Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Friday, 16 Apr 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

ALT 7
Atógadh an díospóireacht ar leasú Uimh. 201:
I leathanach 25, líne 26, “lena mbainfidh spriocdháta nach déanaí ná an 31 Nollaig 2025 agus” a chur isteach i ndiaidh “scála ama”.
—(an Teachta Aengus Ó Snodaigh)

Ag an gcruinniú deireanach inné bhí muid tar éis an plé ar leasuithe Uimh. 201 go 208, go huile, a chríochnú. Cuirfidh mé an cheist ar na leasuithe seo. Maidir le leasú Uimh. 201-----

Tá pointe amháin le déanamh agamsa. Tá an Leas-Chathaoirleach ag dul trí na leasuithe mar is ceart ach baineann leasú Uimh. 206 le húsáid na Gaeilge san ionad oibre. Tá a fhios agam go bhfuil an plé críochnaithe ach i bhfianaise an ailt atá ar tuairisc.ie faoi láthair faoi bhac ar an nGaeilge in ionad oibre i dTír Chonaill, ba mhaith liom dul ar ais agus tuilleadh plé a dhéanamh ar an mhír sin, i bhfianaise an méid atá tagtha chun solais. Tá sé thar a bheith tromchúiseach.

Táimid in ann caint faoin leasú anois sula bhfuil aon vótáil ann. Ní raibh aon vóta ann ar na leasuithe seo so tá an Teachta in ann é a phlé anois.

Cuireann leasú Uimh. 206 béim ar úsáid na Gaeilge in ionaid oibre agus tá leasú eile maidir leis seo as ord. Beidh muid ag teacht ag an gceann sin. Nuair a fuaireamar an freagra ón Aire Stáit inné dúradh linn nach raibh sé chun glacadh le leasú Uimh. 206 agus tá an leasú eile níos faide siar as ord. Tá sé seo thar a bheith tábhachtach. Foilsíodh alt ar tuairisc.ie inné nó inniu maidir le meamram. An cheist ná cén baint atá aige sin leis an díospóireacht seo. Seo meamram a dáileadh laistigh de chomhlacht mór atá ag fáil airgid ó Údarás na Gaeltachta. Deir an meamram, i mBéarla uilig, bac a chur ar úsáid aon teanga ach amháin Béarla san ionad oibre. Is fiú é a léamh. An teideal atá air ná “Use of English Language”:

Dear All,

You must be mindful work colleagues [gabh mo leithscéal as ucht an Bhéarla] can feel isolated and excluded if you are speaking a different language around them. English must be spoken at all times in the workplace, whether you are discussing work or having a casual conversation with a fellow staff member.

To facilitate effective communication between everyone ...

Déarfaidh mé i nGaeilge é. Chun cumarsáid éifeachtach a éascú go háitiúil agus go hidirnáisiúnta, tá sé riachtanach go mbeidh an fhoireann ag caint go scríofa agus orally trí Bhéarla gach uair - "at all times". Deir sé, "Failing to do so is not acceptable."

Tá alt scríofa ar tuairisc.ie ag cur síos ar an rud seo. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbreathnaíonn an tAire Stáit arís ar an leasú seo agus an leasú eile atá as ord. Tá an cur i gcéill agus cad atá i gceist nochta anois os ár gcomhair. Táimid ag iarraidh an Bille seo a láidriú agus ag an am céanna tá an suíomh Idirlín maidir le vaccination i mBéarla amháin. Coicís ó shin, díreach roimh an Cháisc, foilsíodh tuarascáil thar a bheith tábhachtach faoi chúrsaí tuaithe i mBéarla amháin. Níl aon leagan Gaeilge ann. Anois cloisimid an scéal faoin gcomhlacht seo. Níl ainm an chomhlachta luaite ach de réir mar a thuigim ón tuairisc is comhlacht mór é atá lonnaithe i gcroílár na Gaeltachta agus airgead á fháil aige ó Údarás na Gaeltachta. Tá ceist le freagairt ag Údarás na Gaeltachta freisin. Ag an bpointe seo stopfaidh mé agus b’fhéidir go mbreathnóidh an tAire Stáit arís ar an leasú seo agus an leasú eile atá as ord. B’fhéidir go bhfuil m’fhoclaíocht mícheart nó nach bhfuil an leasú curtha i gceart ach tá an rud atá taobh thiar de chomh bunúsach, sé sin, go bhfuil sé de cheart ag oibrithe Gaeilge - a dteanga féin agus a dteanga dhúchais - a úsáid. Níl de cheart acu í a úsáid faoi láthair. Sin mar a fheicimse. B’fhéidir go bhfuil mé mícheart. Fanfaidh mé le freagra an Aire Stáit.

Tréaslaím leis an Teachta Ní Chonghaile as an gceist seo a ardú. Tá an ceart aici. Mar a luaigh mé inné, tá a fhios againn cheana féin an fhadhb ó thaobh Roinn na Gaeltachta ag rá le daoine cur isteach ar phoist le cáilíochtaí Gaeilge ina measc i mBéarla. Anois cloisimid faoi chomhlacht i nGaeltacht Thír Chonaill. Is é Randox an comhlacht, ar eagla nach bhfuil a fhios ag daoine cé hiad. Luadh é sin ar Raidió na Gaeltachta. Déanann siad biochips agus diagnostics. Bheadh a fhios ag an iar-Aire, an Teachta McHugh, é sin mar bhí seisean ann chun tacaíocht a thabhairt dóibh.

Nuair a thugann an Rialtas nó Údarás na Gaeltachta tacaíocht do chomhlacht lonnaithe sa Ghaeltacht, leagann siad síos dualgais ar an gcomhlacht sin. Ceann de na dualgais ná go ndéanann an comhlacht iarracht ní hamháin tacaíocht eacnamaíochta a thabhairt don cheantar ach tacaíocht teanga chomh maith. Tá scannal iomlán i gceist anseo. Seo an comhlacht a thugann tacaíocht don Grand National i Sasana. Bhí Rachael Blackmore an-sásta an tseachtain seo caite ach an tseachtain seo tá an comhlacht ag déanamh masla ar mhuintir na Gaeltachta agus Gaeilgeoirí.

Níl a fhios agam cé chomh leathan is atá an treoir a tugadh do na fostaithe i dTír Chonaill, sa mhonarcha sa Chlochán Liath. B’fhéidir go bhfuil an polasaí céanna sa mhonarcha atá ag an gcomhlacht in Aontroim. Níl a fhios agam an bhfuil cead Ultais a labhairt ansin, nó Gaeilge fiú, nó an é Béarla amháin an polasaí atá ag an gcomhlacht. Más Béarla amháin polasaí an chomhlachta, ní chóir go mbeadh aon deontas ar fáil do chomhlachtaí dá leithéid chun lonnú sa Ghaeltacht. Tuigim gur gá casadh ar an mBéarla nuair atá siad ag déileáil leis an máthair-chomhlacht nó a leithéid agus leis an domhan i gcoitinne, mar sin an tslí atá an chumarsáid, ach sa chás seo, is treoir a bhí ann chuig na fostaithe nach raibh cead acu labhairt lena chéile ach amháin i mBéarla. Deir an comhlacht gur botún a bhí ann. Tá mise tinn tuirseach de bhotúin arís agus arís eile, agus ní hamháin ón Stát mar sa chás seo is comhlacht príobháideach atá i gceist. Ba chóir go mbeadh Údarás na Gaeltachta ag labhairt leis an gcomhlacht seo, agus gach uile chomhlacht, ag meabhrú dóibh an dualgas atá orthu maidir leis an teanga náisiúnta atá againne.

Níor chuala mé gach rud a dúirt an Teachta Ní Chonghaile ansin. An é Údarás na Gaeltachta a scríobh an chéad litir?

Ní hea ach an comhlacht.

Gabh mo leithscéal. Tá an comhlacht ag fáil airgid ón údarás.

Ní féidir seasamh leis sin. Tá an ceart ag an Teachta Ní Chonghaile agus aontaím leis an méid atá ráite aici. Tá rud bunúsach anseo agus is é an freagra ar an gceist ná cuireadh a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta teacht roimh an choiste chun an polasaí a nochtadh dúinn. Tá sé ag tabhairt airgid do chomhlachtaí nach bhfuil sásta cearta a thabhairt don Ghaolainn, nó don Bhéarla más rud é gur sin an bhunteanga atá ag duine. Níl sé sásúil ar chor ar bith gur féidir leis an údarás a rá “seo airgead chugaibh anois agus tóg é” agus an Béarla a bheith éigeantach ann. Nach sin an fhírinne, i ndáiríre? Aontaím leis an méid atá ráite ag an Teachta agus má tá sí sásta moladh a chur faoi bhráid an choiste le cuireadh a thabhairt don údarás teacht isteach ag am atá sásúil do gach duine, ba chóir é sin a dhéanamh. Tá an ceart aici faoi sin.

Aontaím leis na Teachtaí nach bhfuil sé seo inghlactha in aon chor. Nílim sásta ar chor ar bith faoi cad a tharla. Tá sé dearbhaithe ag Randox Teoranta gur scaipeadh meamram faoi úsáid teanga sa láthair oibre ina ionad sa Chlochán Liath trí dhearmad inné. Bhain an meamram seo le gníomhaíochtaí an chomhlachta i línte éagsúla agus ní raibh sé bainteach le háras an chomhlachta ar an gClochán Liath. Bhí teagmháil ag Údarás na Gaeltachta ó bhainistíocht shinsearach Randox faoin gcás seo tráthnóna inné agus tá sé deimhnithe acu gur trí bhotún a scaipeadh an nóta, go bhfuil aiféala ar an gcomhlacht gur tharla sé seo agus go bhfuil an comhlacht fós tiomanta don Ghaeilge mar theanga sa láthair oibre acu féin agus sa phobal trí chéile.

Gabhaim buíochas as an soiléiriú sin ach níl sé sásúil beag ná mór. Seo comhlacht mór i gcroílár na Gaeltachta agus ní féidir botún mar seo a dhéanamh. Tá rud éigin mícheart áit éigin. Cinnte tá ceisteanna ann d’Údarás na Gaeltachta agus chomh sciobtha agus is féidir nuair a bheidh muid críochnaithe leis an bpróiseas seo, agus má tá an Cathaoirleach sásta, is é an rud ceart le déanamh ná Údarás na Gaeltachta a thabhairt os ár gcomhair.

Tháinig an t-ábhar seo aníos go minic le cúpla bliain anuas. Tá sárobair á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta ag mealladh fostóirí isteach ach ní raibh mise nó baill éigin den choiste sásta riamh maidir leis na coinníollacha ó thaobh úsáid na Gaeilge de. Ní raibh sé soiléir domsa agus baill eile go raibh polasaí soiléir ag Údarás na Gaeltachta maidir leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Thagair mé i gcónaí don trí ról atá ag Údarás na Gaeltachta. Ní hamháin go bhfuil air fostaíocht a chothú agus a chur ar fáil - tá sé sin thar a bheith tábhachtach - ach ar an leibhéal céanna, tá air an teanga a chosaint agus an pobal a chothú. Tá tríonóid i gceist agus sin codarsnacht mhór idir Údarás na Gaeltachta agus na heagraíochtaí eile cosúil leis an IDA agus Enterprise Ireland. Níl an tríonóid de fhreagrachtaí ag na heagraíochtaí sin.

Aontaím leis an Teachta O’Dowd agus leanfaimid ar aghaidh leis an bplean sin le cead ón gCathaoirleach ach is féidir linne rud éigin a dhéanamh faoin rud atá faoi chaibidil againn inniu. Sin an rud is tábhachtaí. Is rud amháin é an t-údarás agus an comhlacht a cháineadh - agus tá cáineadh tuillte acu - agus b’fhéidir gur chóir dul i ngleic leo go dearfach chun réiteach a fháil, ach is rud eile an dualgas atá orainne mar Theachtaí Dála agus Bille agus reachtaíocht á réiteach againn. Tá freagracht orainn a chinntiú go bhfuil sé ceart, mar tá sé de cheart ag gach saoránach Gaeilge nó Béarla a úsáid sa Dáil, sa Seomra seo agus ar an gcoiste Gaeilge. Tá an pointe déanta go han-mhinic ag an Teachta Ó Cuív go bhfuil dhá theanga i gceist, Gaeilge agus Béarla. Ní ghlacaim leis gur botún atá anseo beag ná mór. Tuigim nach bhfuil aon ról ag an Aire Stáit sa chás seo agus thug sé soiléiriú, ach tá ról aige maidir leis an leasú seo. An bhfuil sé chun breathnú arís ar an leasú seo agus an leasú eile níos faide siar, leasú Uimh. 294 atá as ord, maidir le cinntiú a thabhairt d’oibrithe go bhfuil sé de cheart acu a dteanga féin a úsáid go nádúrtha agus ar bhonn cearta? Sin an bhunfhadhb, croílár na faidhbe agus croílár an réitigh freisin.

Is léir go bhfuil mearbhall ann inniu faoin ábhar seo. Níl aithne agam ar an bhfadhb.

Táim cinnte, dóchasach agus dearfach go mbeidh sé níos soiléire dá mbeadh cumarsáid idir phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta agus an comhlacht mar tá an comhlacht tiomanta don teanga. Bhí mé ann cúpla uair nuair a bhí mé i m'Aire Stáit le freagracht as gnóthaí na Gaeltachta agus bhí an bhainistíocht uilig tiomanta don teanga fosta. B’fhéidir go bhfuil mearbhall ann agus go mbeidh seans ann é seo a dhéanamh níos soiléire i gceann tamaill agus beidh mise sásta labhairt ar son an chomhlachta. Ta an comhlacht tiomanta don cheantar, don chontae agus do Chúige Uladh fosta. Tá sé lonnaithe i gContae Aontroma agus i gContae Dhún na nGall i gceantar an Chlocháin Léith agus tá sé tiomanta d’fhostaíocht láidir sa cheantar fosta. Tá níos mó oibrithe ón gceantar Gaeltacht láidir, ó Ghaoth Dobhair agus taobh amuigh de i gCionn Caslach, agus ceantair mar sin, agus bíonn daoine ag taisteal ó mo pharóiste féin, paróiste Mhíobhaí, ann a bhfuil Gaeilge acu. Tá Gaeilge ag an mbainistíocht fosta. Tá siad tiomanta don teanga agus níl a fhios agam cén fáth go bhfuil an mearbhall seo ann inniu. B’fhéidir go mbeidh sé níos soiléire dá mbeadh na daoine ábalta labhairt agus in ann cumarsáid a dhéanamh le chéile tríd an údarás. Is é an rud is mó ná an comhlacht féin mar tá sé iontach tiomanta maidir leis an ról fostaíochta atá aige sa cheantar, atá thar a bheith tábhachtach agus dearfach dó.

Aontaím leis an méid atá ráite ag an Teachta McHugh ansin. Dar ndóigh, nuair a théann aon chomhlacht isteach agus nuair a fhaigheann sé deontais ó Údarás na Gaeltachta, tá siad ag glacadh leis go mbeidh siad tiomanta don Ghaeilge. Measaim go bhfuair sé méid €5 milliún chun lonnú sa cheantar seo. Tá fostaíocht cothaithe aige agus níl aon duine ag iarraidh nach mbeadh an fhostaíocht sin nó nach leanfadh an comhlacht ann. Ní féidir leis, ámh, casadh timpeall agus a rá go bhfuil botún ann. Is litir chuig na fostaithe ar fad a bhí i gceist ó rannóg na n-acmhainní daonna sa chomhlacht agus dúirt an litir:

You must be mindful that work colleagues can feel isolated and excluded if you are speaking a different language around them. English must be spoken at all times [Tá líne thíos faoi: “must be spoken at all times”] in the workplace, whether you are discussing work or having a casual conversation with a fellow staff member. To facilitate effective communications between everyone within the company, locally and globally, it is essential that all staff in [agus tá Randox glanta amach as an bpictiúr anseo] communicate, both written and verbally, in English and at all times. Failing to do so is not acceptable.

Ní botún é seo nuair a théann duine chomh fada chun rud mar sin a scríobh. Ní hé go ndúirt duine éigin chun labhairt na Gaeilge a stopadh. Chuir duine am isteach chun é seo a scríobh.

Ní hé go bhfuilimid ag iarraidh go mbeadh pionós ar an gcomhlacht ach go rachadh Údarás na Gaeltachta i dteagmháil le gach uile chomhlacht agus a mheabhrú dóibh nach amháin go bhfuil sé seo ag teacht salach ar na gealltanais a thug an comhlacht nuair a tháinig sé isteach sa cheantar ach go bhfuil sé ag teacht salach ar chearta daonna. Bheadh Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas in ann dul i gcoinne an chomhlachta dá ndéanfadh sé iarracht leanúint leis seo. Tá sé de cheart ag aon fhostaí sa Stát seo Gaeilge agus Béarla a úsáid ina áit nó ina háit oibre. Tá i bhfad Éireann níos mó teangacha á labhairt anois sa tír seo ná mar a bhí nuair a bunaíodh an Bunreacht. Ar a laghad táimid tar éis é a phlé anseo chomh luath agus a tharla sé. Tá an comhlacht tar éis leithscéal a ghabháil, go bhfios dom. Ní cóir go stopfadh an tsaincheist ag an bpointe sin. Cosúil le haon cheann de na scannail eile a ardaíodh an tseachtain seo, ní cóir go dtarlóidh a leithéid seo riamh arís sa Ghaeltacht nó in aon áit eile.

Chonaic mé an litir aréir ar na meáin shóisialta. Chuir sé ionadh agus díomá orm é a léamh. Níl na sonraí go léir ar eolas nó níl an aithne chéanna agam ar an monarcha is atá ag an Teachta McHugh. Chaith mé tréimhse ag obair sa Ghearmáin agus san Iodáil agus ní dúirt aon duine riamh liom agus mé ag obair sna tíortha sin gan Béarla nó fiú amháin an Ghaeilge a labhairt le mo chomhghleacaithe ansin. Tá sé go huile is go hiomlán do-ghlactha go mbeadh an treoir sin leagtha síos do dhaoine a bheadh ag teacht isteach i pé monarcha. Is cuma liom más an Ghaeilge, an Rúisis nó pé teanga a bheidh i gceist. Ní cóir d’aon mhonarcha treoracha mar sin a leagan síos, go háirithe monarcha atá lonnaithe laistigh den Ghaeltacht. Aontaím leis an moladh a chuir an Teachta O’Dowd chun cinn. Ba chóir dúinn é seo a phlé mar choiste agus, ina iomláine, ní féidir linn seasamh leis an saghas sin treorach i litir.

Tá an ceart ag na Teachtaí na rudaí seo a ardú ach tá mé ag amharc ar an ráiteas a seoladh amach ón gcomhlacht. Tharla botún agus tá ráiteas curtha amach agus eisithe anois ag an gcomhlacht agus díomá air maidir leis an litir a d’eisigh sé níos luaithe. Tá sé sin sa ráiteas anois. Tá sé dochreidte mar is é an rud ná gur léirigh an chumarsáid agus an ceangal a bhí agam nuair a bhí mise sa ról mar Aire Stáit go raibh an comhlacht iontach tiomanta de bharr go bhfuil sé ceangailte le chéile leis an gceantar agus leis an nGaeilge. Tá an Ghaeilge ag an mbainistíocht uilig ann agus tá díomá ar an gcomhlacht anois agus an ráiteas sin eisithe aige. Tá Randox timpeall an domhain, sa Mheánoirthear, i Manchester agus i gContae Aontroma fosta. Tá an comhlacht atá ag obair sa Chlocháin Liath difriúil, ag obair go dian dícheallach ar son na teanga, agus ag coimeád na teanga beo sa chomhlacht fosta. Tá an ceart ag na Teachtaí an cheist seo a ardú. Is botún cinnte a bhí ann ach tá sé níos soiléire anois tar éis an ráiteas sin a bheith eisithe uaidh a chonaic mé ar an Idirlíon.

Chuala mé an méid sin ach léiríonn sé seo cé chomh práinneach is atá sé an meon aigne atá ag comhlachtaí príobháideacha agus comhlachtaí poiblí a athrú agus an Bille na dTeangacha Oifigiúla seo a neartú sa todhchaí. Nuair a chríochnóimid inniu nó an tseachtain seo chugainn beidh an liathróid ag an Rialtas agus tá an dualgas air an Bille seo a neartú nuair a thagann sé chugainn arís ar Chéim na Tuarascála.

Tá moladh againn ón Teachta O’Dowd don choiste ar fad agus tá an saineolaí anseo taobh liom ag rá liom go mbeidh an moladh sin os comhair an chomhchoiste. Ba cheart go mbeadh cruinniú den chomhchoiste ar siúl an tseachtain seo chugainn. Tá sé á mholadh ag an Teachta scríobh chuig Údarás na Gaeltachta agus chuig an gcomhlacht.

Níl sé i gceist dul i dteagmháil leis an gcomhlacht ach i dtaobh an pholasaí seo. Níl aon dabht ar chor ar bith ach go bhfuil an-jab déanta ar fad ag an gcomhlacht le blianta fada anuas ach téann an cheist seo go bun-ábhar an scéil agus ní féidir cur suas leis seo. Tuigim gur botún a bhí ann ach fuair gach duine sa chomhlacht an litir agus caithfidh go mbeadh polasaí leagtha síos ag an dream seo nó ag aon dream maidir leis na bunphrionsabail atá ann le go mbeadh sé chomh héifeachtach an Ghaeilge nó an Béarla a labhairt sna comhlachtaí atá ag fáil airgead ón Stát chun a bheith sna háiteanna ina bhfuil siad.

