Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Tuesday, 2 Mar 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

AILT NUA

Iarraim ar an Teachta Calleary dul i gceannas ar an gcruinniú.

Ghlac an Teachta Dara Calleary an Chathaoir.
Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 64 agus 65.

Tairgim leasú Uimh. 66:

I leathanach 9, líne 39, “Déanfaidh” a chur in ionad “Féadfaidh”.

Is é an leasú atá agam anseo ná leasú mar gheall ar cheist faoi ainmneacha agus seoltaí agus go mbeimis ag déanamh athrú agus cinnte de maidir lena leithéid. Seachas “féadfaidh”, molaim go mbeimis ag bogadh go dtí “déanfaidh” agus go mbeimis ag cur leis an mBille agus ag déanamh cinnte de nach mbeidh sé lag nuair a bheidh dualgais i gceist. Seachas "go bhféadfaidh" is é "go ndéanfaidh" an tAire Stáit treoirlínte a ullmhú agus a eisiúint chun a chur in iúl do na comhlachtaí poiblí conas ainmneacha Gaelacha a úsáid agus a thaifeadadh i gceart, is é seo an séimhiú nó an consan as Gaeilge a úsáid. Is trua nach luaitear an síneadh fada ar an nguta sa Ghaeilge sna treoirlínte sin. Táimid ag déanamh cinnte de go dtarlóidh an t-athrú sin.

Tá leasú eile agam, leasú Uimh. 69, atá gaolmhar leis an gceann seo. Tá sé i gceist ansin go mbeidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí na treoirlínte a chomhlíonadh ach dícheadaíodh an leasú seo. Is rud beagáinín seafóideach é seo mar deirtear go bhfuil costas i gceist arís. Is ait go bhfuil costas i gceist nuair atá aitheantas á dhéanamh ar ainm duine agus stóráil a dhéanamh ar ainmneacha agus seoltaí i gcéad theanga na tíre, an teanga náisiúnta. Ar a laghad cinnteoidh leasú Uimh. 66 go bhfoilseoidh an tAire Stáit na treoirlínte seo. Ní cóir go mbeadh sé de rogha ag an Aire Stáit gan treoirlínte a fhoilsiú mar is é sin atá i gceist leis, má fhágaimid é mar atá sé, is é sin “go bhféadfaidh” sé é sin a dhéanamh.

Glaoim ar an Aire Stáit labhairt anois.

Ar dtús báire ba mhaith liom a rá go bhfuil sé deas go bhfuilimid ag plé an Bhille seo sa Dáil agus Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil. Mar chuid den cheiliúradh, beidh ráitis sa Dáil ar an nGaeilge amárach. Tá áthas orm go mbeidh an Taoiseach ag cur tús leis na ráitis sin. Is léiriú eile é sin ar thiomantas an Rialtais seo ó thaobh na teanga de.

Baineann leasú Uimh. 66 le treoirlínte a ullmhú agus a eisiúint maidir le dualgais chomhlachtaí poiblí i ndáil le hainmneacha, seoltaí agus teidil i nGaeilge. Beidh treoirlínte den chineál seo ina chuidiú mór do chomhlachtaí poiblí chun tacú leo a gcuid dualgas nua faoin mBille seo a chomhlíonadh. Sílim go ndéanfadh sé sin ciall nuair a sheolfaí treoirlínte do ailt 9B, 9C agus 9D den Bhille, is é sin dualgais chomhlachtaí poiblí maidir le foirmeacha éagsúla, lógónna agus ainmneacha lógónna na gcomhlachtaí reachtúla nuabhunaithe. Ní dóigh liom go mbeidh aon deacracht glacadh leis an leasú seo ach beidh orm teacht ar ais le moladh ar Chéim na Tuarascála. Ar an mbonn sin, b’fhéidir go mbeidh an Teachta sásta an leasú seo a tharraingt siar.

An bhfuil an Teachta Ó Snodaigh sásta é sin a dhéanamh?

Níl fadhb ar bith agam é a tharraingt siar agus fanacht le cinneadh ón Aire Stáit maidir leis an leasú seo. Tá sé tábhachtach go ndéanfar breithniú ceart air agus má tá aon fhadhb reachtúil ann, go ndéarfaidh an tAire Stáit amhlaidh linn faoi, más féidir leis, roimh Chéim na Tuarascála seachas é a chur an athuair agus an díospóireacht seo a bheith againn arís, mura bhfuil se chun glacadh leis. Ní fheicim go bhfuil aon chostas i gceist leis mar is treoirlíne atá ann seachas go bhfuil sé ina dhlí agus gur gá dó teacht i bhfeidhm láithreach bonn. Tá Gaeilgeoirí ag súil go mbeidh an t-aitheantas seo ann agus gur féidir leo a chur ina luí ar chomhlachtaí Stáit agus, fiú amháin, ar chomhlachtaí príobháideacha atá ag brath ar airgead an Stáit amach anseo, go mbeidh siadsan ag déanamh taifeadadh ceart ar ár n-ainmneacha agus ár seoltaí. Agus an méid sin ráite agam, táim chun leasú Uimh. 66 a tharraingt siar.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Bogaimid ar aghaidh anois le leasú Uimh. 67 in ainm na dTeachtaí Ó Snodaigh, Ó Dálaigh agus Ní Fhearghail. Tá leasuithe Uimh. 67, 72 agus 76 gaolmhar agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 67:

I leathanach 9, líne 39, “leis an gCoiste Comhairleach, leis an gCoimisinéir Teanga, agus” a chur isteach i ndiaidh “a dhéanamh”.

Sa Bhille mar atá sé, tá sé i gceist go mbeidh an tAire Stáit ag déanamh cibé cinneadh a ghlacfaidh sé le linn dó nó di na treoirlínte a ullmhú agus go mbeidh sé ag dul i dteagmháil leis na hAirí eile agus dá réir leis na comhlachtaí atá faoina réim.

Le leasú Uimh. 67 tá mise ag iarraidh, ní amháin go rachadh an tAire i dteagmháil leis na hAirí eile, ach go bpléifeadh sé é seo leis an gcoiste comhairleach atá á bhunú aige, agus leis an gCoimisinéir Teanga, chun go mbeadh cur isteach acusan san obair seo.

Ó thaobh leasú Uimh. 72, faoi fhoráil 9A(4)(d), lena bhfuilimid ag plé anseo, tugtar cead don Aire na treoirlínte maidir leis na hainmneacha agus na seoltaí a athmheas as a stuaim féin gan comhairle ó aon duine. Ligfeadh sé sin don Aire dul siar ar chearta teanga agus ní chóir go mbeadh an deis sin ann. D’fhéadfadh Aire nach bhfuil dúil aige nó aici sa Ghaeilge, nó atá faoi bhrú ó Ranna eile atá ag rá go bhfuil rialacha mar gheall ar úsáid ainmneacha róchostasach, céim chun cúil a thógáil ina leith. Níl mé ag rá gur sin atá i gceist ag an Aire Stáit ach, thar na blianta, ba sin ceann de na leithscéalta a bhí ag Airí difriúla, a dúirt go raibh rudaí ródheacair agus róchostasach. Ní raibh an fuadar fúthu atá sa Roinn faoi láthair chun cinntiú go bhfuil na cearta seo á thabhairt. Ní tabhairt atá i gceist mar tá na cearta ann cheana, ach is gá éifeacht a thabhairt do na cearta atá ann agus gur chóir a bheith ann. Chinnteodh leasú Uimh. 72 nach bhféadfadh an tAire na treoirlínte a hathmheas gan comhchomhairle a dhéanamh leis na saineolaithe, rud a chuirfeadh constaic i ngníomh dul ar chúl. Ní fheicim go ndéarfadh aon saineolaí le hAire tarraingt siar ó chinneadh dearfach maidir leis an Ghaeilge.

Tá leasú Uimh. 76 gaolta le leasú Uimh. 67. Is beagnach an rud ceannann céanna atá ann. Chuirfeadh sé dualgas ar an Aire dul i gcomhairle leis an gcoiste comhairleach agus leis an gCoimisinéir Teanga. Chinnteodh sé go ndéanfadh an tAire é sin, seachas an tslí atá ann faoi láthair, áit nach dtéann sé i gcomhairle ach le hAirí difriúla. Tá fadhb mhór ann mar go mbíonn Ranna ró-choimeádach go minic sa chur chuige atá acu chun éifeacht a thabhairt do chearta atá againne de réir an Bhunreachta. Nílimid ag lorg cearta nua nó fráma nó creatlach nua de chearta. Táimid ag lorg go mbeadh éifeacht ag na cearta atá againn agus go mbeadh siad ann go huathoibríoch. Tá dualgas ar na Ranna difriúla na cearta sin a chosaint agus éifeacht a thabhairt dóibh. Níl sé sin ag tarlú faoi láthair agus an rud a tharlaíonn ansin ná go mbíonn muidne cosúil le cancráin ag gearán agus ag gearán. Ní sin an chaoi gur chóir go mbeadh rudaí. Tá a lán fuinnimh caite ag gluaiseacht na Gaeilge ag gearán agus ag troid leis an Stát chun cinntiú go bhfuil éifeacht lena gcearta. Seachas a bheith ag cur lena gceantair nó ag caitheamh an fhuinnimh sin ar rudaí a chuirfeadh an Ghaeilge chun cinn agus a chuirfeadh le fás na Gaeilge, tá achrann á tharraingt. Níor chóir don achrann sin a bheith á tharraingt ach amháin mura bhfuil na cearta á thabhairt dóibh. Sin an fáth go bhfuil gearáin ann agus gur chóir go ndéantar gearáin.

An cuma atá ar rudaí go dtí seo ná má fhanann daoine ar an státchóras chun cinntiú go bhfuil an Ghaeilge curtha chun cinn, beidh siad ag fanacht go deo na ndeor. Sin an fáth go mbíonn raic, gluaiseacht, argóintí agus feachtais i measc na nGaeilgeoirí sa Stát seo agus ó Thuaidh chun na cearta atá acu a fháil. An fáth gur luaigh mé an coiste comhairleach ná mar go bhfuil sé luaite sa reachtaíocht. Sin iad na saineolaithe a bheadh in ann féachaint ar gach uile Roinn agus gach uile chomhlacht poiblí chun déanamh cinnte de nach bhfuil siad ag loic ar na cearta sin, chomh maith leis an gCoimisinéir Teanga, an príomh-dhuine a bhíonn muidne ag treorú ár ngearáin faoin státchóras chuige. Bheadh tuiscint aige ar conas gur féidir dul i ngleic leis an státchóras chun cinntiú go dtarlaíonn rudaí mar atá siad leagtha amach ag an Aire sa chéad dul síos, agus nach bhfuilimid ag brath ar Ranna nó státseirbhísigh atá coimeádach, atá eagla orthu aon athrú a dhéanamh, nó atá eagla orthu go mbeidh costas éigin ann, in ainneoin nár chóir go mbeadh costas i gceist anseo in aon chor.

Tá sé fíorthábhachtach d’fheidhmiú éifeachtach na reachtaíochta seo go mbeidh discréid ag an Aire maidir le feidhmiú forálacha áirithe atá sonraithe sa Bhille. Mar atá curtha in iúl agam cheana, is príomhchuspóir an Bhille seo ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón tseirbhís phoiblí ar chaighdeán níos airde. Chuige sin, faoi alt 6 den Bhille, nó alt 18A den príomh-Acht, tá coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge le bunú. Leagtar amach feidhmeanna an choiste in alt 18C. Tá obair fhíorthábhachtach le déanamh aige maidir le soláthar seirbhísí i nGaeilge agus maidir le cúrsaí earcaíochta. Ní feidhm é don choiste comhairleach treoir a thabhairt maidir le leagan amach foirmeacha. Ar an gcaoi chéanna, leagtar amach feidhmeanna an Choimisinéara Teanga in alt 21 den phríomh-Acht. Tá sé i gceist againn cur leis na feidhmeanna sin trí leasú a thabharfadh cumhacht don Choimisinéir Teanga faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh aon achtachán a bhaineann le stádas nó úsáid na dteangacha oifigiúla ag comhlachtaí poiblí. Is dul chun cinn mór a bheidh anseo d’oifig an choimisinéara. Ní fheictear dom gur ról é don choimisinéir dul i mbun comhairle leis an Aire maidir le leagan amach foirmeacha.

