Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Thursday, 15 Apr 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

Sa chruinniú deireanach ar an 23 Márta, chríochnaíomar ar leasú Uimh. 139. Tosóimid ar leasú Uimh. 140 anois. Tá an leasú seo curtha faoi ainmneacha na dTeachtaí Mac Fhionnáin, Mac Giolla Laoire, Ó Cuív, Ó Muimhneacháin, Mac Aodha, Ó Dubhda agus Ó Cathasaigh. Cé acu atá chun labhairt ar dtús?

Tairgim leasú Uimh. 140:

I leathanach 17, líne 11, “do limistéar Gaeltachta.” a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:

“do limistéar Gaeltachta, agus

(f) aon chomhalta amháin a bheidh ainmnithe ag an Aire mar ionadaí do phobal na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.”.

Maidir le leasú Uimh. 140, leagtar amach san alt seo go bhfuil cumhacht ag an Aire comhalta a cheapadh ar an gcoiste comhairleach mar ionadaí na Gaeltachta. Tá an leasú seo ag iarraidh go mbeadh daoine as an nGaeltacht agus daoine lasmuigh di ceaptha mar chomhaltaí ar an gcoiste. Mar a luaigh mé níos túisce, feicim fiúntas leis an moladh seo agus táim sásta féachaint ar leasú maidir le hionadaithe eile a bheith ceaptha ar an gcoiste chun ionadaíocht a dhéanamh do phobail Ghaeilge na tíre agus tabhairt ar ais le moladh ag Céim na Tuarascála. Ar an mbonn sin, b'fhéidir go mbeidh na Teachtaí sásta an leasú seo a tharraingt siar.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.
Ghlac an Teachta Dara Calleary an Chathaoir.

Phléigh muid leasú Uimh. 141 le hUimh. 133. Cá seasann an leasú?

Tá sé pléite cheana, an bhfuil?

Tá. Pléadh é le hUimh. 133.

An raibh an tAire Stáit sásta glacadh leis? Níl a fhios agam.

Pléadh an leasú sin cúpla seachtain ó shin.

Pléadh é le hUimh. 133.

Nílim chun glacadh leis. Táimid chun breathnú air le hUimh. 142 ag Céim na Tuarascála.

Tá an tAire Stáit chun teacht ar ais chuige.

Tiocfaidh mé ar ais ag Céim na Tuarascála.

Tarraingeoidh mé siar é ag an bpointe seo ar an mbunús go mbeidh an tAire Stáit ag teacht ar ais le rud.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 141.

Pléadh leasú Uimh. 142 in éineacht le hUimh. 133. Cá seasann an leasú?

Is an rud ceannann céanna é, an ea?

Is ea. An bhfuil sé á tharraingt siar ag an Teachta?

An mbeidh an tAire Stáit ag teacht ar ais arís?

Níor tairgeadh leasú Uimh. 142.

Tairgim leasú Uimh. 143:

I leathanach 17, idir línte 11 agus 12, an méid seo a leanas a chur isteach:

“(3A) Nuair a bheidh an tAire ag ceapadh comhaltaí den Choiste Comhairleach, cinnteoidh sé nó sí—

(a) go bhfuil taithí agus saineolas áirithe acu ar sholáthar seirbhísí nó ar éileamh ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge, pleanáil teanga, bainistiú athruithe, riarachán poiblí nó taighde, agus

(b) go bhfuil cothromaíocht chuí idir fir agus mná i gcomhaltas an Choiste.”.

An bhfuil an Teachta ag iarraidh labhairt air?

Tá sé pléite cheana, nach bhfuil?

Tá sé pléite cheana.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá baint ag leasuithe Uimh. 144 go 146, go huile, le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 144:

I leathanach 17, líne 21, “6 bliana” a scriosadh agus “5 bliana” a chur ina ionad.

Baineann leasuithe Uimh. 144 go dtí 146 le feidhm. Is gnách go mbeadh feidhm ag plean reachtúil ar feadh cúig bliana agus go mbeadh téarmaí cúig-bliana ag coistí reachtúla. Sa chás seo, tá sé bliana i gceist. Ní léir cén fáth ach tagann sé sin salach ar phleananna agus polasaithe reachtúla cúig-bliana eile. Is cúig bliana uastréimhse Rialtais. Thabharfadh sé seo níos mó ama don choiste comhairleach nua monatóireacht a dhéanamh ar phlean an choiste roimhe chun fadhbanna a thabhairt faoi ndeara agus iad a leasú ina phlean féin. Bheadh téarma cúig-bliana ann má ghlactar le leasú Uimh. 144. Bheadh an rud céanna i gceist maidir le hathcheapadh faoi leasú Uimh. 146. Tá ceist agam don Aire Stáit maidir le leasú Uimh. 145. Cén gá atá le "trí imeacht aimsire" nó “by the effluxion of time”? Muna bhfuil gá leis, cén fáth a bhfuil sé ann?

Tacaím leis an méid a dúirt an Teachta Ó Dálaigh. Is ait liom go bhfuil sé bliana i gceist seachas cúig bliana. Nuair a bhíodh toghcháin ann d'Údarás na Gaeltachta, bhíodh seacht mbliana i gceist. Tá seacht mbliana i gceist maidir leis an Uachtarán freisin. Is rudaí ait iad sin. De ghnáth, bíonn cúig bliana i gceist sa lá atá inniu ann. Eisítear pleananna cúig-bliana, reáchtáiltear toghcháin do na comhairlí contae gach cúig bliana agus tá téarma cúig-bliana ag an Rialtas, más féidir leis maireachtáil chomh fada sin. Tá cúig bliana luaite ó thaobh gnéithe eile. Ní rud mór é ach b'fhéidir gur fiú comhordú a dhéanamh ar na tréimhsí seo chun nach mbeidh rudaí ag teacht salach ar a chéile. Má tá grúpa comhairleach ann atá ag cur plean le chéile, ba chóir go mbeadh a téarma gafa le téarma an phlean chun nach dtiocfaidh athrú tar éis trí nó ceithre thréimhse. Mar shampla, tá pleananna forbartha á ndéanamh ag comhairlí cathrach agus contae faoi láthair. Is pleananna cúig-bliana iad. Is ceann de na chéad jabanna atá ag comhairleoirí nua nuair a thagann siad isteach ná tosú ag pleanáil don phlean nua. Is é sin mar ba chóir go mbeadh sé sa chás seo. Níl mé chun an gcoiste a dheighilt ar an gceist seo, áfach.

Maidir le leasuithe Uimh. 144 agus 146, níl sé i gceist é seo a athrú i láthair na huaire. Táimid sásta leis an tréimhse de sé bliana do bhaill an choiste atá luaite sa Bhille faoi láthair.

Maidir le leasú Uimh. 145, tar éis féachaint ar an leasú seo, ní fheicim aon ghá leis. Níl an méid atá sa Bhille ach ag rá, dá mbeadh téarma oifige comhalta den choiste imithe in éag trí imeacht aimsire, go mbeadh an comhalta seo inathcheaptha chun an coiste comhairleach. Táim muiníneach go bhfuil an fhoclaíocht mar atá sásúil agus, dá bhrí sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Ar an staid seo, tarraingeoimid siar iad ach b'fhéidir go bhféachfaidh mé arís orthu agus míniú níos iomláine a thabhairt don Aire Stáit ó thaobh na tréimhsí difriúla atá leagtha síos sa reachtaíocht seo agus sa bhunreachtaíocht. Ba chóir go mbeadh comhordú ann chun gur féidir le rudaí tarlú i sequence. Má tá tréimhse amháin as sequence - sé bliana seachas cúig bliana - tarlóidh fadhbanna amach anseo. Táim sásta leasuithe Uimh. 144, 145 agus 146 a tharraingt siar.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.
Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 145 agus 146.

Tairgim leasú Uimh. 147:

I leathanach 17, línte 42 agus 43 a scriosadh agus i leathanach 19, línte 1 go 9 a scriosadh.

Is é an cúis go bhfuil an coiste comhairleach á bhunú faoin reachtaíocht seo ná chun comhairle a thabhairt don Aire agus don Rialtas ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge ón státchóras. Ba chóir go mbeadh daoine cáilithe nó dícháilithe mar gheall ar an gcumas atá acu dea-chomhairle a chur ar an Aire nó a leithéid. É sin ráite, níl aon rud sa Bhille faoi cháilíochtaí a bheadh riachtanach do chomhaltaí an choiste chomhairligh. Tá rialacha ann a deir nach féidir le duine atá socrú déanta acu le creidiúnaithe, duine a bhfuil téarma príosúnachta gearrtha orthu nó duine nach bhfuil cáilithe le bheith ina stiúrthóir ar chuideachta a bheith ina chomhalta den choiste comhairleach. Níl a fhios agam cén fáth. Blianta ó shin, nuair a tóghadh ar dtús mé, bhí éinne a raibh bankrupt dícháilithe le bheith ina Teachta Dála. Tá an cur chuige céanna i gceist anseo. Níl aon airgead i gceist agus, mar sin, ní thuigim cén baint atá ag cúrsaí pearsanta airgeadais, cúrsaí dlí nó feiliúnacht duine chun cuideachta a stiúradh le comhairle a thabhairt maidir le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge. Ní fheicim an ceangal. Bhí a lán coinníollacha leithéidí seo ann thar na blianta. Sa chás seo, measaim gur cuireadh sa Bhille iad toisc go raibh siad ann in a lán reachtaíocht eile.

Toisc nach bhfuil sé ceangailte sa reachtaíocht seo le cúrsaí airgeadais, nó le stiúradh nó airgeadú agus nach bhfuil aon bhuntáiste pearsanta ann don duine seachas b'fhéidir breis clú go bhfuil sé ar an gcoiste comhairleach seo, ní fheicim gur cóir go mbeadh an t-alt seo ann. É sin ráite, tá daoine ann a bheadh in ann a lán comhairle a thabhairt don choiste comhairleach seo a bhfuil téarmaí príosúnachta gearrtha orthu agus ní cóir go mbeadh siad dícháilithe. Nuair a rinneadh an cinneadh maidir le téarma príosúnachta a thabhairt do dhuine ní raibh a fhios ag an mbreitheamh go mbeadh breis pionóis gearrtha orthu amach anseo. Tá aithne agam ar dhaoine atá i mbarr a réime in eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta agus a raibh téarma príosúnachta gearrtha orthu, roinnt díobh ar bhonn polaitiúil, agus roinnt eile toisc gur ghlac siad seasamh i gcoinne ceadúnas teilifíse nó a leithéid thar na blianta. B’fhéidir go mbeifí ag iarraidh a gcomhairle a lorg uathu ach ní bheidh a gcomhairle ar fáil toisc go raibh téarma príosúnachta gearrtha orthu ar fáth amháin nó ar fáth eile agus seans go raibh an téarma seo an-ghairid mar níl sé leagtha síos go díreach cad atá i gceist leis seo. Fiú amháin má tá an téarma seo fada, ó thaobh Chomhaontú Aoine an Chéasta, ba chóir go mbeadh an t-aitheantas ann go raibh cogaíocht i gceist agus go raibh daoine i bpríosún ar bhonn polaitiúil. Ní hé go ndéanfaí neamhaird air agus níl daoine ag iarraidh a dhiúltú go raibh siad sa phríosún ach nach mbeadh pionós breise gearrtha orthu le linn dóibh a bheith ag iarraidh cuidiú leis an Stát agus leis an náisiún ó thaobh na Gaeilge de. Is cóir don Aire Stáit féachaint air seo an athuair nó é a tharraingt siar toisc nár chóir go mbeadh ról mar seo i gceist sa reachtaíocht seo.

Maidir leo a dhéanann obair fhíormhaith le príosúnaigh, thiocfainn leo go hiomlán. An lá a shiúlann duine amach as an bpríosún, tá an pionós curtha isteach aige nó aici agus ba cheart go nglacfaí leis sin.

Is é an rud is tábhachtaí ná go mbeadh an fhoireann nó an coiste is láidre againn chun comhairle a thabhairt. Má tá daoine tar éis téarma a chur díobh, tá sé sin thart agus taobh thiar díobh. Má tá comhairle fhiúntach le fáil uathu, ba chóir go mbeadh an deis acu nó ag aon duine eile. Braithim gur cóir don Aire Stáit sracfhéachaint a thabhairt air seo arís agus féachaint an bhfuil na srianta seo oiriúnach mar atá siad.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Tuigim na pointí sin maidir le leasú Uimh. 147. Is rud caighdeánach é seo a bhíonn in go leor reachtaíochta. Ach an méid sin ráite, táim sásta an scéal a fhiosrú leis an dréachtóir agus é a phlé arís ar Chéim na Tuarascála. Ar an mbonn sin, b’fhéidir go mbeadh na Teachtaí sásta an leasú seo a tharraingt siar.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as sin agus tá súil agam go mbeidh comhairle cheart faighte aige. Táimid, mar a dúirt mé, tar éis tarraingt siar ón sórt sin ruda thar na mblianta. Is saoránaigh atá i gceist agus tá stádas ard acu. Ní bhaineann sé seo díreach ó thaobh príosúnachta amháin ach ó thaobh bankruptcy agus rudaí mar sin chomh maith. Tá athrú meoin go hiomlán tagtha le tamall de bhlianta anuas maidir leo atá sa ghéarchéim airgeadais sin agus ba chóir go mbeimid, ar shlí amháin, cosúil le Meiriceá maidir leis an gceist seo.

Cá seasann an leasú seo an bhfuil an Teachta Ó Snodaigh chun leasú Uimh.147 a tharraingt siar?

Tarraingeoidh mé leasú Uimh. 147 siar ar an mbonn go bhfuil an tAire Stáit chun féachaint ar an gceist seo arís.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Rachaimid ar aghaidh anois go dtí leasú Uimh. 148. Phléamar cheana é in éineacht le leasú Uimh. 125. Cá seasann an leasú seo, a Theachta Ó Snodaigh?

Tarraingeoidh mé an leasú seo siar ar an gCéim seo.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 148.

Tá baint ag leasú Uimh. 149 le leasú Uimh. 150 agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 149:

I leathanach 19, líne 14, “a luaithe is féidir” a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad “a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 2 bhliain”.”

Is leasú de chuid an Rialtais é seo a chinntíonn go gcaithfidh an plean náisiúnta ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú, a bheith ullmhaithe agus a bheith curtha faoi bhráid an Aire tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis a bhunaithe. Tá an cheist seo pléite ag mo chuid oifigeach agus tá togra mór taighde le déanamh sula mbeidh an plean réidh. Táimid ag iarraidh go mbeidh an taighde seo cuimsitheach agus cruinn. Caithfear am a thabhairt do pé dune nó grúpa atá ina mbun chun é seo a dhéanamh. Ar an mbonn, sin tá an tréimhse dhá bhliain réasúnta. Maidir le leasú Uimh. 150, mar a luaigh mé ansin, táim ag tabhairt aghaidh air seo le mo leasú féin agus ar an mbonn sin, b’fhéidir go mbeadh an Teachta sásta an leasú seo a tharraingt siar.

D’aontódh gach duine go bhfuil spriocdháta ag teastáil don phlean náisiúnta. Is maith an rud é gur éist an tAire Stáit leis an éileamh sin agus go bhfuil sprioc dhá bhliain curtha sa Bhille aige ach is dhá bhliain tar éis an lae bhunaithe atá i gceist agus níl lá bunaithe socraithe go fóill. Is faoi chinneadh an Aire Stáit an dáta sin. Mar sin, ní spriocdháta daingean é sin sa mhéid go bhfuil spriocdháta le teacht i ndiaidh an Achta seo mar a bhí á lorg againn i leasuithe a bhí againn cheana féin. Inár leasú féin, tugaimid bliain don choiste comhairleach plean a chur le chéile agus toisc go bhfuil leasú curtha ar aghaidh ag an Aire Stáit go mbeidh an coiste sin bunaithe sé mhí nó níos lú tar éis rith an Bhille seo, tá a fhios againn inár leasú go mbeidh plean seolta bliain go leith tar éis an Bille a achtú, rud nach bhfuil soiléir ó leasú an Aire Stáit.

Cuirim fáilte roimh an leasú seo agus tá gá le sprioc-am ach, mar a dúirt an cainteoir díreach anois, níl an plean bunaithe ar aon spriocdháta atá daingean agus táim fós amhrasach faoi sin. Is rud maith é gur éist an tAire Stáit linn agus go bhfuil gá le sprioc-am agus feicfidh mé cén freagra a bheidh aige.

Táim sásta leis an spriocdháta nua a chuirfidh mé isteach sa Bhille anois agus leanfaimid ar aghaidh leis an leasú seo.

Faisnéiseadh go rabhthas tar éis glacadh leis an leasú.

Pléifimid le leasú Uimh. 150.

Glacaim go bhfuil an leasú seo teipthe toisc go bhfuil an ceann eile rite mar tá siad ceangailte le chéile agus táim sásta é a tharraingt siar mar sin.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 150.

Pléifimid le leasú Uimh. 151.

Tairgim leasú Uimh. 151:

I leathanach 19, líne 17, “6 bliana” a scriosadh agus “5 bliana” a chur ina ionad.

Tá an ceann seo cosúil leis an leasú deireanach a bhí agam ó thaobh na tréimhse cúig bliana de. Táimid ag iarraidh go mbeadh an plean ann gach uile chúig bliana. Má tá tréimhse cúig bliana i gceist beidh athbhreithniú déanta air níos luaithe ná dá mbeadh sé bliana i gceist. Iarraim ar an Aire Stáit arís machnamh a dhéanamh ar phlean cúig bliana a bheith ann seachas sé bliana. Is gnáthchleachtadh den státchóras é tréimhse cúig bliana a bheith ann den chuid is mó de. Is féidir liom roinnt samplaí a thabhairt agus thug mé roinnt díobh cheana féin don Teach. Tá Plean Straitéise Cycling Ireland 2020 – 2024 ann, Plean Straitéise 2020 – 2024 de chuid na Comhairle um Thaighde in Éirinn, agus fiú amháin an HSE, cé nach bhfuil an ceann seo as Gaeilge, is é sin HSE Quality Improvement Strategic Approach 2020 – 2024. Is gnáthrud é agus ní rud mór é ach amháin go mbeadh athbhreithniú níos tapúla á dhéanamh ar na pleananna seo seachas é a bheith á dhéanamh ar bhonn sé bliana. Fágfaidh mé mar sin é.

Maidir le leasú Uimh. 151, níl sé i gceist agam é seo a athrú. Tá mé sásta leis an sprioc atá luaite sa Bhille cheana gur tréimhse sé bliana a bheidh i gceist le gach plean naisiúnta ar an gcoinníoll tuarascáil a sholáthar don Aire faoin dul chun cinn maidir lena obair gach dara bliain. Mar sin, tá próiseas soiléir ann trí thuarascáil de gach tréimhse dhá bhliain taobh istigh de shaolré sé bliana an phlean náisiúnta. Mar sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Tá mé chun an leasú a chur.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.
Níor thairgeadh leasú Uimh. 152.

Tairgim leasú Uimh. 153:

I leathanach 19, líne 26, “a fhéadfaidh comhlachtaí poiblí a úsáid” a scriosadh agus “a úsáidfidh comhlachtaí poiblí” a chur ina ionad.

Seo ceann de na leasuithe sin ina bhfuilimid ag iarraidh athrú a dhéanamh ó thaobh an téárma "úsáidfidh" a chur sa Bhille seachas "féadfaidh". Táimid ag iarraidh déanamh cinnte de go mbeidh an reachtaíocht níos dearfaí. Sa chás seo, d'athrófaí leathanach 19 agus tá feidhm áirithe i gceist ann.

Ceann de na príomhrudaí atá i gceist leis an reachtaíocht seo ná déanamh cinnte de go ndéanfaidh na comhlachtaí Stáit agus na comhlachtaí poiblí gníomh de réir an bhriathair. Sa chás seo, tá sórt escape clause á thabhairt dóibh tríd an éiginnteacht atá i gceist le húsáid an focal "féadfaidh" seachas "úsáidfidh", mar atá i gceist againne. Ba chóir go mbeadh sé leagtha síos go daingean sa reachtaíocht go n-úsáidfidh comhlachtaí poiblí na straitéisí atá leagtha síos dóibh. Tá a lán Achtanna ann a thugann cead don Aire nó do chomhlachtaí poiblí rudaí a dhéanamh agus ní dhéantar iad riamh. Mar a dúirt mé, táimid ag déanamh iarracht anseo go mbeadh orthu gníomhú de réir na straitéise nó de réir an bhriathair ag teacht ón gcoiste comhairleach nó ón Aire.

Is léir gur státseirbhísigh sa chuid is mó a bheidh ag cur an plean seo le chéile ar an gcoiste comhairleach mar atá sé curtha faoinár mbráid go dtí seo. Níl siadsan chun moltaí indéanta a chur isteach sa phlean sin. Sin an fáth go bhfuil an struchtúr mar atá sé leagtha síos ag an Aire Stáit go dtí seo. Mar sin, ba chóir go mbeadh spriocanna réasúnta ann. Ní hé go mbeadh spriocanna neamhréalaíocha ann. Mar sin má tá feidhm reachtúil leis an bplean agus má tá an fheidhm reachtúil sin le bheith ag an bplean seo, cén fáth nach mbeadh sé chomh cinnte agus is féidir gur gá dóibh cloí go huile is go hiomlán leis an straitéis? Sa chás seo agus sna cásanna eile tá sórt feidhm difriúil leis an dearfacht atá mé ag triall a chur isteach sa reachtaíocht, ach sa chás seo is gá dúinn é sin a dhéanamh.

