Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Friday, 29 Jan 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

ALT 2
Atógadh an díospóireacht ar leasú Uimh. 9:
I leathanach 7, idir línte 24 agus 25, an méid seo a leanas a chur isteach:
“ciallaíonn ‘inniúlacht’ i gcomhthéacs na Gaeilge san Acht seo, agus in aon reachtaíocht eile, líofacht de leibhéal B2 nó níos airde ar an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha;”.
- (An Teachta Aengus Ó Snodaigh)

Vice Chairman

Leanfaimid ar aghaidh lenár n-athbhreithniú ar an mBille. Nuair a cuireadh an cruinniú poiblí deireanach ar athló an Aoine seo caite, bhí an Teachta Ó Snodaigh ag labhairt faoi leasú Uimh. 9 a bhain le halt 2.

An lá faoi dheireadh, bhíomar ag plé inniúlacht sa Ghaeilge i gcomhthéacs an Bhille. Bhíomar ag caint faoi inniúlacht sa státchóras i gcoitinne, sna comhlachtaí Stáit agus sna hinstitiúidí Stáit. Bhí mise agus roinnt de na Teachtaí a thug tacaíocht dom ag lorg go leagfaí síos i reachtaíocht bunleibhéal inniúlachta. Mhol mé leibhéal B2 ar chomhchreat tagartha na hEorpa um theangacha. Aontaíonn an chuid is mó d'eagrais Ghaeilge sa tír leis sin mar leibhéal agus tá sé in úsáid in a lán tíortha san Eoraip. Bhí mé ag smaoineamh arís air ón lá deireanach agus táim cinnte dearfach gur chóir go mbeadh sé seo leagtha síos i reachtaíocht. Dúirt an tAire Stáit an lá deireanach go mbeadh sé sásta féachaint ar an gceist seo. Molaim é as sin ach is í an fhadhb atá agam ná go gcaithfidh cinnteacht a bheith ann. Is í sin an fhadhb is mó. Ní ceist nua é seo. Mar a dúirt mé an lá faoi dheireadh, ní ceist é a phioc mé anuas ón spéir. Is ceann de na ceisteanna is bunúsaí sa reachtaíocht é. Dúirt an Teachta Ó Cuív an rud céanna an lá deireanach. Muna bhfuil bunleibhéal leagtha síos againn, ní bheidh a fhios ag an státchóras ná ag an bpobal i gcoitinne cad é an bunleibhéal a bhfuil muid ag súil leis.

Tuigim go bhfuil an tAire Stáit chun na caighdeáin nua a bheidh ag teacht isteach a leagan amach ag pointe éigin. Tá sé ag caint faoi chaighdeáin áirithe a leagan amach do gach uile pháirt den státchóras. Sna caighdeáin sin, beidh air a rá cén seirbhísí a bheidh ar fáil i nGaeilge. Agus muid ag déileáil le hearcaíocht chuig an státchóras agus le státseirbhísigh agus searbhóntaí poiblí, caithfear tuiscint cén leibhéal Gaeilge atá ag teastáil uathu. Bhí Breanndán Ó Beaglaíoch ag caint faoin gceist sin i rith na seachtaine agus dúirt sé nach bhfuil sé maith go leor muna bhfuil duine in ann ach "fán nóiméad" a rá. Ní leibhéal cuí Gaeilge é sin. Má théim go dtí an Fhrainc, ní ligeann mise orm go bhfuil an Fhraincis agam. Ní féidir liom ach bunchómhrá a dhéanamh sa teanga sin. Tá cúpla focal de agam. Is mór an trua dom nár fhoghlaim mé i gceart é ar scoil, in ainneoin iarrachtaí Tony Gregory agus múinteoirí Fraincise eile a bhí agam.

D'fhoghlaim a lán daoine eile sa rang liom Fraincis ar leibhéal i bhfad Éireann níos fearr ná mar a bhí agamsa. Níor ghlac mise an cur chuige ceart nó b'fhéidir nach raibh mé dírithe uirthi i gceart ag an am sin.

Tá mise den tuairim seo, agus tá a lán daoine eile a bhí ag féachaint isteach ar an díospóireacht an lá faoi dheireadh den tuairim céanna. Spreag an díospóireacht a lán daoine ríomhphost a chur chugam ar aon chaoi. Tá súil agam go bhfuair daoine eile iad chomh maith, ní díreach ar an ábhar seo ach ar ábhair eile freisin. Beidh muid in ann iad sin a lua diaidh ar ndiaidh. Chomh maith leis sin, fuair muid nóta eile ón dream in Ollscoil Mhá Nuad atá ag déanamh iarracht a leagan amach an cur chuige atá acu maidir leis an gcaighdeán B2 a bhí luaite agamsa. Tá siadsan ag déanamh an leagan amach sin agus b'fhéidir go mbeidh leaganacha difriúla ar leibhéil difriúla más sa treo sin atá an Rialtas ag dul, ach ba chóir go mbeadh sé ann go bhfuil leibhéal áirithe i gceist.

Nuair a bunaíodh an Stát, bhí sé le tuiscint go mbeadh leibhéal áirithe ann. Rinneadh iarracht le tamall de bhlianta go mbeadh Gaeilge ag na státseirbhísigh, na gardaí san áireamh. Ba rud mór é do lucht na Gaeltachta go raibh poist ar fáil dóibh toisc go raibh siad chun tosaigh ó thaobh na Gaeilge de. Ba í an Ghaeilge an teanga dhúchais a bhí acu agus b'fhéidir gur sin an fáth go raibh an oiread sin daoine ó na Gaeltachtaí sa Gharda agus sa státseirbhís. Nuair a baineadh na riachtanais sin, tharla teip. Níor tharla an teip sin sa státchóras amháin, a bhí teipthe air ar aon chaoi, toisc nach raibh daoine ag comhlíonadh na riachtanais sin, ach tharla teip ó thaobh múinteoireachta de agus ó thaobh ábhair múinteoireachta de chomh maith céanna. Tá an teip ar fud an chórais toisc gur tharraing an Stát siar ó na dualgais a bhí air maidir leis an riachtanas sin a chur i bhfeidhm. Nílimid ach ag déanamh iarracht bogadh píosa amháin ar ais i dtreo riachtanais a bheith ann ionas go mbeidh caighdeán áirithe i gceist.

Aontaím leis an Teachta Ó Snodaigh faoin chreat comhchoiteann tagartha sin. Tá gá ann go mbeadh measúnú éigin sa Bhille. Nílim iomlán cinnte, áfach, faoin leibhéal B2 sin a chur isteach sa phríomhreachtaíocht. B'fhéidir go mbeadh sé níos oiriúnaí i secondary legislation nó céim cosúil leis sin a ghlacadh. Bhí mé ag smaoineamh air seo i rith na seachtaine agus bhí mé ag smaoineamh ar mo chuid Gaolainne féin. Cé go bhfuilimse sásta mo chuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, ní bheinn muiníneach in aon chor go mbainfeadh mise B2 amach. Tá mé lán sásta caint le daoine as Gaeilge ach b'fhéidir nach bhfuil an leibhéal scríofa sin chun an B2 a bhaint amach oiriúnach do gach saghas poist sa státseirbhís. B'fhéidir go mbeadh muid ag cur the bar go ró-ard ansin. Thug mé faoi deara go ndéantar tagairt ar leathanach 19 den Bhille don chreat comhchoiteann tagartha Eorpach sin. Tá sé sin istigh sa Bhille chun measúnú a dhéanamh ar an inniúlacht sin agus tá sé sin ceart. Mar a dúirt mé, nílim iomlán cinnte faoin leibhéal B2 a chur sa phríomhreachtaíocht.

Tá an leasú seo thar a bheith tábhachtach. Tá sé dearfach go bhfuil an tAire Stáit sásta dul ar ais agus breathnú air seo ach tá éiginnteacht i gceist. Ba mhaith liom rud éigin níos cruinne a chloisteáil maidir le caighdeán ós rud é go bhfuil caighdeán faoi leith ag teastáil. Beidh mé ag tnúth le freagra an Aire Stáit arís inniu agus a chloisteáil cad a bheidh le rá aige i ndáiríre. An mbeidh leasú á thairiscint ag an Aire Stáit nó an mbeidh orainn an cath seo a throid arís agus arís sa Dáil ar na Céimeanna eile?

Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, is dócha go bhfuil dhá litir faighte ag an Aire Stáit. Tá cóip faighte againn ó Ollscoil Mhá Nuad. Tá na litreacha seo thar a bheith suimiúil. Níl a fhios agam an raibh deis ag an Aire Stáit fós iad a léamh. Tá dhá litir ann a cuireadh chugainn níos luaithe sa mhí. Tá sé tábhachtach na litreacha seo a léamh. Ní saineolaithe muidne agus ní saineolaí mise go háirithe. Tá gá le caighdeán.

An rud atá i gceist againn anseo ná go bhfuil ceart ag daoine le Gaeilge seirbhísí a fháil trí Ghaeilge. Tá an focal sin "ceart" in easnamh tríd an mBille uilig agus tiocfaidh mé ar ais go dtí an pointe sin. Nílimid ag caint faoi chearta beag ná mór. Leagfaidh mé sin ar leataobh ar feadh cúpla nóiméid. Tá daoine i dteideal seirbhísí a fháil trí Ghaeilge. Tá a fhios againn go bhfuil teipthe orainn go léir mar Theachtaí Dála agus go bhfuil teipthe ar gach Rialtas na seirbhísí sin a chur ar fáil do dhaoine atá ag iarraidh a gcuid clainne a thógáil trí Ghaeilge agus seirbhísí a fháil trí Ghaeilge. Gach seachtain, faighimid litreacha ó dhaoine éagsúla ag cur in iúl dúinn cé chomh deacair agus atá sé.

Táimid ag díriú isteach anseo agus ag rá go bhfuil fadhb againne ar fud na hearnála ós rud é nach bhfuil daoine le hinniúlacht sa Ghaeilge againne. Ní mór dúinn é sin a admháil. Tá a fhios againn sin ón gcoiste a bhí againn sa Dáil dheireanach. Ní mór dom a rá go raibh dea-thoil ag na finnéithe go léir a tháinig os ár gcomhair don Ghaeilge, ach bhí easpa muiníne acu. Chothaíomar atmaisféar dóibh le chéile a rinne sé níos éasca dóibh an Ghaeilge a úsáid os comhair na coiste. Fiú leis sin, bhí sé deacair. Bhí easpa inniúlachta i gceist ansin. An rud a chuaigh go mór i bhfeidhm orm ná go raibh siad toilteanach an Ghaeilge a fhoghlaim ach i ndáiríre, ní raibh an córas ag cur na deiseanna ar fáil dóibh. Sin an comhthéacs agus an cúlra. Cén saghas caighdeán atá i gceist?

Is fiú don choiste cuireadh a thabhairt d'ionadaithe ó Ollscoil Mhá Nuad chun teacht os ár gcomhair tar éis na Céime seo chun éisteacht leo faoi cad atá i gceist i ndáiríre mar tá pointe maithe á ndéanamh ag an Teachta Ó Cathasaigh. Is rud amháin é nach bhfuil inniúlacht ag daoine áirithe, gnáthdhaoine na tíre, agus tá a fhios againn go bhfuil daoine atá go hiontach ag labhairt i mBéarla ach nach bhfuil siad ró-iontach á scríobh. Tá an rud ceannann céanna fíor sa Ghaeilge agus tá a fhios agam é sin.

Tá rud eile i gceist anseo. Táimid ag caint faoin dualgas atá ar an Stát seirbhísí ar leibhéal atá cothrom leis an mBéarla a chur ar fáil. Níl na deacrachtaí atá againne, agus aontaím go bhfuil deacrachtaí againne, ag lucht an Bhéarla. Mar a dúirt mé, táimid ag caint faoin dualgas atá ar an Stát seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge mar cheart. Cén chaoi gur féidir sin a chur ar fáil trí Ghaeilge gan chaighdeán a leagan síos in áit éigin? Faoin gcaighdeán sin, bheadh dualgas ar an Stát na seirbhísí a chur ar fáil. Ba cheart don Aire Stáit an dá litir ó Ollscoil Mhá Nuad a léamh. Cuireann an dream a scríobh na litreacha in iúl cé hiad féin, cad iad na buntáistí atá ag baint le dul sa bhealach seo agus cad é an taithí atá acu. Is í an taithí atá acu an rud a chuaigh go mór i bhfeidhm orm. Maítear sa litir, faoin bhfotheideal "Cé muidne?", go bhfuil "TEG á riar ag Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad" agus go bhfuil "forbairt déanta ar a leithéid de chóras le haghaidh fhormhór na dteangacha eile san Eoraip cheana". Ní rud nua é seo. Tá an-taithí acu. Is dócha nach iad sin an t-aon dream amháin atá ag plé leis an gceist seo ach tá tábhacht leis an litir seo chun an rud a chur i gcomhthéacs. Leanann an litir mar seo a leanas:

Tá forbairt déanta ar a leithéid de chóras le haghaidh fhormhór na dteangacha eile san Eoraip cheana. Cabhraíonn an córas le foghlaimeoirí a gcuid staidéir a phleanáil agus aitheantas a fháil as an dul chun cinn atá déanta acu.

Seo an cuid is tábhachtaí de, má léann an tAire Stáit é ar leathanach 3:

Buntáiste eile a bhaineann leis an gcóras seo ná go dtugann sé cruthúnas d'fhostóirí maidir le cumas teanga agus iad ag roghnú iarrthóirí do phoist nó d'ardú céime.