Aontaím leis an tuairim. Tá an litir nó an fógra feicthe agam féin agus tá sé go hainnis go mbeadh sé á leagan síos ag comhlacht srian a chur ar dhaoine a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Ba ghnách don údarás, mar chuid de na deontais, plean a leagadh síos leis na cliant-chomhlachtaí éagsúla conas plé a dhéanamh maidir le cúrsaí Gaeilge agus go mbeadh sé seo ina choinníoll acu.

Tá sé sin ann i gcónaí. Bíonn pleananna difriúla ag gach comhlacht, ag brath ar an áit ina bhfuil siad agus an fhoireann a chaithfidh siad a fháil. Mar sin, shamhlófá go mbeadh plean ann i gcomhair an chomhlachta seo chomh maith agus b’fhiú labhairt leis an údarás mar gheall air seo mar bhí aontú éigin acu ann. Aontaím leis an moladh teagmháil a dhéanamh leis an údarás chun féachaint ar an bplean a aontaíodh leis i gcomhair an chomhlachta seo agus conas a bhí sé chun é a chur i bhfeidhm agus an scéal ar fad maidir leis sin. Tá teachtaireacht mhícheart á seoladh amach go bhfuil cosc á chur ar chúrsaí Gaeilge inniu. Tá plean aontaithe agus b’fhiú féachaint air agus é sin a cheistiú.

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Táimid sa roghchoiste anseo anois ag déanamh scrúdú ar an mBille-----

Maidir leis an mBille-----

Gabhaim leithscéal leis an Teachta ach caithfidh mé rud a dhéanamh anseo agus tiocfaidh mé ar ais ansin chuici. Ar mhiste leis an Teachta O’Dowd scríobh go dtí an cléireach chun cuireadh a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta agus don chomhlacht-----

Is féidir liom litir a scríobh má theastaíonn sé ón gcoiste.

-----ar son an chomhchoiste? Beimid in ann é sin a phlé ansin sa chomhchoiste.

Cinnte, déanfaidh mé é sin.

Tagaim faoi dheireadh anois go dtí an Teachta Ní Conghaile.

Táim chun teacht ar ais go dtí an Aire Stáit. An bhfuil sé chun breathnú arís ar an leasú? Táimid ag díriú isteach ar an rud atá faoi chaibidil againn. Gabh mo leithscéal ach níor chuala mé an tAire Stáit ansin. Is é an rud atá á rá agam ná go bhfuil mé chun an leasú sin a bhrú. Beidh vótáil i gceist.

Beidh mé sásta má deir sé go dtiocfaidh sé ar ais. Tá leasú níos faide siar atá as ord freisin. Díríonn sé seo go díreach isteach ar an bhfadhb seo. Tá jab le déanamh ag an gcomhchoiste ó thaobh Údarás na Gaeltachta de agus ní ghlacaim gur botún atá ann. Dúirt mé é sin cheana. Táim sásta go bhfuil ráiteas eisithe anois agus go bhfuil leithscéal gafa ag an gcomhlacht. Tharla sé seo i gCorcaigh roimhe seo i dteach tábhairne agus tá sé ag tarlú. Tá fadhb anseo agus ní mór dúinn breathnú isteach air. An bhfuil an tAire Stáit sásta féachaint arís air, mar táim ag rá go neamhbhalbh go mbeidh mé ag brú an leasaithe seo mar ní dóigh liom go bhfuil an fhoclaíocht cheart 100%? Beidh orm é a bhrú chun cinn, áfach, mura bhfuil an tAire Stáit sásta breathnú ar an leasú seo agus ar an leasú eile atá as ord agus teacht ar ais chugainn chun díriú isteach ar an bhfadhb seo chun an ceart bunúsach a chinntiú go bhfuil ceart ag fostaithe an Ghaeilge a úsáid lena chéile, agus go bhfuil freagraí tuillte acu i nGaeilge, beag beann aon áit a bhfuil siad, ach go háirithe sa Ghaeltacht. Má tá an tAire Stáit sásta breathnú ar an dá leasú atá i gceist anseo beidh mé féin sásta. Táim ag fanacht ar an bhfreagra sin.

Aontaím leis na Teachtaí, mar a dúirt mé, nach bhfuil an rud atá tar éis tarlú inghlactha in aon chor. Tá sé an-tábhachtach go mbeidh an t-údarás agus daoine eile ag teacht isteach go dtí an comhchoiste.

Maidir le ceist an Teachta Ní Chonghaile, thug mé an freagra inné agus ceapaim go bhfuil na leasuithe sin pléite anois againn.

Gabh mo leithscéal ach is é an rud a chuala mise inné ná nach bhfuil an tAire Stáit sásta aon rud a dhéanamh faoin leasú. An é sin an scéal nach bhfuil sé chun glacadh leis an leasú agus chun teacht ar ais chugainn maidir leis? Ar eagla na heagla go bhfuil míthuiscint i gceist, an é sin a dúirt sé?

Is é sin a bhí á rá ag an Aire Stáit.

Okay. Go raibh maith agat.

Rachaimid ar aghaidh leis na leasuithe anois. Táimid ag plé le leasú Uimh. 201.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 202:

I leathanach 25, líne 28, “comhlachtaí poiblí.” a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:

"comhlachtaí poiblí, agus

(f) scála ama ar laistigh de a bheidh na córais faisnéise agus chumarsáide, agus aon chórais eile (cibé acu is córais leictreonacha nó eile iad), a úsáideann an comhlacht le linn dó cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal i gcoitinne, nó le haicme den phobal i gcoitinne, de réir mar is cuí, cumraithe ar shlí gur féidir leis na córais sin ainm (lena n-áirítear foirm athartha nó foirm mháthartha an ainm, ainm áitiúil, agus an síneadh fada ar ghutaí sa Ghaeilge), seoladh (lena n-áirítear an síneadh fada ar ghutaí sa Ghaeilge) nó teideal duine (lena n áirítear an síneadh fada ar ghutaí sa Ghaeilge agus an ceart gan aon teideal a úsáid) i nGaeilge a thaifeadadh agus a úsáid i gceart i ndáil leis na seirbhísí a thairgeann nó a sholáthraíonn an comhlacht.".

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 203:

I leathanach 25, líne 28, “comhlachtaí poiblí.” a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:

"comhlachtaí poiblí, agus

(f) seirbhísí a bheidh le soláthar, trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon, ag an gcomhlacht poiblí d’fhostaithe comhlachtaí poiblí le linn dóibh a bheith ag plé lena bhfostóir i gcúrsa a bhfostaíochta.”.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 204:

I leathanach 25, líne 28, “comhlachtaí poiblí.” a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:

"comhlachtaí poiblí, agus

(f) míniú ar na poist nach bhfuil dóthain daoine a bhfuil Gaeilge acu, agus atá cáilithe chun iad a líonadh, ann dóibh, agus plean chun an fhadhb sin a réiteach trí oideachas agus oiliúint a fhorbairt ag an tríú leibhéal agus sa bhreisoideachas do na poist sin.".

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 205:

I leathanach 25, líne 28, "comhlachtaí poiblí." a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:

"comhlachtaí poiblí, agus

(f) scála ama ar laistigh de a bheidh na córais faisnéise agus chumarsáide, agus aon chórais eile (cibé acu córais leictreonacha nó eile), a úsáideann an comhlacht ina chumarsáidí leis an bpobal i gcoitinne, nó le haicme den phobal i gcoitinne, de réir mar is cuí, cumraithe ar mhodh lena gceadófar, leis na córais sin, ainm (lena náirítear foirm athartha nó foirm mháthartha an ainm agus an síneadh fada ar ghutaí sa Ghaeilge), seoladh (lena n-áirítear an síneadh fada ar ghutaí sa Ghaeilge) nó teideal duine (lena n-áirítear an síneadh fada ar ghutaí sa Ghaeilge) i nGaeilge a thaifeadadh agus a úsáid i gceart i ndáil leis na seirbhísí a thairgeann nó a sholáthraíonn an comhlacht agus a fhágfaidh go bhféadfaidh an Ghaeilge a bheith mar an teanga oibre sna hoifigí sin.".

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 206:

I leathanach 25, líne 28, "comhlachtaí poiblí." a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:

"comhlachtaí poiblí, agus

(f) seirbhísí a bheidh le soláthar, trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon, ag an gcomhlacht poiblí d’fhostaithe comhlachtaí poiblí le linn dóibh a bheith ag déileáil lena bhfostóir i gcúrsa a gcuid fostaíochta.".

Amendment put:
The Committee divided: Tá, 3; Níl, 6.

  • Connolly, Catherine.
  • Daly, Pa.
  • Ó Snodaigh, Aengus.

Níl

  • Calleary, Dara.
  • Chambers, Jack.
  • McHugh, Joe.
  • Moynihan, Aindrias.
  • O'Dowd, Fergus.
  • Ó Cathasaigh, Marc.
Amendment declared lost.

Tá leasú Uimh. 207 in ainm an Teachta Nic Gabhann. Níl sí anseo chun é a thairgeadh agus tá sé as ord dá bharr.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 207.

Tá leasú Uimh. 208 in ainm an Teachta Nic Gabhann freisin. Níl sí anseo agus chun é a phlé nó a thairgeadh agus tá sé as ord.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 208.

Tá leasú Uimh. 209 as ord mar gheall ar mhuirear ar ioncam. Tá 60 soicind ag an Teachta Ó Snodaigh labhairt air, más mian leis.

Gabhaim buíochas leis an Leas-Chathaoirleach. Is leasú simplí a bhí i gceist anseo le go mbeadh caighdeán ar leith, i measc na gcaighdeán go léir atá le bunú ag an Aire Stáit, bunaithe laistigh de shé mhí ó am achtaithe an Bhille a leagfadh amach go cinnte seirbhísí uile an Stáit a bheadh ar fáil sa Ghaeltacht trí Ghaeilge roimh 2025 agus iad a liostú. Is trua go bhfuil sé seo as ord mar níl costas i gceist leis ach amháin tuairisc a dhéanamh ar an méid seo agus é a bheith gafa leis an gcaighdeán atá le leagan amach ag an Aire Stáit.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 209.

Tá leasú Uimh. 210 as ord ach tá 60 soicind ag an Teachta Ní Chonghaile labhairt air, más mian léi.

Cén fáth go bhfuil sé as ord arís?

Tá sé as ord de bharr muirir ar an ioncam.

Ní thuigim é sin. Cén fáth go bhfuil an scéal amhlaidh?

Tagann an cinneadh sin ó Oifig na mBillí. Bhí an plé sin-----

Tá 30 soicind agam. Tá sé seo as ord de bharr muirir ar an ioncam agus tá mise ag cur leasaithe chun cinn agus bainfidh mé úsáid as an 30 soicind sin chun é a léamh amach:

Is í an Ghaeilge an teanga réamhshocraithe trína ndéanfaidh comhlachtaí poiblí seirbhísí a sholáthar i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta [tá sé sin sainithe anseo] agus déanfar tairiscintí maidir le seirbhísí poiblí go réamhghníomhach trí mheán na Gaeilge faoin 31 Nollaig 2025.

Ní thuigim é seo. Tá dhá theanga i gceist, is í an Ghaeilge an teanga oifigiúil agus tá an Rialtas, nó duine éigin taobh thiar de, ag rá go bhfuil costas i gceist. Tá an rud atá ar siúl anseo cosúil le drochdhráma, i ndáiríre. Tá an próiseas thar a bheith suimiúil ach cosúil le drochdhráma agus róil againn go léir sa chur i gcéill seo.

Tá an cheist seo níos airde ná m’ioncam féin.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 210.

Tá leasú Uimh. 211 in ainm an Teachta Ní Chonghaile as ord freisin.

An de bharr muirir ar an ioncam atá sé amhlaidh?

Tá sé, de bharr muirir ar an ioncam.

Leanfaimid ar aghaidh leis an drochdhráma seo, mar sin.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 211.
Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 212 agus 213.

Tairgim leasú Uimh. 214:

I leathanach 27, línte 2 agus 3, “agus aird ar leith ar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta” a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:

“agus an sprioc go ndéanfaidh comhlacht poiblí, a fhreastalaíonn ar Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta mar chuid dá limistéar feidhme, a chuid seirbhísí ar fad a sholáthar i nGaeilge do phobal na Gaeltachta sa Limistéar Pleanála Teanga sin roimh an 31 Nollaig 2025”.

Measaim gur pléadh leasú Uimh. 214 cheana. Bhí sé luaite leis an leasú níos luaithe a bhí as ord, leasú Uimh. 209. Mar a dúirt mé ag an am, is trua go raibh leasú Uimh. 209 as ord. Is é an rud atá i gceist leis an leasú seo ná go mbeadh sprioc 2025 do sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge sa Ghaeltacht i measc na rudaí a bheadh ar an Aire aird a thabhairt orthu chomh maith le forordú caighdeáin de réir alt 19A(4), ar a rinneamar plé inné, agus ba chóir go gcuirfí an pointe seo leis sin.

Ní chuireann an leasú seo sprioc dhaingean i bhfeidhm toisc go dtuigimid an sórt meoin a bheadh ag an Aire Stáit agus an státchóras i gcoitinne. Chuireamar an leasú seo isteach le rá gur chóir go mbeadh aird aige air seo. Is é soláthar seirbhísí trí Ghaeilge sa Ghaeltacht atá i gceist leis seo agus níl ann ach moladh don Aire aird a bheith aige ar an sprioc sin. Is féidir aird a bheith aige ar go leor rudaí gan iad a chur i bhfeidhm, ach tá sé seafóideach gan é a bheith liostáilte. Sin é an fáth go bhfuil an méid sin i leasú Uimh. 214.

Nuair a roghnófar an coiste comhairleach, beidh píosa taighde le déanamh ina n-aithneofar na seirbhísí ar fad atá á soláthar ag an Stát sa Ghaeltacht agus beidh plean náisiúnta le dréachtú dá réir chun déanamh cinnte de go mbeidh seirbhísí á sholáthar as Gaeilge. Ní dhéanann sé ciall teacht roimh an obair seo trí spriocdháta mar seo a leagan síos sula mbeidh an taighde déanta, na spriocanna aitheanta agus moltaí déanta ag an gcoiste sa phlean náisiúnta. Mar sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 215:

I leathanach 27, líne 7, “caighdeáin” a scriosadh agus “aicmithe” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 216:

I leathanach 27, líne 8, “caighdeán” a scriosadh agus “haicmiú” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 217:

I leathanach 27, líne 12, “caighdeán” a scriosadh agus “aicmiú” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 218:

I leathanach 27, líne 13, “gcaighdeán” a scriosadh agus “aicmiú” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 219:

I leathanach 27, líne 14, “caighdeáin” a scriosadh agus “aicmithe” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 220:

I leathanach 27, líne 21, “caighdeáin” a scriosadh agus “haicmithe” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 221:

I leathanach 27, líne 25, “dréachtchaighdeáin” a scriosadh agus “dréacht-aicmithe” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 222:

I leathanach 27, líne 27, “caighdeán” a scriosadh agus “aicmiú” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 223:

I leathanach 27, líne 29, “ndréachtchaighdeán” a scriosadh agus “ndréacht-aicmithe” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 224:

I leathanach 27, líne 30, “dréachtchaighdeáin” a scriosadh agus “dréacht-aicmithe” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 225:

I leathanach 27, líne 32, “ar feadh tréimhse bhreise nach faide ná 3 mhí agus ar bhonn cúis ainmnithe eisceachtúil amháin, le toiliú an Choiste Chomhairligh” a chur isteach i ndiaidh “a fhadú”.

Tá gá le srian ar an tréimhse ama sula dtiocfaidh caighdeán i bhfeidhm. Tá leasú againn chun déanamh cinnte de nach mbeadh síneadh ama tugtha agus má tá ceann le bheith ann, nach dtabharfaí ach síneadh ama trí mhí agus amháin i gcás eisceachtúil. Tugann an fo-alt 19A(6)(c) mar atá sé curtha le chéile faoi láthair tréimhse trí mhí don Aire comhairliúchán a dhéanamh leis an bpobal mar gheall ar an dreachtchaighdeán. Is maith an rud é an comhairliúchán a dhéanamh, ach de réir 19A(7), is féidir leis an Aire an tréimhse sin a fhadú agus síneadh a chur leis chomh fada agus is mian léi nó leis, gan srian ar bith. Tá muidne ag iarraidh go mbeidh srian curtha leis chun go ndéanfar obair dá réir.

Tuigimid go léir, le linn paindéime mar seo ach go háirithe, go bhfuil gá le tréimhse chomhairliúcháin a shíneadh i gcásanna eisceachtúla. Ba chóir nach ndéanfaí a leithéid ach amháin i gcás eisceachtúil agus, dar ndóigh, is cás eisceachtúil é faoi láthair. Ba cheart go mbeadh srian le cé chomh fada agus is féidir an síneadh sin a dhéanamh. Molaimid trí mhí agus sa chaoi sin, beidh na saineolaithe ag tabhairt ceada i gcás eisceachtúil amháin in áit cead a bheith ag an Aire gach spriocdháta maidir leis an gcaighdeán a chur siar i gcónaí. Tá sé feicthe againn cheana féin go bhfuil gá le spriocdhátaí, agus mura bhfuil srian daingean le hathrú na spriocdhátaí, tá baol ann nach gcloífear leis na spriochdhátaí atá ann cheana féin. Tá muidne ag iarraidh go mbeidh siad cuibheasach daingean, ach aithnímid go bhfuil cás ann.

Luaigh iarchathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir, nuair a bhí sé os ár gcomhair, go raibh faitíos air faoi cé chomh héasca agus a bhí sé maolú a chur ar theacht i bhfeidhm na gcaighdeán, toisc go raibh na nithe is féidir a chur san áireamh ag lorg maolú an-oscailte agus an-leathan ach go háirithe. Mhol sé athbhreithniú ar an méid sin agus rinne sé tagairt do chomhlachtaí ag lorg maolaithe ar chaighdeán atá i bhfeidhm cheana féin ach go háirithe, ach níor chóir go mbeadh maolú eile ag baint leis an bpróiseas comhairliúchán sin.

Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann smaoineamh ar an leasú seo ar a laghad agus déanamh cinnte de go bhfuil srian éigin leis an síneadh ama a bhíonn á lorg. Sa deireadh thiar thall, is é an rud atá i gceist leis seo ná cearta Gaeilgeoirí agus cur chuige ceart. Má chuirtear síneadh de shíor le rud, diúltaítear do chearta seirbhísí Stáit a mbeadh i gceist leis a lán cásanna mar seo. Tá an pobal i gcoitinne ag lorg na seirbhíse. Tá an tAire Stáit ag cur an chaighdeáin le chéile agus á rá go mba chomhair leis na comhlachtaí seo a dhéanamh agus tá siadsan ag iarraidh síneadh ama a fháil sula mbeidh an caighdeán aontaithe. Go minic ní bhíonn na cearta atá taobh thiar de seo á sásamh san idirlinn.

Sa chás seo, tá an tAire ag tabhairt deise don phobal agus do chomhlachtaí poiblí a gcuid tuairimí a thabhairt maidir leis na caighdeáin teanga de réir mar a fhoilsítear iad. Beidh tréimhse de trí mhí acu leis sin a dhéanamh. Tugtar cead don Aire an tréimhse sin a fhadú más gá. Sílim gur rud eisceachtúil a bheadh anseo ach is gá go mbeadh ann. Níl orainn ach féachaint ar an méid atá tarlaithe le bliain anuas le Covid-19. Dá mbeadh próiseas mar seo ar bun anuraidh, is mór an tseans go mbeadh iarratas faighte an tréimhse comhairliúchán a fhadú de bharr an bhealaigh ar cuireadh cúrsaí oibre as riocht go tobann. Mar sin, tá sé réasúnta an coinníoll seo a fhágáil mar atá agus ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 226:

I leathanach 27, líne 33, “de chaighdeáin” a scriosadh agus “d’aicmithe” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 227:

I leathanach 27, líne 36, “chaighdeáin” a scriosadh agus “aicmithe” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 228:

I leathanach 29, líne 5, “caighdeáin” a scriosadh agus “aicmithe” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 229:

I leathanach 29, línte 6 go 11 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:

19B. (1) I gcás go mbeidh aicmiú teanga forordaithe, faoi alt 19A(2), ag an Aire, is aicmiú teanga a mbeidh feidhm aige maidir le comhlacht poiblí, déanfaidh an comhlacht an t-aicmiú, nó cuid den aicmiú, de réir mar a bheidh, a chomhlíonadh, mura mbeidh maolú deonaithe agus go dtí go mbeidh maolú deonaithe i leith an aicmithe nó i leith cuid den aicmiú.”.

Is é an rud atá i gceist leis seo ná leasú a dhéanamh ar ord na bhfocal in alt 19B(1) chun go mbeidh ord níos mó, agus dá réir béim níos mó, ar an tslí a bhfuil daoine ag féachaint air. Déantar an Bille a cháineadh go mór toisc an bhéim atá ar mhaolú a fháil agus is cinnte go bhfuil comhlachtaí poiblí ag féachaint ar na deiseanna maolaithe go léir atá ann agus iad ag súil nach mbeidh orthu gníomhú de réir na ndualgas ar chóir go mbeidís orthu. Dá réir sin, tá muidne ag iarraidh go n-athrófar sin agus go mbeadh a mhalairt de mheon acu. Tá abairt in alt 19B(1) a dhéanann cur síos ar an dualgas atá ag comhlachtaí na caighdeáin a chomhlíonadh. Tabharfaidh sé seo feidhm reachtúil don chaighdeán agus tacaímid leis sin.

Baineann brí shimplí leis. Déanfaidh an comhlacht an caighdeán nó cuid den chaighdeán, de réir mar a bheidh, a chomhlíonadh. Ba chóir go mbeadh sé scríofa chomh simplí leis sin.