Ba mhaith liom mo thacaíocht a thabhairt don leasú seo. Tá gá le cinnteacht agus táimid sa spás ina bhfuilimid mar tá teipthe go huile is go hiomlán ar chomhlachtaí, ar an Rialtas agus ar na Ranna seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Tá a fhios againn é sin. An rud atá leagtha síos anseo ná bealach éalaithe eile rudaí a chur ar an méar fhada. Má tá an tAire agus an Rialtas i ndáiríre, tá gá le cinnteacht. Níl i gceist anseo ach dualgas a chur orthu agus níl an dualgas sin ró-throm ach an oiread. Táimid ag iarraidh teachtaireacht a thabhairt go bhfuil gá le rud práinneach a dhéanamh agus tá muintir na Gaeltachta agus muintir na tíre ag fanacht leis an mBille seo le fada. Bhí a fhios againn beagáinín tar éis 2003 nach raibh an tAcht sin cuí don fheidhm. Seo 2021 agus tá gá le Bille níos láidre a chur tríd an Dáil. Seo an fhuinneog dheireanach atá againne. Ar a laghad, má tá an Rialtas i ndáiríre ba cheart rud a chur isteach atá cinnte agus dearfach agus nach bhfuil ró-throm. Níl an dualgas sin ró-throm. Ceapaim go n-aontaíonn an Leas-Chathaoirleach leis sin agus aontaím leis an leasú.

Glacaim leis go mba cheart go mbeadh aird acu ar rudaí eile a bhaineann leis an teanga freisin. An gnáthrud a chuirtear ar leithéidí seo sa ghnáthchaint ná go mbeadh aird oraibh inter alia mar ní chuirfeadh sé cosc orthu aird a bheith acu ar rudaí eile a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge. Mar mhalairt air sin, caithfí liosta cuimsitheach den rud ar fad ar cheart aird a bheith orthu dá mbeadh siad ag dul ag athrú seo mar d'fhéadfadh sé cúngú a dhéanamh ar na rudaí go mbeadh aird acu orthu go dtí an dá rud seo. Tá go leor rudaí eile i gceist maidir leis an gcomhairle a chuirfeadh an coiste comhairleach ar fáil, seachas an dá rud seo atá luaite go sonrach. Ceist foclaíochta atá ann. Ní dóigh liomsa go bhfuil mórán difríochta ó thaobh fealsúnachta anseo. Más coiste comhairleach na Gaeilge a bheidh ann, beidh sé chun comhairle a chur cén chaoi an Ghaeilge a chur chun cinn sa tseirbhís poiblí go ginearálta. Caithfimid a bheith cúramach nach mbainfidh muid an brí as dá mba rud é go ndéarfaí go gcaithfidh aird a bheith air seo, go mb'shin í tús agus deireadh an scéil. B'fhéidir go ndéanfadh an tAire Stáit soiléiriú gur sin an ciall a bheadh leis dá nglacfaí le leasú an Fhreasúra.

Leis an taithí atá ag mo Roinn ag plé leis an maolú san Aontas Eorpach, meastar go mbeidh an coiste in ann teacht aníos le go leor straitéisí difriúla a d'fhéadfadh comhlachtaí poiblí a chur i bhfeidhm. Ní bheidh gá do chomhlachtaí poiblí glacadh le gach ceann acu mar go bhféadfaí straitéisí difriúla a bheith níos feiliúnaí do chomhlachtaí difriúla. Mar shampla tá comhlachtaí móra agus comhlachtaí beaga ann agus tá comhlachtaí ann atá ag plé leis an bpobal agus tá comhlachtaí ann nach bhfuil.

Tuigim an cheist agus mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, is ceist foclaíochta é seo idir "féadfaidh" agus "déanfaidh". Beidh comhrá agam leis an dréachtóir. Beidh straitéisí difriúla ag gach comhlacht poiblí ach beidh comhrá agam leis an dréachtóir maidir leis an bhfoclaíocht seo. Nílimid in ann "gach straitéis" a lua sa Bhille nó é a cheangail le gach comhlacht poiblí. Mar sin táim ag iarraidh é a phlé leis an dréachtóir agus beidh mé ar ais ar Chéim na Tuarascála.

Tuigim an méid atá á rá ag an Aire Stáit. Tá an méid sin straitéisí ann agus tá comhlachtaí beaga agus comhlachtaí móra ann ach sin an fáth go bhfuil an tAire Stáit ag déanamh rangú nó caighdeánú agus nach bhfuil a fhios againn fós cad atá i gceist. Nuair atá an tAire Stáit ag cur an caighdeán seo le chéile, sin an áit a bheadh sé ag rá go mbaineann an straitéis sin leis na comhlachtaí sin agus níl a fhios againn cá mhéad caighdeán atá i gceist. D'fhéadfaí 20, deich nó cúig caighdeáin a bheith ann. An mbeidh na comhlachtaí Stáit ar fad curtha isteach in A, B, C go dtí Z? Ansin, d'fhéadfadh an tAire Stáit a rá go mbeadh gach uile ceann de na straitéisí ceangailte le dreamanna áirithe mar tá siad dírithe ar na dreamanna sin.

An fhadhb is mó atá agamsa ná a luaithe is a úsáideann muidne foclaíocht nach bhfuil chomh soiléir is gur cóir go mbeadh sé, aimsíonn baill an státchóras bealach éalaithe ón obair ar chóir dó a dhéanamh maidir leis an nGaeilge. Tá dualgas orthu agus ní chomhlíonann siad é.

Bhí na meáin ar fad ag fógairt inniu go raibh portal iontach nua ann don vacsaín ach níl sé i nGaeilge. Níl focal Gaeilge ar an portal. Tá mise ag cur ceist maidir leis an nGaeilge ó Mí an Mhárta seo caite faoin HSE, NPHET agus gach uile dream atá gafa leis an bhfeachtas sláinte seo. Bhí a fhios againn go raibh portal le teacht ag am éigin. Glacaim leis nach bhfuil ach 100 nó 200 focal i gceist ar an suíomh gréasáin sin. Níl sé chomh deacair sin é a aistriú agus é a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí i nGaeilge. Ní hé sin an t-aon sampla de seo.

Beidh leithscéal éigin á úsáid ag maíomh nach bhfuil sé sa reachtaíocht go sonrach gur gá an soláthar a chur ar fáil i nGaeilge. Sin an áit ina bhfuil an fhadhb is mó agam. Tá a fhios againn ar fad anseo cad gur chóir don státchóras a dhéanamh agus beimid in ann straitéis a chur le chéile. Tá na straitéisí ar fad ann; is féidir iad a thógáil síos ón tseilf agus a rá gur sin an straitéis céanna. Bhí mé ag féachaint ar an gclár "Uimhir 6" aréir agus bhí an Teachta Ó Cuív air. Luadh an coimisiún a bhí ann i 1925 agus na moltaí ar fad a bhí ann. Dá dtiocfadh na moltaí sin ar fad síos ón tseilf, bheadh a lán acu fós fíor ó thaobh an chur chuige atá ag an Stát maidir leis an nGaeilge toisc go raibh éiginnteacht ann go minic. Bhí daoine in ann teacht timpeall ar agus sin an áit atá mé ag triall cúrsaí a athrú.

Tá an ceart ag an Aire Stáit féachaint arís air chun déanamh cinnte de nach mbeidh an leasú seo ag déanamh dochar agus nach mbeidh a mhalairt d'éifeacht i gceist ach tuigeann sé cad atá i gceist. Táimid ag déanamh iarracht sa reachtaíocht seo déanamh cinnte de nach mbeadh aon bhealach éalaithe ag an státchóras gan cloí lena gcuid dualgais agus cearta lucht na Gaeilge a chur ar fáil.

Coiste comhairleach é seo mar sin nílimid ag rá céard a leagthas an Stát síos do chomhlachtaí poiblí. Táimid ag rá céard air a bheas aird ag an gcoiste comhairleach. Tá difríocht ollmhór idir an dá rud.

Dá nglacfaí le leasú an Fhreasúra, tá sé á rá go neamhbhalbh go mbeidh na cuspóirí seo a leanas ag an gcoiste comhairleach. Bheadh dhá chuspóir ag an gcoiste comhairleach mar sin, is iad sin an dá rud atá scríofa sa Bhille a chur i bhfeidhm. Breathnóimid ar an mBille agus tógfaimid sampla den dara cuspóir agus an rud a d'fhéadfadh tarlú leis dá mba rud é go mb'shin é an dá fheidhm sonrach amháin a bheadh ag an gcoiste comhairleach. Maítear in alt 18C.(3)(b) go mbeidh aird ag an gcoiste comhairleach ar an gcuspóir seo a leanas:

an líon foirne de chuid comhlachtaí poiblí atá inniúil i nGaeilge a mhéadú ionas go mbeidh, a luaithe is indéanta tar éis an lae bunaithe, 20 faoin gcéad ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil amhlaidh.

Go ginearálta, is sprioc an-réasúnta é sin ach i gcás Údarás na Gaeltachta agus an Coimisinéir Teanga, mar shampla, is siar 80% ón sprioc a bheadh muid ag dul. Bheadh duine tar éis a rá gurb é sin an dara sprioc agus go bhfuil an chéad sprioc an chéad rud agus nach raibh aon rud eile i gceist. Tá siad i bhfad ró-theann mar chuspóirí ag an gcoiste comhairleach.

Is féidir leis an gcoiste comhairleach, faoin gcaoi a bhfuil an tAire Stáit ag dul á dhéanamh, moltaí a dhéanamh, mar shampla, go gcaithfidh leithéidí Údarás na Gaeltachta agus an Choimisinéara Teanga déanamh cinnte de go bhfuil Gaeilge ag chuile bhall den fhoireann. Faoi seo áfach, beidh sé taobh amuigh de scóip an choiste. Tá sé ag maíomh go mbeidh na cuspóirí seo ag an gcoiste seachas go mbeidh aird ar na cuspóirí ach nach bhfuil sé teoranta do na cuspóirí sin. Caithfidh an solúbthacht seo a bheith ag an gcoiste comhairleach ach is féidir leis an gcoiste comhairleach dul agus moltaí a dhéanamh go gcaithfidh 20% de chainteoirí Gaeilge a bheith ag gach comhlacht poiblí agus go gcaithfidh comhlachtaí áirithe ainmnithe 60%, 80% nó 100% de chainteoirí Gaeilge a bheith acu, de réir mar is cuí. Bhí míthuiscint ann agus tuigim an míthuiscint a bhí ag an té a dhréachtaigh an leasú seo ach ní aontaím leis.

Mar a dúirt mé, beimid ag teacht ar ais ar Chéim na Tuarascála maidir leis an alt seo.

Cá seasann an leasú?

Bunaithe ar an méid a dúirt an tAire Stáit tá mé sásta é a tharraingt siar. Tuigim an méid atá á rá ag an Teachta Ó Cuív. Ní hé sin an impact a bheadh ann ach tá sé dírithe ar na seirbhísí de chuid na comhlachtaí poiblí lena mbaineann nach soláthraítear trí mheán na Gaeilge a sholáthar. Líne 26 de leathanach 19 atá i gceist. Ní bheadh an éifeacht aige a bhfuil an Teachta Ó Cuív ag caint faoi. Tá an tAire Stáit sásta féachaint air an athuair agus más gá, cuirfidh mé isteach arís é muna bhfuil leasú ag clúdach an sórt meoin atá ag teacht ón Aire Stáit ar Chéim na Tuarascála.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Táimid ag leasú Uimh. 154 agus tá seo tábhachtach mar táimid leathbhealaigh tríd an gCéim seo. Tá baint ag leasuithe Uimh. 154 agus Uimh. 155 le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 154:

I leathanach 19, líne 31, “, spriocanna ama agus moltaí sonracha” a chur isteach i ndiaidh “comhairle”.

Tá a fhios ag cách go bhfuil dualgas ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge de réir na Bunreachta agus Achtanna. Ba chóir é sin a aithint mar bhunús seachas glacadh leis nach soláthraíonn comhlachtaí seirbhísí trí Ghaeilge nó go bhfuil agus gur féidir neamhaird a dhéanamh ar a dhualgais reachtúla agus bunreachtúla.

Leagann an leasú seo dualgas síos don choiste spriocanna ama daingne agus moltaí a thabhairt do chomhlachtaí poiblí seachas comhairle ghinearálta amháin a thabhairt dóibh, rud a chabhródh go mór leo a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Bhí mé ag caint le bean le déanaí agus bhí trioblóidí aici le hoifig an chróinéara leis an ainm a tugadh ar a fear chéile nuair a fuair sé bás. Chuala mé an scéal ar "Tús Áite", agus bhí sé foilsithe ar tuairisc.ie chomh maith mar gheall ar an Dr. Fanghze Qiu, an t-ollamh sa tsean-Ghaeilge, agus na trioblóidí a bhí aige foirm shaoránacht a fháil mar bhí a lán moille ann toisc nach raibh na foirmeacha ar fáil as Gaeilge.

Cáineadh an Bille seo go mór toisc easpa spriocdháta a bheith ann, rud atá aitheanta ag an Aire Stáit agus ag a chomhghleacaí Rialtais, rud atá riachtanach chun athruithe a bhaint amach. Tá sé ráite ag an Aire Stáit go mbeidh spriocanna níos daingne leagtha síos amach anseo ach níl aon treoir againn don phlean náisiúnta ach go mbeidh comhairle ann do chomhlachtaí poiblí. Ba chóir go mbeadh spriocanna ama agus moltaí sonracha soiléire ann má tá comhlachtaí ceaptha rudaí a chur i bhfeidhm. Gan spriocanna nó moltaí soiléire, is féidir le comhlachtaí poiblí a maíomh gur éist siad leis an gcomhairle agus gan faic a dhéanamh mar gheall uirthi.

Tar éis féachaint ar leasuithe Uimh. 154 agus 155 sa chomhthéacs, táim muiníneach go bhfuil an fhoclaíocht mar atá sé sásúil chun an bhrí atá i gceist a chur trasna. Is é an bunús atá leis an obair seo ná na seirbhísí trí Ghaeilge a fhorbairt agus a fheabhsú ar bhonn céimiúil. Tagann sé sin go hiomlán le spriocanna Bunreachta na hÉireann.

Tagraím do spriocanna ama agus moltaí sonracha. Beidh tréimhse ama de sé bliana luaite le gach plean náisiúnta agus leagfar amach spriocanna agus moltaí sonracha sna pleananna sin. Chomh maith leis seo, beimid in ann aghaidh a thabhairt ar spriocanna eile go díreach trí chóras na gcaighdeán teanga. Dá bhrí sin, ní bheidh mé ag glacadh leis na leasuithe seo.

Tuigim an méid atá ráite ag an Aire Stáit. Ó thaobh an phlean náisiúnta de agus gur sin atá i gceist ann, níl a fhios agam cén fáth mar sin nach bhfuil an tAire Stáit ag ceadú na leasuithe seo mar nílimid ach ag cur leis an méid atá luaite agus ag déanamh cinnte de go mbeidh spriocanna agus tréimhsí ama i gceist.

Tá a lán pleananna Stáit foilsithe le tamall anuas nach bhfuil tréimhse ama leagtha síos iontu ná sprioc-amanna ag baint leo. Tá moltaí scríofa síos agus ní hé nach n-aontaím leo go minic.

Mar shampla, maidir leis an bplean d'Óglaigh na hÉireann, measaim go raibh 85 moladh ann agus b’fhéidir go gcuimhin leis an Aire Stáit air nuair a bhí sé sa Fhreasúra agus ag déileáil le cúrsaí cosanta. Bhí 85 moladh déanta ach ní raibh sprioc-am scríofa síos le haon ceann acu. Ní rabhthas in ann iad a thomhais ná é a rá leis an Aire nó an Roinn Cosanta cé acu an raibh an sprioc á sroicheadh acu nó nach raibh. D’fhéadfaidís á rá go raibh siad ag obair ina threo. Táimid ag iarraidh cinntiú go bhfuil muid in ann tomhas a dhéanamh ar dhul chun cinn na reachtaíochta agus an phlean náisiúnta. Déanfadh sé sin é i bhfad Éireann níos éasca dúinn amach anseo. Nuair a thosaítear ag déanamh athbhreithniú ar an gcéad plean náisiúnta sé bhliain, nó cúig bhliain anois, níos déanaí, cad é an slat tomhais a bheidh ann seachas dul tríd gach rud eile? Má deirtear, agus tá sé luaite sa chomhrá faoin reachtaíocht seo, go mbeidh Gaeilge ag 20% dóibh siúd atá earcaithe, is sprioc shimplí é. Is féidir í a thomhais agus í a chur i gcomparáid leis na cúig bliana roimhe. An bhfuil spriocanna eile i gceist go mbeidh níos mó Gaeilge á labhairt ar an suíomh gréasáin nó á cur trasna san ionad oibre? An bhfuil líne fhóin ar leith nó an bhfuil aistriúchán déanta ar níos mó doiciméid nó cé mhéad duine a rinne comhairle a lorg as Gaeilge? Ní hé go mbeadh sé deacair ach bheadh sé níos fearr ná teacht suas le tuairimí agus moltaí. Mar a luaigh mé cheana féin, luaigh coimisiún na Gaeltachta i 1925 sraith mhór fhada ach ní raibh sprioc-amanna leagtha síos chun na straitéisí a chomhlíonadh.

Ní hé go bhfuil mise chun suí síos agus an t-amchlár ná an tréimhse ama a leagadh síos do gach ceann de na straitéisí seo nó na moltaí seo a thiocfaidh ón choiste comhairle. Sin an jab atá aige agus an jab a thug an tAire do. Seachas sin is féidir leo suí síos agus ceann de na sean-doiciméid a tharraingt ón tseilf, uasdátú beag a dhéanamh air agus, “happy days”, tá straitéis nua acu. Ní gá dóibh mar nach bhfuil sé leagtha síos chomh sonrach is atá i gceist sna leasuithe seo gur gá dóibh sprioc-amanna de shórt éigin ó thaobh céatadáin nó tréimhse ama nó a leithid a lua.

Beidh sprioc-amanna ann. Beidh moltaí sonracha ann agus beidh caighdeán nua ann freisin. Táimid ag iarraidh an plean náisiúnta nua a chruthú chun an teanga a fheabhsú agus a neartú i ngach comhlacht poiblí, agus sin é an fáth go bhfuilimid anseo inniu.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 155:

I leathanach 19, línte 31 go 33, “ina bhféadfar a gcuid cúraimí Bunreachtúla agus reachtúla i leith seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge” a chur in ionad “a bhféadfar seirbhísí nach soláthraíonn na comhlachtaí trí mheán na Gaeilge a sholáthar amhlaidh”.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá leasú Uimh. 156 agus leasuithe Uimh. 163 go 168, go huile, bainteach le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 156:

I leathanach 19, líne 38, “moltaí” a scriosadh agus “ag féachaint don chuspóir dá dtagraítear i bhfo-alt (3)(b), moltaí” a chur ina ionad.

Is leasú é de chuid an Rialtais le tagairt a dhéanamh don chuspóir de 20% d’earcaithe nua den tseirbhís phoiblí a bheith inniúil sa Ghaeilge mar atá luaite ag 18C(3)(b). Tá an leasú seo tábhachtach le go dtabharfaidh an coiste comhairleach aird don sprioc de 20% agus é ag cur comhairle ar chomhlacht phoiblí maidir leis an líon foirne atá inniúil i nGaeilge a mhéadú. Molaim an leasú seo don choiste.

Tá na freagraí eile anseo. An leanfaidh mé ar aghaidh?

Is é leasú Uimh. 156 an leasú atá in ainm an Aire Stáit. Tá leasú Uimh. 163 in ainmneacha na dTeachtaí Ó Snodaigh, Ó Dálaigh agus Ní Fhearghail, leasú Uimh. 164 in ainm an Teachta Mac Fhionnáin, leasuithe Uimh. 165 go 167, go huile, in ainmneacha na dTeachtaí Ó Snodaigh, Ó Dálaigh agus Ní Fhearghail, agus leasú Uimh. 168 in ainm an Teachta Mac Fhionnáin.

Táimid ag teacht go dtí ceann de na ceisteanna móra sa reachtaíocht seo. Seo ceann atá cuibheasach casta. Táimid ag déileáil le h-earcaíocht ag staid amháin agus ag iarraidh cinntiú go bhfuil líon na nGaelgeoirí inniúla sna Ranna agus i gcomhlachtaí Stáit ag ardú. D’aontaigh gach duine go raibh sprioc dhaingean ag teastáil don earcaíocht. Rinne Conradh na Gaeilge moladh 20% faoi 2030. Is éard a dúirt sé ná:

Leasú ríthábhachtach anseo le cinntiú go mbeidh dáta leagtha síos le seirbhís trí Ghaeilge ón Stát a chinntiú don chead uair ó a bunaíodh an Stáit. Spreagfaidh an dáta seo muinín níos mó san Acht.