Tá dhá rud i gceist anseo, sé sin, iarrthóirí nua agus ardú céime. Sna seachtainí amach romhainn tiocfaidh mé ar ais ag ardú céime agus conas gur féidir daoine atá laistigh den chóras faoi láthair a mhealladh. Tá sé seo aitheanta agus tá tábhacht faoi leith leis ó tháinig forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 i bhfeidhm. Deir an litir ó Ollscoil Mhá Nuad:

Iarrann eagraíochtaí éagsúla in Éirinn anois cáilíocht de chuid TEG mar bhunriachtanas iontrála i gcás fostaithe nua, nó baineann siad úsáid as scrúduithe TEG chun cumas Gaeilge iarrthóirí ar phoist nó ar chúrsaí acadúla a mheas.

Níl mé chun an litir go léir a léamh. Is dócha go mbeidh an tAire Stáit in ann é a léamh am éigin sa leaba. Tá na buntáistí leagtha amach go soiléir ar leathanach 3. Níl mé chun iad a léamh amach ach tá siad leagtha amach ann.

An rud is tábhachtaí ná an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge agus an chaoi chun í a chur chun cinn, mar i ndeireadh na Dála, tá orainn seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge agus tá caighdeán ag baint leis na seirbhísí sin. Don chéad uair riamh tá Fine Gael agus Fianna Fáil i gcumhacht agus táimid sásta cabhrú leo chun Bille láidir a chur chun cinn. Don chéad uair riamh níl aon leithscéal againn anois ach díriú isteach nuair atáimid réidh. Tá meascán leasuithe anseo, agus tá cuid de mo leasuithe féin as ord, ach ní mór dúinn oibriú as lámha a chéile. Tá an frása "Ar scáth a chéile a mhairimid" á úsáid go minic ag Teachtaí Dála le linn na paindéime, agus tá an t-uafás úsáid á bhaint as anois maidir leis an nGaeilge. Tá deis againn. Seo rud bunúsach agus ní mór dúinn déileáil leis. B’fhéidir go bhfuil deacrachtaí ann. B’fhéidir nach mbaineann an fhoráil seo leis an reachtaíocht. Ceapaim féin go mbaineann agus nár chóir é a chur i reachtaíocht nó rialacha tánaisteach. Is ábhar thar a bheith tábhachtach é. Nuair atá na litreacha ó Mhaigh Nuad léite ag an Aire Stáit, nó má tá siad léite aige anois aige, b’fhéidir go dtabharfaidh sé freagra dúinn maidir lena thuairim faoin rud atá ráite iontu agus san leasú seo.

Aontaím leis na Teachtaí Ó Snodaigh agus Ní Chonghaile mar gheall ar an inniúlacht. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh inniúlacht socraithe síos. Dá mbeadh muid ag fanacht ar Chomhairle Contae Chiarraí nó mar sin ní bheadh sé socraithe síos. Táimid i mbaol. Má táimid i ndáiríre faoi dhaoine agus a gclann a mhealladh ar ais go dtí an Ghaeltacht, nílimid ag iarraidh go dtarlóidh sé sin. Tá éileamh ann. Bhí mé ag caint leis an Uasal Ó Beaglaoich i rith na seachtaine agus bhí scéal aige faoi dhuine a chuaigh isteach ag an gcomhairle contae i dTrá Lí agus an caighdeán a bhí aige. D’fhiafraigh sé "Do you speak Irish?". Tá sé thar a bheith tábhachtach an inniúlacht a chur síos agus í a bheith socraithe. Tá a fhios agam go bhfuil suim ag an Aire Stáit agus ag an Aire, an Teachta Catherine Martin, sa Ghaeilge ach is gá dúinn é seo a dhéanamh anseo. Tá plean áitiúil Chorca Dhuibhne ag dul tríd an gcomhairle contae faoi láthair agus níl aon chaighdeán socraithe síos ann. Seo an áit chun é a dhéanamh go cinnteach agus go socraithe.

Táim tar éis éisteacht go géar leis an méid atá ráite ag na Teachtaí ar an ábhar. Aontaím go hiomlán leo go bhfuil fiúntas le híosleibhéal inniúlachta a bheith ann go pointe, ag féachaint ar an mór-phictiúir ar aon nós. Seo an méid dheimhnigh Ollscoil Mhá Nuad, atá i mbun an chórais TEG, i rith na seachtaine:

Aithnítear leibhéal B2 go forleathan ar fud na cruinne mar an bunleibhéal atá ag teastáil ó dhuine i dteanga chun a c(h)uid oibre a dhéanamh trí mheán na teanga sin. Bíodh sin mar atá, tá riachtanais agus scileanna éagsúla ag teastáil i róil agus i gcomhthéacsanna éagsúla. D’fhéadfadh duine atá ag leibhéal B1 ard, mar shampla, déileáil le fiosrúchán an-bhunúsach ar an nguthán nó teachtaireacht shimplí a thógáil. B’fhéidir gur leor é sin a róil nó i gcomhthéacsanna áirithe.

Aontaím leis na Teachtaí gur rud iontach tábhachtach é Teastas Eorpach na Gaeilge. Sin an fáth gur fhógair mo Roinn maoiniú de níos mó ná €500,000 i 2019 do lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad le scrúduithe Theastas Eorpach na Gaeilge a reáchtáil as seo go ceann trí bliana.

Tá an t-íosleibhéal de leibhéal B2 i bhfeidhm cheana féin mar chritéir cháilíochta do go leor de na comórtais oscailte náisiúnta a reáchtálann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí gach bliain do na gráid ginearálta le Gaeilge sa státseirbhís, mar shampla, oifigigh chléireachais sa Ghaeilge, oifigigh fheidhmiúcháin na Gaeilge, oifigigh riaracháin na Gaeilge agus príomhoifigigh chúnta le Gaeilge. De réir mo thuisceana, caithfidh iarrthóirí a chuireann isteach ar na comórtais seo a dheimhniú mar chuid dá n-iarratais go bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu ag leibhéal B2. Ansin, má éiríonn leo dul tríd ag staid ar leith den chomórtas, is iondúil go mbíonn orthu scrúduithe béil agus scríofa a dhéanamh a léiríonn go bhfuil leibhéal B2 acu i ndáiríre agus is féidir an t-agallamh féin a reáchtáil trí Ghaeilge. Agus muid ag obair i dtreo 20% d’earcaigh nua a bheith inniúil sa Ghaeilge, ní bheidh aon athrú ag teacht ar sin.

É sin ráite, tá níos mó le clúdach leis an 20% sin ná earcaíocht do na gráid ginearálta amháin. Mar shampla, leis an mBille seo agus leis na caighdeáin a bheidh ag teacht isteach faoi, táimid ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar chaighdeán na seirbhísí atá á gcur ar fáil trí Ghaeilge do mhuintir na Gaeltachta faoi láthair mar ábhar práinneach. Beidh réimse leathan seirbhísí le clúdach, mar shampla, seirbhísí leighis, iompair agus poist. Don chuid is mó díobh seo is cumas labhartha sa Ghaeilge an rud is tábhachtaí seachas cumas scríofa. Ar bhonn praiticiúil, ní céim chun cinn a bheadh ann bac a chur ar dhaoine le togha Ghaeilge labhartha ach gan an cumas céanna scríofa ag leibhéal B2 cur isteach ar chuid de na poist seo. Sin a tharlódh dá ndéanfadh muid míniú a thabhairt ar céard is inniúlacht ann sa Bhille féin, mar atá molta sa leasú seo. Bheadh an rud céanna i gceist le poist i sainréimsí chomh maith. Caithfimid a bheith réalaíoch faoi cé atá ar fáil chun na poist seo a líonadh. Táimid ag iarraidh go n-éireoidh linn agus go dtiocfaidh feabhas ar na seirbhísí trí Ghaeilge atá ar fáil sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.

Ar na cúinsí sin, cur chuige níos ciallmhaire a bheadh ann aghaidh a thabhairt ar an gceist seo sna caighdeáin, áit gur féidir idirdhealú a dhéanamh idir na riachtanais éagsúla do phoist éagsúla, seachas sainmhíniú amháin, a chuirfeadh daoine as an áireamh ón tús gan aird ar riachtanais an phoist, a chur isteach sa phríomh-reachtaíocht. Dá bhrí sin, nílim chun glacadh leis an leasú seo. Leis an méid sin ráite, táim sásta féachaint ar an méid atá sa Bhille cheana féin ar leathanach 19 faoin gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha, féachaint an bhfuil bealach é sin a láidriú agus teacht ar ais le moladh ar Chéim na Tuarascála. Ar an mbonn sin, b’fhéidir go mbeadh an Teachta sásta an leasú seo a tharraingt siar.

Tá mé tar éis éisteacht agus tá mé tar éis an litir ó Ollscoil Mhá Nuad a léamh athuair. Mar a luaigh mé an lá deireanach, tá mé den tuairim gur chóir dom an leasú seo a tharraingt siar ag an bpointe seo ach fós ba chóir go mbeadh rud éigin san reachtaíochta ag léiriú cad is inniúlacht ann. Tá inniúlacht sa Ghaeilge tríd an reachtaíocht atá os ár gcomhair. Dár ndóigh, tá ról lárnach ag an gcoiste comhairleach.

Beidh ról lárnach chomh maith ó thaobh an chaighdeáin de a bheidh á leagan amach ag na hinstitiúidí Stáit agus na Ranna agus a leithéid ó thaobh na hinniúlachta de chomh maith. Luaitear inniúlacht Ghaeilge ansin. Tá sé lárnach i ngach uile rud a dhéanaimid agus aithním go bhfuil poist sa státchóras nach mbeidh Gaeilgeoirí ann, b’fhéidir, go ceann 20 nó 30 bliain. Tá cinn eile ann, ámh, agus ba chóir go mbeadh siad ann cheana féin. Luaigh an tAire Stáit an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus go n-úsáideann an tseirbhís sin an creat teanga seo, TEG B2. Tá teip go huile is go hiomlán déanta ag an tseirbhís sin má úsáidtear é inti ach is fadhb níos bunúsaí í sin mar tá na figiúirí againn maidir leis an líon daoine atá inniúil sa Ghaeilge agus faoin méid Gaeilgeoirí atá tar éis poist a líonadh le bliain anuas. Léirigh an Teachta Connolly nuair a bhí sí ina Cathaoirleach ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán sa Dáil dheireanach leis an iniúchadh agus an fiosrúchán a rinne sí ar chuile Roinn sa Stát cé chomh tubaisteach is atá an earcaíocht agus leibhéal na Gaeilge laistigh den státchóras. Is féidir linn dul tríd é sin am éigin eile, más gá, ach tá éacht déanta aici leis an méid a bhí sa tuarascáil faoi sin.

Tá fadhb bhunúsach ann agus tá daoine ann atá, b’fhéidir, ag ligean orthu nó go gceapann go bhfuil inniúlacht acu sa Ghaeilge, ach níl. Níl siad in ann freagraí níos mó ná mar a bhí ag cara Bhreanndáin Ó Beaglaoich agus “Dia Duit” agus a leithéid a rá. Níl duine inniúil sa teanga mura bhfuil an duine in ann comhrá a bheith aige nó aici i nGaeilge agus bunchomhfhreagras a léamh agus a fhreagairt i nGaeilge.

Má tá duine ag fáil post ón Stát, ba chóir go mbeadh sé leagtha amach go bhfuil an Stát ag lorg go mbeadh leibhéal áirithe sroichte ag an duine sin. Is mar sin a bhíodh sé. Tá an Stát tar éis sin tarraingt siar uaidh sin. Mura bhfuil an Ghaeilge ag an duine, tá poist eile ar fáil. Tá an earnáil phríobháideach ann agus tá súil agam go bhfuil go leor post ansin. Tá an deis ag an duine freisin dul agus teacht ar an teanga. Dá mbeinn ag iarraidh dul go dtí an Fhrainc agus post a fháil sa státchóras ann, ní bheadh seans ar bith go mbeinn ag fáil post sa tír sin mura mbeinn in ann an teanga náisiúnta atá ann a labhairt agus mura mbeinn in ann mo ghnóthaí a dhéanamh tríd an bhFraincis. Ba chóir go mbeadh sé mar an gcéanna anseo, go háirithe d’aon duine atá ag lorg post a bheadh lonnaithe sa Ghaeltacht, mar go mbeadh an tseirbhís a bheadh siad ag soláthar don phobal trí Ghaeilge nó go mbeadh seans ann go mbeadh sé amhlaidh.

Fadhb amháin atá leis an díospóireacht seo ná go bhfuilimid ag caint faoi rud éigin a thiocfaí, is é sin, an coiste comhairleach. Chomh maith leis sin luadh an caighdeán cúpla uair anseo. Bhí sé i gceist go mbeadh dréachtchaighdeán foilsithe agus dá mbeadh sé sin os ár gcomhair bheadh tuiscint éigin againn cad go díreach atá an tAire Stáit ag caint faoi. An bhfuil sé ag caint faoi B1, C1, nó B2 ag na leibhéil dhifriúla sa státchóras. Impím ar an Aire Stáit, más féidir in aon chor, sula mbeimid críochnaithe ar Chéim an Choiste agus a shroichimid an chaint ar na caighdeáin go mbeadh dréacht againn. Nílimid chun an tAire Stáit a cheangal síos leis an dréacht mar is dréacht atá ann. Bheimis in ann a rá ansin gurbh é sin nó nárbh é sin an bealach ceart glacadh mar gur shíl mé gurbh é sin a bheadh i gceist ar an gcéad dul síos.

Tá cúpla Teachta eile ag iarraidh cainte agus b’fhéidir nuair a bheimid críochnaithe ansin gur féidir liom machnamh arís a dhéanamh ar an leasú. Más gá, is féidir liom é a tharraingt siar ach go mbeadh sé i gceist agam é a chur isteach arís ar Chéim na Tuarascála mura bhfuil aon teacht chuige nó soiléiriú ón Aire Stáit le linn dúinn a bheith ag dul tríd an chuid eile den reachtaíocht. Táim críochnaithe anois agus measaim go bhfuil daoine eile ag iarraidh labhairt.

