Ar eagla go mbéadh díombáidh ar Senator Baxter, ba mhaith liom a rá gur maith liom an Bille a bheith ann. Is fearr ann ná as é. Is fearr deireannach ná go brách é. Rinne an tAire a dhicheall, agus d'éirigh go maith leis, míniú a thabhairt dúinn ar céard atá ins an mBille, ach sílim go mba deacair uair níos feiliúnaí d'fháil ná an uair seo le go ndéanfadh an tAire céanna atá i bhfeidhil na Gaeltachta léargas éigin ar scéal na Gaeltachta agus cad na taobh gur thug sé an Bille seo isteach agus cé acu an dóigh leis go socróidh an Bille seo ceist achrannach na Gaeltachta agus cé acu an dóigh leis go ndéanfaidh an Bille seo leigheas ar an scrios atá déanta ag a chomh-Airi ar an nGaeltacht sa mblian atá caite. Shílfeá, an tAire atá i bhfeidhil na Gaeltachta, go mb'fhiú dó innsint dúinn céard é méid na deacrachta ins an nGaeltacht. Caithfidh go bhfuil tuairim réasúnta aige ar cé mhéid teach atá déanta sna blianta atá caite faoi na hAchta éagsamhla; caithfidh go bhfuil fhios aige cé mhéid teach atá cóirithe nó deisithe no feabhsaithe faoi na hAchta céanna. Caithfidh go bhfuil tuairim aige faoi céard atá ar intinn ag an Rialtas i dtaobh na Gaeltachta, ciacu an mbeidh daoine sa nGaeltacht nó nach mbeidh do réir an pholasaí atá leagaithe amach acu.
Tá faoi bhun £250,000 le caitheamh faoin mBille seo, cuid de ag teacht isteach ó na h-Achta atá ag dul as feidhm anseo. Cé mhéid teach a déanfar ag an airgid sin? Níl fhios agam. B'fhéidir, nach ndéanfaí níos mó ná 700 nó 750. Do réir mar atá an scéal ag imeacht san nGaeltacht níorbh fhiú teach eile a dhéanamh ann. Caithfidh go bhfuil fhios ag an Aire 'na Dháil-Cheantar fhéin go bhfuil an glas curtha ar níos mó ná aon doras amháin agus muintir an tí sin bailithe leo as an tír ar fad. Agus an rud is measa faoin sórt sin imirce— nuair d'imíodar san am atá caite bhí paidir ar a mbéal go bhfillfhidís, ach an mhuintir atá ag imeacht inniu is mallacht atá ar a mbéal acu.
Shílfeá go n-innseodh an tAire dúinn agus an saol atá ann, má tá crosbhóthar ann. Ní hionann an saol inniu agus an saol sa mbliain atá caite. Tá mé cinnte den méid seo, dá mbeadh Aire de lucht Fhianna Fáil ann, go gceapfadh sé go mba é a dhualgas go dtiúradh sé léargas éigin do mhuintir na Gaeltachta agus do mhuintir na tíre i dtaobh stad na Gaeltachta agus faoi céard atá i gceann an Rialtais le feabhas a chur air nó le deireadh a chur leis.
B'fhéidir go gceapann an tAire nach bhfuil móran baint ag an méid atá mé a rá leis an mBille. B'fheidir go gceapann sé nach fiú agus nach ceart tagairt a dhéanamh do Roinn na Gaeltachta agus Bille den tsórt seo ós ár gcomhair. Chuala mé an Seanadóir Baxter agus é ag canadh poirt i dtaobh na Gaeltachta. B'fhearr dó cloí leis an bport atá de ghlanmheabhair aige, port na talmhaíochta atá tógtha amach againn ins an bhlian atá caite. Nuair chuals mé an Seanadóir Baxter á rá go mba mhaith leis go bhfeicfeadh sé cuid de sheirbhísí na Gaeltachta faoin Aire Talmhaíochta, shíl me gur chuala mé an rud is éadóchasaí a d'fhéadfainn a chloistéail i dtaobh na Gaeltachta nó i dtaobh scéal ar bith—go mbéimid ag súil le haon rud fónta o'n Aire Talmhaíochta i dtaobh na Gaeltachta—an fear gurb é a thuairim gurb é leas na tíre dá n-imíodh fiche duine óg as gach duine is fiche i gcéin; fear a cheap gur cheart an beartas a rinneadh ar mhaithe le dream áirithe san Iarthar agus san Tuaisceart, chun iad a chur ar a leas, chun deis saothruithe agus deis mhaireachtála a thabhairt dóibh, a bhriseadh; fear a rinne an oiread is a rinne an tAire Talmhaíochta chun drochmheas a tharraingt ar na daoine sin, é á mholadh dhúinn sa Seanad sa lá atá inniu ann cuid de sheirbhísí tábhachtacha na Gaeltachta fhágáil faoi Aire na Talmhaíochta.
