Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

AILT NUA
Atógadh an díospóireacht ar leasú Uimh. 39:
“Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht
4. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):
“(7) (a) San fho-alt seo, ciallaíonn ‘Acht 1961’ Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961.
(b) Leasaítear alt 5 d’Acht 1961 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):
‘(8) (a) Beidh an cumas ag aon duine cáilithe de réir an ailt seo Bunreacht na hÉireann a léamh agus a thuiscint ina iomláine sa dá theanga oifigiúla sula gceapfar é nó í ina Bhreitheamh nó ina Breitheamh den Chúirt Uachtarach.
(b) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le gach ceapachán a dhéanfar tar éis theacht i ngníomh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.’.”.”
- (An Teachta Aengus Ó Snodaigh)

Seo an leasú a bhí muid ag plé an lá deireanach, ag díriú isteach ar an ngá go mbeadh na breithiúna sa Chúirt Uachtarach inniúil sa Ghaeilge, ar shlí amháin níos inniúla ná táimid ag cur mar sprioc dóibh siúd sa státchóras i gcoitinne. Dúirt an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh i léacht a thug sí go raibh sórt frith-Ghaelachas i measc a lán daoine sa chóras dlí. Ní hé go raibh siad naimhdeach ach ba chuma leo nó shíl roinnt acu nár bhain an Ghaeilge leis na cúirteanna. Níl an cheannasaíocht gur chóir go mbeadh ag an gcóras dlí, sna cúirteanna ach go háirithe, á thabhairt. I mo thuairim agus i dtuairimí a lán daoine eile, ba chóir go mbeadh an Ghaeilge riachtanach ag aon leibhéal sa chóras dlí atá bainteach leis na cúirteanna ach go háirithe sa Chúirt Uachtarach.

Mar a luaigh mé an lá faoi dheireadh, tá an stádas leagtha amach sa Bhunreacht don Ghaeilge. Tá an stádas sin leagtha amach go cuibheasach soiléir agus tá sé sin cruthaithe arís agus arís eile i gcásanna cúirte sna cúirteanna difriúla, ach sa Chúirt Uachtarach go háirithe, go bhfuil stádas ar leith ag an nGaeilge agus ag an mBunreacht. Don chuid is mó, is sa Chúirt Uachtarach a bhíonn meastacháin ar an mBunreacht agus ar reachtaíocht á ndéanamh agus baintear tuiscint as na doiciméid agus na cásanna a bhíonn os a chomhair.

Luaigh mé leabhar mór millteanach an lá faoi dheireadh. Thóg mé isteach inniu é mar léiriú don Aire Stáit. Sin leabhar a d'fhoilsigh an Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht. Níl sé ag a lán daoine. Ba é an iar-Theachta Brian Lenihan a scríobh an réamhrá agus tá éacht déanta ag Micheál Ó Cearúil, a chuir é seo os ár gcomhair. Níl ansin ach staidéar amháin ar bhuntéacs Gaeilge an Bhunreacht. Sin an rud atá an reachtaíocht in ainm is a bheith bunaithe air agus atá na breithiúna san Ard-Chúirt in ainm is a bheith ag braith orthu. Tá leabhar níos gairide ag Micheál Ó Cearúil ar the divergences and inconsistencies, neamhréireachtaí agus easpa leanúnachais sa Bhunreacht, agus tá sin spéisiúil ann féin. Sin jab eile dúinn. Ní jab don lá inniu é chun déileáil leis na háiteanna ina bhfuil difríochtaí idir an téacs Béarla agus an téacs Gaeilge. Nuair a tharlaíonn sé sin, is é an téacs Gaeilge a bhuann de réir an Bhunreachta agus de réir na gcásanna cúirte a tógadh go dtí seo.

Is léir go bhfuil stádas ar leith i gceist leis an nGaeilge agus muna bhfuil tuiscint acu siúd atá ag ardleibhéal sa Chúirt Uachtarach ar Ghaeilge, beidh sé i bhfad Éireann níos deacra dóibh tuiscint a bheith acu ar an bhfoclaíocht atá os ár gcomhair agus ar an bhfoclaíocht atá casta uaireanta, i nGaeilge nó i mBéarla. Is í an Ghaeilge atá i gceist anseo. Sin an fáth go bhfuil mise den tuairim go gcaithfidh Gaeilge a bheith ag aon bhreitheamh atá roghnaithe nó tofa nó pé bealach a dhéantar an ceapachán amach anseo dá leithéid de phost. Is ceist mhór thromchúiseach é mar tá sé deacair domsa a thuiscint conas gur féidir linn an muinín ar chóir go mbeadh againn sa Chúirt Uachtarach a bheith againn muna bhfuil Gaeilge acu siúd atá ag an leibhéal sin.

Ceann de na buntáistí a thiocfaidh as sin thar na tréimhse ná go gcuirfidh sé an ceannasaíocht sin ann. Cuirfidh sé an ceannasaíocht sin ann dóibh siúd atá ag iarraidh post den leibhéal sin a bheith acu amach anseo. Tuigfidh siadsan gur gá dóibh Gaeilge a bheith acu agus gur gá dóibh Gaeilge chuibheasach mhaith a bheith acu ag an leibhéal is airde chun an post is airde i gcóras na cúirteanna a bhaint amach. Bheadh ar abhcóidí, dlíodóirí nó siúd a bheidh ag dul don dlí amach anseo an tuiscint sin a bheith acu ionas go mbeidh siad in ann díriú isteach air.

Tá mise den tuairim gur chóir dúinn é seo a ritheadh. Níl aon chostas i gceist mar beidh breithiúna á bhfostú amach anseo nuair a thiocfaidh folúntais. Níl aon duine ag rá gur chóir fáil réidh leis na breithiúna atá ann faoi láthair. Táimid ag rá go gcaithfí, as seo amach, an cháilíocht seo a bheith ag gach uile bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach, ar a laghad.

An bhfuilimid ar leasú Uimh. 39?

Táimid. Bhí mix-up an lá faoi dheireadh mar gheall ar leasú Uimh. 39.

Aontaím leis an Teachta Ó Snodaigh gur chóir go mbeadh leordhóthain bhreithiúna inniúil sa Ghaeilge chun seirbhís dhátheangach d'ardchaighdeán a chur ar fáil don phobal ach ní aontaím gur chóir dúinn é seo a dhéanamh tríd an leasú atá molta ag an Teachta inniu. Tá cur amach ag daoine ar an bpróiseas atá ann chun breithiúna a cheapadh agus tá geallta sa chlár Rialtais go ndéanfar an Bille fá choimisiún um cheapacháin bhreithiúnacha a achtú agus tá obair ar siúl maidir leis an mBille sin.

Mar is eol don Teach, tugadh isteach Acht na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge), 2008 ar an 9 Iúil 2008. Foráiltear le halt 2 go dtabharfaidh Dlí-Chumann na hÉireann aird ar bheartas an Rialtais maidir le dátheangachas agus go ndéanfaidh sé gach beart réasúnta chun a chinntiú go mbeidh líon leordhóthanach aturnaetha in ann an dlí a chleachtadh trí Ghaeilge. Bunaíodh cláir na Gaeilge in Óstaí an Rí agus sa Dlí-Chumann faoin Acht seo chomh maith. Tá na cláir seo cothrom le dáta agus tá siad ar fáil go poiblí ar shuíomh Idirlín na n-eagraíochtaí seo.

Tá oifig mo Roinn tar éis radharc fadtéarmach a ghlacadh maidir leis an gceist seo. Tá cuid oibre ar bun i láthair na huaire chun tacaíochtaí a chur ar fáil do chleachtóirí a bhfuil suim acu seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal. Déantar maoiniú a chur ar fáil do chúrsaí Gaeilge in institiúidí tríú leibhéal in Éirinn faoin tionscnamh ardscileanna Gaeilge. Soláthraíonn an Roinn maoiniú do 12 cúrsa tríú leibhéal atá speisialithe i réimsí amhail aistriúchán, léirmhíniú agus dlí. Luíonn sé le réasún go mbeidh na cleachtóirí seo ar fáil le bheith ceaptha mar bhreithiúna amach anseo. Bunaithe air seo, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Ní raibh mé ag súil le haon athrú poirt ón státchóras. Ach go háirithe le 30 nó 40 bliain anuas, tá an státchóras tar éis bogadh i dtreo go mbeadh aird ag an státchóras ar an nGaeilge agus ar na héilimh, seachas go mbeadh sé ag déanamh cinnte de go bhfuil an soláthar ar fáil. Is léir dúinn cheana féin an titim tubaisteach atá tagtha ar an leibhéal Gaeilge i measc siúd a bhíonn ag cleachtadh dlí sa tír seo. Tá sé sin tarlaithe toisc nach bhfuil an cheannasaíocht sin á thabhairt ag an Rialtas nó nach bhfuil sé de chaighdeán nó de choinníoll dóibh agus iad ag cleachtadh dlí ag aon leibhéal go mbeadh an Ghaeilge acu.

Tréaslaím leis an Aire Stáit go bhfuil tacaíochtaí ar fáil. Gan na tacaíochtaí sin bheadh an cás i bhfad Éireann níos tubaistí ná mar atá sé. Seachas go bhfuilimid ag braith ar dhaoine agus ar dhea-thoil a bheith acu ó thaobh na Gaeilge de, ba chóir a mhalairt a bheith fíor. Tá mise den tuairim, muna bhfuil an Stát sásta a leagan síos go sonrach cad é an íoschaighdeán ar chóir go mbeadh acu siúd a bhíonn ag cleachtadh dlí ag na leibhéil difriúla ó gharda, dlíodóir, abhcóide, breitheamh agus breitheamh san Ard-Chúirt nó sa Chúirt Uachtarach, go bhfuil ag teip ar an Stát. Is léir é sin toisc nach féidir le muintir na Gaeilge agus na Gaeltachta braith ar sheirbhísí a fháil ón Stát, ach amháin ualach sa bhreis a chur orthu féin.

Sin í an fhadhb is mó. Má tá mise ag lorg cás dlí a bheith tógtha as Gaeilge, tá a fhios agam ó thús go bhfuil gá dom dul as mo bhealach chun Gaeilgeoirí a fháil. Tá a fhios agam nach féidir liom dul síos go dtí na cúirteanna agus teacht ar dhlíodóir nó ar abhcóide le Gaeilge go huathoibríoch. Tá mé in ainm is a bheith in ann sin a dhéanamh más córas dhátheangach atá i gceist nó má tá córas ann go bhfuil meas aige ar an nGaeilge.

Níl tús áite á thabhairt don Ghaeilge in ainneoin go bhfuil tús áite tugtha di sa Bhunreacht. Mar sin, conas gur féidir leis an gcóras dlí meas ceart a bheith aige ar an mBunreacht muna bhfuil an meas sin aige ar phríomhtheanga na tíre agus muna bhfuil sé ag tabhairt tús áite di? An tseachtain seo caite, labhair muid faoin easpa túis áite don Ghaeilge ó thaobh Tithe an Oireachtais de agus sin rud a bheimid ag filleadh air.

Nílimid ag tabhairt tús áite don Ghaeilge i dTithe an Oireachtais cheana féin nó sa chóras dlí. Tá sí sa dara grád. Tá an dá chuid den chóras poiblí sin cheana féin ag teacht salach ar a ndualgais faoin mBunreacht i mo thuairim agus i dtuairim iad siúd atá tar éis cásanna a thógáil sna cúirteanna.

Níl sé maith go leor a rá go dtógfaidh breitheamh - nó King’s Inns nó a leithéid - aird agus go ndéanfar gach beart réasúnta. Is í sin an fhadhb. Táimid ag fanacht le bearta réasúnta uathu siúd atá i gceannas agus i mbun ceapachán na mbreithiúna. B'fhéidir go bhfuil siad ag tabhairt airde dó ach níl siad ag tabhairt suntas ceart dó mar níl sé leagtha síos go mbeidh orthu caighdeán nó leibhéal áirithe Gaeilge a bheith acu. Is é sin ceann de na chéad choinníollacha ar ghá d’aon iarrthóir a bheith aige nó aici do phost mar bhreitheamh sna cúirteanna. Mura bhfuil sé sin ann, beidh sé cosúil le gach rud eile a thugtar aird dó, mar shampla, an aois, an cháilíocht dhlí atá acu, an scoil a ndeachaigh siad ann, cén gnéas atá acu, agus a leithéid. Is í sin an fhadhb. Nuair a thugtar aird dó, ní gá é sin a chomhlíonadh. Is féidir le daoine a rá gur thug siad aird dó ach go raibh triúr fear os a gcomhair gan Gaeilge a bheith acu agus bhí orthu duine a roghnú. Níl sé sin maith go leor. Is ceart go mbeadh sé sin ina choinníoll agus tosóidh athrú ansin. Ní díreach ó thaobh an cháis seo de, agus ó thaobh na Cúirte Uachtaraí de, atá i gceist agam - is rud é ba chóir a bheith i gceist i gcoitinne sa státchóras. Mura bhfuilimid sásta céim suas nó chun tosaigh a thabhairt don Ghaeilge, tá an ísle brí ina bhfuil an Ghaeilge chun leanúint ar aghaidh.