Ní sin atá san fhoclaíocht sa chuid sin den Bhille. Faraor, sula bhfuil cur síos déanta ar cad atá i gceist do chomhlachtaí de réir na caighdeáin, tá an abairt briste suas agus béim curtha chomh luath agus is féidir go mbeidh maolú na gcaighdeán mar ghnáthchleachtadh. Níl an t-alt seo faoi mhaolú ar chaighdeán teanga fiú san alt 19C. Ba chóir go mbeadh alt 19B dírithe go hiomlán ar dhualgas caighdeán teanga a chomhlíonadh. Ní féidir ach amháin "déanfaidh an comhlacht" a scríobh sula dtagann "mura mbeidh maolú deonaithe agus go dtí go mbeidh maolú deonaithe i leith an [chaighdeáin] nó i leith cuid den [chaighdeán]" isteach. Is athrú fócas atá i gceist sa mhéid atá á lorg againn. Sin an tuiscint atá ag an státseirbhís agus an bhuairt atá ar phobal labhartha na Gaeilge cheana féin faoin gcaighdeán seo, go mbeadh an maolú tugtha amach do gach duine, agus gan cúis ná próiseas soiléir cuirfear srian orthu. Tá sé soiléir le feiceáil anseo go háirithe. Tá mise den tuairim nár chóir go mbeadh sé seo ann.

Dar ndóigh, tá an focal "aicmiú" in úsáid anseo agus is "caighdeán" atá i gceist. Tá an díospóireacht sin tar éis a bheith againn agus sin an fáth go bhfuilim ag tarraingt siar na leasuithe ar fad i ngrúpaí móra. Ní raibh sé i gceist agam go mbeadh an oiread sin leasuithe ann. Bhí mise ag iarraidh leasú amháin ag rá go gcuirfear “aicmiú” isteach aon áit a dtagraítear “caighdeán” ach ní raibh Oifig na mBillí sásta mar ní sin an gnáthchleachtadh. Sin an fáth go bhfuil beagnach 100 leasú breise againn chun déileáil leis seo. Bheadh athrú beag le tarlú ar an bhfoclaíocht seo dá réir agus tuigim sin.

Ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo. Phléigh muid cheana féin an cheist faoin téarma "aicmiú teanga" a chuir in áit "caighdeán teanga" agus mar a dúirt mé, ní fheicim go ndéanfadh sé aon chiall.

Sin botún beag ach ní sin ciall an leasú ina iomláine. Ba chóir díriú isteach air mar cuirfidh mé isteach arís é le “caighdeán” scríofa ann an chéad uair eile. Mar a dúirt mé, is ord na bhfocal agus an tslí ina bhfuil na dualgais i gceist a bheidh ag teastáil uainn amach anseo. Táim sásta an leasú a tharraingt siar toisc an botún sin - bhuel, ní botún é mar bhí sé ceangailte leis an athrú ó “caighdeán” go “aicmiú” - ach beidh mé á chur isteach arís ar Chéim na Tuarascála.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 230:

I leathanach 29, líne 6, “caighdeán” a scriosadh agus “aicmiú” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 231:

I leathanach 29, líne 7, “caighdeán” a scriosadh agus “aicmiú” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 232:

I leathanach 29, líne 9, “chaighdeáin” a scriosadh agus “aicmithe” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 233:

I leathanach 29, líne 10, “chaighdeán, an caighdeán, nó cuid den chaighdeán” a scriosadh agus “aicmiú, an t-aicmiú, nó cuid den aicmiú” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 234:

I leathanach 29, líne 12, “gcaighdeán” a scriosadh agus “aicmiú” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 235:

I leathanach 29, líne 13, “caighdeán” a scriosadh agus “aicmiú” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 236:

I leathanach 29, líne 17, “chaighdeáin” a scriosadh agus “aicmithe” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Phléigh muid leasú Uimh. 237 cheana in éineacht le leasú Uimh. 221. Cá seasann an leasú?

Tairgim leasú Uimh. 237:

I leathanach 29, líne 18, “caighdeán teanga a fhorordú, is caighdeán” a scriosadh agus “aicmiú teanga a fhorordú, is aicmiú” a chur ina ionad.

Táim á tharraingt siar.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 238:

I leathanach 29, líne 21, “gcaighdeán” a scriosadh agus “aicmiú” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 239:

I leathanach 29, líne 22, “chaighdeán” a scriosadh agus “aicmiú” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 240:

I leathanach 29, líne 25, “caighdeán” a scriosadh agus “t-aicmiú” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 241:

I leathanach 29, líne 26, “chaighdeán” a scriosadh agus “aicmiú” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 242:

I leathanach 29, líne 36, “chaighdeáin” a scriosadh agus “aicmithe” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 243:

I leathanach 29, líne 43, “caighdeán” a scriosadh agus “t-aicmiú” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tá baint ag leasuithe Uimh. 244, 245, 250 agus 251 le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 244:

I leathanach 31, líne 11, “féadfaidh an tAire dul i gcomhairle” a scriosadh agus “rachaidh an tAire i gcomhairle” a chur ina ionad.

Ó thaobh leasú Uimh. 244 tá an plé seo tar éis a bheith againn cheana féin agus a lán ama caite inné mar gheall air. Rinneamar plé air toisc é bheith i ngrúpa le cinn eile faoi aicmí agus mar sin.

Maidir leis na leasuithe eile, cáineadh go mór na deiseanna atá sa Bhille seo, mar a luaigh mé cheana, an maolú a fháil go héasca. Tá na leasuithe seo ag déanamh iarrachta srian a chur air sin, nó níos lú ama a bheith leagtha síos ar aon leasú ar cé chomh fada is atá na maoluithe sin, sé sin, trí bliana nó cúig bliana má fhaightear maolú ar an maolú. Is féidir síneadh ama agus síneadh ama a fháil. Níl na spriocdhátaí sa Bhille seo chomh docht daingean is a ligtear dúinn smaoineamh. Labhair muid cúpla nóiméad ó shin faoi cé chomh láidir nó lárnach is atá na maoluithe san alt faoin dualgas. Tá na leasuithe seo bunaithe, arís, ar an méid a chuir Foras na Gaeilge faoinár mbráid. Dúirt siadsan ina n-aighneacht don choiste gur chóir go mbeadh tréimhse fhada ann:

Tréimhse fhada í an tréimhse 5 bliana a mhairfeadh an maolú a d’fhéadfadh comhlacht a iarraidh agus a fháil de réir na reachtaíochta. Dar linn gurbh fhiú athbhreithniú a dhéanamh ar an tréimhse mhaolaithe agus an síneadh ama. De réir mar atáthar a bheartú sa dréachtbhille, beidh spriocdháta na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge (2030) beagnach caite sula mbeidh iarracht déanta ag roinnt comhlachtaí tabhairt faoi sheirbhísí i nGaeilge a sholáthar, má iarrann siad maolú, agus má chuirtear síneadh ama leis sin.

Sin bun agus barr an scéil. Má lorgaíonn comhlacht síneadh ama agus má thugann an tAire síneadh ama de chúig bliana, nó trí bliana i gcásanna eile, tá sé sin rófhada. Tuigim i roinnt cásanna go mbeadh comhlachtaí nó Ranna Stáit ag lorg síneadh ama, toisc nach bhfuil siad in ann tabhairt faoin dualgas gur chóir go mbeadh siad in ann a dhéanamh nó go bhfuil fadhbanna áirithe inmheánacha acu, ach ní chóir go mbeadh an síneadh sin níos faide ná roinnt míonna nó ar a mhéid dhá bhliain nó mar sin. Sin an coincheap atá taobh thiar de na leasuithe seo, chun an tréimhse ama a laghdú agus a dhéanamh chomh tapa nó chomh híseal agus is féidir, ach a bheith réadúil faoi chomh maith. Ní bheidh gach duine in ann é a dhéanamh agus tuigim an meon ón státchóras i gcoitinne. De ghnáth bíonn eagla ar an maorlathas bogadh go tapa. Bíonn siad mall ag bogadh agus ansin deir siad nach bhfuil siad in ann rud a dhéanamh ach mar a dúirt Uachtarán Mheiriceá, “Is féidir linn”. Níl an meon sin ann go minic istigh sa státseirbhís mar bíonn an lámh mharbh go minic ar pholasaithe Rialtais atá go maith nó atá fadradharcach agus déantar moilleadóireacht go minic ar na smaointe maithe a bhíonn ag teacht, fiú anois agus arís ó Airí Fhianna Fáil. Tagann smaointe maithe uathu anseo agus ansiúd. Sa chás seo ba chóir athrú a dhéanamh agus a bheith chomh soiléir agus is féidir nach féidir le comhlachtaí nó Ranna Stáit maolú nó síneadh ama a fháil ar a dhualgais ceann i ndiaidh ceann de shíor.

Maidir le leasú Uimh. 244, baineann sé seo arís leis an gceist faoi "féadfaidh" a úsáid. Bhí an cheist seo agus an gá le "féadfaidh" pléite againn inné.

Níl sé i gceist agam glacadh le leasú Uimh. 245 i láthair na huaire mar go bhfuilim sásta go bhfuil an Bille mar atá sé ag tabhairt discréid don Aire Stáit dul i mbun comhairle le cibé duine nó grúpa is cuí leis nó léi agus níl aon teorainn air sin.

Tar éis dom féachaint ar leasú Uimh. 250, ní dóigh liom go bhfuil gá leis. Beidh an tAire ag leagan síos coinníollacha maidir le maolú i leith na gcaighdeán teanga. Tá próiseas daingean leagtha amach cheana féin i gCuid 9C den Bhille maidir le maoluithe. Tugann sé seo rogha don Aire breis coinníollacha a chur leis an méid atá sa Bhille cheana féin. Is ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn a bheidh siad seo déanta. Ní gá foclaíocht dá leithéid a chur sa Bhille agus dá bhrí sin ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Maidir le leasú Uimh. 251, tá próiseas daingean leagtha amach i gCuid 19C den Bhille má tá comhlacht poiblí ag lorg maolú ar chaighdeán nó ar chuid de chaighdeán, ach ní bheidh maolú ar fáil mura bhfuil cás láidir ann. Sa chás sin, táim den tuairim go bhfuil tréimhse trí mhí réasúnta do mhaolú i leith na gcaighdeán teanga agus níl mé ag glacadh leis an leasú seo.

Ní raibh mé ag súil le haon freagra eile ón Aire Stáit maidir leis seo. Is tréimhse trí bliana ag diúltú cearta atá i gceist i ndeireadh thiar toisc go ndúirt príomhfheidhmeannach éigin, nó duine éigin ó Roinn nó ó chomhlacht Stáit, nach féidir leo é seo a dhéanamh nó nach bhfuil sé ar a gcumas é a dhéanamh. Is é an rud atá taobh thiar de sin ar a lán bealaí ná nár mhaith leo é sin a dhéanamh nó an dualgas atá orthu a chomhlíonadh. Ba mhaith leo gan tabhairt faoin bhfadhb bhunúsach atá sa chomhlacht nó sa Roinn. Ba mhaith leo go gcuirfí é ar athló go ceann trí bliana agus, b’fhéidir, trí bliana eile ina dhiaidh sin, agus ar aghaidh mar sin. Is é sin an rud nach bhfuil luaite, ní hamháin go bhfuil trí bliana i gceist ach is féidir cur leis sin. Is é an fáth gur luaigh Pól Ó Gallchóir an straitéis 2030 ná gur faoin am a bheidh gach rud críochnaithe - an plean náisiúnta agus an coiste comhairleach curtha le chéile, agus an idirbheartaíocht idir an Aire Stáit agus na comhlachtaí Stáit ar fad déanta - beimid thuas ag 2030 agus beidh roinnt de na comhlachtaí Stáit seo tar éis síneadh ama a fháil gan cloí leis seo. Is í seo an fhadhb bhunúsach atá leis an gcaighdeánú.

Arís, mar a dúirt mé, níl a fhios againn. Má tá an tAire Stáit ag cur grúpa isteach i gcaighdeán nó i rangú difriúil, glacaim leis go mbeadh tuairim ag an Aire Stáit cheana féin an mbeidh siad nó nach mbeidh siad in ann an rud a chomhlíonadh agus mura mbeidh siad, b’fhéidir go bhfuil botún déanta sa chéad dul síos. Más rud é go mbeidh siad istigh i rangú amháin, tá an cinneadh déanta go síleann an tAire Stáit agus an coiste comhairleach gur chóir go mbeadh siad láidir go leor agus na hacmhainní acu tabhairt faoin dualgas breise atá á chur orthu chun a dhéanamh cinnte de go mbeidh seirbhísí Gaeilge ar fáil. Sa chás seo, tá deis ag an ngrúpa ansin argóint a dhéanamh leis an Aire Stáit agus a fhiafraí de síneadh ama a thabhairt dó suas go dtí trí bliana. Is fad agus achar ama i bhfad Éireann ró-fhada i mo thuairim féin é. Tá dhá bhliain luaite agamsa agus fiú amháin ansin nuair a bhí mé ag cur dhá bliain síos, bhí argóint idir mé féin agus na daoine timpeall orm mar ní raibh mise ach ag lorg go mbeadh bliain amháin curtha ann agus bhí na daoine seo ag rá liom gur chóir go mbeinn réadúil agus go nglacfainn leis nach mbogann an státchóras go tapa, agus ghlac mé le dhá bhliain mar sin. Tá dhá bhliain ró-mhall, i mo thuairim féin chun síneadh ama a fháil. Má smaoinítear air, táthar ag tabhairt tréimhse an phlean náisiúnta dóibh mar is é seo an breis ama a bheidh anuas air sin seachas an t-am atá ann cheana féin, am atá roghnaithe ag an gcoiste comhairleach agus ag an Aire Stáit féin chun é seo a dhéanamh agus bheadh sé an-deacair.

Thuigfinn dá mbeadh fadhb ann ó thaobh córas teicneolaíochta faisnéise, IT, de - in ainneoin gur cóir go mbeadh sé sin ar fáil beagnach láithreach ar aon nós - ach má tá comhlacht ann atá ag smaoineamh ar chóras IT a athrú agus go bhfuil an tráth ama is gá dó sin lasmuigh den tréimhse atá leagtha síos agus go bhfuil an comhlacht ag lorg trí bliana sa bhreis toisc go bhfuil sé ag athrú an chórais iomláin sa chomhlacht laistigh den tréimhse sin, bheadh loighic ag gabháil leis sin. Tá an córas atá anseo sa Bhille chomh hoscailte sin nach bhfuil sé sin maith go leor.

Ba mhaith liom mo thacaíocht don Teachta Ó Snodaigh a chur in iúl go sciobtha maidir leis na leasuithe seo. Bímid ag brath ar dhaoine eile taobh amuigh den Dáil, na daoine ar an talamh agus na saineolaithe. Ba mhaith liom an t-alt a scríobh Pádraig Breandán Ó Laighin cúpla mí ó shin i gComhar a lua agus is é an ceannteideal a bhí ar an alt ná: “An tseachantacht ina orlaí tríd”, is é sin tríd an mBille seo. Tá sé soiléir go bhfuil an tseachantacht, an cur i gcéill agus an méar fhada anois fite fuaite tríd an mBille seo. Má leanfaimid ar aghaidh ansin beidh an tseachantacht seo ar stádas oifigiúil agus mar chuid den dlí. Is mór an trua agus an náire é sin agus tá sé deacair glacadh leis nuair atá deis iontach againn Bille láidir a bheith ann. Impím ar an Aire Stáit breathnú air seo.

Táimid ag obair anseo i bhfolús. Tá an Bille atá os ar gcomhair lag amach is amach agus táimid ag iarraidh le leasuithe éagsúla an Bille a láidriú. Tá formhór díobh rialaithe as ord agus cuid eile nach bhfuil an tAire Stáit ag glacadh leo. Beimid ar ais arís sa Dáil le ham a bheidh i bhfad níos srianta chun díriú isteach orthu siúd. Is é an rud atá ag teastáil ón Rialtas, b’fhéidir, ná go mbeidh an t-am níos srianta ach is é seo an t-aon deis a bheidh againn na rudaí a phlé. Ba mhaith liom mar sin mo bhuíochas a chur in iúl do tuairisc.ie as ucht an ailt a scríobhadh ann faoin monarcha i dTír Chonaill. Gabhaim buíochas freisin leis na saineolaithe agus na gnáthdhaoine ar an talamh atá ag cur in iúl dúinn gach lá go bhfuil géarchéim i gceist agus gur gá rud a dhéanamh. Is í an tseachantacht an focal is córa a rá anois.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Táimid ag plé anois le leasú Uimh. 245 anois agus phléamar cheana é in éineacht le leasú Uimh. 244.

Tairgim leasú Uimh. 245:

I leathanach 31, líne 12, “nó” a scriosadh agus “agus leis an gCoiste Comhairleach, chomh maith” a chur ina ionad.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Táimid ag plé anois le leasú Uimh. 246 agus phléamar cheana é in éineacht le leasú Uimh. 221.

Tairgim leasú Uimh. 246:

I leathanach 31, líne 15, “gcaighdeán” a scriosadh agus “aicmiú” a chur ina ionad.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Cá seasann leasuithe Uimh. 247 go 249, go huile, a phléamar cheana in éineacht le leasú Uimh. 221?

Tá na leasuithe seo, go huile, tarraingthe siar.

Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 247 go 249, go huile.

Cá seasann leasú Uimh. 250, a phléamar cheana in éineacht le leasú Uimh. 244?

Tairgim leasú Uimh. 250:

I leathanach 31, líne 26, “chun an Ghaeilge a chur chun cinn” a chur isteach i ndiaidh “an Aire,”.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Cá seasann leasú Uimh. 251, a phléamar cheana in éineacht le leasú Uimh. 244?

Tairgim leasú Uimh. 251:

I leathanach 31, líne 29, “3 bliana” a scriosadh agus “2 bhliain” a chur ina ionad.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Cá seasann na leasuithe Uimh. 252 go 255, go huile?

Tá siad tarraingthe siar.

Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 252 go 255, go huile.

Táimid ag plé anois le leasú Uimh. 256.

Tairgim leasú Uimh. 256:

I leathanach 33, líne 3, "Féadfaidh" a scriosadh agus "Déanfaidh" a chur ina ionad.

Ba chóir go mbeadh dualgas in ionad rogha ag Aire treoirlínte praiticiúla a leagan síos do chomhlachtaí poiblí. Leanann sé seo ó na leasuithe go léir a dhéanann iarracht "déanfaidh" a chur in ionad "féadfaidh", mar a bhí molta ag Foras na Gaeilge, ag Conradh na Gaeilge agus ag an gCoimisinéir Teanga chun fhoclaíocht an Bhille a láidriú. Ní léir cén fáth a thugtar cead don Aire treoirlínte a eisiúint sa Bhille mar tá cead ag an Aire a rogha rud a eisiúint, treoirlínte san áireamh. Má tá treoirlínte uainn, ba chóir go mbeadh sé riachtanach don Aire iad a eisiúint.

Níl sé i gceist agam glacadh le leasú Uimh. 256. Tá an cheist seo faoi "féadfaidh" agus "déanfaidh" pléite go minic againn faoin tráth seo. Sa chás seo tugtar cead don Aire treoirlínte a eisiúint chun treoir a sholáthar do chomhlachtaí poiblí maidir le comhlíonadh caighdeáin teanga. Ní gá go n-eiseofar le haghaidh gach caighdeán iad. Beidh cuid acu simplí agus intuigthe, agus beidh sé soiléir céard atá le déanamh le hiad a chomhlíonadh. I gcásanna eile, beidh treoirlínte ag teastáil. Mar sin, tá sé soiléir dom go bhfuil sé níos feiliúnaí gur "féadfaidh" a bheith in úsáid anseo.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 257:

I leathanach 33, líne 3, ", laistigh de thrí mhí tar éis dó nó di na haicmithe teanga a eisiúint," a chur isteach i ndiaidh "an tAire".

Ní dhéanann sé ciall nach mbeadh spriocdháta ann chun treoirlínte a eisiúint faoi conas caighdeáin a chomhlíonadh agus ba chóir go mbeadh treoirlínte ar fáil go luath tar éis na caighdeáin a eisiúint ionas go mbeadh comhlachtaí poiblí in ann leas a bhaint astu. Mura dtagann treoirlínte go dtí níos déanaí, beidh comhlachtaí poiblí ag tabhairt faoi na caighdeáin cheana féin agus ní beidh fiúntas ag baint leo nó, níos measa fós, beidh comhlachtaí poiblí ag fanacht orthu sula ndéanfaidh siad gníomhú de réir na gcaighdeán.

Níl mé ag glacadh le leasú Uimh. 257. D’fhéadfadh sé tarlú sé mhí tar éis do chaighdeáin áirithe a theacht i bhfeidhm go bhfuil tuilleadh soiléirithe nó treoracha ag teastáil ar ghné ar leith de na caighdeáin agus gur gá treoirlínte a eisiúint ag an tráth sin. Chuirfeadh an leasú seo bac air sin. Chomh maith leis sin, mar a dúirt mé i ndáil le leasú Uimh. 256, ní gá go mbeadh aon treoirlínte ag teastáil le haghaidh cuid de na caighdeáin teanga. Mar sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Phléamar leasú Uimh. 258 in éineacht le leasú-----

Tá an ceann seo tarraingthe siar.

Tá an leasú seo tarraingthe siar de réir an Teachta.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 258.

Tá leasú Uimh. 259 in ainmneacha na dTeachtaí Ó Snodaigh, Ó Dálaigh agus Ní Fhearghail.

Tairgim leasú Uimh. 259:

I leathanach 33, línte 6 agus 7, "an tAire, a luaithe is indéanta, aon treoirlínte a eiseofar faoi fho-alt (1) a fhoilsiú" a scriosadh agus "an tAire aon treoirlínte a eiseofar faoi fho-alt (1) a fhoilsiú, an dáta céanna a eiseofar iad," a chur ina ionad.