Ba cheart don Aire, agus an Bille seo á thabhairt isteach aige, léargas a thabhairt dhúinn ar scéal na Gaeltachta. Cé mhéid tithe atá riachtanach; céard is dóigh leis a tharlós faoin mBille seo maidir leis an líon daoine sa nGaeltacht agus le deis mhaireachtála a thabhairt don líon daoine sa nGaeltacht? Is léir nach bhfuil tuigsint ró-chruinn aige faoin méid tithe atá tógaithe sa nGaeltacht nó cé mhéid scéim atá ann atá ag freastal ar an nGaeltacht maidir le tithe. Tá Achtanna na Gaeltachta ann agus bhí tithe á dtógáil faoi na Rialtais Aitiúla, faoin mbardas agus faoi na comhairlí condae, faoi Choimisiún na Talún agus, mar a mhínigh an Seanadóir Hawkins, tógtar tithe faoi Public Utility Societies. Cé mhéid teach atá déanta faoi na scéimeanna seo go léir? Cé mhéid teach a rinneadh agus a deisíodh faoi Acht 1929 agus cé mhéid teach a rinneadh agus a deisíodh faoi Acht 1934? An Seanadóir Baxter agus an chaint a bhí ar bun aige! “Much was done under the 1929 Act and something was done under the other Acts.” B'fhiú dó tuairisc a chur ar céard a rinneadh faoi na hAchtanna sin. Is cuma liomsa cé na hAchtanna a rinneadh an obair fúthu, ach an mbeadh, aoinne ag súil le cleas mar sin chun cur in iúl dúinn gur faoi Acht 1929 a rinneadh an obair go léir sa nGaeltacht agus nar dearnadh tada faoi na hAchtanna in a dhiaidh sin? An mbeadh aoinne ag súil le na leithead sin de chaint ó dhuine a ligeas air gur duine ciallmhar agus gur duine stuama é?
Is maith liom an Bille seo a bheith ann agus sé an fáth gur maith liom go speisialta é a bheith ann mar go bhfeictear dhom gur comhartha é go bhfuil ciall éigin tagaithe i lucht an Rialtais i dtaobh na Gaeltachta. Rinneadh faillí chomh mór agus comh fada sin sa mBille seo go raibh an tuairim cinnte buan tagaithe chugam fhéin agus chuig muintir na Gaeltachta gur cheap muintear an Rialtais más torthaí exotic trátaí gur cine exotic muintear na Gaeltachta agus dá luaithe a díbríodh as an tír iad sé abfhearr. Ach tuigeann siad anois go bhfuil croí agus anam sna daoine sin agus go bhfuil ceartas ag na daoine sin agus is maith ann é. Chuir an Seanadóir Baxter, agus é ag ionsaí an Seanadóir Hawkins, ina a leith go ndearna Rialtas Fhianna Fáil faillí i muintir na Gaeltachta. Tá mise ag rá anois leis an Seanadóir Baxter agus leis an Aire atá i bhfeighil na Gaeltachta go dtiocfaidh siad lá ar bith, bíodh sé luath nó mall, ós comhair muintir na Gaeltachta leis an scéal fhágáil fúthu agus níl amhras orm faoin mbreith a thiúraidh siad faoi cé sheas dhóibh agus cé nár sheas. Ceapann an Seanadóir Baxter go bhfuil cuid againn ar a nós fhéin agus gur dóigh linn nach bhfuil sa nGaeltacht ach ainm; ceapann sé go bhfuil cuid againn ar a nós fhéin nach bhfaca é ón lá a bhí Coimisiún na Gaeltachta ar bun; ceapann sé nach bhfacamar daoine dá gcur i mbun oibre agus ag saothrú airgid mhaith, nach bhfacamar tithe ag dul suas dóibh agus an feabhas a bhí dá chur ar a saol sna blianta atá caite. Níl fhios ag an Seanadóir Baxter ach oiread leis an Aire atá i bfheighil na Gaeltachta an scrios marfach a rinneadh ar na mílte duine sa nGaeltacht san Iarthar, sa Deisceart agus sa Tuaisceart ó tháinig an Rialtas seo isteach. Rinneadh faillí, adeir siad, i muintir na Gaeltachta ach is beag údar cainte atá ag na daoine sin. Caithfidh nach bhfuil mórán tuisginte nó mórán meabhair acu nó ní chuir feadh siad caint astu mar a chuir an Seanadóir Baxter tráthnóna.