Fáiltím roimh an méid atá ráite ag an Aire Stáit. Taispeánann sé an úsáid a bhaineann le díospóireacht chuimsitheach a dhéanamh sa Teach seo ar Bhillí. Deirim i gcónaí gurbh é an rud is mó agus is fadtéarmaí a dhéanaimid sa Teach seo ná an reachtaíocht agus ní ceart riamh reachtaíocht a dhéanamh faoi dheifir mura bhfuil fíorphráinn éigeandála ag baint leis.

D’éist mé go cúramach leis an Aire Stáit agus is é an tuiscint a bhain mé as ná gur féidir - tá sé seo in alt 7 den Bhille - go mbeidh sé seo leagtha síos sna caighdeáin agus go mbeidh caighdeáin éagsúla i gceist. Mar a dúirt mé an lá faoi dheireadh, is é sin an cleachtas atá i gCeanada. Mar a dúirt mé freisin, nuair a chuamar go Ceanada ní go Montréal a chuamar, is iad sin na háiteanna a labhraítear an Fhraincis, ach chuamar go dtí na háiteanna ina bhfuil an Béarla go mór i dtreis, mar is cosúla i bhfad iad sin seachas an Ghaeltacht an-bheag atá againn, leis an bhfíor-staid anseo in Éirinn.

Le linn don Aire Stáit a bheith ag breathnú air seo, is dóigh go gcaithfidh sé breathnú ar alt 7 den Bhille mar atá sé foilsithe, mar deir sé: “Féadfaidh an tAire…” agus téann sé ar aghaidh ansin leis an rud atá á rá ag an tAire Stáit go bhféadfadh caighdeáin éagsúla a bheith i gceist, agus chuile shórt mar sin, agus níl aon fhadhb agam leis sin. Ní deir sé “go gcaithfidh” an tAire. B’fhéidir go mbeidh ardú céime faighte ag an Aire Stáit agus go mbeidh a fhios aige i bhfad níos mó faoin gcaoi a dtiocfaidh é seo ag an gcéad duine eile agus an mbeidh spéis aige sa jab. Le linn don Aire Stáit a bheith ag machnamh arís ar an gcaoi a thabharfaidh sé faoi seo, an mbeadh sé sásta breathnú air sin freisin agus dá mbeadh curtha istigh ansin “go leagfaidh an tAire”, nó go bhforordóidh an tAire, caighdeáin teanga agus mar sin de, agus leis sin chun an éiginnteacht atá sa mhír sin a bhaint as, mar go gcaithfidh é sin a dhéanamh?

Ar a laghad ar bith nuair a d’fhoilseofaí na caighdeáin seo, beidh deis ag daoine a rá an bhfuil sé sách ard agus cén chaoi a n-ainmneofar na poist agus beidh sé sin tábhachtach. Is é sin an ainmneofar post ina gcaithfidh déileáil le cainteoirí láidre Gaeilge go laethúil agus ábhair chasta a phlé ag caighdeáin sách ard? Luaigh an tAire Stáit féin an fáilteoir a mbeadh ag cur fáilte roimh an bpobal i gnáth-Roinn Stáit agus caighdeán i bhfad níos lú Gaeilge ag teastáil uaidh nó uaithi. B’fhéidir go ndéanfaidh an tAire Stáit machnamh air sin mar nuair a thiocfaimid chomh fada le halt 7 beidh fadhb againn le halt 7 mar a sheasann sé mar go bhfuil “féadfaidh” sa chlásal nó abairtín áirithe sin. Is é sin an ceann a úsáideann Ranna Stáit go minic le héalú as rudaí a dhéanamh. An féidir leis an Aire Stáit a rá go mbreathnófaí air sin agus go mbeidh sé sin láidrithe go dtí an pointe go ndéarfaidh sé: “forordóidh an tAire caighdeáin teanga” agus mar sin de?

D’fhéadfaí na caighdeáin a athrú ar ndóigh in imeacht ama, le bheith réalaíoch faoi, ach caithfidh caighdeáin a bheith ann. Is é sin an rud tábhachtach faoin gceist seo. B’fhearr go mbeadh roinnt caighdeán éagsúla ag brath ar an jab agus aontaím leis sin. B’fhéidir go smaoineodh an tAire Stáit ar an méid sin agus go dtabharfadh sé nod don Teach go láidreoidh sé an abairtín sin mar gurbh é sin eochair na ceiste seo a bhfuilimid ar fad ag iarraidh díriú isteach air.

Is dócha go bhfuil míthuiscint in áit éigin. Dá mba rud é nach raibh duine in ann Béarla sásúil a labhairt bheimid i dtrioblóid, nach mbeadh? An mbeadh an tAire Stáit sásta glacadh le duine i bpost a mbeadh an obair go léir trí Bhéarla ach nach raibh caighdeán Béarla sách ard aige nó aici?

An mbeadh sé sásta leis sin? An mbeadh sé sásta le duine le leibhéal B1 sa Bhéarla atá ag iarraidh a chuid gnó a dhéanamh go hiomlán trí Bhéarla agus atá ag déileáil le rudaí casta? An mbeadh sé sásta leis sin? Is ceist bhunúsach é seo. Tuigim nach féidir an domhan a réiteach thar oíche, domhan na Gaeilge ach go háirithe, ach tá míthuiscint nó míchothromaíocht i gceist laistigh den díospóireacht seo. Tá dhá theanga againn agus, de réir mar a thuigim, tá an Ghaeilge ar leibhéal níos airde ó thaobh an dlí de ach táimid ag rá gur leor cúpla focal, go bhfuil sé deacair agus b'fhéidir go réiteofar an fhadhb am éigin sa todhchaí.

Rinne an Teachta Ó Cuív tagairt don fhocal "féadfaidh". Baineann an t-alt sin úsáid as an bhfocal níos mó ná uair amháin. Tá easpa aitheantais agus míthuiscint anseo. Tá práinn ann. Tá teipthe ar an gcóras agus ní mór dúinn é sin a admháil. Is é an rud is suntasaí i ndáiríre ná an méid dea-thola atá i gceist ó thaobh na Gaeilge in ainneoin neamhaird gach Rialtais. Tá teipthe ar na scéimeanna teanga. Bhí deacracht ag an gcoimisinéir a chuid oibre a dhéanamh de bharr nach raibh a dhóthain cumhachta aige. Tá na daoine iontach go léir a oibríonn go crua ar an talamh laistigh den earnáil phoiblí os comhair an choiste go minic gan focal Gaeilge acu nó gan muinín acu. Tá teipthe agus ní mór é sin a admháil. Ní mór freisin an cheist a chur, cad atá ag teastáil anois leis an mBille seo? Ba chóir go mbeadh inniúlacht ag, ar a laghad, 20% d'oibrithe nua a gcuid oibre a dhéanamh i nGaeilge agus i mBéarla. Chomh maith leis sin, ba chóir go mbeadh córas ann chun é a éascú do dhaoine laistigh den earnáil feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Is rud bunúsach é ceist na hinniúlachta. Cad atá ag teastáil uainn maidir leis sin ionas go mbeimid in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge? Nílimid ag caint ar athrú thar oíche. Tá neart foighne ag muintir na Gaeilge araon le neart taithí ar bheith ag fanacht, ach níl siad chun fanacht go deo. Tá gá le práinn a chur isteach sa cheist seo.

Fillfidh mé ar cheist Mhaigh Nuad arís. Ba mhaith liom a rá go poiblí nach bhfuil mé ag díriú isteach ar Ollscoil Mhá Nuad go háirithe seachas ar aon ollscoil eile, ach tá na litreacha cabhrach. Tugann siad cabhair dúinn toisc nach saineolaithe muid. Tugann siad cabhair dúinn ó thaobh an chomhthéacs agus tugann siad tuiscint níos deimhne dúinn. Ar leathanach 2 den litir deirtear "I mbeagán focal, gan chomhchreat agus córas teastasaithe, ní féidir caighdeán sásúil seirbhíse trí Ghaeilge a chinntiú." Leanann sé ar aghaidh. Tiocfaidh muid ar ais go dtí an cheist seo gan dabht.

Má tá an Teachta Ó Snodaigh sásta a leasú a tharraingt siar agus é a chur arís, táim sásta leis sin, ach ní dóigh liom go bhfuilim sásta leis an Aire Stáit. Tá dhá rud á rá aige. Tar éis an cruinnithe dheireanaigh, cheap mé go raibh sé sásta teacht ar ais le leasú chun ciall a chur isteach ann, ach anois tá sé ag rá nach bhfuil sé sásta é sin a dhéanamh ach go mbreathnóidh sé ar an gceist. Chuirfeadh sé gliondar ar mo chroí inniu a chloisteáil go bhfuil sé aitheanta ag an Rialtas go bhfuil géarchéim ann. Ní mór dúinn beart a dhéanamh de réir ár mbriathar bunaithe ar an aitheantas sin. Is é an rud is bunúsaí ná go mbeadh caighdeán i gceist. Tá sé ráite ag Ollscoil Mhá Nuad gur féidir idirdhealú a dhéanamh idir daoine atá go maith le Gaeilge scríofa agus daoine atá go maith le caint agus comhrá. Tá sé sin aitheanta agus oibrithe amach ag na daoine sin ón ollscoil. Níl mé róchinnte fós an bhfuil sé isteach sa reachtaíocht nó taobh amuigh de ach táim cinnte de rud amháin; tá gá le caighdeán. Tá gá le haitheantas go bhfuilimid i dtrioblóid agus tá gá dul i ngleic leis an bhfadhb seo i mbealach dearfach atá bunaithe ar chearta.

Ba mhaith liom a shoiléiriú céard a dúirt mé seachas céard a cheaptar go dúirt mé. Faoin moladh a rinne mé, bheadh caighdeáin leagtha síos a bheadh seasamh dlí acu. Mar chuid de sin, chaithfidís a bheith faofa go neamhspleách ar an státchóras. Dá mbeadh Gaeilgeoirí fairsing nó dá mbeadh Gaeilge ag chuile dhuine sa tír seo, is ar éigean go mbeadh muid istigh anseo le Bille teanga á phlé ar chor ar bith. Dá mbeadh Gaeilge ag 50% de dhaoine sa tír, agus gan aon Bhéarla acu, tá seans ann nach mbeadh an oiread gá le hAcht teanga mar bheadh an t-éileamh ann féin. Is í fírinne an scéil a bhfuil muid ag déileáil leis ná, má táimid ag caint ar dhaoine a bhfuil dóthain cumais acu gnóthú trí Ghaeilge, is na daoine a labhraíonn Gaeilge chuile lá dá saol atá i gceist. Tá thart ar 80,000 dóibh sa Stát. Tá gasúir ina measc sin chomh maith le daoine san earnáil phríobháideach agus daoine atá ar a bpinsin. Tá an tobar de dhaoine atá thar a bheith inniúil sa Ghaeilge teoranta. Ba cheart cur leis sin go staidéarach, ach ní tharlóidh sé thar oíche.

Tá sé deacair ag daoine nuair atá siad fásta suas an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá sé i bhfad níos éasca ag leanaí agus naíonáin. Feictear é sin. Má thosaítear ag labhairt Gaeilge le gasúir, labhróidh siad ar ais i nGaeilge. Má thosaítear ag labhairt leo sa tSínis, labhróidh siad ar ais sa tSínis. De réir mar a fhásann daoine aníos, éiríonn sé níos deacra. Déanann daoine é agus is samplaí iontacha iad roinnt de na daoine atá i láthair sa Teach seo inniu ach ní hé an gnáthrud a tharlaíonn, is cuma cé mhéad rang Gaeilge a chuirtear ar bun. Tabharfaidh mé an méid seo mar shampla. Dá mbeadh caighdeán ann agus dá mbeadh sé leagtha amach sa gcaighdeán sin go mbeadh Gaeilge bhunúsach ag chuile fháilteoir i ngach uile comhlacht poiblí ionas go mbeadh an chéad duine a chastar leis agus daoine ag dul isteach i ndoras in ann fáilte a chur rompu, teachtaireachtaí a thógáil go raibh siad ag lorg duine áirithe, uimhreacha a thógáil síos agus rudaí simplí eile mar sin, b'iontach an dul chun cinn é sin. Ach dá mbeifí ag iarraidh gnáthghnó an lae nó gnó an Stáit a dhéanamh trí Ghaeilge, teastaítear caighdeán Gaeilge difriúil ar fad.

Ar ndóigh, dá mba rud é go raibh cainteoirí dúchasacha Gaeilge fairsing chuile áit, leagfaí amach go gcaithfeadh duine de na daoine sin a bheith ag chuile oifig fháilte sa tír, ach ní chreidim go bhfuil an soláthar ann faoi láthair agus ní bheidh go ceann scata fada. Bheadh an Rialtas ag díriú ar na daoine sin a fháil chun na poist sin a líonadh. Bheadh sé ag súil go mbeadh sé in ann na daoine a fháil do na bunjabanna a dhéanamh áit a bhfuil éileamh ar an nGaeilge agus gnó an lae a dhéanamh trí Ghaeilge, rud nach bhfuil ar fáil i láthair na huaire. Tá ganntanas mór millteach ann.