Leasú simplí atá anseo go ndéanfar na treoirlínte do chaighdeáin teanga a fhoilsiú ar "an dáta céanna" a sheolfar iad in áit "a luaithe is indéanta". Má eiseofar iad, beidh siad ar fáil ag an Roinn agus réidh lena bhfoilsiú. Mar sin, ní cóir go mbeadh aon mhoill ag baint leo le hiad a chur suas ar an suíomh Idirlín, mar shampla. Seachas sin, beidh comhlachtaí ag fanacht le foilsiú na dtreoirlínte in áit a bheith ag cloí leo ó dháta a n-eisiúna.

Níl sé i gceist agam glacadh le leasú Uimh. 259. Phléamar an cheist chéanna seo nuair a bhí treoirlínte maidir le Cuid 9A den Bhille á phlé againn. Dá mbeadh fadhb leis an suíomh gréasáin ar an lá a eiseofaí treoirlínte agus nach bhféadfaidh iad a fhoilsiú go dtí an lá dar gcionn, bheadh an tAcht á shárú sa chás seo dá gcuirfí an leasú seo i bhfeidhm. Ní dhéanann sé sin aon chiall. Tá sé intuigthe go mbeidh Aire sásta aon treoirlínte a eisíonn sé nó sí a fhoilsiú agus táim sásta go ndéanfar é sin faoi mar a bhfuil scríofa sa Bhille faoi láthair. Ar an mbonn sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá leasú Uimh. 260 in ainmneacha na dTeachtaí Ó Snodaigh, Ó Dálaigh agus Ní Fhearghail.

Tá an leasú seo tarraingthe siar.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 260.

Tá leasú Uimh. 261, in ainmneacha na dTeachtaí Ní Gabhann agus Ní Chonghaile, as ord mar gheall ar mhuirear ar an ioncam. Glaoim ar an Teachta Ní Chonghaile.

Níl rud le rá agam faoi mar go bhfuil sé as ord.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 261.
Aontaíodh alt 7.
AILT NUA

Tairgim leasú Uimh. 262:

I leathanach 33, idir línte 8 agus 9, an méid seo a leanas a chur isteach:

"Leasú ar alt 21 den Phríomh-Acht

8. Leasaítear alt 21 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a)

"(aa) faireachán a dhéanamh, más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh, ar chomhlíonadh aon achtacháin eile ag comhlachtaí poiblí, is achtachán a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla,".".

Is leasú de chuid an Rialtais é leasú Uimh. 262. Molann an leasú seo cumhachtaí breise a thabhairt don Choimisinéir Teanga chun faireachán a dhéanamh ar fhorálacha achtacháin eile a bhaineann le húsáid nó le stádas teanga oifigiúla. Ceadaíonn sa chéad leasú eile don Choimisinéir Teanga tráchtaireachtaí a sholáthar ar an gcaoi a mheasann sé nó sí a bheith iomchuí. Faoi láthair, tá an chumhacht seo ag an gCoimisinéir Teanga maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla amháin, cé go bhfuil sé in ann imscrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh achtacháin eile nuair a fhaigheann sé gearán ón bpobal. Is dul chun cinn mór a bheidh anseo don Choimisinéir Teanga agus cuirfidh sé go mór le comhlíonadh dualgais teanga ó thaobh na gcomhlachtaí poiblí de. Molaim an leasú seo don Teach.

Tréaslaím leis an Aire Stáit sa chás seo agus tá sé thar am go mbeadh breis cumhachtaí ag an gCoimisinéir Teanga. Tá iarracht déanta agam ní hamháin sa mhéid atá fógartha ag an Aire Stáit ansin, ach freisin go mbeadh cumhachtaí breise anuas air sin ag an gCoimisinéir Teanga chomh maith. Mar shampla, ba cheart go mbeadh an chumhacht aige imscrúdú réamhghníomhach a dhéanamh ar Bhillí Thithe an Oireachtais, agus ar reachtaíocht, straitéisí, scéimeanna agus a leithéid. Níor glacadh leis na leasuithe a mhol mé sa chomhthéacs sin toisc "muirear ar an ioncam". Is é an fáth go raibh mé ag iarraidh iad a dhéanamh ná go gcuideodh siad leis an gCoimisinéir Teanga le linn dúinn cumhachtaí breise a thabhairt dó chun fadhbanna a aithint sula dtosaíonn nó a thagann siad a bheith ina bhfadhbanna amach anseo. Bheadh sé in ann an sórt faireacháin bhreise atá leagtha amach dó nó di sa leasú seo a dhéanamh. Bheadh sé nó sí in ann an áit ina bhfuil na fadhbanna a aithint agus bheadh deis aige nó aici cosúil leis na deiseanna atá ag roinnt eagras eile. Mar shampla, tá cead ag Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas scrúdú réamhreachtach a dhéanamh, áit a aithnítear agus a luaitear fadhbanna roimh ré sula mbíonn an Bille achtaithe.

Ní bheadh sé de dhualgas ar an Aire glacadh leis an gcomhairle ón gcoimisinéir agus bheadh cead ag pé Aire - ní gá go mbeadh Aire na Gaeltachta i gceist i gcónaí - a rogha rud a dhéanamh. Mar shampla, dá mbeadh píosa reachtaíochta ag dul chun cinn maidir le ceantar Ghaeltachta, bheadh an coimisinéir in ann sracfhéachaint údarásach, seachas a bheith ach ag dul tríd reachtaíocht, a dhéanamh agus comhairle a chur ansin ar an Aire nó ar an gComh-Aireacht mar gheall air sin.

Tarlaíonn an rud seo freisin maidir le grúpaí eile a bhfuil an chumhacht chéanna acu. Tá an státchóras ag bogadh sa treo sin nó ar a laghad tá an córas reachtaíochta ag déanamh amhlaidh agus bhogamar féin sa treo sin anseo maidir le coistí. Tá an féachaint nó an faireachán réamhreachtach nó pre-legislative scrutiny againn anois mar chuid den ghnáthchleachtas i dTithe an Oireachtais. Is maith an rud é sin. Is é an rud atáimid ag lorg anseo ná go mbeadh an ról sin go sonrach ag an gCoimisinéir Teanga i leith rudaí a bhaineann leis an teanga agus le ceantair Ghaeltachta.

Bhí dhá leasú i gceist agam - leasuithe Uimh. 271 agus 272. Bheinn ag impí ar an Aire Stáit an bhféadfadh sé féachaint orthu sin - tá a fhios agam go bhfuil siad as ord – roimh an chéad Chéim eile ionas gur féidir leis cur leis an leasú seo, Uimh. 262, a bhfuil fáilte á chur againn roimhe. Más féidir é sin a lua, bheinn sásta.

Mura ndéanann an tAire Stáit é sin, beidh orm teacht timpeall an bhaic atá orm leasú a chur. Tá bealaí timpeall air sin trínar féidir linn é seo a phlé. Ní sin atá i gceist agam. Táim ag iarraidh go dtabharfaidh an reachtaíocht seo tacaíocht don choimisinéir, maraon le hAchtanna eile agus leis na rialacháin a bheidh ann amach anseo.

Cuirim fáilte roimh an leasú seo ón Aire Stáit. Is céim chun cinn é agus tá sé dearfach, ach níl sé leathan go leor. Tá sé soiléir dúinn go bhfuil cumhachtaí breise ag teastáil ón gCoimisinéir Teanga. Táimid ag brath go huile is go hiomlán ar an oifig sin. Déanann an fhoireann obair na gcapall ar an talamh chuile lá. I ndáiríre, níl a fhios agam cén chaoi a leanann siad ar aghaidh. Tá frustrachas orm maidir leis an bpróiseas seo agus tá an fhoireann sin ag déileáil leis an bhfrustrachas céanna lá i ndiaidh lae agus ag iarraidh obair i mbealach dearfach le comhlachtaí agus le Ranna agus eagraíochtaí éagsúla chun cuidiú leo na freagrachtaí is bunúsaí atá orthu a chur chun cinn. Tá ár mbuíochas tuillte ag an gCoimisinéir Teanga agus ag an bhfoireann bheag atá aige. Ní mór dúinn cuimhneamh gur éirigh an chéad choimisinéir as a phost de bharr an chuir i gcéill gur chreid sé a bhí ann. Ba rud thar a bheith neamhghnách é go ndúirt sé go soiléir gur éirigh sé as a phost de bharr an chuir i gcéill a bhí i gceist ag an státchóras ó thaobh na Gaeilge de, más buan mo chuimhne. Ní dóigh liom go bhfuil aon dul chun cinn déanta ó shin ó thaobh an cur i gcéill de.

Is rud dearfach é an leasú ach ba chóir go mbeadh sé i bhfad níos leithne má táimid i ndáiríre faoin nGaeilge a chur chun cinn ar chuile leibhéal den státchóras agus faoi aitheantas a thabhairt gurb í an chéad teanga oifigiúla atá againn agus go bhfuil cearta bunúsacha i gceist an t-am uilig. D'fhoilsigh an Rialtas seo tuarascáil ó thaobh na gceantar tuaithe de i mBéarla uilig roimh an Nollaig agus níl cóip den tuarascáil le fáil i nGaeilge fós. Clúdaíonn sé an neamhaird atá á déanamh go laethúil ó thaobh na Gaeilge de. Bheadh sé i bhfad níos fearr dá mba rud é go raibh an tAire Stáit sásta dul ar ais agus smaoineamh ar na bealaí inar féidir tuilleadh cumhachtaí a thabhairt don Choimisinéir Teanga agus don oifig atá aige ionas go mbeidh siad in ann obair go réamhghníomhach. Tá sé sin ag teastáil má táimid i ndáiríre faoin nGaeilge. Tá ceannaireacht uainn ag teastáil ar leibhéal amháin agus ansin tá foireann ar an talamh atá in ann a chinntiú go bhfuil na dualgais bhunúsacha sin comhlíonta ag na heagraíochtaí éagsúla ag teastáil freisin. Ba chóir go mbeadh an fhoireann sin in ann breathnú i mbealach réamhghníomhach ní hamháin ar Bhillí ach ar pholasaí agus ar cháipéisí maidir leis an nGaeilge. Dá mba rud é go raibh an ról sin ag an gcoimisinéir, agus é bunaithe i bhforálacha an Bhille seo, bheimis níos faide siar an bhóthair agus b'fhéidir go mbeadh deireadh leis an gcur i gcéill faoi dheireadh.

Tá leasú agam faoi chumhachtaí breise freisin. Beidh orm teacht ar ais anois agus, mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, bealach eile a fháil chun tuilleadh cumhachtaí a thabhairt don Choimisinéir Teanga. Fáiltím roimh an leasú.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis glacadh leis.

Tairgim leasú Uimh. 263:

I leathanach 33, idir línte 8 agus 9, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 29 den Phríomh-Acht

8. Leasaítear alt 29 den Phríomh-Acht trí “den Acht seo, nó fhorálacha aon achtacháin, nó aon fhorálacha áirithe d’aon achtachán a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla,” a chur in ionad “den Acht seo,”.”.

Maidir le leasú Uimh. 263 de chuid an Rialtais, mhol an leasú roimhe seo cumhacht bhreise a thabhairt don Choimisinéir Teanga chun faireacháin a dhéanamh ar fhorálacha in achtacháin eile a bhaineann le húsáid nó le stádas teanga oifigiúla. Ceadaíonn an leasú seo don choimisinéir tráchtaireachtaí a sholáthar ar an gcaoi a measann sé nó sé a bheith iomchuí. Faoi láthair, tá an chumhacht seo ag an gCoimisinéir Teanga maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 amháin, cé go bhfuil sé in ann imscrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh achtachán eile nuair a fhaigheann sé gearán ón bpobal. Tabharfaidh an chumhacht bhreise seo deis don Choimisinéir Teanga a chuid tuairimí i leith reachtaíocht eile a bhaineann leis an nGaeilge agus an chaoi ina bhfuil an reachtaíocht sin á comhlíonadh a chur os comhair an phobail. Is dul chun cinn suntasach é seo a chinnteoidh go bhfuil reachtaíocht eile a bhfuil tionchar aici ar an nGaeilge á cur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr agus níos éifeachtúla.

Cosúil leis an leasú deireanach, fáiltím roimhe seo. Tá an loighic chéanna i gceist sa chás seo. Dar ndóigh, beidh breis airgid agus breis maoinithe ag teastáil ón gcoimisinéir agus tá súil agam, agus é ag tabhairt an chumhacht bhreise seo dó, go gcinnteoidh an tAire Stáit go mbeidh an t-airgead cuí agus an fhoireann cheart ag an gcoimisinéir chun a dhualgais nua a chomhlíonadh agus an obair bhreise a bheidh roimhe a dhéanamh. Gabhaim buíochas don Choimisinéir Teanga atá ann faoi láthair agus don fhoireann atá aige. Tá éacht á dhéanamh acu. Ní rófhada ó shin a briseadh croí an choimisinéara dheireanaigh agus go raibh air éirí as an bpost toisc an frustrachas a bhí air i leith an chuir chuige a bhí ag an státchóras i leith na Gaeilge.

Tá dhá ról reachtúla ag an gCoimisinéir Teanga faoin mBille nua seo. Tá sé tábhachtach. Agus mé ag caint ar an leasú deireanach, dúirt mé go mbeadh ról ag an gcoimisinéir roimh achtú reachtaíochta. Beidh sé nó sí in ann moltaí a chur ar aghaidh chuig Airí faoi choimisiún na meán, mar shampla. Tá pleananna ann reachtaíocht a thabhairt chun cinn maidir leis seo. Beidh an coimisinéir in ann a rá gur chóir go mbeadh an Ghaeilge ag croílár aon reachtaíocht ó thaobh na meán cumarsáide de, go mbeadh cosaintí ann, agus go mbeadh cur chuige ceart ann.

Beidh sé in ann déileáil le conspóidí áit a ndiúltaíonn Airí déileáil le ceisteanna i nGaeilge nó faoin nGaeilge chomh maith. Mar shampla de sin, chuir mo chomhghleacaí, an Teachta Conway-Walsh, ceist ar an Aire, an Teachta Harris. Bhí sí ag lorg go mbeadh an Ghaeilge curtha san áireamh i straitéis na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta. Dhiúltaigh an tAire aon chur chuige ar leith don Ghaeilge a chur sa straitéis sin. Níl aon chumhacht ag an gCoimisinéir Teanga maidir leis sin. Is ceann de na fadhbanna é sin. Níl aon chumhacht aige maidir le hAirí atá ag déanamh neamhaird ar an nGaeilge nó ar an ról atá aici sna Ranna difriúla.

Mar a dúirt mé, fáiltím roimh an leasú. Níl mé chun moill a chur air seo ach impím ar an Aire Stáit arís, mar a rinne mé níos luaithe, féachaint, idir seo agus an chéad Chéim eile, an féidir breis cumhachtaí a thabhairt don choimisinéir. Ní gá go mbeadh breis airgid i gceist toisc go mbeidh daoine breise á bhfostú ar aon chaoi chun na dualgais bhreise seo a chomhlíonadh. B'fhéidir gur féidir cur leis an méid dualgas leis an méid maoinithe agus líon foirne céanna. Níl aitheantas tugtha don líon foirne cheana féin. Chuir muid ceist ar an gCoimisinéir Teanga an mbeidh breis foirne ag teastáil chuige sin. Dúirt sé go bhfuil ochtar ag obair san oifig faoi láthair agus go raibh seisear ann nuair a thosaigh sé in 2014. Dúirt sé gur oifig an-bheag atá aige, ceann de na cinn is lú sa Stát. Ag brath ar céard a thagann amach ag deireadh seo ar fad nuair atá an Bille críochnaithe, samhlaíonn an coimisinéir go mbeidh air agus ar a lucht oifigeach suí síos agus dul trí na cúraimí breise a bheidh acu, plean oibre a chur le chéile, agus féachaint cén bhreis foirne a bheidh ag teastáil chun é sin a chur i gcrích.

Níl cinneadh déanta ó thaobh an choimisinéara de toisc nach bhfuil an Bille achtaithe agus, mar sin, níl a fhios aige go díreach cé mhéad duine breise atá ag teastáil. Bheadh sé éasca go leor dualgais bhreise a chur ar an gcoimisinéir ag an am céanna agus a bheadh sé ag déileáil leis na dualgais bhreise atá á gcur air ag an Aire Stáit leis an dá leasú seo. Beidh air ansin féachaint ar conas a thabhairt faoi na dualgais bhreise sin.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis glacadh leis.

Tá grúpa leasuithe ann, leasuithe Uimh. 264 go dtí 269, go huile, atá as ord. Tá cúpla soicind ag an Teachta Ó Snodaigh chun caint faoin ngrúpa ar fad.

Labhróidh mé orthu go an-ghasta. Tá díospóireacht tar éis a bheith againn faoi scóip an Bhille. Is é sin an fáth go bhfuil an raic seo ann. Déarfaidh mé arís go bhfuil sé seafóideach go huile agus go hiomlán go bhfuil na leasuithe seo as ord agus muid ag déileáil le reachtaíocht a dhéanfaidh leasuithe ar bhunBhille a dhéileálann le seirbhísí Gaeilge an Stáit. Baineann gach uile cheann de na leasuithe seo le seirbhísí Gaeilge an Stáit agus, de thairbhe air sin, níl loighic ar bith le hiad a bheith as ord. Ba chóir go mbeadh an Stát ag gealladh gach uile cheann acu seo ar aon chaoi. Níl tuairimíocht é seo; is dualgais iad seo gur chóir iad a bheith ar an Stát ar aon chaoi. Fágfaidh mé ansin é. Is drochlá é nuair nach féidir linn leasuithe a chur isteach ar Bhille faoi sheirbhísí Gaeilge agus Gaeltachta an Stát a thriailfeadh cur leis sin seachas baint de agus nuair atá na leasuithe sin as ord.

Beidh mé go gairid. Tá sé tráthúil nó oiriúnach an t-alt 19H atá molta i leasú Uimh. 268 a phlé inniu. San alt seo, deirtear "Ní ceadmhach d’aon fhostóir cosc a chur ar aon fhostaí dá chuid nó dá cuid an Ghaeilge a labhairt nó a scríobh nó an leagan Gaeilge de logainm Éireannach a rá" i gcúrsa a chuid fostaíochta nó a cuid fostaíochta.

Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 264 go 269, go huile.

Tairgim leasú Uimh. 270:

I leathanach 33, idir línte 8 agus 9, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 21 den Phríomh-Acht

8. Leasaítear alt 21(1) den Phríomh-Acht—

(a) i mír (a), trí “, nó ar chomhlíonadh fhorálacha aon Achta eile a bhaineann le teanga oifigiúil a úsáid,” a chur isteach i ndiaidh “an Achta seo”,

(b) i mír (b), trí “nó forálacha aon Achta eile a bhaineann le teanga oifigiúil a úsáid” a chur isteach i ndiaidh “an Achta seo”, agus

(c) i míreanna (d) agus (e), trí “nó faoi fhorálacha aon Achta eile a bhaineann le teanga oifigiúil a úsáid” a chur isteach i ndiaidh “faoin Acht seo”.”.

Táimid ag bogadh róthapa dom. Cá bhfuil mo nótaí imithe? Tá siad ar strae. Tá brón orm.

Rinneamar plé ar an leasú seo cheana féin le leasú Uimh. 262 so ní chuirfidh mé moill ar chúrsaí. Tá cumhacht faireacháin amháin as ceithre de chuid an choimisinéara srianta d'Acht 2003 faoi láthair. Ba mhaith linn alt 8 nua a chur isteach leis an leasú seo. Déanfar focail a chur isteach in ailt 21(1)(a) go 21(1)(e) den phríomhAcht leis an leasú seo a chinnteoidh go mbeidh feidhm ag na fomhíreanna sin in Achtanna eile chomh maith leis an Acht ó 2003. Má tá an tAire Stáit dáiríre faoin gcumhacht faireacháin a leathnú amach anseo, ba chóir go mbeadh dualgais ar an gcoimisinéir i leith Achtanna eile. Nílim ag caint faoi na hAchtanna atá le teacht amach anseo.

Glacaim le spiorad an mholta sin. B'fhéidir go mbeidh seans ag an Aire Stáit féachaint air agus teacht ar ais chugainn. B'fhéidir go mbeidh deis ann ó thaobh an mholta. Aontaím leis an Teachta.

Maidir le leasú Uimh. 270, tar éis dul i mbun comhairliúcháin le hoifigigh an Choimisinéara Teanga agus tuairimí an choimisinéara agus a chuid oifigeach a fháil, tá sé i gceist ag an Rialtas cumhacht bhreise a thabhairt don Choimisinéir Teanga mar atá molta i leasuithe an Rialtais. Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisinéir Teanga faireachán a dhéanamh ar fhorálacha in achtacháin eile a bhaineann le húsáid nó le stádas teanga oifigiúla agus tráchtaireachtaí a sholáthar ar an gcaoi a measann sé nó sí a bheith iomchuí. Faoi láthair, tá an chumhacht seo ag an gCoimisinéir Teanga maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 amháin, cé go bhfuil sé in ann imscrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh achtachán eile nuair a fhaigheann sé gearán ón bpobal. Is céim chun cinn é seo a dhéanfaidh difríocht mhór d'obair an choimisinéara. Mar go bhfuil leasú molta ag an Rialtas ar an ábhar seo cheana féin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá grúpa leasuithe eile atá as ord, leasuithe Uimh. 271 go 277, go huile.

