Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Tuesday, 9 Mar 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

ALT 4
Atógadh an díospóireacht ar leasú Uimh. 97:
I leathanach 15, líne 3, “freisin.”.” a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:
“freisin,
(d) úsáidfidh an comhlacht poiblí sin an t-ainm Gaeilge amháin, nó úsáidfidh sé an t-ainm Gaeilge agus an t-ainm Béarla le chéile, ina dhoiciméid, ina chomhfhreagras, ina bhillí agus ina fhógraí uile agus tríothu uile, gan eisceacht. Nuair a úsáidfidh nó nuair a luafaidh comhlacht poiblí a ainm, is é a ainm Gaeilge amháin, nó a ainm Gaeilge agus a ainm Béarla le chéile, a ghairfidh sé de féin i gcónaí, agus
(e) úsáidfidh an comhlacht poiblí sin an t-ainm Gaeilge amháin, nó úsáidfidh sé an t-ainm Gaeilge agus an t-ainm Béarla le chéile, i seoladh a shuímh gréasáin, ina sheoladh ríomhphoist agus ina chuid seoltaí leictreonacha eile go léir.
(4) Tiocfaidh míreanna (d) agus (e) d’fho-alt (3) i ngníomh an 1 Eanáir 2026, d’ainneoin aon achtachán eile.”.”.
- (An Teachta Aengus Ó Snodaigh)
Cuireadh an leasú.
Amendment put:
The Committee divided: Tá, 3; Níl, 5.

  • Connolly, Catherine.
  • Daly, Pa.
  • Ó Snodaigh, Aengus.

Níl

  • Calleary, Dara.
  • Chambers, Jack.
  • Moynihan, Aindrias.
  • O'Dowd, Fergus.
  • Ó Cathasaigh, Marc.
Amendment declared lost.
Faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú don leasú.

Bogaimid ar aghaidh go dtí leasú Uimh. 98. Fágfaidh mé an Chathaoir don chuid eile den chruinniú.

Ghlac an Teachta Dara Calleary an Chathaoir.

Tá leasú Uimh. 98 as ord mar gheall ar mhuirear ar ioncam.

Is mór an trua go bhfuil an leasú seo as ord, go háirithe sa chomhthéacs go bhfuilimid ag fanacht ar leagan Gaeilge, mar shampla, den doiciméad Covid-19 Resilience & Recovery 2021: The Path Ahead, coicís ón uair a foilsíodh i mBéarla é. Seans nach mbeidh leagan Gaeilge de ar fáil go dtí go bhfuil an chead phlean eile foilsithe i mBéarla. Beidh an t-eolas trí Ghaeilge as dáta faoin am sin.

Thabharfadh an leasú seo spriocdháta soiléir de 1 Eanáir 2026 chun go mbeadh gach leabhrán, gach bille agus gach doiciméad eile a eisíonn comhlacht poiblí foilsithe go dhátheangach. Níor chóir go mbeadh eolas tábhachtach ar fáil trí Bhéarla amháin. Níor chóir ach oiread go mbeadh duine atá ag feidhmiú trí Ghaeilge ag fáil billí leictreachais mar shampla, nó fóntais ó chomhlachtaí Stáit, trí Bhéarla amháin. Tá sé thar am ag an státchóras athrú iomlán a dhéanamh air sin agus an dáta sin a bheith ann. Is trua nach bhfuil glactha leis seo.

Ní bheadh costas sa bhreis i gceist leis an leasú seo. Is an caiteachas céanna atá i gceist ó thaobh na Ranna de. Níl i gceist ach aistriúchán laistigh den Roinn nó laistigh den chomhlacht poiblí a bheadh i gceist ó thaobh caiteachais. Faoi láthair, ní gá ach na doiciméid seo a leanas a bheith ar fáil sa dá theanga oifigiúil go comhuaineach: doiciméid a leagann amach tograí agus beartais poiblí; tuarascáil bhliantúil; cúntas iniúchadh nó ráitis airgid; ráitis straitéis; nó doiciméad atá forordaithe ag an Aire. Ní féidir leis na comhlachtaí poiblí an dualgas sin a chomhlíonadh fiú agus ní féidir fiú leis an Rialtas cloí leis sin ach oiread. Tá sé tábhachtach go mbeadh leabhráin, billí nó rudaí práinneacha ar nós eolas ar Covid-19 a chuirtear faoi bhráid an phobail ar fáil as Gaeilge agus níl sé sin ag tarlú. Is trua mar sin, mar a dúirt mé, nach bhfuil sé seo inghlactha.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 98.

Tá leasú Uimh. 99 as ord mar gheall ar mhuirear ar ioncam.

Tugadh an treoir ó Oifig na mBillí go bhfuil sé seo dícheadaithe bunaithe ar an tslí atá na Buan-Orduithe scríofa agus ó thaobh na méide atá sa Bhunreacht. Níl a fhios agam cén costas a bheadh i gceist anseo in aon chor. Is comhaid alfa-uimhriúil oifigiúil a eiseofar amach anseo atá i gceist. Sin rud a bheadh déanta ar aon nós ach a bheadh bunaithe ar fhocail nó ar logainmneacha Béarla. Tá sé le teacht mar sin níl aon chostas ann faoi láthair. Ní gá ach é a mhúnlú chun gur féidir leis a bheith dátheangach nó as Gaeilge. Sampla den sórt cóid atá i gceist ná mark index ar na gluaisteáin agus a leithéid nó cóid poist. Bhí damáiste mhór déanta don Ghaeilge nuair a rinneadh an cinneadh sin maidir leis na plátaí cláraithe. D'úsáid siad "D" seachas "BAC" nó "BÁC". Bhí deis againn an Ghaeilge a chur chun cinn ansin. Bhí an deis ceannann céanna againn nuair a bhí Eircode á chur le chéile. An rud a rinneadh ná gur maslaíodh na Gaeilgeoirí uair amháin eile nuair a roghnaíodh "D" le haghaidh Baile Átha Cliath. Bhí sé sin go dona. Bhí an deis againn é sin a dhéanamh agus níor thapaigh muid í. Is trua nach bhfuil an leasú seo in ord agus is ait liom go bhfuil aon chostas i gceist mar is rud atá sa todhchaí a bheadh i gceist anseo.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 99.

Tá leasú Uimh. 100 as ord mar gheall ar mhuirear ar ioncam.

Seo leasú eile nár chóir a bheith as ord agus ba chóir go mbeadh muid ag díriú air. Leis na leasuithe seo agus le roinnt de na leasuithe eile atá luaite agam cheana féin agus atá romhainn agus atá dícheaduithe toisc muirear ar ioncam, impím ar an Aire Stáit féachaint orthu agus iad a thógáil isteach ina ainm féin. Tá an chumhacht aige leasuithe dá shórt a ghlacadh air féin agus iad a chur chun cinn chun déanamh cinnte de go bhfuil sé ag glacadh leis na prionsabail taobh thiar díobh. Is constaic ormsa agus ar Theachtaí ó gach páirtí nó nach bhfuil i bpáirtí é nach féidir linn leasuithe praiticiúla a chur chun cinn. Má tá eolas curtha ar líne agus má tá daoine ceaptha páirt a ghlacadh i seirbhís idirghníomhach ar líne nó ar mheaisín in oifig comhlacht poiblí ar nós déileáil leis an Revenue, ba cheart go mbeadh Gaeilge acu. Revenue an t-ainm a thugann an foras sin air féin. Níl leagan Gaeilge ar an suíomh gréasáin nó ar an lógó. Ba chóir go mbeadh an t-eolas sin ar fáil do Ghaeilgeoirí mar aon le Béarlóirí, agus go mbeadh siad in ann seirbhísí ilghníomhacha a líonadh isteach gan Béarla a úsáid. Is í an Ghaeilge an príomhtheanga.

Aontaím leis an Teachta Ó Snodaigh mar gheall ar leasuithe Uimh. 99 agus 100. Tá fonn ar na gnáthdhaoine na leasuithe sin a chur sa Bhille. Iarraim ar an Aire Stáit na leasuithe sin a chur sa Bhille ar Chéim na Tuarascála.

Níl mé ag iarraidh am a chur amú agus tá gá go rachadh muid ar aghaidh go sciobtha mar tá gá le hAcht láidir. Cá bhfuilimid leis na leasuithe atá as ord mar gheall ar mhuirear ar ioncam? Cad é tuairim an Aire Stáit faoi seo? Cá bhfuilimid ag dul? Seo bun agus barr an Bhille agus ba chóir dúinn go léir a bheith ag obair as lámha a chéile air seo. Bhíomar ar an gcoiste cheana agus táimid fós ag obair le chéile ach caithfimid é sin a dhéanamh ar mhaithe le Bille láidir. Tá treoracha ag teastáil uaim mar níl mé ag iarraidh labhairt faoi na leasuithe. Táimid taobh thiar de na leasuithe ach níl mé ag iarraidh am a chur amú. An bhfuil sé ar intinn ag an Aire Stáit teacht ar ais ar Chéim na Tuarascála le Bille láidir? Má tá Oifig na mBillí ag rá nach féidir leasuithe a chur sa Bhille, is dócha go mbeidh an constaic chéanna i gceist mura bhfuil an tAire Stáit sásta iad a chur isteach. Ba mhaith liom beagáinín soiléiriú ón Aire Stáit. Chabhródh sé leis an bpróiseas.

Bhí plé ag an gCathaoirleach agus an tAire Stáit ag tús an chruinnithe faoin litir ón gCeann Comhairle .

Ní theastaíonn uaim moill a chur ar chúrsaí ach an bhféadfadh muid soiléiriú a fháil in aon nóiméad ar na leasuithe atá dícheadaithe?

Tá mé ag iarraidh seans a thabhairt do chomhaltaí caint faoi na leasuithe. Cé go bhfuil an-chuid leasuithe as ord, tá seans againn labhairt orthu ionas go mbeidh siad fós beo i gcomhair Chéim na Tuarascála agus chun go mbeadh muid in ann iad a scrúdú ar an gcéim sin. Bhí comhrá idir an Chathaoirleach agus an tAire Stáit ag tús an chruinnithe faoi na leasuithe atá as ord. Ní raibh mórán rogha ag an Aire Stáit faoi na leasuithe atá as ord mar gheall ar mhuirear ar ioncam. Bhí sé sin soiléir sa litir ón gCeann Comhairle. B'fhéidir go dtiocfaidh muid ar ais go dtí an plé sin ag deireadh an chruinnithe.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 100.

Tá leasú Uimh. 101 as ord mar gheall ar mhuirear ar ioncam.

Aontaímid go léir gur chóir go mbeadh Gaeilgeoirí in ann seirbhísí sláinte a fháil trí Ghaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht, beagnach 100 bliain ón uair a gheall an Stát seirbhísí Gaeilge a sholáthar sa Ghaeltacht.

I measc na seirbhíse sláinte, ní amháin gur chóir go mbeadh dochtúirí sa Ghaeltacht líofa sa Ghaeilge. Labhair an Teachta Ó Snodaigh an tseachtain seo caite faoi altraí sláinte phoiblí a chuireann iachall ar pháistí teiripe urlabhra agus teanga a dhéanamh mura bhfuil ach Gaeilge acu ag aois óg. Labhair sé freisin faoi sheandaoine atá a gcuid Béarla caillte acu agus iad fágtha go huaigneach i dtithe altranais, áit nach bhfuil aon Ghaeilgeoir ag obair chun labhairt leo. Má tá fadhbanna meabhairshláinte ag daoine sa Ghaeltacht, cothaítear fadhb eile dóibh nuair nach bhfuil siad in ann ach seirbhís ina ndara theanga a fháil ina dtír féin. Sin an fáth go bhfuil meabhairshláinte luaite go háirithe sa leasú seo. Tá tionchar ag cearta teanga ar shláinte an duine. Is na seirbhísí Stáit is bunúsaí atá i gceist. Tá ról Údarás na Gaeltachta agus na hinstitiúidí oideachais liachta luaite go háirithe sa leasú seo agus bheadh siad in ann na coinníollacha cuí a chur i bhfeidhm chun é seo a bhaint amach. Níl aon seirbhís sa bhreis le costas breise á lorg againn. Nílimid ach ag iarraidh go mbeidh na daoine atá ag soláthar na seirbhísí in ann Gaeilge a labhairt faoi 2025 sa Ghaeltacht agus faoi 2030 ar fud na tíre chun déileáil leis an éileamh. Sin spriocdháta réasúnta.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 101.

Tá leasú Uimh. 102 as ord de bharr muirear ar an ioncam agus mar nach bhfuil baint aige le forálacha an Bhille.