Sin an méid a bhí á lua acusan maidir le seo. Measaim agus measaim a lán daoine eile nach bhfuil an tAire Stáit ag dul fada go leor maidir leis an gceist seo.

Ní fiú mórán a rá faoi cé chomh tubaisteach is atá rudaí faoi láthair. Rinne an Teachta Ní Chonghaile éacht nuair a bhí sí ag tógáil na Ranna Stáit agus comhlachtaí Stáit os a comhair ag léiriú dúinn go sonrach cé chomh tubaisteach is a bhí leibhéal na Gaeilge agus inniúlacht na Gaeilge sa státchóras i gcoitinne tar éis éirí, le 20 nó 30 bliain anuas ach go háirithe. Bhí rudaí níos fearr ó thaobh iad siúd a bhí sa státchóras. Ní hé go raibh na Ranna chomh maith is a bhíodh ach is léir go bhfuil teip iomlán ar chúrsaí agus go bhfuil an locht ar an gcóras i gcoitinne agus ar na rialtais thar na blianta nach ndearna iarracht stop a chur leis an lobhadh a bhí ag tarlú.

Tá gearáin déanta nach bhfaigheann daoine atá ar an bpainéal earcaíochta Gaeilge an deis chéanna le Béarlóirí agus iad ag dul sa tóir ar phost sa státseirbhís agus go gcoimeádtar siar iad le haghaidh na poist a bhaineann le riachtanais Gaeilge. Ní gá dúinn ach féachaint ar an méid a tharla sa scéal a nochtadh inné sa nuacht maidir le Roinn an Aire, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, áit a raibh an córas inmheánach ag brú orthu siúd a bhí ag cur isteach ar phoist a bhí ar fáil sa Roinn iarratas a chur isteach i mBéarla. D’admhaigh sí gur botún a bhí ann, mar ba ghnách. Déantar botúin arís is arís eile. Bíonn an Ghaeilge sa dara háit agus gealltar go ndéanfar é a cheartú don chéad uair eile, ach is léir nach bhfuil tús áite tugtha don Ghaeilge fiú sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ó thaobh earcaíochta de agus í dírithe ar an nGaeilge.

Tar éis dúinn ar fad a bheith ag caint faoi níos mó Gaeilgeoirí a earcú, cad a fheicimid i lár an phróisis agus muid ag déileáil leis an reachtaíocht seo? Feicimid an Roinn atá i gceannas air seo ar fad ag maslú Gaeilgeoirí.

Luaigh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, na figiúirí agus é os comhair an choiste seo i mí Dheireadh Fómhair. Léiríodh go raibh an Ghaeilge ag thart ar 500 oibrithe as os cionn 20,000 oibrithe sa státchóras, thart ar 3%. Ina theannta sin bhí poist sainaitheanta le riachtanais Gaeilge. Is éard atá i gceist leo siúd ná gurb iad seo na poist a deireann na Ranna go bhfuil riachtanais Ghaeilge ag baint leo. As thart ar 20,000 post, bhí thart ar 80 post, 0.05%, sainaitheanta le riachtanais Ghaeilge. Tá thart ar 60 de na poist sin lonnaithe sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Tá 20 post fágtha sna Ranna eile ar fad agus chuile cheann acu faoi 1%. Léiríonn sé sin cé chomh híseal is atá an leibhéal faoi láthair. Is é sin a dúirt an Coimisinéir Teanga linn.

Gheall an tAire Stáit go mbeadh sprioc curtha sa Bhille agus go mbeadh inniúlacht Ghaeilge ag 20% d'earcaithe nua faoi 2030. Níl an sprioc sin le feiceáil ina leasú. B'fhéidir go mbeadh sé in ann míniú a thabhairt air sin. Cén fáth nár ghlac sé leis an moladh a rinne a lán daoine? Nílimid ag rá go mbeadh 20% d'oibrithe sa státchóras in ann déileáil linn trí Ghaeilge nó go mbeadh inniúlacht Ghaeilge ag an méid sin dóibh faoi 2030. Is é 20% d'earcaithe nua an sprioc. Is sciar beag den státchóras i gcoitinne é seo. Níl a fhios agam an méid daoine a earcaítear chuile bhliain ach níl muid ag caint faoi 20% den fhoireann iomlán. Tiocfaidh fás air sin diaidh ar ndiaidh.

Táimse den tuairim gur chóir dul níos faide ná 20% sna blianta ina dhiaidh sin. Mar a luaigh mé leis an leasú deireanach, ba chóir tréimhsí ama agus spriocanna a leagan síos agus, nuair a shroichtear an 20% faoi 2030, go mbogtar ar aghaidh go dtí na spriocanna eile a leag mé síos i leasú Uimh. 166. Níl aon bhac ar choinníoll a chur ar phost atá á thairiscint ag comhlacht poiblí. D'fhéadfaí tús a chur leis amárach agus riachtanas Gaeilge a chur ar gach cúigiú post sa státseirbhís. Tá mise sásta sórt am lead-in a thabhairt agus na rialacha á leagan síos.

Dúradh sa staidéar cuimsitheach teangeolaíochta in 2007 go dtiocfaidh deireadh leis an nGaeilge mar phríomhtheanga, fiú sna ceantair is láidre Ghaeltachta, roimh 2027 gan athruithe móra chun dul i ngleic leis an bhfadhb. Cén fáth nach bhfuil práinn i gceist leis na hathruithe sin? Is é sin atá i gceist. Tá sé seo práinneach. Muna dtosaímid agus ní hamháin spriocanna a leagan síos ach iad a shroicheadh, fíorófar an méid atá ráite sa staidéar cuimsitheach teangeolaíochta. Tuigim go mbeidh sé níos deise poist faoi leith a roghnú agus Gaeilgeoirí a chur iontu. Is féidir leis sin tarlú ag an am céanna agus muid ag ardú an méid Gaeilgeoirí sa státchóras tríd an athrú seo ar an gcóras earcaíochta. Ní gá dúinn fanacht go dtí 2030, mar atá ráite ag an Aire Stáit agus molta i leasú an Teachta Gannon. Is féidir linn bogadh i bhfad Éireann níos tapúla sa chás seo.

Fágfaidh mé mar sin é. B'fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais ag brath ar an méid a déarfaidh an tAire Stáit maidir leis seo. Is ceann de na príomhdhíospóireachtaí a bhaineann leis an reachtaíocht é seo.

Let me begin by apologising to the Deputies and those watching at home that my contribution will be as Béarla. My amendment, No. 168, aims to delete lines 18 and 19 on page 20 of the Bill, which read “as soon as is practicable after the establishment day”, and to substitute “by 31 December 2030”. The reason for this is that, after consultation with Conradh na Gaeilge, I believe “as soon as is practicable after the establishment day” is not a destination in any sense of the word. It leaves matters too open and provides too much of an escape clause. We are asking for a deadline of 31 December 2030, which is nine years away, by which 20% of those hired to the Civil Service will be competent in Irish. This is highly reasonable and incredibly achievable. This would bring some clarity and certainty to the matter for all of us who care about this issue.

Bhí leasuithe agam maidir leis an gceist seo freisin. B'fhéidir go bhfuil siad as ord. Níl a fhios agam. Aontaím leis an Teachta Ó Snodaigh gurb é seo croílár na ceiste. Nuair a bhreathnaítear ar an mBille seo, tá 35 leathanach ann. Ó mo thaithí ar an gcoiste agus ó bheith ag éisteacht leis na daoine a tháinig os a chomhair, tá ceithre rud i gceist ach go háirithe. Theip ar na scéimeanna teanga go huile agus go hiomlán. Maidir le cúrsaí earcaíochta, tá easpa daoine le Gaeilge sa státchóras. Tá easpa cumhachta ag an gCoimisinéir Teanga freisin. Is é seirbhísí trí Ghaeilge sa Ghaeltacht an ceathrú rud. Is iad sin na mór-rudaí atá in easnamh.

Tá Bille againn anseo. Is iad earcaíocht agus seirbhísí an dá rud is tábhachtaí. Táim ag caint faoi sheirbhísí i nGaeilge do mhuintir na Gaeltachta agus daoine le Gaeilge sa státseirbhís. Nuair a foilsíodh an Bille, bhí deacracht agam an sprioc a fháil laistigh den 35 leathanach. Luaitear an sprioc de 20%. Is sprioc mhaith é ach tá sé ceilte. Bhí deacracht agam é a fháil. Bhí mé ag breathnú ar an mBille agus ag rá, "Jesus, cá bhfuil an mhír is tábhachtaí?" Theip orm i dtús báire ach ansin fuair mé é san alt dar teideal "Feidhmeanna an Choiste Chomhairligh". Tiocfaimid ar ais go dtí na feidhmeanna sin. Is i bhfo-mhír bheag, 18C(3)(b), atá sé. Deirtear ann "an líon foirne de chuid comhlachtaí poiblí atá inniúil i nGaeilge a mhéadú ionas go mbeidh, a luaithe is indéanta tar éis an lae bunaithe, 20 faoin gcéad ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil amhlaidh". Is é sin an méid atá ann faoin sprioc sin laistigh de 35 leathanach. Níl aitheantas ar bith ann don ghéarchéim atá ann ná don easpa daoine sa chóras a bhfuil inniúlacht acu sa Ghaeilge. Níl aon phráinn i gceist. Ní thuigim é sin. Táim ag dul ar ais dom féin, tar éis cúpla bliain a chaitheamh ar an gcoiste Gaeilge agus ag taisteal ar fud na tíre. Nuair a léigh mé é, bhí mé ag súil go mbeidh an sprioc sin le feiceáil go soiléir agus ag léim amach as an mBille ach tá sé ceilte agus i bhfolach. Ní féidir í a fheiceáil. Anois, nuair atá sé le léamh, níl spriocdháta ar bith i gceist.

Cuireann sé sin in iúl domsa gur cur i gcéill atá i gceist. Is téarma láidir é sin agus tá sé ráite agam cúpla uair laistigh de na cruinnithe seo. Tá drogall orm an téarma sin a úsáid mar is duine dearfach amach is amach mé ach tá sé deacair gan mo chuid frustrachais a chur in iúl nuair a bhreathnaím air sin, Bille nach bhfuil dáta ar bith ná aitheantas ar bith don ghéarchéim ann. Níl sa Bhille seo ach píosa beag den réiteach. Aontaím leis an Ollamh Ó Giollagáin. Níl i gceist anseo ach píosa beag. Tá práinn eile sa Ghaeltacht agus tá réitigh eile ag teastáil go géar uainn.

Caithfimid athrú agus glacadh anois leis na spriocdhátaí atá sna leasuithe seo. Bhí am i bhfad níos radacaí i gceist ag an gcoiste - 2025. Tá sé sin athraithe anois go dtí 2030 agus táim sásta rith leis sin, although i ndáiríre níl mé sásta beag nó mór. Nuair a phléadh é seo ag leibhéal an choiste, d'aontaigh Teachtaí Dála ó gach páirtí d'aon ghuth go raibh práinn le spriocamanna a chur isteach sa Bhille. Is é sin mo mhéid ag an bpointe seo.

Maidir leis na leasuithe eile, caithfimid a bheith cinnte de go bhfuil na spriocanna a shocraímid réadúil agus indéanta. Táimid i mbun cainte le hOifig an Ard-Aighne maidir leis na spriocanna seo fós. Ba mhaith liom a bheith cinnte de go bhfaighimid é seo i gceart. Maidir le spriocanna tar éis 2030, sílim go bhféadfaimis feidhm eile a thabhairt don choiste comhairleach chun spriocanna a mholadh don Aire don tréimhse tar éis 2030. Beidh deis ag an am sin spriocanna nua a leagan síos don tréimhse tar éis 2030, spriocanna níos uaillmhianaí don tréimhse go dtí 2050 nó 2040, mar shampla. Mar is eol don choiste, tiocfaidh deireadh leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge in 2030 chomh maith. Is deis iontach é seo chun straitéis nua don teanga a chur ar bun go comhthreomhar le spriocanna nua earcaíochta don tréimhse tar éis 2030. Is é mo thuairim phearsanta ná gur ceart go mbeidh spriocanna láidre uaillmhianacha leagtha síos don tréimhse go dtí 2050. Ag an am seo, is é an tréimhse go dtí 2030 an tréimhse is tábhachtaí. Táim ag iarraidh a bheith cinnte de go mbeidh an sprioc a leagtar síos soiléir, láidir agus indéanta. Sa chomhthéacs seo, ní bheidh mé ag brú mo chuid leasuithe féin, Uimh. 184 agus 185, níos déanaí. Ba mhaith liom teacht ar ais le moltaí eile ag Céim na Tuarascála a thabharfaidh aghaidh ar an méid atá ardaithe sna leasuithe seo agus a dhéanfaidh cinnte de go mbeidh 20% d'earcaithe nua inniúil sa Ghaeilge faoi 2030. Ar an mbonn sin, b'fhéidir go mbeadh na Teachtaí sásta na leasuithe seo a tharraingt siar.

Tiocfaidh mé ar ais go dtí leasuithe Uimh. 184 agus 185.

Tá siad i bhfad i gcéin.

Féachfaidh mé orthu i gceann nóiméid. Tá an ceart ag an Aire Stáit go bhfuil deis iontach againn anois cinnte a dhéanamh de go mbeidh plean réadúil ach radacach ann. B'fhéidir nár sin na focail a d'úsáid sé ach dúirt sé go raibh deis iontach againn cinnte a dhéanamh de go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ó thaobh na Gaeilge sa státchóras de. Tá mise den tuairim gur chóir go mbeadh muid ag moladh go mbeidh 20% d'earcaithe nua inniúil sa Ghaeilge faoi 2025. Is ceithre bliana é sin. Measaim go bhfuil go leor ama againn. Tá sé leagtha síos ag an Aire Stáit ó thaobh an Bille a achtú, an tréimhse phleanála, an choiste chomhairligh agus mar sin. Ansin, bheadh go leor ama fós ag an státchóras chun a thuiscint go bhfuil an reachtaíocht seo chun ualach a chur air chloí leis an méid seo.

Chomh maith leis sin, tugann sé deis don chóras oideachais dul i ngleic leis an bhfadhb atá ann ó thaobh an líon daoine atá ag éalú ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge agus ó scrúduithe ardteistiméireachta. Má thuigtear go bhfuil poist agus deiseanna breise ann dóibh siúd a bhfuil an Ghaeilge acu, glacaim go mbeidh i bhfad Éireann níos mó daoine ag foghlaim na Gaeilge go leibhéal níos fearr agus níos airde sa chóras oideachais. Mar sin, beidh muid in ann cinnte a dhéanamh de go mbeidh 20% d'earcaithe nua inniúil sa Ghaeilge.

Dá mbeadh folúntas ann don phost is airde i gcomhlacht Stáit ina n-oibríonn deichniúr, ní gá é a leagadh síos gur gá d'iarrthóir a bheith inniúil ar an nGaeilge, ach tá a lán áiteanna eile sa státseirbhís ina n-earcaítear i bhfad Éireann níos mó daoine. D'fhéadfaí ról láidir agus dearfach a bheith ag na rannóga agus eagrais sin chun cinnte a dhéanamh de go mbeadh an 20% bainte amach i gcoitinne, trasna an státchórais ar fad, faoi 2025. Leag mé amach spriocanna don tréimhse ina dhiaidh sin: 30% faoi 2030, 40% faoi 2035 agus 50% faoi 2040.

Mar a luaigh mé níos luaithe, fiú leis an leasú sin a mhol mé, Uimh. 163, ní ga go mbeadh athrú chomh sciobtha sin ar an leibhéal Gaeilge sa státchóras. Bheadh níos mó dóibh siúd a d'earcófaí isteach ann thar na blianta inniúil sa Ghaeilge. D'fhanfadh roinnt acu sna poist sin agus gheobhadh roinnt acu ardú céime. Ba é an straitéis a bhí ag an Stát nuair a bunaíodh é ná go mbeadh an Ghaeilge ag fás go hinmheánach. Chun cuidiú leis sin, bheadh gá le hinfheistíocht mhór laistigh den státchóras féin chun cinnte a dhéanamh de go n-ardaíonn an líon Gaeilgeoirí sa státchóras i gcoitinne. Is jab eile é sin.

I ndaonáireamh 2016, dúirt 40% de dhaoine, nó mar sin, go bhfuil Gaeilge acu. Tá ar bheagnach gach uile dhalta scoile an Ghaeilge a fhoghlaim chuile lá ar feadh 14 bliain dá shaol. Táim chun ceist na ndíolúintí a ardú amach anseo. Más fíor sin, bheadh deiseanna breise fostaíochta dóibh siúd. Tá na daltaí atá sna meánscoileanna anois ag díriú isteach go an-luath ina saol ar na poist gur mhaith leo a bheith acu amach anseo. Is é sin an sórt molta a dhéanann Caoimhín de Barra ina leabhar, Gaeilge: A Radical Revolution.

An mian linn seirbhísí a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí trí Ghaeilge chun déileáil leis an ngéarchéim agus chun cinnte a dhéanamh go bhfuil muid ag sásamh an éilimh sin? Tá ceart acu go mbeadh na seirbhísí ar fáil dóibh ach ní féidir iad a fháil faoi láthair. Chun a gcearta a chomhlíonadh, caithfimid na céimeanna radacacha seo a ghlacadh agus caithfimid é seo a dhéanamh faoi dheifir. Is é sin an fáth go bhfuil an t-amchlár cuíosach ambitious ach ba chóir go mbeadh sé amhlaidh. Ní cóir go mbeimis ag tarraingt siar just toisc go bhfuil muid ag iarraidh fás gasta ó thaobh na Gaeilge de.

Mar a dúirt mé, ní leor é sin chun déileáil le ceist na hearcaíochta. Tá leasú eile agam ina bhfuil muid ag iarraidh cinnte a dhéanamh de go mbeadh spriocanna atá réasúnta, i mo thuairim féin, agus leanúnach ann chun go mbeadh an fhoireann i gcoitinne sna comhlachtaí Stáit agus na Ranna a bhfuil Gaeilge acu ag fás. Maidir le foireann an státchórais a bhfuil Gaeilge acu, bheadh muid ag dul ón bhfigiúr a luadh níos luaithe, an 3% nó mar sin, go dtí 10% faoi 2030 agus ar aghaidh go dtí 20% faoi 2040 agus 30% faoi 2050. B'fhearr liomsa go sroichfí 50% nó sa bhreis air sin faoin am sin ach táim sásta a bheith réalaíoch. Níl mé ag iarraidh daoine a bhrú as a bpoist.

Ba chóir go mbeimis ag déanamh cinnte de go bhfuil deiseanna foghlama atá i bhfad Éireann níos mó ar fáil dóibh siúd atá cheana féin sa státchóras, go mbeadh ranganna agus ciorcail chómhra acu, agus deiseanna chun freastal ar an nGaeltacht nó ar chúrsaí seachtracha nó inmheánacha i nGaeilge faoin nGaeilge chun snas a chur ar a gcuid Gaeilge. Tá fíorbheagán daoine sa Stát seo, agus fiú amháin sa státchóras, nach bhfuil Gaeilge ar bith acu. Mar a luaigh mé tá an chuid is mó acu tar éis teacht tríd an gcóras oideachais le 14 mbliana caite acu ag gabháil don Ghaeilge ach níl an snas acu. Is féidir le cur chuige ceart é sin a bhaint amach. Ní hé go bhfuilimid á lorg mar atá sé i dtíortha eile ach tharla sé i dtíortha eile timpeall an domhain agus is féidir linn féachaint ar thír na mBascach nó ar an mBreatain Bheag, mar shampla, mar áiteanna a bhfuil éacht déanta acu laistigh de thréimhse an-ghairid chun beocht a chur an athuair i dteanga a bhí i mbaol tamall ó shin. Tá a fhios agam go bhfuil na hAlbanaigh ag féachaint ar bheocht a chur arís sa Ghàidhlig chomh maith. Nílimid linn féin, ach amháin go bhfuilimid linn féin toisc gurb é seo an áit a bhfuil an Ghaeilge á labhairt agus caithfimid i bhfad Éireann níos mó a dhéanamh chun í a chosaint. Ní hé go díreach go bhfuil mé ag lorg go mbeadh an Ghaeilge sa státchóras ach go bhfuil mé ag déanamh iarrachta go mbeadh an státchóras in ann na cearta atá ag Gaeilgeoirí a shásamh. Is é an t-aon bhealach chun é sin a dhéanamh i gceart ná go mbeidh an státchóras á ghaelú againn.

Cá seasann leasú Uimh. 156?

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis glacadh leis.

Tá na leasuithe ó Uimhreacha 157 go dtí 162, go huile, gaolmhar agus pléifear le chéile iad. Is malartú fisiceach é leasú Uimh. 158 ar leasú Uimh. 157.

Tairgim leasú Uimh. 157:

I leathanach 21, línte 12 agus 13, “beidh aird ag an gCoiste Comhairleach ar” a scriosadh agus “cinnteoidh an Coiste Comhairleach” a chur ina ionad.