Ní gá ach suirbhé a dhéanamh sa chloigeann de na daoine atá ag plé leis an bpobal. I nGaeltacht Chonamara, an ceann is láidre sa tír, tá daoine a théann ó theach go teach ar an talamh, oifigigh leasa shóisialaigh agus feidhmeanna na comhairle contae, atá ag plé leis an bpobal. Nílim ag caint faoi na daoine nach bhfuil mórán plé leis an bpobal acu ach faoi siúd a bhíonn ag plé leis chuile lá. Is sampla eile é an fhoireann innealtóireachta. Caithfimid díriú air sin. Caithfimid na caighdeáin agus na poist a leagan síos. Aontaím leis sin ach, má tá an tAire Stáit ag iarraidh rud eile a dhéanamh agus gan caighdeán chomh hard sin Gaeilge a thabhairt isteach, ba cheart go mbeadh caighdeán ann ina leagtar amach poist na ndaoine sin. Sa bhealach sin, beimid in ann dul ar aghaidh ón áit ina bhfuil muid go céimniúil mar is áit sách dona é.

Is é an rud nach maith liomsa faoin leagan amach atá air seo ná an "féadfaidh", is é sin nach bhfuil aon ghá rudaí a dhéanamh. Iarraim ar an Aire Stáit breathnú air sin. Tá sé rólag, ró-éiginnte agus róscaoilte. An gcaithfear caighdeán a leagan síos? D'fhéadfaimis ansin dul isteach sna ceisteanna cigilteacha. Cén poist a leagfaí amach do na caighdeáin is airde? Cé mhéad duine atá ar fáil? An ceart go mbeadh caighdeáin eile ann do phoist áirithe nach bhfuil riachtanas don chaighdeán sin Gaeilge iontu? Is ceist i bhfad níos casta agus ceist do lá eile é sin, ach ba cheart go mbeadh na caighdeáin ann agus go mbeadh an tAire Stáit in ann iad a shainordú le haghaidh poist áirithe.

Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Cuív. Beidh mé ag féachaint ar alt 7 ar Chéim na Tuarascála chun é a fheabhsú. Tuigim tábhacht na ceiste seo. Maidir le ceist an Teachta Ní Chonghaile, níl easpa aitheantais ann ó mo thaobh. Bhí sí beagáinín ródhiúltach arís maidir leis an mBille agus maidir leis an gceist seo. Mar is eol don choiste, tá an Rialtas tiomanta do neartú agus cur chun cinn na Gaeilge. Is le dul i ngleic leis na fadhbanna atá ann atá an Bille seo á thabhairt chun cinn againn. Mar a dúirt mé leis an Teachta Ó Snodaigh, táim sásta féachaint ar a bhfuil ar leathanach 19 den Bhille cheana féin faoin gcreat comhchoiteann tagartha Eorpach le haghaidh teangacha, féachaint an bhfuil bealach inar féidir é sin a láidriú agus teacht ar ais le moladh ar Chéim na Tuarascála. Táim sásta féachaint ar an gceist seo agus táim anseo chun é sin a fheabhsú.

Tá níos mó ná uair an chloig caite againn ar leasú Uimh. 9 anois agus tá níos mó ná 300 leasú againn. Tá sé tábhachtach na leasuithe eile a phlé freisin.

Tá súil agam go mbeidh tacaíocht an Teachta Ó Cuív againn i gcomhair leasú Uimh. 190. Tá an méid a dúirt sé clúdaithe agam sa leasú sin. Leis an leasú, déanfar iarracht "féadfaidh" a athrú go "déanfaidh" sa chás seo. Ag an staid seo, táim sásta an leasú a tharraingt siar ach beidh mé á chur arís ag Céim na Tuarascála chun déileáil leis an gceist muna bhfuil an tAire Stáit tar éis déileáil leis roimhe sin. An bhfuil seans ar bith ann go mbeidh dréacht nó creatlach de na caighdeáin teanga foilsithe go luath ionas gur féidir linn tuairim a bheith againn ar cad go díreach atá iontu agus muid ag déileáil leis an mBille seo seachas a bheith ag déileáil leis an méid atá sa reachtaíocht amháin?

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Vice Chairman

Tá baint ag leasuithe Uimh. 10, 11, 75, 77, 78, 80 agus 81 le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 10:

I leathanach 9, idir línte 1 agus 2, an míniú seo a leanas a chur isteach:

" ciallaíonn ‘foirm oifigiúil’ foirm a úsáideann comhlacht poiblí i dtaca leis an gcomhlacht sin do sholáthar seirbhíse;".

Is leasú de chuid an Rialtais é Uimh. 10, a bhaineann le sainmhíniú ar céard is foirm oifigiúil, rud a bhí iarrtha ag an Roinn Dlí agus Cirt. Tá an sainmhíniú atá muid ag cur chun cinn aontaithe leis an dréachtóir parlaiminte agus sílim gur réiteach maith agus simplí é a chuimsíonn céard is brí le foirm oifigiúil ann. Leis an méid sin ráite, tuigim go mbaineann leasú Uimh. 11 leis an ábhar céanna agus go ndéanann sé tagairt shonrach do chóipeanna crua agus foirmeacha ar líne. Feictear dom go bhféadfadh fiúntas a bheith leis an tagairt shonrach sin agus táim sásta féachaint air agus teacht ar ais ar Chéim na Tuarascála. Sna cúinsí sin, ní bheidh mé ag brú leasú Uimh. 10 má tá an Teachta sásta a leasú féin a tharraingt siar freisin.

Maidir le leasuithe Uimh. 75 agus 77, tógfaidh mé le chéile iad. Baineann siad le "déanfaidh" a chur in áit "féadfaidh". Is mian liom buíochas a ghabháil as an leasú ach níl i gceist agam glacadh le leasú Uimh. 75 i láthair na huaire. Tugann an leasú mar atá an-sholúbthacht don Aire comhlachtaí poiblí a ordú chun críche an ailt seo, a bhaineann le foirmeacha oifigiúla. Tá go leor comhlachtaí poiblí ann nach mbíonn teagmháil acu leis an bpobal nó nach mbíonn ag soláthar foirmeacha dóibh. Dá bhrí sin, is gá go mbeadh solúbthacht ag an Aire ar an ábhar.

Maidir le leasú Uimh. 77, má tá an tAire tar éis comhlacht poiblí a ordú chun críche an ailt seo, bheadh an tAire ag ordú gur i nGaeilge, nó i nGaeilge agus i mBéarla araon, a bheadh ábhar agus leagan amach foirmeacha oifigiúla do chomhlachtaí poiblí. Táim sásta féachaint air seo agus teacht ar ais le moladh ar Chéim na Tuarascála mar go bhféadfaidh fiúntas a bheith ann. Ar an mbonn sin, b'fhéidir go mbeadh an Teachta sásta na leasuithe seo a tharraingt siar.

Baineann leasuithe Uimh. 78, 80 agus 81 le leagan amach foirmeacha oifigiúla. Tá an tábhacht a bhaineann le foirmeacha oifigiúla a bheith ar fáil go dátheangach aitheanta ag an Rialtas. Foráiltear leis an alt 9B nua, a moltar in alt 4, gur chóir foirmeacha oifigiúla a fhoilsiú i nGaeilge nó go dátheangach, is é sin i nGaeilge agus sa Bhéarla. Foráiltear freisin an modh inar chóir é sin a dhéanamh. Bheadh an tAire in ann rialacháin a ordú ionas go mbeidh na mionsonraí a bhaineann leis seo clúdaithe sna caighdeáin. Ag féachaint arís dom ar an mBille, sílim go ndéanfadh sé ciall dá mbeadh foráil ann a bhainfeadh le treoirlínte a ullmhú agus a eisiúint, mar atá ann san alt 9A(4)(a) atá molta i ndáil le hainmneacha, seoltaí agus teidil, agus sna hailt molta 9B, 9C agus 9D a bhaineann le dualgais comhlachtaí poiblí maidir le foirmeacha éagsúla, lógónna agus ainmneacha gnó de chuid na comhlachtaí reachtúla nuabhunaithe. Tá sé i gceist agam féachaint air seo agus teacht ar ais le moladh ar Chéim na Tuarascála. Ar an mbonn sin, b'fhéidir go mbeadh an Teachta sásta na leasuithe seo a tharraingt siar freisin.

Cloisim an méid atá á rá ag an Aire Stáit. Is í an fhadhb atá agam le tarraingt siar leasuithe, cé go bhféadfaidh mé é seo a dhéanamh sa chás seo, ná go bhfuil a lán de seo tar éis a bheith cíortha sa choiste nuair a bhí sé ag cur le chéile an tuairisc mhór fhada sin. Fuarthas aighneachtaí ó roinnt daoine difriúla. Tá é sin ar fad ar fáil ag an gcomhchoiste. Rinne Dáithí Mac Cárthaigh, Íte Ní Chionnaith agus Tadhg Ó Cruadhlaoich aighneachtaí. Luadh an t-ábhar arís ó shin. Ní rud nua atá i gceist. Bíonn eagla orm i gcónaí nuair atá solúbthacht á lorg ag Aire nó Aire Stáit mar, go dtí seo, is í an tsolúbthacht atá i gceist ná solúbthacht gan a dhéanamh mar ba chóir ar aon chaoi. Tá a fhios againn cheana féin go bhfuil ceart ag Gaeilgeoirí foirmeacha a fháil as Gaeilge. Is dualgas ar an Stát é seo. Leagadh síos é sin i gcás Ó Murchú v. Cláraitheoir na gCuideachtaí agus an tAire Tionscail agus Tráchtála. Is í an fhadhb atá ann ná, go dtí seo, rinneadh neamhaird air sin. Tá an chumhacht ag an Aire Stáit féin déanamh cinnte de go bhfuil foirmeacha ar fáil as Gaeilge. Is féidir leis ordú a thabhairt do gach uile chomhlacht iad sin a fhoilsiú diaidh ar ndiaidh nó láithreach.

Thug an tAire Stáit leithscéal go bhfuil roinnt foirmeacha oifigiúla ann nach scaiptear ar an bpobal iad. B'fhéidir go bhfuil an ceart aige ach, más gá, is féidir mionmhíniú a dhéanamh agus, mar a dúirt an Teachta Ní Chonghaile tamall ó shin, is féidir geallúint a thabhairt go mbeadh lucht an Bhéarla sa tír ag lorg go mbeadh na foirmeacha sin aistrithe láithreach dá gcuirfí amach as Gaeilge iad. Dá bhfoilseodh an Stát chuile rud as Gaeilge sa chéad áit, is féidir a bheith damn sure go mbeadh Béarlóirí na tíre seo agus gach duine eile á lorg as Béarla. Bheadh an ceart acu é a fháil freisin ach ba chóir go mbeadh an ceart ceannann céanna agam nó ag aon duine eile foirm a fháil as Gaeilge, é a líonadh as Gaeilge agus aon chomhfhreagras a seolfaí ar ais a fháil as Gaeilge. Tá roinnt comhlachtaí agus Ranna Stáit an-mhaith leis sin, cé go bhfuil beagáinín moille i gceist ó am go chéile.

Ní féidir teacht air le roinnt eile, áfach.

Le déanaí fiú, bhí mise ag déanamh achomhairc a lorg ar fhíneáil pháirceála. Bhí mé ag déileáil le comhlacht príobháideach atá ann, theip orm ansin agus dúirt siad liom dul go dtí an Údarás Náisiúnta Iompair. Téitear ar an suíomh Idirlín s'aige agus má bhrúitear an cnaipe do Ghaeilge, tagann stuif suas i nGaeilge ach ní thagann an fhoirm suas. Caitear dul in iomrascáil leis an Idirlíon agus tagtar air mar tá sé ann ach ní féidir teacht air sa chéad dul síos. Sa lá atá inniu ann agus muid ag bogadh ar aghaidh i dtreo gach uile fhoirm a bheith ar líne, tá sé i bhfad Éireann níos éasca an tseirbhís seo a sholáthar.

Níor chóir go mbeadh muid riamh ag dul ar ais go dtí an staid ina bhfuair mise mé féin ann cúpla uair, áit a chuaigh mé go dtí stáisiún na nGardaí ag lorg foirm phas don passport agus dúirt siad: "Ah sure nobody asks for that." Bhí na foirmeacha Béarla acu ansin agus díreach toisc nach lorgaíonn duine é ní leithscéal é sin gan an fhoirm Ghaeilge a bheith ann. Ní lorgaíonn duine é toisc nach bhfuil sé ann agus bíonn a fhios ag daoine don chuid is mó nach mbíonn siad ann. Tá gá go mbeadh na foirmeacha i nGaeilge nó sa dhá theanga go huathoibríoch. Geallaim don Aire Stáit gur sa dhá theanga a roghnódh gach uile státchomhlacht sa tír seo.

Mar a dúirt mé, tá míniú sna leasuithe atá á dtairiscint agamsa beagáinín chun tosaigh ar an méid atá luaite go dtí seo mar an fhadhb atá ann ná go deireann daoine gur foirm fisiciúil ar pháipéar atá ann. Caithfidh na daoine sin a thuiscint anois gur foirm ar líne chomh maith céanna atá i gceist. Tiocfaimid ar ais chuige sin mar má tá duine ag líonadh amach foirm ar líne, caithfear teacht ar bhealach gur féidir leis nó léi a ainm nó a hainm a chur isteach i gceart agus déanfaimid comhrá faoi shíntí fada agus a leithéid níos déanaí.

Tá an tAire Stáit ag lorg solúbthacht maidir le leasú Uimh. 75 nó leasú Uimh. 77. Tá dualgas ann agus ba chóir go mbeadh dualgas ann. Ní chóir go mbeadh aon solúbthacht ann. Nuair atá sé sin ann, baintear úsáid as an solúbthacht sin. Ní hé go bhfuil costas nó aon rud i gceist mar tá na leasuithe seo ceadaithe agus níl leasuithe eile ceadaithe. Mar sin, ba chóir go mbeadh glactha leo. Mar a dúirt mé, tá sé sin de chumhacht ag an Aire Stáit cheana féin. Mar sin, ní chóir go mbeadh aon mhoill ar an dá leasú sin a luadh.