Seo ceann de na leasuithe faoina raibh muid ag caint níos luaithe. Tá Oifig na mBillí ag rá go bhfuil siad dícheadaithe toisc nach mbaineann siad le scóip an Bhille. D’fhiafraigh mé ar an Aire Stáit an mbeadh sé sásta scóip an Bhille a leasú agus dúirt sé nach bhfuil. Tá sé sin ait mar táimid ag leasú Acht a bhí ag déanamh iarrachta déileáil leis na ceisteanna seo ar fad. An tAcht atáimid ag leasú ná Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus an teideal fada air sin ná:

Acht chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn chun críoch oifigiúil sa Stát; chun socrú a dhéanamh maidir le dhá theanga oifigiúla an Stáit a úsáid in imeachtaí parlaiminte, in Achtanna an Oireachtais, i riaradh an Cheartais, le linn cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal nó seirbhísí a sholáthar don phobal agus le linn obair comhlachtaí poiblí a dhéanamh; chun dualgais comhlachtaí den sórt sin i leith theangacha oifigiúla an Stáit a leagan amach, agus chun na gcríoch sin, chun socrú a dhéanamh maidir le bunú Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla...

Más Bille leasaithe é seo, níl a fhios agam conas gur féidir a rá nach gcloíonn na leasuithe seo leis na polasaithe maidir leis an Ghaeilge sa Stát. Arís, impím ar an Aire Stáit féachaint ar na leasuithe atá á dícheadú mar gheall ar scóip an Bhille. Tá muirear ar an ioncam i gceist leis an leasú seo chomh maith ach tá 20 leasú ann a deirtear nach bhfuil ag cloí le scóip an Bhille. Tá siad go huile agus go hiomlán i scóip an Bhille toisc gur Bille leasaithe ar bhun-Acht é agus tá gach uile cheann de na rudaí seo in ainm is a bheith faoin reachtaíocht sin. Is trua liom nach bhfuil an tAire Stáit sásta an scóip a athrú. Dá ndéanfadh sé é sin agus dá ndéarfadh sé linn inniu é, bheadh a fhios againn go mbeadh na leasuithe seo in ord ar Chéim na Tuarascála. Dúirt an tAire Stáit nach bhfuair sé litir oifigiúil ón gcoiste mar gheall ar an gceist seo. Scríobhfaidh muid chuige le cad a d’aontaigh an coiste an tseachtain seo caite ag iarraidh air féachaint ar scóip an Bhille.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 102.

Tá leasú Uimh. 103 as ord mar gheall ar mhuirear ar an ioncam agus mar nach bhfuil baint aige le forálacha an Bhille.

Faoi láthair, tá a lán daltaí bunscoile Gaeilge nach féidir leanúint ar aghaidh le hoideachas trí Ghaeilge ag an staid iar-bhunscoile toisc nach bhfuil go leor spásanna ann sna meánscoileanna lán-Ghaeilge agus níl go leor Gaelcholáistí ann. Is léir go bhfuil teipthe ar an bpolasaí atá ann faoi láthair. Caithfimid féachaint ar Choláiste Lú i nDún Dealgan ag an am seo. Tá suíomh sealadach ag an scoil sin agus caithfidh an Roinn gach aon rud gur féidir léi a dhéanamh chun déileáil leis an bhfadhb seo agus an scoil a chur i bhfeidhm i nDún Dealgan. Tá sé de dhíth ag na páistí. Díreach sa chaoi chéanna go dtugtar tús áite do Ghaelscoil nuair atá bunscoil nua le hoscailt agus nuair nach bhfuil Gaelscoil sa cheantar cheana féin, ba chóir go mbeadh an polasaí céanna ann ag leibhéal na hiar-bhunscoile chun freastal ar an éileamh. Mar an gcéanna, níl aon fhoráil i bpolasaithe iontrálacha na mbunscoileanna chun tús áite a thabhairt do pháiste a bhí i naíonraí nó seirbhísí luath-bhlianta Gaeilge ionas gur féidir leo leanúint ar aghaidh san oideas Gaeilge agus iad ag freastal ar an mbunscoil. Seo fadhb atá againn agus caithfimid gach aon rud a dhéanamh chun é a réiteach.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 103.

Tá leasú Uimh. 104 as ord.

Tá éirithe go maith leis an bpolasaí oideachais Gaeltachta 2017-22 agus táimid ag lorg go mbeidh polasaí rialta cúig bliana curtha le chéile ag Roinn don oideachas Gaeltachta agus oideachas Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a leagfaidh amach soiléiriú mar gheall ar na leibhéil dhifriúla forbairt gairmiúla do na múinteoirí agus riachtanais speisialta oideachais a shoiléiriú anseo, faoi aonad nach bhfuil sainmhínithe faoi láthair ach atá á moladh. Bheadh an rud céanna i gceist le naíonraí. Bheadh an polasaí don Ghaeloideachas tríú leibhéal in ann dul i ngleic leis an riachtanas earcaíochta atá molta ag an Aire Stáit sa Bhille seo. Ní léir cén fáth go bhfuil an leasú seo lasmuigh de scóip an Bhille. Baineann sé go hiomlán le scóip an Bhille, agus mura ndéanfar pleanáil chun Gaeilgeoirí a ullmhú sa chóras oideachais, ní bheidh Gaeilgeoirí ann chun na poist sa sprioc 20% d’earcaithe faoi 2030 a chomhlíonadh.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 104.

Tá leasú Uimh. 105 as ord mar nach mbaineann sé le forálacha an Bhille.

Déanfaidh mé iarracht déileáil leis seo go gasta. Arís, is ceist oideachais atá i gceist. Ceann de na príomh pholasaithe atá ag an Stát ná córas oideachais a reáchtáil agus ceann de na fadhbanna móra atá á aithint le déanaí ná na díolúintí do mhic léinn ó staidéar ar an Ghaeilge agus cé chomh mór agus cé chomh tapa is atá an fás ar an ráta díolúine. Beidh cruinniú ag an gcoiste amárach chun níos mó iniúchadh a dhéanamh air seo. Tá ráta na ndíolúintí imithe ó thimpeall 2% sa bhliain go 10% agus b’fhéidir níos airde. Tá fadhb bhunúsach ann. Iarracht atá sa leasú seo ról níos lárnaí a thabhairt don Stát chun fáil amach cén fáth go bhfuil sé seo ag tarlú. Ní chóir go dtabharfaí aon díolúine gan staidéar ceart a bheith déanta ó thaobh an taighde atá taobh thiar dá leithéid.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 105.

Tá leasú Uimh. 106 as ord mar nach bhfuil baint aige le forálacha an Bhille.

Níl anseo ach iarracht cinntiú go mbeadh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta bunaithe i gceart agus go mbeadh stádas ceart aici. I gcomparáid, tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta bunaithe agus leagtha síos i gceart. Seo díreach iarracht uaimse cinntiú go bhfuil bunús reachtúil leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Arís, ní thuigim cén fáth go bhfuil an leasú seo as ord.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 106.

Tá leasú Uimh. 107 as ord.

Baineann an leasú seo leis an ealaín. Cén costas sa bhreis atá i gceist leis seo? Thug an tAire tacaíocht don ealaín cheana. Níl ráite leis an bhforáil seo ach gur chóir é sin a dhéanamh d'ealaín trí Ghaeilge freisin. Cuirim fáilte roimh na deontais a fhógróidh an tAire, and Teachta Catherine Martin, inniu mar gheall ar ionaid cheoil. Ba chóir é sin a dhéanamh d'ealaín trí Ghaeilge mar aon le healaín trí Bhéarla amach anseo. D'fhéadfadh céatadán áirithe den mhaoiniú atá le caitheamh cheana a úsáid.

Chuir an Teachta Ó Snodaigh leasú mar seo chun cinn nuair a phléigh an Dáil an tAcht Ealaíon, 2003. Pléadh Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ar an lá céanna. Ag an am sin, dúirt Dr. Pádraig Ó Laighin dá mba rud é nár ghlac an Rialtas leis an leasú, go mbeadh an meon fós i bhfeidhm nach raibh ról lárnach ag an nGaeilge i Rialtas na tíre agus go raibh an Rialtas ag diúltú ealaín trí Ghaeilge a chur chun cinn mar aon le healaín trí Bhéarla. Mar sin, táimid á chur arís.

Ba chóir go mbeadh gach rud atá á chur chun cinn ag an Rialtas curtha chun cinn sa dá theanga oifigiúla, an cultúr agus an ealaín ach go háirithe, toisc an ról lárnach atá ag an nGaeilge sa chultúr. Ba chóir go mbeadh cultúr Gaeilge na hÉireann á chur chun cinn níos mó ós rud é gur an teanga náisiúnta í. Ar a laghad, ba chóir go mbeadh cothrom na Féinne i gceist laistigh den Stát agus taobh amuigh. Déanann gach tír eile ealaín ina teanga féin a chur chun cinn. Ba chóir féachaint ar Instituto Cervantes na Spáinne, Alliance Française na Fraince agus Confucius Institutes na Síne. Níl institiúid nua á lorg ag an leasú. Déanann an Rialtas a lán oibre ar chur chun cinn ealaín na hÉireann thar lear le Culture Ireland ach ba chóir go mbeadh cultúr na nGael mar chuid lárnach de sin. Léiríonn maoiniú Lá Fhéile Pádraig go bhfuil fadhb anseo. As an €1 milliún a thug an Rialtas don fhéile, níl ach €22,000 ag dul go heagraíochtaí i gcomhair ealaíon Gaeilge. Is 2% é sin.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 107.

Tá leasú Uimh. 108 as ord toisc nach bhfuil baint aige le forálacha an Bhille.

Beidh mé an-ghasta. Baineann leasuithe Uimh. 108 go 111, go huile, le craolachán. Ní gá ach raidió a chur ar siúl sa ghluaisteán chun an Béarla ar fad atá ann a chloisteáil, fiú ar na stáisiúin ar a n-íocann an Stát go mór astu.

Maidir le leasú Uimh. 108, leagtar amach in Acht Craolacháin, 2009 gur chóir go mbeadh aird ag Údarás Craolacháin na hÉireann ar chur chun cinn na Gaeilge. Is léir go bhfuil spriocanna daingne sa reachtaíocht ag teastáil mar is léir nach bhfuil na stáisiúin raidió a fhaigheann ceadúnais ón Stát ag cloí leis an méid gur chóir dóibh a dhéanamh toisc nach bhfuil foráil dhaingean sa reachtaíocht. Léirigh taighde a rinne an Dr. John Walsh agus an Dr. Rosemary Day, a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste in 2018, gur ar éigean a bhí focal Gaeilge amháin le cloisteáil ar roinnt stáisiúin raidió sa bhliain 2017, uair a rinne siad a dtaighde. Ní raibh Gaeilge le cloisteáil ar bith ar an stáisiún Galway Bay FM sa tréimhse sin, in ainneoin go bhfuil an ceantar Gaeltachta is mó lonnaithe sa réigiún sin. Ba chóir go mbeadh athrú bunúsach ann. Ba chóir go mbeadh an cheist seo faoi réir na reachtaíochta seo agus faoi réir gach uile reachtaíocht eile a bhaineann le craolachán.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 108.

Tá leasú Uimh. 109 as ord toisc nach bhfuil baint aige le forálacha an Bhille.

Baineann an leasú seo le Gaeilge ar an teilifís. Arís, is léir gur tubaisteach é an méid Gaeilge atá ann, seachas ar TG4, dar ndóigh. Is é an Stát a bhronnann conarthaí teilifíse agus ba chóir go mbeadh céatadán áirithe craolachán Gaeilge de dhíth faoi na conarthaí sin. Is iad na céatadáin atá i gceist faoin leasú ná 10% faoi 2030, 20% faoi 2035 agus 30% ina dhiaidh sin. Bheadh céatadáin níos airde i gceist le RTÉ, stáisiún teilifíse an Stáit: 20%, 30% agus ansin 40% faoi 2040. Bheadh seans aige.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 109.

Tá leasú Uimh. 110 as ord.

Arís, baineann an leasú seo le cúrsaí craolacháin, agus fógraí teilifíse ach go háirithe. Tá ról ag Údarás Craolacháin na hÉireann i leith fógraíochta ar an teilifís. Ba chóir go mbeadh dualgas ar chomhlachtaí fógraí, chomh maith le cláir, a chraoladh trí Ghaeilge. Mar sin, ba chóir go mbeadh sprioc de 50% le baint amach faoi 2025, go háirithe i leith fógraí Stáit. Is minic a bhíonn fógraí ó chomhlachtaí Stáit nó Ranna Stáit ar na stáisiúin teilifíse agus ar na stáisiúin raidió ach ní i nGaeilge a bhíonn siad riamh. Chomh maith céanna, ba chóir go mbeadh 100% d'fhógraí ar TG4 as Gaeilge. Tá sprioc maidir leis sin leagtha síos sa leasú seo. Léiríonn fógraí Energia an tseachtain seo gur féidir é sin a dhéanamh. Bíonn eisceachtaí ann chuile bhliain i measc comhlachtaí Stáit agus comhlachtaí príobháideacha araon. Go minic, bíonn comhlachtaí príobháideacha chun tosaigh ar an Stát ó thaobh fógraí as Gaeilge a chur ar fáil. Tuigeann an pobal iad. Tá sé i bhfad Éireann níos éasca anois, san aois dhigiteach seo, na fógraí seo a thuiscint, nó subtitles a chur ar siúl chun iad a thuiscint muna bhfuil Gaeilge ar thoil an duine atá ag breathnú orthu.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 110.