Rinne mé dearmad filleadh ar leasú Uimh. 157 agus mé ag smaoineamh ar na cinn dheireanacha. Is é an rud atá i gceist i leasú Uimh. 157 ná go bhfuilimid ag déanamh iarrachta déileáil leis an méid a bhíomar ag caint faoi níos luaithe faoi na téarmaí: “beidh aird ag” agus “féadfaidh” agus go bhfuilimid ag iarraidh é sin a athrú go dtí “cinnteoidh” agus “déanfaidh” agus téarmaí dearfacha a dhéanamh díobh. Dúirt Pól Ó Gallchóir, cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, nuair a bhí seisean os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge roimh an Nollaig, gurbh é tuairim an Fhorais go bhféadfaidh an Bille a láidriú dá mbeadh athrú sa teanga a chinnteoidh gníomh. Mar shampla tá an téarma “aird” in úsáid go minic sa Bhille in ionad téarma níos soiléire a thagródh don dualgas.

Déanann na leasuithe Uimhreacha 157 agus 158 iarracht an fhoclaíocht seo a láidriú ar dhá shlí éagsúla. I gcás leasú Uimh.157, "cinnteoidh" an coiste comhairleach na cuspóirí atá luaite in áit go mbeidh "aird" aige orthu sin agus is é seo a mhol Conradh na Gaeilge.

I gcás leasú Uimh. 158, léirítear go mbeidh na cuspóirí seo ag an gcoiste in áit nach mbeadh ach aird ag an gcoiste orthu. Mura bhfuil ann ach go mbeidh aird ag an gcoiste ar an gcuspóir, is féidir aird a thabhairt dóibh agus ansin iad a shéanadh, nó neamhaird a dhéanamh orthu i ndeireadh thiar thall.

Tá sé tábhachtach, go háirithe toisc nach bhfuil anseo ach bunchuspóirí don phlean. Má dhéanfar plean a ullmhú agus mura leagtar amach bealach chun na cuspóirí seo a bhaint amach ní fiú cuspóirí a chur sa Bhille. B’shin an fáth gur chóir go mbeadh an fhoclaíocht daingean sa chás seo. Maidir le leasuithe Uimhreacha 159 go dtí 160, agus tá ceann ag na Teachtaí Ní Gabhann agus Ní Chonghaile freisin, is é an rud is mó atá in easnamh sa Bhille mar a dúirt mé cheana ná spriocdháta nó sprioc fiú. Faoi láthair níl ach cuspóir amscaí sa Bhille, mar a deirtear ann:

...na seirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú, ag féachaint go háirithe do sheirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge.

Ba chóir go mbeadh gach seirbhís curtha ar fáil sa Ghaeltacht trí Ghaeilge agus go mbeadh sé ina bhunchuspóir ag an mBille seo agus mar bhunús ag an bplean náisiúnta de chuid an choiste comhairligh é sin a chur faoinár mbráid. Má tá seirbhísí riachtanacha Stáit á chur ar fáil trí Bhéarla amháin sa Ghaeltacht tá an Stát ag déanamh Béarlú ar an nGaeltacht. Luaigh mé na samplaí níos luaithe agus is féidir liom dul siar ar shamplaí eile. Tá Teachtaí anseo ón nGaeltacht atá in ann samplaí a thabhairt don sórt brú ón mBéarla a bhíonn ann go minic ó na comhlachtaí Stáit. Léiríodh an méid sin i dtuarascáil Choimisiún na Gaeltachta sa bhliain 1925, a dúirt ag an am:

In order fully to understand it, one has only to visualise a Gárda Síochána barracks of English Speaking Gárdaí in the centre of an Irish Speaking district; or a Post Office, in which no one speaks Irish, in an Irish Speaking village; or a non-Irish Speaking official of the Department of Agriculture, or of the Land Commission, or of the Customs and Excise, operating amongst an Irish Speaking population. These officials are direct agents in the spreading and establishment of English. Their most potent effect is that they give those who speak Irish traditionally the idea that, even now under an Irish Government, the Irish language is a mark of inferiority, and a sign of backwardness and of want of prosperity. As long as the inability of officials in the Gaeltacht to do their business in Irish continues, so long will continue unchecked the tendency among Irish Speaking parents to speak English to their children.

Scríobhadh é seo in 1925, is é sin beagnach 100 bliain ó shin. D’aithin an coimisiún sin ceann de na bunfhadhbanna agus táimid ag iarraidh an fhadhb seo a tharla ó shin a réiteach agus tréaslaím leis an Aire Stáit toisc go bhfuil an Bille os ár gcomhair ach níl sé láidir go leor chun déileáil leis an toradh atá tagtha sa chéad bliain ón am sin, nuair a bhí an Ghaeltacht i bhfad Éireann níos láidre agus níos mó. Téann an Coimisiún ar aghaidh lena rá:

The Commission considers it essential that non-Irish Speaking officials in the Gaeltacht should be replaced by competent Irish Speaking officials.

Is é sin an moladh a bhí acu. Níl an moladh sin sa Bhille seo. Níl an moladh ann, fiú amháin, go mbeadh an tseirbhís curtha ar fáil. Táimid ag rá go mb’fhéidir go mbeidh sé ann am éigin amach anseo, más féidir linn, ag brath ar pé cur chuige a bheidh ag pé rialtas. Má tá an Rialtas ag moladh do dhaoine sa Ghaeltacht iompú ar an mBéarla chun seirbhísí bunúsacha a úsáid, déanann sé sin praiseach den obair pleanála teanga atá ar siúl ag oifigí, coistí deonacha, Údarás na Gaeltachta agus ag pobal na Gaeltachta ar fad agus ar bhealach amháin is cur amú airgid é an pleanáil teanga má tá an Stát féin ag brú an Bhéarla chun cinn ó na seirbhísí sláinte, ón nGarda Síochána, nó ó aon rannóg eile. Is e sin atá ag tarlú.

Léirigh oifigigh pleanála teanga le hÉirinn agus le tuismitheoirí na Gaeltachta, na saineolaithe ar an talamh, cé chomh riachtanach is atá sé an sprioc seo a bheith ann, le linn dóibh a bheith ag déanamh cáineadh ar an Aire Stáit as neamhaird a bheith á dhéanamh aige ar a n-éilimh.

Tá litreacha scaipthe ar gach uile Theachta ar an gcoiste seo uathu. Tá a fhios agam go raibh cruinniú ag an Aire Stáit leis na hoifigigh pleanála teanga ní ró-fhada ó shin agus bhí siadsan ag caint ar thoradh an chruinnithe sin ó shin. Caithimid a bheith an-dian agus daingean maidir leis an gcur chuige atá i gceist againne maidir leis na leasuithe seo.

Táimid ag déileáil le sraith leasuithe ó Uimh. 157 go dtí Uimh. 162, go huile, an ea?

Níl easpa fuinnimh agam ach tá easpa spioraid agam ag an bpointe seo. Is fuath liom athrá agus tá athrá i gceist agam anseo ach tá gá leis mar nuair a théann an próiseas seo go dtí Céim na Tuarascála, ní bheidh an méid ama céanna againne agus beimid ag braith go huile is go hiomlán ar an Aire Stáit ó thaobh na leasuithe a bheas i gceist aige. Tá gá le Bille nua i ndáiríre. Nílim ag súil leis sin ach tá mé ag súil le Bille i bhfad níos láidre ar Chéim na Tuarascála. Beidh sé íorónta mar is dócha go mbeidh mise sa Chathaoir ag cur na rialacha i bhfeidhm maidir le srianta ama.

Tá sé tábhachtach mar sin an t-am a úsáid, agus a chur in iúl nach bhfuilimid ag iarraidh an t-am a ídiú nó a chur amú. Teastaíonn uaim an brú atá orainne ó dhaoine ar an talamh, maidir le cé chomh tábhachtach is atá sé, a chur in iúl. Tá Conradh na Gaeilge san áireamh leis sin, ach tá a lán eagraíochtaí agus daoine ar an talamh ag iarraidh orainn beart a dhéanamh de réir ár mbriathar, ach níos tábhachtaí, beart a dhéanamh atá bunaithe ar an bhfianaise atá againne anois. Níl aon éalú ón bhfianaise go bhfuil gá spriocdhátaí a chur isteach sa phíosa seo den réiteach. Is píosa beag den réiteach an Bille seo. Ba mhaith liom a bheith ag caint maidir leis na bealaí eile gur féidir linn dul i ngleic leis chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Seo píosa thar a bheith beag agus níl sé láidir go leor.

Arís, tháinig an tsraith leasuithe seo ó na heagraíochtaí ar an talamh agus ó Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán. Ba mhaith liom freagra ón Aire Stáit ó thaobh rudaí níos láidre a chur isteach maidir leis an gcoiste comhairliúcháin go mbeidh air, seachas go mbeidh aird air, na cuspóirí seo a leanúint. Ar a laghad, ba cheart go mbeadh na cuspóirí sin aige. Ní hamháin go mba cheart go mbeadh na cuspóirí sin aige, agus nílimid ag rá seo go heisíoch, ach ba chóir go mbeadh cuspóirí faoi leith ag an gcoiste agus ba chóir go mbeadh siad soiléir.

Nuair a théim go dtí leasú Uimh. 162, feicim croílár na faidhbe atá faoi chaibidil anseo. Seirbhísí i nGaeilge do mhuintir na Gaeltachta agus do phobal na Gaeilge agus spriocdháta a chur isteach ann atá i gceist sa leasú seo. Tá 2025 luaite agamsa sa leasú chomh maith leis an sprioc 20% arís. Suífidh mé síos agus fanfaidh mé le freagra an Aire Stáit. B'fhéidir go bhfuil dea-nuacht ann.

Táimid ag caint ar an nGaeltacht. Tuigeann daoine ar an gCeathrú Rua, mar shampla, go mba cheart go mbeadh seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge ach ní shin é an sainmhíniú reachtúil ar an nGaeltacht. Tá codanna d'imeall chathair na Gaillimhe taobh istigh de limistéar na cathrach. Mar shampla, tá Tír Oileáin sa Ghaeltacht agus tá áiteanna eile taobh thoir den chathair sa Ghaeltacht. Nuair a bhreathnaíonn duine ar an daonáireamh - agus baineann an rud céanna le contae an Leas-Chathaoirligh, Maigh Eo - tá áiteanna sa Ghaeltacht agus is beag Gaeilge a d'aimseofaí ann. Gheofaí níos mó Gaeilge i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Sin fírinne agus fíric.

Bhí obair ar bun, agus cur chuige aontaithe, maidir le leasuithe a dhéanamh ar na teorainneacha Gaeltachta. Go fírinneach, tá roinnt áirithe Gaeltachtaí nach bhfuil níos mó Gaeilge iontu ná mar atá sa chuid eile den tír. Tá cuid acu a bhfuil níos lú Gaeilge iontu ná mar atá sa chuid eile den tír. Braitheann sé ó phobal go pobal. Mar sin, caithimid a thuiscint, go dtí go ndéileálfaidh muid leis seo go bhfuilimid ag rá, mar shampla, go bhfuil áiteanna nach bhfuil an Ghaeilge mar a chéile le háiteanna a bhfuil an Ghaeilge, buíochas le Dia, fós láidir agus fós beo mar theanga pobal. Táimid ag iarraidh an riail céanna a leagan síos gach aon áit.

Ar an gcéad dul síos, tá pobal labhartha Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Go deimhin féin, tá níos mó cainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht ná mar atá istigh sa Ghaeltacht de réir an daonáirimh. Mar sin, tá sé fíorthábhachtach go mbeadh seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil go ginearálta don phobal agus aontaím go bhfuil sé náireach a laghad seirbhísí atá ar fáil. Fuair mé ríomhphost inné le clár an Rialtais, faoi dheireadh, aistrithe go Gaeilge. Foilsíodh clár an Rialtais i mBéarla an samhradh seo caite. Mar sin, tá pobal na Gaeilge thíos le drochsheirbhísí chuile lá.

Tagraím don idirdhealú idir an Ghaeltacht - an Ghaeltacht oifigiúil mar atá sí sna hAchtanna, as a dtagann an nós go bhfuil sé ar fad mar a chéile - agus na ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá cearta teanga ag na daoine ansin freisin. Ní shin an áit atá an líne. Mura bhfuilimid sásta déileáil leis an gceist céard is Gaeltacht ann, táimid inár gcloigne ag caint ar Bhaile an Fheirtéaraigh, ar Ghaoth Dobhair agus ar dheisceart Chonamara, ach ó thaobh dlí de caithimid a bheith cúramach nach bhfuilimid ag caint ar rud éicint iomlán difriúil. Is rud é go bhfuilimid ar fad ag streachailt leis le 30 nó 40 bliain anuas agus tugann reachtaíocht mar seo an cheist seo chun cinn.

Luath nó mall, caithimid sainaithint a dhéanamh ar an nGaeltacht a thagann le cúrsaí teangeolaíochta. Bhí obair áirithe ar bun leis sin a bhaint amach seacht mbliana ó shin nuair a bhí rún an cinneadh a thabhairt do na pobail an raibh siad istigh nó amuigh, bunaithe ar chritéir teangeolaíochta ag dul siar deich mbliana, ach níor tharla sin. Go dtí go n-éireoidh linn déileáil leis an gceist sin, feictear domsa go bhfuil muid ag seachaint buncheist ollmhór go gcaithfear aghaidh a thabhairt air luath nó mall. Is i ngeall ar an athrú a bhí ann ó thaobh cúrsaí teanga gur tosaíodh ag caint ar na gréasáin Ghaeltachta taobh amuigh den Ghaeltacht, áit a raibh pobal láidir labhartha Gaeilge. I gcuid de na pobail sin, tá níos mó Gaeilgeoirí iontu - is pobail mhóra iad so is pobal taobh istigh den phobal atá ann - ná mar atá i gcuid de na Gaeltachtaí, faraor géar.

Ní scéal nua é seo. Nuair a tarraingíodh línte na Gaeltachtaí an chéad uair bhí an fhadhb seo ann má bhreathnaítear ar na daonáirimh ag dul i bhfad siar. Is rud é seo go gcaithimid i bhfad níos mó machnaimh a dhéanamh air. Cuireann sé olc an tsaoil ormsa na feidhmeanna ar fad a phléitear ó lá go lá agus chuile lá mar gheall ar na daoine sa Ghaeltacht agus gan aon Ghaeilge acu agus brú ar dhaoine leagan leasaithe de logainmneacha agus den ainm féin a úsáid.

Is fadhb ollmhór í san áit ina labhraítear an Ghaeilge mar ghnáth-theanga. Ach ní fadhb mar a chéile é in áiteanna eile i nGaeltacht na Gaillimhe, an Ghaeltacht is mó a bhfuil taithí agam uirthi, ná i ndáilcheantar an Leas-Chathaoirligh i gContae Mhaigh Eo, áit a bhfuil pobal mór bruite ag plé leis an státchóras i mBéarla ainneoin gurb í an Ghaeilge a labhródh siad go nádúrtha.
Má táimid á rá go mbeidh seirbhísí trí Ghaeilge, caithfimid a rá cén Ghaeltacht atá i gceist. Ní aon mhaith a rá “an Ghaeltacht ar fad” níos mó.

Is cinnte go dteastaíonn uaimse go mbeidh muintir na Gaeilge agus na Gaeltachta ar fud na tíre ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge agus nach mbeidh an státchóras ag cur iallach orthu iompú go Béarla ná ag cur baic uirthi.

Ní mhaireann muintir na Gaeilge laistigh den Ghaeltacht amháin. Beimid ag éileamh seirbhísí ar fud na tíre fiú lasmuigh de na bailte seirbhíse. Cé go bhfuil srian ann de bharr go bhfuil na leasuithe ag súil le seo dírithe ar chúrsaí Gaeltachta agus bhailte seirbhíse, tá éileamh againn ar fud na tíre.

Tá tairbhe ann agus aontaím leis sin. Tuigim go bhfuil an tAire báúil ó thaobh spriocanna éagsúla a leagan síos ar shlite éagsúla sa Bhille agus is rud dearfach é sin. Beidh seirbhísí difriúla sna Gaeltachtaí éagsúla ag feidhmiú níos fearr ná mar a chéile trí Ghaeilge agus athróidh sé ó Ghaeltacht go Gaeltacht. B’fhéidir go mbeadh na gardaí láidir agus bearnaí sa HSE i nGaeltacht amháin agus a mhalairt i nGaeltacht eile.

Ní dóigh liom go bhfuil one-size-fits-all ann agus gach seans go bhféadfaidh sé ann mar go bhfuil seirbhísí láidre i roinnt áiteanna. Gach seans go bhféadfaí spriocanna níos tapúla ná an 20% nó an 25% a bhaint amach i gcomhair cuid acu. Ní theastódh uaim go mbeadh bearnaí ná slí á dtabhairt do sheirbhísí sleamhnú ná cúlú siar.

Seachas one-size-fits-all a leagan síos, an bhfuil slí chun an brú a choimeád in áiteanna a bhfuil seirbhísí againn anois agus é a bhrú ar aghaidh agus an brú a choimeád in áiteanna eile a bhfuil na bearnaí ann?

Is é ceann de na rudaí is mó ná go bhfuil an coiste comhairleach ann chun comhairle a thabhairt. An mbeadh aon slí go bhféadfadh sé cabhrú leis na spriocdhátaí a leagan síos agus a chinntiú go mbeidís ann chomh tapa agus is féidir? Teastaíonn ó mhuintir na Gaeilge agus ó mhuintir na Gaeltachta go mbeidh na seirbhísí ann chomh tapa agus is féidir agus b’fhéidir níos tapúla ná 2025, mar atá leagtha amach. An féidir one-size-fits-all a dhéanamh nó an bhfuil slí ann chun é a dhéanamh níos tapúla? Tá tairbhe sna leasuithe agus mholfainn don Aire Stáit féachaint orthu.

Maidir le leasú Uimh. 157 agus leasú Uimh. 158, níl sé i gceist agam glacadh leis na leasuithe seo i láthair na huaire mar go bhfuil feidhmeanna an choiste comhairle sonraithe sa Bhille cheana féin agus na nithe a bheidh iarrtha air. Tá mé muiníneach go bhfuil an fhoclaíocht mar atá sásúil agus ní bheidh mé ag glacadh leis an dá leasú dá bhrí sin.

Maidir leis na leasuithe Uimh. 159, 160, 161 agus 162, tá mise, mar Aire Stáit, ag iarraidh a chinntiú go mbeidh gach seirbhís Stáit atá á soláthar sa cheantar Gaeltachta curtha ar fáil trí Ghaeilge. Tógfaidh sé sin roinnt ama agus beidh gá le roinnt taighde a dhéanamh le déanamh cinnte de go mbeidh na seirbhísí sin ar fad aitheanta sa phlean náisiúnta.

Mar atá sonraithe sa Bhille agus é ag cur an plean náisiúnta i dtoll a chéile, beidh an coiste comhairle ag tabhairt airde ar na seirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú, ag féachaint go háirithe ar sheirbhísí a sholáthraíonn comhlacht poiblí i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta i mbailte seirbhíse Gaeltachta agus i líonraí Gaeilge.

Is cur chuige stuama é seo a dtabharfaidh aghaidh ar an gceist seo ar bhealach córasach. Beimid ag teacht salach ar obair an choiste agus réiteach an phlean náisiúnta má bhímid ag leagan spriocdhátaí den saghas céanna sula mbíonn an taighde cuí déanta.

Tá mé sásta féachaint ar leasú inar leagadh dualgas ar an Aire chun spriocdhátaí a leagan síos do sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge sa Ghaeltacht ag an am céanna le foilsiú an chéad phlean náisiúnta. Tiocfaidh mé ar ais le moltaí maidir le foráil bhreise a chur sa Bhille ar Chéim na Tuarascála.

Maidir le ceist an 20%, mar a dúirt mé cheana, ní bheidh mo leasuithe féin, leasuithe Uimh. 184 agus 185 á mbrú agam níos déanaí. Ba mhaith liom teacht ar ais le moladh eile a thabharfaidh aghaidh ar an méid atá ardaithe sna leasuithe seo agus a dhéanfaidh cinnte de go mbeidh 20% d’earcaigh nua inniúil sa Ghaeilge faoi 2030 ar Chéim na Tuarascála.

Nuair a foilsíodh an staidéar teangeolaíochta, rinneadh rangú ar na ceantair Ghaeltachta de réir A, B agus C. Tagann na ceantair phleanála cuid mhaith leis an rangú sin ach go gcaithfidh siad a bheith cuimsitheach mar cheantair astú féin.

Bhí iontas orm nuair a bhreathnaigh mé ar na sainorduithe de na ceantair phleanála teanga nach raibh ach an ceantar luaite gan aon idirdhealú a dhéanamh ar chaighdeán na teanga ná líon na gcainteoirí dúchasacha mar chéatadán den phobal i ngach ceantar.

Tá siad in ann na pleananna a réiteach ach ní dhéanann siad idirdhealú idir deisceart Chonamara nó Gaoth Dobhair agus ceantair atá i bhfad níos laige. Caithfear dul ar ais agus breathnú ar staidéar teangeolaíochta agus a rá go mbeidh sprioc le baint amach i gceantar atá ina A Gaeltacht ag a leithéid d’am.

Ach i gceantar nach bhfuil aon difear idir é agus ceantair lasmuigh den Ghaeltacht, ní bheadh an sprioc chomh huaillmhianach. Is é sin go ndíreofaí i dtosach na hacmhainní ar na ceantair ina labhraítear Gaeilge mar ghnáth-theanga laethúil i ndáiríre.

