sa Ghaeilge, ionas go mbeidh siad in ann na seirbhísí sin a chur ar fáil.

Deirim é sin i mbealach thar a bheith dearfach mar tá sé tábhachtach go meallaimid daoine chun an Ghaeilge a úsáid. Tá mealladh i gceist. Tá orainn a chur in iúl gur buntáiste atá ann an dá theanga nó níos mó a bheith ag daoine. Is scéal dearfach amach is amach é agus tá teipthe orainn á chur é sin trasna. Tá an córas teipthe é sin a chur trasna agus tá sé teipthe deiseanna a chur ar fáil. Tá a fhios agam go bhfuil cúrsa ann agus bhí sé de phribhléid agam cuid de na torthaí a bhronnadh ar na daoine a rinne é. Tá a fhios agam chomh crua is a d’oibrigh siad agus chomh tábhachtach is atá an píosa páipéir sin. Tá orainn é sin a leathnú amach agus a chinntiú i mbealach dearfach go bhfuil foireann le Gaeilge sa Dáil, ar an talamh, beag beann ar an jab atá acu, san fhoirgneamh seo agus sna comhlachtaí poiblí. Caithfimid é a dhéanamh i mbealach a mheallann iad chun an Ghaeilge a úsáid agus chun ceiliúradh a dhéanamh i ndáiríre ar an mbronntanas sin, mar is bronntanas é a bheith in ann do thuairimí a nochtadh i dhá theanga. An rud atá i gceist anseo ná leibhéal bunúsach a leagadh síos, leibhéal B2, agus tá sé sin inghlactha ar fud na hEorpa.

Bhí sé de phribhléid agam a bheith sa Bhruiséil agus chuir sé iontas orm ní amháin an méid teangacha a bhí ann ach na deiseanna a bhí ann do na foirne uilig teangacha a fhoghlaim laistigh de thréimhse ghairid. Tá a lán rudaí le foghlaim againn ón Bhruiséil ó thaobh na dteangacha de agus na deiseanna atá á chur ar fáil ann chun daoine a mhealladh, chun moladh a thabhairt dóibh agus chun ardú céime a thabhairt dóibh. Tá sé sin in easnamh sa chóras anseo. Ní féidir a rá rómhinic gur scéal dearfach é. Aontaím go huile agus go hiomlán leis an leasú seo. Táim buíoch den Teachta Ó Snodaigh as an leasú a chur os comhair an choiste seo brí agus míniú a thabhairt don fhocal "inniúlacht".

Bheadh sé níos oiriúnaí dá mbeadh sé seo luaite sna caighdeáin. Luaitear an creat comhchoiteann tagartha teangacha in alt 6 den Bhille, a leasaíonn alt 18C(1)(b)(iii) den phríomh-Acht. Beidh ról ag an gcoiste comhairle maidir leis an leibhéal inniúlachta a chuirtear ar chomhlachtaí poiblí. Beidh gá le solúbthacht anseo freisin ós rud é go bhféadfadh leibhéil dhifriúla inniúlachta a bheith ag teastáil do phoist dhifriúla. Ní ionann an duine a bheadh ag obair ag deasc fháiltithe, áit a dteastódh inniúlacht sa Ghaeilge labhartha ach ní sa Ghaeilge scríofa, agus duine a bheadh ag obair i Rannóg na Gaeltachta nó sa Roinn Oideachais, agus ardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa ag teastáil uaidh nó uaithi.

Níor mhaith liom daoine a chur as an áireamh tríd a leithéid a chur sa phríomhreachtaíocht. Chomh maith leis seo, ón taithí atá ag mo Roinn, tá sé feicthe gur féidir daoine a thabhairt isteach i bpost áirithe agus a gcuid scileanna teanga a fheabhsú trí chúrsaí traenála agus tá an dul chun cinn déanta taobh istigh den tseirbhís phoiblí le cúrsaí Ghaelchultúir le blianta beaga anuas. Ar an mbonn sin, ní féidir liom glacadh leis an leasú seo.

Níl sé i gceist agam caitheamh anuas orthu siúd atá ag foghlaim na Gaeilge agus a bhfuil leibhéal acu atá níos ísle ná B2 but ní mise an duine atá ag rá go bhfuil inniúlacht ag duine. Má tá duine inniúil, ba chóir go mbeadh sé in ann a ghnó leis an bpobal a dhéanamh trí Ghaeilge. Má tá gá le leibhéal níos airde ná sin, níl fadhb ar bith ann. Is féidir é sin a chur i bhforálacha eile. Mar shampla, má tá gá go mbeadh duine ábalta céim dlí a dhéanamh trí Ghaeilge, glacaim leis gur leibhéal iomlán difriúil é sin ó a bheith inniúil sa Ghaeilge ag B2.