É sin ráite, tá caidreamh an-mhaith ag an Roinn le hoifigigh an Choimisinéara Teanga agus táim lánchinnte go roinnfear tuairimí an choimisinéara ar ábhair a thagann faoina chúram le foireann na Roinne. Caithfear cuimhneamh freisin go bhfuil ról faireacháin ag an gCoimisinéir Teanga agus ní bheadh sé cuí go mbeadh sé i mbun oibre mar seo ar lámh amháin agus ansin ag déanamh faireacháin ar an obair chéanna ar an lámh eile. Mar sin, níl sé i gceist agam glacadh leis na leasuithe seo i láthair na huaire.

Tuigim cad atá á rá ag an Aire Stáit. Tá sórt fadhb ann ó thaobh an Choimisinéara Teanga ós rud é go mbeadh sé ag déanamh breithiúnais ar threoir a bhí tugtha aige féin. Tuigim é sin. Má ghlactar leis an loighic sin, bheadh sé an-deacair dó a lán den obair atá aige a dhéanamh mar is eisean a thugann an treoir nuair a dhéanann sé iniúchadh faireacháin ar chomhlacht nó a leithéid. Tugann sé moltaí ag an deireadh agus ansin féachann sé an bhfuil na moltaí sin comhlíonta. Mar sin, tá dhá ról aige cheana féin. Fiú leis sin, ba chóir go mbeadh an ról seo ann freisin. Níl ann ach comhairle don Aire. Ní hé go bhfuil sé leagtha síos aige nó go mbeadh an coimisinéir ag tógáil an cinneadh. Is é an tAire a bheadh ag glacadh an chinnidh sa chás seo. Táimid ag caint faoi fhoirmeacha oifigiúla. Ní bheadh ualach mór millteach i gceist. Don chuid is mó, leanann foirmeacha oifigiúla an template céanna. Tá an rud céanna i gceist ó thaobh conas gur chóir d’ainmneacha, seoltaí agus teidil a bheith coimeádta nó faoi thaifead ag comhlachtaí Stáit.

Fiú má smaoiním glacadh leis an méid atá ráite ag an Aire Stáit faoi na feidhmeanna atá ag an gCoimisinéir Teanga, mar atá leagtha síos in alt 21 den bhun-Acht, tá orainn féachaint ar an mbun-Acht mar sin atáimid ag leasú. Muna bhfuil na feidhmeanna atá ag an gcoimisinéir láidir go leor, nó más féidir linn cur leo agus go gcuideodh sé sin lena obair, ba chóir dúinn é sin a dhéanamh.

Má tá an Coimisinéir Teanga gafa sa phróiseas go luath nuair atá na comhlachtaí Stáit ag cur foirmeacha oifigiúla le chéile, beidh a lán fadhbanna nó a lán gearán réitithe aige nó aici cheana féin mar beidh an bhuncheist réitithe sula thiocfaidh an gearán.

Bhí an ceart ag an Aire Stáit sa tarna chuid den fhreagra a thug sé maidir leis an gcoiste comhairleach. Níl sé liostaithe sna feidhmeanna ach arís is féidir linn é a liostú más mian linn mar níl an coiste comhairleach sin ann. Táimid chun é a bhunú de réir an Bhille seo faoi alt 18C. Sin iad na feidhmeanna atá aige ach is féidir linn feidhmeanna breise a chur isteach. Tá mise ag lorg go mbeidh sé seo mar cheann de na feidhmeanna a bheadh aige, nó féachaint air sin agus treoir a thabhairt.

Sin an méid atá ann. Sa deireadh, is é an tAire Stáit, nó pé duine a bheidh ina phost amach anseo, a bheidh gafa leis seo agus a bheidh ag glacadh na cinntí faoi cén treoirlínte a leagfar síos. Mar a dúirt mé, is treoirlínte iad agus ansin is féidir leis an gCoimisinéir Teanga, muna bhfuil daoine ag cloí leo agus má tá daoine ag gearán faoi na foirmeacha nó an tslí atá na hainmneacha agus na seoltaí á dtaifead, is féidir leo gearán a dhéanamh. Ós rud é go mbeidh na treoirlínte ann, beidh an Coimisinéir Teanga in ann a rá nach bhfuiltear ag cloí leis na treoirlínte agus moladh a dhéanamh nó fíneáil a ghearradh má ghlacann an tAire Stáit leis gur chóir go mbeadh fíneáil ann nó pé bealach a dhéanfar déileáil leo siúd atá ag teacht salach ar na treoirlínte nó na forálacha atá sa Bhille seo.

Sin an loighic taobh thiar de. Níl mé sásta na leasuithe a tharraingt siar ar an gCéim seo. Tá sé tábhachtach go mbeidh an coiste comhairleach, an Coimisinéir Teanga agus an tAire ag obair le chéile, ach go háirithe nuair a táimid ag caint faoi Ranna agus faoi chomhlachtaí Stáit atá chomh coimeádach sin go bhfuilimid sa riocht ina bhfuilimid sa mhéid sin go bhfuil orainn tabhairt faoi reachtaíocht a rith chun chur ina luí ar an Stát an obair gur chóir go mbeadh sé ag déanamh cheana féin a dhéanamh.

An bhfuil an Teachta chun an leasú a bhrú?

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diultú dó.

Tá baint ag leasuithe Uimh. 68 agus 70 le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh 68:

I leathanach 9, líne 41, "laistigh de 3 mhí tar éis an t-alt seo a achtú" a chur isteach i ndiaidh "a eisiúint".

Baineann an dá leasú seo le heisiúint na treoirlínte, a raibh mé díreach ag caint fúthu, in alt 9A. Faoi láthair, ní hamháin nach bhfuil aon dualgas ar an Aire treoirlínte a eisiúint seachas go bhféadfadh sé nó sí iad a eisiúint, ach níl aon amchlár leagtha síos chun go ndéanfaidh sé nó sí é sin. Gan treoirlínte a bheith seolta chomh luath agus is féidir, ní dhéanfaidh na comhlachtaí poiblí na rialacha a chomhlíonadh fad agus a bhfuil siad ag fanacht orthu. Chonaic muid é sin ar fad nuair a ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 - d'fhan na comhlachtaí ar fad siar go dtí gur tugadh treoir dóibh. Tá mise ag moladh spriocdháta de trí mhí tar éis an Bille a achtú. Má tá an tAire Stáit ag iarraidh sé mhí a mholadh, is féidir é sin a dhéanamh. Ceann de na fadhbanna a d'aithin na heagrais Ghaeilge mar locht sa Bhille seo ná nach bhfuil amchlár leagtha síos agus go mbeidh muid ag fanacht go deo na ndeor le feiceáil an dtiocfaidh treoirlíne am éigin ó áit éigin agus i gcruth éigin.

Tá roinnt de na leasuithe a d'imigh roimhe seo sórt ceangailte leis seo, ach táimid ag iarraidh a dhéanamh cinnte de go mbeidh sé seo ag teacht agus go dtuigfidh na comhlachtaí é sin. Mar sin, má ghlacann an Rialtas leis seo anois, is féidir treoir a thabhairt do na comhlachtaí a bheith ag ullmhú do seo mar beidh a fhios acu go mbeidh treoirlínte ag teacht maidir leis na foirmeacha oifigiúla. Níl na foirmeacha i gceist le leasú Uimh. 68 ach na hainmneacha agus na seoltaí. Déantar déileáil leis na foirmeacha oifigiúla ar leathanach 11 den Bhille.

Níl anseo ach go mbeidh na treoirlínte foilsithe faoin am sin. Ní hé go bhfuil sprioc ann. Is féidir leis an Rialtas an sprioc a leagan síos sna treoirlínte. Maífear ansin cén uair go díreach a bheidh ar na comhlachtaí cloí leis na treoirlínte sin. Tá an spás sin ann. Gan na treoirlínte a bheith seolta chomh luath agus is féidir, ní dhéanfaidh na comhlachtaí na rialacha seo a chomhlíonadh. Is cúis eile é seo chun cearta a chur siar arís agus sin a tharlaíonn. Ní rud é seo a bhraitheann ar chomhlacht ar leith. Níl rialacha gramadaí difriúla ag baint le húsáid ainmneacha i gcomhlacht amháin ná mar atá i gcomhlacht eile. Mar sin, ní chóir go mbeadh aon ama ag teastáil chun ceisteanna a phlé nó chun treoirlínte éagsúla a chur ag baint le caighdeáin áirithe. Tá na rialacha a bhaineann le hainmneacha agus seoltaí á n-úsáid cheana féin. Níl le déanamh ach iad a chur le chéile. I gcás na hainmneacha sin, tá mise ag lorg go mbeidh sé sin déanta laistigh de trí mhí.

I gcás leasú Uimh. 70, táimid ag iarraidh go ndéanfaidh an tAire, a luaithe agus atá indéanta, aon treoirlíne a eiseofar faoi mhír a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Ranna. Tá a fhios againn ón bhforáil faoi Achtanna a achtú go dátheangach a luaithe agus atá indéanta, nach gciallaíonn an frása seo ach mañana mañana nó am éigin amach anseo. Mar a rinne mé tagairt dó cheana agus an Bille seo á phlé againn, nuair a bhíomar ag déanamh staidéar ar reachtaíocht agus ag iarraidh leasuithe a chumadh roimhe seo, bhíomar ag brath ar Achtanna a raibh foilsithe i mBéarla amháin fós. Sin rud atá mídhleathach i slí amháin agus bheadh sé an-spéisiúil dá mbeadh cúpla cás cúirte tógtha i gcoinne an Stáit as Gaeilge agus nach raibh an reachtaíocht ann. Tugadh an treoir sin dúinn san Oireachtas seo tamall maith de bhlianta ó shin. Ba é an Breitheamh Hardiman agus b'fhéidir breithiúna eile a rinne trácht air.

Tá sé tábhachtach, mar sin, go bhfuil dáta leagtha síos, go bhfuil sé cinntithe go bhfuil dáta ann agus go ndéanfar cloí leis an dáta sin sa mhéid agus is féidir. An rud atá i gceist agam ná go ndéanfaidh an tAire aon treoirlíne a eiseofar faoi alt 9A(4)(a) a fhoilsiú ar an dáta céanna a eiseofar iad. Tá sé cuibheasach soiléir go bhfuil luas ag teastáil faoi na forálacha seo, nach mbeidh muid ag fanacht go fada ar rud éigin teacht agus go mbeidh luas faoin mhéid atá an tAire chun déanamh maidir leis na treoirlínte sin.

Tá go leor teangacha ag an Teachta, an Spáinnis agus an Ghaeilge san áireamh.

Aon teanga in aon chor.

Cabhraíonn spriocdháta i gcónaí le daoine chun an aigne a dhíriú isteach ar chúrsaí.

Is mar an gcéanna é do na comhlachtaí agus na heagrais éagsúla atá ann. Tuigim go bhfuil an tAire Stáit ag leagan amach spriocanna éagsúla leis an mBille seo - an 20% i gcomhair 2030 agus a leithéid. Is rud dearfach é sin. Chabhródh sé go mór dá mba rud é go raibh spriocdháta nó tréimhse ama faoi leith leagtha amach, roinnt seachtainí nó roinnt míosa mar shampla. Chabhródh sé sin agus molaim don Aire Stáit féachaint ar an bhféidearthacht a leithéid de rud a chur san áireamh ann.

Is deas an rud é go bhfuil an díospóireacht ar siúl i rith Sheachtain na Gaeilge. Tacaím leis na leasuithe seo. Arís, níl i gceist ach leasuithe bunúsacha. Má táimid i ndáiríre faoin ngéarchéim atá ann, ní mór dúinn sprioc-amanna a leagan síos. Táim ag tnúth le freagra an Aire Stáit. Níl a lán le rá agam faoi seo. Tá na leasuithe praiticiúil agus ba chóir go mbeadh tacaíocht ón Stát dóibh. Fanfaidh mé ar fhreagra an Aire Stáit.