Sin an cur chuige is mó a thabharfadh toradh mar is é sa cheantar sin is mó a bheadh daoine ag iarraidh leas a bhaint as na seirbhísí trí Ghaeilge. Tá súil agam go mbreathnóidh an tAire Stáit ar an gceist mhór seo ar fad as seo go Céim na Tuarascála.

Ba cheart go mbeadh na seirbhísí á gcur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge trí Ghaeilge – níl aon amhras faoi sin – go ginearálta ar fud na tíre agus go speisialta sna Gaeltachtaí ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga phobail. Bheadh sé láidir mar theanga phobail ach caithfidh sé a bheith níos láidre mar atá sé sa tír i gcoitinne.

Dúirt oifigigh phleanála teanga na hÉireann go raibh a n-oifig:

ag feidhmniú fén bpróiseas Pleanála Teanga atá leagtha síos fé Acht na Gaeltachta, 2012, arb iad an Rialtas agus an tOireachtas a dhaingnigh é.

Lean siad ar aghaidh agus dúirt siad:

Ní féidir fanacht scór bliain eile air seo. Tá an deis anois ann reachtaíocht atá thar am chéanna féin a achtú, agus é a dhéanamh i gceart. Ná bíodh sé le rá gur theip ar an Stát arís cothrom na Féinne a thaispeáint do lucht na Gaeltachta agus don nGaelainn ach go háirithe.

Ni cheist eacnamaíochta í seo ach ceist a bhaineann le cearta daonna a dúradh.

I bhFeabhra na bliana seo, tar éis bualadh leis an Aire, dúirt sé cé go raibh deacrachtaí an-difriúil le sonrú ó cheantar go ceantar Gaeltachta, tá rud amháin comónta, is é sin easpa sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta.

Sa treo sin, d’iarr na hoifigigh phleanála teanga ar an Aire agus ar oifigigh na Roinne a bhí i láthair foráil dhíreach a chur isteach sa Bhille teanga ina mbeadh sé sonraithe go soiléir go bhfuil dualgas ar na heagraíochtaí Stáit gach seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht faoi 2025.

Dúirt siad faoin gcruinniú leis an Aire gur lean an choinne sin leis an sárú a bhí á dhéanamh go hoscailte ar chearta mhuintir na Gaeltachta in ionad aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo a réiteach. Ní féidir a rá go bhfuair siad freagra ar an iarratas a chuir siad faoina bhráid. Ba aisteach leo gur amhlaidh go gcuireadh comhlíonadh chearta daonna mhuintir na Gaeltachta cearta oibre ball na státseirbhíse i mbaol, go háirithe nuair gur cur chuige iomaíoch gníomhach ciallmhar atá ann an dá thrá a fhreastal.

Fuaireamar ar fad litir ó Shorcha Ní Chéilleachair, ceannasaí ar Thuismitheoirí na Gaeltachta, in Eanáir na bliana seo. Dúirt sí go bhfuil seirbhísí Stáit i nGaeilge riachtanach má táimid le daoine a mhealladh a gclann a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht, nach leor an méid atá sa Bhille faoi láthair agus nach léir go dtacódh sé leis an obair atá ar bun ag tuismitheoirí na Gaeilge ach a mhalairt. Tacaíonn Tuismitheoirí na Gaeltachta, a dúirt sí, leis an éileamh ar Aire na Gaeltachta agus ar Aire Stáit na Gaeltachta cinntiú go mbeadh socrú sonrach sa Bhille le seirbhísí Stáit a chur ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht.

Ní gá a lua cé chomh leochaileach is atá cás na Gaeltachta. Léirigh an staidéar cuimsitheach sochtheangeolaíochta sa bhliain 2007 nach raibh ach 20 bliain ar a mhéad ag an nGaeilge mar theanga labhartha an phobail, fiú sna ceantair Ghaeltachta is láidre gan athrú suntasach ón Stát agus baineann soláthar seirbhísí leis sin. Ní sprioc radacach é seo ach sprioc bhunúsach. Tá sé molta ag Conradh na Gaeilge agus an Coimisinéir Teanga. Dúirt Conradh na Gaeilge:

Leasú ríthábhachtach anseo le cinntiú go mbeidh dáta leagtha síos le seirbhís trí Ghaeilge ón Stát a chinntiú don chead uair ó a bunaíodh an Stáit. Spreagfaidh an dáta seo muinín níos mó san Acht.

Tháinig an moladh as tuarascálacha a rinne coistí Oireachtais ar an mBille seo freisin. Cén fáth nach bhfuil aon tagairt don mholadh seo ó ná comhchoistí Oireachtais sa Bhille ná i leasuithe an Rialtais? Thug comhchoiste 2025 bliain amháin chun an sprioc seo a bhaint amach agus thug comhchoiste 2018 trí bliana.

Molann Sinn Féin deireadh 2025 mar spriocdháta ina leasú agus ag tabhairt deise don choiste comhairleach plean a chur le chéile chun é seo a bhaint amach. Dá mbeadh sprioc 2025 bainte amach, chiallódh sé go mbeadh 100 bliain d’aitheantas Gaeltachta oifigiúla á cheiliúradh in 2026 agus an bunghealltanas go mbeadh ceart ag muintir na Gaeltachta déileáil leis an Stát trí Ghaeilge curtha i bhfeidhm againn faoi dheireadh.

Tá na forálacha molta ag an Teachta Ní Chonghaile agus an Teachta Smith pléite againn mar gheall ar an sprioc earcaíochta de 20% faoi 2030.

Mar a dúirt mé, beidh mé ag teacht ar ais ar Chéim na Tuarascála maidir leis an ábhar seo.

Tá leasú Uimh. 157 in ainm na dTeachtaí Ó Snodaigh, Ó Dálaigh agus Ní Fhearghail. Cá seasann an leasú?

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Phléamar leasú Uimh. 158 in éineacht le leasú Uimh. 157. Cá seasann an leasú?

Tairgim leasú Uimh. 158:

I leathanach 21, línte 12 agus 13 “beidh aird ag an gCoiste Comhairleach ar na cuspóirí seo a leanas” a scriosadh agus “beidh na cuspóirí seo a leanas ag an gCoiste Comhairleach” a chur ina ionad.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Phléamar leasú Uimh. 159 in éineacht le leasú Uimh. 157. Cá seasann an leasú?

Is é atá i gceist le leasú Uimh. 159 ná:

I leathanach 21, idir línte 13 agus 14, an méid seo a leanas a chur isteach:

“(a) gur trí mheán na Gaeilge a sholáthrófar gach seirbhís a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta faoin 31 Nollaig 2025 nó, má thugann an Coiste Comhairleach cead éigeandála do chomhlacht poiblí ar leith imeacht ón gceangal sin, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030,”.

Beidh mé ag lorg vótáil ar an leasú seo.

Ós rud é nach bhfuil gach comhalta den choiste i láthair, tá sé orainn faoi na Buan-Orduithe, fanacht ar feadh ocht nóiméad ach ó tharla nach bhfuil ocht nóiméad fágtha againn-----

Ba cheart go ndéanaimis trí nóiméad eile.

Níl mé i gceannas ar na rialacha. Beidh an vótáil againn díreach nuair a thosóimid an cruinniú arís ag 3.30 p.m.

An bhfuil deis againn leasú Uimh. 160 a phlé agus déanfaimid an vóta nuair a thosóimid ansin?

Caithfimid imeacht. Tá brón orm.

Is é leasú Uimh. 160 an chéad cheann eile.

Ní dhéanfaidh mise é.

Cuireadh an suí ar fionraí ar 2.26 p.m. agus cuireadh tús leis arís ar 3.40 p.m.

Nuair a chuireamar an cruinniú ar fionraí roimh 2.30 p.m., bhí leasú Uimh. 160 á phlé againn. Bhí sé i gceist go mbeadh vótáil againn.

Tairgim leasú Uimh. 160:

I leathanach 21, líne 14, "(a) na seirbhísí" a scriosadh agus "(b) na seirbhísí" a chur ina ionad.

Amendment put:
The Committee divided: Tá, 3; Níl, 5.

  • Connolly, Catherine.
  • Daly, Pa.
  • Ó Snodaigh, Aengus.

Níl

  • Calleary, Dara.
  • Chambers, Jack.
  • McHugh, Joe.
  • O'Dowd, Fergus.
  • Ó Cathasaigh, Marc.
Amendment declared lost.
Níor tairgeadh leasú Uimh. 161.

Pléadh leasú Uimh. 162 cheana in éineacht le leasú Uimh. 157.

Tairgim leasú Uimh. 162:

I leathanach 21, línte 14 agus 22 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:

"(a) na seirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí i Limistéir PleanálaTeanga Ghaeltachta a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge faoin 31 Nollaig 2025,

(b) an líon seirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú, ag féachaint go háirithe do sheirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge, agus

(c) an líon foirne de chuid comhlachtaí poiblí atá inniúil i nGaeilge a mhéadú ionas go mbeidh, faoin 31 Nollaig 2025, 20 faoin gcéad ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil amhlaidh.".

Amendment put:
The Committee divided: Tá, 3; Níl, 6.

  • Connolly, Catherine.
  • Daly, Pa.
  • Ó Snodaigh, Aengus.

Níl

  • Calleary, Dara.
  • Chambers, Jack.
  • Lahart, John.
  • McHugh, Joe.
  • O'Dowd, Fergus.
  • Ó Cathasaigh, Marc.
Amendment declared lost.

Pléadh leasú Uimh. 163 cheana in éineacht le leasú Uimh. 156.

Tairgim leasú Uimh. 163:

I leathanach 21, líne 18, "agus" a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:

"(aa) an líon foirne iomlán de chuid comhlachtaí poiblí atá inniúil sa Ghaeilge a mhéadú ionas go mbeidh—

(i) faoin 31 Nollaig 2030, 10 faoin gcéad ar a laghad d’fhoireann na gcomhlachtaí poiblí inniúil amhlaidh,

(ii) faoin 31 Nollaig 2040, 20 faoin gcéad ar a laghad d’fhoireann na gcomhlachtaí poiblí inniúil amhlaidh,

(iii) faoin 31 Nollaig 2050, 30 faoin gcéad ar a laghad d’fhoireann na gcomhlachtaí poiblí inniúil amhlaidh,

agus".

Amendment put:
The Committee divided: Tá, 3; Níl, 6.

  • Connolly, Catherine.
  • Daly, Pa.
  • Ó Snodaigh, Aengus.

Níl

  • Calleary, Dara.
  • Chambers, Jack.
  • McHugh, Joe.
  • Moynihan, Aindrias.
  • O'Dowd, Fergus.
  • Ó Cathasaigh, Marc.
Amendment declared lost.

Tá sé feicthe ag daoine atá ag féachaint ar an díospóireacht seo ó lasmuigh go ndearnamar botún sa chéad vóta a ghlacamar tar éis na fionraíochta. Ghlaoigh an Leas-Chathaoirleach amach leasú Uimh. 160. Níl ciall ar bith le leasú Uimh. 160 ann féin mar go bhfuil sé ceangailte le leasú Uimh. 159. Ba chóir go mbeimid tar éis vóta a ghlacadh ar leasú Uimh. 159 seachas leasú Uimh. 160.

Bhí an vóta ar leasú Uimh. 159. Rachfaimid ar ais go dtí leasú Uimh. 160 anois.

Ní hea. Tá an vóta ar an taifead mar vóta ar leasú Uimh. 160. Ba chóir go mbeadh vóta againn ar leasú Uimh. 159.

Is féidir linn déileáil le leasú Uimh. 159 anois ionas nach bhfágfaimid aon rud ar lár. Tairgeadh an leasú níos luaithe. An bhfuil an leasú á bhrú?

Tairgim leasú Uimh. 159:

I leathanach 21, idir línte 13 agus 14, an méid seo a leanas a chur isteach:

“(a) gur trí mheán na Gaeilge a sholáthrófar gach seirbhís a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta faoin 31 Nollaig 2025 nó, má thugann an Coiste Comhairleach cead éigeandála do chomhlacht poiblí ar leith imeacht ón gceangal sin, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030,”.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Táimid ar ais ar an mbóthar. Is é an chéad leasú eile ná leasú Uimh. 164 in ainm an Teachta Mac Fhionnáin. Níl sé anseo chun é a bhrú.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 164.

Phléamar leasú Uimh. 165 in éineacht le leasú Uimh. 156.

Tairgim leasú Uimh. 165:

I leathanach 21, líne 19, “(b) an líon foirne” a scriosadh agus “(c) an líon foirne” a chur ina ionad.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Phléamar leasú Uimh. 166 in éineacht le leasú Uimh. 156.

Tairgim leasú Uimh. 166:

I leathanach 21, línte 19 go 22 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:

"(b) an líon foirne iomlán de chuid comhlachtaí poiblí atá inniúil sa Ghaeilge a mhéadú ionas go mbeidh—

(i) faoin 31 Nollaig 2025, 20 faoin gcéad ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil amhlaidh,

(ii) faoin 31 Nollaig 2030, 30 faoin gcéad ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil amhlaidh,

(iii) faoin 31 Nollaig 2035, 40 faoin gcéad ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil amhlaidh,

(iv) faoin 31 Nollaig 2040, 50 faoin gcéad ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil amhlaidh.".

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Phléamar leasú Uimh. 167 in éineacht le leasú Uimh. 156.

Tairgim leasú Uimh. 167:

I leathanach 21, línte 20 agus 21, “a luaithe is indéanta tar éis an lae bunaithe” a scriosadh agus “faoin 31 Nollaig 2025” a chur ina ionad.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Nílimid in ann leasú Uimh. 168 a bhrú mar go bhfuil sé in ainm an Teachta Mac Fhionnáin agus níl sé anseo.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 168.

Tá leasú Uimh. 169 as ord mar gheall ar ioncam agus de bharr nach bhfuil an Teachta Mac Fhionnáin anseo.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 169.

Tairgim leasú Uimh. 170:

I leathanach 21, idir línte 24 agus 25, an méid seo a leanas a chur isteach:

“(5) Déanfaidh an Coiste Comhairleach suirbhéireacht ar inniúlacht sa Ghaeilge sa státseirbhís gach 5 bliana ó bhunú an Choiste, agus cuirfidh siad torthaí na suirbhéireachta faoi bhráid an Aire agus Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge, agus déanfaidh siadsan imscrúdú ar na nithe seo a leanas:

(a) líon na státseirbhíseach atá inniúil sa Ghaeilge;

(b) caighdeán inniúlachta na státseirbhíseach atá inniúil sa Ghaeilge;

(c) líon na státseirbhíseach a labhraíonn Gaeilge san ionad oibre;

(d) caighdeán na Gaeilge atá á húsáid san áit oibre;

(e) na seirbhísí atá ar fáil don phobal trí Ghaeilge; agus

(f) caighdeán na Gaeilge sna seirbhísí sin atá á gcur ar fáil trí Ghaeilge.”.

Is ceann simplí go leor é seo. D'aontaigh gach duine gur chóir go mbeadh spriocanna agus pleananna Gaeilge bunaithe ar thaighde. Dúirt iarchathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir, ina aitheasc don choiste, go mbeadh sé tábhachtach taighde a dhéanamh go luath lena chinntiú gur féidir na spriocanna sin a bhaint amach agus clocha míle a leagan síos ina leith. Ní léir cén taighde a bheidh i gceist ag an gcoiste comhairleach agus pleananna á n-ullmhú seachas gur féidir leis an gcoiste taighde a sheoladh nó a choimisiúnú chun a aidhmeanna a chomhlíonadh. Tá gá le sonraí faoin saghas taighde atá i gceist i leasú Uimh. 184 atá molta ag an Aire.

Ní dhéanann an coiste comhairleach faisnéis a thabhairt don Aire ar líon na nGaeilgeoirí atá earcaithe go dtí go bhfuil an bhliain 2030 bainte amach. Mar sin, ní bheadh deis ag an gcóras lochtanna a leasú agus iad a chur i gceart go dtí go bhfuil sé ródheireanach an sprioc faoina bhfuil daoine ag caint - 20% faoi 2030 - a shroicheadh.

Faoin leasú seo, bheadh ar an gcoiste comhairleach suirbhéireacht a dhéanamh gach cúig bliana ar na nithe seo a leanas: líon na státseirbhíseach atá inniúil sa Ghaeilge agus a gcaighdeán inniúlachta; líon na státseirbhíseach a labhraíonn Gaeilge san ionad oibre; na seirbhísí atá ar fáil don phobal trí Ghaeilge; agus caighdeán na Gaeilge sna seirbhísí sin. Is féidir a leithéid de sin a dhéanamh le foirm nó daonáireamh de shórt éigin laistigh den státseirbhís. Tríd an eolas seo a bhailiú, bheadh an coiste comhairleach atá i gceist ag an Aire Stáit in ann a fháil amach an bhfuil na seirbhísí cuí á soláthar, cad atá in easnamh, cén saghas caighdeáin Ghaeilge atá i gceist agus, mar sin, cad atá de dhíth sa phlean náisiúnta nua chun spriocanna a bhaint amach. Cuirfidh an coiste na torthaí seo os comhair an Aire, dar ndóigh, agus os comhair an chomhchoiste atá againn sa Dáil. Is é an sórt oibre céanna a bhí á dhéanamh ag an gcomhchoiste sa Dáil dheireanach.

Le linn dó a bheith ag labhairt leis an gcomhchoiste agus muid an plé an sprioc sin, 20% faoi 2030, dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, gur:

... mhol mise i gcónaí ná go mbeadh aon sprioc a bheadh leagtha síos bunaithe ar thaighde nach bhfuil déanta go fóill. D’fhéadfaí a rá go bhfuilimid ag obair i bhfolús gan an taighde sin a dhéanamh.

Léirigh an t-oifigeach pleanála teanga i dTobar Dhuibhne, John Prendergast, cad atá ag teastáil in aighneacht a sheol sé chugainn. Dúirt sé go bhfuil gá le suirbhé cuimsitheach a dhéanamh i measc státseirbhíseach maidir lena n-inniúlacht sa Ghaolainn chun go mbeadh seirbhís chuí agus tapa ann chun freastal as Gaolainn a thabhairt. Dúirt sé nár leor an leithscéal nach bhfuil duine le Gaolainn ar fáil a thuilleadh chun an cheist a fhreagairt. Uaireanta, bíonn go leor daoine le Gaolainn maith ag obair sna Ranna ach, toisc ceal deiseanna í a úsáid nó ceal reáchtáil ceart, ní ardaítear ceist chumais sa Ghaolainn minic go leor agus sáraítear cearta bunreachtúil saoránach dá réir.

Luaigh mé tuairisc Choimisiúin na Gaeltachta ó 1925 cheana. Ní raibh riomhairí ná a leithéid ann i 1925 ach rinne an choimisiúin special census of the Gaeltacht. Laistigh den tuairisc, tá táblaí difriúla ann, ceann dar teideal Returns of Irish Speakers in the Civil Service and Gárda Síochána, agus a lán rudaí eile dá shórt ina measc. Má raibh siad in ann a leithéid a chur le chéile in 1925, is féidir linn déanamh cinnte de go mbeadh a leithéid ag tarlú ar a laghad gach cúig bliana chun gur féidir eolas a bheith againn agus é a úsáid mar shlat tomhais don obair atá romhainn.

An bhfuil an Teachta Ní Chonghaile ag iarraidh caint?

Fanfaidh mé go dtí go bhfuil an tAire Stáit críochnaithe.

Maidir le leasú Uimh. 170, sílim go bhféadfadh fiúntas a bheith leis an moladh seo. Is ceann de na buntáistí a bheidh le h-obair an choiste agus é ag déanamh taighde chun plean náisiúnta a réiteach agus tuarascáil a réiteach gach dara bliain ná go mbeadh fáil againn ar go leor eolais den saghas seo ar bhealach cuimsitheach don chéad uair riamh. Mar sin, beidh mé sásta breathnú ar an leasú seo agus teacht ar ais le moladh ar Chéim na Tuarascála.

Táim chun an leasú a tharraingt siar ar an mbonn go bhfuil an tAire Stáit chun féachaint air agus teacht ar ais le leasú ar Chéim na Tuarascála.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tá baint ag leasuithe Uimh 171 go 173, go huile, le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 171:

I leathanach 21, líne 26, “18D. Déanfaidh an tAire” a scriosadh agus “18D. (1) Déanfaidh an tAire” a chur ina ionad.

Ní chaithfidh mé mórán ama ar na leasuithe seo. Táimid ag triail luas a chur leis an bpróiseas. Aontaíonn gach duine go bhfuil gá le spriocdhátaí maidir lena lán rudaí. Tá gá le spriocdháta maidir leis seo ach go háirithe. Faoin mBille mar atá sé, níl aon spriocdháta ann faoina dtiocfaidh an plean náisiúnta i ngníomh. Fiú tar éis dhá bhliain a chaitheamh ar a ullmhú, tá sé faoin Aire a rá cén dáta ar a dtiocfaidh sé i ngníomh. Ní h-amháin é sin, ach is féidir leis an Aire trí mhí a chaitheamh ag múnlú an plean in ainneoin go dtagann beagnach gach ball den choiste comhairleach ón státseirbhís, go bhfuil na baill sin roghnaithe ag an Aire agus go bhfuil ionadaithe dá Roinn féin ann. Mar sin, beidh tionchar ag an Roinn ar na modhanna sula bhfaigheann an tAire an plean le cead a thabhairt dó. Ba cheart go mbeadh a fhios ag an Aire cad atá ag teacht faoina bhráid so ní cóir go mbeadh gá leis na trí mhí atá leagtha síos anseo. Is é an rud atá i gceist leis na leasuithe seo ná iarracht luas a chur leis so nach mbeidh aon mhoilleadóireacht ag tarlú nuair a thagann na tuairiscí agus an plean náisiúnta os comhair an Aire.