Tá leasú Uimh. 111 as ord.

Baineann an leasú seo le suirbhéireacht Údarás Craolacháin na hÉireann. Moltar go ndéanfar suirbhé bliantúil ar úsáid na Gaeilge sna meáin chumarsáide. Ba chóir go mbeadh sé sin mar cheann de dhualgais an údaráis agus go gcuirfeadh sé tuarascáil faoi bhráid an Aire agus an chomhchoiste mar gheall air seo seachas a bheith orainn a bheith ag brath ar leithéidí an Dr. John Walsh agus an Dr. Rosemary Day, cé go ndearna siad sárobair. Ba chóir go mbeadh sé seo ag tarlú go huathoibríoch chuile bhliain agus go mbeadh Údarás Craolacháin na hÉireann ag déanamh na hoibre seo agus ag déanamh monatóireacht leanúnach ar an méid Gaeilge atá á chraoladh ar na haerthonnta difriúla agus ar an teilifís.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 111.
Tairgeadh an cheist: "Go bhfanfaidh alt 4 mar chuid den Bhille."

Tá pointí le déanamh agam faoin alt i gcoitinne. Is ceann é seo de na hailt is tábhachtaí sa reachtaíocht agus ba chóir go mbeadh sé i bhfad Éireann níos leithne ná mar atá. Léiríonn mo leasuithe go bhféadfaí go mbeadh an t-alt seo i bhfad Éireann níos leithne agus gur féidir linn i bhfad Éireann níos mó dualgas a chur ar an státchóras de thairbhe sin. Ba bhotún é bogadh ar aghaidh gan díriú isteach ar na bearnaí atá aitheanta agam, ag daoine eile agus ag an gcoiste. Tá os cionn 100 leasú pléite againn agus tá an tAire Stáit tar éis diúltú do gach uile cheann. Bhí roinnt acu dícheadaithe so ní raibh ghá dó diúltú dóibh.

Deirtear linn go mbeadh a lán den stuif seo clúdaithe sna caighdeáin. Táimid trian den bhealach tríd an bplé ar na leasuithe seo agus fós níl na caighdeáin feicthe againn. Mar sin, níl a fhios againn an mbeidh siad clúdaithe ag na dréachtchaighdeáin. Níl a fhios againn an mbeidh an obair atáim ag triail í a dhéanamh trí na leasuithe seo a chur chun cinn clúdaithe nó an mbeidh gá leo. Measaim féin go mbeidh gá leo mar is féidir na caighdeáin atá i gceist ag an Aire Stáit a athrú. Tá Bille i bhfad Éireann níos daingne agus tá sé níos deacra reachtaíocht a athrú in aon bhealach. Ba chóir go leagfaí síos go beacht go díreach cad atá i gceist ag an Stát ó thaobh spriocdhátaí agus sprioc-amanna agus cad go díreach gur chóir a dhéanamh. Ní gá ach féachaint ar na leasuithe is déanaí mar gheall ar chraolachán agus an gá le céatadán a leagadh síos.

Mura ndéantar sin, cén sórt monatóireachta nó slata tomhais atá in úsáid? Má úsáidtear an slat tomhais a luaigh mé tamall ó shin faoi Údarás Craolacháin na hÉireann - go mbeadh aird ag an údarás ar rud éigin - is í sin an fhadhb. B’fhéidir go mbeadh aird aige ar rud, ach ní dhéantar é. Níl sé scríofa síos gur ghá go mbeadh sé déanta. Is é sin bun agus barr an scéil maidir lena lán de na leasuithe uaimse agus leis na cinn a bhí á lorg ag an gcomhchoiste agus nach bhfeicimid sa reachtaíocht seo. Is é sin an fáth nach bhfuil sé chomh láidir sin agus go bhfuil daoine fós ag gearán agus go bhfuilimid ag impí ar an Aire Stáit athruithe a dhéanamh sa reachtaíocht i dtreo is go mbainfidh sé amach an fhoclaíocht éiginnte atá ann, ar nós "go bhféadfaidh", agus go n-athróidh sé í go dtí “go ndéanfaidh”. Tá sé luaite mar sin i mbeagnach chuile chás sa reachtaíocht seo. Mar a dúirt mé, gur chóir go mbeadh na spriocanna sin leagtha síos.

Mura dtarlaíonn sé sin, beimid ag teacht ar ais ar an reachtaíocht seo amach anseo. Tá súil agam nach mbeidh 20 bliain i gceist sula dtarlaíonn sé sin ach beidh orainn filleadh air mar níl sé láidir go leor mar atá sé agus níl gach uile rud clúdaithe. Ba chóir go mbeimis ag déanamh iarrachta nó nuair atá an deis againn a dhéanamh cinnte de go bhfuil gach uile rud clúdaithe chomh mion agus gur féidir linn i dtreo is nach bhfuil aon bhealach éalaithe ag na comhlachtaí Stáit, na Ranna Stáit nó na státseirbhísigh. Go dtí seo, bhí siad in ann bealaí éalaithe a bheith acu ó na dualgais atá acu na cearta atá againn ó thaobh na teanga de a chomhlíonadh ina iomlán seachas ar an mbealach atá á ghlacadh acu le tamall fada ó bunaíodh an Stát. Tá Gaeilgeoirí á maslú toisc nach bhfuil an státchóras in ann déileáil trí Ghaeilge linn maidir leis na héilimh atá againn. Is gá dúinn féachaint, ní hamháin ar na leasuithe, ach ar an alt seo sa reachtaíocht. Fágfaidh mé mar sin é, ach ní hé go bhfuilim chun vótáil i gcoinne na coda seo den reachtaíocht. Tá díomá orm nach bhfuilimid chomh dearfach ó thaobh an Bhille seo is ar mhaith liom go mbeimís, toisc go bhfuil na bearnaí sin ann.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.
AILT NUA

Tá leasú Uimh. 112 as ord.

Is léir go bhfuil fadhb shuntasach ag baint le cúrsaí Gaeilge i measc baill An Gharda Síochána. Is é an cás is measa atá léirithe i dtuarascáil an Choimisinéara Teanga ná nár glacadh le moltaí uaidh ó 2011 go fóill. Beidh orainn aird a thabhairt ar an bhfadhb seo nuair a sheolann an coimisinéir tuairisc faoinár mbráid. In ainneoin gealltanais ó Choimisinéir na nGardaí faoi sheirbhís ateangaireachta a chur ar fáil do gach garda ar fud na tíre, ní réitíonn an méid sin an fhadhb bhunúsach gur chóir go mbeadh an Ghaeilge ag gardaí, go háirithe aon gharda atá lonnaithe i gceantar Gaeltachta. Bheadh sprioc agus dáta soiléir leagtha sa reachtaíocht faoin leasú seo go mbeadh Gaeilge ag 20% d’earcaithe don Gharda Síochána ó 2030, agus go mbeadh 40% den líon foirne iomlán inniúil sa Ghaeilge faoi 2030. Is é sin le rá go mbeadh ar ghardaí an Ghaeilge a fhoghlaim sa deich mbliana atá romhainn. Meabhraím don choiste go raibh riachtanas Gaeilge 100% le bheith mar bhall den Gharda roimh 2005. Dúirt an Rialtas ag an am nach dtiocfadh laghdú ar chaighdeán na Gaeilge i measc na ngardaí, ach anois níl ach aon trian de chomhaltaí an Gharda Síochána i gceantair Ghaeltachta in ann Gaeilge a labhairt le muintir na háite le linn dóibh a bheith ag obair ann.

Bíonn meon frith-Ghaelach sa chóras dlí, agus ba chóir nach mbeadh easpa Gaeilge sa Gharda Síochána ag cur leis sin. Tá sé de cheart ag gach duine sa tír seo Gaeilge a labhairt le garda in aon áit. Nílimid ag cur an riachtanais sin 100% ar ais ach ag cinntiú go mbeidh cothrom na Féinne ann, ar a laghad, idir an riachtanas Béarla agus Gaeilge a bheith ag comhaltaí. Níl costas breise ag baint le duine le Gaeilge nó duine le Béarla a earcú. Bíonn ar ghardaí traenáil a dhéanamh chun rudaí nua a fhoghlaim mar chuid den phost. Mar sin, ní bheadh sa Ghaeilge ach rud eile le foghlaim.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 112.

Tá leasú Uimh. 113 as ord mar mhuirear ar an ioncam.

Baineann an leasú seo le spriocanna earcaíochta agus an Ghaeltacht. Tá sé i gceist leis go mbeadh spriocdhátaí earcaíochta sa reachtaíocht seo do phoist atá lonnaithe sa Ghaeltacht, rud atá á lorg ag gach dream, ina measc oifigigh pleanála teanga, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge. D'aontaigh an tAire Stáit go mbeidh spriocanna daingne ag teastáil agus tá siad leagtha síos agam sa leasú seo. Táim ag súil go mbeidh an tAire Stáit ag tabhairt aird orthu seo agus go ndéanfaidh sé tagairt don áit ina mbeidh sé ag leagan amach na spriocanna seo ina leasú féin. B’fhéidir go mbeadh an t-eolas seo ag teacht os ár gcomhair ar Chéim na Tuarascála agus go bhféachfaidh sé ar an iarracht atá déanta agam sa leasú seo tabhairt faoi na spriocanna earcaíochta seo maidir le poist atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Ní bheadh Gaeilgeoirí fós ag obair ach ó 2025 ar aghaidh - is é sin bliain sa bhreis - agus bheadh ceithre bliana i gceist ag oibrithe chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá deiseanna á dtabhairt do dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim má tá post uathu sa Ghaeltacht. Ní hea go bhfuilimid ag cur ualach ar na hoibrithe sna ceantair seo ach go bhfuilimid ag déanamh iarrachta cosaint a dhéanamh ar an nGaeltacht, agus orthu siúd a bhfuil Gaeilge acu, trí na seirbhísí a bheith ar fáil ón státchóras sa Ghaeltacht trí Ghaeilge dóibh. Níl féidir é sin a dhéanamh gan spriocanna cearta a leagan amach mar níor tharla sé sin go dtí seo.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 113.

Is alt nua atá i gceist le leasú Uimh. 114 in ainm na dTeachtaí Ó Snodaigh, Ó Dálaigh agus Ní Fhearghail. Tá leasuithe Uimh. 114 go dtí 116 go huile, agus leasú Uimh. 295, gaolmhar agus pléifear lena chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 114:

I leathanach 15, idir línte 3 agus 4, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Comhaltas Bord Stáit

5. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 10:

“10A. Nuair a bheidh comhaltaí bord Stáit á n-ainmniú tar éis teacht i bhfeidhm don fhoráil seo, cinnteoidh gach Aire den Rialtas go mbeidh inniúlacht sa Ghaeilge ag 20 faoin gcéad ar a laghad de chomhaltaí gach boird Stáit.”.”.

Baineann leasuithe Uimh. 114 go dtí 116 go huile le comhaltaí boird Stáit agus an comhaltas sin i gcoitinne. Is é sin go mbeadh 20% Gaeilgeoirí ar gach uile bhord, agus 50% díobh i gcás bord RTÉ agus bord na Comhairle Ealaíon. Mura dtarlaíonn sé sin, is é an rud a bhíonn ann ná go mbíonn an token Gaeilgeoir ann. Bíonn an duine sin ina suí sa chúinne agus ní bhíonn ceisteanna Gaeilge á gcur chun cinn nó ní bhíonn tuiscint na Gaeilge ag na hinstitiúidí sin. Is léir an méid sin le blianta anuas, go háirithe maidir leis an gComhairle Ealaíon agus RTÉ. Is léir gur smaoineamh ag deireadh báire a bhíonn ann maidir leis an nGaeilge agus an nGaeltacht ag gach uile bhord Stáit seachas, go bhfuil sé lárnach i ngach uile chuid de ghnéithe na gcomhlachtaí Stáit sin.