Mar a dúirt an Teachta Ní Chonghaile, is leasú bunúsach é seo. Is é an teachtaireacht is mó a chloiseann muid go léir ó na heagraíochtaí agus feachtais Ghaeilge go léir ná, más mian linn an Bille seo a threisiú, is é an rud is tábhachtaí ná spriocdhátaí agus spriocanna láidre a chur isteach ann. Táim dóchasach go mbeidh an tAire Stáit sásta féachaint ar an leasú seo chun an Bille a neartú beagáinín.

Gabhaim buíochas leis na Teachtaí. Maidir le leasú Uimh. 68, baineann alt 9 leis an dualgas atá ar chomhlachtaí poiblí maidir le hainmneacha, seoltaí agus teidil i nGaeilge. Díríonn an leasú seo ar na treoirlínte a d'fhéadfadh an tAire a réiteach le cuidiú leis na comhlachtaí poiblí a gcuid dualgas a bhaint amach. Tá ráite agam cheana go sílim go ndéanfadh sé ciall go mbeadh foráil cosúil leis seo ann maidir le treoirlínte d'ailt 9B, 9C agus 9D a moltar sa Bhille. Is iad sin na hailt a bhaineann le dualgais chomhlachtaí poiblí maidir le foirmeacha éagsúla, lógónna agus ainmneacha comhlachtaí reachtúla nuabhunaithe. Tá i gceist agam féachaint ar cheist na dtreoirlínte agus na hamlínte a bhaineann leo agus teacht ar ais le moladh ar Chéim na Tuarascála.

Níl i gceist agam glacadh le leasú Uimh. 70 toisc go bhfuil deacrachtaí praiticiúla leis an rud atá á mholadh. Ar lámh amháin, dá mbeadh fadhb leis an suíomh gréasáin ar an lá ar a n-eiseofar treoirlínte agus nach bhféadfaí iad a fhoilsiú go dtí an lá dár gcionn, bheadh an tAcht á shárú dá gcuirfí an leasú seo i bhfeidhm. Ní dóigh liom gurb é sin atá ag teastáil ón Teachta. Ar an lámh eile, má tá treoirlínte réidh agus iad eisithe, ní fheicim fáth ar bith nach mbeadh pé Aire atá ann sásta iad a fhoilsiú chomh luath agus is féidir. Mar sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as an méid a dúirt sé faoi leasú Uimh. 68. Tá súil agam go mbeidh toradh dearfach ar an athfhéachaint a bheidh ar bun aige maidir leis an leasú. Táim sásta é a tharraingt siar dá réir ach measaim gur gá go mbeadh spriocdhátaí leagtha síos.

Ó thaobh leasú Uimh. 70 de, is í an fhadhb atá ann ná an téarma "a luaithe is indéanta". Is é sin atá i gceist le reachtaíocht.

Moltar go dtarlódh sé go comhuaineach.

Tuigim é sin ach ní sin an rud atá ag tarlú. Nílim ar argóint leis an Teachta; tá an ceart aige.

Is ceart an rud é go dtarlódh sé go comhuaineach.

Tuigim. Tá an ceart ag an Teachta ach is é an cur chuige a luaitear sa Bhille ná "a luaithe is indéanta". Ní tharlaíonn sé sin. Cuirtear rudaí ar athló. Tabharfaidh mé sampla. Eisíodh plean mór ó thaobh Covid an tseachtain seo caite. Bhí fógraí i ngach áit. Bhí doiciméid foilsithe go huile is go hiomlán i mBéarla. Glacaim leis go bhfuil muid fós ag fanacht ar leagan Gaeilge den phlean don bhóthar atá romhainn maidir le Covid, leagan a bheidh réidh "a luaithe is indéanta". Níl sé ann go fóill. Níl sé ar líne. D'fhéach mé ar an suíomh arís ar maidin. Arís agus arís eile, fágtar Gaeilgeoirí ag fanacht ar dhoiciméid le dhá, trí nó ceithre seachtaine. Uaireanta, ní thagann siad riamh. Is ceann de na fadhbanna bunúsacha é sin. Tá sé i gcónaí indéanta. Ní cóir go n-eisítear rudaí i mBéarla munar féidir iad a eisiúint i nGaeilge ag an am céanna. Sa chás seo, tá i gceist go mbeadh sé foilsithe ar líne, i bhfoirm pháipéir nó pé bealach eile. Má tá sé beagáinín casta mar a scríobhtar é, is féidir liom é a tharraingt siar agus féachaint arís air ach is é sin an sórt coincheapa atá taobh thiar de seo, go dtarlódh rudaí go comhuaineach, mar atá luaite ag an Teachta Ó Cuív. Ní cóir go mbeadh aon rud ag fanacht riamh. Sa chás seo, ní cóir go mbeadh rud ráite gan é a bheith eisithe go poiblí chun gur féidir linn, mar phobal, féachaint air agus cinnte a dhéanamh go bhfuil sé i gceart. Má tá treoirlínte á n-eisiúint, ba cheart go bhfeicimid iad. Thar na blianta, tharla sé go raibh scéimeanna agus treoirlínte ann nach raibh ar fáil don phobal. Mar sin, ní raibh muid in ann dul chuig comhlacht nach raibh ag cloí leis na treoirlínte agus an méid a bhí i gceist a thaispeáint dó.

Maidir le leasú Uimh. 70, aontaím leis an Aire Stáit. Níl aon chúis ann nach bhfoilseofaí treoirlínte atá eisithe. Mura bhfoilseofaí iad, bheidís ar fáil faoin reachtaíocht freedom of information ar aon chaoi, so níl aon chiall le samhlú nach bhfoilseofaí iad. Is ceist eile ar fad cén teanga ina bhfoilseofaí iad ach glacaim leis go mbeadh treoirlínte den chineál sin i nGaeilge agus i mBéarla. Bheadh spéis agam a fháil amach ón Aire Stáit an mbeadh siad á réiteach i nGaeilge agus a aistriú go Béarla nó an samhlaíonn sé go mbeadh sé a mhalairt de bhealach thart.

An bhfuil leasú Uimh. 68 á bhrú ag an Teachta Ó Snodaigh?

Táim chun é a tharraingt siar mar a dúirt an tAire Stáit go bhfuil sé chun féachaint ar spriocdhátaí agus a leithéid athuair.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tá leasú Uimh. 69 as ord. Tabharfaidh mé 60 soicind don Teachta Ó Snodaigh le labhairt air.

Ba é an rud a bhí i gceist leis an leasú seo ná a chinntiú go mbeadh solúbthacht ann do chomhlachtaí Stáit. Is é "Beidh aird ag comhlacht poiblí ar na treoirlínte" atá sa Bhille mar atá. Tá solúbthacht i gceist. Is é an fáth go bhfuil sé seo dícheadaithe nó as ord ná go ndeirtear go mbeadh muirear ar an ioncam dá bharr. Ní cóir go mbeadh aon mhuirear ar an ioncam mar is féidir é a dhéanamh as Béarla. Cén fáth nach féidir é a dhéanamh as Gaeilge? Dá mbeadh gach rud as Gaeilge, geallaim go mbeadh na Béarlóirí sa tír ag gearán go bhfuil damáiste á dhéanamh dá gcearta mar Bhéarlóirí agus go dtiocfaí leasú go an-tapa. Caithfidh an státchóras i gcoitinne smaoineamh ar Ghaeilgeoirí. Dá gcuirfí "Béarlóirí" sa scéal in ionad "Gaeilgeoirí", thuigfí cad atá i gceist agus cén fáth go bhfuil Gaeilgeoirí ag gearán agus ag lorg éifeacht ár gcearta sa chás seo. Cén costas a bhainfí leis? Níl a fhios agam. Níl muid ag labhairt faoi threoirlínte a chomhlíonadh ach faoi chinnte a dhéanamh de go mbeadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí. Tá an leasú as ord so is féidir liom é a fhágáil ar an staid seo.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 69.

Tairgim leasú Uimh. 70:

I leathanach 11, línte 6 agus 7, “Déanfaidh an tAire aon treoirlínte a eiseofar faoi mhír (a) a fhoilsiú, ar an dáta céanna a eiseofar iad,” a chur in ionad “Déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta, aon treoirlínte a eiseofar faoi mhír (a) a fhoilsiú”.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.
Níor tairgeadh leasú Uimh. 71.

Tairgim leasú Uimh. 72:

I leathanach 11, líne 9, “tar éis dó nó di comhchomhairle a dhéanamh leis an gCoiste Comhairleach agus leis an gCoimisinéir Teanga,” a chur isteach i ndiaidh “an tAire,”.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá leasú Uimh. 73 as ord. Tá deis ag Teachta Ó Snodaigh labhairt anseo. Ní gá i láthair na huaire.

Níl aon ghá ach bhí sé i gceist leis seo dualgas a chur ar an Aire Stáit cinneadh aonarach a dhéanamh maidir le gach foirm de chuid gach comhlacht. Tá sé i gceist leis an leasú seo riail amháin uilíoch a chur i bhfeidhm le go mbeadh gach foirm i nGaeilge nó dátheangach ó 2025 ar aghaidh. Níl costas sa bhreis ag baint le foirm a chló as Gaeilge in áit í a bheith clóite as Béarla agus bheadh sé de rún ag an Aire Stáit ceachtar acu a roghnú nó costas sa bhreis a íoc chun foirmeacha dátheangacha a eisiúint. Is léir an fáth leis an dícheadú seo. Tuigeann Oifig na mBillí go mbeadh gá le dátheangachas in áit aonteangachas toisc nach nglacfaidh an státchóras nó an pobal a labhraíonn Béarla le haonteangachas Gaeilge, ach is cinneadh polaitiúil é sin agus ní cinneadh é mar gheall ar dhualgais reachtúla agus costais a bhaineann leis.

Is trua go bhfuil an leasú seo dícheadaithe ar bhonn costais mar ní gá go mbeadh costas i gceist, go háirithe sa lá atá inniu ann, áit nach gá foirmeacha a chlóbhualadh in aon chor. Is féidir iad a chur ar líne agus is féidir le duine pé ceann de na foirmeacha atá uathu a chlóbhualadh. Arís, téann an leasú seo lena lán de na leasuithe atá dícheadaithe, áit atá cinneadh déanta go bhfuil costas nó muirear ar an ioncam i gceist ach ní aontaím leis sin agus is bealach an-choimeádach é.

Críochnóidh mé leis seo agus lena rá go bhfuil deis ag an Aire Stáit, am ar bith - is féidir leis é seo a dhéanamh le haon cheann de ne leasuithe atá dícheadaithe anseo – féachaint orthu agus glacadh leo agus iad a chur chugainn ina ainm féin ar Chéim na Tuarascála, toisc go bhfuilimid tar éis an plé seo a dhéanamh agus na ceisteanna seo a ardú. Molaim dó é sin a dhéanamh, más féidir in aon chor.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 73.

Tá leasú Uimh. 74 as ord ach tá 60 soicind ag an Teachta Ó Conghaile más mian léi labhairt air.

Níl fuinneamh agam inniu mar táim bréan den phróiseas, i ndáiríre, leis na leasuithe go léir seo a bheith rialaithe as ord agus géarchéim i gceist. Níl a fhios agam cé mhéad uair is féidir liom athrá a dhéanamh ar an rud. Tá an tuarascáil agam agus bíonn sé agam gach uair atáim anseo agus chuireamar go léir an-bhéim, ar bhonn traspháirtí, ar na leasuithe atá as ord. Bhí gach duine a bhí ar an gcoiste sin as gach páirtí agus bhíomar go léir le chéile le linn dúinn an tuarascáil sin a fhoilsiú. Tá na leasuithe seo rialaithe anois as ord. Cad is féidir a rá? Impím ar an Aire Stáit breathnú air seo agus an tuarascáil a léamh. Is i mBealtaine 2018 a foilsíodh í, trí bliana ó shin i mBealtaine na bliana seo. Tá an tuarascáil seo anois as dáta agus tá géarchéim níos measa ann anois ná mar a bhí ag an am agus tá sé thar am dúinn dul i ngleic ar bhealach dearfa leis an dúshlán seo. Is í an Ghaeilge céad theanga na tíre agus ní mór dúinn beart a dhéanamh de réir ár mbriathair. Ní féidir leanúint ar aghaidh ar an gcaoi seo agus impím ar an Aire Stáit agus ar Fhianna Fáil an deis a ghlacadh an uair seo agus beart a dhéanamh de réir a bhriathair agus ár mbriathair.