Níl i gceist agam glacadh le leasú Uimh. 171 i láthair na huaire. Táim sásta leis an bhfoclaíocht atá ann sa Bhille cheana. Maidir le leasuithe Uimh. 172 agus 173, níl i gceist agam glacadh leo. Ba mhaith liom go dtiocfaidh an plean náisiúnta i ngníomh chomh luath agus is féidir ach caithfear a bheith réalaíoch faoi chúrsaí chomh maith. Nuair a fhaigheann an tAire an plean náisiúnta, beidh air é a scrúdú. D'fhéadfadh sé go mbeadh ceisteanna ag an Aire agus go mbeadh air filleadh ar an gcoiste le soiléiriú a fháil orthu sin. Mar sin, sílim go bhfuil an tréimhse trí mhí atá luaite réasúnta leis an bplean a cheadú agus tá sé réasúnta freisin go mbunófar an dáta ar chóir don phlean teacht i ngníomh ar an méid atá istigh sa phlean agus ar an taighde ar a bhfuil sé bunaithe. Mar sin, ní bheidh mé ag glacadh leis na leasuithe seo.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.
Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 172 agus 173.

Tairgim leasú Uimh. 174:

I leathanach 21, líne 36, “agus Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge de chuid Thithe an Oireachtais” a chur isteach i ndiaidh “Tí den Oireachtas”.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 175:

I leathanach 21, líne 38, “Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta” a scriosadh agus “Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán nó cibé Roinne ar a bhfuil freagracht i dtaobh na Gaeilge, na Gaeltachta nó phobal labhartha na Gaeilge” a chur ina ionad.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá baint ag leasuithe Uimh. 176 go 178, go huile, le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 176:

I leathanach 21, idir línte 38 agus 39, an méid seo a leanas a chur isteach:

“(2) Is é nó is í an tAire sinsearach a bheidh freagrach as an bPlean Náisiúnta a chur i ngníomh.”.

Is é an rud atá i gceist leis na leasuithe seo, atá ceangailte le chéile, ná go mbeadh Aire sinsearach freagrach as gníomhú an phlean. Nílim ag caitheamh anuas ar an Aire Stáit ná ar aon Aire Stáit roimhe leis sin ach is í an fhadhb a bhíonn ann ná, go minic, titeann dualgais maidir leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht ar Aire sóisearach. Tá an tAire Stáit reatha ag bord na Comh-aireachta, tá ról aige agus is féidir leis tionchar a imirt ach ní bhíonn an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeltacht san áit chéanna. Leis an leasú seo, táimid ag rá gur chóir go mbeadh an fhreagracht seo ar Aire sinsearach.

Tá i gceist freisin go mbeadh feidhm reachtúil ag an bplean náisiúnta a leagfar síos agus nach mbeadh comhlachtaí in ann neamhaird a dhéanamh de. Níl aon fhoráil sa Bhille a léiríonn cé a bheidh freagrach as an bplean náisiúnta agus as a chomhlíonadh - an tAire Stáit, an Taoiseach nó an Chomh-aireacht i gcoitinne.

Níl sé cosúil leis a lán de na pleananna eile. De ghnáth, bíonn Aire áirithe i gceist. B'fhéidir gurb í an tAire, an Teachta Catherine Martin, a bheadh i gceist. Níl sé soiléir agus is é sin an fáth go bhfuilim ag iarraidh an cheist a shoiléiriú. Bhí daoine eile den tuairim chéanna, Foras na Gaeilge ina measc. Chuir an tAire in iúl dom i bhfreagra ar cheist pharlaiminte le déanaí nach bhfuil freagracht uirthi as cur i ngníomh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. An mbeadh an rud céanna i gceist leis an Acht seo agus leis an bplean náisiúnta? Ghlac mise leis gurb é an tAire sinsearach a bhíonn i gceannas ar gach rud. Cé go bhfuil dualgais ar Airí sóisearacha agus go mbíonn freagracht acu as cúrsaí ó lá go lá, cúrsaí Gaeilge sa chás seo, cheap mé go raibh an tAire sinsearach fós freagrach. B'fhéidir go bhfuil breall ormsa. Má tá, tá an cheist seo níos tábhachtaí arís toisc go bhféadfadh an fhadhb a bheith ann go mbeadh Aire sóisearach ann nach bhfreastalaíonn ag an gComh-aireacht agus, dá réir, nach mbeadh a guth nó a ghuth cloiste. Thar na blianta, táimid tar éis a fheiceáil an Ghaeilge a bheith thíos leis toisc nach raibh Airí Stáit láidir go leor ó thaobh cosaint na Gaeilge agus cosaint na hinfheistíochta ba cheart a dhéanamh i gceantair Ghaeltachta.

Tá m'ainm ar leasú Uimh. 178. Tá trí leasú, ó Shinn Féin agus uaim féin, i gceist anseo. Tá siad go léir ag rá an rud ceannann céanna, is é sin gur chóir go mbeidh an fhreagracht ar an Aire sinsearach. Tá sé sin ciallmhar, praiticiúil agus tábhachtach. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh suí ag an Aire ag an mbord Rialtais maidir leis an bplean seo. Níl mórán níos mó le rá agam. B'fhéidir go bhfuil freagra dearfach ag an Aire Stáit. Fanfaidh mé.

Aithním go mbeadh buntáistí ann dá mbeadh ról an Aire mar an duine atá freagrach as an bplean náisiúnta a chur i bhfeidhm luaite go sonrach sa Bhille. Táim sásta féachaint air sin i leasú ar Chéim na Tuarascála. Ní bheinn ag sonrú gur Aire sinsearach go sonrach a bheadh i gceist. Ní dhéantar aon tagairt d'Aire sinsearach sa reachtaíocht. Is tagairt d'Aire a bhíonn ann. Tá sé faoi gach rialtas cinneadh a dhéanamh maidir leis na cumhachtaí a tharmligtear d'Airí Stáit. Tuigim go bhfuil leasú eile ann, Uimh. 179, ó na Teachtaí Ó Muimhneacháin, Ó Cuív, Ó Cathasaigh, Calleary, O'Dowd agus McHugh. Beidh mé sásta breathnú ar na leasuithe seo agus teacht ar ais le moladh ar Chéim na Tuarascála.

Maidir le leasú Uimh. 177, ní bheidh mé ag glacadh leis. Is éard atáimid ag plé in alt 18D ná dualgais an Aire i leith an phlean náisiúnta. Ní bhaineann sé seo le dualgais an Aire agus, mar sin, ní dóigh liom gur féidir linn glacadh leis. Ar ndóigh, beimid ag súil go mbeidh comhlachtaí poiblí ag tabhairt faoi pé moltaí a dhéantar sa phlean náisiúnta.

Táim sásta leasú Uimh. 176 a tharraingt siar ar an mbonn go bhfuil an tAire Stáit chun féachaint ar an gceist seo.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 177:

I leathanach 21, idir línte 38 agus 39, an méid seo a leanas a chur isteach:

“(2) Beidh feidhm reachtúil ag an bPlean Náisiúnta a luaithe a bheidh sé i ngníomh, agus déanfaidh gach comhlacht poiblí na moltaí a bheidh ann a chomhlíonadh.”.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Táim sásta gan leasú Uimh. 178 a thairiscint.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 178.

Tá an tAire Stáit tar éis a rá go bhfuil sé chun breathnú ar ábhar leasú Uimh. 179 ar an gcéad Chéim eile.

Nílim chun é a thairiscint sa gcás go bhfuil an tAire Stáit chun breathnú air.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 179.

Tá baint ag leasuithe Uimh. 180 agus 181 le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 180:

I leathanach 23, líne 2, “gach tréimhse 2 bhliain” a scriosadh agus “gach bliana” a chur ina ionad.

Arís, baineann an leasú le ceist shimplí. De ghnáth, bíonn monatóireacht nó tuairisciú ann gach bliain seachas gach dara bliain. Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil athrú ann sa chás seo. Ba chóir go mbeadh sórt synergy i gceist. Déanann an Coimisinéir Teanga tuairisciú bliantúil. Ba chóir dúinn cloí leis an obair sin. Ní thuigim cén fáth go bhfuil dhá bhliain i gceist sa chás seo. Is é sin an fáth gur chuir mé leasú Uimh. 180.

Maidir le leasuithe Uimh. 180 agus 181, tá sé tábhachtach deis a thabhairt don obair dul ar aghaidh. Caithfear cuimhneamh go dtógann sé achar ama comórtais earcaíochta a chur ar bun agus a rith. Leis sin ráite, d'fhéadfadh fiúntas a bheith ann le tuairisciú bliantúil. Mar sin, táim sásta féachaint air seo. Má tá sé le leasú, beidh gá na spriocanna eile timpeall air a leasú, is é sin, in áit taobh istigh de thréimhse shé mhí, beidh an tuarascáil le réiteach taobh istigh de thréimhse trí mhí ó dheireadh gach tréimhse bhliana. Féachfaidh mé ar na nithe seo agus tiocfaidh mé ar ais le moladh ar Chéim na Tuarascála. Ar an mbonn sin, b'fhéidir go mbeadh na Teachtaí sásta an leasú seo a tharraingt siar.

Glacaim leis sin. Tá sé loighciúil. Tuigim nach cóir go mbeadh tuairisc bhliantúil ann don chéad bhliain agus gur gá dhá bhliain chun go mbeadh an coiste agus an obair ar fad bedded down. Beidh an coiste an-ghníomhach ina chéad bhliain agus nílimid ag iarraidh é a stiúradh i dtreo rud éigin eile. Ba chóir go dtarlaíonn tuairisciú eagras ar bith go bliantúil. Glacaim leis an méid a dúirt an tAire Stáit.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.
Níor tairgeadh leasú Uimh. 181.

Tairgim leasú Uimh. 182:

I leathanach 23, líne 18, “agus Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge de chuid Thithe an Oireachtais” a chur isteach i ndiaidh “Tí den Oireachtas”.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 183:

I leathanach 23, línte 20 agus 21, “Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta” a scriosadh agus “Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán nó cibé Roinne ar a bhfuil freagracht maidir le dualgais i dtaobh na Gaeilge, na Gaeltachta nó phobal labhartha na Gaeilge” a chur ina ionad.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá baint ag leasuithe Uimh. 184 agus 185 le chéile agus pléifear le chéile iad. Dúirt an tAire Stáit cheana nach raibh sé chun iad a thairiscint.

Tairgim leasú Uimh. 184:

I leathanach 23, líne 21, “Gaeltachta.”.” a scriosadh agus “Gaeltachta.” a chur ina ionad.

Maidir le leasuithe Uimh. 184 agus 185 de chuid an Rialtais, mar a dúirt mé roimhe seo, níl i gceist agam an dá leasú seo a bhrú inniu. Táimid i mbun cainte le hoifigigh an Ard-Aighne maidir leis na spriocanna seo fós. Ba mhaith liom a bheith cinnte de go bhfaighimid é seo i gceart. Táim ag iarraidh a bheith cinnte go mbeidh an sprioc a leagtar síos soiléir, láidir agus indéanta. Ba mhaith liom teacht ar ais le moladh eile a dhéanfaidh cinnte de go mbeadh 20% d'earcaithe nua inniúil sa Ghaeilge faoi 2030. Beidh mé ag teacht ar ais le moladh air seo ar Chéim na Tuarascála. Mar sin, ní bheidh mé ag brú an dá leasú seo inniu.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.
Níor tairgeadh leasú Uimh. 185.
Aontaíodh an t-alt, mar a leasaíodh.
ALT 7

Tairgim leasú Uimh. 186:

I leathanach 23, líne 24, “Caighdeáin” a scriosadh agus “Aicmithe” a chur ina ionad.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá leasú Uimh. 187 as ord mar gheall ar mhuirear ar an ioncam. An bhfuil an Teachta Ó Snodaigh ag iarraidh aon rud a rá faoi?

Labhróidh mé go gasta mar táimid ag triail cuidiú leis an mBille seo a achtú chomh tapa agus is féidir.

Is é an rud atá i gceist leis seo ná le rá gur chóir go mbeadh fíneálacha nó pionóis eile inghearrtha ar chomhlachtaí agus a leithéid sna hearnálacha difriúla atá ann. Deirtear go bhfuil an leasú as ord toisc muirear ar an ioncam. Ní bheadh aon chostas i gceist ach amháin dóibh siúd nach bhfuil ag cloí leis an dlí. Is é sin atá i gceist. Tá gá le pionós éigin muna bhfuil comhlachtaí Stáit ag cloí lena ndualgais reachtúla. Is é sin atá i gceist leis seo. Caithfimid teacht ar bhealach éigin chun stop a chur le comhlachtaí neamhaird a dhéanamh ar na rialacha atá leagtha síos anois agus ar na rialacha a bheidh á leagan síos ag an mBille seo nuair a achtaítear é.

Tá sé fíorthábhachtach go mbreathnódh an tAire Stáit ar an gceist seo. Mura mbeidh pionós inghearrtha ar chomhlachtaí, ní chloífear leis an riail. Ní leor a bheith ag tuairisciú go dtí an tOireachtas. Creidim go mba cheart go mbeadh pionós de shaghas éigin ann. Bheadh sé taobh istigh den státchóras. Is é sin le rá, bainfí airgead de na comhlachtaí sin agus cuirfí isteach i gciste Gaeilge taobh istigh den státchóras é. Ní chostódh sé tada ar an lárchiste. Ar aon chaoi, dá gcuirfeadh an tAire Stáit ar aghaidh é, ní bheadh an fhadhb sin ann.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 187.

Tairgim leasú Uimh. 188:

I leathanach 23, líne 25, “caighdeáin teanga a fhorordú, is caighdeáin” a scriosadh agus “aicmithe teanga a fhorordú, is aicmithe” a chur ina ionad.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá baint ag leasuithe Uimh. 189 go 192, go huile, agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 189:

I leathanach 23, línte 26 agus 27, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “le haicme comhlachtaí poiblí”:

“nó maidir le haon tríú páirtí a sholáthróidh aon seirbhísí thar ceann aon chomhlacht poiblí san aicme chéanna ina gcuirfear an comhlacht poiblí sin, fad a bhaineann sé leis na seirbhísí sin,”.

Maidir leis an sórt foclaíochta seo i leasú Uimh. 189, táimid tar éis plé a bheith againn cheana féin. I leasú Uimh. 190, táimid ag iarraidh "féadfaidh" a athrú go " déanfaidh". Maidir le leasuithe Uimh. 190 go 192, go huile, níl aon dualgas ar an Aire caighdeán a fhorordú sa Bhille mar atá. Faoin alt 19A(1) atá molta, féadfaidh sé, le toiliú an Aire chuí, aicme comhlachtaí poiblí a fhorordú i gcaighdeán. Is próiseas fadálach casta é seo. Is féidir leis an Aire scéim teanga a cheadú d'aon chomhlacht poiblí a forordaíodh ó tháinig Acht 2003 i bhfeidhm ach tá a lán comhlachtaí gan scéim go fóill. Is ceann de na fadhbanna é sin agus is é sin an fáth go bhfuilimid san áit ina bhfuilimid. Is é sin an fáth go bhfuil gá le caighdeáin a thabhairt isteach in áit na scéimeanna, mar atá luaite cheana. Má tá an próiseas céanna forordaithe i gceist, ní léir go bhfuil feabhas tagtha ar an bhfadhb. Ní hamháin sin, ach d'fhéadfadh an tAire cuí diúltú do chomhlacht poiblí faoina cúram nó faoina chúram a bheith forordaithe i gcaighdéan. D'fhéadfaí moill mhór a bheith ar an gceist sula bhfaighfear toil na nAirí cuí toisc iad a bheith chomh gnóthach sin. Níl spriocdháta faoina bhfaighfear an toil sin nó faoina mbeidh an caighdeán forordaithe. Go bunúsach, ní fiú riachtanas a chur ar an Aire gníomhú agus caighdeáin a fhorordú munar féidir leis nó léi. Mar a dúirt mé maidir le cúpla leasú eile, táimid ag iarraidh a chinntiú go bhfuil dualgais i gceist seachas a bheith ag fanacht ar thoil Aire.

I gcás leasú Uimh. 189, sa chur síos ar na caighdeáin teanga san alt 19A atá molta, deirtear go mbeidh feidhm acu maidir le comhlachtaí poiblí nó aicme comhlachtaí poiblí. Níl aon rud ráite faoi sheirbhísí atá á soláthar ag aon tríú páirtí thar ceann comhlacht poiblí, mar shampla, fochonraitheoirí. Is ceist an-mhór é sin sa domhan ina bhfuilimid sa lá atá inniu ann. Go minic, is iad sin na comhlachtaí nach mbíonn focal Gaeilge ar bith ar na rudaí a dhéanann siad. Agus an Stáit ag obair níos mó le fochonraitheoirí, tá dainséar ann go dtiocfar timpeall ar roinnt de na dualgais bhreise a bheidh ar chomhlachtaí poiblí. Ní bheidh dualgais ar na soláthraithe seo. Ba chóir nach mbeadh comhlachtaí poiblí ag éalú ón gceist seo trí tríú páirtí a fháil chun an tseirbhís a sholáthar. Is é sin an fáth go bhfuil na leasuithe seo os ár gcomhair. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann déanamh cinnte de nach mbeidh aon bhealach éalaithe ag aon dream maidir leis na dualgais bhreise a bheidh orthu amach anseo de thairbhe gan a bheith liostáilte sna caighdeáin nó sa reachtaíocht.

Aontaím leis an Teachta Ó Snodaigh maidir le leasú Uimh. 189. Tá go leor cásanna anois ina bhfuil dreamanna áirithe ag feidhmiú thar ceann an Stáit ag cur seirbhísí poiblí ar fáil. Is seirbhísí poiblí iad. Ní comhlachtaí poiblí per se iad go leor de na heagrais seo. Táim ag caint faoi leithéidí Seetec agus dreamanna mar sin. Ba cheart go mbeadh na caighdeáin chéanna ag baint leo. Mura mbaineann, beidh bealach éalaithe ag eagraíochtaí nach bhfuil ag iarraidh plean Gaeilge a chur i bhfeidhm trí tharmligean a dhéanamh ar na rudaí sin do chomhlachtaí taobh amuigh. Caithfidh an tAire Stáit breathnú air sin.

Maidir leis an gceist faoi "féadfaidh" agus "déanfaidh", b'fhéidir go bhféadfadh an tAire Stait soiléiriú a thabhairt. Táimid ar ais ag an tseanargóint. Más "déanfaidh" atá ann, déanfar uair amháin é, más "féadfaidh" atá ann, d'fhéadfaí é a dhéanamh arís agus arís eile le haicmithe éagsúla agus le comhlachtaí éagsúla, de réir mar is gá. Is féidir forordú a dhéanamh agus ansin forordú eile, atá níos tréine agus níos láidre, a dhéanamh. Is é an gnáthnós atá ann an leagan "féadfaidh" a úsáid nuair atáthar ag tabhairt cumhacht d'Aire gur féidir í a úsáid arís agus arís eile gan teorainn.

Maidir le leasú Uimh. 189, tá ráite agam cheana go bhfuil mé ag iarraidh leasú a thabhairt chun cinn a thabharfaidh aghaidh ar sheirbhísí atá á soláthar don phobal faoi chonradh ó chomhlachtaí poiblí. Luíonn sé seo leis an teoiric chéanna ó thaobh na gcaighdeán teanga de. Mar sin, beidh mé sásta breathnú ar an leasú seo ar Chéim na Tuarascála.

Maidir le leasuithe Uimh. 190 agus 192, níl i gceist agam glacadh leo. Maidir le leasú Uimh. 190, tá sé mínithe cheana agam gur gá gur "féadfaidh" seachas "déanfaidh" a bheith ann áit go mbeidh rud le déanamh ag Aire arís agus arís eile. Beidh an tAire ag forordú comhlachtaí poiblí faoi chaighdeáin nua de réir mar a thagann siad chun cinn. Mar a pléadh anseo cheana, nuair a deineadh an tAcht in 2003, ní raibh aon rud ann faoi na meáin shóisialta. Cá bhfios céard a bheidh ann faoi cheann deich mbliana eile? B'fhéidir go mbeidh caighdeáin nua ag teastáil. Maidir le leasú Uimh. 192, ní leagtar dualgais ar an gcoiste comhairleach i leith caighdeán teanga agus, mar sin, táim sásta leis an mBille mar atá agus ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Maidir le leasú Uimh. 191, táim sásta leis an bhfoclaíocht mar atá sé. Bíonn gá le toiliú an Aire chuí a fháil maidir le nithe áirithe. Tá sé tábhachtach go mbeadh cumarsáid mhaith idir na hAirí agus na Ranna éagsúla nuair atá na caighdeáin teanga á réiteach agus á gcur i bhfeidhm. Arís, is rud caighdeánach é seo sa reachtaíocht. Aithníonn sé an ról atá ag Airí a bheith freagrach as gach comhlacht faoina gcúram. Mar sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 190:

I leathanach 23, líne 28, “féadfaidh” a scriosadh agus “déanfaidh” a chur ina ionad.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 191:

I leathanach 23, ó “, le toiliú an Aire” ar líne 28, síos go dtí “san aicme comhlachtaí poiblí,” agus na focail sin san áireamh, i líne 30 a scriosadh.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 192:

I leathanach 23, líne 28, “, tar éis comhchomhairle a dhéanamh leis an gCoiste Comhairleach,” a chur isteach i ndiaidh “an tAire”.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tá baint ag leasuithe Uimh. 193 agus 195 le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 193:

I leathanach 23, líne 33, “Féadfaidh” a scriosadh agus “Déanfaidh” a chur ina ionad.