Gabhaim buíochas leis an Teachta as ucht an leasaithe seo. Aontaím go luíonn sé le ciall go mbeidh cumas sa Ghaeilge mar chuid de na scileanna ábhartha atá luaite do bhaill boird Stáit. Mar sin féin, is trí threoirlínte a eisíonn an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a leagtar síos na treoracha a bhaineann le baill boird Stáit. Agus é sin ráite, táim sásta dul i mbun cainte leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir leis na treoirlínte sin. Idir an dá linn, táim féin agus an tAire, an Teachta Martin aontaithe go gcuirfear an cumas Ghaeilge san áireamh mar scil le tabhairt san áireamh do bhallraíocht ar bhoird Stáit a thagann faoi scáth na Roinne Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as seo amach, mar a fheictear san fhógra atá eisithe faoi láthair d’fholúntas ar bhord Spórt Éireann. Chomh maith leis sin, táim ag scríobh chuig na Ranna Stáit eile ag impí orthu an rud céanna a dhéanamh.

Ar an mbunús sin, ní féidir liom glacadh leis an leasú seo.

Aontaím leis na leasuithe seo agus tá m'ainm ar leasú Uimh. 295. An dúirt an tAire Stáit nach bhfuil sé ag glacadh leis na leasuithe?

Is cúis díomá dom í nach bhfuil an tAire Stáit ag glacadh leis na leasuithe seo agus go mbeidh sé ag scríobh go dtí na Ranna agus ag impí orthu. Táimid thar an t-am go bhfuil sé feiliúnach a bheith ag impí ar aon duine nó ar aon Roinn.

Maítear i leasú Uimh. 295, "Le linn don Aire lena mbaineann den Rialtas comhaltaí de bhoird Stáit a ainmniú [Seo an t-aon rud atá ag teastáil], cinnteoidh sé nó sí go mbeidh ionadaithe thar ceann phobal labhartha na Gaeilge ar gach bord Stáit." Ní thuigim cad í an fhadhb ansin agus leis na leasuithe eile má táimid i ndáiríre. Tá frustrachas orm leis seo. Bhí mé dearfach ag tús an phróisis seo agus cheapamar go rabhamar go léir le chéile. Le coicíse anuas, tá sé ag éirí níos deacra a bheith dóchasach. Táimid i dtrioblóid ó thaobh na teanga de. Níl mé ag iarraidh a bheith diúltach agus is dúshlán iontach dearfach é. Cosúil le gach ábhar agus gach fadhb, tá na daoine ar an talamh i bhfad chun cinn orainne. Tá siad ag lorg réiteach agus tá an réiteach sin ag teastáil go géar. Cén chaoi gur féidir leanúint ar aghaidh leis an gcóras atá teipthe ar gach leibhéal? Rud bunúsach is ea daoine atá inniúil sa Ghaeilge a ainmniú do cibé bord Stát atá i gceist. Is í teanga oifigiúil na tíre í. B'fhéidir go mbeidh athrú intinne i gceist.

Bhí mé ag léamh an deireadh seachtaine seo caite mar gheall ar an bhfile Roibeard Ó Fearacháin, a bhí ina stiurthóir cláracha in RTÉ 60 bliain ó shin. Cad a cheapfadh sé mar gheall ar an meon aigne atá ag an Rialtas mar gheall ar RTÉ? I gcás RTÉ, is craoltóir poiblí dhátheangach é agus ba chóir go mbeadh an dá theanga lárnach i gcomhaltas an bhoird. Tá ról ollmhór ag an gcraoltóir i bhfeiceálacht an dá theanga oifigiúil agus i gcur chun cinn an Bhéarla agus na Gaeilge mar theangacha labhartha. Is léir go bhfuil tús áite tugtha aige don Bhéarla i gcónaí, in ainneoin stádas bunreachtúil na Gaeilge.

Tuigtear nach mbíonn an Ghaeilge de dhíth chun gach feidhm atá ag bord RTÉ a chomhlíonadh agus go bhfuil daoine gan Ghaeilge i mbun craoltóireachta agus bainistíochta RTÉ. Mar sin, níl comhaltas 100% dhátheangach á mholadh sa leasú seo go fóill ach moltar 50% ar a laghad chun go gcinnteodh sé go bhfuil pobal labhartha na Gaeilge lárnach in aon chinneadh atá á dhéanamh ag an gcraoltóir, go háirithe agus cáineadh déanta air ag an gCoimisinéir Teanga le blianta beaga anuas. Tagraím do leathanaigh uimhir 24 agus 25 den tuarascáil fearacháin. Fuair RTÉ réidh le nuacht trí Ghaeilge tar éis 7 p.m. ar Raidió na Gaeltachta agus RTÉ 1 le déanaí freisin, in ainneoin gealltanas go dtiocfadh feabhas ar chúrsaí Gaeilge in RTÉ.

D'éist mé go cúramach leis an méid a bhí le rá ag an Aire Stáit. Tá gá le gníomh anseo. Ceann de na fadhbanna atá ag na boird Stáit anois, go mór mór ó a tháinig an córas nua i bhfeidhm, ná go bhfuil easpa iolrachais i go leor díobh. Chuir mise sraith ceisteanna parlaiminte síos tráth ag iarraidh a fháil amach cá raibh cónaí ar na daoine ar fad atá ar na boird Stáit agus fuair mé amach go raibh go leor acu i mBaile Átha Cliath. Tá barúil agam dá bhféadfainn a fháil amach cén cóid poist atá ag na daoine sin ar fad, go mbeadh ré-uimhreacha i gceist. Tá sé tábhachtach go mbeadh ionadaíocht do phobal na Gaeilge ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Níl mé á rá ar na leasuithe seo go baileach, ach go mbeadh ionadaíocht ar na boird Stáit do phobal labhartha na Gaeilge ar fud na tíre.

Go mór mór i gcás RTÉ, tá fadhb ollmhór ann. Tá sé ráite cheana go bhfuil sé drogallach cur leis an méid a chuirtear ar fáil ag TG4. Tá a fhios againn ar fad gur pháiste atá á dhéanamh an t-am uilig de Raidió na Gaeltachta. Tá freagracht ag RTÉ as an dá theanga agus tá sé sin ann sa dlí. Chomh maith leis sin, tá freagracht aige as stáisiún atá ag craoladh go hiomlán trí Ghaeilge. Iarraim ar an Aire Stáit, idir seo agus Céim na Tuarascála, breathnú ar an gceist seo ar fad agus teacht ar ais le moltaí faoi cén chaoi a tiocfar i ngleic leis an bhfadhb seo.

Má táimid ag dul a rá go gcaithfidh 20% de na daoine a bheas earcaithe don tseirbhís poiblí inniúil ar an nGaeilge faoi dáta áirithe, ar a laghad ba cheart dúinn tosaigh ar an gceist seo. Mar shampla, tá rud leagtha síos go mbíonn oiread faoi leith mná ar bhoird Stáit, rud a fháiltím roimhe go mór agus bhí sé thar am é sin a dhéanamh mar bhíomar ag lorg iolrachais agus cothromais. Tá cothromas ag dul go pobal na Gaeilge freisin agus is cothromas de chineál eile atá i gceist.

Aontaím leis na leasuithe seo ar bhealach eile. Tá cás faoi leith ann don Chomhairle Ealaíon mar scaití ceapaimse nach bhfeiceann an Chomhairle Ealaíon ealaíon trí Ghaeilge mar a bheith ar chomhchéim le healaíon trí Bhéarla, agus luaigh mé RTÉ. B'fhéidir, nuair a thiocfaidh Céim na Tuarascála, go mbeidh moltaí dearfacha de shaghas éicint ann le déileáil leis an gceist seo.

Cosúil leis an Teachta Ó Cuív, measaim gur chóir go mbeadh an tAire Stáit ag féachaint air seo agus tá súil agam go ndéanfaidh sé féachaint air chun déanamh cinnte de go mbeidh cothromas ann nó ar a laghad go mbeidh bogadh i dtreo an cothromais mar nílimid ag lorg 50% nó aon rud dá shórt, in ainneoin go bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga an Stáit. Is í an príomhtheanga sa Bhunreacht seachas ag an Stát mar is léir nach príomhtheanga an státchórais í.

Muna tharlaíonn sé, an rud a tharlóidh ná go mbeidh an dream céanna ar na boird Stáit arís agus arís eile. Díreach toisc go mbeidh Gaeilgeoirí ar na boird sin, tiocfaidh dearcadh difriúil ann. Níor chóir go mbeadh bord Stát ag maireachtáil i bubble agus ba chóir go mbeadh athruithe ann agus suimeanna, dearcthaí agus cúlraí difriúla acu. Má tá sé sin ann, bíonn beocht sna boird Stáit agus uaireanta bíonn cur chuige i bhfad Éireann níos fearr acu. Cuideodh sé seo le déanamh cinnte de go bhfuil an sórt réabhlóid atá i gceist ag an Aire Stáit ó thaobh na Gaeilge a chur chun cinn agus a fhású laistigh den státchóras ag teacht chomh maith toisc go mbeadh dearcadh difriúil ag na boird Stáit.

Má táimid ag iarraidh go mbeidh athrú ag tarlú, caithfimid léiriú ón leibhéal is airde chomh maith go bhfuil dearcadh agus cur chuige difriúil ann. Nuair a bhíomar ag caint faoi leasuithe roimhe seo maidir le Tithe an Oireachtais agus a leithéid, sin an fáth go dúirt mé gur chóir dúinne a bheith ag léiriú eiseamláir don phobal agus go mbeadh muidne ag cur chuige chomh maith. Má tá muidne ag súil go mbeadh nithe ag tarlú ag an leibhéal is ísle agus go mbeadh Gaeilge ag 20% díobh siúd a bheidh earcaithe amach anseo sa státchóras, ba chóir go mbeadh muid ag lorg an ráta céanna ar gach leibhéal. Sin an tionchar a d'fhéadfadh a bheith againn.

Tá bealach tapa againn chun an tionchar sin a bheith againn trí na cinntí a ghlacann muid nuair a roghnaítear comhaltaí de bhoird dhifriúla. Rinne muid an cinneadh sin maidir le hathrú a dhéanamh. Dá rachfaí siar 30 bliain ó shin, nó b’fhéidir níos lú ná 30 bliain, thógfaí faoi deara an oiread fear a bhí ar na boird Stáit ar fad. Anois, tá athrú meoin agus athrú tagtha ar an dream atá ar na boird Stáit i gcoitinne. Lá maith a bhí ann nuair a ghlac muid an cinneadh sin. Ba chóir dúinn dul sa treo céanna maidir leis an nGaeilge.

Tá súil agam i gceann 20 nó 30 bliain nach mbeidh gá leis seo. Tá gá leis anois agus measaim gur sin an fáth gur chóir go mbeadh muid ag glacadh leis na leasuithe seo. Caithfidh muid cinnte a dhéanamh go dtiocfaidh an t-athrú sin agus go mbeadh ról lárnach ag na boird Stáit sa réabhlóid atá le teacht, tá súil agam, maidir leis an earcaíocht sa státchóras chun déileáil leis an bhfadhb atá ann agus an géarghá le hathrú bunúsach a dhéanamh sa státchóras.

Aontaím go mbeadh ciall ann cumas na Gaeilge a lua mar chuid de na scileanna ábhair do bhaill bhoird Stáit. Mar a dúirt mé, is tríd treoirlínte a eisíonn an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a leagtar síos na treoracha a bhaineann le baill bhoird Stáit. Táim sásta dul i mbun cainte leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir leis na treoirlínte sin. Tuigim na tuairimí atá ráite ag na Teachtaí sa choiste inniu. Beidh mé i dteagmháil leis maidir leis na tuairimí sin. Tá na treoirlínte níos tábhachtaí ná na leasuithe atá anseo.

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil na treoirlínte níos tábhachtaí. I mo thuairim féin, níl siad níos tábhachtaí. Tá siad tábhachtach iontu féin ach níl treoirlínte tábhachtach muna bhfuil spriocanna iontu, muna bhfuil cur chuige iontu, agus muna bhfuil siad chomh cinnte agus chomh dearfach is ar chóir dóibh a bheith. Sa sórt reachtaíochta atá i gceist againn anseo ó thaobh na Gaeilge de, níor chóir go mbeadh muid de shíor ag brath ar thoil na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe mar ní caiteachas atá i gceist anseo. Is roghnú daoine ar bhoird Stáit atá i gceist. Níl aon daoine breise á lorg againn. Níl muid ach ag iarraidh athrú a dhéanamh ar na coinníollacha atá i gceist go mbeidh na comhaltaí nua ar bhoird ag comhlíonadh.

