Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Tuesday, 16 Feb 2021

Gnó an Roghchoiste.

Leanfaidh an seisiún seo den chruinniú ar aghaidh go dtí 3 p.m. agus ag an am sin cuirfear an cruinniú ar athló go dtí 1 p.m. ar an 23 Feabhra, mura bhfuilimid críochnaithe faoin am sin. Cuirim fáilte roimh Phríomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit atá freagrach don Ghaeltacht, spóirt agus cosaint, an Teachta Chambers, agus roimh a oifigigh, Aodhán Mac Cormaic agus Micheál Ó Conaire. Is comhalta ex officio den roghchoiste é an tAire Stáit agus, mar sin, cuirfear san áireamh é i gcomhair an chóraim agus an liosta vótála. Tá leithscéal faighte agam ón Teachta Calleary. Tá súil aige a bheith linn roimh dheireadh an chruinnithe. Tá sé ina Chathaoirleach ar choiste eile faoi láthair.

Iarraim ar chomhaltaí na fóin póca a mhúchadh nó a chur ar mód ciúin. Meabhraím do chomhaltaí an gá cloí leis an achar sóisialta le linn an chruinnithe seo.

Tionóladh an cruinniú seo chun athbhreithniú a dhéanamh ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Rachaimid ar aghaidh chuig an mBille agus leanfaimid ar aghaidh lenár mbreithniú air.

Barr
Roinn