Cuireadh in iúl dúinn ag tús an chruinnithe seo go bhfuil comhfhreagras ar ais ón gCeann Comhairle faoi na leasuithe agus táimid chun é sin a phlé amárach ag an gcruinniú dár gcuid ar 4 p.m. Glaoim ar an Teachta Ó Dálaigh anois.

Aontaím chomh maith leis an Teachta Ó Snodaigh agus an Teachta Ó Conghaile mar gheall ar leasuithe Uimh. 73 agus 74. Impím ar an Aire Stáit chomh maith féachaint arís ar na leasuithe seo agus iad a úsáid nuair atá an Bille seo ag teacht os comhair na Dála. Táim ag tnúth leis é a phlé amárach chomh maith leis na leasuithe eile.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 74.

Tairgim leasú Uimh. 75:

I leathanach 11, líne 16, “déanfaidh” a chur in ionad “féadfaidh”.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 76:

I leathanach 11, líne 17, “leis an gCoiste Comhairleach, leis an gCoimisinéir Teanga, agus” a chur isteach i ndiaidh “a dhéanamh”.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 77:

I leathanach 11, líne 20, “Déanfaidh” a chur in ionad “Féadfaidh”.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 78:

I leathanach 11, idir línte 24 agus 25, an méid seo a leanas a chur isteach:

“(2A) I gcás foirm oifigiúil i nGaeilge agus i mBéarla araon—

(a) beidh an téacs i nGaeilge ann ar dtús má tá an dá theanga ar an leathanach céanna, nó beidh sé ar an leathanach tosaigh agus ar gach leathanach ar dheis ina dhiaidh sin más i bhfoirm leabhráin atá sé ina ndéanann an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla uainíocht ar a chéile,

(b) beidh an téacs i nGaeilge chomh feiceálach, chomh hinfheicthe agus chomh hinléite céanna leis an téacs i mBéarla agus sa chló céanna agus den stíl chéanna agus ar an taobh céanna den leathanach lena mbaineann.”.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá leasú Uimh. 79 as ord. Tá 60 soicind ag an Teachta Ó Snodaigh chun labhairt air.

Sa Bhille seo atá os ár gcomhair, níl dualgas ar an Aire Stáit nithe faoi leith a leagan síos mar choinníollacha ar fhoirmeacha oifigiúla. Caithfidh an tAire Stáit aird a bheith aige nó aici maidir le roinnt de na rudaí atá luaite in alt 9B(3), ar nós cló agus feiceálacht. D’fhéadfadh an tAire Stáit foirmeacha a fhorordú do chomhlacht agus coinníoll fós a chur ar fhoirm gur chóir gan an Ghaeilge a bheith i gcló beag bídeach thíos faoin mBéarla agus i gcló iodálach agus bán. Níl costas ag baint leis an bhforáil seo in ainneoin an méid atá ráite nuair a rinneadh dícheadú air. Is é an rud atá i gceist ná go mbeadh an tAire Stáit ag déanamh cinnte de go mbeadh leagan amach ceart ar na foirmeacha seachas go mbeadh sé ag féachaint air chun ord a dhéanamh agus go gcloífidh an tAire leis sin.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 79.

Tairgim leasú Uimh. 80:

I leathanach 11, líne 29 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina hionad:

“(a) an chuid den téacs i nGaeilge a bheith ann roimh an gcuid den téacs i mBéarla, nó í a bheith ar an leathanach tosaigh agus ar gach leathanach ar dheis ina dhiaidh sin más i bhfoirm leabhráin atá sé ina ndéanann an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla uainíocht ar a chéile;”.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 81:

I leathanach 11, idir línte 32 agus 33, an mhír nua seo a leanas a chur isteach:

“(ba) an chuid den téacs i nGaeilge gan bheith i gcló níos lú ná an chuid den téacs i mBéarla agus í a bheith chomh feiceálach, chomh sofheicthe agus chomh hinléite leis an gcuid den téacs i mBéarla;”.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diultú dó.

Tá baint ag leasuithe Uimh. 82 agus 83 le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 82:

I leathanach 11, línte 37 agus 38, “agus an ceart gan aon teidil a úsáid a chinntiú” a chur isteachi ndiaidh “i ngach teanga”.

Cuireann leasú Uimh. 82 coinníoll nua ar fhoirmeacha dátheangacha agus déanann leasú Uimh. 83 an rud céanna maidir le foirmeacha atá i nGaeilge amháin. Tá an leasú seo bunaithe ar mholtaí a tháinig ón Teachta Ó Cuív sa choiste roimh an Nollaig, agus a thug sé sa Dáil freisin, nár chóir go mbeadh iallach ar aon duine teideal a ghlacadh. Bhí sé molta freisin in aighneacht Dáithí Mac Cárthaigh agus ar leathanach 113 de thuarascáil an chomhchoiste. Chomh maith leis sin, tá sé mar chuid de mholadh Uimh. 12 a chur an comhchoiste féin chun cinn ar leathanach 12, maidir le halt 9A(4). Bhí na moltaí sin bunaithe ar aighneachtaí ón bpobal a bhí curtha faoina bhráid. Ní léir cén fáth nár ghlac an tAire Stáit leis an moladh ón gcomhchoiste nuair a foilsíodh é, agus cén fáth nár tháinig sé chun cinn sa reachtaíocht nó in aon leasú ó shin.

Mhínigh an Teachta Ó Cuív cheana nach bhfuil ról go traidisiúnta ag “an tUasal” nó “an Iníon” sa Ghaeilge agus gur nós gallda é teideal nó uaisleacht a úsáid. Mar phoblachtánaigh, ní chóir go mbeadh muidne ag brú teidil ar dhaoine, mar “Mr.”, “Mrs.”, “Professor”, “Dr.”, “Sir” nó aon rud dá shórt. Sin atá i gceist nuair a chuirtear iad sin ann. Is féidir díriú isteach ar an gceist seo ar bhealaí difriúla más gá ach ní chóir go mbeadh muid ag brú teidil Béarla orthu siúd atá ag síniú as Gaeilge. Tá sé ag éirí níos deacra anois go mbíonn daoine ag líonadh foirmeacha ar líne mar caithfear an chuid sin den fhoirm a líonadh isteach. Níl an rogha ann gan é a líonadh agus sin an áit atá an fhadhb. Táimid ag bogadh níos mó agus níos mó i dtreo rudaí a dhéanamh ar líne. Is léir go bhfuil na bainc chun é sin a bhrú orainn chomh maith mar go bhfuil siad ag dúnadh na brainsí áitiúla, ach sin ceist d’áit éigin agus am éigin eile. An moladh atá sa Bhille faoi láthair ná go mbeadh an deis ag daoine teideal Gaeilge a úsáid in áit teideal Béarla ach ní chóir go mbeadh orthu an teideal sin a úsáid. Tá daoine ann a thaitníonn an teideal “an tUasal”, “an tÍseal” nó whatever atá orthu leo. Tá daoine ann a thaitníonn “Sir” leo chomh maith, cé gur Éireannaigh iad nár chóir go mbeadh an teideal sin orthu má tá saoránacht acu. Mar phoblacht, ní chóir go mbeadh aon chéim suas nó síos ag daoine. Táimid in ainm is a bheith cothrom agus cuireann na teidil sin éagothroime ann ó thús.

Bhí mé ag léamh le déanaí faoin masla a bhraitheann a lán mná faoi na teidil “Miss”, “Ms” nó “Mrs.”. Bíonn siad á brú isteach i gcatagóir áirithe, amhlaidh is go bhfuil rud éigin le déanamh leis an teideal sin. Ó thaobh fir de, is fíorannamh in Éirinn a fheictear “Master” scríofa ach tá sé ar roinnt foirmeacha chun a rá cén aois atá duine, in ainneoin go bhfuil bearna eile ina bhfuil gá lá breithe a thabhairt. Go háirithe nuair nach mbíonn ann ach cur síos ar inscne daoine, níl sé ceart ná cóir go mbeadh ar bhean cur síos a dhéanamh uirthi féin mar “Iníon”, agus sa Bhéarla ní chóir go mbeadh uirthi “Miss”, “Mrs.” nó “Ms” a roghnú chun léiriú don domhan cén stádas pósta atá aici. Tá seans againne sa Bhille seo, sna forálacha agus na treoirlínte atá á leagan síos d’fhoirmeacha an Stáit, go háirithe na cuid atá i nGaeilge, gan an teideal a bhrú ar Ghaeilgeoirí. Ba chóir go mbeadh an deis ann gan teideal a bhrú agus rogha ar nós “none of the above” nó “not applicable” a chur ann, más gá an bhearna sin a líonadh isteach toisc go bhfuil sé ar fáil i mBéarla agus go bhfuil siad ag cloí leis na teidil as Béarla, ach ní chóir go mbeadh teidil ann nach teidil Ghaelacha iad agus nach bhfuil baint acu lenár gcultúr.

Anuas air sin, ní thugtar an deis do dhaoine nach bhfuil inscne faoi leith acu mar chuid dá bhféinaitheantas, go háirithe daoine neamh-dhénártha - non-binary - gan teideal a bheith orthu. Ní chóir go mbeadh orthu rogha a dhéanamh agus é sin a chur in iúl. B’fhéidir gur ceist eile í sin ach tháinig sí suas nuair a bhí muid ag féachaint ar na ceisteanna sin i gcoiste sa Teach seo roimhe seo. Tá brú á chur ar dhaoine de shíor inscne amháin nó inscne eile, nó teideal amháin nó teideal eile, a roghnú. Níl sé de cheart acu nó níl bealach ar bith ann gan bosca a thiceáil nó a oscailt agus caithfidh siad iad féin a chur isteach i gcatagóir amháin nó catagóir eile. Ní bheadh an leasú seo ag fáil réidh le teidil, mar a dúirt mé, ach chinnteodh sé go mbeadh an rogha ann ar fhoirmeacha ar líne agus i gcló gan teideal a lua. Ritheann sé leis an trasnachas de chearta teanga, cearta na mban agus cearta LADT+.

Tá bunús an-mhaith leis an moladh áirid atá déanta. Mar a dúradh ar ball, is mise an chéad duine a mhol istigh ag an gcoiste é. Tabharfaidh mé sampla den chaoi atá an saol ina bhfuilimid ag maireachtáil ó thaobh cúrsaí teanga de go fírinneach. Bhí mise ag iarraidh foirm a líonadh le gairid, le mí anuas. Nuair a chuaigh mé isteach ar líne fuair mé amach go mbeadh an próiseas i bhfad níos moille dá bpriontálfainn an fhoirm agus í a sheoladh sa phost, ach go bhféadfainn é a dhéanamh i nGaeilge nó i mBéarla. Bhí rogha ann é a dhéanamh ar líne a bhí i bhfad níos sciobtha, i bhfad níos éifeachtaí agus i bhfad níos simplí, ach ní raibh an fhoirm ar fáil i nGaeilge ar líne. Deirtear nach mbaintear leas as foirmeacha i nGaeilge. B’fhearr liomsa rudaí a dhéanamh ar líne más féidir ar chor ar bith. Tá sé i bhfad níos áisiúla. Mar a tharla, tháinig rud ar ais agus bhí iontas orm go raibh “Mr. Éamon Ó Cuív” scríofa air. Bhí gnó agam leis an eagraíocht seo, ghlaoigh mé orthu agus dúirt an freagra uathoibríoch cnaipe 2 a bhrú le seirbhís trí Ghaeilge agus 1 a bhrú le seirbhís trí Bhéarla. Bhrú mise an ceann Gaeilge. Go fírinneach, tharla sé seo. Nuair a bhrú mé an ceann Gaeilge, d’fhreagair duine éigin agus dúirt sí, “Hello, good afternoon”. D’fhiafraigh mise an raibh Gaeilge aici agus dúirt sí, “Oh no, if you are looking for someone with Irish-----”. Dúirt mise, “I kind of was because I pressed the Irish button but if you do not have Irish, it is not your fault”. Arís, deirtear nach bhfuil éileamh ar na seirbhísí.