D'fhéadfainn teacht suas le sraith iomlán nua de choinníollacha eile ar chóir go mbeadh ann, ach sa chás seo táimid ag déileáil leis an nGaeilge agus níl costas ar bith ann. An t-aon difríocht a bheadh ann ná go mbeadh méid áirithe de na bhfolúntas, na spásanna ar bhord Stáit, ar fáil do Ghaeilgeoirí. Sin é an t-aon difríocht. Ní gá don Aire Stáit dul go dtí Aire chun cead nó airgead breise a fháil, nó aon rud den sórt sin. Níl ranganna breise Gaeilge ag teastáil. Táthar ag iarraidh cinnte a dhéanamh go dtuigeann an pobal i gcoitinne gur chóir dóibh snas a chur ar a gcuid Gaeilge, agus gur chóir dóibh úsáid a bhaint as an nGaeilge. Dá réir sin, bheadh seans níos fearr acu a bheith ar bhord Stáit más mian leo, toisc go bhfuil an Ghaeilge acu agus go bhfuil méid áirithe spásanna ar fáil dóibh siúd le Gaeilge, i dteannta na gcoinníollacha eile. Uaireanta bíonn bun coinníollacha ag baint le bord Stáit ar ghá a bheith ag duine, ar nós spéis a bheith aige nó aici san ábhar agus cáilíocht san ábhar sin aige nó aici. Sin atá i gceist againn. Ní hea go bhfuilimid ag iarraidh fáil réidh leis na coinníollacha nó na caighdeáin eile atá i gceist leis na boird dhifriúla.

Sá chás seo, luaigh mé RTÉ ach go háirithe toisc an príomhról atá aige ó thaobh craolacháin sa tír. Chomh maith leis sin, tá an Chomhairle Ealaíon a luaigh an Teachta Ó Cuív cheana féin agus daoine eile, maidir le cinnte a dhéanamh go bhfuil caiteachas ceart ar na healaíona Gaeilge. Is méid beag bídeach atá á lorg agam faoi láthair ó thaobh daoine a bheith ar bhoird Stáit. Aitheantas atá i gceist. B’fhéidir nach bhfuil daoine ann chomh cáilithe faoi láthair. Measaim go bhfuil go leor Gaeilgeoirí cáilithe agus go mbeadh siad go hiontach ar na boird Stáit. Chun seans a thabhairt do daoine eile, is fiú an spás sin a aithint agus cinnte a dhéanamh go mbeadh ardú ag teacht tar éis tréimhse de 20 nó 30 bliain. Níl tromlach i gceist sna cásanna atá leagtha síos i mo leasuithe.

Tá sé ráite go bhfuil díomá orm agus tá. Is rud dearfach go bhfuil an tAire Stáit sásta dul ar ais agus é seo a phlé leis an Aire, ach mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, cén bhaint atá ag an Aire sin leis an rud seo?

An fhadhb atá agam ná go bhfuil an díospóireacht seo uilig ó thaobh an Stáit de ag tarlú laistigh d’fholús. Folús aitheantais is ea é ar chomh leochailleach is atá an Ghaeilge agus an gá atá le súil eile, chun na focail ó TG4 a úsáid ag an bpointe seo. Mura bhfuil súil eile ar na boird Stáit, leanfaidh muid ar aghaidh leis an rud ceannann céanna agus an Ghaeilge ar an imeall. Cén chaoi gur féidir an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh? Nílimid ach ag caint faoi mhír bheag amháin – na boird Stáit. Cén chaoi gur féidir an teanga oifigiúil a chur i lár an bhoird agus is lár an aonaigh?

Tá daoine iontacha in éineacht leis an Aire Stáit ag obair go crua sa Roinn, ach caithfidh sé a bheith sásta breathnú ar seo i mbealach atá réasúnta agus praiticiúil. Tá an tAire ag caint faoi threoirlínte. Níl i gceist ansin ach treoirlínte agus sin an fáth go bhfuil an t-ainm sin agus an teideal sin ann. Treorlínte atá ann chun polasaí nó cuspóirí faoi leith a bhaint amach. Muna bhfuil na boird ag baint na cuspóirí sin amach, tá gá le hathrú, nach bhfuil? Is féidir na treoirlínte a athrú ionas go mbeidh muid ag díriú isteach ar chuspóir a chuireann an Ghaeilge i lár an aonaigh, mar a dúirt mé, agus a chuireann tábhacht ar an nGaeilge seachas a bheith ag leanúint ar aghaidh leis í á chur ar an imeall.

Táimid ar ais anseo leis an Aire Stáit ag breathnú air. Cá mbeidh muid nuair a thiocfaidh an próiseas seo os comhair na Dála ar Chéim na Tuarascála? Beidh muid i dtrioblóid muna bhfuil muid sásta aitheantas a thabhairt anois don fhadhb atá againne ó thaobh na Gaeilge de. Tá gá práinneach ann an fhadhb a aithint agus réitigh dhifriúla a chur le chéile chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin. Is rud praiticiúil agus rud simplí atá ann. B’fhéidir go bhfuil easpa tuisceana ann ar mo thaobh ach ceapaim go bhfuil sé thar a bheith simplí na treoirlínte a athrú. Is féidir linn é a dhéanamh. Tá sé déanta ó thaobh na mban de, i ndeireadh na dála. Tá an rud ceannann céanna ag teastáil anseo - spotsolas a dhíriú isteach ar na boird Stáit.

Tháinig ionadaithe ó RTÉ os comhair an choiste agus d'admhaigh siad go neamhbhalbh nach raibh a gcuid dualgais faoin Acht Craolacháin, 2009 á chomhlíonadh acu. Baineadh stangadh asam ag an am go raibh siad chomh ionraic sin agus gur admhaigh siad é go neamhbhalbh. Tá gá le héagsúlacht ar na boird uilig ó thaobh na mban agus na Gaeilge de.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 115:

I leathanach 15, idir línte 3 agus 4, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Comhaltas Bord Stáit

5. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 10:

“10A. Nuair a bheidh comhaltaí na Comhairle Ealaíon á n-ainmniú de réir alt 11 den Acht Ealaíon, 2003, tar éis teacht i bhfeidhm don fhoráil seo, beidh 6 dhuine acu ar a laghad sách inniúil sa Ghaeilge chun leas a bhaint aisti gan dua le linn a gcuid oibre.”.”.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 116:

I leathanach 15, idir línte 3 agus 4, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Comhaltas Bord Stáit

5. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 10:

“10A. Nuair a bheidh comhaltaí bhord RTÉ á n-ainmniú de réir alt 82 den Acht Craolacháin, 2009, tar éis teacht i bhfeidhm don fhoráil seo, ní foláir comhalta as gach beirt ar a laghad a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh go hinniúil i nGaeilge.”.”.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá leasú Uimh. 117 as ord de bharr muirear ar an ioncam.

Tháinig an leasú seo díreach ón tuarascáil a foilsíodh i mBealtaine 2018 ach tá sé as ord. Tá sé ráite go minic agam nár easaontaigh aon Teachta Dála ar an gcoiste sin maidir leis na moltaí seo. Is eochair na faidhbe agus eochair an réitigh freisin cúrsaí earcaíochta. Cad is féidir a rá ag an bpointe seo? Ag dul siar go 2011, deich mbliana ó shin, dúirt an Coimisinéir Teanga gurb í an fhadhb is bunúsaí ná seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge. Táimid anseo deich mbliana ina dhiaidh sin agus níl a fhios agam cé mhéad athbhreithniú atá déanta againn ar an Acht bunúsach, mar a rinneadh i 2014. Níl a fhios agam cé mhéad tuarascáil atá faighte againn ó na Coimisinéirí Teanga - an duine a d’éirigh as agus an duine atá fós ann - ag rá gur cúrsaí earcaíochta bun agus barr an scéil. Ní mór dúinn beart a dhéanamh de réir ár mbriathar. Tá an leasú seo díreach as tuarascáil an choimisinéara agus tá sé as ord. Ní thuigim é sin. Ní féidir linn a rá go bhfuilimid i ndáiríre gan dul i ngleic le fadhb na hearcaíochta i mbealach atá práinneach agus éifeachtach agus i mbealach a thugann aitheantas don fhadhb atá againn.

Ní inniu nó inné a tharla é seo agus tá a fhios ag an Aire Stáit é sin. Tá an fhadhb seo soiléir. Mar a dúirt mé le linn na ráitis sa Dáil maidir leis an Ghaeilge an tseachtain seo caite, is íorónta an scéal é go bhfuilimid ag maíomh as daoine a chur chuig an mBruiséil le hinniúlacht sa teanga agus nílimid in ann an iarracht chéanna a chur isteach agus daoine le hinniúlacht sa Ghaeilge a earcú nó a aimsiú laistigh den chóras atá ann agus iad a chur chun cinn. Maidir leis na daoine eile nach bhfuil inniúlacht acu, ba chóir go mbeadh muid in ann seirbhísí a chur ar fáil dóibh ionas go mbeidh inniúlacht acu agus iad a mhealladh i dtreo na Gaeilge agus chun an Ghaeilge atá acu a úsáid. Is dócha nach bhfuilimid ag díriú isteach ar na fadhbanna beag nó mór ach ag leanúint, faraor, leis an gcur i gcéill céanna agus ag cur rudaí ar an méar fhada, ach amháin sa Bhruiséil.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 117.

Tá leasú Uimh. 118 as ord de bharr muirear ar an ioncam. An bhfuil aon rud le rá ag an Teachta faoi?

Tá go leor gur mhaith liom a rá ach is cur amú ama atá ann. Tá an leasú as ord, faraor. Cad is féidir a rá? Níl focal fágtha agam.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 118.

Tá leasú Uimh. 119 as ord.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 119.

Tairgim leasú Uimh. 120:

I leathanach 15, idir línte 3 agus 4, an méid seo a leanas a chur isteach:

“5. Leasaítear alt 13 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho alt (2):

“(2A) Aon phearsa aonair a bheidh ag feidhmiú de bhun conartha nó ar shlí eile mar ghníomhaire thar ceann comhlacht poiblí a chomhlíonann feidhmeanna an chomhlachta phoiblí sin, a mhéid amháin a bhaineann sé le comhlíonadh na bhfeidhmeanna áirithe sin.”.”.

Is deis ceiliúradh é go bhfuil leasú amháin fágtha. B’fhéidir go bhfanfaidh mé i mo thost mar b'fhéidir go bhfuil an tAire Stáit ag aontú leis.

Tá nuacht mhaith agam don Teachta Ní Chonghaile. Gabhaim buíochas léi as ucht an leasú seo. Bhí mo Roinn ag plé le hionadaithe ón Oifig um Sholáthar Rialtais faoin ábhar seo cheana. Táim sásta féachaint ar an gceist seo agus teacht ar ais le moladh ar Chéim na Tuarascála. Ar an mbonn sin, b’fhéidir go mbeadh an Teachta sásta an leasú seo a tharraingt siar.

Ar an mbunús sin, táim sásta é a tharraingt siar.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.
ALT 5

Tá leasuithe Uimh. 121, 152, 186, 188, 194, 196, 197, 212, 213, 215 go 224 go huile, 226 go 228 go huile, 230 go 244 go huile, 246 go 249 go huile, 252 go 255 go huile, agus 258 bainteach le chéile agus is féidir iad a phlé le chéile.

Tairgim leasú Uimh. 121:

I leathanach 15, líne 7, “caighdeán teanga forordaithe, is caighdeán” a scriosadh agus “aicmiú teanga forordaithe, is aicmiú” a chur ina ionad.

Tá brón orm go bhfuil an oiread leasuithe ann. Nuair a bhí muid ag cur leasuithe isteach d’iarr muid ar fhoireann Oifig na mBillí an bhféadfadh muid leasú amháin a bheith ann ag rá go n-athrófar “caighdeán”, i ngach uile áit atá sé luaite, go “aicmiú” agus dúirt siad go gcaithfeadh muid leasuithe a dhéanamh ceann i ndiaidh ceann. Sin a bhí orainn a dhéanamh sa chás seo.

Ní pointe mór polaitiúil é seo. Baineann sé díreach leis an teideal a chuirfidh an tAire Stáit ar an gcaighdeán atá sé chun leagan amach. Roimhe seo bhí scéimeanna teanga agus a leithéid ann agus anois tá sé chun caighdeán a leagan amach. An fhadhb atá agam ná go n-aithníonn a lán den phobal an Caighdeán Oifigiúil, tuigeann siad go mbaineann sé sin le gramadach agus a leithéid, agus anois tá an tAire Stáit ag tabhairt rud nua isteach agus an teideal atá air ná “an caighdeán”. Tá fadhbanna eile agam mar nach bhfuil an caighdeán seo os ár gcomhair agus ní thuigimid go díreach cad atá i gceist leis toisc nach bhfuil sé ann. Ba chóir go mbeadh teideal difriúil air. Sin an méid. Níl aon mhór-argóint agam. Is “aicmiú” an focal a roghnaigh muidne ach d’fhéadfadh an tAire Stáit rud éigin eile a ghlaoch air más mian leis. Scarfadh an leasú seo é amach ón gCaighdeán Oifigiúil, rud atá lárnach ó thaobh na teanga, ó thaobh na gramadaí agus ó thaobh an chórais aistriúcháin sna Tithe seo. Ní chóir go mbeadh aon dabht nó aon mheascán mearaí ar dhaoine maidir le húsáid na bhfocal sa chás seo. Sin an fáth go bhfuil na leasuithe sin ar fad ann. Measaim go bhfuil breis agus 50 acu ann. Má aontaíonn an tAire Stáit liom beidh muid tar éis dul chun cinn mór millteach a dhéanamh ó thaobh na leasuithe.