Maidir le leasuithe Uimh. 271 go 273, go huile, bhí roinnt den díospóireacht sin againn cheana féin. Bhaineann sé leis an gCoimisinéir Teanga. Maidir leis an leasú nár luaigh mé go dtí seo, Uimh. 275, is é an prionsabal atá i gceist leis ná "nach gcaithfear leis an nGaeilge ar bhonn is lú fabhar ná mar a chaithfear leis an mBéarla". Leis an méid a tharla le seachtain anuas, measaim gur chóir go mbeadh sé sin ar bharr chloigeann an Aire Stáit. Tá an prionsabal seo ann sa Bhreatain Bheag. Ba chóir déanamh cinnte de go mbeadh sé mar phrionsabal anseo.

Cuireadh leasú Uimh. 277 isteach sa ghrúpa, nár cuireadh? Tá sé mar aidhm ag an leasú seo An Coimisiún Logainmneacha a athbhunú. Tá sé sin an-tábhachtach nuair a fheictear cad a tharla thíos i gCiarraí ó thaobh ainm eastáit. Bhí an coimisiún go maith. Ní bhfuarthas réidh leis toisc nach raibh sé ag déanamh na hoibre ach toisc an bord snip agus an easpa aitheantais agus an easpa measa a bhí ag na daoine a chuir na pleananna sin le chéile ar a lán den obair a bhí á déanamh. Tá daoine ag déanamh na hoibre anois ar bhonn difriúil ach táim den tuairim gur chóir go n-athbhunófar An Coimisiún Logainmneacha. Ní cóir go bhfuil muid ag fáil réidh leis. Táimid ag fáil réidh leis anseo ar bhonn teicniúil; tá an coimisiún imithe agus táimid chun é a bhaint ón bpríomhAcht. Tá mise den tuairim, áfach, gur chóir é a athbhunú.

Tá sé ráite cheana ach an meabhróidh an Leas-Chathaoirleach dom cén fáth go bhfuil mo leasú as ord? De bharr mhuirir ar an ioncam, an ea? Táim ag caint faoi leasú Uimh. 276.

Tá sé as ord de bharr mhuirir ar an ioncam.

Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 271 go 277, go huile.
Cuireadh an cheist, "Go bhfanfaidh alt 8 mar chuid den Bhille", agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis glacadh léi.
ALT 9

Tá baint ag leasuithe Uimh. 278 agus 279 le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 278:

I leathanach 33, líne 13, “ag a bhfuil an leibhéal inniúlachta is gá i nGaeilge agus” a chur isteach i ndiaidh “cibé daoine”.

Chonaic muid céard a tharla nuair a rinne Comhairle Contae Chiarraí cinneadh glacadh le comhairle ó cibé daoine ar mhian léi agus í ag socrú ainm d'eastát nua.

Ghlac sí le "Pairceanna na Glas", rud nach bhfuil ciall ar bith ag baint leis agus atá maslach do mhuintir agus do phobal teanga na háite. Ba chóir go mbeadh coiste buan, ar nós an Choimisiúin Logainmneacha, lena mbeadh neamhspleáchas agus cáilíocht faoi leith ag baint chun cinntí tábhachtacha a dhéanamh faoi logainmneacha an Stáit. Ar a laghad, ba chóir go mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge mar choinníoll chun an ról seo a chomhlíonadh.

Léirigh an tAire Stáit cheana féin go raibh sé sásta go mbeadh Béarlóirí amháin i gceannas ar phleanála do sheirbhísí Gaeilge agus léirigh a Roinn go bhfuil sí sásta nár chóir go mbeadh Gaeilge riachtanach chun ról sinsearach a bhaint amach sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán féin. An bhfuil sí ag lorg freisin go mbeadh Béarlóirí ag déanamh cinntí ar logainmneacha Gaeilge gan fiú Gaeilge a bheith acu? Ní hionann taithí agus saineolas i leith logainmneacha agus taithí agus saineolas i leith leaganacha Gaeilge de logainmneacha. Sin atá i gceist sa Bhille seo agus thabharfadh sé an deis do dhaoine gan Ghaeilge, más mian le hAire ról a thabhairt dóibh, a bheith ag dearbhú logainmneacha Gaeilge gan tagairt do riachtanais nó stair na teanga sin.

Ceann de na botúin mhóra a rinne an Rialtas roimh an Rialtas deireadh ná fáil réidh leis an gCoimisiún Logainmneacha. Téann stair an choimisiúin siar i bhfad agus bhí saineolaithe ag tabhairt a gcuid ama in aisce ar an gcoimisiún. Ní hé go raibh aon chostas leis seo ach bhí an Rialtas sin ag iarraidh a bheith in ann a rá go bhfuair sé réidh leis an oiread seo comhlachtaí agus eagraíochtaí Stáit. Nuair a rinneadh é, d'fhág sé nach raibh an tAire in ann orduithe logainmneacha a dhéanamh mar bhí gá go mbeadh comhairle ón gCoimisiún Logainmneacha. Is ceart an Coimisiún Logainmneacha a scrúdú arís. Ba cheart go mbeadh a leithéid ann de réir dlí agus go mbeadh seasamh leis. Bhí an coimisiún ann i bhfad sula raibh an brainse logainmneacha ann. Éinne a bhreathnaíonn ar www.logainm.ie, feiceann siad an saibhreas dochreidte atá ann, Thuaidh agus Theas, de bharr obair na gcoimisiún éagsúla a bhí ann chomh maith leis an mbrainse logainmneacha. Tá éacht déanta acu. Níl aon rud a chuireann níos mó cantal ar dhaoine ná droch-Ghaeilge a bheith curtha suas ar chomharthaí nó droch-Ghaeilge i logainmneacha nach bhfuil stair, páirt ná baint acu leis an áit.

Aontaím le spiorad na leasuithe seo agus dá mbeadh an tAire Stáit in áit difriúil, b'fhéidir go mbeadh sé ag lorg níos mó solúbthachta leo. Muna bhfuil sé ábalta na leasuithe a ghlacadh b'fhéidir go dtiocfaidh sé ar ais mar gheall orthu ar an gcéad Chéim eile. Chomh maith leis sin, aontaím leis an Teachta Ó Cuív mar gheall ar an éacht agus an sárobair atá déanta san am roimhe seo leis na logainmneacha agus an saibhreas atá iontu. Nuair a théann duine ar www.logainm.ie, tá saibhreas mór fá choinne achan cheantar, achan bhaile agus achan áit sa tír, Thuaidh agus Theas. Dá mbeadh aon seans nó deis ann amach anseo, ba cheart dúinn a bheith níos solúbtha leis na leasuithe seo. B'fhéidir go mbeidh an tAire Stáit níos solúbtha leo.

Tagraím do leasuithe Uimh. 278 agus 279. Leagtar amach san alt seo na cumhachtaí atá ag Aire maidir le horduithe logainmneacha. Tar éis an leasú seo a imscrúdú, táim go láidir den tuairim nach bhfuil bac ar an Aire dul i gcomhairle le daoine mar atá molta sna leasuithe seo. Maítear i leasú Uimh. 278: "ag a bhfuil an leibhéal inniúlachta is gá i nGaeilge agus” agus maítear sa Bhille: "ag a bhfuil taithí nó saineolas ... [acu] ar nithe a bhaineann le logainmneacha", agus leaganacha Gaeilge de logainmneacha atá i gceist anseo. É sin ráite, tá an coiste logainmneacha ag feidhmiú faoi láthair agus an príomhdhualgas atá ar an gcoiste sin ná comhairle a chur ar an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le logainmneacha na hÉireann. Ba chóir go mbeadh tagairt shonrach don choiste logainmneacha anseo sa Bhille agus tá sé i gceist agam aghaidh a thabhairt ar ais ar sin trí leasú a thabhairt chun cinn ar Chéim na Tuarascála. Ar an mbonn sin, b'fhéidir go mbeadh an Teachta sásta an leasú seo a tharraingt siar.

Bhí an ceart ag an Teachta Ó Cuív nuair a luaigh sé an Coimisiún Logainmneacha, an ról lárnach a bhí aige agus go rinneadh botún nuair a fuarthas réidh leis. Déantar botúin ach de ghnáth déantar iarracht iad a cheartú agus sin a bhí muidne ag trialliú a dhéanamh sna leasuithe san alt deireanach, ach tiocfaimid ar ais chuige sin am éigin.

Tá mé sásta féachaint ar na leasuithe seo an athuair chun déanamh cinnte de go bhfuil an impact iomlán atá i gceist agamsa ann agus, dá réir, tá mé sásta iad a tharraingt siar mar tá luaite ag an Aire Stáit go mbeidh sé ag féachaint an athuair ar an gcuid seo agus ag tógáil leasú chun cinn ar Chéim na Tuarascála. Tá súil agam go mbeidh sé láidir go leor go mbeidh muid in ann tacú leis.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an méid a dúirt an tAire Stáit. Ba cheart go mbeadh sé luaite san Acht agus beidh mé ag tnúth leis an leasú sin a fheiceáil. Caithfidh mé a rá, ó thaobh na staire de, b'fhearr liom é dá mbeadh coimisiún ann, fiú más coimisiún neamhreachtúil a bheadh ann, seachas coiste mar tá stádas áirithe ag baint leis an ainm an Coimisiún Logainmneacha.

An bhfuil an Teachta Ó Snodaigh ag tarraingt siar leasuithe Uimh. 278 agus 279?

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú Uimh. 279:

I leathanach 33, líne 14, “de réir mar is cuí leis nó léi” a scriosadh agus “go háirithe le leaganacha Gaeilge de logainmneacha” a chur ina ionad.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.
Aontaíodh alt 9.
AILT NUA

Tá baint ag leasuithe Uimh. 280 agus 284 le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 280:

I leathanach 33, idir línte 16 agus 17, an t-alt nua seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht

10. Leasaítear an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) i mír 1—

(i) trí fhomhír (4) a scriosadh, agus

(ii) i bhfomhír (5), tríd an gclásal seo a leanas a chur in ionad chlásal (d):

“(d) aon chomhlacht, eagraíocht nó grúpa eile—

(i) a bhfuil feidhmeanna a bhaineann leis an bpobal i gcoitinne, nó le haicme den phobal i gcoitinne, tugtha dó nó di le haon achtachán, nó

(ii) a gceadaítear dó nó di nó a gceanglaítear air nó uirthi le haon cheadúnas nó údarás arna dheonú nó arna thabhairt faoi aon achtachán feidhmeanna a chomhlíonadh faoin achtachán sin nó faoi aon achtachán eile a bhaineann leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne.”,

(b) i mír 2, trí “chlásal (d) de mhír 1(5)” a chur in ionad “chlásal (b) de mhír 1(5)”,

(c) i mír 3, trí na focail “fomhír (1) nó” a chur isteach roimh na focail “fomhír (2) de mhír 1”, agus

(d) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 3:

“3A. Le linn don Aire rialacháin a dhéanamh i leith comhlachta, eagraíochta nó grúpa de réir an Sceidil seo, beidh aird aige nó aici ar chríocha an Achta seo agus, le linn dó nó di déanamh amhlaidh, cuirfidh sé nó sí na nithe seo a leanas i gcuntas:

(a) an leibhéal cumarsáide, cibé acu i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach, leis an teileafón nó i bpearsa, idir an comhlacht, an eagraíocht nó an grúpa lena mbaineann agus an pobal i gcoitinne nó aicme den phobal i gcoitinne;

(b) an leibhéal cumarsáide, cibé acu i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach, leis an teileafón nó i bpearsa, idir an comhlacht, an eagraíocht nó an grúpa lena mbaineann agus an pobal i gcoitinne nó aicme den phobal i gcoitinne a chónaíonn i Limistéar Gaeltachta, i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, i mBaile Seirbhíse Gaeltachta nó i Líonra Gaeilge.”.”.

Is leasú é seo ar alt (1)(5)(d) den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 chun breithiúnas a chur i gcuntas a bhfuil comhairle faighte ina thaobh ó Oifig an Ard-Aighne. Chomh maith leis sin, cinnteoidh gné bhreise den leasú atá beartaithe go mbeidh sé de rún ag an Aire liosta iomlán na comhlachtaí poiblí atá faoi scáth an Achta a leasú. Is leasuithe teicniúla iad seo.

Tá sé i gceist agam leasú eile a thabhairt ar ais ar Chéim na Tuarascála a chinnteoidh go ndéanfar nuashonrú ar sceideal an Achta gach dara bliain ar a laghad. B'fhéidir go bhfuil an Teachta Daly nó an Teachta Ó Snodaigh chun leasú Uimh. 284 a phlé i dtús báire agus ansin tabharfaidh mé mo fhreagra.

Tá mé ag féachaint ar an gclog agus tá muid beagnach críochnaithe leis an gcéad seisiún. Beidh na baill agus ár n-aíonna ag teacht ar ais don tarna seisiún agus is trua sin.

Críochnóimid an píosa seo.

Tá buairt orm faoi leasú Uimh. 280. Gheall an tAire Stáit go mbeadh sé i gceist aige a chinntiú san Acht i mí Dheireadh Fómhair go mbeadh athbhreithniú rialta déanta gach dara bliain ar na comhlachtaí poiblí ar an liosta seo. Tá dhá bhealach chun déileáil leis an liosta seo. Ceann amháin ná an bealach atá i gceist agam, go mbeadh gach uile comhlacht Stáit agus Roinn Stáit ar an liosta. An ceann eile ná go ndéanfar liosta mór leanúnach agus go gcuirtear leis an liosta. I roinnt reachtaíochta, déantar mar atá an tAire Stáit ag déanamh sa leasú seo agus i roinnt reachtaíochta eile, maítear gach uile chomhlacht. Mar shampla, tá an tAire Stáit ag fáil réidh leis na boird sláinte. Ní ann dóibh a thuilleadh agus glacaimid leis sin ach an mbeidh aon dochar ansin maidir le Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte? An bhfuil NPHET luaite, mar shampla?

Tá sraith chomhlachtaí ann agus a luaithe is a chuirtear liosta le chéile, tá sé cosúil le má théitear go dtí ócáid agus go bhfuil liosta ag gabháil buíochas le daoine. Fágtar duine éigin ar lár agus ansin imíonn dhá bhliain sula thagtar ar ais chuige. Sin í an fhadhb agus má dhéantar foirmle fhocail a chlúdaíonn gach rud, measaim féin, agus tá sé in a lán reachtaíochta eile, gur sin an bealach chun é a dhéanamh. Clúdaítear gach rud seachas a bheith ag déanamh iarracht gach uile dhream a tharraingt le chéile. Clúdaítear gach rud má tharlaíonn athrú ar an teideal agus clúdaítear gach rud má tharlaíonn athrú ar an suíomh gréasáin nó a leithéid.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis glacadh leis.

Mar gheall gur 2.30 p.m. é, caithfimid briseadh anois go dtí 3.30 p.m. agus tiocfaimid ar ais ag na leasuithe atá fágtha againn. Seans go mbeidh muid críochnaithe ansin.

Cuireadh an suí ar fionraí ar 2.30 p.m. agus cuireadh tús leis arís ar 3.32 p.m.

Tá leasuithe Uimh. 281 go 283, go huile, as ord.

Cé go bhfuil leasú Uimh. 281 as ord, ba mhaith liom focal a rá faoi thoghchán an údaráis. I measc na ngealltanas eile atá sa chlár Rialtais a bhaineann go sonrach le hÚdarás na Gaeltachta, luaitear go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúr, feidhmiúchán agus rialachas Údarás na Gaeltachta ar an bpróiseas roghnúcháin toghchán i ndáil le bord an údaráis. Tá obair idir lámha faoi stiúir an Aire, an Teachta Catherine Martin, agus mé féin maidir le fheidhmiú an ghealltanais sin i dtreo tús a bheith curtha le beart ábhair ina leith gan mhoill. Tá comhthéacs seo ag braith ar thorthaí an athbhreithnithe seo. Tá sé i gceist ag an Rialtas Bille a thabhairt chun cinn ar mhaithe le toghchán an údaráis a thabhairt ar ais.

Cuirim fáilte roimh an ráiteas sin. Tá súil agam go mbeidh toghchán ann.

Fáiltím roimh a bhfuil á rá ag an Aire Stáit mar ghoill sé go mór ar mhuintir na Gaeltachta nuair a baineadh an vóta díobh agus toghchán an údaráis á stopadh. Bhí nasc idir phobal na Gaolainne, pobal na Gaeltachta agus an údarás a briseadh. An tslí go bhfuil sé, tá roinnt cheantar, mo cheantar féin, Múscraí agus Cléire san áireamh, go raibh gan ionadaíocht ar an mbord ar feadh roinnt bhlianta toisc an tslí go bhfuil an róta ann. Is maith an rud é agus is dul chun cinn é go bhfuil an Comhairleoir Gobnait Moynihan ainmnithe mar ionadaí ar feadh roinnt bhlianta, ach arís beidh bearna ann má leanfar leis an gcóras atá ann. Níl an córas atá ann oiriúnach i gcomhair a lán de mhuintir na Gaeltachta. Ba mhaith leo go mbeadh an toghchán ann. Fáiltím roimh a dúirt an tAire Stáit ansin. Aontaím go bhfuil deacracht leis an toghchán a thabhairt isteach láithreach ach is fiú féachaint ar na leasuithe agus an tairbhe agus an spiorad iontu a thógáil ar lámh agus féachaint an bhféadfaí rudaí a bhrú ar aghaidh ansin arís. Fáiltím roimh a bhfuil á rá ag an Aire Stáit go mbeidh sé ag tógáil céimeanna ina threo sin chun toghchán a thabhairt ar ais do mhuintir na Gaeltachta.

Cuirim fáilte roimh an méid a dúirt an tAire Stáit. Tá sé mar pholasaí ag Sinn Féin gur chóir na toghcháin a thabhairt ar ais chomh luath agus is féidir. Is léir ón scéal a bhris amach inniu faoi Randox Teoranta go raibh níos mó muiníne ag muintir na Gaeltachta as an údarás nuair a bhí guth acu ann trí chomhaltaí bord an údaráis a roghnú i dtoghchán. Caithimid cur i gcuimhne go raibh cinntí mar gheall ar fhorbairt na Gaeilge á ndéanamh ag dreamanna neamhthofa i nGaeltarra Éireann go dtí gur éirigh le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agóid a dhéanamh chun ionchur a chinntiú. Is éard atá i gceist leis na leasuithe seo ná an ról a aithint sa dlí agus cuirim fáilte roimh an nuacht seo.

Mar is eol don Aire Stáit, bhí mise glan in aghaidh an chinnte a rinneadh deireadh a chur leis na toghcháin. Tá leasú áirithe ag teastáil ar an gcaoi go dtoghtar daoine agus caithfear déanamh cinnte go mbeidh Gaeilge den scoth ag chuile dhuine a bheas ar bhord an údaráis ach ní mór é a thabhairt ar ais don phobal. I chuile chontae tá tromlach mór na ndaoine a bhfuil vóta acu na hionadaithe don chomhairle chontae a roghnú, tofa taobh amuigh den Ghaeltacht, gan aon cheantar Gaeltachta ina gceantar toghcháin. Fiú iad siúd go bhfuil ceantar Gaeltachta ina gceantar toghcháin, tá cónaí ar go leor acu a thoghtar taobh amuigh den Ghaeltacht, gan aon eolas acu ar an nGaeltacht, gan aon Ghaeilge acu féin agus mar sin gan mórán eolas acu ar céard atá ar bun sa Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, is féidir leo duine ar bith a roghnú, bíodh Gaeilge nó ná bíodh Gaeilge acu.

Má bhí deireadh le cur le bord tofa, b'fhearr i bhfad go mbeadh siad ainmnithe ag an Aire ná an córas a cuireadh ann. Bhí sé sin ar an gcóras is measa a bhféadfadh cuimhneamh air. Fáiltím roimh an bhfógra go ndéanfar seo a athbhreithniú agus tá mé cinnte go ndéanfaidh an tAire Stáit beart de réir a bhriathar. Guím chuile rath ar an Aire Stáit mar is gníomh a theastaítear anseo agus caithimid é seo a thabhairt ar ais do phobal na Gaeltachta. Caithimid déanamh cinnte de gur daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht, ar spéis leo an Ghaeltacht agus atá dílis don Ghaeltacht a bheas ar an mbord. Beidh mé ag súil le moltaí cuimsitheacha ón Aire Stáit maidir le cén bealach is fearr dul chun cinn a dhéanamh agus go mbeidh níos mó ann ná díreach toghcheantar agus cé mhéad a thoghfar i chuile cheantar.

Tá roinnt rudaí áirithe eile go gcaithfear tógáil san áireamh ach tréaslaím leis an Aire Stáit agus beidh mé ag tnúth le dul chun cinn faoi dheireadh ar an gceist seo. Níl aon amhras agam, ná ag éinne atá ina chónaí sa Ghaeltacht agus atá ag plé le cúrsaí Gaeltachta ó lá go lá, go bhfuil an ceangal a bhíodh ann idir an bpobal agus an Ghaeltacht laghdaithe go mór in ionad a bheith treisithe agus ag treisiú. Is iad sin an úinéireacht agus an ceangal idir an bpobal agus an t-údarás ar cheart dóibh a bheith ann.

Fáiltím roimh an bhfógra sin. Is fógra dearfach é gan dabht. Tá sé suntasach go bhfuil an tAire Stáit in ann rud a rá faoi leasuithe mar seo agus iad as ord agus nach raibh sé sásta riamh sa phróiseas seo aon rud a rá faoi na leasuithe eile a bhí as ord mar ní raibh baint ar bith aige leo. Anois, áfach, tá an tAire Stáit in ann rud éigin a rá. Tá sé sin suntasach. B'fhéidir go mbeidh an tAire Stáit in ann teacht ar ais arís maidir leis na leasuithe eile atá as ord mar tá sé sásta anois rud dearfach a rá, ach nuair a bhíomar ag impí air rud a rá faoi na leasuithe eile ní raibh sé in ann.

Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 281 go 283, go huile.

Phléigh muid cheana leasú Uimh. 284 in éineacht le leasú Uimh. 280.

Tairgim leasú Uimh. 284:

I leathanach 33, idir línte 16 agus 17, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht

10. Leasaítear mír 1 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (4):

“(4A) Gach comhlacht, eagraíocht nó grúpa a fhaigheann airgead go díreach ó Aire den Rialtas, ó Roinn Stáit, ón bPríomh-Chiste nó ó chomhlacht poiblí eile in imthosca inarb éard é an méid, nó comhiomlán na méideanna, a fhaightear amhlaidh 50 faoin gcéad nó níos mó de chaiteachas reatha an chomhlachta, na heagraíochta nó an ghrúpa sin i mbliain airgeadais, nó a bhfuil tromlach na scaireanna inti á shealbhú ag Aire den Rialtas nó thar ceann Aire den Rialtas.”.”.

Cuireadh an cheist agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú di.

Tairgim leasú Uimh. 285:

I leathanach 33, idir línte 16 agus 17, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 7 d’Acht na nGiúiréithe, 1976

10. Leasaítear Acht na nGiúiréithe, 1976 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 7:

“Neamhinroghnacht

7. (1) Beidh na daoine a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal neamh-inroghnaithe le haghaidh seirbhíse giúiré.

(2) Más rud é gurb í an Ghaeilge an teanga atá roghnaithe ag an gcúisí a úsáid sna himeachtaí os comhair na cúirte in aon chás ar leith, nó más rud é go mbeidh an chúirt ina suí i gceantar Gaeltachta, beidh aon duine nach mbeidh inniúil ar fhianaise agus aighneachtaí as Gaeilge a thuiscint gan cúnamh ó ateangaire neamh-inroghnaithe le haghaidh an cháis sin.

(3) Más rud é gurb é an Béarla an teanga atá roghnaithe ag an gcúisí a úsáid sna himeachtaí os comhair na cúirte in aon chás ar leith, beidh aon duine nach mbeidh inniúil ar fhianaise agus aighneachtaí as Béarla a thuiscint gan cúnamh ó ateangaire neamh-inroghnaithe le haghaidh an cháis sin.”.”.

Seo leasú a chinntíonn ceart bunúsach a lorg muintir na Gaeltachta ó dhúnmharú. Más í an Ghaeilge teanga dhúchais an cúisí i gcás cúirte ba chóir go mbeadh an giúiré cumasach ar a theanga nó a teanga dhúchais. Trial by one’s peers is a basic right. Níl cothrom na Féinne i gceist nuair atá Béarlóirí aonteangacha ag déanamh cinneadh faoi chiontacht Gaeilgeora, go háirithe nuair atá sé léirithe fiú ag breithimh, ar an nós an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh, go mbíonn meon claonta i gcoinne daoine a lorgaíonn cás trí Ghaeilge sna cúirteanna.

Ní féidir liom glacadh leis an leasú seo. Tá sé de cheart ag aon duine an Ghaeilge a úsáid in aon chúirt sa tír seo cheana féin. Is cuma cén fáth a bhfuil siad ann - mar fhinné, mar chosantóir, mar ghearánach nó mar íospartach. Tá súil againn cur leis an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge sna cúirteanna agus go mbeidh tuiscint ag an bpobal ar na cearta atá acu. Faoin mBille, leasaítear na hailt a bhaineann le toghairm ghiúiré agus fógraí in Acht na nGiúiréithe, 1976, chun foráil a dhéanamh maidir le fógra dátheangach a eisiúint nuair a dhéantar duine a thoghairm chun fónamh mar ghiúróir. Tá an fhoráil seo á lorg ag pobal labhartha na Gaeilge le fada. Ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Glacaim leis nach féidir glacadh leis an leasú anseo ach tá ceist ollmhór i gceist. Mar dhuine a thóg cás in aghaidh Chomhairle Contae na Gaillimhe fadó agus a ghnóthaigh, bhí an fhianaise ar fad a thug mise i nGaeilge. Bhí ateangaire ann ach ní raibh aon Ghaeilge ag an mbreitheamh. Lena cheart a thabhairt don bhreitheamh, mar is dóigh gur thuig sé an laincis a bhí air, d’iarr sé orm an fhianaise a thug mé a chur isteach aige i scríbhinn le go bhféadfadh sé staidéar a dhéanamh air. Buíochas le Dia, rinne mé é sin agus, buíochas le Dia, tháinig sé amach agus thug sé breithiúnas i m’fhabhar. Is dóigh liom go bhfuil ceist anseo sa chás fíor-Ghaeilgeora ach an fhadhb atá ann, agus is fadhb ollmhór í, ná go mbainfí mí-úsáid as seo. D’fhéadfadh daoine nach bhfuil aon Ghaeilge acu é seo a úsáid ní ar mhaithe le cúrsaí teanga a chosaint ach ar mhaithe le cúiseanna eile. Mar sin, aontaím leis an Aire Stáit nach féidir an leasú a shá isteach mar seo ach b’fhéidir gur cheart don choiste plé go mion cén chaoi is féidir cearta fíor-chainteoirí a chosaint. Bhí cás amháin i gConamara nuair a tugadh fear Gaeltachta os comhair na cúirte agus bhí chuile shórt i mBéarla. Bhí seisean ag labhairt Gaeilge ach ní raibh aon Ghaeilge ag an mbreitheamh nó ag an ngiúiré. Is míbhuntáiste damanta é. Mar a deirim, bheadh súil agam go mbreathnódh an comhchoiste Gaeilge ar an gceist seo mar is ceist dáiríre í.

Cuireadh an cheist agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú di.

Tairgim leasú Uimh. 286:

I leathanach 33, idir línte 16 agus 17, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 33 den Phríomh-Acht

10. Leasaítear alt 33 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) In aon logainm nua arna dhearbhú ag an Aire nó ag údarás áitiúil le haghaidh aon fhorbairt nua ó theacht i ngníomh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, ní dhearbhófar ach an leagan Gaeilge agus is ag an logainm Gaeilge amháin a bheidh feidhm agus éifeacht.”.”.

Beidh mé an-ghairid. Ba chóir go mbeadh an Ghaeilge amháin in úsáid i Stát ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga agus logainmneacha nua á fhógairt.

Tar éis féachaint ar an leasú seo sílim go bhfuil fiúntas leis an méid atá á mholadh ag an Teachta, ach nach é seo an cur chuige is fearr chun é a dhéanamh. Tá deis an-mhaith againn ainmneacha Gaeilge a chur ar aon fhorbairt nua tithíochta sa tír. Tá an próiseas seo ar bun in áiteanna cheana féin agus tá cur chuige an-stuama ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ina leith seo, áit a bhfuil polasaí acu ainmneacha Gaeilge a chur ar aon fhorbairt nua tithíochta. Bíonn sé de dhualgas ar choiste logainmneacha na comhairle na hainmneacha a chinntiú agus a roghnú de réir na dtéarmaí tagartha atá leagtha amach, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste logainmneacha agus tar éis logainmneacha atá ann cheana féin, chomh maith le stair agus oidhreacht na háite, a thabhairt san áireamh. D’fhéadfadh muid múnla den sórt sin a chuir i bhfeidhm ar fud na tíre agus tá treoir tugtha agam do mo chuid oifigigh é seo a chur san áireamh sna caighdeáin teanga atá siad ag dréachtú. Sin é an bealach is fearr chun an sprioc seo a bhaint amach agus, ar an mbonn sin, ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo.

Arís, fáiltím roimhe seo. Tá sé an-dearfach. Creidim féin i gcás na Gaeltachta agus an cineál caighdeán Gaeltachta atá ann. Bhí muid ag caint faoi Ghaeltachtaí éagsúla inné agus gur cheart go mbeadh na sráidainmneacha nua nó ainmneacha na n-eastát ar fad i nGaeilge. Tréaslaím le muintir na Gaillimhe. Tá na heastáit ar fad i nGaillimh anois ainmnithe i nGaeilge agus ní bhíonn aon fhadhb ag daoine a rugadh sa tír nó taobh amuigh den tír leis na hainmneacha sin. Glactar leis gur sin iad na hainmneacha. Beidh mé ag tnúth le moltaí i dtaobh na ceiste seo. D’fhéadfadh muid rud beag ach rud dearfach a dhéanamh anseo.

Cuireadh an cheist agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú di.

Tairgim leasú Uimh. 287:

I leathanach 33, idir línte 16 agus 17, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar an bPríomh-Acht

10. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 36:

“37. Déanfaidh an tAire, i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, agus tráth nach déanaí ná 6 mhí ó theacht i ngníomh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, tuarascáil a ullmhú, a eisiúint agus a chur faoi bhráid Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, maidir leis na féidearthachtaí atá ann chun an Ghaeilge sa Ghaeltacht a neartú trí sheirbhísí poiblí agus infheistíocht phríobháideach, lena ngabhfaidh coinníollacha teanga, a mhealladh go dtí limistéir Ghaeltachta, lena n-áirítear lascainí ar chostais agus Saorlimistéar Gaeltachta a bhunú ar bhonn Limistéar Neamhchustam na Sionna.”.”.

Níl sa leasú seo ach tuarascáil a choimisiúnú chun féachaint an féidir múnla an Shannon free zone a úsáid sa Ghaeltacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Mar atá sonraithe sa Bhille, agus iad ag cur an phlean náisiúnta i dtoll a chéile beidh an coiste comhairleach ag tabhairt airde ar na seirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú, ag féachaint go háirithe ar sheirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí i limistéir phleanála teanga Ghaeltachta, i mbailte seirbhíse Gaeltachta agus i líonraí Gaeilge. Ó thaobh infheistíocht phríobháideach a mhealladh go dtí limistéir Ghaeltachta, ní gá a rá go bhfuil ról sonrach ag Údarás na Gaeltachta ansin ós rud é go bhfuil sé clúdaithe cheana féin faoin reachtaíocht ábhartha.

Cuireadh an cheist agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú di.

Tá leasuithe Uimh. 288 go 294, go huile, as ord ach má tá-----

Tógfaidh mé 30 soicind mar gheall ar leasuithe Uimh. 288 go 291. Glacann gach duine leis go bhfuil taighde ag teastáil mar bhunús don phlean náisiúnta nó polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge. Tá a lán tagairt déanta don staidéar cumasach sochtheangeolaíochta a rinneadh in 2007 agus is mór an trua nach bhfuil staidéar leanúnach mar sin déanta ó shin. Leis na leasuithe seo, cheapfadh an Stát príomh-sochtheangeolaí chun an taighde sin a dhéanamh agus imscrúdú a dhéanamh ar thionchar polasaithe nó Billí molta ar an nGaeltacht. Bheadh dualgas ar an Aire staidéar cumasach sochtheangeolaíochta a dhéanamh gach cúig bliana nó gach deich mbliana. Má tá an tAire dáiríre faoi thaighde a dhéanamh, ba chóir taighde mar seo a chur sa reachtaíocht.

Maidir le leasú Uimh. 292, seo i gcás go n-iarrtar seirbhís nach bhfuil clúdaithe faoin aicmiú. Ní mór gach iarracht phraiticiúil a dhéanamh chun an tseirbhís a sholáthar má iarrtar í. I dtír ina bhfuil dhá theanga oifigiúil ba chóir go mbeadh sé sin mar bhunús don pholaitíocht teanga. Muna bhfuil sé seo praiticiúil is féidir an díospóireacht sin a bheith againn ach ba chóir go mbeadh an Coimisinéir Teanga in ann an cinneadh a dhéanamh faoi cad atá praiticiúil.

Tá sé seafóideach nach bhfuil an prionsabal seo ceadaithe sa díospóireacht seo.

An bhfuil aon rud le rá ag an Teachta Ní Chonghaile maidir le leasuithe Uimh. 293 agus 294?

Tá an dá leasú as ord, nach bhfuil?

Tá leasú Uimh. 293 as ord de bharr muirear ar an ioncam agus tá leasú Uimh. 294 as ord de bharr muirear ar an ioncam agus nach bhfuil baint aige le forálacha an Bhille.

Ní thuigim é sin. Cad is féidir a rá? Tá sé as ord. B’fhéidir go bhfuil tuairim ag an Aire Stáit faoi sin. Bhí tuairim aige cúpla nóiméad ó shin maidir le leasú eile a bhí as ord. Tá a lán aighneachtaí faighte agamsa agus ag na Teachtaí Dála eile ó thaobh ábhar leasú Uimh. 293.

Téann leasú Uimh. 294 go croí na faidhbe agus tá baint aige leis an díospóireacht a bhí againn níos luaithe. Níl mé chun dul ar ais air sin ach tá sé tábhachtach é a rá. Tá mé ag iarraidh toirmeasc a chur ar an nGaeilge a chosc san ionad oibre. Deir an leasú, “Ní ceadmhach d’aon fhostóir cosc a chur ar aon fhostaí dá chuid nó dá cuid an Ghaeilge a labhairt nó a scríobh …” agus leanann sé ar aghaidh. Tá sé pléite againn. Tá an leasú as ord agus táim ag impí ar an Aire Stáit mar b’fhéidir go bhfuil tuairim aige anois faoin leasú seo.

Bhíomar ag plé na comharthaí bóithre mar chuid de leasú Uimh. 42 cúpla seachtain ó shin. Pléadh an moladh seo cheana féin. Níl costas ag baint leis ach tá an leasú as ord. Táimid ag caint mar gheall ar na comharthaí bóithre a chruthófar sa todhchaí. Níl sa leasú seo ach stádas bunreachtúil agus cothrom na Féinne a chinntiú don Ghaolainn ar chomharthaí bóithre.

Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 288 go 294, go huile.

Phléigh muid leasú Uimh. 295 in éineacht le leasú Uimh. 114.

Tairgim leasú Uimh. 295:

I leathanach 33, idir línte 16 agus 17, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar an bPríomh-Acht

10. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 36:

“Comhaltaí de bhoird Stáit

37. Le linn don Aire lena mbaineann den Rialtas comhaltaí de bhoird Stáit a ainmniú, cinnteoidh sé nó sí go mbeidh ionadaithe thar ceann phobal labhartha na Gaeilge ar gach bord Stáit.”.”.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá leasú Uimh. 296 as ord mar nach bhfuil baint aige le forálacha an Bhille.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 296.

Tairgim leasú Uimh. 297:

I leathanach 33, idir línte 16 agus 17, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht

10. Leasaítear an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, i mír 1, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (2):

“(2A) aon phearsa aonair atá ag gníomhú de bhun conartha nó ar shlí eile mar ghníomhaire thar ceann comhlacht poiblí agus a chomhlíonann feidhmeanna an chomhlachta phoiblí sin, a mhéid amháin a bhaineann le comhlíonadh na bhfeidhmeanna áirithe sin.”.”.

Dhéanfadh an leasú seo cinnte nach mbeadh bealach éalaithe ann. Má tá duine ag feidhmiú amhlaidh is go bhfuil siad mar bhall de cheann de na comhlachtaí ainmnithe ach nach bhfuil - sé sin, go bhfuil siad ag déanamh na hoibre ar son an chomhlachta ar chonradh - chaithfeadh siad cloí le forálacha an Achta.

Molaim an leasú seo. Teastaíonn uainn a chinntiú go mbeidh gach seirbhís gur féidir a fháil curtha ar fáil do mhuintir na Gaolainne agus muintir na Gaeltachta. Tá an-chuid béime curtha ar na comhlachtaí poiblí éagsúla le linn na díospóireachta anseo, ach ó am go ham úsáideann roinnt de na comhlachtaí sin conraitheoirí i gcomhair cuid den ghnó sin a dhéanamh ar a son. Ba chóir go mbeadh an tseirbhís chéanna á chur ar fáil ag na conraitheoirí sin mar an gcéanna i ngach slí leis an gcomhlacht poiblí, bíodh go mbeadh siad ag feidhmiú ar son an chomhairle contae nó córas bhus nó pé grúpa. Sin bunaidhm an leasaithe seo. Má tá conraitheoirí ag teacht isteach ar son chomhlachta phoiblí, chinnteodh sé go mbeadh an tseirbhís ar fáil do mhuintir na Gaolainne agus muintir na Gaeltachta mar ba chóir. Mar sin, molaim an leasú.

Gabhaim buíochas do na Teachtaí as ucht an leasaithe seo. Bhí oifigigh mo Roinne ag plé le hionadaithe ón Oifig um Sholáthair Rialtais faoin ábhar seo agus táthar ag iarraidh go mbeidh an prionsabal atá luaite ag na Teachtaí clúdaithe sa Bhille. Feictear domsa ag an bpointe seo go bhféadfaí leasú a thabhairt isteach maidir leis seo ar Chéim na Tuarascála. Rachaidh oifigigh mo Roinne i gcomhairle leis an dréachtóir parlaiminte faoi seo. Ar an mbonn sin, b’fhéidir go dtarraingeofar siar an leasú.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.
Aontaíodh alt 10.
AILT NUA

Tá leasuithe Uimh. 298 go 301, go huile, as ord.

Baineann na leasuithe seo le tacaíocht a chinntiú don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta, COGG. Pléadh an gá le tacaíocht cheart a chur ar fáil d’oideachas Gaeilge agus Gaeltachta cheana féin, ach go háirithe ba chóir go mbeadh prionsabal an comhionannas ag baint le soláthar oideachais trí Ghaeilge agus trí Bhéarla. Sampla faoi leith den éagóir atá déanta ar an oideachas Gaeilge ná go bhfuil dhá chomhlacht ann a bunaíodh san Acht Oideachais, 1998, sé sin, an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, CNCM, agus COGG. Cé go bhfuil stádas ag an CNCM mar chorparáid bhuan, níl an stádas céanna ag COGG. Níl cead acu brath ar mhaoiniú nó foireann seachas más mian le hAirí iad a thabhairt dóibh ó bhliain go bliain. Go simplí, níl an stádas céanna ag an gcomhairle oideachais Gaeilge agus atá ag an gcomhairle Béarla. Tá cead tugtha in alt 54 den Acht Oideachais comhlacht a bhunú mar chomhlacht corpraithe agus mhol muidne anseo COGG a bhunú mar sin, rud atá á lorg ag COGG féin. Ní bheadh costas sa bhreis ag baint leis seo, seachas an t-airgead atá á chaitheamh air faoi láthair a chinntiú amach anseo ionas nach bhféadfaí fáil réidh leis mar rinneadh leis an gCoimisiún Logainmneacha, in ainneoin go raibh feidhm reachtúil aige.

Mar gheall ar leasuithe Uimh. 300 agus 301, rud mór millteach atá in easnamh sa Bhille seo ná riachtanas pleanála mhuintir na Gaeltachta. Tá a lán plé déanta air seo le déanaí tar éis cás cúirte Bhreanndán Ó Beaglaoich, an feachtas atá tosaithe ag Conradh na Gaeilge agus na cásanna tubaisteacha i Ráth Chairn agus Ciarraí ina bhfuil Béarlú molta don Ghaeltacht. Ní mór dúinn coinníollacha láidre a leagan síos sa reachtaíocht mar gheall ar thithíocht agus pleanáil teanga sa Ghaeltacht. Molaimid i leasú Uimh. 300 measúnú tionchar teangeolaíochta a chur mar choinníoll ar chead pleanála sa Ghaeltacht, mar atá déanta faoi láthair do mheasúnú timpeallachta. Tá teanga na Gaeilge mar chuid d’éiceolaíocht na hÉireann chomh maith agus ní mór dúinn í a chosaint. Ina theannta sin, molaimid i leasú Uimh. 301 inniúlacht de leibhéal B2 a réiteach le bheith in úsáid in aon choinníollacha teanga atá nasctha leis an bpleanáil sa Ghaeltacht. In áit an cheist “Do you speak Irish?” a chur ar dhaoine atá ag lorg tí atá do Ghaeilgeoirí amháin, bheadh orthu a léiriú go bhfuil an leibhéal sin acu. Ba chóir don Aire Stáit léiriú cad atá i gceist aige a dhéanamh faoi seo

Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 298 go 301 go huile.

Tá baint ag leasuithe Uimh. 302 agus 303 le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 302:

I leathanach 33, idir línte 23 agus 24, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 33 d’Acht an Gharda Síochána, 2005

11. Leasaítear alt 33 d’Acht an Gharda Síochána, 2005 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho alt (2):

“(2) Cinnteoidh Coimisinéir an Gharda Síochána go mbeidh gach comhalta den Gharda Síochána a bheidh ar stáisiún i gceantar a bhfuil limistéar Gaeltachta ar áireamh ann sách inniúil sa Ghaeilge chun gur féidir leis nó léi í a úsáid go saoráideach i gcomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas faoin 31 Nollaig 2025.”.”.

Baineann an leasú seo le gardaí sa Ghaeltacht. De réir an leasaithe seo, bheadh dualgas ar Choimisinéir an Gharda Síochána cinntiú go bhfuil gach garda a lonnaítear i stáisiún atá ag freastal ar an nGaeltacht inniúil sa Ghaeilge faoi Nollaig 2025.