Dúirt an tAire Stáit arís go bhfuil sé clúdaithe sna caighdeáin - táimid ag glacadh leis go bhfuil, mar níl na caighdeáin os ár gcomhair. Muna bhfuil siad os ár gcomhair, ní féidir linne a bheith cinnte go bhfuil siad ann. Chomh maith leis sin, bhí cúpla leasú eile, Uimh. 73 agus Uimh. 74, ar chóir go mbeadh ceangailte leis seo but tá siad dícheadaithe agus tiocfaimid orthu ag an staid sin. Bhí na leasuithe sin ag leagan síos dualgas soiléir.

Níl mé 100% tugtha do na leasuithe seo a tharraingt siar. Caithfidh mé geallúint beagáinín níos láidre a fháil ón Aire Stáit, ní go bhféachfaidh sé air ach go ndéanfaidh sé beart de réir a bhriathar. Dúirt sé go dtarraingeodh sé siar an leasú s'aige, Uimh. 10 - agus glacaim leis sin - agus go mbeadh sé ag tairiscint leasú a bheidh bunaithe ar na coincheapa atá agamsa agus ag comhaltaí eile a luadh. Glacaim leis go mbeidh leasú i bhfad Éireann níos láidre ag teacht chun cinn ar Chéim na Tuarascála agus má fhaigheann muid an geallúint sin ón Aire Stáit, is féidir liom mo leasuithe a tharraingt siar mar níl mise ag iarraidh moill a chur ar an mBille seo.

Is dócha go bhfuil leasú nó dhó faoi leith agamsa ag baint le foirmeacha agus tá siad as ord. Ba mhaith liom rud a rá go sciobtha chun comhthéacs a léiriú. Aréir, bhí míthuiscint i gceist agam. Tá cáipéis nua foilsithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le plean nua agus baineann seo leis an nGaeilge. Is plécháipéis atá i gceist agus cheap mise go raibh spriocdháta ann don lá inniu nó don lá amárach chun aighneachtaí a chur isteach ach níl. Mar sin, bhí orm í a léamh aréir agus thosaigh an cáipéis le réamhrá i nGaeilge agus i mBéarla. Is cathair dhátheangach muid i nGaillimh. Tá an stádas oifigiúil sin againn, is rud iontach é sin agus táimid ar thairseach na Gaeltachta is mó sa tír. Sa chomhthéacs sin, bhí mé ag léamh an phlécháipéis seo aréir. Bhí an réamhrá i nGaeilge agus i mBéarla agus chuir sé sin gliondar ar mo chroí. Ansin lean mé ar aghaidh agus ní raibh focal Gaeilge le léamh sa chuid eile den cháipéis. Ní foirm atá i gceist anseo ach plean ach cuireann sé in iúl chomh lag agus atá an Ghaeilge i gcathair atá in ainm a bheith dhátheangach. Lean mé ar aghaidh agus bhreathnaigh mé go díreach ar an mír maidir le Gaeilge. Bhí údair na cáipéise sásta a leagan amach go raibh an stádas sin againne ach leagadh é sin amach i mBéarla. Sin an comhthéacs.

Táimid ag caint faoi fhoirmeacha agus beimid ag teacht ar ais go dtí cáipéisí agus go dtí reachtaíocht ach tá sé chomh lag an t-am uilig anseo, ní ó na daoine ar an talamh. Níl mé ag iarraidh a bheith diúltach agus ba mhaith liom fáil réidh leis an bhfocal sin mar ní bhean dhiúltach mé agus ní bhaineann diúltachas leis an díospóireacht seo. An rud a bhaineann leis an díospóireacht seo ná Bille láidir a chur chun cinn agus seo an t-aon deis atá againne. Ní bheidh an deis seo againn arís go ceann cúpla bliain nó níos mó.

Maidir leis an gceist ón Teachta Ó Snodaigh, beidh go leor a bheidh sa chaighdeán ag brath ar céard a bheidh sa Bhille. Mar sin, níl sé indéanta a leithéid a fhoilsiú ag an bpointe seo. Beidh mé i dteagmháil leis an Teachta maidir leis na leasuithe sin idir seo agus Céim na Tuarascála.

Gabhaim buíochas leis an Teachta Ní Chonghaile as a scéal a insint. Nílim sásta leis an scéal sin. Níl sé sin go maith agus sin an fáth go bhfuilimid anseo. Táimid anseo chun an Ghaeilge a fheabhsú agus chun a chinntiú go mbeidh na caighdeáin níos airde ar fud na tíre.

Nuair a thagann an tAire Stáit ar ais maidir leis na leasuithe, an dtiocfaidh sé ar ais chugainn go léir maidir le cad atá i gceist?

Beidh deis ag an Teachta roimh Chéim na Tuarascála. Beimid i dteagmháil le comhaltaí.

Linne go léir ar an gcoiste, an ea?

Vice Chairman

An bhfuil an tAire Stáit chun an leasú a bhrú?

Níl. Beimid ag teacht ar ais ar Chéim na Tuarascála.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Vice Chairman

Pléadh leasú Uimh. 11 cheana in éineacht le leasú Uimh. 10. An seasann an leasú?

Tairgim leasú Uimh. 11:

I leathanach 9, idir línte 1 agus 2, an méid seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘foirm oifigiúil’ foirm ar bith, lena n-áirítear foirm chruachóipe agus foirm ar líne, arna déanamh ag comhlacht poiblí, nó thar a cheann, a bheidh le comhlánú ag duine, lena n-áirítear duine dlítheanach nach ball den Stát é nó í, nó thar ceann duine den sórt sin;”.

Sula gcríochnaím leis an leasú seo, ba mhaith liom a rá go bhfuil sé de dhualgas ar an Stát an dlí a chur i bhfeidhm. Má tá sé dlíthiúil go mbeadh foirmeacha as Gaeilge mar atá leagtha síos ag na cúirteanna, tá sé seafóideach gur gá dúinn leagan síos i reachtaíocht gur sin mar ba chóir. Áfach, sin mar atá toisc gur theip orainn i gcoitinne sa Stát seo an dlí a chur i bhfeidhm agus deis a thabhairt dúinn an Ghaeilge a úsáid. Tá mé sásta go bhfuil plé le bheith againn faoin gceist seo agus dá réir agus go bhfuilimid chun bogadh i dtreo dualgais a bheith ar an Aire seachas go bhféadfadh dualgas a bheith ar an Aire agus nach mbeadh ga dó nó di forordú a dhéanamh cás i ndiaidh cáis, mar a dúirt Pádraig Ó Laighin nuair a thug sé óráid dúinn sa choiste. Ní chóir go mbeadh ar an Stát forordú a dhéanamh ar chás i ndiaidh cáis. Ba chóir go mbeadh sé uathoibríoch agus go mbeadh a fhios ag gach uile chuid den státchóras go bhfuil gá dóibh na foirmeacha a fhoilsiú i nGaeilge nó go dhátheangach.

Leis sin ráite, tarraingeoidh mé leasú Uimh. 11 siar ag an staid seo toisc go bhfuil mé ag tnúth leis an bplé a bheidh againn ar leasú níos láidre a thairiscint ionas go mbeidh an Bille níos láidre dá réir.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.
Aontaíodh alt 2.

Vice Chairman

Tá leasú Uimh. 12 as ord mar gheall ar an ioncam ach tugaim deis don Teachta Ó Snodaigh cúpla focal a rá mar gheall air.

Tuigim é sin agus tuigim gur lorg Oifig na mBillí go mbeadh an leasú seo dícheadaithe toisc go bhfuil costas i gceist.

Tá costas i gceist le gach uile rud a dhéantar ach braitheann sé más tosaíocht don Stát é. Is trua go bhfuil an srian seo orainn ó thaobh costais de. Uaireanta bíonn muid ag lorg go mbeadh an tAire in ann díriú isteach air agus féachaint air.

B'fhéidir go bhfuil na tuairimí atá sa leasú maith go leor go mbeidh an tAire Stáit in ann teacht ar ais chuige ar Chéim na Tuarascála agus a leasuithe féin a chur i bhfeidhm, bunaithe ar an méid atá sa leasú seo. An rud a bhíomar ag triall a dhéanamh anseo ná déanamh cinnte de go mbeadh leasú ar alt 3. Is mionleasú atá ann a chuireann an tAire ar chomhchéim le hAirí eile ó thaobh caiteachais de maidir le feidhmeanna a Roinne féin. Déanfaidh mé é a thairiscint arís ar Chéim na Tuarascála. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit sásta féachaint ar an méid a bhí an abhcóide Dáithí Mac Cárthaigh ag lua faoi seo ina aighneacht, atá foilsithe i dtuarascáil an chomhchoiste ar leathanach 101. Tá sé leagtha amach ansin cén fáth gur gá dúinn leasú mar seo a dhéanamh.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 12.
ALT NUA

Tairgim leasú Uimh. 13:

I leathanach 9, idir línte 3 agus 4, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht

3. Leasaítear alt 4(1) den Phríomh-Acht trí “, le toiliú an Aire Airgeadais” a scriosadh.”.

Is leasú é seo ar alt 4 den phríomh-Acht. Táimid ag rá an rud céanna anseo arís. Tá sé ait gur scaoileadh leis an leasú seo isteach agus nár scaoileadh leis an leasú deireanach isteach mar is an foclaíocht ceannann céanna é seachas gur alt difriúil atá i gceist. Is mionleasú é seo a chuireann an tAire ar chomhchéim le hAirí eile ó thaobh caiteachais de maidir le feidhmeanna a Roinne féin faoi réir faireacháin an Oireachtais. Freisin, cuirtear an tAire ar chomhchéim le hAirí eile maidir le rialachán a dhéanamh, arís faoi réir faireacháin an Oireachtais, agus an tAire eile, a bhaineann le rialachán i gceist lena gcuid dualgais agus inniúlachtaí.

Sin an méid a bhí le rá, mar a dúirt mé cheana, ag Dáithí Mac Cárthaigh san aighneacht a rinne seisean agus atá luaite i dtuarascáil an chomhchoiste ar leathanach 29 agus tá an aighneacht féin ar fáil ar leathanach 101. Má dhéanann Aire rialachán nó forordú, cuireann sé nó sí faoi bhráid an Oireachtais é le toil an Rialtais ina iomlán. Mar sin, níor chóir go mbeadh toil faoi leith ag teastáil ón Aire Oideachais anuas air sin muna bhfuil aon chaiteachas poiblí i gceist. Sin an fáth go raibh an leasú deireanach as ord, b'fhéidir, ach sa chás seo, sin atá ann. Mar sin, níor chóir go mbeadh toil faoi leith ag teastáil ón Aire Oideachais anuas air sin mar tá an tacaíocht ag an Aire cheana féin nuair a dhéanann sé nó sí forordú ón Rialtas ina iomlán.

Roimhe seo, in 2003, rinne mise iarracht leasú dá shórt seo a chur i bhfeidhm nuair a bhí an Teachta Ó Cuív ina Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus muid ag plé leis an mbun-Bhille. Ag an am, d'admhaigh an Teachta Ó Cuív nach ionann toil an Aire Airgeadais agus toil an Rialtais go hiomlán ach thug sé gealltanas dom nach dtarlódh easaontas idir Aire Airgeadais agus Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta riamh a chuirfeadh isteach ar mhaoiniú don Ghaeilge. Tá an saol tar éis bogadh ar aghaidh ach bhí an ceart aige. Má tá Aire ag déanamh forordú, tá tacaíocht an Rialtais aige nó aici cheana féin agus ní fheicim go mbeadh sé nó sí ag cur a mhuineál nó a muineál ar an líne chun raic a thógáil leis an Aire Airgeadais. Ó shin, tharla sé go raibh teip mhór millteanach ar an maoiniú don Ghaeilge agus ba léir é sin toisc an bhfadhb eacnamaíochta, cinntí na Rialtas idir an dá linn agus ceisteanna eile. Níl gá leis an bhforáil seo seachas chun bac a chur ar an Aire cinneadh a dhéanamh chun cearta teanga a chosaint. Mhol Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán an leasú seo freisin ina thuarascáil in 2018.

Ní féidir liom glacadh le leasú Uimh. 13. Tá an cuid den fhoráil seo fíorthábhachtach de bharr go bhfuil sé mar chuid den chóras srianta agus ceartúchán agus deimhníonn sé go bhfuil próiseas faireacháin ann ó thaobh na Státchiste de. Is rud caighdeánach é seo agus tá sé sna céadta dlíthe, mar shampla an tAcht um Ombudsman do Leanaí, 2002 agus an tAcht um Chomhairle Mhúinteoireachta, 2001 agus a lán dlíthe eile. Tá an Rialtas tiomanta chun an Bille seo a chur chun cinn. Gheall muid anuraidh go dtabharfadh muid Bille níos láidre chun cinn, rud a táimid ag déanamh. Táimid ag cur spriocdhátaí isteach sa Bhille le déanamh cinnte de go mbeidh dul chun cinn leanúnach á dhéanamh.

Níl mé chun moill a chur ar chúrsaí. Díreach toisc go bhfuil sé i reachtaíocht eile, ní chiallaíonn sé sin amháin gur gá go mbeadh sé i ngach uile dlí. Bíonn sé i reachtaíocht a chuir mé le chéile mé féin toisc gur bhealach é chun teacht timpeall ar an gcosc atá orainn mar Fhreasúra agus mar chúlbhinseoirí. Nuair a táthar ag cothú reachtaíochta, bítear ag lorg toil an Aire Airgeadais chun léiriú nach bhfuiltear ag teacht salach ar an mBunreacht ó thaobh caiteachais de. Ní féidir linn caiteachas a chur ar an Rialtas nó ar an bpobal. Sa chás seo, áfach, maítear sa Bhunreacht go ndéanann an Rialtas cinntí maidir le caiteachas. Níl gá, mar sin, do bhall den Rialtas a léiriú go bhfuil toil aige nó aici ón Aire Airgeadais. Is reachtaíocht atá ann so tá toil an Rialtais i gceist agus tá sé sin ann cheana féin nuair a dhéantar na forálacha a chur chun cinn, nuair a dhéanann an Rialtas tacú leis an mBille a thabhairt chun cinn, nuair a dhéanann an Rialtas vótáil más gá ar na Céimeanna difriúla agus nuair a chuirtear an reachtaíocht chuig Áras an Uachtaráin sa deireadh thiar.