Bhí an díospóireacht chéanna againn maidir le leasú Uimh. 190. Moltar an leasú seo le cinntiú go mbeadh dualgas ag an Aire, in áit rogha, caighdeáin teanga a leagan ar chomhlachtaí poiblí agus go mbeadh feidhm ag na caighdeáin sin. Tá an rud céanna i gceist i leasú Uimh. 190. Léiríonn athrú na focail "Féadfaidh" cé chomh solúbtha agus neamhdhaingean is atá an Bille mar gheall ar na caighdeáin teanga. Ní hamháin go bhfuil alt 19A(1) ag tabhairt cead don Aire caighdeáin a fhorordú, tá sé ag tabhairt cead chomh maith gan iad a fhorordú ach tá alt 19A(2) ag maíomh an rud céanna faoi dhó agus ag maíomh fiú go bhféadfaí feidhm a bheith ag na caighdeáin, rud a chiallaíonn go bhféadfaí gan feidhm a bheith ag na caighdeáin chomh maith.

Nuair atá solúbthacht ann agus nuair atá sé beagáinín casta mar sin seachas a bheith soiléir, daingean agus docht, beidh an seans ann go mbeidh an tAire nó Aire éigin amach anseo in ann gan an méid a bhí i gceist a dhéanamh. Tá sé i gceist go mbeadh forordú ann. Glacaimid leis sin. Is fíorannamh nach mbeadh an tAire ag glacadh le cinneadh ansin ach tá sé tarlaithe. Ónár dtaobh, táimid ag iarraidh go mbeadh soiléiriú ann. An féidir leis an Aire Stáit, mar shampla, soiléiriú más rud é go bhféadfaí feidhm a bheith ag caighdeáin éagsúla, an gciallaíonn sin go mbeidh air cead sa bhreis a thabhairt tar éis iad a fhorordú chun go mbeadh feidhm acu? Cad é an cinneadh faoin bhfeidhm a bheadh acu? Nuair a táimid ag athrú an fhoclaíocht seo i leasú Uimh. 193 sa reachtaíocht, tá sé beagáinín casta agus doiléir domsa. B'fhéidir go bhfuil gá dom é a léamh arís. Má tá sé doiléir, b'fhéidir go bhfuil an deis ann féachaint arís air chun a fháil amach an féidir é a rá i bhfocail níos soiléire agus níos daingne, mar a dúirt mé.

Táimid ar ais arís agus tá sé cosúil le fáinne fí ag dul timpeall an t-am uilig. Is dócha gurb é croí na faidhbe ná easpa muiníne. Tá easpa muiníne againn as chomh dáiríre is atá an Bille. Tá focal ar nós "Féadfaidh" ró-scaoilte. Tuigim go mbíonn gá leis sin uaireanta i mBillí ach tá an téarma "Féadfaidh" ar fud an Bhille seo. Tugann "Féadfaidh" le fios go mb'fhéidir go dtarlóidh rud am éicint amach sa todhchaí agus níl aitheantas ar bith go bhfuil gá agus géarchéim. Tá sé ráite go minic; mar sin níl mé chun é a rá arís. B'fhéidir go mbeidh athrú intinne i gceist ag an Aire Stáit.

Faraor géar ach tá mé píosa fada thart sa Teach seo. Chuile uair a scríobhtar i reachtaíocht go bhféadfadh an tAire rialachán a dhéanamh, nó sa chás seo go bhféadfadh an tAire caighdeáin a leagan síos, bíonn an argóint ceannann céanna ann idir "The Minister shall" and "The Minister may" mar atá i mBéarla agus "Féadfaidh" agus "Déanfaidh". An tuiscint atá agamsa air ná dá mbeadh "Déanfaidh" ann, dá ndéanfadh an tAire uair amháin é, bheadh sé déanta. Dá mbeadh an tAire tar éis caighdeáin a leagan síos ag dream áirithe faoi leith, bheadh sé déanta agus dá mbeadh an tAire ag iarraidh caighdeáin eile a leagan síos do dhream éicint eile, go dtiocfadh sé ansin. Leis an téarma "Féadfaidh", níl teorann ar bith leis an méid gur féidir leis an Aire a dhéanamh. D'fhéadfaí argóint a dhéanamh go gcaithfidh an tAire ar a laghad rud an-teoranta amháin a dhéanamh. Leis an téarma "Féadfaidh", áfach, níl srian dá laghad ar céard is féidir leis an Aire a dhéanamh maidir le caighdeáin de réir a chéile mar d'fhéadfadh an tAire é a dhéanamh arís agus arís eile d'aicmí, do chomhlachtaí agus do ghrúpaí comhlachtaí éagsúla chun caighdeán níos treise a thabhairt isteach agus mar sin de. Níor mhaith liomsa go gceapfadh éinne ag breathnú air seo gur laige atá ann. Tá an argóint ceannann céanna cloiste agam thar na blianta agus bheadh súil agam go bhféachfadh an Freasúra air agus go nglacfadh sé leis go bhfuil an ceart ag an Aire Stáit agus ag an dréachtóir sa chás áirithe seo.

Maítear in alt 19A(2): "féadfaidh feidhm a bheith ag caighdeáin éagsúla maidir le comhlachtaí poiblí éagsúla nó maidir le haicmí éagsúla comhlachtaí poiblí." Féadfaidh an tAire a ordú faoi chomhlachtaí poiblí éagsúla so féadfaidh an tAire forordú a dhéanamh do chomhlacht áirithe an chéad seachtain eile nó d'aicme chomhlachtaí. Mar sin, d'fhéadfadh an tAire chuile chomhairle contae, údarás áitiúil nó ollscoil a lua chun glacadh leis an aicme nó d'fhéadfadh an tAire comhlacht amháin faoi leith a lua. Mar sin ní bheadh an tAire ag rá ach gur féidir leis nó léi é a dhéanamh d'aicme chomhlachtaí nó do chomhlacht faoi leith. Ní fheicimse an fhadhb atá leis sin. Chaithfeadh an cumhacht sin a bheith aige nó aici agus le cúnamh Dé b'fhéidir gur bean a bheadh ag déanamh na caighdeáin.

Níl sé i gceist agam glacadh le leasuithe Uimh. 193 agus 195. Mar atá ráite agam cheana, baineann seo le "Déanfaidh" a chur in ionad "Féadfaidh". Is í an fhadhb a bhaineann le "Déanfaidh" seachas "Féadfaidh" ná nach bhfuil aon teorainn leis an líon caighdeán teanga go bhféadfadh duine a dhéanamh sna blianta amach romhainn. Is gnáthchaint dlíthiúil é gur féidir le hAire rud a dhéanamh ach níl aon teorainn le chomh minic agus a dhéanann sé nó sí na rialacháin seo amach anseo go brách. Faoi cheann roinnt blianta, b'fhéidir go dteastóidh ó Aire caighdeáin teanga nua nó comhlachtaí poiblí eile a fhorordú. Féadfaidh sé nó sí sin a dhéanamh leis an bhfoclaíocht seo mar atá sé.

Ní hé go bhfuil mé dall ar an argóint agus tá mé fada go leor timpeall anseo chun an díospóireacht a chloisteáil. Dá mbeadh mé ar an taobh eile den Tí, bheadh na státseirbhísigh ag rá liomsa gan cur sa reachtaíocht aon rud a dhéanann cinnte de go mbeadh siad gafa le rud a dhéanamh nuair nach gá. Tá an ceart ag an Teachta Ó Cuív agus an Aire Stáit go bhféadfaí rudaí a dhéanamh arís agus arís eile. Is féidir "Déanfaidh nuair is gá" a chur isteach ina áit nó foirmle difriúil a fháil ach ar a laghad bheifí cinnte go mbeadh gníomh amháin déanta. An bealach atá sé scríofa sa reachtaíocht i gcónaí, níltear cinnte. Is toil an Aire atá i gceist. Sin an fáth go bhfuil an reachtaíocht ann. Bheifí ag súil leis but tá mise agus an Teachta Ó Cuív fada go leor timpeall anseo gur cuimhin linn amanna nach ndearna an tAire aon rud in ainneoin go raibh an chumhacht aige nó aici gníomhú dá réir toisc nach raibh gá dó nó di agus toisc nach raibh dualgas air nó uirthi.

Más féidir teacht ar fhoirmle fhocail eile, an rud a táimid ag triall a chur isteach ná go bhfuil dualgas ann go dtarlóidh sé, ar a laghad an chéad uair, go mbeidh an forordú ann. Más gá ceann eile agus ceann eile ina dhiaidh sin agus más gá é a dhéanamh ar aicmí difriúla tá sin ceart go leor. Sin an t-aon ábhar díospóireachta atá ann. Níl mé ag rá gur seo an fhoirmle fhocail is fearr ach ní mise amháin nach bhfuil muinín agam as an Rialtas gníomhú de réir a bhriathair mar tá sé tar éis loic orainn chomh minic sin, ach go háirithe maidir leis an nGaeilge.

Sin an fáth go bhfuil daoine ag iarraidh go mbeadh an fhoclaíocht níos dearfaí, ionas nach mbeadh aon wriggle room ann d'Aire anois nó amach anseo.

Fós féin, abair go raibh "Déanfaidh" ann, a dhéanfadh mionchaighdeán amháin a leagan síos, an mbeadh an Teachta sásta? Ní bheadh. Bheadh sé ag rá go bfhuil go leor caighdeáin le leagan síos do go leor dreamanna trasna an bhoird. Tá an Teachta ag dul ag braith ar Aire agus ar Rialtas, agus b'fhéidir gur Sinn Féin a bheas ann, agus b'fhéidir gur muidne a bheas ag tabhairt amach nach bhfuil Sinn Féin ag déanamh a leathdhóthain. B'fhéidir gur an Teachta Connolly a bheas ann agus beidh muid anuas uirthi sin nach bhfuil sí ag déanamh a leathdhóthain sách sciobtha. Caithfidh an rud a bheith oscailte.

Is cuimhin liomsa nuair a bhí mé ag déanamh mo chéad Bille mar Aire agus tháinig an cheist seo aníos idir "Féadfaidh" agus "Déanfaidh". Míníodh dom é agus caithfidh mé a rá gur ghlac mé leis ar an bpointe mar an chéad rud a rith liom ná an rud a dúirt an Teachta féin faoi "Déanfaidh" agus "Féadfaidh". Nuair a míníodh dom go mbeadh orm dul ar ais arís agus arís eile idir na rialachán, dúirt mé liom féin nach raibh mé ag dul ag cur srian leis an gcumhacht a bheadh agam. Mar sin, caithfidh mé a rá i mo chroí istigh agus i chuile bhall díom go gcreidim gur féidir an cheann a thabharfaidh an neart don Aire bheith fíorláidir anseo má thograíonn sé nó sí. Ag deireadh an lae, táimid in ann méid áirithe a dhéanamh trí reachtaíocht ach mura mbeidh toil Rialtais leis an nGaeilge is cuma cén reachtaíocht atá ann, beimid ag dul in aghaidh an chnoic an t-am uilig.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 194:

I leathanach 23, líne 33, “caighdeáin teanga a fhorordú, is caighdeáin” a scriosadh agus “aicmithe teanga a fhorordú, is aicmithe” a chur ina ionad.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 195:

I leathanach 23, línte 35 agus 36, “féadfaidh feidhm a bheith ag” a scriosadh agus “beidh feidhm ag” a chur ina ionad.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 196:

I leathanach 23, líne 36, “caighdeáin” a scriosadh agus “aicmithe” a chur ina ionad.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 197:

I leathanach 23, líne 38, “caighdeáin” a scriosadh agus “haicmithe” a chur ina ionad.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá baint ag leasuithe Uimh. 198 agus 199 le chéile. Is malairt fhisiceach é leasú Uimh. 199 ar leasú Uimh 198. Déanfar leasuithe Uimh. 198 agus 199 a phlé le chéile.

Tairgim leasú Uimh. 198:

I leathanach 23, línte 38 agus 39, “féadfaidh caighdeáin a bheith ar áireamh iontu lena sonrófar” a scriosadh agus “sonrófar iontu” a chur ina ionad.

Arís, is ceisteanna iad seo maidir le dearfacht sa reachtaíocht. Táimid ag iarraidh “féadfaidh caighdeáin a bheith ar áireamh iontu lena sonrófar” a scriosadh agus "sonrófar iontu" a chur ina áit. Is í an sórt díospóireachta céanna atá anseo, go mbeadh soiléiriú agus dualgas ann seachas go mbeadh aon dabht ann faoi cad a bheadh ag tarlú.

Níl sé i gceist agam glacadh leis an dá leasú seo. Mar atá ráite cheana agam díreach roimhe seo i leith leasuithe Uimh. 193 agus 195, bíonn gá leis an bhfocal "Féadfaidh" sa reachtaíocht. Is gnáthchaint dlíthiúil é a chuireann in iúl gur féidir le hAire rud a dhéanamh. Níl aon teorainn le chomh minic agus a dhéanann sé nó sí na rialacháin seo amach anseo go brách. Faoin gcuid seo den Bhille, tá treoir á tabhairt don Aire faoin saghas ábhar go bhféadfadh caighdeáin teanga a bheith ag plé leo ach níl sé ag cur teorainn leis na réimsí gur féidir le caighdeáin teanga a bheith ag plé leo. Tá sé fágtha oscailte leis an bhfoclaíocht seo mar atá sé, rud a chiallaíonn go mbeidh na caighdeáin teanga in ann aghaidh a thabhairt ar nithe nua sna blianta amach romhainn.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 199:

I leathanach 23, línte 38 agus 39, “féadfaidh caighdeáin a bheith ar áireamh iontu” a scriosadh agus “beidh ar áireamh iontu caighdeáin” a chur ina ionad.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 200:

I leathanach 25, líne 25, “agus” a scriosadh.

Tá mé á tharraingt siar.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tá baint ag leasuithe Uimh. 201 go 208, go huile, le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 201:

I leathanach 25, líne 26, “lena mbainfidh spriocdháta nach déanaí ná an 31 Nollaig 2025 agus” a chur isteach i ndiaidh “scála ama”.

Is léir go bhfuil géarghá le níos mó sonraí ar cad atá ag teastáil sna caighdeáin a bheidh curtha sa reachtaíocht. Níl mise sásta leis na sonraí atá ann go dtí seo. Seo croílár an athraithe poirt atá ag tarlú sa reachtaíocht seo i gcomparáid leis an reachtaíocht a bhí ann i 2003. Bhí muid ag súil go mbeadh dréachtchaighdeáin againn roimhe seo agus seo an fhadhb. B'fhéidir go bhfuil gach rud atá luaite againn anseo istigh sna dréachtchaighdeáin ag an Aire Stáit ach níl sé os ár gcomhair. Mar sin tá sé deacair dúinne tuiscint iomlán a bheith againn nó fiú déileáil leis. Seo iarracht uainne cuidiú leis an Aire Stáit chun déanamh cinnte de go bhfuil a leithéid sa reachtaíocht.

Mar atá sé scríofa faoi láthair, bheadh aird ag an Aire Stáit ar sheirbhísí a sholáthraítear do chomhlacht nó d'aicme chomhlachtaí trí Ghaeilge nó go dhátheangach agus ar an leibhéal inniúlachta Gaeilge. Maítear gur gá tionchar a bheith ag seirbhís, beartas nó clár an chomhlachta ar phleanáil teanga áitiúil agus gur gá scála ama chun go mbeidh an Ghaeilge mar theanga oibre na hoifige i limistéar Gaeltachta.

I leasú Uimh. 198, rinneamar liosta de na sonraí a bhí iontu a láidriú. I leasú Uimh. 201, sonraímid ár spriocdháta don bhliain 2025. B'shin spriocdháta réasúnta ach níor ghlac an tAire Stáit leis. Tá nithe breise in leasuithe Uimh. 202, 203 agus 204 atá anseo chun cur leis an liosta ar chóir go mbeadh sonraí sna caighdeáin. Mar shampla, tá scála ama ó thaobh an chórais IT ar chóir go mbeadh ann. I leasú Uimh. 203, luaitear seirbhísí inmheánacha d'fhostóirí agus i leasú Uimh. 204, tá míniú agus plean do na poist nach bhfuil dóthain Ghaeilgeoirí cáilithe ann go fóill agus luaitear an phleanáil i dtreo sin. Luaitear scála ama i leasú Uimh. 202, faoina mbeidh na seirbhísí cumarsáide agus faisnéise i gcomhlachtaí poiblí in ann ainmneacha a aithint, foirmeacha athartha, máthartha agus áitiúla chomh maith le seoltaí agus síntí fada san áireamh. Tá leasú cosúil leis seo tairgthe ag an Teachta Connolly agus a chomhghleacaithe, sé sin leasú Uimh. 205.

Rinneamar seirbhísí cumarsáide agus faisnéise a bplé cheana féin i gcomhthéacs leasú Uimh. 56 tamall de mhíonna ó shin ar an gCéim seo. Mhol muidne spriocdháta ansin arís agus dícheadaíodh é toisc muirear ar an ioncam. Tá plé déanta cheana faoin tábhacht ainm agus seoladh daoine a bheith i gceart. Is léir nach bhfuil muirear ar an ioncam i gceist anseo toisc gur ceadaíodh é, ach freisin toisc nach bhfuilimid ach ag rá go bhfuil gá le scála ama sna caighdeáin le bheith leagtha síos faoi cén uair a bheidh na seirbhísí cumarsáide agus faisnéise suas chun dáta leis an gcuid eile den domhan. Caithfear dáta a roghnú. Tá ceart ag gach duine go ndéanfar a ainm nó a hainm a bheith ar taifead i gceart. Seo an fáth go bhfuilimid ag tairiscint an leasú seo.

Baineann leasú Uimh. 203 le seirbhísí inmheánacha a bheith le soláthar ag comhlachtaí agus fostaithe trí Ghaeilge agus Béarla araon. Mhol Conradh na Gaeilge an leasú seo agus dúirt sé go mba chóir go mbeadh an ceart seo cheana ag aon duine ag obair sa státseirbhís a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh leis an Stát trí Ghaeilge. Mar shampla, ba cheart go mbeadh an próiseas ardú céime, an próiseas measúnaithe foirne, comhfhreagras inmheánach don fhoireann agus araile ar fáil i nGaeilge do gach státseirbhíseach le Gaeilge.

Mar a dúirt mé, léiríodh an pointe seo sa scannal inné faoi na poist a bhí fógartha laistigh den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Fógraíodh poist le Gaeilge agus lorgaíodh an chomhfhreagras maidir leis sin i mBéarla amháin. Tá obair le déanamh sa réimse sin agus ní féidir le haon duine a mhalairt a rá. Tugadh an sampla mícheart ag an Roinn atá i gceannas sa chás sin. Níl aon fhoráil sa Bhille a thugann aitheantas do chearta teanga oibrithe an Stáit agus ní mór dúinn é sin a réiteach. Ní thabharfaidh an leasú seo ach cothrom na Féinne d'fhostaithe atá ag iarraidh tabhairt faoin bpróiseas ardú céime nó measúnaithe, nó comhfhreagras foirne a fháil, trí Ghaeilge, go háirithe má tá sé i gceist againn ní hamháin go mbeadh daoine le Gaeilge ag obair trí Bhéarla sa státseirbhís ach go mbeadh na daoine seo ag obair trí Ghaeilge sa státseirbhís chomh maith. Más mian linn oifigí lán-Ghaeilge a chothú sa Ghaeltacht, tá sé riachtanach go mbeadh na hoifigigh in ann feidhmiú trí Ghaeilge.

Maítear i leasú Uimh. 204: "míniú ar na poist nach bhfuil dóthain daoine a bhfuil Gaeilge acu agus atá cáilithe chun iad a líonadh... agus plean chun an fhadhb sin a réiteach" agus is fadhb bhunúsach í sin. Má aithnítear go bhfuil fadhb ann in áit atá cáilíochtaí agus oifigigh ar leith ag teastáil agus nach bhfuil Gaeilgeoirí ann, caithfear díriú isteach air sin. Tá sé i gceist sa phlean náisiúnta caighdeán pleanáil a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge. Tá gá, mar sin, sainaithint a thabhairt ar na bearnaí atá i soláthar an Stáit mar gheall ar sheirbhísí trí Ghaeilge, go háirithe sna poist lena mbaineann cáilíochtaí riachtanacha nach bhfuil daoine le Gaeilge cáilithe dóibh agus é sin a chur in iúl don státseirbhís.