Tá mé fiosrach faoi na caighdeáin teanga seo.

Is é an gnáthrud a dhéantar ná rialacháin, nó rialacháin ionstraime reachtúla mar a thugtar orthu, a thabhairt isteach. Breathnaíonn siad seo ar nós leath-ionstraim reachtúil, ach amháin nach bhfuil na córais chéanna ag baint leo. Faoin Acht táthar ag leagan síos rudaí faoi choimirce an Achta.

Cén fáth nach bhfuilimid ag úsáid ionstraime reachtúla? An mbeidh dualgas iad a leagan os comhair an Tí? An bhfuil a leithéid de mhodh imeachta nó d’ionstraim reachtúil ann, mar tar éis an tsaoil, ní ionstraimí reachtúla iad sa chiall a thuigimid iad mar is ionstraim faoi reachtaíocht a bheidh i gceist? An bhfuil a leithéid sin de chaighdeáin nó d’ionstraim reachtúil i gceist in aon Achtanna eile de chuid an Oireachtais nó an ainmhí nua uilig é ó thaobh reachtaíochta de?

Go bunúsach, baineann na leasuithe uile leis an bhfocal “aicmiú” a chur in ionad “caighdeán”. Tar éis dom féachaint ar na leasuithe seo sa chomhthéacs seo, táim muiníneach go bhfuil an fhoclaíocht mar atá sé sásúil chun an bhrí atá i gceist a chur trasna. Sílim go bhféadfadh míthuiscint a bheith ann faoi céard atá beartaithe sa Bhille. Leagtar amach in alt 19A(1) agus (2) gur féidir aicmiú na gcomhlachtaí poiblí a dhéanamh. Go praiticiúil, is éard a bheadh i gceist anseo ná go mbeadh na caighdeáin teanga céanna leagtha síos d’aicme comhlachtaí poiblí, comhairlí contae nó institiúid tríú leibhéal, mar shampla. Is ar an mbonn sin a dhéanfar aicmiú. Baineann an focal caighdeán leis na caighdeáin féin. Dá bhrí sin ní bheidh mé ag glacadh leis na leasuithe seo.

Maidir le leasú Uimh. 114, baineann sé seo leis an bhfocal “rachaidh” a chur in ionad an fhocail “féadfaidh”. Is í an fhadhb a bhaineann le “rachaidh an tAire i gcomhairle” seachas “féadfaidh an tAire dul i gcomhairle” ná nach bhfuil aon teorainn leis an lion uaireanta go bhféadfadh an tAire a bheith ag breathnú ar iarratais ar mhaolú agus b’fhéidir nach mbeadh gá le comhairliúchán i gcónaí. Mar shampla, má thagann an cás aníos i gcomhlachtaí poiblí difriúla, d’fhéadfadh ansin nach mbeadh gá ag an Aire dul i gcomhairle le haon duine mar go mbeadh freagra na ceiste nó an t-eolas agus an fhianaise chuí aige cheana féin. Leis an bhfoclaíocht seo tá deis aige dul i gcomhairle, más gá. Mar sin, ní shílim go bhfuil an fhoclaíocht ceart mar atá sí.

Mar a dúirt mé, ní rud polaitiúil atá i gceist. Táimid ag iarraidh a dhéanamh cinnte de nach mbeadh fadhb ann amach anseo. Cheana féin, bíonn coimhlintí ann idir an Chaighdeán Oifigiúil agus canúintí, mar shampla. Gach uile bhliain tá ar an Oireachtas, measaim, eagrán nua den Chaighdeán Oifigiúil a fhoilsiú. Tuigeann daoine an caighdeán. Nuair a bhí an tAire Stáit ar scoil, b’fhéidir gur chuala sé an múinteoir ranga ag rá leis gurb é sin an caighdeán. Anois, tá an tAire Stáit ag tógáil coincheap nua isteach maidir leis an nGaeilge ach is ar rud éigin iomlán difriúil atá ann agus is é an teideal a bheidh air ná an caighdeán. Tá rud mar sin le dabht ann, mar ní bhaineann an caighdeán atá á leagan amach ag an Aire Stáit le gramadach, le rialacha, nó le struchtúr na teanga. Baineann sé le cur chun cinn na Gaeilge, le cearta agus leis an státchóras amháin den chuid is mó. Ba chóir go mbeadh bealach ann chun teacht timpeall air sin.

Níl an caighdeán seo ann go fóill agus beimid ag déileáil leis níos déanaí. Ní hé go bhfuil cinneadh déanta ag Tithe an Oireachtais maidir leis an teideal a bheidh ar na rialacha a bheidh an tAire Stáit ag leagan amach agus a mbeidh ar na boird, comhlachtaí agus Ranna Stáit cloí leo. Beidh liosta de rialacha ag an Aire Stáit agus b’fhéidir go bhfuil an ceart ag an Teachta Ó Cuív maidir le rialacháin, ach caithfimid déileáil leis seo ar dtús. Beidh sraith rialacha sa chás seo ag an Aire Stáit ach ní rialacha teanga atá i gceist ó thaobh an fhoclóra, na foclaíochta, abairtí nó struchtúir na teanga, agus beidh an teideal ceannann céanna ar an dá cheann, is é sin an caighdeán.

Is é sin an fáth a bhí mise ag iarraidh go ndéanfaí athrú air chun a dhéanamh cinnte de nach mbeadh breall ar dhaoine, nó nach mbeadh aon duine ag rá go raibh sé an-deacair orthu an caighdeán oifigiúil a thuiscint mar nár thuig siad gramadach nuair a bhí siad óg, agus anois tá siad ar bhord Stáit éigin agus táthar ag iarraidh an ghramadach chéanna a bhrú orthu arís. Ní hé sin atá i gceist ag an Aire Stáit, go bhfios dom, ach is é go mbeadh comhlachtaí Stáit, Ranna Stáit agus a leithéid curtha isteach i gcatagóirí nó aicmí difriúla agus go mbeidh orthu leibhéal áirithe Gaeilge a bheith acu a bheidh bunaithe ar cé acu catagóir ina bhfuil siad. Is é sin an fáth go raibh mé ag rá “aicmiú” seachas “caighdeán”. Má tá focal eile ann, glacaim nach teasáras mise, nó teasáras na Gaeilge mé ar aon chaoi. B’fhéidir go bhfuil focal eile atá i bhfad Éireann níos éasca ná é. Is é sin an méid agus níl mé chun argóint mhór níos faide na é sin a dhéanamh faoi ach tá an deis ann chun an t-athrú sin a dhéanamh anois.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 122:

I leathanach 15, líne 10, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “d’ainneoin fho-alt (3).”:

“Ní dhéanfaidh aon aicmiú teanga forordaithe laghdú ar na dualgais a bhí i bhfeidhm ar chomhlacht poiblí faoi scéim go dtí sin, áfach.”.

Ar an gceist seo, ní cóir go mbeadh na caighdeáin nua ag tabhairt deis do chomhlachtaí nua dearmad a dhéanamh ar na dualgais a bhí aontaithe acu faoi na scéimeanna atá ann faoi láthair. Déanfaidh an leasú seo cinnte de, nuair a thiocfaidh na caighdeáin, nach mbeidh aon dul siar, cé nach bhfuil a fhios againn cad atá sa dréacht-chaighdeáin, mar a dúirt mé, mar níl siad os ár gcomhair. Tá a lán de na scéimeanna aontaithe, leagtha síos agus tá comhlachtaí Stáit agus Ranna in ainm is a bheith ag cloí leo, ach b’fhéidir go mbeadh roinnt acu ag déanamh iarrachta an deis a thapú chun ísliú a fháil ar an méid atá aontaithe acu cheana féin.

Mar shampla, deir alt 12 den Bhille, “ní thuairisceoidh an tAire mainneachtain, diúltú nó neamhábaltacht ag an gcomhlacht poiblí lena mbaineann dréacht-scéim dá dtagraítear san fhógra a ullmhú”. Ba chóir go mbeadh comhlachtaí fós ag comhlíonadh scéim a bhí aontaithe go dtí go dtiocfaidh caighdeán isteach agus ní cóir go mbeadh siad ag dul siar i gcónaí ach go mbogfadh siad chun tosaigh. Níl i gceist sa Bhille seo ceart agus dualgas teanga a laghdú nó céim siar a thógáil agus aontaímid ar fad leis an méid sin. Ba chóir dúinn aon dabht a bheith gearrtha amach agus nach mbeadh aon bhealach éalaithe acu siúd a bheadh ag lorg a leithéid toisc go bhfuil an tAire Stáit ag athrú ó na scéimeanna atá ann faoi láthair go dtí caighdeáin amach anseo.

Tá sé tábhachtach nuair a bheimid ag dul ó chóras na scéimeanna teanga go dtí córas na gcaighdeán nach mbeidh aon fhaillí ann ó thaobh seirbhísí i nGaeilge. Cinnteoidh alt 19A(5) atá á chur isteach sa phríomh-Acht ag an mBille nach mbeidh níos lú seirbhísí á soláthar trí mheán na Gaeilge ag aon chomhlacht poiblí tar éis chóras na gcaighdeán teanga a bheith curtha i bhfeidhm:

Cinnteoidh an tAire, le linn dó nó di caighdeáin teanga a fhorordú faoi fho-alt (2), nach mbeidh d’éifeacht le caighdeán a bheidh le forordú a cheangal ar an gcomhlacht poiblí lena mbaineann líon níos lú seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge ná an líon arna sholáthar ag an gcomhlacht (de dheoin an chomhlachta féin, de bhun scéim a bheidh i bhfeidhm i leith an chomhlachta faoi alt 14 nó de bhun caighdeán teanga arna fhorordú faoin alt seo) roimh an gcaighdeán a fhorordú.

Dá bhrí sin, feictear dom nach bhfuil gá leis an leasú seo agus ní bheidh mé ag glacadh leis.

Luaigh an tAire Stáit alt 19A agus dúirt sé nach mbeadh aon chúlú ag tarlú ó thaobh líon na seirbhísí atá á fháil faoi láthair. An fhadhb atá ann ná na scéimeanna agus an méid a bheidh le fáil. Tá mise ag iarraidh a chinntiú nach mbeidh aon chúlú ón méid atá aontaithe cheana féin. Tá na comhlachtaí seo tar éis rudaí a aontú, ach b’fhéidir i gceann dhá bhliain nó trí bliana go mbeidh stádas difriúil nó rud éigin dá shórt acu. Le caighdeán nua, toisc go mbeidh siad curtha isteach leis a lán dreamanna eile, ní gá go mbeadh an sprioc chéanna sa chaighdeán sin is atá leagtha amach dóibh faoina scéim, mar tá na scéimeanna aontaithe ceann ar cheann. Sin í an t-aon fhadhb atá agam.

Aontaím leis an Aire Stáit agus d’aithin mé go mbeadh na comhlachtaí ag cloí leis an méid atá ann faoi láthair ach baineann sé seo leis an méid atá geallta acu. Tá am idir an dá rud agus toisc nach bhfuil an caighdeán bunaithe ar chomhlacht Stáit ann féin, táthar ag cur gach uile rud isteach i bpota amháin agus ag roinnt an phota i gcúig chuid. Tá thart ar 200 comhlacht ann agus dá réir sin bheadh 200 scéim ann, bunaithe ar conas mar is féidir rudaí a dhéanamh, an cur chuige ag an gcomhlacht sin agus na seirbhísí poiblí a bhí sé ag cur ar fáil. D’aontaigh an Roinn leis na scéimeanna sin, ag féachaint ar an méid a d’fhéadfadh gach comhlacht a bhaint amach. Anois tá an Rialtas ag rá go mbeidh comhlacht áirithe i gcaighdeán 1 agus 20 cinn i gcaighdeán 2. Ní gá go mbeadh na spriocanna atá acu faoi láthair faoin scéim chomh dúshlánach dóibh nó b’fhéidir nach mbeadh siad fiú ann i roinnt cásanna. Má deirtear le comhlacht amháin go gcaithfidh a shuíomh idirlín a bheith go huile agus go hiomlán trí Ghaeilge roimh dháta áirithe, ach tá dáta difriúil sa chaighdeán, tabharfaidh sé sin bealach éalaithe dó agus tabharfaidh sé faoiseamh do roinnt acu. Sin a bhí i gceist sa leasú seo. Níor shíl mé go mbeadh argóint mhór i gceist leis toisc nach bhfuil aon airgid i gceist. B’fhéidir go mbeadh sé deacair ó thaobh an caighdeánú ach sin é an dúshlán a bheadh i gceist agus b’fhéidir go mbeadh gá le níos mó caighdeáin.