Ba chóir go mbeadh athrú anseo. Ba chóir go mbeadh athruithe parlaiminte ag teacht chun cinn a thógadh muid isteach sa nua-aois seachas a bheith ag leanúint seantraidisiún Shasana agus Westminster. Tá roinnt den fhoclaíocht sin gafa le hamanna difriúla agus le hamanna gur chóir go mbeadh muid ag bogadh ar aghaidh uathu. Caithimid déanamh cinnte de nach bhfuil muid ag teacht salach ar na cúirteanna nó ar an gcóras reachtaíochta i gcoitinne. Is traidisiún atá ann seachas go bhfuil gá leis in aon reachtaíocht go bhfios domsa sa chás seo.

Vice Chairman

An bhfuil an Teachta chun an leasú a bhrú?

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.
ALT 3

Vice Chairman

Tá leasuithe Uimh. 14 go dtí Uimh. 17, go huile, bainteach le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 14:

I leathanach 9, líne 8, “féadfaidh” a scriosadh agus “déanfaidh” a chur ina ionad.

Tá leasú Uimh. 14 simplí go leor. Déanann sé cinnte de go bhfuil dualgas ar an Aire seachas go bhféadfadh sé nó sí rud a dhéanamh. Tá athrú cuibheasach simplí i gceist sa chás sin.

Tá leasuithe Uimh. 15, 16 agus 17 beagáinín níos casta ach tá siad gafa leis seo chomh maith. Séard atá i gceist iontu ná dualgas a chur ar an Aire ceannchomhlachtaí poiblí a cheapadh go tapa nuair atá folús ann trí shrianta ama faoi leith a chur leis na ceapacháin. Is é sin an rud a bheadh i gceist ag an Aire a dhéanamh ar aon nós. Mar sin, tá súil agam go n-aontóidh an tAire Stáit leis seo. Níor chóir go mbeadh cead ag an Aire gan ceannchomhlachtaí poiblí a cheapadh de réir an Achta seo. Tá leasú Uimh. 14 bunaithe arís ar mholadh Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán in 2018.

Chuidigh Foras na Gaeilge leis an moladh sin. Agus iad ag caint leis an gcomhchoiste, mhol siad foclaíocht lag a thréaslú, ar nós "déanfaidh" a chur in áit "féadfaidh". Níl costas nó breis áiseanna ag teastáil ina leith seo. Is cosúil go mbeidh daoine fágtha i gceannas ar chomhlachtaí ar aon nós. Cuirfidh sé seo dualgas an-daingean ar an Aire.

Tá leasuithe Uimh. 15 agus 17 beagnach mar an gcéanna, seachas go ndeirim i mo leasú gur gá folúntas a líonadh laistigh de thréimhse ama 28 lá agus tá an Teachta Ní Chonghaile ag iarraidh go mbeadh sé líonta agus ainm curtha faoi bhráid an Oireachtais taobh istigh de 28 lá. Tá mise sásta le cibé acu sin a ghlacfar leis. Aontaíonn muid go léir nár chóir go mbeadh folúntas ann i ról cheann comhlachta phoiblí faoin Acht seo ar feadh tréimhse níos mó ná mí ar a laghad.

Rud eile a bhí molta i dtuarascáil an chomhchoiste ná go dtiocfadh an fhoráil seo i ngníomh ar an bpointe boise seachas bheith ag fanacht go dtí i ndiaidh don Acht teacht i réim. Uaireanta tógann sé míonna nó cúpla bliain do roinnt de na forálacha a bheith curtha i bhfeidhm. Tá sé i gceist againn go dtiocfaidh sé seo isteach chomh luath is atá an reachtaíocht seo críochnaithe agus sínithe ag an Uachtarán agus nach mbeadh aon mhoill air. Sin atá curtha againn i leasú Uimh. 16.

Arís, is leasuithe praiticiúla iad seo agus níl mórán ag baint leo. Níl a fhios agam cén dearcadh atá ag an Aire Stáit fúthu ach arís, táimid ag iarraidh spriocdháta agus sprioc ama a chur isteach sa Bhille. Is rud praiticiúil é sin. Tá an focal "féadfaidh" ró-scaoilte agus ró-oscailte, mar a dúirt an Teachta Ó Cuív maidir le rud eile, so táimid ag rá "déanfaidh".

Maidir le leasú Uimh. 17, tá "a luaithe is féidir" ró-scaoilte agus ró-oscailte freisin. An teachtaireacht atá ag teacht trasna ná go bhfuil neart ama againn i gcónaí agus níl. Níl neart ama againn i ndáiríre maidir le haon rud ach go háirithe maidir leis an Ghaeilge. Níl neart ama i gceist. Tá an teachtaireacht mhícheart ag teacht trasna. B’fhéidir nach bhfuil gá le haon fhocal eile uaimse nó aon Teachta Dála eile. B’fhéidir go bhfuil an tAire Stáit chun glacadh leis na moltaí seo. Níl a fhios agam. Fanfaidh mé go bhfeicfidh mé cén dearcadh atá aige. Is an rud atá i gceist ná spriocdháta, sprioc ama agus teachtaireacht níos láidre a chur in iúl do mhuintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeilge ar fud na tíre go bhfuilimid i ndáiríre.

Baineann leasuithe 14 go 17, go huile, le ceann comhlachta phoiblí a cheapadh. Níl sé i gceist agam glacadh leis na leasuithe seo.

Baineann leasú Uimh. 14 leis an bhfocal "déanfaidh" a chur in áit "féadfaidh". Níl sé i gceist agam glacadh leis an leasú seo i láthair na huaire mar go bhfuil mé sásta leis an bhfoclaíocht atá luaite sa Bhille cheana féin agus toisc gur gá solúbthacht a bheith ann ar an ábhar.

Maidir le leasuithe 15 agus 17, tá próiseas earcaíochta leagtha síos chun daoine a cheapadh agus ní bheadh sé i gcónaí réalaíoch an próiseas sin a chur i gcríoch laistigh de ceithre seachtaieí, mar atá molta sna leasuithe seo. Tógann sé i bhfad níos faide ná 28 lá an próiseas a chur i bhfeidhm mar bíonn an fógra thuas ar an suíomh idirlín www.publicjobs.ie ar feadh coicíse ar a laghad agus ansin bíonn tréimhse choicíse ann d’iarrthóirí cur isteach ar an bpost. Déanann an fhoráil mar atá sé cinnte de gur féidir leis an Rialtas duine a ainmniú chun bheith ina cheann nó ina ceann ar an gcomhlacht poiblí chun críocha an Achta más gá. Is foráil chaighdeánach é seo agus is rud eisceachtúil a bheadh ann dá gcaithfí é a úsáid. Ní tharlódh sé seo ach go fíorannamh, dá dtarlódh sé ar chor ar bith. Táim sásta go bhfuil an chumhacht mar atá sé leagtha amach sa Bhille sásúil. Mar sin, nílim chun glacadh le leasuithe Uimh. 14, 15 agus 17.

Maidir le leasú Uimh 16, tá tosach feidhme forálacha clúdaithe in alt 13 an Bhille seo. É sin ráite, ní fheicim aon bhac le tús a chur leis an bhforáil seo chomh luath agus atá an Bille achtaithe. Mar sin, táim sásta féachaint ar an leasú seo agus de bharr sin b’fhéidir go mbeadh an Teachta sásta é a tharraingt siar.

Vice Chairman

An bhfuil an Teachta Ó Snodaigh ag brú leasú Uimh. 14?

Táimid á bhrú. Mar a dúirt mé le gach ceann de na leasuithe go dtí seo, tá sé i gceist againn go mbeadh dualgais seachas solúbthacht sa reachtaíocht seo. Ceann de na fadhbanna leis a lán reachtaíocht maidir leis an Ghaeilge ná go mbíonn solúbthacht ann. Áit a ndeirtear "féadfaidh" tá muidne ag rá "déanfaidh" an tAire an méid atá leagtha síos. Sa chás seo táimid ag caint faoi cheann comhlachta phoiblí a cheapadh ach tá sé seo síos tríd an mBille agus seo atá i gceist leis a lán de na leasuithe. Mar a dúirt mé, níl costas i gceist.

Ó thaobh leasú Uimh. 15, thug an tAire Stáit míniú faoi cé chomh fada a thógann an próiseas earcaíochta ó thaobh fógraíochta ar dtús báire agus ansin an córas féin. B’fhéidir nach bhfuil sé réalaíoch 28 lá a rá ach tá sé réalaíoch dhá mhí a lua, mar shampla. Tá sé réalaíoch go mbeadh dáta nó achar ama áirithe leagtha síos sa reachtaíocht. An fáth atá leis sin ná go bhfuilimid ag iarraidh cinntiú go ndéanann an tAire rudaí de réir na reachtaíochta agus go mbeidh bogadh ann, sa chaoi nach bhfuil aon fholúntas ann agus nach bhfuil aon dabht ann in aon chor faoi cheann comhlachta phoiblí a bheith ceaptha. Arís, is léir nach bhfuil costas i gceist mar caithfear an post a líonadh ar aon chaoi. Sin an fáth gur ceadaíodh an leasú seo.

Tá sé tábhachtach sa chás seo, ó thaobh soiléireacht do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, go mbeadh a fhios acu nuair atá folúntas ann go mbeidh sé líonta chomh tapa in Éirinn agus is féidir. Tá 28 lá leagtha síos i mo leasú ach táim sásta é a tharraingt siar agus dhá mhí a chur isteach ar Chéim na Tuarascála. Measaim gur leor é sin, go háirithe san am atá romhainn ós rud é go bhfuil a lán den stuif seo á dhéanamh ar líne agus ní gá dul agus foirmeacha móra fada a líonadh amach agus a chur sa phost agus gach rud eile. Is léir ón bhliain dheireanach gur féidir i bhfad in Éirinn níos mó a dhéanamh i bhfad in Éirinn níos tapúla ar líne uaireanta. Ó thaobh ceapacháin do cheann comhlachta phoiblí is féidir linn ar fad, ní díreach ó thaobh na Gaeilge de ach i ngach uile earnáil eile, bogadh agus folúntas in aon leibhéal a líonadh chomh tapa agus is féidir. Níl sé seo ceangailte leis na hearnálacha eile, áfach. Leis an méid a dúirt an tAire Stáit, b’fhéidir go mbeadh tréimhse dhá mhí úsáideach.

Ó thaobh leasú Uimh. 16, bhí muid ag caint faoi seo gur chóir go mbeadh spriocanna difriúla ann agus na forálacha ag teacht i bhfeidhm ag amanna difriúla. B’fhéidir go mbeimid in ann liosta a chur ag deireadh an Bhille ag lua go dtiocfaidh foráil áirithe isteach laistigh de mhí, nó láithreach, nó laistigh de thrí mhí. Sa chaoi sin, ní bheimid ag tnúth go mbeidh rud éigin ag tarlú ag am éigin amach anseo. Tiocfaidh sé i bhfeidhm agus beidh sé achtaithe ina hiomlán agus beo beathach. Uaireanta an rud a tharlaíonn le roinnt forálacha i reachtaíocht atá rite agus achtaithe ná go suíonn siad ansin agus ní bhíonn aon bheocht iontu riamh toisc nach síníonn an tAire na forálacha cuí chun go mbeadh feidhm cheart acu.

Sin atá i gceist nuair a dhéanaim iarracht cinnteacht a thabhairt maidir le cén uair a thiocfaidh forálacha difriúla i bhfeidhm. Tarraingeoidh mé siar leasú Uimh. 16 ag an bpointe seo ar an mbunús go bhfuil an tAire Stáit chun féachaint an féidir leis leasú dá chuid féin a chur ann chun é sin a dhéanamh.

Tá sé tábhachtach an focal “déanfaidh” a chur isteach sa Bhille. Dúirt an tAire Stáit nach bhfuil sé sásta é sin a dhéanamh agus tá fadhb agam leis sin. Ní mór dúinn cinnteacht a bheith ann. Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil deacracht leis an bhfocal “déanfaidh”. Tá gá le rud a dhéanamh so nílimid ach ag rá é a dhéanamh. Déanann “déanfaidh” ciall sa chomhthéacs sin. Tuigim an rud atá ráite faoi go mbeidh fadhbanna praiticiúla ag an Rialtas i dtaobh na leasuithe atá agamsa agus ag an Teachta Ó Snodaigh. Táim sásta iad a tharraingt siar agus b’fhéidir iad a chur arís nuair atá tuilleadh plé déanta againn ó thaobh na fadhbanna praiticiúla. Ní ionann é sin agus a rá go bhfuil mé sásta nach mbeidh spriocdháta ann. Tá gá le spriocdháta.