Táim den tuairim gur gá dúinn é seo a chur isteach sa Bhille seo. Táim anseo breis is 18 mbliana anois, agus gach uair a lorgaím rud, go minic deirtear liom go mbeidh an rud sin san Acht seo nó d’fhéadfaimis déileáil leis san Acht siúd. Ní tharlaíonn sé go minic agus bíonn trí, ceithre nó fiú deich mbliana imithe. Sa chás seo, táimid ag caint faoi cé mhéad bliain ón uair a tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i réim. Ag an am sin, fiú amháin, dúradh linn go ndéanfar déileáil leis seo sa chéad Acht eile nó trí ionstraim reachtúil nó a leithéid. Níor tharla sé. Is é an t-aon bhealach chun a bheith cinnte go dtarlóidh sé ná tríd é a chur sa reachtaíocht agus is é sin an fáth go bhfuil an leasú seo os ár gcomhair.

Ar mhiste le haon Teachta labhairt? Glaoim ar an Teachta Ó Conghaile.

Tuigim an méid atá taobh thiar den leasú seo. Tá deacracht agam féin leis na focail ach ní saineolaí mé. Tuigim an rud agus ba mhaith liom tacaíocht a thabhairt don Teachta ar an leibhéal go bhfuil fócas dírithe isteach ar an mbearna atá ann sa chúrsa dlí. Nuair a bhí an tuarascáil Bealtaine 2018 á réiteach againn - bhí mé ag breathnú siar - bhí neart plé ag an am. Tháinig duine nó beirt os ar gcomhair ag díriú isteach ar an ábhar seo agus ag rá go raibh gá práinneach ann rud a dhéanamh. I ndeireadh na dála níor ghlacamar leis an moladh. B'fhéidir nach rabhamar radacach go leor agus tá sé sin ráite ón tús. Cheap mé gur bhain sé le píosa reachtaíochta eile ach tá sé tábhachtach an bhearna seo a lua. Aontaím leis an Teachta Ó Snodaigh ó thaobh an mhéid sin ach nílim cinnte cén chéim ba chóir dúinn a ghlacadh.

Níl inniúlacht sa Ghaeilge ag formhór na ndaoine sa chóras dlí atá againn. I ndáiríre, chuir sé iontas orm le blianta anuas go raibh an méid sin Gaeilge ag daoine nuair a fhéachamar siar, agus ag na breithiúna go háirithe. Tá céim ar gcúl tagtha chun solais ina thaobh sin agus níl na scrúduithe éigeantach. Bhí siad ann i m’am féin. Bhí ar dhuine an scrúdú a dhéanamh ach fuarthas réidh leis sin. Is bearna mhór atá anseo. Níl a fhios agam an é seo an leasú nó an bealach is fearr chun dul i ngleic leis an mbearna sin ach ta sí ann.

Cad atá ar siúl ag an gcóras maidir leis na bearnaí seo? An bhfuil anailís ar bith áit éigin ón Roinn Dlí agus Cirt, mar shampla, ó thaobh na Gaeilge de? Ní féidir dul chun cinn a dhéanamh. Is é an t-aon chaoi inar féidir linn rud a dhéanamh ná píosaí reachtaíochta a thabhairt isteach nó leasuithe a dhéanamh ar Bhillí. Táimid ag obair i bhfolús, i ndáiríre, gan anailís. Cé mhéad dlíodóirí agus breithiúna atá inniúlacht acu sa Ghaeilge, atá in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge, agus cás a phlé os comhair na cúirte, is cuma cibé cén cúirt atá i gceist leis? An bhfuil na sonraí agus an t-eolas sin againn? Ní féidir dul i ngleic le fadhb mura bhfuil an t-eolas bunúsach againn maidir leis an bhfadhb.

Ar mhaith le haon Teachta eile labhairt?

Aontaím gur chóir go mbeadh leordhóthain breitheamh inniúil sa Ghaeilge chun seirbhís dhátheangach d’ardchaighdeán a chur ar fáil don phobal ach ní aontaím gur chóir dúinn é seo a dhéanamh tríd an leasú seo. Maidir leis na cúrsaí dlí atá á maoiniú ag an Roinn in Óstaí an Rí agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, teastaíonn caighdeán B2 i Teastas Eorpach na Gaeilge, TEG, le háit a fháil ar na cúrsaí sin. Teastaíonn marc de C1 sa TEG le cáiliú. Mar sin, táimid ag déanamh cinnte de go bhfuil ardchaighdeán ag na dlíchleachtóirí seo. Thug mé an freagra eile cheana féin agus nílim chun aon rud eile a rá maidir leis an leasú seo.

Cá seasann an leasú seo?

Ba mhaith liom é a bhrú. Tá damáiste á dhéanamh do stádas na Gaeilge toisc nach bhfuil an tús áite a lorg mé á thabhairt don Ghaeilge mar choinníoll sa chás seo ar an leibhéal is airde. Ní hé go bhfuil folúntas ann don Chúirt Uachtarach de shíor nó nach bhfuil daoine d’ardleibhéal ar fáil. Sa leasú seo, táimid ag iarraidh a chinntiú go mbeidh Gaeilgeoirí ann amach anseo, nó ar a laghad daoine atá inniúil sa Ghaeilge. Tá sé sin riachtanach toisc cé chomh casta is atá ceist na Gaeilge i gcomhthéacs an stádas bunreachtúil. Tá orthu tuiscint a bheith acu ar an dá theanga chun a dhéanamh cinnte de, mar a luaigh mé nuair a thaispeáin mé an leabhar sin don Aire Stáit, go dtuigeann siad cé chomh difriúil is atá an téacs sa Bhunreacht i nGaeilge agus i mBéarla. Tá a lán cásanna sa Chúirt Uachtarach gafa le tuiscint a bheith ag duine agus cinneadh a dhéanamh atá bunaithe ar an bhfoclaíocht atá sa Bhunreacht agus, chomh maith céanna, sa reachtaíocht. Is í an fhadhb is mó atá againn leis an reachtaíocht ná gur aistriú ón mBéarla atá ann, den chuid is mó, seachas é a bheith déanta sa treo eile. B’fhéidir go dtarlóidh athrú amach anseo agus go mbeidh sí á foilsiú go comhuaineach. Faoi láthair, cé go bhfuil stádas ann leis an reachtaíocht i nGaeilge agus in ainneoin gur aistriú ó Bhéarla é, tá tús áite i gcúrsaí dlí ag an reachtaíocht sin. Is chun an méid sin a thuiscint agus an míniú atá taobh thiar d’fhocail a aithint atáimid ag díriú ar an ábhar seo. Tá an-tábhacht ag baint leis an gcomhthéacs a bhíonn ann go minic. Tá difríochtaí iomlána agus substaintiúla i gceist le roinnt den fhoclaíocht i mBéarla agus i nGaeilge sa Bhunreacht agus le roinnt de na frásaí a úsáidtear ann. Ba chóir dúinn díriú isteach air sin agus é a cheartú amach anseo. Faoi láthair táimid ag déileáil le leasú Uimh. 39 agus táim den tuairim gur chóir dúinn caighdeán a leagan síos go mbeadh an Ghaeilge ag aon bhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí a bheidh á cheapadh amach anseo.

Tá ceist curtha agam, ach fanfaidh mé go dtí an chéad leasú eile chun freagra a fháil.

Is ceist faoin anailís atá déanta í.

Cuireadh an cheist agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú di.

Tairgim leasú Uimh. 40:

I leathanach 9, idir línte 16 agus 17, an méid seo a leanas a chur isteach:

"Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhoalt (6):

“(7) Ní ghlacfaidh an Príomh-Bhreitheamh aon duine chun cleachtadh mar abhcóide dlí sna Cúirteanna mura rud é, sula nglacfar an duine sin amhlaidh, gur deimhin leis an bPríomh-Bhreitheamh, de réir cibé fianaise a fhorordóidh an Príomh-Bhreitheamh, go bhfuil eolas inniúil ag an duine sin ar an nGaeilge: an choinníoll i gcónaí nach gcoiscfear ar an bPríomh-Bhreitheamh le haon ní san alt seo aon chomhalta a ghlacadh chun cleachtadh mar abhcóide dlí sna Cúirteanna, is comhalta ag a mbeidh seasamh trí bliana ag aon Bharra eile agus dár thug Cumann Onórach Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath céim mar abhcóide dlí de bhun socrú cómhalartach trínar féidir comhaltaí de Bharra na hÉireann a ghlacadh chun cleachtadh ag an mBarra eile sin.

(8) (a) I dteannta na scrúduithe atá luaite in alt 8 den Solicitors (Ireland) Act, 1898, údaraítear do Dhlí-Chumann na hÉireann agus, ceanglaítear orthu leis seo, céadscrúdú in ábhar na Gaeilge (dá ngairtear céadscrúdú sa Ghaeilge san Acht seo) agus dara scrúdú in ábhar na Gaeilge (dá ngairtear dara scrúdú sa Ghaeilge san Acht seo) a sheoladh uair amháin ar a laghad gach bliain, agus bainfidh na forálacha atá san alt sin 8 le gach scrúdú den sórt sin in ábhar na Gaeilge ar an modh céanna ar a mbainfidh siad leis na scrúduithe atá luaite san alt sin ach amháin nach ndéanfaidh ach scrúdaitheoirí a bheidh ceadaithe de thuras na huaire ag an Aire Oideachais na scrúduithe sin in ábhar na Gaeilge a stiúradh, agus go bhforordófar agus go stiúrfar gach dara scrúdú sa Ghaeilge ar shlí lena náiritheofar go mbeidh eolas inniúil ar an nGaeilge ag daoine a gheobhaidh pas sa scrúdú sin.

(b) D’ainneoin aon ní sa Solicitors (Ireland) Act, 1898, ní bheidh aon duine inchurtha faoi cheangal dintiúirí printíseachta chun seirbhís a thabhairt mar phrintíseach ag aturnae mura bhfuil deimhniú faighte aige nó aici ó Dhlí-Chumann na hÉireann á rá go bhfuil pas faighte aige nó aici i gcéadscrúdú sa Ghaeilge, agus ní ghlacfar aon duine ina aturnae nó ina haturnae mura mbeidh deimhniú faighte aige nó aici ó Dhlí-Chumann na hÉireann á rá go bhfuil pas faighte aige nó aici i ndara scrúdú sa Ghaeilge laistigh de bhliain roimh chríochnú théarma a phrintíseachta nó a printíseachta nó laistigh de bhliain roimh é nó í a ghlacadh amhlaidh.

(9) Aisghairtear fo-ailt (2), (3), (4), (5), (6), (7) agus (8) d’alt 1 agus alt 3 d’Acht na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge), 2008.

(10) Aisghairtear míreanna 40 (2A) (c), (d), (e), (f), (g) agus (h) den Acht Aturnaethe, 1954.

(11) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 31 Nollaig 2025.”.”.

Táimid ag déileáil le ceisteanna dlí arís. Is leasú cuibheasach fada atá i gceist. Rinneamar roinnt tráchta air seo an lá faoi dheireadh. Is é an rud atá i gceist ná go mbeadh ar dhaoine cumas sa Ghaeilge a bheith acu chun a bheith cáilithe mar dhlíodóir nó abhcóide, mar a bhíodh roimhe seo. Tharlaigh athrú ar an gcás sin in 2008. Fuair an Rialtas a bhí ann ag an am réidh leis an riachtanas sin. Gealladh seo, siúd agus uile. Níl an locht ar an Rialtas nár comhlíonadh na gealltanais sin ina n-iomlán. Tá an locht ar na cumainn dlí agus orthu atá ag cleachtadh an dlí. Rith siad ón nGaeilge, ón riachtanas sin agus ó aitheantas a thabhairt don Ghaeilge ó shin, seachas dream beag díograiseach atá ag triail déanamh cinnte go leanfar leis an seanchleachtadh a bhí ann go raibh Gaeilge ag dlíodóirí agus abhcóidí.