Chuir an Seanadóir Hawkins an cheist cé hiad na daoine a gheobhas buntáiste faoin mBille seo. Do réir mar a thuigeann muidne, ní bhfuighidh aon duine teach ach an duine go bhfuil teach aige, pé ar bith sórt tí é, cheana féin. Tá sé mar sin sa mBille seo agus fanfaidh sé mar sin sa mBille seo, ach ní dóigh liom, dá dtugadh an tAire cúram ceart don scéal, go bhfágfaí an scéal mar sin. Tá iarracht á dhéanamh sa nGaeltacht tionscail nua do chur ar bun. Tá sé riachtanach go mbeadh daoine ina gceardaithe, go mbeadh daoine i dTír Chonaill ag plé go lánaimseartha le fíodóireacht, le cleiteáil agus le fuáil agus sé an rud céanna é i gConamara; ta daoine ag plé le fíodóireacht agus le táilliúireacht. Tá monarchain ann dóibh; monarchain bheaga iad, ach monarchain, muna mbeadh tada eile ann, a thugann andóchas agus an-mhisneach do mhuintir na Gaeltachta. Tá monarchain mar sin sa Spidéal agus i mBaile na h-Abhann. Ta muid ag iarraidh ar na daoine le fada an lá dul ag plé le hiasgaireacht agus cloí le hiasgaireacht mar cheird mar caithfidh daoine bheith sa nGaeltacht. Caithfidh daoine cloí le siúinéaracht nó iompar a bheith acu nó lorries. Ba cheart go mbeadh ceardaithe ann agus seans acú cloí lena gceird ar leith. Má chuimhnimíd ar an rún a bhi againn go mbeadh muintir na Gaeltachta ag dul i líonmhaire, go mbeadh deis shaothruithe acu agus deis acu dul i líonmhaire, ba cheart seans a thabhairt do dhaoine nach feilméirí iad deontas a fháil agus buntáistí an Bhille seo a fháil chomh maith le daoine eile.
D'fhéadfaí a rá liom go bhfuil scéimeanna eile ann. D'fhéadfaí a rá liom go ndéanfar tithe do dhaoine eile seachas na feilméirí faoi scéimeanna eile. Tá a fhios agam é. Ach sin é an rún nach bhfuil mé sásta leis, ach oiread agus bheinn sásta go n-athraítear an scéim i dtaobh tithe na gcearc agus crónna na muc ó Roinn eile faoi Roinn an Aire Talmhaíochta. Is cuma liom cé thógann na tithe cónaí nó tithe na gcearc agus crónna na muc. Is é mo thuairim gur fearr i bhfad go mbeadh an scéal faoi aon Roinn amháin. Is fada ó fuaireamar é sin amach. Is fada ó fuaireamar amach, má's rud é g o ndéanfaí tairbhe nó maitheas do mhuintir na Gaeltachta, go mba cheart go mbeadh an scéim faoi Aire speisialta faoi aon Roinn amháin.
Is féidir leis an Roinn Talmhaíochta, gan amhras, tithe a thógáil. Is féidir leis an Roinn Rialtais Aitiúil tithe a thógáil sa Ghaeltacht. Tá a fhios sin agam, ach níl mé sásta gurb é sin an rud is fearr do mhuintir na Gaeltachta, gurb shin é leas na Gaeltachta. B'fhearr liomsa go mbeadh an Ghaeltacht leagtha amach mar cheist faoi leith agus go mbeadh aon Aire speisialta amháin i mbun na hoibre sin. Sin é an fáth go mba mhaith liom go mbeadh an obair sin ar fad—tithe do na daoine agus tithe le haghaidh ainmhithe—faoi aon Roinn amháin, 'sé sin, Roinn na Gaeltachta. Dá bhrí sin, tá mé ar aon aigne leis an Seanadóir Hawkins nuair adeir sé go mba chóir an chuid sin den Bhille a leasú. Níl mórán dóchais, is dócha, faoi sin anois, ach dá mbeadh an tAire sár-thuisceanach, thuigfeadh sé an scéal agus dhéanfadh sé amhlaidh.