B'fhearr é sin ná réiteach atá ag roinnt chomhlachtaí, mar shampla, go bhfaighfí duine le déileáil leis an ngearán, leis an bhfadhb, leis an iarratas nó le cibé cén rud atá duine ag iarraidh a dhéanamh má bhrúitear an cnaipe Béarla. Má bhrúitear an cnaipe Ghaeilge, beidh an treoir ann teachtaireacht a fhágáil agus b'fhéidir go bhfaighfear freagra ag am éicint.

An chéad rud eile a tharla ná gur thosaigh sé ag seiceáil na dintiúir. D'iarr sé orm cén t-ainm atá orm agus dúirt mise gur Éamon Ó Cuív atá orm. Dúirt mise ansin go bhfaca mé ar an rud a fuair mé uathu go raibh "Mr." ann agus nach raibh aon "Mr." roimh m'ainm. Tharla sé sin go fíreannach agus bhí sé ag éirí barrúil ag an bpointe seo. Dúirt mise nach raibh aon "Mr." agamsa agus nach mbronnann an tír seo teidil agus nár bhronn banríon Shasana aon teideal orm ach oiread. D'iarr sé orm an raibh mé fireann nó baineann agus dúirt mé go raibh mé fireann mar a tharlaíonn ach bhris orm a rá go raibh mé idir chuile shórt. Níl a fhios agam cén fáth gur bhain an cheist sin leis an ábhar ach sin an cheist a cuireadh. Dúirt mé go raibh mé fireann agus dúirt mo dhuine: "You're Mr. then". I said nach bhfuil mé "Mr.". Tá cáilíochtaí ag an Aire Stáit sa leigheas. Níl a fhios agam an raibh sé tábhachtach go mbeadh a fhios acu an raibh mé fireann nó baineann. Níor chuir siad an cheist sin orm. D'fhreagróinn ceann de na trí, ceithre, cúig nó sé rogha a bhí ann agus d'inseoinn dóibh go fírinneach céard é féin. Ní raibh aon bhaint aige sin le m'ainm.

Tá sé in am deireadh a chur leis an seafóid seo. Má tá siad ag iarraidh a fháil amach cén gnéas a táim – baineann inscne níos mó le cúrsaí gramadaí - inseoidh mé sin dóibh ar fhoirm, má cheapann siad go bhfuil sé ábharach. Ní fheicim cén fáth go gcuirfidís an cheist mura bhfuil sé ábharach ar chúis éigin. Déarfainn é sin agus má tá siad ag iarraidh a fháil amach, mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, m'aois, inseoinn é sin dóibh freisin. Níl mé ag iarraidh teideal roimh m'ainm agus breathnaíonn sé seafóideach amach is amach, go mór mór le hainm Ghaeilge.

Mura bhfuil an tAire Stáit in ann glacadh leis an leasú seo mar atá sé, bheadh mé ag súil le go dtiocfaidh sé ar ais ar Chéim na Tuarascála le gníomh air seo. Tá sé thar ama deireadh a chur leis seo agus tá sé simplí deireadh a chur leis ionas go mbeidh ceart ag chuile dhuine a ainm féin a úsáid.

Bhí roinnt mhaith plé againn cúpla seachtain ó shin mar gheall ar ann litriúcháin i gcomhair na hainmneacha, an síneadh fada agus a leithéid. Tá an t-ainm mar phíosa bunúsach d'aitheantas duine. Is é seo leagan eile den fhadhb céanna go bhfuil aitheantas duine á athrú nó go bhfuil cruth faoi leith á gcur ar dhaoine chun foirmeacha a líonadh. Ní gá go mbainfeadh sé lena leithéid.

Goilleann leithéidí "Ms", "Mrs." nó "an tUasal Aindrias Ó Muimhneacháin", mar shampla, go mór ar go leor daoine. Ní gá go mbeadh sé ann agus níor chóir go mbeadh an t-ainm á athrú ná go mbeadh aitheantas duine á athrú chun foirm a líonadh. Mar sin, mholfainn go mbeadh rud éigin déanta ionas go bhféadfaimis é seo a thógáil san áireamh i slí amháin nó i slí eile amach anseo, ar an gCéim seo nó ar na Céimeanna romhainn, leis an mBille.

Táimid ag labhairt mar gheall ar an leagan Gaolainn den fhoirm a athrú nó a chinntiú go mbeadh sé ann ach tá leagan Béarla ann chomh maith. An mbeadh sé i gceist athruithe a dhéanamh ansin? Má tá daoine ag líonadh foirmeacha as Béarla, níor chóir go mbeadh iachall á gcur orthu teideal a úsáid ach oiread. Ba mhaith liom soiléiriú ar an bpointe sin. An mbeadh sé bainteach leis an leagan Béarla den fhoirm chomh maith? Tá sé sin tábhachtach.

Mar a luaigh an Teachta Ó Snodaigh, tá baint níos leithne ag an leasú seo ná an Ghaeilge amháin. Tá an comhionannas agus an ghnéasacht i gceist freisin agus tá baint mhór ag an leasú seo leis an bpobal lesbian, gay, bisexual, transgender, queer, intersex, LGBTQI. Murar mhiste le duine teideal a chur isteach ar fhoirm, ba cheart go mbeadh an rogha sin ann go bunúsach. Tagraím don ghnéasacht atá anseo. Ón lá a rugadh mé, bhí mé i mo "Mr." ach d'athraigh mó dheirfiúr ó "Miss" go dtí “Ms.” go dtí "Mrs.". Níor chóir go mbeadh ar dhuine an cinneadh sin a dhéanamh. Tá baint mhór leis an leasú seo leis an bhféinfhios freisin, mar a luaigh an Teachta Ó Snodaigh. Tá daoine ann nár mhaith leo a rá gur fear nó bean iad. B'fhéidir go bhfuil na daoine sin ag streachailt leis an gcinneadh sin. Níor chóir go mbeadh orthu dul i ngleic leis an bhfadhb sin agus iad i mbun foirm éasca a líonadh. Mar a dúirt mé, is féidir leis an leasú seo an Ghaeilge a chur ar leataoibh beagáinín agus just déileáil leis an bhfadhb sin nach bhfuil sé ceart ná cóir go mbeadh ar dhuine an teideal a chur isteach. Bheadh sé i bhfad ní b'fhéaráilte an rogha sin a thabhairt do daoine gan é sin a líonadh.

Tá na leasuithe seo an-simplí. Den chéad uair is dócha, nílimid ag iarraidh aon rud atá sa Bhille a athrú ach amháin go bhfuilimid ag iarraidh cur leis an mBille. An chomhthéacs atá ann ná go bhfuilimid ag iarraidh dualgas a chur ar chomhlachtaí poiblí maidir le foirmeacha oifigiúla, rud atá thar a bheith bunúsach. Táimid ag iarraidh dualgas a chur ar na comhlachtaí poiblí a chinnteoidh go mbeidh daoine in ann a gcuid n-ainmneacha cearta a úsáid. Táimid ag cur leis sin agus muid ag moladh: "gan aon teidil a úsáid" más rogha an duine é sin. Is rud thar a bheith bunúsach é sin. Maítear sna leasuithe: "agus an ceart gan aon teidil a úsáid a chinntiú". Baineann na leasuithe leis an méid atá ar leathanach 11 agus 13 den Bhille. Cad í an fhadhb? B'fhéidir nach bhfuil fadhb ar bith agus b'fhéidir go bhfuilimid ag cur ama amú. Tá mé ag tnúth le freagra an Aire Stáit arís.

Tagraím do leasuithe Uimh. 82 agus 83. Tá iarracht déanta sa Bhille déanamh cinnte de go mbeadh comhlachtaí poiblí in ann pléigh, mar is ceart, le hainmneacha, le seoltaí agus le teidil i nGaeilge. Is rud fíorthábhachtach é seo agus tá mé sásta go mbeidh muid in ann é a chur i bhfeidhm. Pléann an dá leasú seo leis an gceart gan teideal ar bith a úsáid. Is ceist tábhachtach í seo agus tá a fhios agam gur ardaigh an Teachta Ó Cuív í sa Dáil chomh maith nuair a bhíomar ag plé an Bille ar an Dara Céim. Tá mé sásta breathnú ar an dá leasú seo agus teacht ar ais le moladh ar Chéim na Tuarascála. Tagraím don cheist ón Teachta Aindrias Moynihan. Baineann an foráil seo le gach teanga, Béarla agus Gaeilge san áireamh. Ar an mbonn sin, b'fhéidir go mbeidh an Teachta Ó Snodaigh sásta an dá leasú seo a tharraingt siar.

Tá sé tábhachtach go ndéanfadh muid déileáil leis seo. Tá mé sásta na leasuithe seo a tharraingt siar agus déileáil leis seo ar Chéim eile. Mar a dúirt mé an lá faoi dheireadh, beidh Céim na Tuarascála níos faide ná Céim an Choiste ag an ráta seo. Tá mé sásta é sin a dhéanamh. Tá sé go maith go bhfuil sórt aontacht eadrainn ar fad ó thaobh na dteideal. Mar shampla, níor aithníodh mo mháthair mar Bhean Uí Snodaigh riamh mar is Cliodhna Cussen an t-ainm atá uirthi. Níor úsáid sí an t-ainm Ó Snodaigh riamh ach ó thaobh lucht na Gaeilge a bhí ag iarraidh teideal a chur uirthi, sin an teideal a tugadh di.

Aistriú iomlán ar an ainm a bhí uirthi a rinne siad. Fiú amháin sa Bhéarla, bhí sé deacair cén pigeonhole ina raibh sí. An "Miss Cussen", "Ms Cussen" a bhí uirthi, mar ní "Mrs. Cussen" mar ní Cussen ainm m'athar? Táimid ag cur isteach ar rangú agus sa lá atá inniu ann tá sé i bhfad Eireann níos éasca leis na foirmeacha ar líne ionas nach gá dúinn duine a chur isteach i pigeonhole amháin nó ceann eile. Tá sé go maith go bhfuilimid agus go bhfuil an tAire Stáit sásta féachaint air in aon teanga, ach go háirithe nuair atá an deis againn sa reachtaíocht seo féachaint ar an gcaoi a dhéileálaimid le teidil i bhfoirmeacha Gaeilge. Táim sásta leasuithe Uimh. 82 agus 83 a tharraingt siar má tá an tAire Stáit ag cur leasú chun cinn. Mura bhfuil sé, cuirfidh mé ar ais ar Chéim na Tuarascála idad.

Le haghaidh thaifead an Tí, tá leasuithe Uimh. 82 agus 83 tarraingthe siar.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.
Níor tairgeadh leasú Uimh. 83.

Tairgim leasú Uimh. 84:

I leathanach 13, línte 8 go 11 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:

9C. (1) Cinnteoidh comhlacht poiblí, ar agus ó thosach feidhme an ailt seo agus, i gcás ar bith, tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2024, i gcás go mbeidh a lógó á athnuachan nó á athrú aige, gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh téacs is cuid den lógó nua nó den lógó athraithe.”.

Is é an rud atá á dhéanamh anseo arís ná spriocdháta don dáta tosaigh feidhme, is é an chéad lá d’Eanáir 2024, a chur isteach sa Bhille. Mar a dúirt mé ón tús, tá gá le dátaí cinnte le go ndéanfar rudaí agus tá mé ag moladh an leasaithe seo ar an mbunús sin.