Tá daoine maithe ann. Tá ranganna ann agus níl aon duine ag caitheamh anuas orthu, ar an iarracht atá á déanamh iontu ná ar na díograiseoirí atá ag triail an méid a bhí i gceist ag an Rialtas a chomhlíonadh. Cosúil leis an leasú deireanach ar a raibh muid ag caint, áfach, tá i gceist leis an leasú seo go ndíreofar aird ar an ábhar sin agus go nglacfar céimeanna réasúnta. Tá coinníoll i gceist - bheadh ar gach uile dhlíodóir agus abhcóide leibhéal áirithe Gaeilge a bheith aige nó aici sula mbeidh sé nó sí cáilithe. Roimhe seo, bhí ar dhaoine Gaeilge ag leibhéal na hardteistiméireachta a bheith acu le freastal ar chúrsaí dlí in UCD agus sna hollscoileanna eile, seachas Coláiste na Tríonóide. Níl ar dhaoine í a bheith acu go fóill i roinnt de na hollscoileanna. Is féidir cúrsaí dlí a dhéanamh gan Gaeilge a dhéanamh don ardteistiméireacht in aon chor. Is féidir lena lán daoine díolúine a fháil. Is ceann de na fadhbanna é sin.

Amach anseo, dá mbeinn ag lorg abhcóide, ba chóir go mbeinn in ann iarraidh ar aon abhcóide seasamh ar mo shon agus go mbeadh sé nó sí in ann é sin a dhéanamh, is cuma sa tsioc más duine ciontach nó duine neamhchiontach mé, agus is cuma cén cás atá i gceist. Is í an fhadhb atá ann anois ná gur féidir leo a rá nach bhfuil Gaeilge acu, nach féidir leo an cás a thógáil agus go gcaithfidh mé dul chuig duine eile. Tá siad ag diúltú cásanna toisc nach féidir leo iad a ghlacadh toisc nach bhfuil caighdeán cuí acu mar níl aon choinníoll Gaeilge ann a thuilleadh. Níl aon riachtanas ann go mbeadh an Ghaeilge acu ar leibhéal lena mbeidh siad in ann cosaint a thabhairt do dhaoine nó cásanna a thógáil ar a son. Is fíor é sin ó thaobh dlíodóirí agus ó thaobh abhcóidí. Ó thaobh na teipe tubaistí atá tar éis tarlú maidir le leibhéil Ghaeilge sa chóras dlí, ba chóir dúinn filleadh ar an bport céanna a bhí ann ar dtús báire seachas fanacht leis an méid atá tar éis titim amach.

Insíodh don státchóras agus don Rialtas go dteipfeadh air go tubaisteach dá mbogfar sa treo seo. Dúradh linn ag an am go mbeadh gach rud ceart go leor agus go mbeadh dlíodóirí agus abhcóidí le Gaeilge den scoth againn má dhírítear áiseanna agus maoiniú sa treo seo. Dúradh linn go gcuideodh sé sin le fás na Gaeilge i measc dlíodóirí eile. Tá dlíodóirí, abhcóidí agus breithiúna ann a bhfuil Gaeilge den scoth acu. Bhí i gcónaí agus beidh i gcónaí toisc go dtagann a lán dóibh ó theaghlaigh a bhfuil Gaeilge líofa acu agus go bhfuil Gaeilge acu ó dhúchas dá bharr. Tá daoine eile ann, áfach, gur cuma sa tsioc leo agus nach bhfuil agus nach mbeadh spéis ar bith acu sa Ghaeilge. Dá mbeadh riachtanas ann do Ghaeilge ar leibhéal áirithe, bheadh seans éigin ag an bpobal atá ag éileamh na rudaí seo go mbeadh abhcóidí agus dlíodóirí in ann iad a fhreagairt as Gaeilge, rud nach bhfuil fíor i gcás gach dlíodóir agus abhcóide faoi láthair.

Nílim ag caitheamh anuas ar dhaoine atá tar éis cáilíochtaí a fháil thar lear agus teacht isteach sa tír. Táim ag caitheamh anuas ar an gcóras toisc nach bhfuil riachtanas orthu siúd atá tar éis dul tríd an gcóras oideachais poiblí ar feadh 14 bliain, atá tar éis freastal ar ollscoileanna sa tír seo agus céim dlí a dhéanamh agus atá ag cleachtadh sna cúirteanna. Níl aon riachtanas a chintíonn go bhfuil leibhéal áirithe de Ghaeilge labhartha acu chun go mbeadh siad in ann seirbhís a sholáthar don phobal trí Ghaeilge.

Chuir mé ceist roimhe seo. Cén anailís atá déanta ag an Roinn Dlí agus Cirt ó thaobh na bearnaí atá ann sa chóras dlí? Tuigim an rud atá i gceist ag an Teachta cé nach bhfuil mé 100% cinnte gurb é seo an bealach is fearr chun an fhadhb a réiteach. Táim oscailte, áfach. Maidir leis an gcoincheap atá taobh thiar den leasú, aontaím go huile agus go hiomlán leis. Mar a dúirt mé, tá solas á dhíriú isteach ar na bearnaí atá ann. Tá Roinn Dlí agus Cirt agus Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ann. Cén anailís atá déanta acu, agus go háirithe ag an Roinn Dlí agus Cirt, maidir leis an easpa Gaeilge i gcóras na gcúirteanna? Tá sé sin ag teacht salach ar an rud atá leagtha amach go soiléir sa Bhunreacht, is é sin gurb í an teanga oifigiúil an Ghaeilge. Cén anailís nó taighde atá déanta agus cad iad na torthaí a tháinig amach as?

Níl dóthain cleachtóirí dlíthiúla le Gaeilge ann atá cáilithe sa dlí chun an sprioc seo a bhaint amach faoi láthair. Táim dóchasach go mbeidh dóthain ar fáil in am tráth. Maidir le lucht an dlí, tá roinnt cúrsaí tríú leibhéal maoinithe ag mo Roinn féin faoin tionscnamh ardscileanna Gaeilge le tacú leo seirbhísí d'ardchaighdeán i nGaeilge a chur ar fáil, cúrsaí aistriúcháin, ateangaireachta agus dlí ina measc. Faoi láthair tá mo Roinn ag cur maoinithe ar fáil do na cúrsaí seo a leanas: céim sa dlí agus sa Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh; agus ard-dioplóma sa dlítheangeolaíocht agus san aistriúchán dlíthiúil, ard-dioplóma sa dlí-chleachtadh trí Ghaeilge agus ard-dioplóma san aistriúchán dlíthiúil in Óstaí an Rí. Chomh maith leis sin, le ceithre bliana anuas tá mo Roinn tar éis tacú le hÓstaí an Rí comhdháil a eagrú i gcomhar le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar dheiseanna fostaíochta leis an gcúirt mar dhlítheangeolaithe Gaeilge. Tá an obair seo ar fad ag spreagadh suime i measc mhic léinn dlí na tíre sa teanga agus sna deiseanna fostaíochta a bhaineann léi. Tá na cúrsaí atá á maoiniú againn ag cinntiú go bhfuil sruth leanúnach de chleachtóirí dlí a bhfuil sé de chumas acu an dlí a chleachtadh sa Ghaeilge a chur ar fáil. Taispeánann sé seo go bhfuil peirspictíocht an-straitéiseach tógtha ag an rannóg atá ag plé leis an ábhar seo. Tá obair leanúnach ar bun ag oifigigh mo Roinne le cinntiú go mbeadh dóthain daoine ar fáil chun na poist seo a líonadh agus na scileanna cuí acu. Ar an mbonn sin, ní féidir liom glacadh leis an leasú.

Maidir leis an gceist a chuir an Teachta Connolly maidir le liosta de dhlí-chleachtóirí le Gaeilge, déanfaidh mé é sin a fhiosrú agus tiocfaidh mé díreach ar ais chuici maidir leis seo agus maidir leis an anailís.

Is í mo bharúil ná go mbeadh sé iontach dá mbeadh an Ghaeilge ag chuile dhuine, agus na habhcóidí, na haturnaetha agus na breithiúna ar fad san áireamh. Dá mbeadh sé sin amhlaidh, áfach, ní bheadh muid anseo ag plé Bille teanga mar bheadh an Ghaeilge chomh láidir sin nach mbeadh aon ghá le Bille teanga.

Ar an taobh eile den scéal, ní féidir glacadh le rudaí mar atá siad. Ní féidir leis an saoránach a bheith cinnte de go mbeidh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil nuair a theastaíonn sí uaidh. Is cinnte gur seirbhís phoiblí í seirbhís na mbreithiúna. Mar sin, tá cás ann go mbreathnófaí air seo mar atáimid ag breathnú ar an tseirbhís phoiblí. An sprioc atá leagtha amach againn don tseirbhís phoiblí ná go mbeadh 20% de na daoine a earcaítear amach anseo in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge. Táimid á dhéanamh sin, ní ar mhaithe leis na daoine sin ach chun seirbhís a chur ar fáil don saoránach a roghnaíonn an Ghaeilge a úsáid. Tá cás ann go mbeadh sé leagtha síos go gcaithfidh Gaeilge a bheith ag oiread áirithe de na breithiúna agus, dá bharr sin, na habhcóidí agus na haturnaetha freisin mar is seirbhís phoiblí mhór amháin atá ann. Ní an cineál scrúdú a bhí sa Ghaeilge cheana a ba chóir a bheith ann, mar ní raibh na daoine sin in ann cleachtadh trí Ghaeilge - bíodh muid macánta faoi. Ní an scrúdú atá ag na haturnaetha atá i gceist ach an oiread, ach scrúdú ar ardleibhéal chun go ndéanfaí cinnte go bhfuil a leithéid ann ó thaobh aturnaetha agus abhcóidí ach go mór mór ó thaobh na mbreithiúna.

Tá daoine tar éis cásanna a thógáil maidir leis an laincis atá ann go praiticiúil nuair a thógann siad cás cúirte, go mór mór sna hardchúirteanna. Nuair nach bhfuil Gaeilge ag na breithiúna agus nuair nach féidir soláthar a dhéanamh le héisteacht le cás i nGaeilge, caithfear dul i muinín ateangairí, ní do na finnéithe eile nó na daoine atá ag cosaint ar son an Stáit ach don bhreitheamh. Mar sin, bheadh sé réasúnach go mbreathnódh muid ar sprioc de 20% faoi 2030, mar atáimid ag breathnú air le haghaidh na seirbhíse poiblí, mar is seirbhís phoiblí í seo. Má tá sé réalaíoch é sin a bhaint amach sa tseirbhís phoiblí, tá sé réalaíoch é a bhaint amach i dtaobh na gcúirteanna.

Tacaím go mór leis an rud a dúirt an Teachta Ó Snodaigh maidir leis an mBunreacht agus na breithiúna sin a bhfuil cúram faoi leith orthu brí a bhaint as an mBunreacht agus as an dlí má tá sé foilsithe sa dá theanga. Go mór mór i gcás an Bunreachta, tá tús áite ag an nGaeilge, ach mura bhfuil tuiscint sách maith ag duine ar an nGaeilge, bheadh sé deacair breithiúnas a dhéanamh ar chás bunreachtúil a bhí ag brath ar chúrsaí teanga. Seans go bhfuil sé seo mícheart agam ach is cuimhin liom breathnú ar an soláthar a bhí sa Bhunreacht ó thús maidir le cearta an linbh, agus ag léamh an leagan Gaeilge, bhí sé i bhfad níos soiléire go dtagann cearta an linbh roimh aon cheart eile. Ní saineolaí dlí mé ach sin ó thaobh gnáth-léamh na teanga. Ar ndóigh, tá an Bunreacht ceaptha a bheith scríofa ar an gcaoi go mbeadh gnáthdhaoine in ann é a thuiscint agus mar sin, ní dóigh gur rud beag é seo. Is rud mór é.