Rinneadh tagairt do na buntáistí atá ag muintir na Gaeltachta thar mhuintir na n-acraí. Is maith liom go bhfuil deontais £25 sa mbreis ag dul dóibh thar mar atá ag dul do dhaoine eile, ach mar sin féin tá cuid mhaith den cheart sa méid a dúirt an Seanadóir Hawkins faoi sin. Ní hionann an saol atá inniu ann agus an saol mar bhíodh sé. Ní bheidh muintir na Gaeltachta i ndon tithe a thógáil sa tslí chéanna agus a rinne siad fadó. Tá fhios ag an Aire féin, b'fhéidir níos fearr ná ag mórán daoine eile, an imirce atá ar siúl ón nGaeltacht le blianta. Ní foláir nó go dtuigeann sé nach mbeidh cabhair le fáil sa Ghaeltacht sa tslí a mbíodh go nuige seo. Beidh ar na daoine atá ann díol as i bhfad níos daoire ná mar bhíodh, má tá an obair seo, tógáil tithe ceare agus crónna muc, le dul chun cinn. Tá na habhair gann agus daor, agus beidh sé deacair ar mhuintir na Gaeltachta taisteal fada go dtí an baile le haghaidh a gcuid abhar a dhéanamh pé uair a bheid ag teastáil uathu agus sa mhéid a bheid ag teastáil uathu.
Níl fhios agam arbh é an Seanadóir Baxter a bhí ag magadh nuair a dúirt an Seanadóir Hawkins go bhfuil ar mhuintir na Gaeltachta costaisí arda a dhíol as tógáil a dtithe. Cheapfadh aoinne go mbeadh níos mó eolas faoin scéal sin ag duine a bhí mar bhall de Choimisiún na Gaeltachta. Déarfadh innealltóir leo nach ceart dóibh dul go dtí an áit seo chun gainimh a bhailiú le haghaidh a dtithe—más maith leo teach réasúnta maith ba chóir dóibh dul níos faide ó bhaile, áit a bhfuil gainimh níos fearr le fáil. Is cuma, bíodh nach bhfuil ach ceann amháin i gceist, bíonn trioblóid agus cruacht agus costas orthu.
Tóg, mar shampla, muintir na n-oileán; oileáin Árainn agus na hoileáin eile. An gcuimhnimíd ar an stró a bhíos orthu dul agus b'fhéidir seachtain a chaitheamh i gcathair na Gaillimhe, ag iarraidh na huirlisí agus na rudaí eile a bhíonn uathu d'fháil? Seachtain iomlán a chaitheamh sa mbaile mór agus an costas agus an trioblóid atá ag gabháil leis sin! Cheapfadh duine go raibh bronntanas mór dá thabhairt do mhuintir na Gaeltachta ó bheith ag éisteacht leis an Aire ag caint mar gheall ar an £25. Tá sé go maith, ach caithfidh mé a rá nach bhfuil mé sásta, agus an saol mar atá sé gur leor é sin mar dhifríocht idir scéim do mhuintir na n-acraí agus scéim do mhuintir na Gaeltachta.
Tá rud eile le cur san áireamh ag an Aire nuair a bheadh sé ag maíomh as an difríocht de £25—más £25 é— agus is é sin go bhfuil daoine sa Gaeltacht faoi láthair, níos mó ná ag aon am eile sna 16 bliana seo caite, gan obair. Sna blianta atá imithe, bhí obair le fáil acu. Bhí siad cinnte go mbeidh suim áirithe airgid sa bhlian ag teacht chucu faoi na scéimeanna éagsúla, go háirithe scéim na móna. Níl an obair sin le fáil acu anois. Tá súil agam go bhfuil cuid den airgead sin, as an méid a fuair siad sna blianta atá caite, curtha i dtaisce ag cuid acu. Ach nuair a chuimhníos duine ar an saol a chaitheann siad, ní foláir nó nár éirigh leo aon rud a chur i leataoibh, ach oiread le daoine eile.
Tá rud amháin sa mBille agus cheapfadh duine gur rud an-thábh-achtach é. Tá deontas faoi leith, deontas ard, deontas níos aoirde ná an gnáth-dheontas, le fáil ag daoine atá ag tógáil tithe faoin tuaith in áit a bhfuil camraí agus píopaí uisce reatha. Cé mhéid áiteanna sa Ghaeltacht a bhfuil an scéal mar sin? Tá uisce reatha sa Spidéal agus i Ros Muc. Tá cúpla áiteanna mar sin in Iarthar na Gaillimhe ach cé mhéid áiteanna a bhfuil scéim chamraíochta ann? Is maith an t-Alt sin, ach ná ceapadh aoinne gur buntáiste mór don Ghaeltacht é.