Seo an minimum atá i gceist ionas gur féidir le duine a rá go bhfuil sé nó sí inniúil. Níl mise ag súil go mbeadh gach duine sa státchóras inniúil ar an nGaeilge. Níl mé chomh míréasúnta sin. Bheadh sé go hiontach agus b'fhéidir gur cheist í sin a dhéanfaidh duine éigin díriú isteach uirthi tar éis 14 bliain ar scoil nach bhfuil daoine inniúil sa Ghaeilge. Sin cheist eile, áfach. Sa chás seo, aon uair a táimid ag caint faoin státchóras i gcoitinne agus fiú leis an Acht, táimid ag caint faoi sheirbhís phoiblí a thabhairt do dhaoine. Ní leor é go bhfuil duine in ann "conas atá tú?", "Dia duit" agus "Dia is Muire duit" a rá nó "fan nóiméad, I will get the other fella for you he has the Irish" a rá. Ní leor sin ach tá orm agus tá ar Ghaeilgeoirí eile cur suas leis sin lá i ndiaidh lae nuair atáimid ag déileáil leis an státchóras. Bímid ag déileáil leis an státchóras le daoine ar chóir go mbeadh an Ghaeilge ar a dtoil acu mar tá siad ag déileáil leis an bpobal nó tá siad in institiúidí atá ag cur an Ghaeilge chun cinn nó go bhfuil dualgais Ghaeilge nó Gaeltachta acu. Tá fadhb ann mar sin. Aithníonn gach duine an fhadhb agus sin an fáth go bhfuilimid ag déileáil leis an mBille seo.

Tá mise ag rá gur chóir go mbeadh daoine inniúil ag an mbunleibhéal má tá an leibhéal seo acu. Níl mise ag leagan amach cad iad na postanna nó gur chóir go mbeadh daoine inniúil i ngach uile phost. Sin jab don choiste comhairliúcháin. D'fheadfadh an coiste comhairliúchán cinneadh a dhéanamh fiú, nach leibhéal B2 a bheas i gceist ach leibhéal éigin eile. Tá mise ag rá gur chóir go mbeadh B2 i gceist agus ní mise amháin a luaigh é sin. Roimh Nollaig ag an gcomhchoiste, bhí an léachtóir sinsearach, Dr. John Walsh, os comhair an choiste. B'fhiú díriú isteach ar an méid a bhí seisean ag rá. Luaigh seisean agus luaigh daoine eile an inniúlacht ó thaobh na Gaeilge de, mar a luaigh an Teachta Ó Cuív, mar cheann de na cnámha spairne gur chóir go mbeadh lárnach d'aon reachtaíocht. Dúirt sé an méid seo a leanas:

Léiríonn an taithí idirnáisiúnta in áiteanna ar nós Cheanada agus Thír na mBascach go mbeadh leibhéal B2 de dhíth chun seirbhís shásúil dhátheangach a chur ar fáil, a nglacfadh cainteoirí na mionteanga leis. Sin an pointe is tábhachtaí mar caithfidh an tseirbhís a bheith ar chaighdeán sásúil chun go n-úsáidfear í. Is ionann leibhéal B2 agus meánleibhéal ard agus tugtar "úsáideoir neamhspleách" ar dhuine a bhaineann amach an leibhéal sin, is é sin le rá gur féidir leis nó léi an teanga a úsáid go nádúrtha sa scríobh agus sa chaint, ar ábhar a bhfuil taithí aige nó aici orthu.

Tá an cur síos a thugann Comhairle na hEorpa ar ghinchumas labhartha do leibhéal B2 mar seo a leanas:

Bíonn mo chuid cainte sách líofa agus sách spontáineach chun gur féidir liom idirghníomhú le cainteoirí dúchais go rialta. Is féidir liom a bheith rannpháirteach i bplé ar bith ar ábhair a bhfuil taithí agam orthu agus is féidir liom mo thuairimí féin a mhíniú agus a chosaint.