Bhí cásanna, tá cásanna agus beidh cásanna á thógáil sna cúirteanna maidir le cearta teanga an tsaoránaigh ag dul isteach sa chúirt agus éileamh á dhéanamh go mbeadh Gaeilge ag breitheamh atá ag éisteacht le cás trí Ghaeilge, go mór mór sna hardchúirteanna. Tá súil agam go mbreathnófaí air seo, nach gcaitear ar leataobh é agus go dtiocfaí aníos le réiteach. Níl mé ag moladh go mbeidh Gaeilge ag chuile dhuine, cé gur bhreá linn é sin, ach táim ag moladh rud atá comhthreomhar leis an rud atá sa tseirbhís phoiblí.

Tuigim gur seirbhís phoiblí í seo agus táimid ag cur maoiniú ar fáil chun na hoifigigh sa Ghaeilge a fheabhsú tríd an bpróiseas seo agus sa dlí. Mar atá ráite agam cheana féin, tá sé geallta sa chlár Rialtais go ndéanfar an Bille fá Choimisiún um Cheapacháin Bhreithiúnacha, 2017 a achtú agus tá obair ar bun chuige sin faoi láthair. Níor mhaith liom aon rud a dhéanamh anseo a thiocfadh salach ar an obair sin. Thug mé freagra maidir leis seo cúpla nóiméad ó shin.

An bhfuil an tAire Stáit tar éis labhairt leis an Aire Dlí agus Cirt, ag impí uirthi forálacha a chur sa reachtaíocht sin maidir le breithiúna, abhcóidí agus dlíodóirí chun go mbeadh Gaeilge acu? Níor chuala mé aon trácht ar an gcinneadh sin. B’fhéidir go bhfuil an ceart ag an Aire Stáit gur sin an áit gur chóir go mbeadh an leasú seo, ach níl aon trácht cloiste agamsa ar reachtaíocht a dhéileálfadh leis an gceist seo. Dá réir sin, is sa Bhille seo, atá ag déileáil le seirbhísí Gaeilge phoiblí, gur chóir go mbeadh an leasú go dtí go dtagann an chéad Bhille eile romhainn. Tá mise anseo 18 bliain agus measaim go bhfuil mé ag fanacht ar an mBille ar na national monuments ó 2002. Níor tháinig sé. Ó 2013, tá Rialtas i ndiaidh Rialtais tar éis rá liom go mbeadh reachtaíocht ag teacht chun cinn maidir le digital hub i mo cheantar agus níor tháinig sé. Ní féidir linn a bheith ag brath ar reachtaíocht a thiocfaidh am éigin mar b’fhéidir nach dtiocfaidh sé. B’fhéidir go dteipfidh ar an Rialtas seo agus go mbeidh Rialtas eile ann agus nach mbeidh sé seo mar thosaíocht aige. Ba chóir an deis a thapú in áit atá cuí agus tá Acht faoi sheirbhísí poiblí don Ghaeilge cuí chun déileáil leis seo. Nuair a thagann an reachtaíocht eile is féidir leis an Rialtas athrú nó aisghairm a dhéanamh ar an bpíosa seo den Acht má tá sé ag iarraidh cur leis.

Má bhí daoine ag pleanáil slí beatha sa dlí sna 1960idí, 1970idí, 1980idí agus 1990idí, bhí a fhios acu gur gá go mbeadh caighdeán ar leith Gaeilge acu. Tá an ceart ag an Teachta Ó Cuív nach raibh an scrúdú a bhí ann ag an am maith go leor. Seachas fáil réidh leis, ba chóir déileáil leis an bhfadhb a bhí ann nach raibh an scrúdú maith go leor chun cinntiú go mbeadh Gaeilge acu siúd a bhí ag cleachtadh an dlí. An rud a tharlaigh nár go bhfuair muid réidh leis i 2008. Tá sé imithe. Ba chóir dúinn dul ar ais agus ba chóir go mbeadh sé ann arís chun déanamh cinnte de sin. Faoi láthair, de réir clár na Gaeilge a fhoilsíonn Óstaí an Rí, níl ach 54 abhcóide le Gaeilge as an 2,300 atá ann san iomlán. Ar chlár Dlí-Chumann na hÉireann, níl ach 188 in ann an dlí a chleachtadh trí Ghaeilge, as breis agus 11,500. Sin 2% d’abhcóidí na tíre agus 1.6% de na dlíodóirí. Sin cé chomh tubaisteach is atá an cás faoi láthair.

Mar a dúirt mé cheana, tréaslaím leo siúd atá ag cur cúrsaí ar fáil i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh nó in aon áit eile atá dioplóma faoi chleachtadh an dlí trí Ghaeilge nó céim trí Ghaeilge ar fáil, ach níl sé maith go leor a rá go ndéanfaidh daoine cúrsa anseo nó ansiúd.

Níl sé sin maith go leor agus ní athróidh sé sin ann féin líon na nGaeilgeoirí i measc siúd atá ag cleachtadh dlí sa tír seo go suntasach. Tá sé chomh bunúsach sin. Beidh moill ann. Níltear fiú chun an 20% a shroicheadh atá in ainm is a bheith i ndán don státchóras i gcoitinne faoi 2030 ó thaobh na hearcaíochta de ag an leibhéal seo. Ní shroichfear é go deo b'fhéidir ar an líon duine a bhíonn ag éirí as cúrsaí dlí agus siúd a bhíonn ag teacht isteach.

Ní fheicim conas gur féidir diúltú do seo. Ní hé go raibh mé ag lorg go mbeadh gach duine inniúil sa Ghaeilge thar oíche. Tá spriocdháta leagtha síos i gceann de na forálacha sa leasú seo. Maítear i bhfo-alt 11 den leasú, "Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 31 Nollaig 2025." Dá mbeadh an tAire Stáit réasúnta, molfadh sé spriocdháta de 2030 chun an deis a thabhairt don Rialtas déanamh cinnte de go sroichfidh sé an méid sin. Aon duine atá ag iarraidh dul i dtreo gairm bheatha i gcúrsaí dlí, tabharfadh sé sin naoi mbliana dóibh dá mba 2030 an spriocdháta. Tugann 2025 ceithre bliana dóibh fiú. Bheadh siad ag gabháil don ardteistiméireachta faoi láthair agus bheadh an Rialtas ag insint dóibh go gcaithfidh siad luí isteach ar an nGaeilge san ardteistiméarachta nó fad is a bheidh siad san ollscoil má tá gairm bheatha uathu sa dlí.

Tuigim cáis iad siúd a bhíonn sé deacair orthu teangacha a fhoghlaim agus ní mise an eiseamláir is fearr ar conas teangacha a fhoghlaim. Tá Gaeilge agus Béarla go líofa agam. Níl aon teanga eile go líofa agam ach dá mbeadh mise ag iarraidh gairm bheatha a bheith agam sa Fhrainc, bheadh mé sásta dul agus cur chuige a dhéanamh ó thaobh na Fraincise a fhoghlaim, amhail is a bheadh mé leis an nGearmáinis nó an tSínis nó pé teanga ar domhan. Níl sé leagtha amach gur gá an Ghaeilge a bheith ag duine, agus dá réir sin ní dhéanann daoine díriú isteach uirthi agus díríonn siad isteach ar ghnéithe eile de chúrsaí dlí ionas go dtuigfidh siad sin. Sin an fáth go gcuirtear an Ghaeilge ar leataoibh agus ní smaoinítear go deo na ndeor arís uirthi mar bíonn gach uile dhuine chomh gnóthach sin agus ní bhíonn siad ag díriú isteach uirthi. Tá an deis againn agus bhí an deis againn i gcónaí déanamh cinnte de ó thús go dtuigeann siúd atá ag iarraidh gairm bheatha i gcúrsaí dlí go mbeadh an Ghaeilge tábhachtach dóibh.

Beidh eisceachtaí ann i gcónaí mar atá faoi Acht Lucht Cleachtuithe Dlí (Cáilíocht), 1929 agus faoi Acht Aturnaethe, 1954 dóibh siúd atá cáilithe thar lear agus a bhfuil aitheantas don cháilíocht sin tugtha ag an nDlí-Chumann nó ag Óstaí an Rí. Mar sin, níl bac orthu siúd atá ag teacht ó thar lear. Tá an eisceacht sin ann mar sin. Mar a dúirt mé, ní bheadh feidhm ann do na dlíodóirí nó do na habhcóidí atá cáilithe faoi láthair nó atá i mbun oiliúint go dtí 2025 but tá mise réasúnta agus praiticiúil. Dá mbeadh mise sásta éisteacht a thabhairt d'athrú air sin go dtí 2030, coinneofar comh maith rudaí fiúntacha as Acht 2008 mar bhí roinnt rudaí fiúntacha ann. Is é sin go gcuireann sé dualgas ar Dhlí-Chumann na hÉireann agus Óstaí an Rí cláracha dá gcuid dlíchleachtóirí cáilithe atá cumas sa Ghaeilge acu a fhoilsiú agus a uasdátú. Is iadsan a chuireann na figiúrí ar fáil agus déantar é sin toisc na hAchta ó 2008 agus is maith an rud é sin go bhfuil na figiúrí sin ar fáil mar is léir, má fhéachtar air sin, go bhfuil titim ann de shíor. Tá a lán daoine cáilithe gan an riachtanas Gaeilge a bheith i bhfeidhm. Mar sin, beidh gá leis an bhforáil seo chomh fada is atá daoine ann atá cáilithe sa seanchóras gan Ghaeilge. Amach anseo, b'fhéidir nach mbeidh gá ann má dhéanfaimid beart de réir an leasaithe seo.

Níl mé sásta leis an méid atá á rá ag an Aire Stáit. Tuigim an méid atá á rá ag an Teachta Ó Cuív. Mar atá léirithe agam cheana, tá mé praiticiúil agus tá mé sásta tarraingt siar ó roinnt de na leasuithe seo má tá geallúint ann go bhfuil rud éigin chun tarlú. Faoi láthair, áfach, níl an tAire Stáit ach ag rá go gcaithfimid fanacht ar am éigean amach anseo go dtí go dtiocfaidh reachtaíocht os comhair na Dála agus b'fhéidir go ndéanfaidh sé déileáil leis. Níl sé, go bhfios domsa, sna ceannteidil atá á bplé faoi láthair, má tá aon chur chuige i leith na Gaeilge i gceist ann in aon chor.

Dúirt an tAire Stáit go dtiocfaidh sé ar ais maidir leis na figiúirí ach tá na figiúirí ag an Teachta Ó Snodaigh agus ní hé sin a bhí i gceist agam. Bhí cuid de ann ach an rud a bhí i gceist agam ná cén anailís atá déanta. Tá a fhios againn go léir go bhfuil dualgas orainn ó thaobh na teanga de. Tá sé sa Bhunreacht agus tá an Bunreacht luaite go minic againn. Tá sé soiléir go bhfuil teipthe ar earnáil an dlí. Cén bheart réamhghníomhach atá déanta ag ceachtar den Roinn, ach go háirithe an Roinn Dlí agus Cirt? An bhfuil an tAire Stáit ar an eolas an bhfuil aon rud déanta acu, bunaithe ar an bhfianaise anseo go bhfuil géarchéim i gceist?

Tiocfaidh mé ar ais níos déanaí le gach leasú eile maidir leis an ngéarchéim atá sa Ghaeltacht agus gan aitheantas dá laghad tugtha ag an mBille seo don ghéarchéim sin. Táimid ag caint faoin gcóras dlí faoi láthair, áfach, agus faoi cé chomh beag agus atá na figiúirí. Tá a fhios ag an gcóras seo le fada an lá. Rinne mise an scrúdú agus bhí sé éigeantach. Rinne mé go maith ach ní mór dom a rá nach raibh mé cáilithe chun cás a phlé i nGaeilge. Ar a laghad, bhí an scrúdú ann agus bhí orm é a dhéanamh ach ní raibh mé réidh le cás a phlé sna cúirteanna. Tá an ceart ag an Teachta Ó Cuív mar sin, ach ar a laghad bhí an scrúdú ann mar bhunchaighdeán agus mar bhunchéim. Fuarthas réidh leis na riachtanais sin agus tá an fhianaise ann nach ar leasa na Gaeilge a bhí toradh na gcéimeanna sin.