Déanfaidh mé cúpla pointe mar gheall ar an leasú seo mar go minic is é an lógó réidh nua an rud a bheadh sothuigthe mar gheall ar chomhlacht nó eagraíocht, cé acu an mbeadh an lógó ciorclach de chuid Chomhairle Contae Chorcaí nó lógó Uisce Éireann, nó pé rud eile a bheadh ann. Seolann an lógó an teachtaireacht amach rompu agus, mar sin, tá sé tábhachtach go mbainfí úsáid as sin mar fheithicil i gcomhair cúrsaí Gaeilge a bhrú chun cinn mar tá deis iontach ann leis sin. Is é atá i gceist ná, áit a bhfuil comhlachtaí ag déanamh athnuachan ar lógónna nó ar bhrandáil, go mbeadh na hathruithe sin á dhéanamh chomh luath in aon chor agus a d’fhéadfaí a dhéanamh, go mbeidís dírithe ar chúrsaí Gaeilge agus go mbeadh siad in úsáid acu, nó, áit nach bhfuil, go mbeadh spriocdháta leagtha síos chuige sin. Mar a luamar cheana féin, tá an tAire Stáit ag leagan síos spriocanna éagsúla leis an mBille seo agus rudaí an-dearfa, mar shampla, an 20% agus 2030. Mar a luamar maidir le ceann de na leasuithe cheana féin, dá mba rud é go bhféadfaí spriocdháta a leagan síos chun a leithéid seo chomh maith, chabhródh sé leis. Molaim an leasú seo mar sin.

An bhfuil an leasú seo ceangailte le haon leasú eile?

Níl sé, de réir mo nótaí anseo.

Níl. Aontaím go bhfuil le spriocdháta, agus leis a lán díobh, a chur isteach.

Maidir le leasú Uimh. 84, baineann alt 9C féin leis na dualgais ar chomhlachtaí poiblí a gcuid lógónna a bheith i nGaeilge, nó i nGaeilge agus i mBéarla, má athraíonn siad iad nó ma tá siad á n-athnuachan. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis na Teachtaí Ó Cuív, Mac Giolla Laoire, Ó Muimhneacháin, Ó Cathasaigh, Ó Dubhda, agus Mac Aodha as ucht an leasaithe seo a chur chun cinn. Sílim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach mar go mbíonn lógónna lárnach i gcomhair ainm an chomhlachta agus go bhfuil tábhacht go dtugtar an stádas céanna don Ghaeilge agus a thugtar don Bhéarla sna lógónna sin. Tá an leasú seo ag iarraidh go mbeidh tosach feidhme ag an alt seo nach déanaí ná an chéad lá de mhí Eanáir 2024. Ba mhaith liom go mbeadh tosach feidhme ag an alt seo go gairid tar éis an Bhille a bheith achtaithe. Mar sin táim sásta féachaint ar an leasú seo agus teacht ar ais le moladh ar Chéim na Tuarascála. Ar an mbonn sin, b’fhéidir go mbeadh na Teachtaí sásta an leasú seo a tharraingt siar.

Okay, táim sásta é a tharraingt siar ar an mbunús sin.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tá baint ag leasú Uimh. 85 le leasú Uimh. 86 agus pléifear le cheile iad.

Tairgim leasú Uimh. 85:

I leathanach 13, líne 8, “agus, i gcás ar bith, tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2026,” a chur isteach i ndiaidh “feidhme an ailt seo,”.

Chuala mé an méid a dúirt an tAire Stáit. Tá na leasuithe grúpáilte le chéile agus baineann siad ar fad leis an rud céanna maidir leis na dátaí i Ranna difriúla. Is é atá i gceist leis seo ná na coinníollacha a chur ar gach comhlacht poiblí ionas go mbeadh lógó dátheangach nó i nGaeilge amháin acu roimh 2024, dar le Comhaltaí an Rialtais, leis na Social Democrats, le Pobal seachas Brabús nó pé ainm atá acu faoi láthair, agus leis an Teachta Ó Conghaile. Is é 2026 atá á moladh ag Sinn Féin. Faoi láthair is minic a bhíonn lógónna comhlachtaí poiblí i mBéarla arís. Maidir le brandáil, tugann sé sin le fios nach bhfuil fáilte roimh an nGaeilge sa Teach seo, mar a deir Dáithí Mac Cárthaigh ar leathanach 252 i dtuarascáil an chomhchoiste. Tá an leasú seo, mar a bhí molta ag an gcomhchoiste, bunaithe ar mholadh Dáithí Mhic Cárthaigh chomh maith. Déantar uasdátú ar lógónna go minic ar aon nós agus cé go bhfuil foráil sa Bhille faoi lógónna na gcomhlachtaí nua agus faoi lógónna athnuaite ag comhlachtaí poiblí atá ann cheana, níl aon spriocdháta faoina mbeidh an méid seo déanta acu.

Ní gá mórán samplaí a thabhairt. Tá lógónna comhlachtaí ar nós Electric Ireland - ESB, agus níl a fhios agam cén fáth go bhfuil Irish Water ann mar go mbeadh Uisce Éireann i bhfad níos simplí. Tá an HSE ann chomh maith agus tá siad go léir i mBéarla amháin. Maidir leis a lán de na comhlachtaí, is lógónna nua nó sách nua iad, ach in ainneoin go bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil, dhiúltaigh na comhlachtaí seo an Ghaeilge a úsáid. Is rud tábhachtach é seo, go mór mór i gCoicís na Gaeilge toisc nach bhfuil feiceálacht na teanga chomh soiléir sin agus ní dhéanann seo é níos éasca do dhaoine dul i ngleic leis an teanga mar rud atá beo. Bhíodh aitheantas ag daoine ar an mBord Altranais, Bord na Móna agus ar Bord Gáis, An Garda Síochána agus a leithéid, agus ní raibh sé ró-dheacair ar dhaoine na focail a thuiscint.

Fiú amháin anois déanann An Garda Síochána fotheidil Béarla a chur isteach sa lógó, Ireland’s National Police and Security Service, cé nach bhfuil sé sin mar ainm ag an tseirbhís agus cé nach bhfuil míniúchán ar bith ag teastáil. Tuigeann gach duine cé hiad comhaltaí an Gharda Síochána. Ní cóir go mbeadh Béarlú sa bhreis á dhéanamh ar lógónna agus ba chóir go mbeadh an Ghaeilge feiceálach ar aon lógó de chuid an Stáit roimh bhliain faoi leith. Táimid ag moladh 2026 chun cúig bliana a thabhairt dóibh go léir chun ullmhúchán a dhéanamh, ach ní hé sin le rá nach aontaímid leis an moladh 2024. Níl ann ach go bhfuilimid ag iarraidh a bheith réasúnta.

Tá sraith leasuithe anseo, suas, is dóigh liom, go dtí leasú Uimh. 100, agus iad ag déileáil leis an gcuid seo. Tá sé tábhachtach mar go minic is é an lógó an t-aitheantas atá ag daoine ar chomhlachtaí. Thar na blianta bhí sé de chleachtas ag comhlachtaí Stáit go mbeadh an lógó i nGaeilge ach ceangailte leis an teideal Gaeilge. Diaidh ar ndiaidh shleamhnaigh rudaí isteach. D'athraigh Bord Soláthair an Leictreachais go dtí ESB, má fhéachann duine ar na lógónna a bhí foilsithe ag an gcomhlacht sin thar na blianta. Is sampla eile é Iarnród Éireann-Irish Rail. Feiceann roinnt de na lógónna an chomhlacht seo cosúil le focail atá ag bogadh, ach tá Iarnród Éireann ann agus bhí. Féach ar An Post, mar shampla. Le tamall de bhlianta anuas fuair an focal “An” in "An Post" bás. Bhí Post don ainm An Post ann ach tá an tseirbhís sin ag bogadh ar ais in dtreo na Gaeilge a chur sa teideal agus is é sin an lógó. I roinnt cásanna tá lógó ann agus níl aon ainm nó fhoclaíocht ann agus i roinnt cásanna eile is díreach focal ón teideal atá i gceist, in NAMA, mar sampla agus rudaí mar sin.

Tá siad ann agus tá sé go maith go bhfuil an tAire Stáit ag tabhairt faoi sa tslí ina bhfuil sé leagtha síos aige anseo. Is é aidhm na leasuithe atá curtha agamsa agus ag mo chomhghleacaithe, na Teachtaí Daly agus Mairéad Farrell, ná cinnte a dhéanamh go dtarlóidh roinnt den stuif seo, chomh tapa agus is féidir. Níl aon duine ag tnúth go mbeadh lógó athraithe thar oíche mar is rud mór é sin agus tá costas i gceist ar nós stáiseanóireachta agus an suíomh Idirlín a athrú. Nuair atá comhlachtaí nua ag iarraidh teacht ar lógónna nua, ní tharlaíonn na hathraithe thar oíche agus íoctar a lán airgid as roinnt dearthóirí chun lógónna a dhearadh. Uaireanta oibríonn siad amach ach uaireanta ní oibríonn siad. Níl a fhios agam an é airgead curtha amú nó nach é, sa lá atá inniu ann.

Tuigim nach féidir linn a chur ina luí ar gach uile chomhlacht Stáit athrú a dhéanamh thar oíche. Ba chóir go mbeadh muid ag féachaint ar na hathraithe seo a bheith déanta faoin 1 Eanáir 2026. Thabharfadh sin cúig bliana dóibh chun a dteach a chur in eagar. Sin é an fáth go bhfuil an dáta sin ann. Glacaim leis an méid a bhí molta ag na Teachtaí roimhe seo i dtaobh leasaithe Uimh. 84 agus tá roinnt mionleasuithe eile i gceist. Ba chóir go mbeadh muid cinnte de go mbeidh teideal an chomhlachta as Gaeilge más rud é gur chomhlacht Stáit é. Tá an t-athrú seo tar éis tarlú arís agus arís eile. Is minic a tharlaíonn sé sa reachtaíocht go bhfuil teideal tugtha as Gaeilge do chomhlacht ach úsáidtear an leagann Béarla de mar mhasla.

Is cuimhne liom argóintí ag Aire i ndiaidh Aire faoin tslí a cuireadh é. Ní cuimhin liom an é Waterways Ireland an ceann deireanach, ach Waterways Ireland and in the Irish language Uiscebhealaí Éireann nó b’fhéidir Irish Water nó rud éigin den sórt sin. Sa reachtaíocht bíonn an Ghaeilge i ndiaidh "and in the Irish language". Ní scríobhtar "and in the English language" it will be whatever. Bíonn seasamh tánaisteacht á thabhairt go minic sa reachtaíocht. Níor tharla sé i gcónaí mar thuig roinnt mhaith Airí é ach níor thuig daoine eile é. Nuair a rinne mé iarracht leasú á dhéanamh chuaigh siad ina choinne. Is rud maith é go bhfuil an cinneadh seo á dhéanamh.

Ní mé ag cáineadh an Aire Stáit. Táim ag iarraidh tacú leis agus cinnte a dhéanamh de go dtarlóidh sé seo. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit ábalta oibriú dá réir seo. Más rud é go bhfuil an spriocdháta atá roghnaithe agamsa in 2026 róghairid, iarraim ar an Aire Stáit ceann eile a phiocadh. Measaim gur gá dúinn dáta éigin a leagan síos mar dháta áirithe ar a tharlóidh sé i ngach uile chuid den státchóras. Tá liosta ag an Aire Stáit de gach uile státchomhlacht ar chúl an reachtaíochta seo mar a bhí ag an iar-Aire, an Teachta Ó Cuív, nuair a chuir sé an chéad Acht os ár gcomhair. Is féidir le duine éigin dul síos tríd agus tic a chur in aice le gach uile lógó, deimhnigh go bhfuil sé déanta acu agus ansin díriú ar na comhlachtaí nach bhfuil lógó as Gaeilge acu, nó teideal más gá.