Faoin teideal scríbhneoireacht, maítear: "Is féidir liom téacsanna soiléire mionsonracha a scríobh ar raon leathan ábhar ar spéis liom iad." Nuair a bhí sé ag labhairt linn sa chomhchoiste, lean an Dr. John Walsh ag rá:

Tá an comhchreat aitheanta go hidirnáisiúnta chun leibhéal foghlaimeoirí teanga a mheas, agus baintear úsáid as go forleathan chun measúnú a dhéanamh ar fhostaithe in eagraíochtaí ilteangacha nó san áit ina bhfuil cáilíocht ghairmiúil i dteanga de dhíth.

Sin é leagtha amach go díreach ansin. Is fiú dúinn é sin a leagan amach go soiléir sa Bhille seo agus is sna nótaí míniúcháin ag tús an Bhille gur chóir go mbeadh an soiléiriú sin.

Tá deis an-mhaith againn leis an mBille seo chun cúrsaí Gaelainne a chur chun cinn ar fud na tíre arís. Ní dócha go mbeidh a leithéid de dheis againn ar feadh i bhfad arís. Tá an tAire Stáit tar éis roinnt mhaith leasuithe ag leagadh síos na spriocdhátaí agus mar sin de agus moltaí éagsúla a thabhairt chun cinn. Tá sé fíorthábhachtach chomh maith go mbeadh slat tomhais ann mar teastaíonn uainn a bheith cinnte go mbeidh caighdeán Gaelainne ann nuair a bheidh daoine ag plé le hoifigigh éagsúla. Cé acu a bheidh an slat tomhais sin ag tomhais an mhéadair, na troighe nó pé rud, ba chuma ach go mbeadh an slat tomhais ann agus go leagfadh sé síos bunchéimeanna agus bunchaighdeán ar a laghad chun a chinntiú go mbeidh daoine ábalta dul isteach ag plé leis na hoifigigh agus go mbeidh an caighdeán is fearr ar fáil dóibh. Má tá slat tomhais ann, bheadh sé réasúnta féachaint air. B'fhéidir go mbeadh slat tomhais eile ann san am amach romhainn agus d'fhéadfaí féachaint air sin chomh maith ach bheadh sé tábhachtach bunchaighdeán a leagan síos. Ba chóir breathnú air sin amach anseo. Bheadh sé réasúnta féachaint ar na leasuithe éagsúla chun caighdeán a leagan síos.

Tá súil agam go n-athróidh an tAire Stáit a intinn mar tá gá le hathrú. Nílimid ag caint anseo ach faoin íosmhéid. Sin an rud atá i gceist anseo. Is dócha go bhfuilimid fós ag feidhmiú i ndomhan atá ag breathnú ar an nGaeilge mar fhadhb seachas mar dheis, mar bhronntanas, mar bhealach nua agus mar bhuntáiste. Táimid fós ag feidhmiú i ndomhan diúltach. Níl aon athrú sa mheon sin fós agus tá gá le hathrú meoin. Mar a dúirt an Teachta Aindrias Moynihan, seo deis iontach dúinn. Má theipeann orainn maidir leis an gcéim seo, tá sé deacair a bheith dóchasach agus is bean dhóchasach mé. Táimid ag caint faoi leibhéal B2.

D'éist mise go géar freisin nuair a tháinig an saineolaí ó Ollscoil Éireann Gaillimh, an Dr. John Walsh, os ár gcomhair. Fear thar a bheith réasúnta atá ann. Labhair sé linn, mhol sé cuid den Bhille agus gan aon drogall, dúirt sé go raibh ailt áirithe maithe agus dearfacha ann, go raibh sé buartha faoi ailt áirithe eile agus go raibh gá le rudaí eile.

Ní hé an t-aon saineolaí a tháinig os ár gcomhair a dúirt é sin. Cén fáth go bhfuil cruinnithe againn agus coistí á mealladh isteach? Chuir siadsan a gcuid ama ar fáil dúinn agus tháinig siad gan drogall. D'éisteamar leo agus déanaimid neamhaird orthu anois. Ba chóir go mbeadh leibhéal B2 nó níos airde á mholadh agus bheinn ag súil go mbeimid ag díriú isteach chun daoine a mhealladh dul agus leibhéal i bhfad níos airde a bhaint amach. Is foghlaim fad saoil í an Ghaeilge agus an Béarla freisin. Is foghlaim fad saoil a bheith sa saol seo agus bímid ag foghlaim chuile lá má táimid ciallmhar. Má táimid i ndáiríre faoi sheirbhísí a chur ar fáil ar leibhéal atá comhionann agus bunaithe ar chearta, is é an rud is bunúsaí ansin ná go mbeadh inniúlacht ag an duine atá ag cur na seirbhísí sin ar fáil, sa Dáil agus ag gach comhlacht poiblí. Tá gá orainn ansin a rá cad is inniúlacht ann agus cuireann an leasú seo in iúl dúinn cad is inniúlacht ann ar an leibhéal is bunúsaí, is é sin leibhéal B2.