Cad atá déanta ag an Roinn Dlí agus Cirt, go háirithe, agus leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chomh maith maidir leis na figiúirí atá anseo? Tá sé soiléir nach féidir le formhór na n-aturnaetha nó le formhór na ndlíodóirí cás a phlé i nGaeilge. Tá an t-eolas uilig ag an Rialtas, mar sin cad atá déanta ag an Roinn Dlí agus Cirt? Cloisim go bhfuil Bille nua le teacht. Sin an méid eolais atá againn. Níor chuala mise, cosúil leis an Teachta Ó Snodaigh, go mbeidh forálacha éagsúla sa Bhille sin maidir le Gaeilge, riachtanais Gaeilge agus caighdeáin Ghaeilge. Má tá siadsan ann, inis dúinn inniu. Cén uair a foilseofar an Bille agus an bhfuil forálacha mar sin laistigh de? Go príomha, an bhfuil aon taighde nó anailís déanta ag an Roinn Dlí agus Cirt?

An bhfuil an Teachta Ó Snodaigh chun an leasú a bhrú?

An féidir liom freagra a fháil?

Níl freagra ar fáil. Tá mé ag iarraidh an leasú a bhrú. Tá an ceart ag an Teachta Connolly faoin anailís mar thug mise na figiúirí agus níl anailís agamsa conas mar atá. Nuair a cuireadh an reachtaíocht i bhfeidhm in 2008, dúirt an iar-Aire, Dermot Ahern, an méid seo a leanas mar gheall ar the Legal Practitioners (Irish Language) Act 2008: "[It] promotes the better provision of legal service [through] the Irish language ... [and] will provide for a level of proficiency in Irish in the legal profession of a significantly higher standard than was being delivered in the past". Tá anailís ag teastáil ó 2008 go dtí anois an fíor an méid a dúirt Dermot Ahern agus ar an mbunfháth go bhfuair an Rialtas ag an am réidh leis an riachtanas do Ghaeilge sa chóras dlí. An rud atá ann ná d'fhéachtaí ar an scrúdú Gaeilge ag an am mar chonstaic seachas mar chuidiú leis an gcóras.

Maidir leo siúd a bhí ag iarraidh Acht 2008 a chur chun cinn, bhí siad ag cuidiú leis an gcoincheap gur constaic í an Ghaeilge, an scrúdú nó an caighdeán Gaeilge ar dhaoine maithe a fháil isteach sa státchóras nó sa chúrsaí dlí agus mar sin de, seachas gur rud maith a bhí ann a chuideodh leis an gcóras dlí a rith i gceart de réir an Bhunreachta. Dá réir sin, nílim sásta leis an bhfreagra a fuair mé go dtí seo agus táim den tuairim gur chóir go mbeadh an leasú seo rite sa Bhille seo seachas in aon Bhille eile. Is féidir athrú a dhéanamh air amach anseo i mBille eile má thagann an Bille sin chun cinn ón Roinn Dlí agus Cirt, cé nach bhfuil an Roinn sin tar éis a léiriú go dtí seo gurb í an Ghaeilge an príomhtheanga atá á cur chun cinn aici ina himeachtaí go dtí seo. Ní hí an Roinn Dlí agus Cirt na gníomhairí Gaeilge is fearr ó thaobh an státchórais de.

Cuireadh an leasú.
Amendment put:
The Committee divided: Tá, 3; Níl, 5.

  • Connolly, Catherine.
  • Daly, Pa.
  • Ó Snodaigh, Aengus.

Níl

  • Calleary, Dara.
  • Chambers, Jack.
  • McHugh, Joe.
  • Moynihan, Aindrias.
  • Ó Cathasaigh, Marc.
Amendment declared lost.
Faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú don leasú.

Tá leasuithe Uimh. 41 agus 42 as ord mar gheall ar chúrsaí ioncaim. Tabharfaidh mé 60 soicind don Teachta Ó Snodaigh.

I gcás leasú Uimh. 41, bhí mé ag iarraidh go mbeadh "déanfaidh" ann in áit "féadfaidh" in alt 9(1) den phríomhAcht. Mar sin, bheadh dualgas i gceist. Tá leasuithe eile agam tríd síos an Bille seo lena bhfuil mé ag triail dualgas a chur ar an Aire rudaí a dhéanamh seachas go mbeadh sé nó sí in ann iad a dhéanamh am éigin amach anseo más mian leis nó léi. Measaim go bhfuil mo chomhghleacaí ag iarraidh rud éigin a rá faoi leasú Uimh. 42.

Cloisfimid ón Teachta Ní Chonghaile agus ansin ón Teachta Ó Dálaigh.

Is cuma liom faoin ord ach ba mhaith liom labhairt faoi leasú Uimh. 41 mar tá m'ainm air. Níl i gceist anseo ach an focal a athrú ó "féadfaidh" go "déanfaidh". Arís, tá an tAire Stáit anseo ach ní bheidh sé in ann aon rud a rá. Baineann sé seo le hOifig na mBillí. Ní féidir glacadh leis sin. Nuair a thagann an rud ar ais, is dócha go mbeidh deis againn é a phlé. Táim beagáinín imníoch nach mbeidh deis arís agam caint faoi seo. Níl a fhios agam. Tá sé tábhachtach má táimid i ndáiríre. Chuir mé ceist ar an Aire Stáit an tseachtain seo caite, mar a chuirim gach seachtain. Is cinnte go mbaineann sé le hOifig na mBillí ach táim cinnte go bhfuil tuairim ag an Aire Stáit. Bíonn tuairim an Aire Stáit á lorg agam i gcónaí ó thaobh cé chomh tábhachtach is atá sé rud a dhéanamh. Ní féidir glacadh le "féadfaidh". Tá sé ró-oscailte agus róscaoilte. Más rud é go bhfuil an tAire Stáit i ndáiríre faoin ngéarchéim atá ann agus faoi cé chomh tábhachtach is atá sé rud a dhéanamh go práinneach, caithfimid a thuairim a chloisteáil. An aontaíonn sé linn nach féidir glacadh le "féadfaidh" agus go bhfuil gá le "déanfaidh"? Táimid go léir ag obair le chéile agus ag tabhairt aitheantais don ghéarchéim atá ann. Is é sin mo phointe. Ó thaobh m'imní, ba mhaith liom teacht ar ais air seo nuair atá an fiosrúchán críochnaithe ag Oifig na mBillí.

Tuigim imní an Teachta. Táimid ag fós ag fanacht ar litir ar ais ón gCeann Comhairle. Beidh deis againn é sin a phlé nuair a thagann an litir sin ar ais.

Nílim sásta leis an bhfreagra go bhfuil leasú Uimh. 42 as ord. Níl aon chostas breise ag baint le fógairtí, fógráin, comharthaí ná ceannteidil a fhoilseofar sa todhchaí. Is Bille é seo chun úsáid na Gaolainne a chur chun cinn agus an Stát ag déanamh cumarsáide leis an bpobal nó ag soláthar seirbhísí dó. Is é an rud is simplí agus is bunúsaí é sin. Is iad na comharthaí bóithre an chéad rud a fheiceann daoine nuair a thagann siad isteach in Éirinn. Féadfaidh an tAire cinneadh a dhéanamh i leith ábhair agus leagan amach aon chomhartha a dhéanfar. San alt atá molta, deirtear "maidir le haon sín tráchta a chuirfear in airde in aon suíomh sa Stát, is i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh sí d’ainneoin aon achtachán eile." Mar sin, nuair atá comhartha bóithre nó sín bóithre á aistriú, d'fhéadfaí ceann as Gaeilge a chur in airde ina ionad.

Tá a fhios ag gach éinne gur tháinig na hinnealtóirí go hÉirinn suas le 200 bliain ó shin chun na logainmneacha a aistriú ó Ghaeilge go dtí Béarla na banríona. Ghoid siad na logainmneacha Gaolainne uainn. Lean muid ar aghaidh leis an díshealbhú sin, nó an eviction mar a thug Brian Friel air sa dráma Translations, agus táimid ag leanúint ar aghaidh sa treo chéanna fós mar tá an Ghaeilge sa dara áit go fóill. Tá faillí déanta uirthi. Chun comparáid a dhéanamh le tíortha cosúil leis an Albain agus an Bhreatain Beag, feictear ainmneacha na gcathracha agus na mbailte i mBéarla anseo ach sa Bhreatain Beag is Abertawe a fheictear ar na comharthaí bóithre seachas Swansea agus daoine ag dul chuig an ferry. In Éirinn, tá na comharthaí seo i mBéarla agus na focail as Gaeilge iodálach agus íseal orthu. Níl sé sin ceart. An bhfuilimid beagáinín náireach mar gheall ar ár dteanga dhúchais? Tagann formhór na logainmneacha ón nGaolainn. Nach bhfeiceann muid fiúntas sa Ghaolainn? An bhfuil muid bródúil aisti? Táimid ag cur sa dara háit í nó í a fhágáil in áit na leathphingine. Tá sé de dhualgas orainn an éagóir a dhein innealtóirí a cheartú agus is é seo an áit chun é sin a dhéanamh. Mar a deirtear san iarthar, tá obair na gcapall déanta ag daoine chun an Ghaolainn a neartú lasmuigh den Bhille seo. Tá sé sin i mbaol muna bhfuil muid in ann rud chomh bunúsach agus na comharthaí bóithre a athrú a dhéanamh.

Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 41 agus 42.

Beidh deis againn teacht ar ais go dtí na leasuithe sin ar Chéim na Tuarascála. Tá leasú Uimh. 43 as ord freisin toisc nach mbaineann sé le forálacha an Bhille, ach fós tabharfaidh mé 60 soicind don Teachta.

Is trua nach bhfuil freagra ón gCeann Comhairle againn go fóill mar, sa chás seo, measaim go bhfuil mearbhall ar Oifig na mBillí. Is é an rud a dúirt an oifig ná go bhfuil an leasú dícheadaithe toisc go bhfuil sé lasmuigh de scóip an Bhille. Is é an rud atá sa Bhille ná leasú ar an mbunAcht a rith muid in 2003 agus ar a fhorálacha. Luíonn sé seo go huile agus go hiomlán leis an bhforáil sin mar, leis an leasú seo, moltar go mbeidh lipéidí ar tháirgí a chuireann eolas fáisnéise in iúl dátheangach. Is é an ceannteideal atá ar an alt den Acht ó 2003 a bhfuil muid ag triail é a athrú ná "Dualgas comhlachtaí poiblí na teangacha oifigiúla a úsáid ar stáiseanóireacht oifigiúil, etc.".

Ní thuigim cár as ar tháinig sé. Níl mé chun plé mór a dhéanamh air ag an bpointe seo agus féachfaidh mé arís an féidir liom é a athrú chun go gcloífidh sé leis na rialacha nó cur chuige Oifig na mBillí. Tá sé seo tábhachtach mar de réir Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, déanfar rialacháin i ngach ballstát den Aontas Eorpach chun riachtanais teanga a chur ar lipéadú táirgí. Tá an dualgas orainn cheana féin. Ní hé go bhfuil mise ag cur dualgais bhreise anseo. Luíonn sé le scóip an Bhille agus b’fhéidir gur fiú dúinn smaoineamh air. Tá sé breis agus coicís ó scríobh muid ag an gCeann Comhairle agus bhí muid ag súil go mbeadh freagra faighte ar ais againn ag an bpointe seo faoi na leasuithe dícheadaithe. Má thagann freagra ag deireadh na Céime, beidh sé ró-dheireanach dúinn dul siar agus féachaint ar roinnt de na leasuithe cosúil leis seo nár chóir a bheith dícheadaithe. Tuigim cén fáth go raibh siad dícheadaithe i roinnt cásanna má bhí costas i gceist agus glacaim leis an gcinneadh óna thaobh sin. Tuigim chomh maith go bhféadfaí síleadh go bhfuil roinnt den stuif atá luaite lasmuigh de scóip an Bhille, ach sa chás seo, luíonn an leasú go huile agus go hiomlán le scóip an Bhille agus ba chóir dúinn glacadh leis.

B’fhéidir go ndéanfaimid fiosrúchán le hoifig an Chinn Comhairle faoin bhfreagra lena bhfuilimid ag fanacht.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 43.

Tá baint ag leasuithe Uimh. 44 agus 46 le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 44:

I leathanach 9, idir línte 16 agus 17, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (2), trí “nó ar na meáin shóisialta” a chur isteach i ndiaidh “leis an bpost leictreonach”.”.