Tá m’ainm le leasú Uimh. 86 agus táim sásta leis an Rialtas agus le alt 9C anseo mar baintear úsáid as an bhfocal cinnteoidh sa líne "Cinnteoidh comhlacht poiblí, ar agus ó thosach feidhme an ailt seo" ach tá gá le sprioc-am. Nuair a phléigh muid an t-ábhar seo ag leibhéil an chomhchoiste ag dul siar, bhí an tuarascáil Bealtaine 2018 agus bhí an díospóireacht seo ar siúl le dhá bhliain roimh sin. Rinneamar na moltaí sin i gcomhthéacs gur thugamar aitheantas go raibh géarchéim ann. Tá rudaí níos measa anois so tá gá le sprioc-am. Nuair a chuir mise, in aonach leis na Baill eile, an leasú seo isteach luaigh muid 2024. Bhí an dáta sin beagán níos faide amuigh sa todhchaí ná mar a theastaigh ón gcoiste. Tuigim go raibh moill ann ó thaobh an Bhille de agus gur anois 2021. Tá mise sásta glacadh le comhairle ó na saineolaithe maidir le spriocdháta. Níl mé ag díriú ar 2024 go háirithe más rud é go bhfuil sé dodhéanta. Níl aon chiall leanúint le rud atá dodhéanta. An rud atá ag teastáil uainn ná sprioc-am atá ciallmhar agus gur féidir glacadh leis. Cuireann sé sin in iúl go bhfuil muid i ndáiríre faoi. Fanfaidh mé go dtí go gcloisfidh mé freagra an Aire Stáit .

Tagraím do leasuithe Uimh. 85 agus 86. Mar a dúirt mé faoi leasú Uimh. 84, baineann alt 9C(1) leis an dualgas ar chomhlachtaí poiblí a gcuid lógónna a bheith i nGaeilge, nó i nGaeilge agus i mBéarla, má athraíonn siad nó má tá athnuachan á dhéanamh acu. Tá an dá leasú seo ag iarraidh go mbeidh spriocdháta luaite le go mbeidh tosach feidhme ag an ailt seo. Baineann ceann acu le 2024 agus an ceann eile tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2026.

Ba mhaith liom go mbeidh tosach feidhme ag an ailt seo go gairid tar éis don Acht a bheith achtaithe. Mar sin, táim sásta féachaint ar na leasuithe seo arís agus teacht ar ais le moladh ar Chéim na Tuarascála. Ar an mbonn sin, b’fhéidir go mbeidh na Teachtaí sásta an dá leasú seo a tharraingt siar.

Is rud maith é go bhfuil an tAire Stáit sásta féachaint ar an ábhar seo arís. Is trua nach raibh sé tar éis féachaint air roimhe seo nó b’fhéidir le leasú aige bunaithe ar na moltaí ón gcomhchoiste. Ceann de na fadhbanna atá ann sa reachtaíocht faoi láthair ná nuair atá lógó á athnuachan ar gá dóibh an t-athrú a dhéanamh. Is féidir le comhlacht fanacht go deo na ndeor gan athnuachan a dhéanamh ar lógó, agus a rá gur chuid den bhrandáil é. Ba chóir go mbeadh níos mó dualgais orthu ag am éigin agus sin é an fáth go bhfuil an dáta 2026 luaite againn. Glacaim go bhfuil 2024 luaite ag na Teachtaí a mhol leasú Uimh. 86.

Ba mhian linn go mbeidh dáta éigin ann agus go dtuigtear ón dáta sin go mbeidh deis ag comhlacht a stáiseanóireacht ar fad a athnuachan. Tarlaíonn athnuachan go minic ach ní athraítear lógónna chomh minic céanna. Tá roinnt lógónna ann le tamall. Ó thaobh margaíochta de, tarlaíonn sé níos minice so b’fhéidir go mbeidh an athnuachan seo ag tarlú ar aon chaoi le a lán de na comhlachtaí. Tá roinnt comhlachtaí Stáit nár athraigh, nó nach ndearna mórán athraithe, an bhrandáil atá acu leis na cianta. Ba chóir go mbeadh dáta ann agus má tá comhlacht á athnuachan roimhe sin, tiocfaidh forálacha na reachtaíochta i bhfeidhm air ach muna bhfuil, caithfidh sé a bheith déanta ar aon chaoi. Caithfidh go mbeidh dáta éigin ann, agus is ón dáta sin ar aghaidh a bheidh na comhlachtaí Stáit ar fad ullamh.

Táim sásta go bhfuil an tAire Stáit sásta chun féachaint ar seo arís. Mar a dúirt mé cheana, beidh muid ar ais ag plé na ceiste seo muna bhfuil leasú deimhneach ag teacht ón Aire Stáit. Ar shlí amháin, seo é an áit gur féidir na leasuithe, agus na coincheapa atá taobh thiar dóibh, a phlé. Nílimid ag iarraidh moill a chur air. Má chuirtear leasú síos a fhaigheann gach rud atá á rá againne, nó atá ina lár, beidh mé sásta glacadh leis sin. Ar an mbonn sin táim sásta leasú Uimh. 85 a tharraingt siar.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 86:

I leathanach 13, líne 8, “agus in aon chás, tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2024,” a chur isteach i ndiaidh “ó thosach feidhme an ailt seo,”.

Táim sásta glacadh leis an méid atá ráite ag an Aire Stáit.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 87:

I leathanach 13, líne 10, “lena n-áirítear giorrúcháin agus acrainmneacha,” a chur isteach i ndiaidh “a bheidh téacs,”.

Táimid ag lorg cinnteacht leis an leasú seo. Is rud ait é go bhfuil na leasuithe ar fad seo ceangailte mar sin tá an díospóireacht ceannann céanna againn leis an leasú seo agus a bhí againn ar na leasuithe eile. Má tá an tAire Stáit chun féachaint an athuair ar an gcuid seo, an dtógfaidh sé an leasú seo san áireamh chun déanamh cinnte de go bhfuil giorrúcháin agus acrainmneacha tógtha san áireamh agus nach ualach mór don státchóras iad?

Táim tar éis féachaint ar leasú Uimh. 87. Maítear in alt 9C.:

(1) Cinnteoidh comhlacht poiblí, ar agus ó thosach feidhme an ailt seo, i gcás go mbeidh a lógó á athnuachan nó á athrú aige, gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh téacs is cuid den lógó nua nó den lógó athraithe.

(2) I gcás gur i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh téacs dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—

(a) beidh an chuid den téacs a bheidh i nGaeilge roimh an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla,

(b) maidir leis an gcuid den téacs a bheidh i nGaeilge, ní bheidh sí i gcló níos lú ná an chuid den téacs a bheidh i mBéarla agus beidh sí chomh feiceálach, chomh hinfheicthe agus chomh hinléite céanna leis an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus

(c) agus go mbeidh cuid den téacs a bheidh i nGaeilge giorraithe, beidh an chuid den téacs a bheidh i mBéarla, arb í an t-aistriúchán ar an téacs giorraithe sin í, giorraithe freisin.

Dá bhrí sin, táim muiníneach go bhfuil an fhoclaíocht mar atá sé sásúil agus ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Ba mhaith liom focal a rá maidir le comhlachtaí nuabhunaithe. I bprionsabal, táim go láidir i bhfabhar ainmneacha i nGaeilge a bheith orthu, mar a bhí ar leithéidí Bord na Móna blianta siar, mar shampla. Tuigim go bhfuil leasú eile ag na Teachtaí maidir leis seo ag teacht i ndiaidh an ceann seo, agus beidh oifigigh mo Roinne in ann breathnú air seo i gcomhairle le hOifig an Dréachtóra Parlaiminte. Féadfar leasú a thabhairt isteach ar an alt seo ar Chéim na Tuarascála.

Acrainmneacha agus giorrúcháin atá i gceist leis an leasú seo. Mar a dúirt mé, má tá an tAire Stáit chun gach rud maidir le lógónna agus a leithéid a thógáil san áireamh, tá mise sásta go bhfuil sé chun féachaint an athuair ar gach rud atá ceangailte leis seo. Tarraingeoidh mé siar ar an gCéim seo an leasú ach tá mé chun féachaint air an athuair mé féin chun déanamh cinnte de go bhfuil sé le feiceáil sa reachtaíocht ar Chéim na Tuarascála.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tá baint ag leasuithe Uimh. 88 go 95, go huile, le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 88:

I leathanach 13, líne 30, “, seachas comhlacht a luaitear faoi mhír 1(1) den Chéad Sceideal,” a chur isteach i ndiaidh “reachtúil”.

An rud is tábhachtaí maidir le comhlachtaí poiblí nua ná go mbeidh ainmneacha Ghaeilge á n-úsáid acu amach anseo. Sin leasú Uimh. 95. Tá leasú Uimh. 95 ag iarraidh an frása: "nó i nGaeilge agus i mBéarla araon” a scriosadh agus an Ghaeilge amháin a úsáid. Tá sé sin i leasú eile atá agamsa freisin. Tá mé sásta éisteacht leis an Aire Stáit ar dtús. Is dócha go bhfuil sé dearfach i leith an leasaithe seo. Fanfaidh mé go gcloisfidh mé a bhfuil le rá aige.

Baineann alt 9D.(1) le hainmneacha comhlachtaí reachtúla nuabhunaithe. Tá sé de chleachtadh sa státchóras ainmneacha na Ranna Stáit a chumadh i mBéarla nuair a bunaítear iad agus bheinn ag súil go mbeadh eisceacht tugtha do na Ranna Stáit nuabhunaithe in alt 9D.(1). Mar a dúirt mé, i bprionsabal, táim go láidir i bhfabhar ainmneacha i nGaeilge a bheith ar chomhlachtaí reachtúla nuabhunaithe. Feiceann muid go n-oibríonn leithéidí CIÉ, RTÉ, TG4, Raidió na Gaeltachta, Bord na gCon, Aer Rianta, Bus Éireann, Bord Iascaigh Mhara, Teagasc, An Bord Pleanála agus An Garda Síochána gan aon deacrachtaí agus go bhfuil eolas forleathan ag an bpobal ar céard a dhéanann na heagraíochtaí seo ar fad. Beidh oifigigh mo Roinne in ann breathnú air seo i gcomhairle le hOifig an Dréachtóra Parlaiminte agus féadfar leasú a thabhairt isteach ar an alt seo ar Chéim na Tuarascála. B’fhéidir go n-aontóidh na Teachtaí liom go dtarraingeofar siar na leasuithe seo ar an mbonn seo.

Tá na leasuithe seo go léir ceangailte le chéile. Mar sin, an bhfuil an tAire Stáit ag rá go bhfuil sé sásta breathnú ar na leasuithe sin agus teacht ar ais maidir leis an gcoincheap atá taobh thiar de na leasuithe sin?

Caithfimid dul tríd na leasuithe ar fad. Cá sheasann leasú Uimh. 88?

Bheadh sé cabhrach dom freagra a fháil ón Aire Stáit ar an leasú sin.

Breathnóidh mé air idir seo agus Céim na Tuarascála.

Céard faoi na leasuithe ar fad ó Uimh. 88 go 95, go huile?

Breathnóidh mé ar gach leasú sa ghrúpa.

Tá mé sásta an leasú a tharraingt siar ar an mbunús sin.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Níl an Teachta Gannon anseo chun leasú Uimh. 89 a thairiscint.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 89.

Pléadh leasú Uimh. 90 cheana in éineacht le leasú Uimh. 88. An bhfuil an Teachta chun an leasú a bhrú?

Níor tairgeadh leasú Uimh. 90.

Pléadh leasú Uimh. 91 cheana in éineacht le leasú Uimh. 88. An bhfuil an Teachta chun an leasú a bhrú?

Ar an mbunús céanna, nílim.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 91.

Pléadh leasú Uimh. 92 cheana in aonacht le leasú Uimh. 88.

Níl an leasú á bhrú agam.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 92.

Níl an Teachta Gannon anseo chun leasú Uimh. 93 a thairiscint.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 93.

Pléadh leasú Uimh. 94 cheana in éineacht le leasú Uimh. 88. An bhfuil an Teachta chun an leasú a bhrú?

Níor tairgeadh leasú Uimh. 94.

Pléadh leasú Uimh. 95 cheana in éineacht le leasú Uimh. 88.

An rud céanna. Tá mé á tharraingt siar.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 95.

Tá baint ag leasuithe Uimh. 96 agus 97 le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 96:

I leathanach 13, líne 43, “agus” a scriosadh.