Táimid go léir tuirseach ag an am seo den tráthnóna, in ainneoin an tuarastail mhaith a shaothraímid, agus níl mé ag gearán i ndáiríre, ach táimid ar leasú Uimh. 9, leasú atá réasúnta agus praiticiúil. Má ghlactar leis sin is féidir glacadh leis go bhfuiltear i ndáiríre chun daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a úsáid agus inniúlacht acu lenar féidir a rá faoi go bhfuil seisean nó sise in ann Gaeilge a labhairt. Ní hé gan bhotún a bheadh sé. Nílim ag iarraidh foirfeachta anseo ach táim ag iarraidh go mbeadh inniúlacht ann ionas go mbeidh muintir na nGaeltachtaí agus an mhuintir taobh amuigh de na Gaeltachtaí, is é sin muintir le Gaeilge, in ann seirbhísí a fháil trí Ghaeilge agus páirt ghníomhach a ghlacadh ar gach leibhéal sa tír seo trí Ghaeilge, mar is í an teanga oifigiúil agus ceann den dá theanga oifigiúla í. Ní mór dúinn beart a dhéanamh anois.

Bhí áthas orm a chloisteáil go bhfuil an tAire Stáit ag smaoineamh air seo mar tá sé sin tábhachtach. Ba mhaith liom dá bhfaighinn tuilleadh sonraí faoin gcaighdeán atá i gceist, cén uair, agus cén chaoi is féidir linn a bheith deimhnithe faoi. Is é sin, uimhir a haon, go ndéanfaí rud éigin faoi agus uimhir a dó, gur caighdeán groí, ceart, idirnáisiúnta a bheidh ann. B'fhearr liom go mbeadh sé ann, déanfaidh mé an fhírinne leis an gcoiste. Ar a laghad, d'fhéadfadh an tAire Stáit breathnú air seo as seo go dtí Céim na Tuarascála.

Tá a fhios agam an dearcadh atá ag cainteoirí dúchasacha sa dáilcheantar seo agam. Tá beirt againne anseo ó Ghaillimh Thiar. Má cheapann siad go bhfuil daoine compordach sa Ghaeilge agus go bhfuil siad in ann a ngnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge, déanfaidh siad amhlaidh. Chuile lá tagann daoine chugam agus chuig an bhfoireann atá agam, déanann siad a ngnóthaí trí Ghaeilge agus is iad siúd a roghnaíonn an teanga. D'fhéadfainn a rá gurb í sin an teanga a roghnaíonn na cainteoirí dúchasacha ar fad. Tá a fhios agam, áfach, faoi na daoine ceannann céanna, agus táim féin beagán ar an gcaoi chéanna go mór mór má bhíonn deifir orm, agus má tá duine ag plé le duine nach bhfuil inniúil ar an nGaeilge, atá briotach léi, ó tharla go bhfuil Béarla sách maith agam, tá sé níos éasca an gnó a dhéanamh trí Bhéarla. Is é sin a tharlaíonn. Is minic a dúradh liom, mar shampla, go labhraítear an Ghaeilge leis an gcorrdhuine atá ag obair i gComhairle Contae na Gaillimhe a bhfuil Gaeilge líofa acu, ach is trí Bhéarla a dhéantar an gnó leis an gcuid ar fad eile.

Dá nglaofainn ar oifig na bhForbacha i Roinn an Aire Stáit, ní smaoineoinn ar an mBéarla a labhairt le duine ar bith ann mar tá siadsan ar fad ar an gcaighdeán de facto, Teastas Eorpach na Gaeilge B2 a bhfuilimid ag caint air. Tá tionchar ollmhór uilig aige seo ar nósmhaireacht theanga an phobail. Is é sin an fáth a bhfuil mé ag cur an oiread sin béime air seo mar táim ag streachailt leis seo i gcaitheamh mo shaoil. Tá sé tábhachtach go mbeadh machnamh domhain déanta air seo. Is eochaircheist nár freagraíodh riamh sa Stát í.