Cuireann sé sin i gcuimhne dhom rud ba mhaith liom a chur faoi bhráid an Aire. Tá deontais airgid le fáil ag daoine, faoi scéimeanna éagsúla, chun tancaí uisce a thógaint—tancaí déanta de choncréid. Is trua nach bhfuil níos mó díobh sin á ndéanamh. Is é mo thuairim go mb'fhiú do dhuine atá i mbun scéimeanna le haghaidh tithe a thógháil sa Ghaeltacht ceist uisce a chur ar fáil sna tithe sin a scrúdú. Dob fhiú duine éigin, innealltóir, a chur i mbun na ceiste sin chun a fháil amach cén áit ba chóir an tanc a chur ar fáil— duine a thuigfeadh cén sórt píopaí a bheadh ag teastáil agus cén úsáid a bainfear as an uisce sin i gcúrsaí an tí, agus i gcúrsaí feilméireachta, agus cén úsáid a bainfi as an uisce sin maidir le losáin uisce agus a leithéidí sin, duine éigin a thuigfeadh scéal na Gaeltachta agus an riachtanas atá leis na rudaí sin agus a cheapfadh scéim réasúnta oibre maraon leis an gcostas a bheadh orthu agus a dhéanfadh iarracht éigin chun a leithéidí sin de scéimeanna a chur i bhfeidhm in éindigh le tógáil tithe. Má tá daoine ar an tuairim go bhfuil uisce reatha riachtanach, má tá daoine ar an tuairim, agus tá siad ar an tuairim, go bhfuil seirbhísí camraíochta riachtanach don Ghaeltacht chomh maith le haon áit eile, dob fhiú don mhuintir atá i bhfeighil seirbhísí tithe na Gaeltachta machnamh éigin a dhéanamh ar an gceist sin agus treoir éigin a thabhairt do na daoine ina thaobh. Luaigh mé é sin cheana—ní maidir le tithe ach i geás scoltacha, gur mór an trua nach bhfuil iarracht éigin á dhéanamh againn le hinseacht do na daoine cén chaoi a mbaineann na rudaí seo lena sláinte, cén chaoi a mbaineann siad le maitheas na f ilméireachta. Bíodh sin mar atá, tá súil agam ar aon chuma go mbainfidh na daoine, pé ar bith méid acu a bhfuil an misneach agus an dóchas acu dul i mbun tithe, feidhm as an mBille agus as na buntáistí atá le fáil faoi. Ba mhaith liom go meabhrófaí dóibh fhaid is bheadh tithe dá dtógáil, go bhféadfaidís feabhas mór a chur ar na tithe agus ar a saol ach feidhm a bhaint as na deontais atá le fáil i gcóir tancanna uisce.
Labhair mé i dtaobh scéal na dtithe éanlaithe agus scéal na muc. Ní raibh fúm mórán a rá faoi sin, má bhí fúm tada a rá faoi, mura mbeadh an tagairt a rinne an Seanadóir Hawkins sa méid a bhí le rá aige—rud a bhí ciallmhar. Tá mé go láidir ar an tuairim go bhféadfadh muintir na Gaeltachta a lán a dhéanamh dóibh féin ach go gcoinneoidís idir cearca agus muca i bhfad nios mó ná mar rinneadar go dtí seo. Chomh fada agus is féidir le haon duine amháin é sin a chur in iúl dóibh, agus chomh fada agus is féidir le haon duine amháin iad a theagasc i dtaobh buntáiste crónna na gcearc agus na muc, tá sé déanta agamsa. Tá súil agam d'ainneoin nach mbeidh an chabhair le fáil acu faoin mBille seo, go bhféachfaidh siad chuige go mbainfidh siad an chabhair amach pé ar bith caoi is féidir leo é d'fháil.
Is deacair a bheith an-mholtach mar gheall ar rud ar bith atá beartaithe ag an Aire i dtaobh na Gaeltachta, go mór mór nuair a chuimhníonn duine ar chomh cruaidh agus atá an saol ag muintir na Gaeltachta agus go háirithe ar an éadóchas atá ina gcroithe sin ón tuaisceart go dtí an deisceart. Déarfainn an méid seo le muintir na Gaeltachta: "Ní hé lá deiridh an tsaoil é." Biodh an misneach acu agus tiocfadh an lá go bhfuighidh siad seans mar bhí beartaithe dóibh agus mar bhí á fháil dóibh sna blianta atá caite. An oiread agus atá maitheas sa mBille, molaim é, agus an oiread agus atá maitheas sa mBille, molaim do mhuintir na Gaeltachta an oiread feidhme agus is féidir leo a bhaint as.