Arís, bheadh sé níos éasca dom dá mbeadh dréacht os mo chomhair mar bheadh tuiscint níos fearr agam cad go díreach atá i gceist ag an Aire Stáit maidir leis na caighdeáin. Dá mbeadh dréacht ann, bheadh tuiscint againn ar na comhlachtaí a bheadh istigh ar gach uile cheann de na caighdeáin, aicmí nó catagóirí difriúla a bheidh an tAire Stáit ag moladh amach anseo nuair atá an Bille seo achtaithe.

Cá seasann an leasú?

Bhí mé ag súil go mbeadh an tAire Stáit sásta féachaint air. Tá mé chun é a bhrú.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.
Aontaíodh alt 5.
ALT 6

Tá baint ag leasuithe Uimh. 123 agus 124 le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 123:

I leathanach 15, líne 14, “lá a cheapadh” a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:

“lá a cheapadh, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a rith,”.”.

Ceadaíonn an Bille coiste comhairleach reachtúil um sheirbhísí Gaeilge a bhunú don soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Éileoidh an leasú seo go mbunóidh an tAire an coiste comhairleach seo tráth nach bhfuil níos déanaí ná sé mhí tar éis an Bhille a bheith achtaithe, ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar imní a d’ardaigh an Coimisinéir Teanga agus earnáil na Gaeilge maidir le heaspa spriocdhátaí sa Bhille. Ba mhaith liom go mbeadh sé seo déanta chomh sciobtha agus is féidir agus go mbeadh sé déanta taobh istigh den trí mhí atá molta ag an Teachta Ó Snodaigh. Tabharfaidh an leasú seo spás dúinn ar fhaitíos go dtarlódh aon rud a chuirfeadh constaic orainn é a chur ar bun taobh istigh de thrí mhí.

Maidir le leasú Uimh. 124, mar a luaigh mé táim ag tabhairt aghaidh air seo le mo leasú féin agus ar an mbonn sin b’fhéidir go mbeidh an Teachta sásta an leasú a tharraingt siar.

Mar eolas, níor thosaigh muid an cruinniú go dtí tar éis 12.50 p.m. agus mar gheall go raibh vóta againn, táimid in ann dul ar aghaidh go dtí an 3 a chlog.

Aithním go bhfuil an tAire Stáit tar éis bogadh sa treo a bhí i gceist agam agus táim sásta, dá réir sin, glacadh leis an sprioc de sé mhí. Táim ag súil go mbeidh an coiste comhairleach seo i bhfeidhm laistigh de thrí mhí, mar atá luaite ag an Aire Stáit. Tá a fhios agam go mbíonn fadhbanna ann uaireanta ach má tá an phleanáil déanta cheana féin agus go bhfuil na cinntí idir chloigeann ar aon chaoi ag an bpointe seo, beifear in ann an coiste a chur sa siúl laistigh de thrí mhí, más féidir, ach ar a laghad beidh sé mhí leagtha síos.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis glacadh leis.

Tairgim leasú Uimh. 124:

I leathanach 15, líne 14, “laistigh de 3 mhí ó achtú an ailt seo” a chur isteach i ndiaidh “a cheapadh”.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tá baint ag leasuithe Uimh. 125, 126 agus 148 le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 125:

I leathanach 15, idir línte 21 agus 22, an méid seo a leanas a chur isteach:

“(3A) Beidh an Coiste neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid feidhmeanna.”.

Arís, tá an leasú seo faoin gcoiste comhairleach atá in ainm is a bheith á bhunú ag alt 6. An rud atá i gceist ná go mbeadh alt 3A curtha isteach ann. Áit a ndeir an Bille “Is é nó is í an tAire a sholáthróidh rúnaireacht agus feidhmeanna feidhmiúcháin an Choiste Chomhairligh” tá mise ag iarraidh go gcuirfear isteach “Beidh an Coiste neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid feidhmeanna” ina dhiaidh. Ní bheadh an coiste ag obair ar son an Aire ach bheadh sí neamhspleách agus bheadh a fhios ag na baill é sin ó thús, so má tá aon choimhlint idir an coiste agus pé Aire a bheadh ann ag an am bheadh an tuiscint sin ann.

An rud atá i gceist le leasú Uimh. 126 ná gurb í an Ghaeilge an teanga oibre a bheidh ag an gcoiste. B’fhéidir go ndéarfadh duine gur chóir go mbeadh sé sin intuigthe ach tá a lán rudaí gur chóir go mbeadh intuigthe. Bhí sé intuigthe go mbeadh Gaeilge ag gach uile chomhalta d’Údarás na Gaeltachta ach is cuimhin liom duine ag seasamh sa toghchán agus fíorbheagán Gaeilge aige. Dá mbeadh sé tofa bheadh ar Údarás na Gaeltachta seirbhísí ateangaireachta a chur ar fáil dó. Tá mise ag déanamh cinnte de nach mbeidh aon athrú ann amach anseo. Níl aon chostas i gceist leis an leasú seo.

Féachfaidh mé céard atá i gceist le leasú Uimh. 148 ach tá sé bainteach leis an gcoiste comhairleach agus sin an fáth go bhfuil sé gafa leis an dá leasú eile.

Gabhaim buíochas leis an Teachta as leasú Uimh. 125 a chur chun cinn. Is coiste reachtúil a bheidh sa choiste, le stádas ar leith de bharr sin.

Tá feidhmeanna an choiste leagtha amach sa Bhille. Beidh an coiste ag tuairisciú don Rialtas agus don Choimisinéir Teanga. Beidh ar an gCoimisinéir Teanga tráchtaireacht a fhoilsiú maidir leis na tuairiscí seo. Mar sin, tá ról faireacháin ag an gCoimisinéir Teanga agus is ansin a bheidh a neamhspleáchas le feiceáil. Beidh ar an Aire na tuairiscí agus an tráchtaireacht a chur faoi bhráid an Rialtais, a leagan faoi bhráid Tithe an Oireachtais agus a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne. Mar sin, beidh sé soiléir do gach éinne céard atá ag tarlú agus cén dul chun cinn atá á dhéanamh. Beidh ról an Aire thar a bheith tábhachtach agus soláthróidh an tAire rúnaíocht agus feidhmeannaigh fheidhmiúcháin don choiste comhairleach. Táim sásta leis an gcur chuige seo agus ní ghlacfaidh mé leis an leasú seo dá bharr.

Maidir le leasú Uimh. 126, cé go n-aontaím leis an sprioc, níl i gceist agam glacadh leis an leasú i láthair na huaire. Beimid ag lorg daoine sinsearach i gcomhlachtaí poiblí cuí le bheith ar an gcoiste ag amanna trátha le go mbeidh muid in ann tionchar a imirt ar an gcóras earcaíochta. Tá an fhéidearthacht ann go mbeidh baill ar an gcoiste nach bhfuil Gaeilge acu agus, mar sin, ní féidir glacadh leis an leasú seo. Beidh mo Roinn féin ag soláthar rúnaíocht agus feidhmeannaigh fheidhmiúcháin don choiste chomhairleach. Beidh siad ar fad ar fáil trí Ghaeilge.

Tá a fhios agam go bhfuil leasú ann faoin gcathaoirleach agus a líofacht, leasú Uimh. 130. Sílim go bhfuil fiúntas leis an moladh sin toisc na dualgais a bheidh ar an gcathaoirleach. Beidh mé sásta féachaint air sin nuair a thagann muid chomh fada leis. Is mar gheall ar easpa daoine le Gaeilge líofa atáimid ag cur an choiste sin ar bun. Le himeacht ama agus leis an gcóras nua earcaíochta i bhfeidhm, tá súil agam go mbeidh dóthain daoine le Gaeilge sna poist chuí ar fáil chun feidhmiú ar choistí mar seo ach níl muid ag an bpointe sin fós.

Níl i gceist agam glacadh le leasú Uimh. 148 i láthair na huaire. Tá feidhmeanna an choiste leagtha amach sa Bhille agus beidh an tAire ag iarraidh a chinntiú go ndíreofar isteach orthu siúd agus an coiste ag dul i mbun oibre. Baineann nósanna imeachta le rudaí ar nós cé chomh minic a thiocfaidh an coiste le chéile agus foilsiú miontuairiscí. Baineann go leor de na nósanna imeachta leis an méid atá sa Bhille mar atá, go háirithe faoi na hailt mholta 18A, 18B, 18C agus 18E. Mar sin, táim sásta leis an bhfoclaíocht mar atá agus nílim chun glacadh leis an leasú seo.

Sílim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh Gaeilge ag an gcathaoirleach. Ba chóir go mbeadh sé riachtanach. Tá áthas orm go bhfuil an tAire Stáit chun breathnú ar an gceist sin. Tá moladh i ndiaidh molta ag teacht os comhair an Tí seo go mbeadh chuile shórt neamhspleách ar an Aire. Tá cásanna inar cheart go mbeadh rudaí neamhspleách ón Aire agus go ginearálta táim drogallach go mbeadh chuile shórt neamhspleách ón Aire mar, ag deireadh an lae, ciallaíonn an neamhspleáchas sin go bhfuil an tAire neamhspleách ó fhreagracht don Dáil agus ó fhreagracht don phobal. Ag deireadh an lae, is é an t-ainm atá orainn ná Teachtaí Dála. Is teachtairí an phobail muid. Thar na blianta, táimid tar éis an iomarca rudaí a chur rófhada ó fhreagracht don phobal. Tá sé an-réasúnta go leagfadh an tAire síos nósanna imeachta an choiste. Ag deireadh an lae, is le comhairle a chur ar an Aire agus, tríd an Aire, le comhairle a chur ar an Rialtas atá an coiste ann. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an tAire in ann na rudaí a chaithfear díriú orthu a shonrú, na nósanna imeachtaí a leagan síos agus cinneadh a dhéanamh maidir le cé chomh minic a bheidh cruinnithe ag an gcoiste. Céard a tharlódh sa gcás go mbunófaí coiste a dhéanann cinneadh gan cruinnithe a bheith aige chun deireadh a chur leis an tseafóid Ghaeilge a bhí ar bun in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021? Tacaím go hiomlán leis an Aire Stáit i dtaobh na ceiste sin.

Tá trí rud difriúil i gceist anseo. Tosóidh mé le leasú Uimh. 125, lena bhfuilimid ag iarraidh go mbeidh an coiste neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid feidhmeanna. Ní hé go mbeadh sé neamhspleách ón Aire nó ón gcoiste seo. Má fhéachtar trí na leasuithe atá agam, is ag cur freagracht ar dhaoine tuairiscí a sholáthar don Aire agus don choiste ag am céanna atá an chuid is mó dóibh. Is double-whammy atá i gceist seachas easpa freagrachta don Aire. Tuigim an méid atá á rá ag an Teachta Ó Cuív. Tá a lán comhlachtaí Státbhunaithe nach bhfuil freagrach don Dáil sa tslí chéanna ina mbíonn Ranna Stáit. Ní cóir go mbeadh sé sin ag tarlú. Ba chóir go mbeadh muidne in ann polasaithe Stáit a cheistiú agus iad a chuireann na polasaithe seo i bhfeidhm a cheistiú de shíor. Muna bhfuil an tAire Stáit ag glacadh le leasú Uimh. 125, níl mé chun é a bhrú.

Faoi leasú Uimh. 26, ba í an Ghaeilge teanga oibre an choiste. Tá sé ait agus scanrúil amach is amach go bhfuil muid ag rá cheana féin go bhfuil seans ann go mbeadh an Béarla i gceist. Is é sin go díreach cad a d'admhaigh an tAire Stáit. Tá seans ann go bhfeidhmeoidh coiste comhairleach maidir le cur chun cinn na Gaeilge sa státchóras trí Bhéarla. Ní hé go bhfeidhmeoidh sé as Gaeilge agus go mbeadh seirbhís ateangaireachta ar fáil dóibh siúd a bhfuil beagán Gaeilge nó Béarla amháin acu. Níl mé chomh seafóideach sin nach dtuigim go mbeidh daoine ag teacht isteach le cáilíochtaí agus scileanna áirithe a bheadh ag teastáil chun comhairle a chur ar an gcoiste comhairleach maidir le conas a dhéantar rudaí áirithe ó thaobh na hearcaíochta de. Chuala muid na daoine a tháinig os comhair an choiste nuair a bhíomar ag déanamh iniúchadh ar staid na Gaeilge sa státchóras. Bhí roinnt dóibh i gceannas ar chúrsaí HR. Ní raibh ach fíorbheagán Gaeilge ag roinnt acu agus ní raibh Gaeilge ar bith ag roinnt eile. Ní raibh a dhóthain mhuinín ag roinnt eile as a gcuid Gaeilge chun a gcur i láthair a dhéanamh trí Ghaeilge. Is féidir córas ateangaireachta a chur ar fáil, áfach, agus ba chóir go gcuirfeadh. Ní féidir liom leasú mar seo a chur mar bheadh sé as ord toisc chostais ar an Stát. Ba chóir don Aire Stáit smaoineamh ar leasú dá leithéid a ghlacadh.