Luaigh muid i leasú Uimh. 112 go raibh muid ag iarraidh go mbeadh Gaeilge ag 50% de ghardaí earcaithe ó 2030 agus ag 40% den líon foirne iomlán. Theip ar An nGarda Síochána moltaí ón gCoimisinéir Teanga, ó chomh fada siar le 2011, a chur i bhfeidhm chun gardaí le Gaeilge a lonnú sa Ghaeltacht agus an ceart bunúsach atá ag daoine Gaeltachta labhairt ina dteanga féin le garda sa cheantar a chinntiú. Is iad an Garda an comhlacht poiblí is measa i dtaobh sárú a dhéanamh ar dhualgais theanga, dár le tuarascáil an Choimisinéara Teanga. Gheall Coimisinéir an Gharda, Drew Harris, roimh an Nollaig go gcuirfeadh sé seirbhís aistriúcháin ar fáil do gach garda i mbliana ach níl sé sin le feiceáil go fóill agus ní leor sin. Faoi láthair deir Acht an Gharda Síochána, 2005 go bhfuil dualgas ar An nGarda Síochána Gaeilgeoirí a lonnú sa Ghaeltacht, “to the extent practicable” agus tá géarghá le spriocdháta. Sin an fáth go bhfuil 2025 luaite againn.

Ní dhéanann leasú Uimh. 303 ach an míniú ar Ghaeltacht atá in Acht na Gaeltachta, 2012 a chur isteach in Acht an Gharda Síochána, mar tá míniú as dáta ó 1956 fós ann.

Bheadh sé an-tarraingteach dá gcuirfí an leasú seo i bhfeidhm. Chinnteodh sé go gcaithfeadh Gaeilge a bheith ag chuile gharda sa trí stáisiún atá ann anois i gcathair na Gaillimhe. Ba réabhlóideach an t-athrú é sin ach níl mé cinnte gur sin a bhí i gceist. Arís, táimid tagtha ar ais ag an rud a bhí muid ag plé inné. Is dóigh gurb éard a bhí i gceist ná go mbeadh gardaí le Gaeilge sna háiteanna a labhraítear an Ghaeilge mar phríomhtheanga an phobail, ag na gnáth-ghardaí ar an talamh. Tá an smaoineamh thar cionn ach tá tuilleadh oibre le déanamh air seo. Níl aon amhras faoi sin. Ba chóir dúinn díriú ar na ceantair ina labhraítear an Ghaeilge go coitianta mar theanga phobail i dtosach báire, áit atá na hacmhainní ann. Dá mba rud é go raibh dalladh Gaeilgeoirí agus gardaí le Gaeilge ann láithreach bheifeá ag rá gur cheart go mbeadh siad ag leath na tíre, ach níl. Arís, táimid ag fiafraí cá ndíreoimid na hacmhainní. Ba cheart na hacmhainní atá againn, agus atá gann ó thaobh daoine atá fíor-inniúil a gcuid oibre a dhéanamh i nGaeilge, a dhíriú isteach ar na háiteanna go labhraítear an Ghaeilge, go dáiríre, mar gnáth-theanga an phobail.

Labhair mé ar an gceist seo nuair a bhí an leasú eile mar gheall ar An nGarda Síochána á phlé againn ach sin cúpla mí ó shin ag an staid seo. Tá súil agam nach mbeidh cúpla mí eile i gceist. Rinne mé trácht ar an tuairisc ó Choimisiún na Gaeltachta agus tá sé an-soiléir gur aithin siadsan díreach an fhadhb atá ann anois, sé sin, nach raibh go leor gardaí ann chun seirbhís a thabhairt do cheantair Ghaeltachta trí Ghaeilge. Dhein siad cinneadh ag an am iarracht a dhéanamh:

In the case of the Gárda Síochána, all native Irish Speaking Gárdaí, all Gárdaí with the Fáinne qualification in Irish, and others with a good knowledge of the language, should be transferred, forthwith, to the Gaeltacht, concentrating, in the first instance, on Court districts in which there is an Irish Speaking Justice (Gárdaí without a knowledge of Irish should not be mixed with them) ...

Sin an coimisiún ag aithint na faidhbe ach lean siad ar aghaidh agus dhein siad iarracht déileáil leis an bhfadhb nach raibh siad in ann teacht ar go leor gardaí nó oifigigh le Gaeilge. Dúirt siad, “Steps should be taken to select some of the most intelligent and diligent members of the Gárda, who are Native Speakers, for training as Officers for those Districts.” Luaigh siad “special grants” for those in Gaeltacht areas, le “Sergeants and Higher Ranks” ag fáil 10% on scale pay agus “Ranks lower than Sergeant” ag fáil 5%. Bhí siadsan ag déanamh idirdhealú ach is idirdhealú maith a bhí ann mar bhí siad ag iarraidh cinntiú go raibh dualgas an Stáit i leith na saoránach á chlúdach acu. Is féidir cinntí a dhéanamh sa ghnáthshaol nach mbeadh sé seo inghlactha, chun an teanga dhúchasach a chosaint agus chun cearta daoine a aithint i gceart. Dúirt an coimisiún:

There would appear to be a sufficient number of Gárdaí, with at least a fair speaking knowledge of Irish, to staff the Irish Speaking Districts. It is clear, however, from the evidence put before the Commission that, in Court work at any rate, the responsibility of the Gárdaí and the necessity for precision and efficiency are such that the non-Native Speaker does not attempt to use Irish officially.

Chuaigh sé ar aghaidh ag rá go raibh fadhb ann daoine a earcú. Bhí muidne ag caint faoi dhaoine a earcú don státchóras i gcoitinne. Deir an tuairisc:

Evidence was given that early in 1923, 500 recruits from the Gaeltacht were called for, but that no recruits came forward in response. This failure was no doubt due to the disturbed state of the country at the time ...

In 1923 bhí a lán de na ceantair Ghaeltachta díreach ag teacht amach nó i lár an Chogaidh Cathartha so, dar ndóigh, ní raibh mórán measa ag lán dóibh siúd sa Ghaeltacht ar an Stát nua. B‘fhéidir gur deacracht a bhí ansin ach tá an Cogadh Cathartha thart le beagnach 100 bliain. Tá gardaí agus daoine óga ann gur féidir cur isteach ar phoist sa Gharda Síochána.

Seo an cheist a bhí muid chun a chur ar an gCoimisinéir, Drew Harris, nuair a bhí sé le bheith os comhair an choiste. Tá súil agam go dtarlóidh sé sin arís amach anseo. Bhí muid chun fiafraí cad iad na nithe agus na gníomhartha atá á dhéanamh aige agus ag an eagras i gcoitinne chun cinntiú, ní hamháin go bhfuil Gaeilgeoirí laistigh den fhórsa ach go bhfuil siad ag mealladh daoine le Gaeilge ón nGaeltacht nó lasmuigh den Ghaeltacht. Is cuma liomsa cá as a dtagann siad ach go bhfuil Gaeilgeoirí ann atá inniúil ar an nGaeilge agus ar an nGaeilge ar leith lena bhfuil gá sna cúirteanna go minic mar gharda ag tabhairt fianaise. Caithfidh sé sin tarlú.

Tuigim an méid atá an Teachta Ó Cuív ag rá ó thaobh teorainneacha na Gaeltachta agus go bhfuil fadhbanna ann mar go bhfuil cathair na Gaillimhe beagnach clúdaithe leis sin. Más gá, ba chóir go mbeadh Gaeilgeoirí ar fad sna stáisiúin sin chomh maith. Ba chóir go mbeadh muid ag déanamh iarrachta agus fiú go mbeadh na gardaí atá ann ag foghlaim na Gaeilge ar luas nó i mbealach i bhfad Éireann níos tapúla ná mar atá siadsan atá sa Gharda Síochána cheana féin ag foghlaim faoi láthair. Ní chóir go mbeadh an scéal mar atá sé faoi láthair, gan Gaeilge ar bith ag roinnt de na gardaí.

Thar na blianta tá mise tar éis déileáil leis a lán gardaí i mo stair polaitiúla agus ní raibh fiú tuiscint ag an chuid is mó acu conas ainm agus seoladh a lorg uaim i nGaeilge nó conas iad a scríobh i nGaeilge. Sin bunleibhéal Gaeilge gur chóir go mbeadh acu ón mbunscoil, ní fiú ón meánscoil. Tá fadhb bhunúsach ann sa chóras oideachais nuair atá daoine ann nach féidir leo fiú an bun-rud a dhéanamh. Tá siad ag dul isteach sa Gharda Síochána agus ag déileáil leis an bpobal agus níl siad in ann fiú an méid sin a bheith acu. Tá sé sin ag tarlú laistigh den Ghaeltacht fiú ag an staid seo. Fuair muid an fhianaise sin. Fuair an Coimisinéir Teanga í agus thóg sé breis agus dhá bhliain ar fhórsa An Gharda Síochána freagra ceart a chur chuige faoin gceist seo. Sin an fáth go raibh muidne ag iarraidh, trí na leasuithe seo, go mbeadh dualgais níos mó sa reachtaíocht agus go mbeadh aitheantas níos mó ar an bhfadhb atá ann maidir leis An nGarda Síochána. Tá sé beagnach 100 bliain d’aois anois agus tá na fadhbanna bunúsacha céanna acu agus a bhí ann ar dtús báire.

Arís, tugaim mo thacaíocht don leasú seo. Tá feidhm phraiticiúil ag an leasú seo. Má táimid i ndáiríre, tá gá leis an leasú seo.

Níl i gceist ach rud srianta. Táimid ag iarraidh go gcinnteoidh Coimisinéir an Gharda Síochána go mbeidh gach comhalta den Gharda Síochána a bheidh ar stáisiún i gceantar a bhfuil limistéar Gaeltachta ar áireamh ann sách inniúil sa Ghaeilge. Tá sé srianta. Mar a deir an Teachta Ó Cuív, is cinnte go bhfuil tuilleadh oibre i gceist ach tiocfaidh an obair tar éis dúinn an leasú a ghlacadh agus spriocdháta a leagan síos.

Is cinnte go mbeidh a lán oibre i gceist ina dhiaidh sin ó thaobh na ngardaí de chun an sprioc a bhaint amach laistigh den tréimhse ama - ba chóir go mbeadh mar go bhfuil easpa daoine le hinniúlacht sa Ghaeilge. Ach ar a laghad, táimid á rá go mbeidh tréimhse ama i gceist agus, ansin, beimid in ann réitigh a fháil, gardaí a mhealladh, cúrsaí a chur ar fáil agus iad a mholadh chun go mbeadh fiúntas ag baint leis. Ba mhaith liom a bheith ag caint faoi na réitithe sin seachas a bheith ag argóint maidir le rud atá chomh bunúsach. Tá tuilleadh oibre ag teastáil tar éis don leasú a bheith aontaithe againn.

Maidir le leasú Uimh. 302, tá dualgas reachtúil ar Choimisinéir an Gharda Síochána faoi Acht an Gharda Síochána, 2005, garda atá líofa sa Ghaeilge a chur ar dhualgas sa Ghaeltacht oiread agus atá sin indéanta. Tuigtear dom go bhfuil céimeanna á dtógáil ag An nGarda Síochána le cinntiú go ndéanfar amhlaidh agus sa chás sin, nílim ag glacadh leis an leasú seo. Ní miste dom a rá go dtabharfar aghaidh ar sholáthar gardaí le Gaeilge nuair a bheidh an taighde á dhéanamh leis an bplean náisiúnta um sheirbhísí Gaeilge a chur i dtoll a chéile.

Maidir le leasú Uimh. 303, tá an Roinn Dlí agus Cirt i mbun Bille nua a dhréachtú a thiocfaidh in áit Acht an Gharda Síochána, 2005 atá ann faoi láthair. Tá an Bille sin ar chlár reachtaíochta an Rialtais faoi láthair agus is é sin an áit is feiliúnaí leis an leasú seo a dhéanamh. Sa chás sin, níl mé ag glacadh leis an leasú seo.

Níl aon rud a dhéanann dochar don Ghaeilge ar nós rudaí a chur tríd gan machnamh a dhéanamh ar a bhfuil i gceist agus cé acu atá sé indéanta nó nach bhfuil leis na hacmhainní teanga atá ar fáil faoi láthair. Ní féidir liom ach breathnú ar leasú Uimh. 302 mar atá sé. Moltar sa leasú:

Cinnteoidh Coimisinéir an Gharda Síochána go mbeidh gach comhalta den Gharda Síochána a bheidh ar stáisiún i gceantar a bhfuil limistéar Gaeltachta ar áireamh ann sách inniúil sa Ghaeilge chun gur féidir leis nó léi í a úsáid go saoráideach i gcomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas faoin 31 Nollaig 2025.

Sin ceithre bliana go leith uaidh seo.

Tá Cnoc na Cathrach sa Ghaeltacht agus tá cabhail thoir na Gaillimhe sa Ghaeltacht agus, mar sin, níl aon stáisiún i gcathair na Gaillimhe nach bhfuil ceantar Gaeltachta ar áireamh ann. Neamhchosúil le rud a scríobh síos mar mhian, nuair a scríobhtar sa dlí é, sin é an dlí. Ba bhreá liom ceapadh go bhféadfaí é seo a chur i bhfeidhm ach bheadh tosach an-mhaith déanta dá mbeadh fíorchainteoirí Gaeilge curtha i ngach uile stáisiún siar ó Ghaillimh a bhfuil ceantar limistéar labhartha Gaeilge faoin chúram amhail Maigh Cuilinn agus An Spidéal. Dá mbeadh sé sin déanta agus curtha i bhfeidhm, bheadh dul chun cinn iontach déanta.

Ceann de na dearmaid a rinneadh go minic ná seachas a rá go díreach céard a bhí i gceist ag daoine, cuireadh uaillmhianta isteach go raibh a fhios ag gach duine dá ndéanfaí scrúdú orthu nach raibh incurtha i bfheidhm. Bheadh súil agam go bpléifí é seo ag an gcoiste, go dtiocfaí ar ais le rud níos láidre ná an rud atá ann agus go gcuirfí na hacmhainní atá ann. Is cosúil nach mbeidh an oiread sin méadú ar na hacmhainní sin laistigh de cheithre bliana mar go dtógann sé tamall gardaí a thraenáil agus ní féidir gardaí nua ar fad a chur isteach i gceantair Ghaeltachta díreach nuair a fhágann siad an coláiste.

Bheadh mise níos compordaí dá dtiocfaí ar ais le moladh níos stuama faoi seo, sa Bhille seo nó i mBille eile, a bheadh infheidhmithe agus a bhféadfaí é a dhaingniú agus a chur i bhfeidhm seachas teacht ar ais a rá nach bhfuil sé praiticiúil gach garda i nGaillimh a bheith inniúil sa Ghaeilge mar atá ráite anseo. Sin í an fhadhb dar liomsa.

Ní raibh mé ag súil go nglacfaí leis an leasú mar go bhfuil athrú bunúsach i gceist ina mbeadh an Rialtas ag déanamh rud éigin de réir a bhriathar thar na blianta agus ní tharlaíonn sé sin rómhinic.

Tuigim na deacrachtaí atá luaite ag an Teachta Ó Cuív. Ba chóir smaoineamh ar Chontae na Mí agus ar cheantar Phort Láirge. Ní díreach i nGaillimh a bhfuil fadhbanna ag an nGarda Síochána déanamh cinnte de go bhfuil Gaeilge ag gach garda atá ag déileáil leis an gceantar Gaeltachta atá faoina limistéar.

Caithfimid cinneadh a dhéanamh am éigin. Is í an fhadhb atá ann ná nár tógadh na cinntí - a mhalairt a bhí ann. Tá creimeadh déanta thar na blianta ar aon chinneadh, seasamh nó stádas a bhí ag an nGaeilge ó thaobh na ngardaí de. Bhí i bhfad níos mó Gaeilge i measc An Gharda Síochána sna 1970idí, nuair a bhí mé óg, ná mar atá le feiceáil anois. Tá daoine maithe sa Gharda Síochána agus díograiseoirí don teanga ina measc ach tá athrú meoin tagtha air.

Chuir mé an leasú seo le chéile agus mé ag tnúth go mbeadh Coimisinéir an Gharda Síochána os comhair an choiste agus go mbeimis in ann roinnt freagraí a fháil. Bhí sé i gceist agam liosta a dhéanamh de na céimeanna ar chóir don Choimisinéir glacadh chun déanamh cinnte de go raibh tús curtha leis. Ní fheicim go dtarlóidh sé faoi 2025 agus b’fhéidir go gcuirfidh mé 2030 isteach mar sin. An mbeadh an t-am sin ceart go leor?

Is é an rud atá á rá ag an Teachta Ó Cuív ná gan rudaí á gcur isteach ach amháin sa chás go bhfuil siad indéanta ag brath ar na hacmhainní. Is féidir liom aon dáta a phiocadh. Níl a fhios agam an bhfuil sé indéanta mar nach bhfuil a fhios agam cad iad na hacmhainní, teanga nó eile, a bheidh ag An nGarda Síochána amach anseo mura bhfuil an Stát sásta íoc as foclóireacht, múinteoirí agus infheistiú chun déanamh cinnte de go mbeidh na gardaí inniúil.

Níl a fhios agamsa an bhfuil scéim sa Gharda Síochána chun cuidiú leo siúd atá iarraidh bogadh ó cheantair eile ar ais go dtí stáisiún sa Ghaeltacht. An bhfuil lacáiste nó deontas ann, mar a luaigh an coimisiún in 1925? An féidir leis an Stát smaoineamh air sin? Is iad siúd na céimeanna a ghlactar má thógtar an cinneadh gur chóir go mbeadh gach uile gharda ann. Caitear céimeanna praiticiúla a thógáil chun déanamh cinnte de go dtarlóidh sé agus go gcloítear leis an dlí.

Tá an ceart ag an Teachta Ó Cuív. Má ritear é seo, beidh sé sa dlí agus ba chóir go mbeimis ag cloí leis sa chás sin. Is léir dúinn nach bhfuil an Stát tar éis cloí leis an dlí ó thaobh na Gaeilge de in aon chor, ar a lán bealaí. Níl mé a rá gur chóir dúinn rudaí breise a chur isteach a mbeimid ag teacht salach orthu amach seo. Tá mise fós den tuairim gur chóir dúinn é seo a rith. Sin é an fáth gur chuir mé an leasú síos. Má tá an tAire Stáit sásta a rá gur chóir é a athrú go dtí 2030, glacfaidh mé leis agus tarraingeoidh mé siar é. Seachas sin, ba chóir go mbeadh na leasuithe seo curtha.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tairgim leasú Uimh. 303:

"Leasú ar alt 33 d’Acht an Gharda Síochána, 2005

11. Leasaítear alt 33(3) d’Acht an Gharda Síochána, 2005, sa mhíniú ar "limistéar Gaeltachta", trí "tá le "limistéar Gaeltachta" an bhrí chéanna atá leis i gCuid 2 d’Acht na Gaeltachta, 2012" a chur in ionad "ciallaíonn "limistéar Gaeltachta" limistéar a mbeidh cinnte de thuras na huaire le hordú arna dhéanamh faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 gur limistéar Gaeltachta é.".

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá leasú Uimh. 304 as ord.

Ba chóir go mbeadh trian an airgid a chaitear ar stáisiúin teilifíse an Stáit ag dul go TG4 chun déanamh cinnte de go bhfuil sé in ann craoladh níos leithne a dhéanamh i nGaeilge agus go bhfuil sé in iomaíocht i gceart leis an stáisiún Béarla, RTÉ 2, agus RTÉ 1, atá nach mór i mBéarla. Is é sin an t-aon bhealach le déanamh cinnte de go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh agus nach maireann an easpa atá ann le blianta anuas agus go mbeidh na meáin chumarsáide a bhfuil an státchóras i gceannas orthu ag craobhscaoileadh as Gaeilge.

Níl ach trian sa leasú agus b’fhéidir gur chóir go mbeadh sé ar chomhchéim nó gur chóir go rachaimis sa treo sin amach anseo. Táim á rá, go réalaíoch, gurb é sin an bealach ar chóir go mbeadh sé. Is léir ón éacht atá á dhéanamh ag lucht TG4 go bhfuil siad in ann i bhfad níos mó a dhéanamh leis an airgead atá acu ná mar a bhíodh á dhéanamh ag RTÉ thar na blianta, maidir leis an nGaeilge. B’fhéidir gur chóir go gcaithfimis súil ar mhúnla TG4 chun airgead a chaitheamh i gceart agus cláir den scoth a dhéanamh. Glacann gach duine lena labhraím, Béarlóirí a úsáideann na fotheidil ina measc, go bhfuil cláir den scoth á ndéanamh aige.

Bíonn roinnt Gaeilgeoirí ag gearán faoin méid chláir Bhéarla atá ann agus fotheidil Ghaeilge orthu nó an fhógraíocht a bhíonn ann i mBéarla go minic. B’fhéidir gur féidir leis an stáisiún teilifíse díriú isteach ar na ceisteanna seo, más féidir leis, ach ní féidir mura bhfuil an maoiniú ceart aige. Ba chóir go mbeadh an leasú seo glactha. B’fhéidir go ndéarfadh an tAire Stáit gur chóir go mbeadh an leasú faoi reachtaíocht mheáin chumarsáide agus an ceann deireanach faoi reachtaíocht An Gharda Síochána. Seo reachtaíocht faoin nGaeilge agus na seirbhísí Stáit don Ghaeilge agus is é sin an fáth go bhfuil sé curtha anseo agam.

Tá mé an-bháúil don smaoineamh seo, ach ní mar atá sé sa leasú seo. Níl aon amhras faoi ach go gcaithfimid, luath nó mall, aghaidh a thabhairt ar an easpa coibhnis idir an t-airgead a chaitear ar chraoladh trí Bhéarla agus ar chraoladh trí Ghaeilge. Tá sé ráite go minic agam go bhfuil TG4 agus Raidió na Gaeltachta ar an ngannchuid ó thaobh airgid de.