Tá muid tar éis a lán cainte a dhéanamh faoi bhun-Acht 2003. Tá an domhan athraithe go huile agus go hiomlán ó 2003 ar aghaidh agus tá roinnt den fhoclaíocht a bhí i gceist ag an am as dáta. Nuair a thugtar Bille nua chun tosaigh, déantar iarracht é a uasdátú, agus an t-athrú is mó agus is suntasaí atá tar éis tarlú ná an tslí ina ndéanann an pobal i gcoitinne teagmháil lena chéile agus leis an státchóras. Ní amháin go ndéanann siad i scríbhinn é, ar an bhfón nó trí phost leictreonach, ach déanann siad trí na meáin shóisialta é chomh maith. Nílimid ach ag déanamh iarrachta an méid sin a chur isteach i ndiaidh an rud atá luaite sa bhun-Acht. Deir alt 9(2) den Acht, "I gcás ina ndéanfaidh duine cumarsáid i dteanga oifigiúil le comhlacht poiblí, i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach, freagróidh an comhlacht poiblí sa teanga chéanna." Tá sé de cheart ag daoine, má scríobhann siad ag an státchóras nó má dhéanann siad teagmháil leis in aon bhealach, freagra a fháil ar ais as Gaeilge. Níl i leasú Uimh. 44 ach soiléiriú ar an méid sin den dualgas atá ag na comhlachtaí cheana féin so níl mé ag cur breis dualgais orthu. Sin dualgas atá orthu cheana féin.

Tá leasú Uimh. 46 bunaithe ar mholadh a tháinig ó Chonradh na Gaeilge don chomhchoiste ar an gcéim réamh-reachtaíochta chun coinníoll teanga a dhaingniú ar ábhar margaíochta ó chomhlachtaí poiblí. Bhí sé i gceist ag alt 9(3) go mbeadh gach cumarsáid leis an bpobal ó chomhlacht poiblí trí Ghaeilge nó dátheangach, ach tá sé ráite ag comhlachtaí nach ionann cumarsáid chun faisnéis a thabhairt agus margaíocht. Toisc sin, tá siad ag seachaint an dualgas atá in ainm a bheith ann in alt 9 den Acht reatha maidir le hábhar margaíochta. Má dhéanann Roinn nó comhlacht poiblí teagmháil ar bith leis an bpobal, ba chóir go mbeadh an teagmháil sin dhátheangach nó i nGaeilge amháin. Ní chóir go mbeadh orainn aon leasú a chur ann chun é sin a shoiléiriú ach is léir go bhfuil gá. Tá comhlachtaí ar nós An Post nó an HSE ag leanúint leo ag cur ábhar margaíochta amach trí Bhéarla agus is masla é sin. Nuair a bhí Julian de Spáinn, ard-rúnaí Chonradh na Gaeilge, os comhair an chomhchoiste Gaeilge in 2018, dúirt sé:

Faighimse rudaí i mo bhosca poist go rialta agus den chuid is mó bíonn siad as Béarla amháin. An fáth leis sin ná go bhfuil solúbthacht fágtha san Acht atá ann faoi láthair i gcúrsaí margaíochta agus eile. Tá gá ann é sin a bhaint amach agus a chinntiú nach dtarlóidh sé a thuilleadh.

Tá an ceart aige faoi sin. Nuair atá solúbthacht ann, úsáideann comhlachtaí Stáit nó comhlachtaí poiblí nach bhfuil an Ghaeilge chun tosaigh acu an tsolúbthacht sin sa chaoi nach gá dóibh déanamh mar ba chóir dóibh. Chinnteodh an leasú seo nach mbeadh feidhm ag an mbréag-eisceacht agus an tsolúbthacht a úsáideann siad agus nach mbeadh aon eisceacht ann i gcás margaíochta d’aon seirbhís a chuireann comhlacht Stáit ar fáil ach an oiread.

Tá an leasú seo beagnach mar an gcéanna le leasú Uimh. 50, atá molta ag a lán Teachtaí eile, ach tá sé níos cóngaraí don mholadh ó Chonradh na Gaeilge. An difríocht idir leasú Uimh. 46 agus leasú Uimh. 50 ná go bhfuilimid ag dul níos faide ná sin chun margaíocht ar son chomhlachtaí poiblí nó seirbhísí dá gcuid a chlúdach freisin. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann díriú isteach ar an dá leasú seo agus glacadh leo chun soiléiriú a thabhairt ar cad a bhí i gceist sa bhun-am nuair a chuireamar an reachtaíocht seo le chéile agus nuair a ghlac muid leis in 2010.

Níl aon amhras orm ach dá mbeadh na meáin shóisialta ann nuair a achtaíodh an Bille in 2003 go mbeadh siad clúdaithe ann. Tá ciall leis an rud atá á mholadh, ar fhaitíos go bhfuil aon mhíthuiscint faoi céard a bhí i gceist le meáin leictreonacha. Bheadh súil agam go mbreathnódh an tAire Stáit go fabhrach air sin.

Is trua nach bhfuilimid ag plé leasuithe Uimh. 46 agus 50 le chéile. Fanfaidh mé go mbeimid ag plé leasú Uimh. 50, ó tharlaigh go bhfuil m’ainm féin thíos leis, ach tá gá go mbeadh an t-ábhar seo clúdaithe.

Maidir le leasú Uimh. 44, pé slí go mbeadh saoránaigh ag dul i dteagmháil leis an gcóras Stáit, bheidís ag súil go mbeadh an teagmháil ar ais arís sa teanga chéanna, pé acu Béarla nó Gaolainn. Bíodh go bhfuil siad ag glaoch isteach ag an gcuntar, ag scríobh, ag seoladh ríomhphost nó ar na meáin shóisialta, bheinn ag súil go mbeadh an deis sin ag daoine freagra a fháil ar ais arís as Gaolainn. Mar sin, tá tairbhe sa leasú.

Táim ag féachaint ar an Acht agus tá pé slí leictreonach leagtha amach ann ar dtús. Tá gach seans ann go mbeidh rud éigin difriúil seachas na meáin shóisialta atá againn anois ann i gceann cúig nó deich mbliana agus amach romhainn. Mar sin, bheadh sé úsáideach feabhas a chur ar an alt seo agus solúbthacht a chur ann chun go mbeadh gach teagmháil a bheadh daoine ag déanamh leis an státchóras clúdaithe agus go mbeadh an deis ag daoine an freagra a fháil ar ais as Gaolainn, pé córas a úsáideann siad.

Aontaím leis an Teachta maidir le leasú Uimh. 46. Tá solúbthacht san alt agus má tá mí-úsáid á bhaint as, ba chóir soiléiriú a thabhairt maidir leis. Iarraim ar an Aire Stáit féachaint an bhfuil slí dul i ngleic leis sin, má tá bearna ann go bhfuil á úsáid.

Tacaím leis an leasú seo. Ní thuigim cén fáth nach bhfuil leasú Uimh. 50 nasctha le leasuithe Uimh. 44 agus 46. Baineann siad le chéile i ndáiríre agus ba chóir dúinn iad a phlé le chéile. Mar atá, is dócha nach mbeidh fadhb ar bith ag an Aire Stáit leis an bhfrása “nó ar na meáin shóisialta” a chur isteach san alt seo. Clúdaíonn sé na hathruithe atá déanta. B’fhéidir go bhfuilimid ag cur ama amú má tá sé chun glacadh leis an athrú sin.

Tá leasú Uimh. 46 beagáinín níos leithne ná leasú Uimh. 50. Tiocfaidh mé ar ais ag leasú Uimh. 50 mar tá m’ainm air. Tugaim mo thacaíocht do leasú Uimh. 44 ar a laghad. B’fhéidir go mbeadh sé níos ciallmhaire leasuithe Uimh. 46 agus 50 a nascadh le chéile agus a phlé arís.

Is fiú é sin a dhéanamh. Is féidir leis an Leas-Chathaoirleach an cinneadh a dhéanamh na leasuithe a scaradh óna chéile nó a nascadh. Go háirithe, is fiú leasuithe Uimh. 46 agus 50 a thógáil le chéile mar is an rud ceannann céanna atá i gceist.

Níl mé chun dul in aghaidh Oifig na mBillí. Tá an tsaineolaíocht acusan.

Ní bheadh an Leas-Chathaoirleach ag déanamh aon mhórathrú. Beidh muid ag caint faoin rud ceannann céanna.

Déileálfaidh muid leis an leasú nuair a thagann muid aige. Glaoim ar an Aire Stáit.

Tá fiúntas ag baint leis an dá leasú seo. Tá pobal na tíre ag baint níos mó úsáide as na meáin shóisialta chun dul i dteagmháil le comhlachtaí poiblí agus ba cheart aghaidh a thabhairt air sin. Beidh mé ag tabhairt leasú nó leasuithe isteach ar an ábhar seo ar Chéim na Tuarascála. Ní fhéadfainn a lua go sonrach anois ar leasú ar alt atá sa Bhille cheana nó alt nua ar fad a bheidh i gceist. Beidh an cheist sin le plé leis an dréachtóir parlaiminte ach bheinn sásta oibriú leis na Teachtaí chun teacht ar an bhfoclaíocht chuí. Sa chúinse sin, b’fhéidir go mbeidh na Teachtaí sásta an dá leasú seo a tharraingt siar.

Glacaim leis sin agus tuigim an méid a bhí an Teachta Ó Muimhneacháin ag rá chomh maith. Is dócha go mbeidh rud éigin eile ann i gceann 20 bliain - b'fhéidir go mbeidh muid ag déanamh telepathy leis an Roinn, agus b’fhéidir go n-oibreoidh sé sin níos fearr ná aon rud go dtí seo. Níl fadhb agamsa leis an méid atá ráite ag an Aire Stáit - níl mé luachmhar nó precious faoi na focail sna leasuithe atá agam. Beidh mé sásta má fhéachann an tAire Stáit orthu agus má thagann sé ar ais le foclaíocht a théann le cad a deir na dréachtóirí nó a leithéid. Beidh mé ag cur na leasuithe isteach arís ar Chéim na Tuarascála, go dtí go bhfeicim cad atá an tAire Stáit ag moladh. Roimhe seo, dúradh linn go raibh leasuithe ag teacht agus níor tháinig siad agus bhí ceannteidil sa bhun-Bhille nár tháinig chun cinn. Tá mé sásta leasú Uimh. 44 a tharraingt siar agus tá mé sásta Uimh. 46 a tharraingt siar, chomh fada is go ndírímid isteach ar an gceist seo agus muid ag plé leasú Uimh. 50. Tá an dá rud chomh gaolta le chéile agus tá sé beagáinín aisteach nach bhfuil siad ceangailte. Tá sé beagáinín níos dáiríre ina lán bealaí, ó thaobh cumarsáide leis na Ranna.

Bíonn daoine ag rá i gcónaí má dhéanaimid teagmháil le Roinn nó aon rud eile gur chóir freagra a fháil sa teanga inár dhéileáil muid leo ach ní tharlaíonn sé. Is minic nár tharlaigh sé, fiú domsa mar Theachta Dála istigh anseo le déanaí, rud nár tharla roimhe seo. Tá a fhios agam go bhfuil constaicí ann faoi Covid agus a leithéid agus de bharr go bhfuil daoine ag obair ón mbaile. Níl mé ag caitheamh anuas ar na daoine sin. B’fhearr liom freagraí parlaiminte a fháil go deireanach seachas iad a fháil i malairt na teanga inar chuir mé isteach iad. Ní fhaighim freagra as Gaeilge ar cheisteanna a chur mé isteach i mBéarla. Is a mhalairt a tharlaíonn anois agus arís, nuair a fhaighim freagraí as Béarla ar cheisteanna i nGaeilge. Má fhaigheann mise iad istigh anseo, leis an gcóras agus an tacaíocht ar fad don Ghaeilge atá in ainm is a bheith anseo, cén seans atá ag an ngnáthphobal atá ag dul i dteagmháil le Ranna?

An fhadhb is mó atá ann maidir le comhfhreagras le Roinn Stáit nó aon dream eile ná go gcaithfidh daoine glacadh leis má scríobhann siad i nGaeilge go mbeidh moill i gceist leis an bhfreagra. Uaireanta ní dhéanann daoine an teagmháil mar gheall air sin. Caithfimid díriú isteach air sin am éigin, chun go bhfaighidh daoine an freagra san am ceannann céanna a gheobhadh siad freagra i mBéarla.