Tá obair mhór le déanamh againn maidir leis na leasuithe seo. Mar a dúirt mé ag an tús, b'fhéidir go raibh roinnt den mhéid seo i gceist ag an Aire Stáit ón tús ach níl an t-eolas againn go soiléir go bhfuil siad seo ar fad i measc na gcaighdeán atá á bpleanáil ag an Aire Stáit.

Tá sé go léir ráite agus is dócha nach bhfuil aon ghá é a rá arís ach amháin chun díriú isteach ar leasú Uimh. 206. Cén tuairim atá ag an Aire Stáit faoin leasú sin?

Níl sé i gceist agam glacadh le leasú Uimh. 201. Caithfear an taighde a dhéanamh maidir leis na seirbhísí atá á soláthar sa Ghaeltacht faoi láthair. Caithimid breathnú ar cá bhfuil na hoifigigh lonnaithe agus cé atá ag obair iontu. Gan an taighde sin, ní féidir spriocdháta dá leithéid a leagan síos. Seo an fáth go bhfuil sé istigh sa Bhille mar atá sé, go dtabharfaí an tAire aghaidh ar an gceist seo nuair atá an fhianaise cuí aige nó aici, bunaithe ar an taighde atá déanta don phlean náisiúnta.

Maidir le leasuithe Uimh. 202 agus 205, tá an méid seo clúdaithe cheana in alt 9A den Bhille. Tá sé ráite agam go mbreathnóidh mé ar leasú a phléann go sonrach leis an síneadh fada más gá leis. Cinnteoidh sé seo go mbeidh comhlachtaí poiblí in ann déileáil leis an síneadh fada. Mar sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Tagraím do leasuithe Uimh. 203 agus 206. Agus muid ag tabhairt faoi chúrsaí earcaíochta, bheinn ag súil go dtiocfadh feabhas dá réir ar sholáthar seirbhísí as Gaeilge taobh istigh de na comhlachtaí poiblí dá bhfostaithe féin ach nílimid ag an bpointe sin fós. Tá sé níos tábhachtaí ag an bpointe seo díriú ar sholáthar seirbhísí don phobal mar atá leagtha amach sa Bhille. Mar sin, ní bheidh mé ag glacadh leis na leasuithe seo.

Tagraím do leasuithe Uimh 204, 207 agus 208. Beidh an saghas eolas atá luaite i leasú Uimh. 204 á moladh mar chuid den taighde don phlean náisiúnta. B'shin an cur chuige is fearr agus dá bhrí sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo. Mar an gcéanna le leasuithe Uimh. 207 agus 208, beidh obair an choiste comhairleach ag tabhairt aghaidh ar sholáthar seirbhísí na Gaeltachta agus leagfar amach sa phlean náisiúnta na spriocdhátaí chun iad sin a chur ar fáil. Níl gá, mar sin, leis an leasú seo agus ní bheidh mé ag glacadh leis.

Maidir le leasú Uimh. 201, dúirt an tAire Stáit go bhfuil gá le taighde, srl., agus tá an ceart aige. Níl aon fáth nach raibh an taighde sin tosnaithe, críochnaithe agus réidh don Bhille seo roimh dó a bheith achtaithe. Táimid ag smaoineamh nó ag caint faoin reachtaíocht seo ó 2013 ach le tamall de bhlianta anuas tá a fhios againn cá bhfuil an Bille ag dul, cén sórt Bille a bheadh ann agus cad é an cur chuige a bheadh ag teacht as. Ní gá dúinn fanacht ar an mBille a bheith achtaithe chun an taighde sin a thosnú agus a bheith críochnaithe. Bheadh an tAire Stáit in ann feidhm a thabhairt do leasú Uimh. 201 dá mbeadh sé sin déanta.

Tagraím do leasú Uimh. 202. Arís, luaigh an tAire Stáit alt 19A.

Ní raibh muid in ann plé iomlán ceart a dhéanamh ar na leasuithe ar an gceist seo roimhe seo mar go raibh siad as ord mar dúradh go raibh murar ar an ioncam i gceist agus muidne ag cur dualgas ar an státchóras ainmneacha a thaifead i gceart. Seo ceann eile de na leasuithe a bhí curtha isteach againn ag an am chun déanamh cinnte de go mbeadh sé seo leagtha síos sna caighdeáin go cuíosach sonrach. Níl leithscéal ar bith nach mbeadh sé ann. Arís, impím ar an Aire Stáit, más féidir leis in aon chor, sampla, dréacht nó rud éigin a thabhairt dúinn ag taispeáint go díreach cad atá i gceist nó a bheidh i gceist ó thaobh an chaighdeáin dhraíochta seo a thiocfaidh nuair a bheidh an reachtaíocht ann. Tugadh geallúint go mbeadh sé againn roimh ré. Bheadh sé an-chuidiúil dúinn ar fad dá mbeadh sé againn mar ní bheadh orainn argóint gur chóir go mbeadh seo, siúd agus uile istigh sa chaighdeán. Ní hé go bhfuilimid chun an tAire Stáit a cheangail leis más dréacht é, mar sin an méid atáimid ag súil leis. Níl mé ag iarraidh fáil amach go díreach cén caighdeán a bheidh curtha ar Bhord na Móna, mar shampla. Ní sin an rud atá ag teastáil uaim. Táim ag iarraidh feiscint cad go díreach an sórt rangú atá á dhéanamh agus cad iad na dualgais ar a bhfuil an tAire Stáit ag smaoineamh. Is féidir liom tomhais cad a bheidh ann ach níl ann ach tomhas ó mo thuairim féin de, bunaithe ar an reachtaíocht a bhí ann roimhe sin.

Ó thaobh na leasuithe eile, is trua nach bhfuil an tAire Stáit sásta glacadh leo. Tá sé tábhachtach go mbeadh tuiscint cheart ag an státchóras chomh luath agus is féidir faoi cad go díreach a bheifear ag súil leis a luath agus atá an Bille seo achtaithe. Tá sé luaite agam cheana go raibh coinníollacha nó dualgais curtha ar an státchóras roimhe seo agus go raibh na Gaeilgeoirí ag tús an Stáit ag iarraidh go mbeadh athrú tagtha. Ní gá ach sracfhéachaint anseo agus ansiúd a thabhairt ar an tuairisc ó Choimisiún na Gaeltachta i 1925. Ba chóir don Aire Stáit é sin a dhéanamh má fhaigheann sé an deis. Tá sé aisteach i bpáirteanna cad faoi atá siad ag caint ach tá roinnt rudaí ann atá chomh soiléir anois agus a bhí siad nuair a cuireadh an tuairisc le chéile. Bhainfeá sult as roinnt den mhéid atá le rá acu ach i roinnt de na cinn eile tá siad dáiríre ó thaobh na Gaeilge de. Leagan an coimisiún síos an tslat tomhais maidir le conas ceantair Ghaeltachta agus breac-Ghaeltachta a aithint. Tá sé sin an-soiléir. Deir an tuairisc:

Generally, it is essential that where an official must perform his work ordinarily in Irish, his initiative with regard to Irish and his facility in the use of the language should not be impaired by his having to deal with his Headquarters in English. All the forms, codes of instructions, etc., of such an official should be in Irish.

Sin beagnach 100 bliain ó shin agus fós táimid ag gabháil leis an sórt troid ceannann céanna, ag lorg go mbeadh na bun-choinníollacha agus bun-chearta ag oibrithe agus Gaeilgeoirí sa státchóras. Níl siad ag an bpobal ach níl siad acusan ach an oiread. Níl mise ag lorg go mbeadh na moltaí uilig sa tuairisc - tá os cionn 90 acu ann - ar fad fréamhaithe. Níl mise nó an Teachta Ó Cuív ag lorg, mar shampla:

that all grass lands of the Western counties should be broken up ... that in the re-settlement of these lands, and especially of those in the Gaeltacht, none but Irish Speaking families should be re-settled; and that English Speaking families with claims to lands should have their claims satisfied from lands outside the Gaeltacht.

Smaoinigh ar é sin a thabhairt isteach anois. Tá mise réalaíoch go leor go bhfuil an tuairisc seo as dáta ach tá roinnt de na rudaí atá ann cuíosach praiticiúil fiú sa lá atá inniu ann. Ba chóir go mbeadh sé i bhfad Éireann níos éasca ná nuair a bhíodar ag iarraidh an státchóras a mhúnlú toisc nach raibh na Sasanaigh i gceannas níos mó. Tá i bhfad Éireann níos mó Gaeilgeoirí lasmuigh den Ghaeltacht agus sa Ghaeltacht anois le caighdeán oideachais níos fearr agus tá ríomhairí agus gach uile ghléas teicneolaíochta againn lenár féidir le daoine caint le chéile ó thaobh amháin den tír go dtí an taobh eile. Ní chóir go mbeadh sé chomh deacair sin orainn samhlú conas mar is féidir leis an státchóras na seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge beagnach go huathoibríoch i gceantair Ghaeltachta do gach uile dhuine. Tá sé deacair agus níl aon duine ag rá go dtarlóidh sé thar oíche ach sin an fáth go bhfuil mise ag caint faoi na caighdeáin seo agus gur chóir go mbeadh siad chomh leathan agus is féidir, ach chomh sonrach agus is féidir ag an am céanna.

Bhí sé spéisiúil gur luaigh an Teachta Ó Snodaigh an cheist a bhí ann fadó faoin mbreac-Ghaeltacht agus an fíor-Ghaeltacht, mar sin díreach an rud a bhí mé ag tagairt dó ar maidin. Bhí an leagan nua de sin sa staidéar teangeolaíochta agus tá eolas cruinn go maith againn ar an ábhar seo ó na daonáirimh agus an staidéar teangeolaíochta a rinneadh sa Ghaeltacht. In ionad Gaeltachtaí agus breac-Ghaeltachtaí, úsáideadh aicmí A, B agus C. In aicme A bhí na pobail ina raibh an Ghaeilge in uachtar; in aicme B bhí na pobail ina raibh riar maith teaghlaigh ag labhairt na Gaeilge agus cainteoirí ó dhúchas fairsing sa phobal; agus ní raibh mórán difríochta idir aicme C agus pobail taobh amuigh den Ghaeltacht. Go dtí go dtiocfaimid ar ais agus go bhfaighimid an rangú sin, beidh sé an-deacair déileáil leis an éileamh seo ar sheirbhísí trí Ghaeilge sna pobail labhartha nó fiú breac-labhartha Gaeilge. Táimid ag déanamh an jab níos deacra ná mar ba cheart dó a bheith. Níl mórán ciall in áiteanna nach bhfuil an Ghaeilge pioc níos láidre ná mar atá sí taobh amuigh den Ghaeltacht a bheith ag iarraidh rud a bhrú anuas amhlaidh is go bhfuil siad ar nós na pobail láidre Ghaeltachta.

Tá díomá orm ar bhealach nach bhfuilimid tagtha i ngleic leis an bhfadhb seo mar d’fhéadfadh muid i bhfad níos mó a dhéanamh do na breac-Ghaeltachtaí mar atá siad, sé sin, na pobail atá idir eatarthu agus na pobail láidre Ghaeltachta, dá mbeadh muid fírinneach faoin stádas ar an talamh. Bheadh súil agam go dtabharfar aitheantas dóibh sin nuair a bheidh sé seo ar fad á fheidhmiú.

Tá ceist agam don Aire Stáit maidir leis sin. Go bhfios domsa, tá plean teanga á réiteach do chathair na Gaillimhe. An mbaineann sé sin le hÚdarás na Gaeltachta nó le Foras na Gaeilge? Baineann cuid den chathair leis an Ghaeltacht agus tá sí i gceartlár na Gaeltachta ar mhapa. Tá cuid mhaith eile den chathair - an chuid is mó di - nach bhfuil sa Ghaeltacht. Tá caint ar limistéar pleanála teanga. Mar a dúirt mé, luath nó mall caithfimid aghaidh a thabhairt ar an gceist seo má táimid ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh i ndáiríre.

Tá m’ainm luaite ar phéire de na leasuithe seo. Ní raibh mé chun aon rud a rá mar tá sé ráite go soiléir ag an Teachta Ó Snodaigh. Tá sé ag cliseadh orm a thuiscint cén fáth nach bhfuil an Rialtas ag glacadh leis na leasuithe seo. Tá an rud thar a bheith bunúsach. Maidir le leasú Uimh. 205, tá an rud ceannann céanna beagnach curtha isteach ag Sinn Féin freisin. An rud atá á iarraidh againn ná go gcuirfear sonraí agus scála ama isteach sa reachtaíocht. Tá scála ama glactha ag an Rialtas agus tá sé sin sa Bhille ach tá muidne ag rá gur chóir “scála ama ar laistigh de a bheidh na córais faisnéise agus chumarsáide, agus aon chórais eile ... a úsáideann an comhlacht ina chumarsáidí leis an bpobal i gcoitinne” a bheith ann.

Táimid ag caint faoi rudaí thar a bheith bunúsach anseo. Níl a fhios agam cad atá á rá ag an Teachta Ó Cuív maidir leis an mbreac-Ghaeltacht. Tá sé suimiúil ach ní bhaineann an rud atá ag teastáil anseo le breac-Ghaeltacht nó le haon Ghaeltacht. Baineann sé le seirbhísí bunúsacha ó chomhlachtaí poiblí atá nó a bheidh luaite go sonrach sa Bhille. Táimid ag caint faoi sheirbhísí bunúsacha. Suífidh mé síos agus fanfaidh mé leis an bhfreagra ón Aire Stáit. Cén fhadhb atá ag an Rialtas maidir leis an éileamh seo do na seirbhísí bunúsacha atá leagtha amach sa tsraith leasuithe seo?

Déanann leasú Uimh. 207 tagairt do limistéir phleanála teanga Ghaeltachta. Nach bhfuil an leasú sin á phlé againn, ós rud é go bhfuil sé idir leasú Uimh. 201 agus leasú Uimh. 208?

Níl aon duine anseo chun an leasú sin a chur chun cinn.

Sin ceann de na leasuithe atá thíos-----

-----agus thagair an Teachta Ó Snodaigh do cheist na nGaeltachtaí agus na breac-Ghaeltachtaí.

Níl leasuithe Uimh. 207 nó 208 faoi chaibidil againn.

Maidir le ceist an Teachta Ó Cuív, baineann plean teanga cathair na Gaillimhe go príomha le Foras na Gaeilge agus beidh sé ag teacht go luath.

Maidir le leasú Uimh. 201, mar a dúirt mé caithfear an taighde a dhéanamh maidir leis na seirbhísí atá á sholáthar sa Ghaeltacht faoi láthair, cá bhfuil na hoifigí lonnaithe agus cé atá ag obair iontu. Gan an taighde sin ní féidir spriocdháta dá leithéid a leagan síos. Seo an fáth go bhfuil sé istigh sa Bhille go dtabharfaidh an tAire aghaidh ar an gceist seo nuair atá an fianaise chuí aige, bunaithe ar an taighde atá déanta don phlean náisiúnta. Mar Aire Stáit, táim ag iarraidh go gcuirfear gach seirbhís Stáit ar fáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus táim tiomanta chun é sin a dhéanamh. Ag an am céanna, táim cinnte go bhfuil cuir amach ag na Teachtaí a bhfuil ceantair Ghaeltachta ina gcuid Dáilcheantair ar an státseirbhís thar a bheith cumasach atá ag feidhmiú sna ceantair sin. Táimid ag iarraidh é sin a dhéanamh ach tá sé an-tábhachtach an taighde a dhéanamh ar dtús báire agus an plean nua a chur i bhfeidhm.

Mar a dúirt an Teachta Ní Chonghaile, níl a fhios agam cén fáth go bhfuil fadhb ag an Aire Stáit leis na rudaí seo mar nílimid ach ag iarraidh go mbeidh siad seo laistigh den chaighdeán teanga. Sin an méid atá sa reachtaíocht anseo againn. Tá liosta ann cheana féin ag an Aire ar leathanach 25 agus téann sé (a), (b), (c), (d). Níl muidne ach ag iarraidh go mbeidh na ceisteanna seo san áireamh toisc nach bhfuil a fhios againn cad atá san áireamh cheana féin. B’fhéidir nach dtaitníonn an fhoclaíocht leis an Aire Stáit nó nach bhfuil sé ró-shoiléir sa tslí ina bhfuil na leasuithe scríofa cad atá i gceist iontu ach tá mise ag iarraidh cinntiú nach bhfuil dabht ar bith ann maidir le soláthar trí mheán na Gaeilge, agus Béarla, d’fhostaithe chomhlachtaí poiblí a bheidh ag plé leis an bhfostóir. Má tá duine ag plé lena fhostóir, ba chóir gur féidir leis nó léi é a dhéanamh trí Ghaeilge. Ba chóir go mbeadh córas ama nó spriocdháta - sin an téarma atá daoine ag úsáid - leagtha síos maidir le cén uair a bheidh an córas inmheánach nó seachtrach leictreonach athraithe, chun go mbeadh na comhlachtaí sin in ann déanamh cinnte de go bhfuil aitheantas cuí tugtha do dhaoine. Nílimid ach ag rá gur gá go mbeadh sé seo liostaithe nuair atá an tAire Stáit ag cur an caighdeán seo le chéile.

Má tá an obair déanta cheana féin ag an gcomhlacht poiblí, happy days. Ní gá ach an fón a phiocadh suas agus glaoch ar Bhord na Móna - táim ag piocadh ar Bhord na Móna inniu mar go bhfuil sé ag teacht chugam - ag fiafraí an bhfuil an córas acu in ann ainmneacha daoine a thógáil le síneadh fada, gan “Mr.”, “Mrs.” “Uasal” nó pé rud atá sa liosta, agus an bhfuil siad in ann an seoladh, Eircode nó a leithéid a ghlacadh. Ansin is féidir casadh ar na ceisteanna eile agus fiafraí an bhfuil siad in ann seo, siúd agus uile a dhéanamh. Ansin is féidir leis an Aire Stáit an cinneadh a dhéanamh gurb é seo an caighdeán a bheidh leagtha síos dóibhsean agus go dtabharfaidh sé trí bliana dóibh é a bhaint amach. Is féidir leis an Aire Stáit agus an comhlacht idirghabháil a dhéanamh agus má deir an comhlacht go raibh siad cheana féin ag athrú an córas ríomhaireachta i gceann cúig bliana, go réalaíoch ansin thabharfadh an tAire Stáit cúig bliana dóibh. Níl aon duine ag tnúth go dtarlódh athrú thar oíche i gcás córas ríomhaireachta. Sin an sórt rud atá liostaithe sna leasuithe seo.

Is trua nach bhfuil an tAire Stáit ag tabhairt tacaíochta do na leasuithe nó ar a laghad ag rá linn go bhféachfaidh sé athuair orthu agus go dtiocfaidh sé ar ais chugainn. B’fhéidir go gceapann daoine gur ó bharr mo chloigeann a thagann roinnt acu. Don chuid is mó tá mise tar éis teacht ar na leasuithe ón bplé a bhí déanta sa choiste ag na staideanna difriúla thar na blianta. Má théann muid chomh fada siar le 2002 nuair a bhí an chéad Acht ann, bhí roinnt de na ceisteanna seo tógtha ag an am sin. Ó shin tá daoine ag aithint na fadhbanna atá ann agus ag triail teacht suas le leigheas ar na fadhbanna sin, seachas a bheith ag cur constaicí i lár na reachtaíochta seo nó sa bhealach a bheadh an reachtaíocht seo ag bogadh amach anseo.

Ó thaobh leasú Uimh. 201, níl a fhios agam cén fáth go bhfuil fadhb ag an Aire Stáit maidir leis an spriocdháta 2025. Tá deifir orainn. Tá an Ghaeilge i mbaol an Ghaeltacht a chailleadh muna ndéantar obair éigeandála láithreach bonn. Sin atá uainn agus seo na fáthanna go bhfuil daoine ag triail cuidiú linn reachtaíocht cheart agus dearfach a bheith againn a dhéanfadh an cur chuige a shíleann muid a chuideodh linn. Ní dhéanfaidh an reachtaíocht seo an Ghaeilge nó an Ghaeltacht a tharrtháil. Is cuidiú a bheadh ann ach tá a lán eile le déanamh againn ar fad chun bogadh sa treo sin.

Ní raibh mé chun aon rud a rá mar gheall air seo ach is leasú Uimh. 202 ceann de na leasuithe is tábhachtaí ar an mBille seo agus tá súil agam go ndéanfaidh an tAire Stáit rud éigin mar gheall air. Ón uair a thosaíomar ag plé na leasuithe seo tá a lán daoine tar éis glaoch a chur orm faoi bheith ag déileáil leis an Revenue Online Service, le hAer Lingus nó le Banc na hÉireann agus gan an síneadh fada ar a n-ainmneacha. Is rud bunúsach é d’ainm a bheith go soiléir agus i gceart. Luaigh siad an coroner’s office chomh maith. Tá súil agam go mbeidh an Bille seo in ann an rud is bunúsaí a chur ann, a choimeád agus a neartú.

Tá sé beagnach 5.30 p.m. so cuirfimid an cruinniú ar athló.

Tugadh tuairisc ar a ndearnadh; an Coiste do shuí arís.
Cuireadh an roghchoiste ar athló ar 5.29 p.m. go dtí 12.30 p.m. Dé hAoine, 16 Aibreán 2021.
Barr
Roinn