Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Tuesday, 2 Feb 2021

Gnó an Roghchoiste

Leanfaidh an seisiún seo ar aghaidh go dtí 3 a chlog inniu. Ag an am sin, cuirfear an cruinniú ar athló go dtí 1 a chlog ar an 9 Feabhra.

An bhfuil an t-am sin socraithe? Bhí athrú ann an tseachtain seo caite ó 2 a chlog go dtí 1 a chlog agus athraíodh am an chruinnithe seo inné fosta. An mbeidh an cruinniú ag tarlú ag 1 a chlog an tseachtain seo chugainn?

Sin an t-am agus an dáta atá againn faoi láthair.

An mbeidh aon athrú leis sin?

Ní féidir liom a rá nach mbeidh aon athrú. Tá athruithe ag tarlú. Má thagann aon athrú cuirfear teachtaireacht chuig na Teachtaí láithreach. Is 1 a chlog Dé Máirt atá i gceist againn, agus is an Mháirt a bheidh ann cinnte.

An mbeidh coiste eile sa Seomra seo tar éis an chruinnithe seo?

Níl a fhios agam ach ní cheapaim go mbeidh.

B’fhéidir go mbeidh deis againn an tseachtain seo chugainn cúpla uair an chloig eile a dhéanamh freisin.

Cuirfidh mé ceist ar an gcléireach é sin a fhiosrú. Caithfidh spás a bheith idir an dá sheisiún agus chomh maith leis sin caithfidh foireann eile a bheith ann.

B’fhéidir go mbeidh spás-----

Sé sin don tseachtain seo chugainn. Ní féidir linn leanúint ar aghaidh inniu. Fiosróidh muid an féidir linn dhá sheisiún a bheith againn.

B’fhéidir go bhféadfadh muid sos a bheith againn idir 3 a chlog agus leathuair tar éis a 3 agus tosú arís ansin. Bíonn na Teachtaí timpeall anseo ar aon chaoi.

Beidh coiste eile ann ach má tharlaíonn aon athrú agus má tá an deis againn dhá sheisiún sa lá a bheith againn ba chóir dúinn é sin a ghlacadh, má oireann sé do na Teachtaí.

Aontaím leis sin.

Tá mé sásta leis sin. Bheadh sé níos fóirsteanaí dúinn fosta agus muid ag treabhadh ar aghaidh.

Ba chóir dúinn cruinnithe a bheith againn aon lá eile atá ar fáil freisin. Faoi láthair níl ann ach an Mháirt do na coistí.

Cuirim fáilte roimh Phríomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit atá freagrach don Ghaeltacht, spóirt agus cosaint, an Teachta Chambers, agus roimh a oifigigh, Aodhán Mac Cormaic agus Micheál Ó Conaire. Is comhalta ex officio den roghchoiste é an tAire Stáit agus, mar sin, cuirfear san áireamh é i gcomhair an chóraim agus an liosta vótála. Tá leithscéal faighte agam ón Teachta O’Dowd.

Meabhraím do chomhaltaí an gá cloí leis an achar sóisialta, fóin a bheith múchta agus gan bogadh timpeall más féidir.

Tionóladh an cruinniú seo chun athbhreithniú a dhéanamh ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Is féidir liom a bheith sa Chathaoir agus na leasuithe a ghlacadh ach tá sé níos éasca nuair nach bhfuil mé sa Chathaoir. Má thagann an Leas-Chathaoirleach, an Teachta Calleary, isteach, cuirfidh mé ceist air an Chathaoir a ghlacadh arís.

Barr
Roinn