Mar a dúirt mé, táim sásta leasú Uimh. 44 a tharraingt siar ag an bpointe seo, agus leasú Uimh. 46 a tharraingt siar freisin chun díriú isteach ar na coincheapa céanna atá i gceist i gcás leasú Uimh. 50.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tá leasú Uimh. 45 as ord. Tabharfaidh mé 30 soicind don Teachta labhairt faoi.

Tá fadhb bhunúsach anseo arís leis an tslí inar tógadh cinneadh gur costas é seo. Muirear ar an ioncam atá i gceist ach níl aon ioncam breise i gceist sa leasú seo. Tuigim gur fhéach Oifig na mBíllí air agus gur sin an chiall a thóg siad amach as. Nílimid ach ag lorg go mbeadh 20% d'fhógraíocht chomhlachta as Gaeilge. Ní breis ná sin atá i gceist. Is cinneadh do na comhlachtaí é an gcaithfidh siad an t-airgead ar bhealach amháin. Níl sé seo ag cur iallach orthu airgead breise a chaitheamh. An rud a tharlódh, dá mbeadh an t-airgead céanna á chaitheamh, ná go mbeadh níos lú fógraíochta as Béarla ann. Sin an t-aon difríocht. Dá ndéarfaí go gcuireann an leasú as do pholasaí chomhlachta, that is fine mar sin atá i gceist agam, ach ó thaobh fógraíochta de ní bheadh aon chostas ann. Tá mé sásta dul ar aghaidh.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 45.

Tairgim leasú Uimh. 46:

I leathanach 9, idir línte 16 agus 17, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (3), trí “, lena n-áirítear aon ábhar margaíochta de chuid an chomhlachta nó aon ábhar lena ndéantar margaíocht ar an gcomhlacht poiblí féin nó ar a chuid seirbhísí,” a chur isteach idir “chun faisnéis” agus “a thabhairt”.”.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 47:

I leathanach 9, idir línte 16 agus 17, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Cuirfidh comhlacht poiblí an pobal ar an eolas, trí thairiscint ghníomhach, faoi na seirbhísí a fhéadfaidh daoine a fháil uaidh trí mheán na Gaeilge.”.”.

An rud atá i gceist anseo ná go gcuirfidh comhlachtaí poiblí an pobal ar an eolas trí thairiscint ghníomhach faoi na seirbhísí a d’fhéadfadh duine a fháil uathu trí mheán na Gaeilge. Tá muidne ag triail a chinntiú go mbeidh gach uile cheann de na seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge ach faoi láthair tá roinnt seirbhísí agus áiseanna ar fáil agus níl a fhios ag an bpobal i gcoitinne nó an pobal Gaeilge agus Gaeltachta go bhfuil siad ann. Déanann an leasú seo iarracht cur ina luí ar chomhlachtaí poiblí gur gá dóibh beart a dhéanamh chun cinntiú go mbeidh a fhios ag an bpobal fúthu. Ansin bheadh éileamh ar an tseirbhís trí Ghaeilge má tá sí ar fáil.

Thar na blianta, bhíodh daoine ag rá liom nach raibh aon duine ag cur isteach ar sheirbhísí áirithe. Luaigh mé roimhe seo an cheist mar gheall ar an bhfoirm don passport. Nuair a théadh daoine isteach ag stáisiún Garda á lorg, bhíodh na gardaí ag rá nach raibh siad acu mar nach mbíodh aon duine riamh á lorg. Níl sé de chead acu gan é sin a bheith ar fáil agus ba chóir go mbeadh an pobal ar an eolas go bhfuil sé ar fáil. Tháinig an t-ábhar seo chun cinn nuair a bhí an comhchoiste ag cur a thuarascáil le chéile. Luaitear an méid a dúirt Julian de Spáinn, ard-rúnaí Chonradh na Gaeilge, ar leathanach 173.

Dúirt sé leis an gcomhchoiste mura gcuirtear an pobal ar an eolas go leanúnach agus go gníomhach go bhfuil an ceart acu agus go bhfuil fáilte rompu na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil a úsáid, ní chuirfear go suntasach le húsáid na seirbhísí sin. Lean sé á rá nach bhfuil éileamh ar na seirbhísí céanna sin. Bhí an Coimisinéir Teanga ar an bport céanna le linn dó a bheith ag caint faoi. Tá an méid a bhí le rá aige sa tuarascáil freisin.

Tá sé i gceist i gceannteidil an Bhille seo nuair a foilsíodh iad in 2017 go mbeadh tairiscint ghníomhach i gceist maidir le seirbhísí comhlachtaí poiblí, ach níl sé sin sa Bhille nó i leasuithe an Aire Stáit. Níl a fhios agam an fáth a tarraingíodh siar é ón gcinneadh Rialtais a bhí ann mar is é an Rialtas a ghlac na ceannteidil ar an gcéad dul síos agus a chuir na forálacha a bhaineann leis sin chun cinn. Gan an pobal a chur ar an eolas faoi na seirbhísí nua a bheidh ar fáil trí Ghaeilge den chéad uair le hathrú polasaí earcaíochta agus soláthar, níl mórán maitheasa leis na hathruithe sin toisc nach mbeadh a fhios ag na daoine go bhfuil an t-athrú poirt tarlaithe. Má táimid ag lorg go mbeidh athrú á dhéanamh sna comhlachtaí, ní hamháin anois ach de réir an chaighdeáin teanga atá an tAire Stáit le cur chun cinn in ionad na scéimeanna teanga, béimid ag lorg go ndéanfaidh na comhlachtaí poiblí, na Ranna agus a leithéid breis seirbhísí a chur ar fáil. Má dhéanann siad é sin go rúnda, ní bheidh a fhios ag an bpobal agus beidh daoine ag caitheamh anuas ar na Ranna nach bhfuil na seirbhísí ar fáil. B’fhéidir, áfach, go bhfuil na seirbhísí ar fáil agus go bhfuil daoine curtha ar leataobh acu chun déileáil le hiarratais ón bpobal i nGaeilge, nó a leithéid, nó chun uimhir ghutháin a fhreagairt nuair a thagann glaoch isteach ó phobal na Gaeltachta atá ag iarraidh a ghnó a dhéanamh. B’fhéidir go bhfuilimid ag caitheamh anuas orthu gan chúis. Measaim féin nach bhfuilimid ach ba chóir go mbeadh sé ina chuid den dualgas é sin a fhógairt nuair atá siad ag déanamh fógraíochta ar rudaí eile. Ní leor é líne bheag ag bun an ruda á rá go bhfuil sé seo ar fáil as Gaeilge chomh maith. Ba chóir go mbeadh tús áite tugtha dó.

Le linn dom a bheith ag smaoineamh ar an leasú seo, is é an nod cainte a rith liom ná an ceann a dhéanann tagairt do chóras iompair. Deir daoine nár chóir tomhas a dhéanamh ar thógáil droichid trí an mhéid daoine atá ag snámh trasna na habhann a chomhaireamh. Tá sé díreach mar an gcéanna maidir le seirbhísí a chur ar fáil as Gaeilge. Den chuid is mó den am, ní bhíonn a fhios ag daoine go bhfuil na seirbhísí sin le fáil as Gaeilge. Ní féidir measúnú ceart a dhéanamh ar an éileamh nó líon na ndaoine ar mhaith leo an méid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge mura bhfuil an fheasacht sin ag daoine go bhfuil an Ghaeilge ann agus ar fáil dóibh chun a gcuid gnó a dhéanamh. Tá an leasú seo go maith. Tá an polasaí Gaeilge atá againn sa Chomhaontas Glas i bhfabhar an sórt leasaithe seo, is é sin mura bhfuil an t-eolas ag daoine faoi na seirbhísí seo.

Seachtain i ndiaidh seachtaine tá an Teachta Ó Conghaile ag rá go gcaithfimid daoine a mhealladh isteach go dtí an Ghaeilge agus úsáid na Gaeilge a leathnú amach. Mura bhfuil sé ar eolas ag daoine go bhfuil na seirbhísí seo ar fáil dóibh trí mheán na Gaeilge, ní rachaidh siad i dteagmháil leis an státchóras trí mheán na Gaeilge. Uaireanta, nuair a thograíonn duine a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, mothaítear go bhfuiltear ag cur isteach ar dhaoine. Níl sé sin ceart. Chaithfí go mbeidh daoine compordach a gcuid gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge nó an Bhéarla, is cuma cibé ceann, agus go mbeadh a fhios acu go bhfuil na seirbhísí sin ar fáil. Bheinn i bhfabhar an leasaithe seo.

Aontaím agus táim 100% taobh thiar den leasú seo. Níl i gceist ach leasú praiticiúil, i ndáiríre. Mar a luaigh an Teachta Ó Snodaigh, tá sé luaite sa tuarascáil ar leathanach 173. Bhí plé maidir leis seo ag an gcoiste agus ní dóigh liom go mbeidh fadhb ar bith ag an Aire Stáit arís maidir leis. Táimid ag rá gur rud thar a bheith dearfach é go mbeadh dualgas ar an gcomhlacht na seirbhísí atá aige a chur in iúl don phobal. Nuair a bhí na Ranna éagsúla os ár gcomhair ar an gcoiste, dúradh linn nach raibh éileamh ar an nGaeilge, ach ní raibh aon chaoi chun a mheasúnú an raibh nó nach raibh éileamh ann mar bhí muintir na Gaeilge agus na Gaeltachta tuirseach, traochta ag iarraidh seirbhísí a fhail trí Ghaeilge agus stop siad á n-iarraidh ansin. Ní féidir leanúint ar aghaidh i gcónaí ag iarraidh gnó a dhéanamh trí Ghaeilge mura bhfuiltear in ann duine a fhreagairt i nGaeilge.

Bheadh an leasú seo réamhghníomhach agus thar a bheith dearfach. Ní dóigh liom go bhfuil costas nó rud ar bith i gceist leis agus cloíonn sé leis an rud atá á dhéanamh againn anseo chun Bille i bhfad níos láidre a bheith ann, go mbeidh ciall leis an mBille seo agus toradh i gceist leis. Caithfear na seirbhísí atá ann a chur in iúl don phobal go réamhghníomhach. Tuigim go bhfuil sé sin go hiomlán ceart.

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an tairiscint ghníomhach, go háirithe chun daoine a spreagadh chun seirbhísí Gaeilge a éileamh agus a úsáid. Tuigim go bhfuil an tairiscint ghníomhach mar chuid lárnach den chur chuige ó thaobh cúrsaí teanga de sa Bhreatain Bheag. Ba mhaith liom a chinntiú go ndéanfaimid amhlaidh anseo in Éirinn, agus dá bhrí sin táim ag súil go mbeidh an tairiscint ghníomhach luaite go sonrach sna chaighdeáin teanga atá á reachtú agus ag teacht in áit na scéimeanna teanga. Ar an mbonn sin, ní féidir liom glacadh leis an leasú seo.

Ní thuigim an freagra sin agus níl míniú ar bith i gceist leis. Bheadh stádas i bhfad Éireann níos fearr ag an tairiscint ghníomhach dá mbeadh sé luaite go sonrach sa tslí atá i gceist anseo. Chuideodh sé leis na caighdeáin atá faoi chaibidil ag an Aire Stáit agus atá le bheith os ár gcomhair.

Deirim arís, mas féidir in aon chor sampla dréachta nó rud éigin a chur faoinár mbráid ag tabhairt le fios cad atá i gceist sa chaighdeán nó sna caighdeáin atá le bheith leagtha síos ag an Aire Stáit do chomhlachtaí difriúla mar ní fheicim go dtiocfaidh siad roimh dheireadh na Céime seo. Ar a laghad beidh tuairim éigin againn ansin agus ní bheidh muid ag déanamh díospóireachta sa dorchadas. Dhéanfaí é sin i bhfad Éireann níos éasca dúinn tuiscint a bheith againn faoin méid atá taobh thiar den diúltú dá leithéid de leasú mar seo.

