Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Wednesday, 13 Jul 1949

Vol. 36 No. 18

Bás an Dochtúra Dubhghlas de hlde.

Tá scéala báis Dhubhghlas de hÍde, an Craoibhín Aoibhinn, Ath-Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus Ath-Uachtarán na hÉireann againn inniu. Cuid den Oireachtas seo badh ea é mar Uachtarán. Bhí sé ina bhall den Tigh seo dhá uair. Deineadh é a chomhthoghadh d'aon ghuth aon uair amháin sa bhliain 1925 agus d'ainminigh an Taoiseach é ina dhiaidh sin nuair a cuireadh an Seanad ar bun athuair sa bhliain 1938. Nuair a bhí sé ina Sheanadóir rinneadh rogha dhe mar Uachtarán na hÉireann agus ceapadh ina Uachtarán é d'aon ghuth gan toghchán. Ba mhór an onóir d'aon duine é sin agus taispeánann san go léir gur dhuine é a raibh meas air agus grá dhó thar aoinne eile in Éirinn. Bhí sé sin tuillte aige ámh, mar an uair ba laige agus b'ísle meanmna mhuintir na hÉireann tar éis bháis Pharnell tháining Dubhghlas de hÍde chun tine na náisiúntachta a lasadh athuair. Ní le polaitíocht ná le troid a mheas sé san a dhéanamh ach le hobair náisiúnta a thabhairt do gach duine. Bhí níos mó ná taobh amháin leis an obair sin athbheochaint na Gaeilge, agus ba é an dáltha céanna aige féin é. Óráidí bríomhar, fuinniúil, éifeachtach ab ea é. Caint bhreá bhlasta a bhí aige san Gaeilge agus i mBéarla agus ba dhuine é d'fhéadfadh sa chomhrá nó ar an ardán daoine a mhealladh chuige. Dhein sé scéalta agus amhráin a bhailiú agus thug sé le tuiscint go raibh i bhfad níos mó taobh thiar don Ghaeilge ná an chaint amháin; thug sé le tuiscint go raibh stair, saol agus aigne na tuaithe ann agus a lan aoibhnis agus taithnimh le baint as an obair. Theagasc sé dhúinn conas aoibhneas agus taitneamh a bhaint as fóghlaim na Gaeilge. Gaiscíoch gan eagla dob ea é, ar nós Dhiarmada Uí Dhuibhne nár staon riamh i gcath ná í gcruadh-chomhrac in am an ghátair, ach duine séimh, caoin, lách, fíor-uasal ab ea é nár thug masla ná asachán riamh d'aoinne.

Bhí rún daingean ag an gCraoibhín gan aon bhaint a bheith aige le polaitíocht. Sheas sé leis an rún san, ach an saothar a dhein sé agus an sprid a mhúscail sé, chuaigh a anál i bhfad amach thar teorainn na Gaeilge agus thar teorainn na litríochta, agus tá cuid de thoradh an tsaothair sin againn anso inniu. Táimse deimhin, nuair a déanfar fíor-stair na linne seo a thaighde agus a scríobhadh, go mbeidh ainm an Chraoibhín á chomhaireamh ar mhór-ainmneacha na hÉireann. Is buan a chlú agus a cháil. Mar a dúras, bhí a lán buaidh ag an gCraoibhín. Bhíos féin ar feadh tamaill mhaith ag obair ina theannta i gColáiste na hOllscoile anseo ach níorbh fholáir leabhar mór, toirtiúil, chun tuairisc oiriúnach, shásúil a thabhairt ar a shaol. Dhein sé sárobair ar son na hÉireann agus ní raibh fala ná fíoch riamh ina chroí ná in a chaint. Guímíd solas na bhFlaitheas agus radharc na Tríonóide dá anam glégeal.

Ba í filíocht na Gaeilge an ní ba ghile lena chroí, agus gheobhfaí a rá mar gheall air an gCraoibhín an focal adúradh fad ó i dtaobh file Gaeilge: "Ní bás do rug é—ach dul ar aoibhneas uainn."

Iarraim ort a Chathaoirligh, thar ceann an tSeanaid, comhbhrón an tSeanaid a chur in iúl dá ghaolta.

D'éirigh na Seanadóirí in a suidheacháin.

Barr
Roinn