An rud atá i gceist anseo ná go mbeadh muid ag cur leis an reachtaíocht mar atá sé leagtha amach ar leathanach 15. Maítear i leasú Uimh. 97 go gcuirfear isteach dhá fhoráil eile leis an méid atá ar leathanach 15 ó thaobh ainmneacha agus lógónna comhlachtaí reachtúla nuabhunaithe de. Maítear i leasú Uimh. 97 chomh maith go:"úsáidfidh an comhlacht poiblí sin an t-ainm Gaeilge amháin, nó úsáidfidh sé an t-ainm Gaeilge agus an t-ainm Béarla". Uaireanta, an rud a tharlaíonn ná go mbíonn na lógónna ann agus go n-aistrítear iad. Bíonn an leagan Gaeilge ann ar dtús ach tríd síos an chomhfhreagras casann siad ar an leagan Béarla, "Irish Water" seachas "Uisce Éireann" mar shampla. Bíonn leithéidí Uisce Éireann mar theideal an chomhlachta ar barr an leathanaigh agus bíonn an comhlacht féin ag caint faoi chomhlacht nach ann dóibh sa chomhfhreagras bunaithe ar an leagan aistrithe go Béarla den chomhlacht sin.

Bíonn sé ar na billí, ar na fógraí agus, uaireanta, sna seoltaí ríomhphoist. Táimid ag rá nár chóir go mbeadh an Béarla á úsáid leis féin in aon áit, ach gur féidir an t-ainm Gaelach - an t-ainm dlíthiúil - a úsáid nó an dá cheann a úsáid ag an am céanna mar a bhí leagtha síos. Táimid ag iarraidh an méid sin a dhéanamh i bhfo-alt (d) den leasú.

Táimid ag moladh i bhfo-alt (e) den leasú go "úsáidfidh an comhlacht poiblí sin an t-ainm Gaeilge amháin, nó úsáidfidh sé an t-ainm Gaeilge agus an t-ainm Béarla le chéile, i seoladh a shuímh gréasáin, ina sheoladh ríomhphoist agus ina chuid seoltaí leictreonacha eile go léir". An rud atá i gceist taobh thiar de seo ná gur cheart go dtabharfaí tús áite nó cothromaíocht don Ghaeilge ionas go n-aithníonn pobal na hÉireann go bhfuil an Stát go huile is go hiomlán taobh thiar den Ghaeilge agus go bhfuil sé sásta í a chur chun cinn agus comhionannas nó tús áite de réir an Bhunreachta, más gá, a thabhairt. Tá sé i gceist againn é seo a aithint trí chur ina luí ar na comhlachtaí Stáit agus na heagraíochtaí Stáit a chinntiú ní hamháin go mbeadh an lógó as Gaeilge ach go mbeadh na seoltaí, an comhfhreagras agus tagairtí don chomhlacht as Gaeilge chomh maith.

Níl mé á rá gur chóir go mbeadh gach uile chomhfhreagras uaidh as Gaeilge. Má scríobhann duine chuig comhlacht Stáit i mBéarla, níl mé á rá gur chóir dóibh an freagra a fháil ar ais i nGaeilge. Tá mé á rá má tá siad ag fáil freagra ar ais i mBéarla, go gcaithfear an teideal dlíthiúil, oifigiúil a bheith in úsáid ag an gcomhlacht agus is sin an teideal Gaeilge nó ar a laghad an dá cheann mar atá leagtha síos sa reachtaíocht. Thuigfeadh pobal na hÉireann go han-tapa mar a luaigh mé cúpla soicind ó shin. Níl fadhb ar bith ag formhór phobal na hÉireann agus phobal an domhain an teideal a úsáid más i bhFraincis nó i nGaeilge nó in aon teanga eile atá sé.

Luaigh duine éigin RTÉ. Ní úsáidtear riamh i gceart é mar is "RTÉ" atá i gceist mar is "É" atá ann. Ní fheiceann tú ach fíorannamh daoine á chur ann. Bheinn breá sásta dá mbeadh an fhadhb sin agam leis na comhlachtaí Gaeilge agus go raibh díreach an fada in easnamh. Ní rud diúltach é seo. Ní rud é a chuireann ualach mór breise ar chomhlachtaí. Is cleachtas atá i gceist don chuid is mó chun go dtuigeann daoine nuair atá siad ag freagairt an fhóin, ag scríobh, ag cur stuif suas ar líne, ag eisiúint preasráitis nó pé rud a bhfuil an comhlacht á dhéanamh, go bhfuil an teideal oifigiúil ann seachas a bheith ag casadh ar an teideal Béarla. Is sampla eile é Irish Rail.

Tá stair mhaith ag roinnt comhlachtaí ó thaobh na Gaeilge de agus le tamall anuas tá athrú beag tagtha ar roinnt de na comhlachtaí Stáit a bhí an-mhaith ó thaobh na Gaeilge de. Is í sin an fhadhb - go dtugann sé deis dóibh díreach an leagan Béarla a úsáid. Tá teideal ar gach comhlacht sa Stát, agus táimid ag iarraidh go mbeadh an t-aitheantas seo ann. Thabharfadh sé sin deis dóibh seasamh amach go hidirnáisiúnta más sin an gnó atá acu toisc go bhfuil an t-ainm go huile is go hiomlán i nGaeilge. Ní bheadh an fhadhb a bhí acu áit a mbeidís in iomaíocht le comhlacht a bhfuil an t-ainm céanna air i Sasana. Tá an teideal ceannann céanna ag “Post” ach níl aon áit eile ar domhan a bhfuil “An Post” in úsáid nó Iarnród Éireann. Fágfaidh mé é sin faoi láthair agus éistfidh mé leis an méid atá le rá ag an Aire Stáit.

Cinnteoidh na leasuithe seo go n-úsáidfidh comhlacht nua an t-ainm Gaeilge nó an dá ainm, Gaeilge agus Béarla, in aon chomhfhreagras. Táimid ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge faoi láthair. Ba chóir go mbeadh aitheantas agus féinmhuinín acu sa Ghaeilge. Bheadh gach aon duine sa seomra seo in ann ticéad traenach a cheannach ar bahn.de sa Ghearmáin. Má tá aon fhéinmhuinín ionainn féin beimid in ann é a úsáid in Éirinn chomh maith.

Bhíos i Mala an tseachtain seo caite agus bhí na cloig ann uair chun tosaigh. Bhí a fhios agam go raibh independent republic acu i gContae Chorcaí ach ní raibh a fhios agam go raibh time zone eile acu chomh maith. Sin fadhb eile. Ba chóir go mbeimis in ann traein nó booking a fháil as Gaeilge leis na Billí seo agus le An Post nó Bord Gáis nó áiteanna eile mar sin.

Tar éis féachaint ar leasú Uimh. 96 i gcomhthéacs, tá muinín agam go bhfuil an reachtaíocht mar atá sásúil chun an brí atá i gceist a chur trasna. Mar sin féin, táim sásta an cheist a ardú leis an dréachtóir.

Maidir le leasú Uimh. 97, níl sé de nós mionsonraí mar seo a chur sa phríomhreachtaíocht. Mar atá molta faoin mBille, beidh ainm agus lógó Gaeilge ag aon chomhlacht nua. Go hiondúil, is tríd reachtaíocht tháinisteach nó rialacháin a ndéantar plé le nithe mar seo. Más rud é go dteastaíonn a leithéid, is trí na caighdeáin teanga atá réitithe ag mo Roinn a bheidís clúdaithe. Ar an mbonn sin, ní féidir liom glacadh leis an leasú seo.

Is trua é sin mar measaim go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil an tuiscint ann agus go bhfuil sé leagtha amach cuibheasach soiléir gur gá don chomhlacht poiblí an t-ainm Gaeilge amháin a úsáid, nó má tá siad ag úsáid an t-ainm Gaeilge gur féidir leo an t-ainm Béarla a úsáid in éineacht leis, ach nach féidir leo an t-ainm Béarla amháin a úsáid. Tá sé seo i gceist chun deireadh a chur leis an gcleachtas atá ann faoi láthair i measc a lán comhlachtaí an leagan Béarla amháin a úsáid amhail is go bhfuil sé an-deacair dhá nó trí fhocal a rá as Gaeilge más sin teideal an chomhlachta.

Measaim go gcuidíonn sé má tá fiú an beagán sin de Ghaeilge in úsáid i gcomhfhreagras agus sa ghnáthchaidreamh laethúil in oifigí nó i gcaint. Fiú go hidirnáisiúnta, tugann sé íomhá níos láidre don teanga go bhfuil an meas sin againn ar ár dteanga dhúchasach go bhfuil muid sásta an t-ainm sin a bhronnadh ar ár gcomhlachtaí Stáit, a chur ina n-ainmneacha oifigiúla agus go bhfuil muid sásta é a úsáid. Ní fiú dúinn na teidil ná an lógó Gaeilge a chur ar na comhlachtaí seo agus ansin deis a thabhairt dóibh gan iad sin a úsáid.

Níl mé sásta leasú Uimh. 97 a tharraingt síos ag an staid seo. Measaim gur chóir, ar a laghad, féachaint an athuair air. Níl airgead i gceist. Níl ann ach dualgas, athrú meoin agus iallach a chur ar na comhlachtaí agus iad siúd atá sna chomhlachtaí athrú meoin a bheith acu maidir le teideal an chomhlachta a bhfuil siad ag obair leo. Is comhlachtaí Stáit iad sna cásanna seo. Ní bheadh anseo ach an Stát ag tabhairt tús áite nó seasaimh dhlíthiúil bhunreachtúil don Ghaeilge tríd an aitheantas breise seo a thabhairt don stádas agus don teideal atá ar an gcomhlacht.

Leag mé amach dáta ag deireadh an leasaithe seo ionas go dtiocfadh an fhoráil seo i bhfeidhm in 2026.

Tá mé sásta smaoineamh an athuair ar an dáta sin más gá, ach caithfidh spriocdháta a bheith ann. Bheadh cúig bliana go leor ama ionas go mbeadh na comhlachtaí in ann athrú a dhéanamh. Nílimid ag rá go bhfuil gá le gach uile dhuine sa státseirbhís, nó sna comhlachtaí seo, a bheith líofa i nGaeilge nó aon rud eile. Nílimid ach ag rá go mbeadh siad líofa i dteideal an chomhlachta nó na ranna, sin an méid. Ba chóir go mbeadh siad ábalta an teideal a litriú fiú. Tá cásanna áirithe ann de roinnt daoine ón státchóras a dhéanann comhfhreagras nach féidir leo an teideal féin a litriú don dream atá siad ag obair dó.

An bhfuil an Teachta chun leasú Uimh. 96 a bhrú?

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá leasú Uimh. 97 ceangailte le leasú Uimh. 96 agus phléigh muid cheana é.

Tairgim leasú Uimh. 97:

I leathanach 15, líne 3, “freisin.”.” a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:

“freisin,

(d) úsáidfidh an comhlacht poiblí sin an t-ainm Gaeilge amháin, nó úsáidfidh sé an t-ainm Gaeilge agus an t-ainm Béarla le chéile, ina dhoiciméid, ina chomhfhreagras, ina bhillí agus ina fhógraí uile agus tríothu uile, gan eisceacht. Nuair a úsáidfidh nó nuair a luafaidh comhlacht poiblí a ainm, is é a ainm Gaeilge amháin, nó a ainm Gaeilge agus a ainm Béarla le chéile, a ghairfidh sé de féin i gcónaí, agus

(e) úsáidfidh an comhlacht poiblí sin an t-ainm Gaeilge amháin, nó úsáidfidh sé an t-ainm Gaeilge agus an t-ainm Béarla le chéile, i seoladh a shuímh gréasáin, ina sheoladh ríomhphoist agus ina chuid seoltaí leictreonacha eile go léir.

(4) Tiocfaidh míreanna (d) agus (e) d’fho-alt (3) i ngníomh an 1 Eanáir 2026, d’ainneoin aon achtachán eile.”.”.

An bhfuil an Teachta chun an leasú a bhrú?

Beidh an vóta againn an chéad lá eile. Beidh cruinniú ag an gcomhchoiste amárach ar 4 a chlog.

Tugadh tuairisc ar a ndearnadh; an Coiste do shuí arís.
Cuireadh an roghchoiste ar athló ar 3.02 p.m. go dtí 1 p.m., Dé Máirt, 9 Márta 2021.
Barr
Roinn