Tá sé feicthe againn, mar a dúirt mé cheana, nach bhfuil sé maith go leor a rá linn go dtiocfaidh sé sin. Má tá athrú chomh suntasach i gceist ó thaobh na scéimeanna teanga de a bhí ann roimhe seo agus má táimid ag bogadh i dtreo caighdeán, caithfear é sin a roinnt linn ar bhealach éigin. Glacaim leis go bhfuil eolas éigin sa Roinn agus ag an Aire Stáit faoin méid go díreach atá chun tarlú cuibheasach gasta tar éis don Bhille seo a bheith achtaithe. Ní rún Fatima atá i gceist anseo. Nílimid ag lorg ach dréacht agus tuigimid nach bhfuil ann ach dréacht, is é sin sampla lenar féidir linn eolas nó tuiscint éigin a bheith againn faoi. Tá tuiscint agam faoin treo, nó ceapaim go dtuigim an treo, a bhfuil an Rialtas ag dul. B’fhéidir go mbeadh tuiscint dhifriúil ag an Teachta Ó Cuív faoi agus tá tuiscint ag gach duine. Is iad sin na tuairimí a bhímid ag roinnt leis an Aire Stáit.

B’fhéidir go bhfuil breall orm go huile is go hiomlán agus go bhfuil rud éigin eile i gceist. An féidir leis an Aire Stáit an dréacht sin a sholáthar in aon chor dúinn ionas go mbeidh an tuiscint sin againn? Mura bhfuil rud os ár gcomhair agus léiriú soiléir faoin méid atá i gceist, ní fheicim cén fáth nach mbeadh an tAire Stáit ag glacadh leis an leasú seo. Tá sé simplí agus níl aon chostas i gceist leis.

Tá an leasú ag iarraidh ar chomhlacht Stáit a chraobhscaoileadh don phobal atá sé in ainm is a bheith ag soláthar seirbhísí dóibh go bhfuil seirbhís ar fáil acu, i nGaeilge nó i mBéarla, ach i nGaeilge sa chás seo, ionas gur féidir leis an bpobal an tseirbhís sin a éileamh uathu. Dá réir, ní bheidh an tseirbhís ina suí ansin agus, ar shlí amháin, le hairgead agus am na ndaoine atá sé de ghnó acu an tseirbhís sin a chur ar fáil á chur amú ag an tseirbhís sin. D’fhéadfadh go bhfuil daoine atá fostaithe chun seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil ina suí istigh i seomra Ranna Stáit agus nach bhfuil a fhios ag aon duine go bhfuil siad ann, ar nós na ndaoine a dúradh liom fúthu a bhí in Ardoifig an Phoist sa rubber room agus nach raibh aon obair cheart leagtha amach dóibh agus gur shuigh siad ansin go dtí gur iarr duine éigin, tar éis cúpla bliain, faoin gcúis a bhí siad ag íoc a lán airgid don dream sin agus cuireadh iad chun obair éigin eile a dhéanamh. Má tá obair ann, agus tá sé ann mar tá seirbhísí Gaeilge á lorg againn, ba chóir go mbeadh a fhios againn go bhfuil na seirbhísí sin ar fáil. Ba chóir go mbeadh an tseirbhís ann ar aon chaoi ach dhéanfadh an leasú seo an bhearna a laghdú nó a mhaolú idir an t-am atá faoi láthair ann agus an t-am a bheadh gach uile sheirbhís sa státchóras ar fáil dúinn go dátheangach. Má tá daoine fostaithe nó má tá seirbhísí ann ba chóir go mbeadh a fhios againn go bhfuil siad ann agus gur féidir linn iad a éileamh dá réir.

Uaireanta, bíonn uimhreacha gutháin difriúla ann chun glaoch a dhéanamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge agus bíonn muid in ann cnaipe “A” nó “B” nó pé rud a bhrú, nó ar an suíomh idirlín brúnn muid an rogha "Gaeilge" seachas "Béarla", nó pé rud atá i gceist. Níl ann ach go mbeadh dualgas orthu na seirbhísí sin a chraobhscaoileadh. Ba chóir go mbeimid ag glacadh leis an leasú seo.

Tá spiorad an leasaithe seo thar cionn agus aontaím leis an Teachta Ó Snodaigh. Ba mhaith liom na dréacht-rialacháin, nó na caighdeáin mar a thugtar orthu anois, atá i gceist anseo a fheiceáil. Ní dóigh liom gur féidir déileáil leis an gceist áirithe seo in abairt amháin. Sula dtiocfaimid go deireadh Chéim an Choiste caithfimid suí síos agus plé a bheith againn ar chreatlach nó cibé rud a bheidh i gceist leis na caighdeáin agus dáta a bheith againn faoin uair a bheidh an chéad chaighdeán leagtha amach agus tagtha i bhfeidhm. Tá contúirt áirithe ann má táimid ag cur rudaí siar go dtí na caighdeáin. Nuair atáimid ag caitheamh an t-uafás ama ar Bhillí, b'fhéidir go bhfuil sé níos feiliúnaí deis a thabhairt don Aire nó don Aire Stáit rudaí áirithe a thabhairt ar aghaidh gan teacht ar ais go dtí an Teach, ach ní thagann na rudaí sin ar aghaidh i gconaí. Mar sin, tá pointe leis an rud agus an méid ata ráite ag an Teachta Ó Snodaigh. Ba mhaith liom an creatlach do na caighdeáin, agus sprioc-am cinnte faoi cén uair a bheidh na caighdeáin seo i bhfeidhm, a fheiceáil.

Déanfaidh mé cúpla pointe gasta. Aontaím leis an Teachta Ó Cuív agus leis an spiorad atá á bhaint amach ag an Teachta Ó Snodaigh fosta. B’fhéidir go mbeidh seans ag an Aire Stáit, againn agus ag a chomhghleacaithe amharc arís ar an bpointe seo. B'fhéidir nach mbeidh an tAire Stáit agus a chuid oifigigh ábalta aon rud a dhéanamh ar an leasú seo ach, mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, ba mhaith an rud é dá mbeadh comhrá againn sa choiste maidir leis na rudaí seo a bhogadh chun cinn.

Ní thuigim an fáth go bhfuil fadhb maidir leis an bhforáil seo a chur sa reachtaíocht. Is rud dearfach amach is amach é na seirbhísí trí Ghaeilge atá ar fáil ag an gcomhlacht a chur in iúl. Is é an rud a chuireann isteach orm ná go dtagraíonn an teideal atá ar alt 9 den Phríomh-Acht do na "comhlachtaí poiblí". Tá leasuithe curtha isteach ag Sinn Féin, agam féin freisin, agus ag Teachtaí Dála eile. Aontaím go huile is go hiomlán leis an leasú seo. Ní mór dúinn teacht ar ais go dtí na "comhlachtaí poiblí" agus na dualgais agus na freagrachtaí atá orthu. Ba cheart go mbeadh sé sin leagtha síos go soiléir sa reachtaíocht.

Nuair a léim ar aghaidh, tá leasuithe eile agam díreach ó mholtaí an choiste seo agus tá siad rialaithe as ord. Cuireann na leasuithe seo síos ar na freagrachtaí ba chóir go mbeadh ag comhlachtaí poiblí. Táimid ag breathnú ar chomhlachtaí poiblí, ní ina hiomlán, agus chomh tábhachtach is atá an ról atá acu ó thaobh na Gaeilge de. Ba mhaith liom am éigin teacht ar ais go dtí an teideal sin, go dtí an méid atá foghlamtha ag an Aire Stáit agus ag an Roinn maidir leis na leasuithe atá againn agus go dtí an rud atáimid ag iarraidh a chur chun cinn ó thaobh na gcomhlachtaí poiblí de. An dtuigeann an tAire Stáit mé? Seachas píosa a chur sa reachtaíocht agus píosa eile sna chaighdeáin, ba cheart aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann leis an mhír sin in Acht 2003, in éineacht leis na leasuithe iomlána atáimid ag iarraidh a chur chun cinn. Aontaím leis an leasú seo ach leis an caveat sin go mba chóir dúinn teacht ar ais agus díospóireacht chiallmhar a bheith againn faoi chomhlachtaí poiblí, an ról atá acu, agus an méid atá tábhachtach a bheith curtha sa Bhille.

Tuigim go bhfuil an cheist seo an-tábhachtach. Táimid ag iarraidh go mbeidh teagmháil againn maidir leis an méid a bheidh leagtha amach sna caighdeáin. Mar a dúirt mé, beidh an tairiscint ghníomhach luaite go sonrach sna chaighdeáin teanga atá le reachtú agus le teacht in áit chórais na scéimeanna teanga. Beidh mé i dteagmháil leis na Teachtaí chun ceist na gcaighdeáin teanga a phlé agus beidh na caighdeáin níos soiléire de bharr an phróisis seo.

Tá brón orm. Tuigim an méid atá á rá ag an Aire Stáit. Mar a dúirt mé, ní chóir go mbeadh na caighdeáin atá á leagan amach ag an Aire Stáit chomh rúnda sin. Impím air arís agus ní dúirt sé fós linn an mbeidh sé sásta cuid den eolas sin a roinnt linn go hoscailte. Is é an fáth go bhfuil an Bille seo os ár gcomhair ná go raibh an oiread sin gearán faoin teip ó thaobh na scéimeanna de. B’fhéidir gur chóir go mbeadh an gearán faoin gcur chuige seachas faoi na scéimeanna féin. Ní maith liom go mbeimis ag teacht ar ais arís i gceann cúig nó deich mbliana eile agus daoine á rá nár chóir dóibh muinín a bheith acu as an méid a bhí á rá ag an Aire Stáit go ndéanfadh sé é seo. Is í an fhadhb atá agam ná nach bhfuil a fhios againn faoin méid atá ag tarlú. An mbeidh an tAire Stáit ag déanamh na gcaighdeáin seo ar bhonn ionstraim reachtúil, nó an mbeidh siad ag teacht os comhair Thithe an Oireachtais arís? Is é sin le rá go mbeidh an cinneadh ag an Aire Stáit amháin ó thaobh na caighdeáin nua a bheidh á leagan amach aige agus an méid a bheidh ann, seachas an méid atá leagtha amach sa Bhille. Níl sé soiléir nó oscailte go leor dom. Níl mé sásta é a tharraingt siar toisc go bhfuil sé chomh bunúsach. Ní cheart go mbeadh aon chostas nó dabht ann. Ní chóir go mbeadh aon ualach i gceist ó thaobh an méid atá sa leasú seo. Cheap mé gur leasú simplí a bhí ann. Dá mbeadh an tAire Stáit tar éis a rá liom an leasú a tharraingt siar mar gheall go gcuirfí foclaíocht dhifriúil sa Bhille, b'fhéidir go mbeadh sé sin go maith.

Is é an rud atá á rá ag an Aire Stáit ná go mbeidh sé ag déileáil leis seo nuair a bheidh sé ag déileáil leis na caighdeáin seachas go mbeidh leasú difriúil nó foclaíocht dhifriúil bunaithe ar an méid a bheidh le rá ag na dréachtóirí. Táim den tuairim gur chóir dom an leasú seo a bhrú.

Cosúil le Cinderella agus meán oíche, tá sé 3 a chlog. Dá réir, caithfimid an cruinniú seo a chur ar athló mar a bhí aontaithe againn ag tús an chruinnithe.

An bhfuil aon seans chun teacht isteach níos déanaí?

Níl. Ní dhéanaim na rialacha Covid-19 sa Teach. Caithfimid an cruinniú a chríochnú. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire Stáit, lena hoifigigh agus le gach duine. Tosóimid arís ar ár mbreithniú ar an mBille ag an gcéad cruinniú eile, ar an 16 Feabhra, ar 1 p.m. anseo i Seomra na Dála. Iarraim ar an Aire Stáit, atá ar an gCoiste Gnó, ar mhiste leis iarracht a dhéanamh maidir leis an gcoiste seo ag an bhfóram sin. Níl ach 47 leasú déanta againn. Tá níos mó ná 250 leasú eile le déanamh fós.

Ba mhaith liom é sin a rá ar bhealach eile, is é sin go bhfuil 47 leasú déanta againn.

Tá brón orm. Tá an glass half-full. Caithfimid rud a dhéanamh faoi.

Níl aon choiste sa Dáil an tseachtain seo chugainn.

Níl a fhios agam faoi sin. Ní dóigh liom go bhfuil. B'fhéidir gur mhiste leis an gcléireach scríobh go dtí an Ceann Comhairle faoin ábhar seo.

Tugadh tuairisc ar a ndearnadh; an Coiste do shuí arís.
Cuireadh an roghchoiste ar athló ar 3.02 p.m. go dtí 1 p.m., Dé Máirt, 16 Feabhra 2021.
Barr
Roinn