Tá súil agam go mbeidh comhrá ag an Aire Stáit leis an Aire sinsireach, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, faoi dhíriú ar an gceist seo as seo go dtí Céim na Tuarascála mar go bhfuil éagothromaíocht aisteach ann idir an t-airgead a chuirtear ar fáil do theanga atá ina mhórtheanga ó thaobh lucht labhartha de, ní hamháin in Éirinn ach ar fud an domhain, le hais an méid a chuirtear ar fáil don mhiontheanga. Tá sé níos measa fós nuair a smaoinítear ar an méid stáisiúin Bhéarla átá ann má tá spéis ag duine i gcláir as Béarla agus a bhíonn ar fáil ag an ngnáthdhuine, fiú in Éirinn, má bhíonn Sky nó a leithéid aige. Is cinnte go bhfuil an ceann seo faoi smacht an Aire agus tá súil agam go ngníomhóidh sí air.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 304.
ALT 11

Tairgim leasú Uimh. 305:

I leathanach 33, línte 24 go 34 a scriosadh.

Is é an fáth go bhfuil an leasú seo ann ná go bhfuilimid ag iarraidh nach bhfaighimid réidh leis na scéimeanna teanga go dtí go mbeidh an caighdeánú a bhfuil an tAire Stáit ag caint faoi i réim. Mar a bhíonn á rá agam, de shíor, le linn na díospóireachta seo, ní léir dúinn cad atá sa chaighdeánú. Tá tuiscint éigin againn air agus níl sé i bhfeidhm.

Dhéanfadh an leasú seo cinnte de nach dtitfeadh na scéimeanna teanga go dtí go raibh an caighdeán ag obair agus sa siúl go hiomlán. Scriosfar na forálacha a bhaineann leis na scéimeanna teanga ag an staid sin. Níor chóir go mbeadh aon dabht ann ach nach féidir leis an dá rud tarlú ag an am céanna ach toisc an mhoill a chualamar fuithí níos luaithe nuair a bhí leasaithe eile á bplé againn, beidh seans ann go mbeidh roinnt chomhlachtaí Stáit ag obair faoi scéimeanna teanga go ceann tamall eile agus nach mbeidh an caighdeánú agus an plean náisiúnta ann chomh tapa agus a shíleann an tAire Stáit. Dhéanfadh an leasú seo cinnte de nach mbeadh aon bhearna ann idir na scéimeanna teanga agus na comhlachtaí Stáit ag titim faoin réimeas nua a bheadh ann leis an gcaighdeán.

Ní féidir liom glacadh le leasú Uimh. 305. Is gá go mbeidh na línte 24 go 34 san áireamh sa Bhille chun aghaidh a thabhairt ar dheireadh a chur le córas na scéimeanna agus córas na gcaighdeán a chur i bhfeidhm ina áit. Ní miste dom a rá mura mbeadh an t-urú seo sa Bhille go mbeadh an baol ann go raibh sé míbhunreachtúil.

Tuigim an cás ach theastaigh uaimse a bheith cuidiúil chun déanamh cinnte de nach mbeadh bearna ann idir an dá rud. Sin í an fhadhb. Níl mé chun an leasú a bhrú. Tarraingeoidh mé siar é agus b’fhéidir go mbeidh an caighdeán foilsithe faoi Chéim na Tuarascála agus go mbeidh tuiscint níos fearr againn ar fad ar a bhfuil i gceist ná mar atá faoi láthair.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.
Aontaíodh alt 11.
Aontaíodh alt 12.
ALT 13

Tairgim leasú Uimh. 306:

I leathanach 35, línte 5 go 8 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:

"(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lá tar éis an tAcht seo a rith, agus maidir leis na forálacha sonracha den Acht seo, a bhfuil lá socraithe faoin Acht seo chun na forálacha sin a chur i ngníomh, tiocfaidh siad i ngníomh an lá sin, mar a bheidh socraithe do gach ceann de na forálacha sin faoin Acht seo.".

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.
Cuireadh an cheist, "Go bhfanfaidh alt 13 mar chuid den Bhille", agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis glacadh léi.
TEIDEAL

Tá leasú Uimh. 307 as ord mar nach bhfuil baint aige le forálacha an Bhille. Is leasú iarmhartach é maidir le leasuithe Uimh. 118 agus 119.

Tá sé ráite agam go minic go bhfuil easpa tuisceana agam maidir le formhór na leasuithe atá as ord agus an ceann seo ach go háirithe. Ní thuigim cén fáth nach mbaineann sé le forálacha an Bhille. B’fhéidir nach bhfuil sé déanta agus is cinnte nach bhfuil foirfeacht i gceist, ach is é an rud atá taobh thiar den leasú seo ná comhthéacs a chur ar an mBille. Ní thuigim cén fáth a bhfuil fadhb leis sin. Tá gá práinneach le Bille agus le comhthéacs ó thaobh an Bhille de. Foilsíodh an Bille deireanach in 2003. Rinneadh athbhreithniú agus staidéar air. Teipeadh ar Bhille a fhoilsíodh in 2015.

Anois, faoi dheireadh, táimid ar an mbealach i dtreo Bille níos láidre. Níos luaithe, bhí an tAire Stáit in ann rud a rá. Is fuath liom athrá ach tá athrá i gceist agam anseo. Ba mhaith liom a thuairim agus a fhreagra. Cén chaoi a bhfuil an leasú ar an Teideal atá curtha isteach agam as ord? Tá Teideal mar sin i gceist i gcás beagnach gach Bille a chuir muid tríd an Dáil ó thaobh Covid de le bliain anuas. Tá comhthéacs i gceist i gcónaí. Níl a fhios agam cé mhéad Bille atá curtha tríd ó tháinig Covid ar an bhfód. Chuirfeadh an rud atá agam anseo comhthéacs leis an mBille seachas rud neamhbhalbh a bheith ann. Má léann aon duine é seo, ní bheidh tuiscint ar bith aige nó aici go bhfuil géarchéim ann nó go bhfuil gá le Bille níos láidre. Is é an méid atá sa Bhille faoi láthair ná "Acht do leasú agus do leathnú Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003". Táim ag iarraidh mír bheag a chur isteach ann tar éis an mhéid sin:

chun úsáid na Gaeilge mar theanga choiteann i ngach gné de shaol na hÉireann a chur chun cinn; dá chinntiú go mbeidh céatadán éifeachtach d’fhostaithe sa tseirbhís phoiblí agus d’earcaigh chun na seirbhíse poiblí ábalta a gcuid dualgas a chomhlíonadh go dátheangach; do thabhairt cumhachtaí breise don Choimisinéir Teanga; do dhéanamh caighdeáin teanga a leagan síos; dá chinntiú go mbeidh an ceart ag aon duine ainm agus seoladh i nGaeilge a úsáid; dá chinntiú go mbeidh seirbhísí trí mheán na Gaeilge ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta

Níl i gceist anseo ach Teideal le brí a chur ar thús Bille atá chomh tábhachtach sin. Baineann sé leis an mBille agus le gach foráil atá ann agus táthar ag rá liom nach bhfuil aon bhaint ann. Is fáinne fí i ndáiríre atá anseo. Tá cabhair ag teastáil uaim ar gach leibhéal ag an bpointe seo má táthar ag rá liom nach bhfuil aon bhaint ag an rud sin leis an mBille.

Bhí a lán teachtaireachtaí ann idir an coiste agus Oifig na mBillí.

Tuigim é sin, a Leas-Chathaoirligh. Tá an-jab déanta agat sa Chathaoir ach chuir mé an cheist ar an Aire Stáit. Bhí sé sásta teacht isteach níos luaithe. Cén fáth nach bhfuil sé sásta teacht isteach anois?

Tá Oifig na mBillí neamhspleách ón Aire Stáit. Níl aon locht ar an Aire Stáit maidir leis sin.

Ní locht atá i gceist agam. Nílim ach ag iarraidh a thuairim ar an leasú seo atá sé mar aidhm aige comhthéacs a chur ar an mBille ionas go mbeidh daoine in ann a thuiscint chomh tábhachtach is atá sé agus cad atá istigh ann. Tá sé sin déanta i gcás beagnach gach Bille atá curtha tríd an Dáil ach ní féidir linn é a dhéanamh anseo. Ní thuigim é.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 307.

Tairgim leasú Uimh. 308:

I leathanach 7, líne 5, “agus forálacha ilghnéitheacha” a chur isteach i ndiaidh “gaolmhara”.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.
Aontaíodh an Teideal.
Tuairiscíodh an Bille le leasuithe.

Cuireann sé sin deireadh lenár mbreithniú ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Gabhaim buíochas le gach duine a bhí páirteach sa chomhrá agus sa phlé seo, na Teachtaí, cléireach an choiste, Eugene Ó Cruadhlaioch, agus a fhoireann san áireamh. Tá Leah, Laura agus Brian ann agus bhí Seán agus Aoife ann araon le comhghleacaithe eile. Gabhaim buíochas lenár gcomhghleacaithe sna Tithe, le hoifigigh an Aire Stáit, Aodhán Mac Cormaic agus Micheál Ó Conaire, agus leis an bhfoireann atá acu sa bhaile. Ar mhaith leis an Aire Stáit cúpla focal a rá sula gcríochnaímid?

Ba mhaith liom cúpla focal a rá agus cúpla rud a lua sula dtagann deireadh le Céim an Choiste. Cé gur thóg sé níos mó ama ná mar a cheapamar, is iontach go bhfuil muid ag deireadh Céim an Choiste anois. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach Teachta a labhair le linn na ndíospóireachtaí seo ó mhí Eanáir, le hoifigigh mo Roinne agus oifigigh Sheirbhís Tithe an Oireachtais freisin. Cé nach n-aontaíonn muid ar gach rud, sílim go bhfuil sé soiléir go bhfuil baill an choiste agus na Teachtaí eile a ghlac páirt tiomanta don teanga agus gur mhaith linn ar fad Bille teanga láidir a chur chun cinn.

Sílim go raibh an plé ar fad thar a bheith fiúntach agus gur cuireadh go leor smaointe maithe chun cinn. Sa bhreis ar na leasuithe a mhol mé féin, tá geallúint tugtha agam go mbreathnóidh mé ar go leor leasuithe eile. Ina measc siúd, tá cinn a bhaineann leis na nithe seo a leanas: inniúlacht sa nGaeilge; an síneadh fada; teidil i nGaeilge; tosach feidhme forálacha an Bhille; treoirlínte maidir le forálacha an Bhille; duine i ngach comhlacht poiblí aitheanta chun a bheith freagrach as forálacha Achtanna na dTeangacha Oifigiúla; cumarsáid ar na meáin shóisialta; ábhar margaíochta i nGaeilge; dualgais comhlachtaí príobháideacha atá faoi chonradh ag comhlachtaí poiblí; líofacht chathaoirleach an choiste; ionadaíocht do phobal na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht ar an gcoiste comhairleach; spriocdháta do sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge sa Ghaeltacht; feidhmeanna an choiste chomhairligh; freagracht an Aire i leith an phlean náisiúnta; tuarascáil bhliantúil ón gcoiste comhairleach; agus cúrsaí logainmneacha agus ainmneacha eastáit tithíochta nua.

Beidh roinnt leasuithe teicniúla eile a d’fhéadfainn a bheith ag tabhairt ar ais ag Céim na Tuarascála agus ba mhaith liom iad sin a lua: leasú maidir le cúrsaí logainmneacha a thagann faoi scáth an Achta seo agus faoi scáth an Acht um Rialtais Áitiúil agus sainmhíniú a thabhairt ar "fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí" faoin alt 18C atá molta sa Bhille.

Sílim go léiríonn an méid atá luaite agam fiúntas an phróisis seo. Tá mé ag súil le filleadh ag Céim na Tuarascála le moltaí ar na nithe seo ar fad. Tá mise, mar Aire Stáit, ag iarraidh Bille láidir a chur chun cinn a bheidh ina chrann taca do mhuintir na Gaeltachta agus do phobal labhartha na Gaeilge sa tír seo. Cheana féin, tá oifigigh mo Roinne ag plé leis an dréachtóir parlaiminte maidir le dréachtú na leasuithe seo agus tá súil agam go mbeidh muid in ann filleadh ag Céim na Tuarascála go luath.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as a chuid ama agus a chuid oibre.

Gabhaim buíochas leis an bhfoireann ar fad anseo agus leis an bhfoireann in Oifig na mBillí ach go háirithe as an obair a dhéanann siad, in ainneoin nach n-aontaím leo ar a lán dá gcinntí, ach is é sin mar atá sé. Measaim go bhfuil jab maith déanta againn anseo. Ní aontaím go dtéann sé fada go leor ach tá dul chun cinn á dhéanamh againn agus beidh Bille níos fearr ann dá bharr agus de bharr gealltanais an Aire Stáit teacht ar ais le leasuithe breise. Tá súil agam go mbeidh na leasuithe sin ann sula i bhfad chun gur féidir linn ar fad ullmhú don chéad staid eile agus nach mbeidh aon mhoill ann. Tá a fhios agam go bhfuil na hoifigigh anseo agus lasmuigh ag féachaint orthu sin ó thosaigh an chéim seo. Is trua go bhfuil Covid-19 ann. Dhéileálfadh muid leis seo i bhfad Éireann níos tapúla dá mbeadh seisiúin chearta againn seachas ár ngnó a dhéanamh sa tslí ina gcaithfidh muid é a dhéanamh faoi láthair. Mar a luaigh mé cúpla uair, tá súil agam go mbeadh dreáchtchaighdeáin os ár gcomhair roimh an chéad staid eile. Ag brath ar chlár ama an Aire Stáit, measaim gur féidir linn déileáil leis sin agus an Bille a achtú roimh an samhradh má tá an toil ann agus más féidir na leasuithe a chur isteach chomh tapa agus is féidir. Ansin beimid in ann teacht ar ais anseo. Beidh sé deacair orainn má chaithimid sos a thógáil gach uile dhá uair agus tosú athuair. Tá súil agam go mbeidh muid in ann cur chuige níos fearr a bheith againn. Gabhaim buíochas leis an Leas-Chathaoirleach ach go háirithe as a bheith istigh sa Chathaoir. Bheadh sé an-deacair orm díospóireacht a bheith agam agus mé i mo shuí ansin seachas a bheith i mo shuí anseo. Gabhaim buíochas arís leis agus leis an bhfoireann ar fad.

Tugaim aitheantas don Aire Stáit faoi choinne a thiomantais agus faoi choinne na sároibre atá déanta aige san am gairid ina bhfuil sé sa ról. Tugaim aitheantas fosta don iarAire Stáit, an Seanadóir Kyne, faoi choinne na hoibre a rinne sé roimhe seo. Tá na hoifigigh sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag obair ar an reachtaíocht seo le cúig, sé nó seacht mbliana anuas.

Mar a deir an nath cainte ó Ghàidhlig na Alban, teanga atá cosúil leis an Ghaeilge: táimid "seachd searbh sgìth", seven times bitter tired. Tá sé soiléir sa Teach seo anois agus bhí sé soiléir tríd an díospóireacht seo go raibh an caidreamh iontach dearfa ar an teanga. Ní raibh aon phointe polaitiúil á dhéanamh agus fágadh an t-éadach polaitíochta taobh amuigh den Teach seo. Bhí an caidreamh ar dóigh agus bhíomar tiomanta le chéile ar na teanga. Is é sin an dóigh ina bhfuilimid agus an dóigh ina mbeimid. Is é an chéad dualgas nó ábhar tábhachta eile atá againn ná rud a dhéanamh ar son an churaclaim agus an oideachais, ar son na scoileanna a mhúineann trí mheán an Bhéarla agus an curaclam atá istigh iontu. B’fhéidir go nglacfadh Cathaoirleach an choiste seo, an Teachta Ó Snodaigh, ceannaireacht fosta ina leith agus go bhfaighimid ról nó go gcuirfeadh dualgas orainn amach anseo tríd an gcoiste seo a bheith ag obair leis an Roinn Oideachais fosta.

Le bheith ionraic, tá an teanga faoi bhrú istigh sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di. Is cinnte go bhfuil an reachtaíocht iontach tábhachtach ach taobh amuigh de sin tá ról agus dualgas mór mar gheall ar an gcuraclam ag an Roinn Oideachais agus b’fhéidir go mbeadh an caidreamh ann anois eadrainn a bheith ag obair go dian le chéile ar son na teanga. Tá an t-am againn mar b’fhéidir go mbeimid ann ar feadh cúpla bliain eile, níl a fhios agam. Gabhaim buíochas agus tugaim aitheantas arís don Aire Stáit.

Gabhaim buíochas mór leis an Leas-Chathaoirleach. Rinne sé sár-jab agus gabhaim buíochas leis an Aire Stáit agus leis an Roinn. Tá a fhios agam go raibh obair na gcapall taobh thiar den rud seo atá os comhair na gceamaraí. Is é an t-aon bhuntáiste amháin maidir le Covid-19 gur chualamar i bhfad níos mó Gaeilge sa Seomra seo ná mar a chualamar riamh le fada an lá. Tá súil agam go mbeidh i bhfad níos mó Gaeilge le cloisteáil, beag beann ar aon bhotún, agus go mbeidh sé mar theanga chumarsáide ar an leibhéal céanna is atá an Béarla. Táimid ag tnúth leis an gcéad troid eile sa Dáil chun a chinntiú go mbeidh Bille láidir againn. Mar a dúirt mé go minic, níl i gceist anseo ach píosa beag den réiteach.

Gabhaim buíochas leis an Leas-Chathaoirleach, leis na hoifigigh agus le hoifigigh na Roinne. Gabhaim buíochas freisin leis an Aire Stáit. Deirtear gur tús maith leath na hoibre agus nílimid ach leathbhealach tríd seo agus tá go leor le déanamh. Bhí plé réalaíoch agus scrúdaíodh chuile rud a bhí molta go mion. Níl aon amhras ach go bhfuil go leor obair bhaile le cur i gcrích anois ag oifigigh na Roinne agus ag an Aire Stáit roimh an gcéad Chéim eile. Tá súil agam go mbeidh deis againn ionchur a bheith againn san obair sin mar féadfaidh an Bille seo - agus tá súil agam go ndéanfar é – a láidriú ar nó tar éis Chéim na Tuarascála. Bhí plé iontach againn agus tugadh éisteacht iontach do na moltaí.

Níl a fhios agam riamh cén fáth a thóg sé ó 1937, áit a raibh sé luaite go bhféadfadh rudaí a leagan síos sa dlí maidir le cúrsaí teanga, go dtí 2003 le hAcht teanga a bheith sa tír ar chor ar bith. Táim bródúil gur Aire Stáit agus Rialtas de chuid Fhianna Fáil atá ag tabhairt an rud seo chun tosaigh arís. Mar a dúirt mé, nílimid ach leathbhealach tríd an obair seo agus ní féidir na maidí a ligean le sruth. Tá an t-uafás fós le déanamh go dtí go mbeidh sé seo foirfe. Beimid ag faire amach go géar agus tá súil agam go mbeidh Acht foirfe ann ag deireadh an lae a mbeifear in ann a chur i bhfeidhm go láidir, go daingean agus go docht, agus go ndéanfaidh sé difríocht don ghnáthphobal mar is é sin an teist ar Acht de chuid an Tí agus an Oireachtais seo.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine, leis an Leas-Chathaoirleach, le cléireach an choiste, Eugene Ó Cruadhlaoich, leis an bhfoireann go léir agus le gach duine sa Dáil seo. Ní raibh mé in ann cúrsa a dhéanamh in iarthar Chiarraí ach tá a lán Gaeilge foghlamtha agam istigh anseo. Bhí an coiste ar siúl ó mhí Eanáir agus ó thráth “Davy’s Toughest Team” bhí an stamina againn agus táimid fós anseo. Nílimid ag barr an tsléibhe fós ach táimid ar an mbealach go dtí Acht atá práinneach chun an Ghaeilge a neartú agus tá súil agam go mbeidh sé mar sin.

Gabhaim buíochas leis an Leas-Chathaoirleach. Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabhail leis an Leas-Chathaoirleach as a bheith ábalta seasamh isteach ar son an Chathaoirligh agus gur gaisce a rinne sé agus gur cothrom an tslí a cuireadh an méid seo go léir tríd an Teach. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach chomh maith ar an gcúis chéanna, agus leis an bhfoireann chomh maith. Bhí an-chuid eolais agus ullmhúcháin le déanamh chuige. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit, go háirithe, agus tá an-áthas orm gur Aire dár gcuid féin i bhFianna Fáil atá thart chun é thabhairt chun cinn.

Deirtear i gcónaí gur de réir a chéile a thógtar na caisleáin. Tá roinnt mhaith oibre déanta ar an gcaisleán seo le roinnt míonna anuas. Thóg sé i bhfad níos sia ná mar a cheap mé, mar gur cheap mé go dtógfadh sé mí Eanáir, cé go bhfuil roinnt mhaith bóthair romhainn fós ach tá tús maith curtha chuige anois agus réimse an-leathan pléite againn. Sa tslí go léir tríd, cé nár aontaíomar ar fad ar gach saghas ábhair, bhí gach duine dírithe ar an bpríomhfheidhm chéanna, is é sin chun cúrsaí Gaeilge a chur chun cinn i gcomhair phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge ar fud na tíre. Dá bharr sin, táim cinnte go bhfuil Bille níos fearr á thabhairt chun cinn againn anseo anois.

Bhí roinnt leasuithe gur mhaith liom a bheith aontaithe fúthu agus tuigim go mbeidh an tAire Stáit ag tabhairt leasuithe breise chun cinn agus táim ag tnúth leo sin amach anseo chun a chinntiú go mbeidh an Bille is láidre ar fáil i gcomhair phobal na Gaeilge. Mo bhuíochas le gach duine a ghlac páirt idir an fhoireann agus na baill. Tá céim mhór shuntasach bainte amach anois. Tá roinnt mhaith oibre romhainn fós ach tá tús maith curtha leis anois. Leanfaimid leis an gcaisleán sin a thógáil.

Gabhaim buíochas leis an Teachta.

Barr
Roinn