Tá leasú ar an bPaipéar im 'ainm-se mar leanas:—
In Alt 26, fo-alt (3), i ndeireadh an fho-ailt na focla seo leanas do chur leis "Gabhfaidh an t-Aire fá n-a bhreith fasda an féidhm atá le baint as an mianach (Minerál), le súil cosg do chur an mianach (Minerál) do chur as an tír a bheadh féidhmeanhail do'n náisiún."
In Section 26, sub-section (3), at the end of the sub-section to add the words "The Minister shall also take into consideration the use to which it is proposed to put such minerals, with a view to prevent the export of minerals that may be of national importance."
Tchím go bhfuil leasú ag an Aire ar an rud céana agus má glacfar leis, táim sásta, mar sílim gur gá leasú de'n tsort seo do bheith ann. Tá eolas agam fhéin go bhfuiltear ag cur mianacha as an tír faoi láthair a bhéadh fóirstineach dúinn ar ball. Sa tsean aimsir, ní raibh aon mhianacháin dhá oibriú againn annso agus tá súil agam go mbeidh feasta. Táthar ag cur rudaí sin agus bfheidir go mbeidh gá leo annso. Ar an adhbhar sin, molaim an Rialtas bheith cúramach gan na mianacha a bhéadh usáideach dúinn do leigint as an tír. Ní tarraingtheóir cleachtuithe mise agus sílim go bhfuil leasú an Riaghaltais níos oiriúní ná mo leasú fhéin, agus táim sásta leis.