Tá an tAire Stáit ag cur amach teachtaireacht leis seo. Má tá an Stát chun coistí maidir leis an nGaeilge a bhunú, ba chóir gurb í an Ghaeilge teanga labhartha agus oibre na gcoistí seo. Ní tharlódh sé seo in aon tír eile ar dhomhan. Arís, is ait go bhfeidhmeoidh coiste a chuirfidh comhairle faoin nGaeilge ar an Aire i dteanga ar bith seachas an Ghaeilge. Is é sin atá molta ag an Aire Stáit ina fhreagra.

Ní rud mór an méid atá i gceist le leasú Uimh. 148. Is féidir leis an Aire na rialacha a leagan síos. Tá a fhios ag an Aire Stáit féin, nuair a thagann coiste le chéile don chéad uair agus nuair atá sé i gceist aige méid áirithe oibre a dhéanamh, bíonn air athruithe a dhéanamh. Ní gá go mbeadh air a bheith ag brath ar an Aire chun ligean dó bualadh le chéile gach uile lá, píosa taighde a lorg, nó a leithéid de rud. Is é sin a tharlaíonn. Táim ar chúpla coiste, mar shampla an coiste comhairleach maidir le Sráid an Mhúraigh. Leagan an tAire síos an remit, ach is na baill a roghnaíonn cé chomh minic a thagann an coiste le chéile, cén obair a bheidh á déanamh, agus cén stíl oibre a bheidh ag an gcoiste, cé go gcloíonn sé leis an remit atá leagtha síos ag an Aire. Ní ceisteanna móra atá ann sna leasuithe seo so fágfaidh mé mar sin iad, seachas Uimh. 126. Measaim gur chóir don Aire Stáit smaoineamh arís ar an leasú sin.

Tá dhá leasú i m'ainm ag teacht suas a bhaineann leis seo freisin. De réir mar atá cloiste agam, tá an tAire Stáit dearfach ó thaobh cathaoirligh neamhspleách. Fágfaidh mé an pointe sin mar nílimid tagtha chomh fada sin.

Maítear i leasú Uimh. 126: "Is í an Ghaeilge teanga oibre an Choiste." Is bocht an rud é go bhfuil ar an Teachta Ó Snodaigh an leasú sin a thairiscint. Bheadh duine ag ceapadh go bhfuil sé sin inghlactha ach dé réir na méide atá ráite ag an Aire Stáit, tá amhras mór ann mar gheall air sin. Ba mhaith liom soiléiriú arís ón Aire Stáit ar cad atá i gceist. Seo rud bunúsach eile, go mbeadh an obair ar an gcoiste ar siúl trí Ghaeilge agus má tá duine ann gan Ghaeilge, nach mbeidh an córas ateangaireachta ann chun an Béarla agus an Ghaeilge a aistriú? Ní thuigim cén fáth go bhfuil gá le leasú ar rud chomh bunúsach sin. Tá mise agus an tAire Stáit ag gáire.

Admhaím go mbreathnaíonn sé ar chéad amharc go mba cheart go mbeadh Gaeilge ag an gcoiste uilig ach bhí cruinnithe againne de Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán agus bhí muid ag iarraidh daoine sinsearacha le teacht ag caint linn as cuid de na Ranna ábharacha, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ina measc. Más buan mo chuimhne, is cuimhneach liomsa gur thiontaigh mé ar an mBéarla as frustrachas mar ní rabhadar ag freagairt mo chuid ceisteanna i nGaeilge. Ar an taobh eile den scéal, má tá coiste comhairleach ann, beidh daoine sinsearacha ó taobh istigh den chóras ag teastáil. Tá súil agam gur daoine le dea-thoil don Ghaeilge a bheidh ann ach beidh gá le daoine sinsearacha ann. Níl aon mhaith le duine sóisearach a chur isteach.

Feicim pointe an Aire Stáit agus ba mhaith liomsa tuilleadh machnaimh a dhéanamh air seo mar beidh tionchar ollmhór ag an gcoiste comhairleach ar cá dtiocfaidh muid. Caithimid déanamh cinnte go bhfuil na daoine a bheidh i lár an aonaigh ag déanamh na gcinntí istigh sna Ranna páirteach sa phróiseas seo. Ba mhaith liom tuilleadh soiléirithe ón Aire Stáit ar an gceist seo. Tá mé idir dhá cheann na meá go praiticiúil faoi seo mar d'fhéadfaí imeallú iomlán a dhéanamh ar an gcoiste comhairleach agus sin an faitíos a bheadh ormsa.

Mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, beimid ag lorg daoine sinsearacha i gcomhlachtaí poiblí cuí le bheith ar an gcoiste le go mbeimid in ann tionchar a imirt ar an gcóras earcaíochta. Tá an féidearthacht ann go mbeidh baill ar an gcoiste nach mbeidh Gaeilge acu.

Beidh mo Roinn ag soláthar rúnaíocht agus feidhmeanna ar fheidhmiúcháin an choiste comhairleach agus beidh siad ar fad ar fáil trí Ghaeilge freisin. Beidh daoine le Gaeilge ar an gcoiste mar sin ach táimid ag iarraidh daoine sinsearacha a bheith ar an gcoiste freisin chun an Ghaeilge a fheabhsú tríd an státchóras. Tuigeann an Teachta Connolly an cheist seo agus an fheidhm a bheidh tríd an státchóras le daoine sinsearacha agus táimid ag dul an fhadhb seo a fheabhsú tríd an státchóras. Sin í an fhadhb anois. Tá súil agam, tríd na blianta go mb'fhéidir go mbeidh Gaeilge ag gach duine ar an gcoiste comhairleach ach anois táimid ag lorg daoine sinsearacha agus níl Gaeilge ag gach duine sinsearach sa státchóras. Tuigeann an Teachta an fhadhb anois agus sin an fáth nach bhfuilimid in ann an leasú seo a ghlacadh.

Tuigim sin agus níl dabht agam ó thaobh na ndaoine a bheas ar an gcoiste seo. Chonaiceamar iad os comhair an choiste ag an staid seo b'fhéidir dhá bhliain nó trí bliana ó shin. Tagraím do dhaoine go mb'fhéidir nach raibh os comhair an choiste, daoine atá bainteach le cinntí móra maidir le hearcaíochta i gcoitinne. Tagraím do dhaoine ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ach go háirithe, mar shampla. B'fhéidir nach mbeidh aon Ghaeilge ag na daoine sin ach is féidir le gach duine ar an gcoiste a bheith gan Ghaeilge ar bith, ach go bhfuil an Ghaeilge mar theanga oibre ag an gcoiste sin. Sin an fáth gur luaigh mé go bhféadfadh córas ateangaireachta a bheith ann.

Tá sé tubaisteach go huile is go hiomlán go bhfuil an tAire Stáit ag tosnú cheana féin ar leibhéal ag aithint go bhfuil tar éis teipthe air. Tá an tAire Stáit ag aithint nach féidir teacht ar dhaoine ag an leibhéal sin le Gaeilge agus nach mbeidh siad ar fáil amach anseo go ceann tamaill. Cuireann sin in iúl go bhfuilimid sásta go mbeidh an Béarla i mbarr a réime arís seachas cur ina luí orthu siúd atá na cinntí le déanamh acu cé chomh deacair is atá sé agus cé chomh maslach is atá sé go minic orainne mar Ghaeilgeoirí go gcaitheann muidne casadh ar Bhéarla. Smaoinigh orthu siúd atá Gaeilge acu a bheidh ar an gcoiste seo. Beidh orthu casadh ar theanga eile. Dá mbeadh córas ateangaireachta ann, bheadh gach rud á aistriú ag an am céanna agus bheadh na miontuairiscí agus gach rud ann láithreach as Gaeilge. An rud a tharlóidh anois ná go mbeidh an rúnaíocht ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán don choiste seo, beidh air gach uile rud a aistriú ón mBéarla mar tá cuma air go mbeidh gach rud ar siúl trí Bhéarla, agus ansin foilseofar é nó tuairisceofar chuig an Aire Stáit é i mBéarla. Seo coiste comhairleach Gaeilge sa státchóras.

Tá a fhios agam go bhfuil an clog ag druidim linn ach tá sé seo thar a bheith tábhachtach. An rud atá i gceist i leasú Uimh. 126 ná: "Is í an Ghaeilge teanga oibre an Choiste." Dúirt an Teachta Ó Cuív go mbeadh sé deacair Gaeilge a bheith ag chuile bhall den choiste. Beidh sé ach ní bhaineann sé sin leis an leasú. Maítear "teanga oibre" go soiléir sa leasú. Ba chóir go mbeadh an córas ateangaireachta i gceist chun é a dhéanamh éasca gurb í an teanga oibre an Ghaeilge. Tá súil agam go mbeidh an Teachta Ó Snodaigh ag brú an leasú seo. Tá leasuithe faoi leith anseo atá thar a bheith tábhachtach agus seo ceann de na leasuithe sin.

Nuair a bhí mise ar an gcoiste - agus rinne an Teachta Ó Cuív tagairt do seo - níor thiontaigh mé ar an mBéarla riamh. Tháinig státseirbhísigh os ár gcomhair agus bhí sé deacair ach níor ghéill mé riamh don Bhéarla mar cheap mé gur droch-eiseamláir amach is amach a bheadh ann géilleadh ar an leibhéal sin, in ainneoin na deacrachtaí. Bhí orm agus bhí ar na Teachtaí eile a raibh ar an gcoiste ár n-ateangaireacht féin a dhéanamh. Bhíomar ag éisteacht le Béarla agus ag iarraidh é a aistriú agus bhí sin deacair go leor ach níorbh cúis ghéillte é sin. A mhalairt atá ag teastáil anseo. Ní féidir géilleadh leis an leasú seo agus leis an bhfreagra atá faighte againne. Tá sé iomlán míshásúil go mbeadh rud chomh bunúsach sin in easnamh agus nach mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre ar an gcoiste seo atá thar a bheith tábhachtach.

An rud atá ag teastáil ná aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann leis an gcoiste comhairleach seo. Is cinnte go mbeidh saineolaithe ar an gcoiste. Níl mé ag iarraidh seo a lua an t-am go léir mar tá an t-am sin thart agus tá ról eile agam anois ach tá ciall cheannaithe agam ó a bheith ag éisteacht le daoine ag teacht os comhair an choiste i mBéarla. Bheadh sé i bhfad níos éasca dúinne go léir, mé féin san áireamh, géilleadh don Bhéarla mar tá sé níos éasca. Sin an domhan mór.

Táimid ag feidhmiú i ndomhan an Bhéarla agus níl sé éasca. Mar shampla, bhí iriseoir ag scríobh maidir leis na ráitis i nGaeilge sa Dáil an tseachtain seo chaite. Chuaigh an t-iriseoir sin trí na cainteoirí uilig a bhí páirteach sa díospóireacht. Bhí an rud go léir i mBéarla. Bhí an t-alt uilig i mBéarla agus dhírigh sé isteach ar pháirtí faoi leith agus Teachta a labhair trí Bhéarla. Bhí Teachta eile ann ó pháirtí eile nár tháinig isteach. Bhí sé go hiomlán ceart. B’shin a rud a tharla ach níor rith sé leis an iriseoir gur i mBéarla uilig a bhí an t-alt scríofa mar go bhfuil sé i bhfad níos éasca chuile rud a rá i mBéarla.

Muna gcuireann muid rud láidir isteach – gurb í an Ghaeilge an teanga oibre – beidh muid thíos leis. Tá an cur i gcéill nochta anois. Beidh an cur i gcéill nochta, nach mbeidh a Leas-Chathaoirligh, muna bhfuilimid sásta é sin a chur isteach?

Tiocfaimid ar ais go dtí an leasú sin an chéad lá eile. Tá sé 3 a chlog.

Tugadh tuairisc ar a ndearnadh; an Coiste do shuí arís.
Cuireadh an roghchoiste ar athló ar 3.01 p.m. go dtí 12 meán lae, Dé Máirt, 23 Márta 2021.
Barr
Roinn