Bheadh sé spéisiúil suirbhé a dhéanamh ar cé mhéad jabanna sa Stát a bhfuil sé mar dhualgas agus de chúram ar dhuine a bheith inniúil sa Ghaeilge agus cé mhéad de na daoine sin atá i ndáiríre píre in ann a gcuid gnóthaí a dhéanamh go compordach trí Ghaeilge, ní hamháin go compordach dóibh féin ach go compordach don phobal, is é sin don chainteoir líofa Gaeilge sa phobal. Go hachomair mar sin, cé mhéad acu siúd i ndáiríre atá compordach ag déanamh a gcuid gnóthaí trí Ghaeilge leis an bpobal?

Tuigim an argóint agus déanfar forbairt anois leis na caighdeáin nua agus beidh siad siúd foilsithe nuair a bheidh an Bille seo achtaithe. Tuigim na hargóintí agus beidh mé i dteagmháil leis na Teachtaí atá anseo idir an lá inniu agus Céim na Tuarascála chun an argóint nó an píosa seo a fheabhsú. Tuigim go bhfuil an bunleibhéal an-tábhachtach maidir leis na caighdeáin. Nílim in ann an leasú seo a ghlacadh inniu ach ba mhaith liom níos mó comhráite a dhéanamh leis na Teachtaí eile.

Vice Chairman

Glaoim ar an Teachta Ó Snodaigh agus iarraim air cá seasann an leasú seo.

Tá sé go maith go bhfuil an tAire Stáit sásta díriú isteach ar an gceist seo arís. Molaim é as sin. Is í an fhadhb atá agam ná go bhfuil sé seo aitheanta mar fhadhb, mar atá ráite ag daoine eile, ó thús an Stáit agus ó foilsíodh an Bille seo, agus tá sé léirithe amhlaidh. Is minic a chuala mé Airí ag labhairt mar seo, agus tá muinín agam as an mhéid atá ráite ag an Aire Stáit, ach táim ag impí air gan mé a ligean síos mar a rinne Airí eile nuair a dúirt siad go raibh siad sásta féachaint ar an rud seo arís agus níor tharla aon rud dá bharr. Más cabhair in aon choir é don Aire Stáit, b'fhiú féachaint ar an méid a dúirt an Dr. John Walsh ag an choiste. Dúirt an dream ó Ollscoil Mhá Nuad maidir leis an TEG go bhfuil cúrsa ar siúl san ollscoil. Dar ndóigh, tá cúrsaí ar fáil i ngach ollscoil. Ní gá go mbeadh cúrsa ollscoile i gceist dar ndóigh. Leibhéal B2 atá muid ag iarraidh a leagadh síos. Dúirt na baill ó Ollscoile Mhá Nuad nuair a bhí siad os ár gcomhair an méid seo a leanas:

The Welsh Government should adopt a single national standard Welsh language proficiency framework to be used by the whole of the public sector in Wales. The framework should be based on the Association of Language Testers in Europe, ALTE, framework with clear definitions of the meaning of the different levels of proficiency that are consistent, for example, between a Health Board and a Local Authority. That would ensure consistency across the various sectors and facilitate bilingual workforce planning.

Is é sin a bhí á mholadh ag Rialtas na Breataine Bige.

Vice Chairman

A Theachta, táimid ag teacht chun dheireadh an ama atá againn agus caithfidh mé an Teachta a bhogadh ar aghaidh agus tá brón orm faoi sin.

Tá cúpla rud eile le rá agam agus más féidir linn tosú air seo arís ar an gcéad lá eile, bheinn buíoch den Leas-Chathaoirleach. Idir an dá linn bheinn buíoch dá bhféadfaimis comhrá a bheith againn chun féachaint in aon chor an féidir linn teacht ar leasú a bheadh oiriúnach don chuid seo den Bhille.

Vice Chairman

An bhfuil na comhaltaí sásta leis an méid sin? Tá. Tá an cruinniú ar athló go dtí 2 p.m., Dé hAoine, an 29 Eanáir 2021. Táim buíoch den Aire Stáit, dá oifigigh agus d'fhoireann na Dála.

Tugadh tuairisc ar a ndearnadh; an Coiste do shuí arís
Cuireadh cruinniú an roghchoiste ar athló ar 5.31 p.m. go dtí 2 p.m., Dé hAoine, an 29 Eanáir 2021.
Barr
Roinn