Táimid ag caint faoi fholúntais i gcomhlachtaí poiblí áit nach mbeidh duine, bean nó fear, i gceannas ar an gcomhlacht poiblí sin chun críocha an Achta seo. Sin an rud is tábhachtaí. Nílimid díreach ag caint faoi chomhlachtaí poiblí agus folúntas. Táimid ag caint faoin deacracht a bheidh ann má ligimid don fholúntas sin dul ar aghaidh ar feadh tréimhse ama mar ní bheidh aon duine ann chun an tAcht seo a chur i gcríoch. Sin an rud is tábhachtaí. Uaireanta ní dhéanann sé mórán dochair nuair atá folúntas ann ach táimid ag caint faoin Ghaeilge agus táimid ag caint faoi Bhille atá lag ar aon nós mar go bhfuil sé srianta. Má ligimid leis laistigh den Bhille go bhfuilimid ró-scaoilte nó nach bhfuilimid láidir go leor, beidh deacrachtaí againne. Deir an Bille “duine a shainainmniú chun bheith ina cheann nó ina ceann ar an gcomhlacht poiblí chun críocha an Achta seo”. Má ligimid d’aon Rialtas glacadh le folúntas le tréimhse fhada, beimid i dtrioblóid. Is féidir leis an Aire Stáit aontú leis sin. An bhfuil an Rialtas sásta oibriú linn agus teacht ar ais maidir le cén sórt tréimhse ama atá ciallmhar agus réasúnta? Tá mise sásta glacadh leis sin, ach bíonn fadhbanna agam i gcónaí leis na focail “a luaithe is féidir”. Sin bealach éalaithe do gach rud agus cinnte is bealach éalaithe é gan aon rud a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de. Níl mé sásta le frása mar “a luaithe is féidir”. Níl aon aitheantas ansin go bhfuil géarchéim ann agus go bhfuil gá práinneach rud a dhéanamh. Arís, ba mhaith liom é sin a rá i mbealach thar a bheith dearfach. Tá dúshlán iontach os ár gcomhair maidir leis na daoine gur mhaith leo Gaeilge a labhairt agus a chur chun cinn. Tá dualgas orainn deiseanna a thabhairt dóibh é sin a dhéanamh agus seirbhísí a chur ar fáil dóibh.

Tá m’ainm ar phéire de na leasuithe seo, Uimh. 14, maidir leis an bhfocal “déanfaidh”, agus Uimh. 17. Táim sásta leasú Uimh. 17 a tharraingt siar agus teacht ar ais aige. Níl mé ag iarraidh easaontú le mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, so b’fhéidir go dtiocfaimid ar chomhréiteach maidir le “déanfaidh” agus “féadfaidh”. Tuigim go bhfuil an leasú sin á bhrú aige. Má tá, aontaím leis, ach má tá bealach eile chun é a réiteach, táim sásta éisteacht.

Táim sásta oibriú leis na Teachtaí maidir le gach leasú atá os ár gcomhair inniu. Mar a dúirt mé roimhe seo, tá an Rialtas tiomanta chun an Bille seo a chur chun cinn. Gheall muid anuraidh go dtabharfadh muid Bille níos láidre chun cinn, rud atáimid ag déanamh. Táimid ag cur spriocdhátaí isteach sa Bhille le cinntiú go mbeidh dul chun cinn leanúnach á dhéanamh. Táim sásta féachaint ar leasú Uimh. 16 le go mbeidh tosach feidhme ag an bhforáil seo chomh luath agus atá an Bille achtaithe.

Vice Chairman

An bhfuil leasú Uimh. 14 á bhrú?

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 15:

I leathanach 9, líne 9, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “shainainmniú”:

“laistigh de 28 lá ón dáta a tharla an folúntas i bpost phríomhoifigeach an chomhlachta phoiblí”.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 16:

I leathanach 9, idir línte 10 agus 11, an méid seo a leanas a chur isteach:

“(1A) Tiocfaidh an fhoráil seo i ngníomh ar an agus ón dáta a thiocfaidh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 i ngníomh, d’ainneoin aon achtachán eile.”.

Táim á tharraingt seo siar agus mé ag tnúth le hoibriú leis an Aire Stáit chun déileáil leis seo.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 17:

I leathanach 9, líne 12, “a luaithe is féidir tar éis a dhéanta” a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:

“laistigh de 28 lá ón dáta a tharla an folúntas i bpost an phríomhoifigigh ar chomhlacht poiblí”.

Tá sé seo tábhachtach ach ag an bpointe seo táim sásta é a tharraingt siar. Tiocfaidh mé ar ais tar éis cumarsáide leis an Aire Stáit.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Vice Chairman

Tá baint ag leasuithe Uimh. 18 agus 19 le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 18:

I leathanach 9, líne 16, “faoin ordú.”.” a scriosadh agus “faoin ordú.” a chur ina ionad.

Sa chás seo táimid ag triail a chinntiú go mbeadh duine freagrach as monatóireacht a dhéanamh agus na forálacha a bheidh sa reachtaíocht nuair a bheimid críochnaithe leis a chur i bhfeidhm. Táimid ag iarraidh déanamh cinnte go mbeadh duine amháin in aon chomhlacht poiblí a bheadh freagrach as sin. Mar shampla, d’fhéadfadh an duine seo tuarascáil a fhoilsiú gach sé mhí maidir le dul chun cinn forálacha an Achta. Chinnteodh sé nó sí go bhfuil poist sainaitheanta le riachtanais Gaeilge ann chun spriocanna earcaíochta an Bhille seo a bhaint amach. Bheadh sé sin mar ról aige nó aici chomh maith.

Cé go bhfuil cinn chomhlachta poiblí luaite cheana sa Bhille, níl sé soiléir go mbeadh ról freagrach agus gníomhach acu i leith cur i bhfeidhm forálacha an Bhille seo nó i dtaobh monatóireachta. Ghlacfá leis gurb ea ceann an chomhlachta Stáit a dhéanfadh é sin ach níl sé leagtha síos. Sin an fáth gur dhein muid iarracht é sin a leagan síos sna leasuithe seo, agus i leasú Uimh. 19 go háirithe. Deir sé:

Déanfaidh gach ceann comhlachta phoiblí duine a cheapadh agus a shainainmniú óna fhoireann nó óna foireann shinsearach bainistíochta, is duine a bhfuil ról aige nó aici i bhfeidhmeannacht nó i mbainistíocht an chomhlachta, chun bheith freagrach as forálacha Achtanna na dTeangacha Oifigiúla a chur i ngníomh sa chomhlacht sin, a mhéid a bhaineann siad leis an gcomhlacht sin, agus aon dualgais reachtúla eile i leith teanga oifigiúil a chomhlíonadh.

Ba léir dúinne agus muid ag déileáil leis na Ranna difriúla ag an gcoiste gur thuig roinnt daoine i Roinn nó i gcomhlacht áirithe go raibh dualgas orthu ach níor thuig siad é ina hiomlán agus ní raibh an cuma air go raibh aon duine leagtha síos laistigh den chóras a bheadh freagracht orthu. Sa deireadh thiar thall tá ceann an chomhlachta i gcónaí freagrach as gach uile ghníomh ach teastaíonn duine chun an dul chun cinn a bhrú agus chun monatóireacht agus a leithéid a dhéanamh.

Deir cuid (b) de leasú Uimh. 19:

Déanfaidh an duine sin tuarascáil i scríbhinn a sholáthar don cheann [sin ceann an chomhlachta], gach sé mhí ar a laghad, ina dtabharfar tuairisc ar an dul chun cinn a bheidh déanta agus á dhéanamh faoin am a scríobhadh an tuarascáil sin.

Is é sin an rud atá i gceist arís. Má tá liosta dualgas nó liosta aidhmeanna leagtha síos ag an gcaighdeán teanga agus go bhfuil an tAire Stáit chun é a chur faoi gach uile chomhlacht é a chur i bhfeidhm, caithfidh duine éigin a bheith ann chun a dhéanamh cinnte de go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ar chur chuige na gcomhlacht seo na rudaí sin a chomhlíonadh. Má tá siad á chur faoi bhráid cheann an chomhlachta, caithfí déanamh cinnte de go bhfuil sé ag tarlú chuile shé mhí ar a laghad agus go dtuigeann an chomhlacht i gcoitinne, ceann na comhlachta ach go háirithe, go bhfuil gá orthu an obair agus an comhlíonadh seo a dhéanamh. Dá mbeadh sé seo ann, thabharfadh sé cosaint don chomhlacht chomh maith céanna, mar má tá daoine ag caitheamh anuas orthu, bheadh siad in ann a léiriú go cuibheasach soiléir an tuairisc le sé mhí anuas, go raibh siad tar éis é seo, é siúd agus eile a dhéanamh, nó go bhfuil fadhbanna acu é seo a chomhlíonadh nó tús a chur leis na caighdeáin atá leagtha síos.

Déanfaidh an comhalta foirne a bheadh sainainmnithe faoin mhír seo, tar éis comhairliúchán a dhéanamh leis an gcoiste comhairleach, post a shainaithint sa chomhlacht lena mbaineann na coinníollacha inniúlachta teanga. Tá sé sin ar ais go dtí an cheist sin.

Nuair a bhí mé ag ullmhú don Chéim seo agus nuair a bhí mé ag cur roinnt de na leasuithe le chéile, lorg mé tuairimí an phobail i gcoitinne. Tháinig mórán daoine ar ais chugam. Dúradh liom go raibh an leasú seo tábhachtach toisc go raibh sé sa státchóras agus nach raibh sé soiléir do na daoine seo cé a bhí i gceannas ar an dul chun cinn. Bhí roinnt díobh ag iarraidh go mbeadh an post sin acu agus go mbeidís mar an tiománaí don athrú istigh sa chóras mar gur cheap siad go raibh an fuinneamh nó na tuairimí acu chun cuidiú leis an gcomhlacht a ndualgais reachtúla a chomhlíonadh agus, chomh maith leis sin, an atmaisféar agus an cur chuige maidir leis an dátheangachas nó leis an nGaeilge amháin a chur chun cinn laistigh den chomhlacht. Ní leasú diúltach é seo agus ba chóir go mbeimid in ann bogadh éigin a dhéanamh air seo.

Maidir le leasú Uimh. 19, bhí mé ag breathnú ar leasú Uimh. 18 agus feicim gur lánstad an difríocht atá idir an dá leagan, agus camóga. Níl mé chun caint a dhéanamh air sin. Maidir le leasú Uimh. 19, tá fiúntas ag baint leis an gcoincheap. Mar is eol do chuile dhuine, bítear ag iarraidh an duine a fháil atá freagrach as rud éigin. Níl a fhios agam an bhfuil foclaíocht fhoirfe ann mar atá sé ach bheadh súil agam go mb’fhéidir go mbreathnódh an tAire Stáit ar an gcoincheap anseo go bhféadfaimis a rá gurbh é seo an duine atá freagrach as cur i bhfeidhm an Achta istigh sa chomhlacht poiblí seo. Ní dhéarfaidh mé níos mó mar b’fhéidir go n-éireoidh linn déileáil leis na leasuithe seo inniu.

Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh a fhios ag daoine cé atá i gceannas agus go mbeadh ról ceannaireachta á léiriú sna heagrais éagsúla. Mar sin, tá tairbhe ann agus braithim gur cóir féachaint ar aitheantas a thabhairt do dhuine éigin faoi leith agus go mbeadh an leanúnachas ann agus go mbeidís dá réir ag léiriú an róil cheannaireachta ann. Mar sin, táim cinnte go bhfuil tairbhe ann le leasú Uimh. 19. Is dóigh liom nach ach typo atá i gceist ansin in Uimh. 18. B'fhéidir go bhféachfadh an tAire Stáit air seo.

Bhí an Teachta Ó Snodaigh ag labhairt faoi na leasuithe sin, agus b'fhéidir go mbeidh seans ann anois fá choinne scéim dhifriúil. Tá an taithí ann agus b’fhéidir taithí dhiúltach maidir leis na scéimeanna teanga. Beidh na rudaí sin ag athrú go dtí córas na gcaighdeán teanga agus tá sé sin níos fearr. An méid sin ráite, maidir leis an leasú, tá súile, caighdeán agus dualgais de dhíth agus b’fhéidir gur chóir go mbeadh duine ann ag amharc ar an scéim mar bhí bearna agus easpa mhór maidir leis na scéimeanna teanga thar na blianta. Ní déarfainn rud diúltach maidir le haon duine mar bhí na hoifigigh ag obair go dian dícheallach ar na rudaí sin trí na scéimeanna teanga. Anois, táimid ag bogadh ar aghaidh chuig córas na gcaighdeán teanga atá i bhfad níos difriúla. B’fhéidir go mbeidh sé trédhearcach i gcomparáid leis an scéim roimhe seo, ach é sin ráite, b’fhéidir go mbeidh monatóireacht de dhíth fosta. Dá mbeadh aon seans go mbeimid rud beag solúbtha i dtaobh an leasaithe sin, b’fhéidir go mbeadh seans ag an Aire Stáit teacht ar ais chugainn air fosta.

Ní thuigim cad atá i gceist le leasú Uimh. 18. B’fhéidir gur botún de shaghas éigin é. Rinneamar go léir botúin, ní mór dom a admháil. B’fhéidir go mbeimid in ann teacht ar ais go dtí leasú Uimh. 18.

Aontaím le leasú Uimh. 19. Tá gá breathnú air ar a laghad. Bhain mé úsáid as an gcáipéis a léigh mé aréir maidir leis an bplean do chathair na Gaillimhe. Is cinnte go bhfuil easpa i gceist ansin mar nach bhfuil aon duine ann chun brú a chur ar an gcóras agus a rá nach féidir an tuarascáil seo a fhoilsiú i mBéarla amháin. Léiríonn sé sin cé chomh tábhachtach is atá sé go mbeadh duine amháin, coiste, nó cibé cén rud é ann chun aitheantas a thabhairt do dhaoine sa chomhlacht poiblí sin go bhfuil dhá theanga oifigiúla againne. Tá dualgais orainne agus ar an gcomhlacht poiblí.

Nuair a smaoiním ar an bplean forbartha do chathair na Gaillimhe, smaoiním ar Ghaillimh 2020 freisin agus athsmaoineamh a bhí i gceist. Togra iontach dearfach a bhí ann agus bhí féidearthachtaí ann go mbeadh sé ina thogra dearfach, ach athsmaoineamh a bhí i gceist ann maidir le duine le Gaeilge. Nuair a ceapadh duine le Gaeilge, tugadh an teideal oifigeach Gaeilge ar an duine. Athsmaoineamh a bhí ann i dtús báire agus ansin ról srianta seachas duine le Gaeilge a bheith ann ón tús chun an togra iontach sin a chur chun cinn ar bhealach dátheangach. Is é sin an dara sampla don Aire Stáit, más mian leis smaoineamh air sin.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh d’Údarás na Gaeltachta, eagraíocht iontach agus moladh ó cheithre hairde na spéire tugtha di ó thaobh cúrsaí fostaíochta de agus an méid atá déanta ag an údarás do na Gaeltachtaí uilig. Aontaím leis sin. Tá sé luaite go minic agam, ámh, go bhfuil trí dhualgas nó tríonóid de dhualgais ag an údarás sin, is iad an pobal a chothú, fostaíocht a thabhairt isteach agus an teanga a chothú, a chaomhnú agus a chur chun cinn. De réir an méid atá feicthe agam, agus tá mo thaithí srianta go leor, cuireadh béim ar an bhfostaíocht, agus tá sé sin thar a bheith tábhachtach. Gan fhostaíocht, ní bheidh aon bheocht sa Ghaeltacht. Ní raibh an aird chéanna ar an teanga ó thaobh na heagraíochta sin de. Nílim ag fáil lochta ach is é an rud atá á léiriú agam ná gan duine a bheith i gceannas i ngach comhlacht agus i ngach Roinn freisin, gan duine le fís, le heolas agus le ról a bheith aige nó aici an teanga a chur chun cinn ar bhonn cearta, beimid thíos.

Sa chomhthéacs sin tá níos mó ná fiúntas ag baint leis na leasuithe seo. Tá siad tábhachtach, agus molaim an Teachta Ó Snodaigh as an leasú seo a chur os comhair an choiste. Stopfaidh mé ag an bpointe seo agus éistfidh mé leis an Aire Stáit. B’fhéidir go bhfuil sé chun glacadh leis; níl a fhios agam.

Maidir le leasú Uimh. 18, feictear dom gur athrú ar an uaschamóg an méid atá luaite ansin agus tá siad ceart mar atá siad. Mar sin féin, táim sásta go bhféachfaidh an dréachtóir orthu agus go dtiocfaí ar ais chucu ar Chéim na Tuarascála le leasú, mar is gá.

Maidir le leasú Uimh. 19, tuigim na hargóintí agus aontaím leo. Tá sé an-tábhachtach go bhfuil freagracht ann ag gach comhlacht poiblí. Tá dualgais ar na comhlachtaí poiblí cheana féin faoin bpríomh-Acht agus beidh tuilleadh dualgas acu faoin mBille seo, má achtaítear é. Chomh maith leis seo, beidh cumhachtaí breise ag an gCoimisinéir Teanga. Bheinn ag súil go gcloífidh na comhlachtaí poiblí leis na forálacha agus go ndéanfaidh siad é ar mhaithe leis na custaiméirí a bhfuil Gaeilge acu. D’fhéadfadh fiúntas a bheith leis an leasú seo le go mbeadh daoine i ngach comhlacht aitheanta chun bheith freagrach as forálacha Achtanna na dTeangacha Oifigiúla. Táim sásta féachaint air agus teacht ar ais le moladh ar Chéim na Tuarascála. Idir seo agus sin, más mian leis na Teachtaí labhairt liom féin nó le mo chuid oifigeach faoin leasú seo nó faoi aon leasú eile, chuirfinn fáilte roimhe sin. Ar an mbonn sin, d'fhéadfaí go mbeadh an Teachta sásta an leasú a tharraingt siar.

Vice Chairman

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. An bhfuil an Teachta Ó Snodaigh chun leasú Uimh. 18 a bhrú?

Is leasú teicniúil é agus ní gá go mbeadh sé ansin mar is é an fáth a cuireadh isteach é ná má bhogtar na huaschamóga agus má bhaintear an lánstad amach, tugtar cead ansin leasú Uimh. 19 a chur isteach. Tharlódh sé sin go huathoibríoch ar aon chaoi. Níl fadhb ar bith agam leasú Uimh. 18 a tharraingt siar mar sin ar an gCéim seo.

Ó thaobh leasú Uimh. 19, táim sásta fanacht mar ní dréachtóir reachtaíochta mé. Táim sásta i gcónaí éisteacht a thabhairt dóibh siúd atá chun dréacht a chur le chéile, má thógtar an coincheap é a tharraingt isteach i leasú eile a thiocfaidh chun cinn. Tá an chuma air go bhfuil an chuid is mó de na Teachtaí sásta gur chóir go mbeadh duine éigin i gceannas agus nach ar cheann an chomhlachta a bheadh an fhreagracht seo. Ba cheart go mbeidh ar dhuine éigin eile tuairisciú chuig ceann an chomhlachta faoin dul chun cinn a bheidh ag teastáil ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta agus faoi na forálacha a bheidh sa reachtaíocht seo. Tá súil agam go gcuirfidh siad seo brú ar na comhlachtaí amach anseo na seirbhísí cuí a chur ar fáil sna Gaeltachtaí chun na dualgais reachtúla atá acu a chomhlíonadh.

Tá a fhios agam go bhfuil dualgais bhreise agus níos mó cumhachtaí le bheith ag an gCoimisinéir Teanga. Dá mbeadh sé sin fíor, bheadh an Coimisinéir Teanga in ann déileáil go díreach le duine amháin chun a rá gurbh í seo an fhadhb, agus an cur chuige ar gá don chomhlacht tabhairt faoi, seachas go mbeadh sé ag iarraidh teacht ar dhuine éigin nó ar cheann an chomhlachta agus ag fiafraí de nó di cé aige nó aici a bhfuil an dualgas seo, agus mar sin de. Is é sin go bhfuil duine amháin freagrach sa chomhlacht ina leith seo. Is féidir déileáil níos tapúla leo dá réir nuair a thagann roinnt de na fadhbanna a chonacthas i dtuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga. D’fhéadfadh siad sin a bheith leigheasta i bhfad Éireann níos tapúla dá mbeadh duine amháin i gceannas agus in ann oibriú. Bheadh cluas cheann an chomhlachta ag an duine seo freisin chun a mhíniú dó nó di cad go díreach gur chóir dóibh a dhéanamh.

Tá mé sásta go bhfuil an tAire Stáit tar éis a rá go bhféachfaidh sé air seo arís agus go mb’fhéidir go dtiocfaidh sé ar ais le leasú. Tarraingeoidh mé leasú Uimh. 18 siar ar an gCéim seo agus cuirfidh mé ar aghaidh arís é ar Chéim na Tuarascála mura bhfuil an deis ag an Aire Stáit é sin a chríochnú. Tá súil agam, áfach, go mbeimid in ann obair le chéile agus a dhéanamh cinnte de go bhfuil foclaíocht os ár gcomhair ar an gcéad Chéim eile chun déileáil leis an mbearna seo a d'aithin Eoghan ó m’oifig féin nuair a bhíomar ag dul tríd seo.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.
Níor tairgeadh leasú Uimh. 19.

Vice Chairman

Tairgeadh an cheist: "Go bhfanfaidh alt 3 mar chuid den Bhille".

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Vice Chairman

Níl ach cúig nóiméad fágtha againn. Tá beagnach 90 leasú in alt 4. Ní luíonn sé le haon chiall tús a chur leis an alt sin ag an bpointe seo. An bhfuil aon duine i gcoinne an mholta seo?

Is féidir linn an t-am a úsáid chun leasú eile a phlé. Leanfaimid ar aghaidh ar feadh cúig nóiméad.

Vice Chairman

Is faoin gcoiste atá an cheist seo. Cad a cheapann na comhaltaí?

Is féidir linn roinnt díobh a chríochnú, más féidir.

Is féidir linn na cúig nóiméad sin a úsáid.

Vice Chairman

Rachaimid ar aghaidh mar sin. Tá leasú Uimh. 20 as ord de bharr go mbeadh sé ina chostas ar an Stáit. Tá 60 soicind ag an Teachta Ó Snodaigh labhairt faoin leasú seo. Is alt nua a bheadh i gceist leis dá mbeadh sé ceadaithe, ach tá sé as ord.

Is trua an rud é sin mar ní raibh a fhios agam go mbeadh sé as ord. Is é bun agus barr an scéil ná go bhfuilimid ag triail reachtaíocht a dhéanamh faoin nGaeilge ionas go mbeidh cearta leagtha síos chomh soiléir agus is féidir. Is é an rud a bhí anseo ná iarracht cairt theanga Ghaeilge a chur chun cinn bunaithe beagán ar an gcairt Fraincise i Québec. Chuala mé an Teachta Ó Cuív ag caint faoin turas ar Cheanada, áit atá cead cuibheasach sonrach agus soiléir leagtha síos, mar a bheadh ag Gaeilgeoirí, agus na dualgais atá ar an Stát maidir leo siúd a chomhlíonadh. Má tá spéis ag aon duine léamh faoi na forálacha atá agam sa cairt teanga seo, tá siad leagtha síos ag Pádraig Breandán Ó Laighin i gcaibidil 13 den leabhar, Acht na Gaeilge - Acht ar Strae, a d’fhoilsigh sé in 2003 tar éis teacht i réim d'Acht na dTeangacha Oifigiúla. Níl ach trí leathanach i gceist sa chaibidil - níl sé rófhada - ach níl an t-am agam é a léamh isteach ar thaifead an Tí.

Vice Chairman

Níl.

Gheobhaidh mé bealach éigin chun é a dhéanamh. Tá sé tábhachtach ó thaobh chearta na Gaeilge de go mbeadh a leithéid de chairt i gceist.

Vice Chairman

Rachaimid ar aghaidh go dtí-----

An féidir liom rud a rá faoi sin?

Vice Chairman

Is féidir. Tá 60 soicind ag an Teachta.

An bhfuil an leasú sin as ord de bharr costais? Níl an leasú os mo chomhair.

Vice Chairman

Tá, de bharr costais nó cúrsaí ioncaim.

Ní thuigim é sin. Is é seo croílár na ceiste, i ndáiríre. Is é an rud atá á chur in iúl leis an leasú seo ná gur teanga náisiúnta agus príomhtheanga oifigiúil na hÉireann í an Ghaeilge. Ní féidir a rá, má leagtar síos go bhfuil an Ghaeilge mar príomhtheanga na hÉireann, go bhfuil an easú seo as ord. Ní thuigim. An bhfuil ról ag an Aire Stáit maidir le hOifig na mBillí?

Vice Chairman

Níl aon ról ag an Aire Stáit maidir leis an oifig sin, mar go bhfuil an oifig sin neamhspleách.

Tiocfaimid ar ais go dtí na ceisteanna seo nuair a bheidh-----

Vice Chairman

Mar is eol don Teachta, táimid tar éis scríobh chuig an gCeann Comhairle mar gheall ar na leasuithe.

Beimid ag teacht ar ais go dtí an cheist seo, a Leas-Chathaoirligh. Is dóigh liom go bhfuil an-suim aige féin inti. Ní féidir a rá go bhfuil an leasú seo as ord. Baineann sé go huile is go hiomlán leis an mBille agus leis an méid atá á dhéanamh againn leis an nGaeilge a chur chun cinn. Is rud cinnte é go mbeidh airgead i gceist uaireanta, agus uaireanta eile ní bheidh. Is féidir a lán rudaí a dhéanamh laistigh den earnáil. Ní féidir brú ar aghaidh agus a rá go bhfuil sé seo as ord. Tá súil agam go mbeidh athrú intinne i gceist ó thaobh fhormhór na leasuithe anseo.

Vice Chairman

Is ceist í sin don Cheann Comhairle agus d'Oifig na mBillí. Níl aon rogha nó cinneadh ag an gcoiste seo nó ag an Aire Stáit ina thaobh.

Tá sé tábhachtach é a phlé agus teacht ar ais arís uirthi. Tiocfaidh mé ar ais nuair a bheidh níos mó ama againn. Bhí reachtaíocht ag dul tríd an Dáil inné nó arú inne, mar shampla, maidir le treoir ón Eoraip. Bhí daoine in ann leasú a chur leis an reachtaíocht sin, cé nach raibh aon bhaint leis an leasú leis an reachtaíocht a bhí i gceist. Tá rud éigin míchothrom anseo, nó b’fhéidir go dtabharfaidh mé míthuiscint air. Tá míthuiscint i gceist ó thaobh cad ba chóir a bheith istigh sa Bhille agus maidir le hairgead.

Vice Chairman

Tá an coiste tar éis scríobh go dtí an Ceann Comhairle agus is dócha go mbeidh freagra againn ansin.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 20.

Vice Chairman

Faraor, níl a dhóthain ama againn dul ar aghaidh go dtí leasú Uimh. 21 in ainm na dTeachtaí Uí Snodaigh, Uí Dálaigh agus Nic Fhearghail. Is alt nua atá i gceist leis. De bharr go bhfuilimid ag druidim le 3 a chlog, cuirfimid an cruinniú seo ar athló, mar a aontaíodh ag tús an chruinnithe. Tosóimid ár mbreithniú ar an mBille arís ar 1 p.m. Dé Máirt, an 2 Feabhra 2021, anseo i Seomra na Dála.

Tugadh tuairisc ar a ndearnadh; an Coiste do shuí arís.
Cuireadh an roghchoiste ar athló ar 3 p.m. go dtí 1 p.m., Dé Máirt, 2 Feabhra 2021.
Barr
Roinn